EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2515

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2515 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/9577

IO L 326, 21.12.2022, p. 10–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 21/12/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2515/oj

21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 326/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2515 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2022

maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (1), go háirithe Airteagal 16(1), pointe (a), de,

Ag féachaint do Chinneadh 2004/859/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Comhaontú trí Mhalartú Litreacha a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na hIorua ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua an 14 Bealtaine 1973 (3) (‘an Comhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua’) agus Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) (4) arna leasú le Cinneadh Uimh. 140/2001 ó Chomhchoiste LEE an 23 Samhain 2001 lena leasaítear Prótacail 2 agus 3 a ghabhann leis an gComhaontú LEE, maidir le táirgí próiseáilte talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta eile (5), cinntear na socruithe trádála idir an tAontas agus Ríocht na hIorua maidir le táirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí próiseáilte talmhaíochta áirithe.

(2)

Foráiltear le Prótacal 3 a ghabhann le Comhaontú LEE ráta nialasach dleachta le haghaidh uiscí a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe, a aicmítear faoin gcód AC 2202 10 00, agus deochanna neamhalcólacha eile nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404, a aicmítear faoin gcód AC 2202 90 10.

(3)

An 1 Eanáir 2017, cuireadh cóid AC 2202 91 00 agus 2202 99 ar cuireadh cód AC 2202 10 00 ina n-ionad in ionad chód AC 2202 90. Dá bhrí sin, ba cheart go gclúdódh an Rialachán seo táirgí a bhfuil cód AC 2202 10 00, ex 2202 91 00 agus ex 2202 99 ag gabháil leo.

(4)

Leis an gComhaontú trí mhalartú litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (6) (‘an Comhaontú trí mhalartú litreacha’) cuirtear ar fionraí go sealadach an córas saor ó dhleacht arna chur i bhfeidhm faoi Phrótacal 2 maidir le hearraí aicmithe faoi na cóid AC 2202 10 00 (uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe) agus ex 2202 90 10 (deochanna neamhalcólacha eile ina bhfuil siúcra) ar cuireadh na cód AC 2202 10 00 ina n-ionad, ex 2202 91 00 agus ex 2202 99. I gcomhréir leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha, ní cheadófar allmhairí saor ó dhleacht na n-earraí sin, de thionscnamh na hIorua, ach amháin faoi theorainneacha cuóta saor ó dhleacht. Beidh dleacht le híoc ar allmhairí a sháraíonn an cuóta saor ó dhleacht sin.

(5)

Thairis sin, ceanglaítear leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha, más rud é nach bhfuil an taraif-chuóta ídithe faoin 31 Deireadh Fómhair an bhliain roimhe, go ndeonófar do na táirgí i dtrácht rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas.

(6)

De réir sonraí a cuireadh ar fáil don Choimisiún, ní raibh cuóta bliantúil 2022 do na táirgí i dtrácht, arna oscailt le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2154 ón gCoimisiún (7), níor ídíodh é faoin 31 Deireadh Fómhair 2022. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú do na táirgí i dtrácht ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

(7)

Dá bhrí sin, maidir leis an bhfionraí sealadach ar an gcóras saor ó dhleacht a chuirtear i bhfeidhm faoi Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa agus Ríocht na hIorua, níor cheart an fionraí sin a chur i bhfeidhm don bhliain 2023.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um cheisteanna cothrománacha a bhaineann le trádáil i dtáirgí próiseáilte talmhaíochta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, deonófar rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas d’earraí de thionscnamh na hIorua a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.   Na rialacha tionscnaimh a leagtar amach i bPrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, beidh feidhm acu maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(2)  IO L 370, 17.12.2004, lch. 70.

(3)  IO L 171, 27.6.1973, lch. 2.

(4)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(5)  IO L 22, 24.1.2002, lch. 34.

(6)  IO L 370, 17.12.2004, lch. 72.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2154 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena n-osclaítear taraif-chuóta do 2020 maidir le hallmhairiú isteach san Aontas earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh iad ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 17.12.2019, lch. 66).


IARSCRÍBHINN

Earraí de thionscnamh na hIorua dá ndeonófar rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023

Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc ar na hearraí

09.0709

2202 10 00

 

Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe

ex 2202 91 00

10

Beoir neamhalcólach ina bhfuil siúcra

ex 2202 99 11

11

19

Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain agus ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)

ex 2202 99 15

11

19

Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain; deochanna bunaithe ar chnónna Chaibidil 8 de Chód Custaim an Aontais, ar ghránaigh Chaibidil 10 de Chód Custaim an Aontais nó ar shíolta Chaibidil 12 de Chód Custaim an Aontais ar deochanna iad ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)

ex 2202 99 19

11

19

Deochanna neamhalcólacha eile nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)


Top