Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2000

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2000 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 lena gcláraítear ainm i gclár na Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” (STR)

    C/2022/7278

    IO L 274, 24.10.2022, p. 14–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2000/oj

    24.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 274/14


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2000 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Deireadh Fómhair 2022

    lena gcláraítear ainm i gclár na Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” (STR)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ar chlárú an ainm “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” mar Shainearra Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (STR) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse”, is athraitheach d’fhine an bhiolair é a fhástar agus a bhuantar in uisce reatha.

    (3)

    Cuireadh an t-iarratas isteach nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát agus, nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, rinneadh iarratas ó thríú tír de.

    (4)

    An 5 Feabhra 2020, fuair an Coimisiún fógra freasúra, an ráiteas réasúnaithe san áireamh, ón nGearmáin. An fógra freasúra a sheol an Ghearmáin, chuir an Coimisiún ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe é an 21 Feabhra 2020.

    (5)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfreasúra a sheol an Ghearmáin agus chinn sé an freasúra a bheith inghlactha. Maíonn an freasúra nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú an ainm na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1)(a) agus (2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Measann údaráis na Gearmáine go bhféadfadh an t-ábhar plandaí a bheith de thionscnamh fiáin agus saothraithe araon. Mar sin féin, tá an modh traidisiúnta maidir le buaint fhiáin ag teacht salach ar an tsonraíocht, ina dtagraítear do shaothrú mar an modh táirgthe. Thairis sin, cuireadh in iúl go bhfásann an planda le taobh uisce reatha agus ní hamháin san uisce, agus, i gcontrárthacht leis an méid a mhaítear, gur sa Ghearmáin a táirgeadh biolar ar bhonn tráchtála den chéad uair. Ina theannta sin, an modh saothraithe a dtugtar tuairisc air, ní chomhfhreagraíonn sé do gach modh saothraithe biolair. Measann an Ghearmáin freisin nach bhfuil comhdhéanamh ceimiceach an amhábhair plandaí ag brath ach go páirteach ar mhodh saothraithe sonrach. Thairis sin, áitíonn sí go dtagraíonn an téarma “watercress” d’ainm an phlanda a úsáidtear go ginearálta, agus d’fhéadfaí an t-ainm sin a mheas mar ainm cineálach.

    (6)

    Le litir dar dáta an 3 Aibreán 2020, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú eatarthu féin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

    (7)

    Tháinig deireadh leis an gcomhairliúchán idir an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin an 30 Meitheamh 2020 agus níor thángthas ar aon chomhaontú.

    (8)

    An 25 Feabhra 2020, fuair an Coimisiún an fógra freasúra ón gcuideachta Ísiltíreach Koppert Cress B.V.

    (9)

    I gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leas dlisteanach acu agus atá bunaithe nó ina gcónaí i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar tíolacadh an t-iarratas, ní fhéadfaidh siad ach fógra freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, chun cead a thabhairt don Bhallstát sin freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, agus ní fhéadfaidh siad freasúra a thaisceadh go díreach leis an gCoimisiún. Dá bhrí sin, níl an chuideachta Ísiltíreach Koppert Cress B.V. i dteideal freasúra a thaisceadh go díreach leis an gCoimisiún. Dá réir sin, meastar go bhfuil freasúra na cuideachta Ísiltírí Koppert Cress B.V. neamh-inghlactha.

    (10)

    An 26 Feabhra 2020, fuair an Coimisiún fógra freasúra ón Ísiltír. An fógra freasúra a sheol an Ísiltír, chuir an Coimisiún ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe é an 5 Márta 2020. An 21 Aibreán 2020, fuair an Coimisiún an ráiteas freasúra réasúnaithe, laistigh den sprioc-am a leagtar síos.

    (11)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfreasúra a sheol an Ísiltír agus chinn sé an freasúra a bheith inghlactha. Maíonn an freasúra nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú an ainm na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1)(a) agus (2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Maidir leis an modh táirgthe, biolar a tháirgtear ar bhealach éagsúil nó trí theicnící fáis a úsáid seachas na teicnící a dtugtar tuairisc orthu san iarratas ar chlárú, measann údaráis na hÍsiltíre, go háirithe, nach mbeifear in ann é a chur ar an margadh a thuilleadh má dheonaítear an STR sin. Dhéanfadh sé sin difear díreach do tháirgeoirí, gan beann ar a dtionscnamh (an Ísiltír nó tíortha eile ina bhfástar biolar).

