Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2344

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2344 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2022 maidir leis na leithreasuithe arna dtabhairt anonn ón mbliain airgeadais 2022 a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2022/8873

    IO L 311, 2.12.2022, p. 54–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2344/oj

    2.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 311/54


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2344 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Samhain 2022

    maidir leis na leithreasuithe arna dtabhairt anonn ón mbliain airgeadais 2022 a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 17(3), an dara fomhír, de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), féadfar leithreasuithe nár gealladh a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile. Tá an tabhairt anonn sin teoranta do 2 % de na leithreasuithe tosaigh arna vótáil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus do mhéid an choigeartaithe ar íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana airgeadais roimh ré.

    (2)

    I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, don bhliain airgeadais 2022, beidh leithreasuithe a thugtar anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (d) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 fós ar fáil agus is mó ná 0,2 % den uasteorainn bhliantúil do chaiteachas CERT méid iomlán na leithreasuithe nár gealladh atá ar fáil le haghaidh aisíocaíochta.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2021/2116, níl feidhm ag an aisíocaíocht ach amháin maidir le tairbhithe deiridh sna Ballstáit sin ina raibh feidhm ag smacht airgeadais (5) sa bhliain airgeadais roimh ré.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/951 (6) ón gCoimisiún, cuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha i ndáil leis an mbliain féilire 2021 chun an cúlchiste géarchéime a bhunú. Iarradh cuid den chúlchiste géarchéime sa bhliain airgeadais 2022 le haghaidh EUR 350 milliún le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/467 (7) ón gCoimisiún, rud a d’fhág EUR 147,3 milliún ar fáil. Thairis sin, ar bhonn fhorghníomhú leithreasuithe CERT 2022 faoi bhainistíocht chomhroinnte le linn na tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2022 agus forghníomhú measta faoi bhainistíocht dhíreach ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, leanfaidh leithreasuithe breise nár gealladh de bheith i mbuiséad CERT 2022.

    (5)

    Ar bhonn dhearbhuithe caiteachais na mBallstát le haghaidh na tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2022, is é EUR 495,6 milliún méid an laghdaithe ar smacht airgeadais arna chur i bhfeidhm sa bhliain airgeadais 2022 go héifeachtach ag na Ballstáit.

    (6)

    Ón méid sin den smacht airgeadais a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana airgeadais 2022, féadfar luach EUR 485,2 milliún leithreasuithe nár úsáideadh, atá fós laistigh den teorainn 2 % de na leithreasuithe tosaigh a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais 2023 tar éis cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    (7)

    Aisíoc na leithreasuithe nár úsáideadh le faighteoirí deiridh mar thoradh ar smacht airgeadais a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith comhréireach le méid an choigeartaithe ar an smacht airgeadais is iomchuí go gcinnfidh an Coimisiún na méideanna a chuirfear ar fáil do na Ballstáit le haghaidh an aisíoctha.

    (8)

    Is méideanna cinntitheacha iad na méideanna a bhunaítear leis an Rialachán seo agus tá feidhm acu, gan dochar do chur i bhfeidhm na laghduithe i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, maidir le haon cheartúchán eile arna chur san áireamh sa chinneadh míosúil íocaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas arna dhéanamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát le haghaidh mhí Dheireadh Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus maidir le haon asbhaint agus íocaíocht fhorlíontach a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin nó maidir le haon chinneadh a dhéanfar faoi chuimsiú an nós imeachta um imréiteach cuntas.

    (9)

    I gcomhréir leis an abairt tosaigh d’Airteagal 12(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní fhéadfar na leithreasuithe nár gealladh a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais eile. Dá bhrí sin, is iomchuí don Choimisiún dátaí incháilitheachta a chinneadh maidir le caiteachas na mBallstát i ndáil leis an aisíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, agus an bhliain airgeadais talmhaíochta mar a shainmhínítear í in Airteagal 35 den Rialachán sin á cur san áireamh.

    (10)

    Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/2116 ón 1 Eanáir 2023 mar a leagtar amach in Airteagal 106 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Méideanna na leithreasuithe a thabharfar anonn ón mbliain airgeadais 2022 i gcomhréir le hAirteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (d), agus Airteagal 12(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a chuirtear ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, do na Ballstáit chun na tairbhithe deiridh a aisíoc, leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo iad.

    Beidh na méideanna a thabharfar anonn faoi réir chinneadh an Choimisiúin maidir le tabhairt anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    Airteagal 2

    Ní bheidh caiteachas na mBallstát maidir le haisíoc na leithreasuithe arna dtabhairt anonn incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas ach amháin más rud é go n-íoctar na méideanna ábhartha leis na tairbhithe roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiún,

    Ar son an Uachtaráin,

    Wolfgang BURTSCHER

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


    (1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

    (5)  Níl feidhm ag smacht airgeadais sa Chróit sa bhliain airgeadais 2022 i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/951 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2021 lena ndéantar an ráta coigeartaithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha a shocrú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an mbliain féilire 2021 (IO L 209, 14.6.2021, lch. 93).

    (7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/467 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena ndéantar foráil maidir le cabhair coigeartúcháin eisceachtúil le haghaidh táirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta (IO L 96, 24.3.2022, lch. 4).


    IARSCRÍBHINN

    Méideanna atá ar fáil le haghaidh aisíoc na leithreasuithe arna dtabhairt anonn

    (méideanna in EUR)

    an Bheilg

    7 097 289

    an Bhulgáir

    11 255 446

    Czechia

    12 925 229

    an Danmhairg

    11 696 658

    an Ghearmáin

    65 935 967

    an Eastóin

    2 749 659

    Éire

    15 643 791

    an Ghréig

    18 069 199

    an Spáinn

    66 186 860

    an Fhrainc

    99 836 686

    an Iodáil

    42 101 124

    an Chipir

    412 283

    an Laitvia

    4 020 097

    an Liotuáin

    6 763 226

    Lucsamburg

    481 848

    an Ungáir

    17 623 016

    Málta

    42 930

    an Ísiltír

    9 351 194

    an Ostair

    8 115 108

    an Pholainn

    30 712 998

    an Phortaingéil

    9 178 262

    an Rómáin

    21 215 691

    an tSlóivéin

    1 049 202

    an tSlóvaic

    6 377 030

    an Fhionlainn

    6 987 416

    an tSualainn

    9 419 153


    Top