EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023B1837
Decision (EU) 2023/1837 of the European Parliament of 10 May 2023 on discharge in respect of the implementation of the general budget of the European Union for the financial year 2021, Section IX – European Data Protection Supervisor
Cinneadh (AE) 2023/1837 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Cinneadh (AE) 2023/1837 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
IO L 242, 29.9.2023, p. 157–157
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/157 |
CINNEADH (AE) 2023/1837 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1), |
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0235/2022) (2), |
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí le haghaidh 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí (3), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta , |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2023), |
1. |
ag tabhairt urscaoileadh don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i leith chur chun feidhme bhuiséid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
ag leagan amach a chuid barúlacha sa rún thíos; |
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.
(3) IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.