    (12)

    Ina theannta sin, d’áitigh an freasúra go dtagraíonn an téarma “watercress” d’ainm an phlanda sin a úsáidtear go ginearálta, agus d’fhéadfaí an t-ainm sin a mheas mar ainm cineálach. Luadh freisin go bhféadfadh méideanna agus modhanna pacáistithe éagsúla a bheith ag baint le biolar agus go raibh an tsonraíocht an-mhionsonraithe agus doiléir an tráth céanna.

    (13)

    Le litir dar dáta an 20 Meitheamh 2020, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú eatarthu féin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

    (14)

    Tháinig deireadh leis an gcomhairliúchán idir an Ríocht Aontaithe agus an Ísiltír an 28 Meán Fómhair 2020 agus níor thángthas ar aon chomhaontú.

    (15)

    An 26 Feabhra 2020, fuair an Coimisiún fógra freasúra ón mBeilg. An fógra freasúra a sheol an Bheilg, chuir an Coimisiún ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe é an 5 Márta 2020. An 24 Márta 2020, fuair an Coimisiún an ráiteas freasúra réasúnaithe, laistigh den sprioc-am a leagtar síos.

    (16)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfreasúra a sheol an Bheilg agus chinn sé an freasúra a bheith inghlactha. Maíonn an freasúra go gcuireann an t-iarratas a thíolaic an Ríocht Aontaithe leasanna na hearnála sa Bheilg i mbaol agus nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú an ainm na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Maidir leis an modh táirgthe, áitíonn údaráis na Beilge, go háirithe, go dtáirgtear an táirge ar bhonn tráchtála ar bhealaí éagsúla agus nach bhfuil srianta ar leith ar an modh táirgthe. Measann an Bheilg go bhfuil an tuairisc ar an iarratas an-sonrach ach sách doiléir freisin, agus go bhféadfaí léirmhíniú breise a dhéanamh air - cé nach bhfuil sé inmhianaithe ceachtar acu sin a dhéanamh maidir leis an saothrú.

    (17)

    Le litir dar dáta an 23 Meitheamh 2020, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú eatarthu féin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

    (18)

    Tháinig an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg ar chomhaontú, a cuireadh in iúl don Choimisiún an 28 Meán Fómhair 2020, laistigh den sprioc-am a leagtar síos.

    (19)

    Tháinig an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg ar an gconclúid gur cheart cosaint an téarma “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” (STR) a dheonú ach roinnt modhnuithe a dhéanamh ar an tsonraíocht táirge, lena n-áirítear leasuithe ar an tuairisc ar an táirge chun éagsúlachtaí maidir le méid an táirge a bhuantar a cheadú, chomh maith le leasuithe ar an tuairisc ar an modh táirgthe chun freastal ar éagsúlachtaí sna ceapacha táirgthe traidisiúnta, chun éagsúlachtaí áitiúla a cheadú maidir le dlúis plandaí tosaíochta agus i leith na caoi a margaítear an táirge a bhuantar, agus chun an difríocht idir biolar agus biolar a fhástar ar talamh a shimpliú.

    (20)

    Ós rud é go bhfuil sé i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus le reachtaíocht an Aontais, ba cheart inneachar an chomhaontaithe a thug an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg i gcrích a chur san áireamh.

    (21)

    Rinneadh athruithe neamhshubstaintiúla ar an bhfaisnéis a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 de thoradh an chomhaontaithe idir an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg.

    (22)

    D’ainneoin na gcomhairliúchán a bhí neamhthairbheach go pointe áirithe, maíonn an t-iarratasóir gur cheart an téarma “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” a chosaint toisc go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le clárú STR agus go léiríonn sé an traidisiún a bhaineann le biolar a fhás in uisce reatha. Thairis sin, tacaíonn táirgeoirí na Beilge, na Spáinne, na Fraince agus na Portaingéile leis an iarratas.

    (23)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sna ráitis freasúra réasúnaithe i bhfianaise Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúra á gcur san áireamh aige, agus chinn sé gur cheart na hainmneacha “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” a chlárú.

    (24)

    Tá na freasúraí bunaithe ar Airteagal 21(1)(a) agus (b) agus ar Airteagal 18(1), (2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    (25)

    A mhéid a bhaineann le neamh-chomhoiriúnacht le téarmaí Airteagal 21(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, léirigh an freasúra an damáiste eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann dá ndéanfaí “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” a chlárú, toisc go n-úsáidtear ainm comhionann le haghaidh táirgí comhchosúla atá ar mhargadh na Gearmáine nach leanann an modh táirgthe céanna.

