This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023B1888
Decision (EU) 2023/1888 of the European Parliament of 10 May 2023 on the closure of the accounts of the European Insurance and Occupational Pensions Authority (EIOPA) for the financial year 2021
Cinneadh (AE) 2023/1888 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021
Cinneadh (AE) 2023/1888 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021
IO L 242, 29.9.2023, p. 315–315
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/315 |
CINNEADH (AE) 2023/1888 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
ar dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0088/2023), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE (4) ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 64 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2023), |
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tÁrd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.