    (26)

    A mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, i gcomhréir le hAirteagal 18(1)(a) agus 18(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá an t-ainm “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” incháilithe lena chlárú mar STR má eascraíonn sé as modh táirgthe, próiseála nó comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-earra sin agus is féidir é a chlárú má shainaithníonn sé carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge. Suíodh go bhfuil an t-ainm sin á úsáid leis na céadta bliain chun an táirge sonrach seo a shainmhíniú agus sainaithnítear leis carachtar traidisiúnta agus sonrach an táirge, is é sin gur planda é a shaothraítear, a fhástar agus a bhuantar in uisce reatha. Dá bhrí sin, comhlíonann an t-ainm ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    (27)

    A mhéid a bhaineann leis an maíomh maidir le cineálacht, níl toirmeasc i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ar ainmneacha coitianta a chlárú mar STR. I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de, ní áirítear leis, áfach, go gcláraítear ainm más rud é nach dtagraíonn sé ach amháin do mhaímh de chineál ginearálta a úsáidtear maidir le sraith táirgí, nó do mhaímh dá bhforáiltear le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais. Níor thug an freasúra dóthain fianaise go dtagraíonn an t-ainm atá le clárú do mhaímh de chineál ginearálta a úsáidtear maidir le sraith táirgí.

    (28)

    Mar fhocal scoir, comhlíonann an t-ainm atá beartaithe a chlárú na ceanglais maidir le clárú mar STR faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Léiríodh, áfach, go n-úsáidtear ainm comhionann go forleathan le haghaidh táirgí comhchosúla ar mhargadh na Gearmáine, nach leanann an modh táirgthe céanna dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge.

    (29)

    Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, chun idirdhealú a dhéanamh idir “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” agus táirgí inchomparáide nó táirgí a bhfuil ainm comhionann nó comhchosúil orthu agus, nuair a chlárófar an t-ainm sin mar STR, ba cheart an maíomh “déanta de réir thraidisiún” an Bhallstáit nó an tríú tír a léirítear a thraidisiún maidir le biolar a tháirgeadh sa tsonraíocht táirge a bheith ag gabháil leis an ainm i gcónaí. Seo a leanas na Ballstáit: An Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Phortaingéil. Is í an Ríocht Aontaithe an tríú tír.

    (30)

    Dá bhrí sin, níor cheart an t-ainm sin a chosaint sa cháil sin ach amháin i gcomhar leis an maíomh “déanta de réir thraidisiún”, de rogha air sin nó go carnach (agus/nó), na Beilge, na Spáinne, na Fraince, na hÍsiltíre, na Portaingéile, agus na Ríochta Aontaithe.

    (31)

    Go forleathan, ba cheart an maíomh “déanta de réir thraidisiún na Ríochta Aontaithe” nó “déanta de réir thraidisiún na Beilge” nó “déanta de réir thraidisiún na Spáinne” nó “déanta de réir thraidisiún na Fraince” nó “déanta de réir thraidisiún na hÍsiltíre” nó “déanta de réir thraidisiún na Portaingéile” nó “déanta de réir thraidisiún”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Watercress”.

    (32)

    Ba cheart an maíomh “produit selon la tradition de la France” nó “produit selon la tradition de la Belgique” nó “produit selon la tradition de l’Espagne” nó “produit selon la tradition des Pays Bas” nó “produit selon la tradition du Portugal” nó “produit selon la tradition du Royaume-Uni” nó “produit selon la tradition de”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Cresson de Fontaine”.

    (33)

    Ba cheart an maíomh “elaborado según la tradición de España” nó “elaborado según la tradición de Bélgica” nó “elaborado según la tradición de Francia” nó “elaborado según la tradición de los Países Bajos” nó “elaborado según la tradición de Portugal” nó “elaborado según la tradición del Reino Unido” nó “elaborado según la tradición de”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Berros de Agua”.

    (34)

    Ba cheart an maíomh “produzido segundo a tradição de Portugal” nó “produzido segundo a tradição de Bélgica” nó “produzido segundo a tradição de Espanha” nó “produzido segundo a tradição de França” nó “produzido segundo a tradição des Países Baixos” nó “produzido segundo a tradição de Reino Unido” nó “produzido segundo a tradição de”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Agrião de Água”.

    (35)

    Ba cheart an maíomh “vervaardigd volgens de traditie van België” nó “vervaardigd volgens de traditie van Spanje” nó “vervaardigd volgens de traditie van Frankrijk” nó “vervaardigd volgens de traditie van Nederland” nó “vervaardigd volgens de traditie van Portugal” nó “vervaardigd volgens de traditie van Verenigd Koninkrijk” nó “vervaardigd volgens de traditie van”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Waterkers”.

    (36)

    Ba cheart an maíomh “hergestellt nach der Tradition Belgiens” nó “hergestellt nach der Tradition Spaniens” nó “hergestellt nach der Tradition Frankreichs” nó “hergestellt nach der Tradition Niederlandes” nó “hergestellt nach der Tradition Portugals” nó “hergestellt nach der Tradition Vereinigten Königreichs” nó “hergestellt nach der Tradition”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Brunnenkresse”.

    (37)

    Mar iarmhairt air sin, ba cheart go gceadófaí an t-ainm “Watercress”, “Cresson de Fontaine”, “Berros de Agua”, “Agrião de Água”, “Waterkers” and “Brunnenkresse” a úsáid fós le haghaidh táirgí nach gcomhlíonann sonraíocht táirge “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse”“déanta de réir thraidisiún” na Beilge, na Spáinne, na Fraince, na hÍsiltíre, na Portaingéile agus na Ríochta Aontaithe, laistigh de chríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.

    (38)

    I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart an t-ainm “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse” a chlárú i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

    (39)

    An tsonraíocht táirge chomhdhlúite lena n-áirítear an tagairt do na maímh agus na hathruithe nach bhfuil substaintiúil ar an tsonraíocht a comhaontaíodh idir an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg, ba cheart iad a fhoilsiú ar mhaithe le faisnéis amháin.

    (40)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cláraítear an t-ainm “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “ Brunnenkresse” (STR).

    Leis an ainm sa chéad mhír sainaithnítear táirge ó Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 (3) ón gCoimisiún.

    Airteagal 2

    Ag gabháil le “Watercress” beidh an maíomh “déanta de réir thraidisiún na Ríochta Aontaithe” nó “déanta de réir thraidisiún na Beilge” nó “déanta de réir thraidisiún na Spáinne” nó “déanta de réir thraidisiún na Fraince” nó “déanta de réir thraidisiún na hÍsiltíre” nó “déanta de réir thraidisiún na Portaingéile” nó “déanta de réir thraidisiún”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír.

    Ag gabháil le “Cresson de Fontaine” beidh an maíomh “produit selon la tradition de la France” nó “produit selon la tradition de la Belgique” nó “produit selon la tradition de l’Espagne” nó “produit selon la tradition des Pays Bas” nó “produit selon la tradition du Portugal” nó “produit selon la tradition du Royaume-Uni” nó “produit selon la tradition de”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír.

    Ag gabháil le “Berros de Agua” beidh an maíomh “elaborado según la tradición de España” nó “elaborado según la tradición de Bélgica” nó “elaborado según la tradición de Francia” nó “elaborado según la tradición de los Países Bajos” nó “elaborado según la tradición de Portugal” nó “elaborado según la tradición del Reino Unido” nó “elaborado según la tradición de”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír.

    Ag gabháil le “Agrião de Água” beidh an maíomh “produzido segundo a tradição de Portugal” nó “produzido segundo a tradição de Bélgica” nó “produzido segundo a tradição de Espanha” nó “produzido segundo a tradição de França” nó “produzido segundo a tradição des Países Baixos” nó “produzido segundo a tradição de Reino Unido” nó “produzido segundo a tradição de”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír.

    Ag gabháil le “Waterkers” beidh an maíomh “vervaardigd volgens de traditie van België” nó “vervaardigd volgens de traditie van Spanje” nó “vervaardigd volgens de traditie van Frankrijk” nó “vervaardigd volgens de traditie van Nederland” nó “vervaardigd volgens de traditie van Portugal” nó “vervaardigd volgens de traditie van Verenigd Koninkrijk” nó “vervaardigd volgens de traditie van”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír.

    Beidh an maíomh “hergestellt nach der Tradition Belgiens” nó “hergestellt nach der Tradition Spaniens” nó “hergestellt nach der Tradition Frankreichs” nó “hergestellt nach der Tradition Niederlandes” nó “hergestellt nach der Tradition Portugals” nó “hergestellt nach der Tradition Vereinigten Königreichs” nó “hergestellt nach der Tradition”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír, a bheith ag gabháil le “Brunnenkresse”.

    Airteagal 3

    Féadfar an t-ainm “Watercress”, “Cresson de Fontaine”, “Berros de Agua”, “Agrião de Água”, “Waterkers” and “Brunnenkresse” a úsáid fós le haghaidh táirgí nach gcomhlíonann sonraíocht táirge “Watercress” / “Cresson de Fontaine” / “Berros de Agua” / “Agrião de Água” / “Waterkers” / “Brunnenkresse”“déanta de réir thraidisiún” na Beilge, na Spáinne, na Fraince, na hÍsiltíre, na Portaingéile agus na Ríochta Aontaithe laistigh de chríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.

    Airteagal 4

    Leagtar amach an tsonraíocht táirge chomhdhlúite san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  IO C 401, 27.11.2019, lch. 8.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    IARSCRÍBHINN

    “WATERCRESS”/“CRESSON DE FONTAINE”/“BERROS DE AGUA”/“AGRIÃO DE ÁGUA”/“WATERKERS”/“BRUNNENKRESSE”

    Uimh. AE: TSG-GB-0062 – 6.12.2010

    An Ríocht Aontaithe

    1.   AINM NÓ AINMNEACHA ATÁ LE CLÁRÚ

    “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse”

    Ag gabháil leis an ainm beidh an maíomh “déanta de réir thraidisiún na Ríochta Aontaithe” nó “déanta de réir thraidisiún na Beilge” nó “déanta de réir thraidisiún na Spáinne” nó “déanta de réir thraidisiún na Fraince” nó “déanta de réir thraidisiún na hÍsiltíre” nó “déanta de réir thraidisiún na Portaingéile” nó “déanta de réir thraidisiún”, maille le hainmneacha na mBallstát sin uile nó roinnt acu nó maille le hainm an tríú tír.

    2.   Cineál táirge

    Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

    3.   AN FORAS LE CLÁRÚ A DHÉANAMH

    3.1.   Maidir leis an táirge, an bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith nó nach bhfuil:

    eascraíonn sé as modh táirgthe, próiseála nó comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-earra sin

    táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a d’úsáidtí go traidisiúnta.

    “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” bunaithe ar shíolta Nasturtium Officinale, fástar in uisce reatha é trí mhodh táirgthe traidisiúnta atá á úsáid le breis agus 200 bliain.

    3.2.   Maidir leis an ainm, an bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith nó nach bhfuil:

    baineadh úsáid as go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach

    sainítear carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge leis

    Leis na céadta bliain, fiú sular thosaigh táirgeadh tráchtála san Eoraip breis agus 200 bliain ó shin, tá úsáid á baint as an ainm “water-cress” sa Ríocht Aontaithe, “cresson de fontaine” sa Fhrainc, “Berros de agua” sa Spáinn, “agrião de água” sa Phortaingéil, “waterkers” san Ísiltír agus sa Bheilg, agus “Brunnenkresse” sa Ghearmáin chun an t-athraitheach seo d’fhine an bhiolair a fhástar in uisce reatha a shonrú. Is é biolar ainm an phlanda agus is é uisce an tuairisceoir.

    4.   TUAIRISC

    4.1.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiciúla, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear carachtar sonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

    “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” agus an t-ainm luibheolaíoch Nasturtium officinale air, is planda uisceach/leathuisceach é a fhásann fiáin i srutháin agus i bhfuaráin ar fud na hEorpa go fóill, agus i roinnt tíortha eile ar domhan ina bhfuil aeráid mheasartha. Tá an planda greamaithe de bhonn nó de thaobh an tsrutháin nó an fhuaráin trína fhréamhchóras ionas nach nglantar chun siúil é. An tsonraíocht sin nach mbaineann ach le táirgeadh tráchtála, ní dhéanann sí difear do bhuaint agus do dhíol “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” ón bhfiántas.

    Le táirgeadh tráchtála, déantar macasamhlú ar an gcaoi a bhfásann an planda san fhiántas, agus úsáid á baint as na cothaithigh ón uisce reatha, agus is é sin an méid a mbeadh tomhaltóirí ag súil leis agus a thuigfidís maidir le biolar — is é an t-uisce an damhna fáis agus is é biolar an planda.

    Is iad Rorippa nasturtium-aquaticum, Nasturtium nasturtium-aquaticum agus Sisymbrium nasturtium-aquaticum L comhchiallaigh luibheolaíocha Nasturtium officinale. Léiríonn siad fíorchineál uisceach an phlanda agus an chaoi a bhfásann sé.

    D’fhéadfadh an táirge a chuirtear i láthair na gcustaiméirí a bheith éagsúil maidir le fad foriomlán na ngas, méid na nduilleog agus an cineál cur i láthair agus pacáistíochta.

    Buantar an barr a fhástar go traidisiúnta ón uisce agus tá duilleoga boga, taise glasa air ag a bhfuil imeall gan bhriseadh agus atá ubhchruthach. Tá na gais briosc, tá dath beagán níos éadroime orthu agus is féidir roinnt fréamhacha cliathánacha a bheith acu a shíneann ó ailt na nduilleog go dtí an gas.

    Saintréithe micribhitheolaíocha:

    Tagann sé ón timpeallacht ina bhfástar an planda; fástar ar bhonn tráchtála é i bhfíoruisce reatha nó i dtollphoil, agus faigheann an barr daonra miocróbach eipifíte ina mbíonn a lán Pseudomonad sp neamhurchóideach de ghnáth. Fástar an planda in uisce reatha de cháilíocht ard mhicribhitheolaíoch.

    Saintréithe fisiceacha:

    Comhdhuillí duillíneacha ailtéarnacha ag a bhfuil idir 3 agus 11 dhuillín dhronuilleogacha nó ubhchruthacha, tá siad lonrach, dúghlas, cruinn ag an mbarr, mín gan fiacla nó le himill fhiaclacha orthu. Bíonn dath glas (Hex triplet 008000) nó glas dorcha (Hex triplet 006400) air de ghnáth.

    Gais reatha nó gais ar snámh atá súmhar nó feolmhar

    Fréamhacha snáithíneacha míne a ligeann do fhréamhú tarlú in áit ar bith feadh an ghais faoi uisce, go príomha ag na nóid.

    Tá bláthanna bána ar an bplanda ag a bhfuil ceithre pheiteal atá idir 3 mm agus 5 mm ar leithead, i raicéimí mullaigh agus i raicéimí ó ascaillí na nduilleog uachtair. Táirgtear bláthanna beaga bána agus glasa i dtriopaill. Mar chuid de shaolré nádúrtha na bplandaí, tagann bláthanna orthu sna míonna ag tús an tsamhraidh nuair a bhítear ag druidim leis na laethanta is faide sa bhliain.

    I gcomparáid leis sin, is den ghéineas Barberea Verna é an biolar talún, táirgeann sé duilleoga glasa aonair atá roinnte go duillíneach ar ghas, agus bíonn bláthanna buí air le linn thréimhse an bhláthaithe.

    Comhshuíomh ceimiceach:

    Tá neart glúcóisínealáití in “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” agus tá sé uathúil mar gheall ar a léiriú ard ar an nglúcóisínealáit B-feantáinil a scaoileann feinileitilisitiacianáit (PEITC). Scaoiltear PEITC le linn é a chogaint agus is é atá freagrach as an mblas saintréitheach láidir atá air. Is iad na holaí mustaird a bhaineann leis an bplanda is cúis leis an mblas piobarach. Déanann strus difear do leibhéil PEITC sa phlanda. Má tá strus ar an mbarr trí theocht íseal nó ard, nó mura bhfuil dóthain uisce aige, táirgeann an planda leibhéil athraitheacha PEITC.

    Saintréithe orgánaileipteacha:

    Leis an tástáil chomparáideach idir biolar agus biolar a fhástar ar talamh, léiríodh go bhfuil dath an bhiolair níos dorcha/níos glaise ná an biolar a fhástar ar talamh, tá blas níos piobaraí air agus tá uigeacht níos boige aige.

    I meastóireacht chéadfach eile a rinneadh in 2009, léiríodh freisin go raibh blas níos laige ar bhiolar a fhástar ar talamh agus nach raibh blas chomh piobarach céanna air. Maidir leis an sampla a fásadh san uisce, taifeadadh roinnt tuairimí freisin go raibh duilleoga níos dorcha air agus go raibh uigeacht níos boige aige.

    Leis an dá mheasúnú sin, léiríodh sa dá chás gur sainaithníodh i meastóireacht ghairmiúil difríochtaí idir bairr a fhástar ar talamh agus bairr a fhástar in uisce reatha, agus nuair a iarradh tuairim, sainaithníodh gurb e “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse”, an rogha is fearr — bunaithe ar thréithe orgánaileipteacha amháin.

    Bíonn iarbhlas mustaird ar “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” de ghnáth; bíonn sé ar nós piobair, te agus beagán searbh.

    4.2.   Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, pointe is gá do na táirgeoirí a leanúint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, agus an modh lena n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

    Ní mór “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” a fhás in uisce reatha agus síol Nasturtium officinale á úsáid. Mar sin féin, féadfar síol a chur ar shubstráit oiriúnach i saoráid iomadaithe agus féadfar na síológa a aistriú chuig na ceapacha táirgthe.

    Is féidir leis an mbarr fás ó cheann ceann na bliana i gceapacha a thógtar go speisialta. Bíonn teocht an uisce reatha a ardaíonn ó fhuaráin nádúrtha nó ó thollphoill idir 10 agus 18 °C de ghnáth, rud a thugann cosaint don bharr ar aimsir the agus ar aimsir fhuar.

    Chun go mbeidh leibhéil PEITC ann a bheidh measartha aonfhoirmeach agus comhsheasmhach (agus chun go mbeidh an blas measartha aonfhoirmeach dá bhrí sin), teastaíonn dálaí fáis seasta agus saor ó strus ón mbarr i dtéarmaí teochta, soláthair uisce agus leasacháin. Trí shaothrú uiscebhunaithe a bheith ann lena soláthraítear uisce reatha go leanúnach ar feadh shaolré an phlanda, is bealach iontach é chun teocht a choinneáil; fuaraíonn an t-uisce reatha an barr ar laethanta te agus téann sé an barr ar laethanta fuara.

    Soláthar Uisce:

    Go traidisiúnta, tagann an fhoinse uisce ó fhuaráin nádúrtha doimhne ar mhórán mianraí nó ó thollhpoill trí shreafaí nádúrtha nó caidéalaithe, ach tá foinsí eile inghlactha freisin má tá cáilíocht mhicribhitheolaíoch ard oiriúnach ag baint leo (sprioc maidir le E. coli nialasach, lamháltas, 100cfu/100ml; sprioc maidir le listéire nialasach, lamháltas 100cfu/100ml, Salmonella nialasach, STEC nialasach) agus má tá siad saor ó éilliú uisce dromchla. Ní mór cáilíocht an uisce a bheith iomchuí chun bia nach ndéantar ach próiseáil bheag air a tháirgeadh, ar bia é is féidir a ithe gan é a chócaráil.

    Dearadh na gCeapach:

    Is é an fhoinse uisce agus an t-asraon a shocraíonn suíomh na gceapach táirgthe de ghnáth. Tógtar na ceapacha táirgthe agus taobhanna neamhscagacha acu, b’fhéidir ar fhána ón bpointe a théann uisce isteach sa cheapach, agus ar bhealach chun uisce dromchla nó uisce a ritheann chun srutha a chosc. Go traidisiúnta, déantar an t-uisce atá ag teacht isteach a sheoladh agus a rialú isteach sna ceapacha aonair trí chomhlaí, sconnaí nó bearnaí simplí sa bhalla iompróra ionraoin. Tógadh córais feirmeoireachta níos nua-aimseartha ar bhealach inar féidir soláthair uathoibrithe ó na foinsí uisce agus sprioctheocht, soláthar uisce agus soláthar leasacháin a chumasú. Athraíonn limistéar na ceapaí ar brath ar an suíomh agus ar an tír. Níor cheart ligean d’uisce dromchla nó d’uisce a ritheann chun srutha dul ar an láithreán. Níor cheart aon limistéir láibe buan a bheith ann a d’fhéadfadh a bheith ina ghnáthóg don seilide láibe.

    Modhanna Táirgthe:

    Ba cheart barr nua a bhunú ón síol chun cosc a chur ar an méadú ar víris, agus tá cuid de na víris sin síol-iompartha. Cuirtear síolta go díreach ar bhun na gceapach, nó de ghnáth cuirtear i múirín iad, nó in ábhar substráite, i saoráid iomadaithe agus fástar iad go dtí an chéad fhíorchéim duille (thart ar 3 cm agus 5 cm ar airde). Má bhuaintear barr go luath sa samhradh, beidh gá le barra nua ón síol chun tréimhse nádúrtha an bhláthaithe, a tharlaíonn an tráth seo den bhliain, a shárú. Le linn míonna eile, is féidir an táirge a bhuain ó athfhás, próiseas lena ligtear don bharra buainte athghiniúint ina bharr nua. Táirgeann go leor saothróirí a síol féin trí ligean do bharra áirithe bláthú agus síol a chur, ach tá síol ar fáil ó chuideachtaí síolta freisin.

    Is féidir síolú díreach a dhéanamh ar na ceapacha táirgthe de láimh nó le meaisín, agus chomh maith leis sin is féidir na síológa a tháirgtear i limistéar iomadaithe a chur de láimh nó le meaisín, chun na dlúis iomchuí a bhaint amach thar bhun na ceapaí atá in ann taise atá saibhrithe le cothaithigh a choinneáil, rud a éascaíonn insíothlú fréimhe luath agus ancaireacht.

    Ina dhiaidh sin, ligtear don uisce saibhrithe le cothaithigh atá ag teacht isteach sreabhadh thar ar an áit óna bhfaigheann an barr na mianraí agus na riandúile is gá atá fíor-riachtanach don fhás; méadaítear sreabhadh an uisce de réir mar a aibíonn an barr chun freastal ar riachtanais an bharra.

    Féadfar leasacháin chaighdeánacha gairneoireachta ina bhfuil cion ard fosfáite a úsáid chun cur leis na cothaithigh ón uisce agus ó bhun na ceapaí agus cuirtear in úsáid iad de réir mar is iomchuí ag brath ar riachtanais na mbarr.

    Ní mór an barr a fhás in uisce reatha cé gur féidir leis an bhfréamhchóras greamú de na himill. Fástar biolar talún ó shíolta Lepidium sativum go hiomlán ar an ithir, agus tá sé éagsúil le “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agriã de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” a fhástar san uisce.

    Buaint:

    “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse”, buantar é lena dhíol, bíodh fréamhacha agus substráit air nó ná bíodh, agus díoltar iad nite nó neamhnite. Maidir le táirge triopallach, bíonn gais éadroma air de ghnáth nach mbíonn duilleoga orthu agus bíonn fréamh air a bhíonn idir 5cm agus 6cm ar fad, agus coinnítear le chéile é le banda nó le ceangal rubair, agus os a chionn cruthaíonn na duilleoga, idir 2cm agus 5cm ar fad, “ceann” an triopaill. Mar sin féin, is féidir éagsúlachtaí a bheith ann maidir leis an gcaoi a ndéantar an táirge a mhargú, i dtéarmaí an táirge féin (duilleoga scaoilte, róiséid, bíodh fréamhacha agus/nó substráit air nó ná bíodh) agus i dtéarmaí na pacáistíochta.

    4.3.   Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

    Tá carachtar traidisiúnta “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” cumhdaithe ina mhodh táirgthe agus tá baint aige le huisce reatha leis na mílte bliain; go stairiúil, bhí baint ag an mbarr le táirgeadh uisceach i gcónaí agus d’fhan sé gan athrú trí roghnú agus pórú i dtéarmaí na moirfeolaíochta agus an bhlais. Is comhionann an planda atá ann faoi láthair leis an bplanda a fheictear sna léaráidí ón ré Rómhánach.

    Tá fianaise ann gur roghnaigh Hippocrates, bunaitheoir leigheas an lae inniu, an láithreán le haghaidh an chéad ospidéil ar domhan ar oileán Kos, gar do shruthán a bhí oiriúnach chun an planda a shaothrú, planda a mheas sé a bheith fíor-riachtanach chun cóir leighis a chur ar othair. Is in uisce reatha a d’fhás na Rómhánaigh “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“ Brunnenkresse” chomh maith.

    Sa tuairisc a thug Nicholas Culpeper ar bhiolar ina leabhar Complete Herbal a foilsíodh in 1653, dúirt sé go raibh sé “growing in small rivulets of running water [ag fás i sruthláin bheaga uisce reatha]”.

    Rinneadh an chéad saothrú tráchtála ar “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” sa Ghearmáin i lár an 18ú haois, agus fásadh an barr go forleathan i srutháin ghlana saorchúrsála i ndeisceart Shasana go luath sna 1800idí. Is modh táirgthe tráchtála é nach bhfuil aon athrú tagtha air go bunúsach, cé go dtéann an modh fásta “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” in uisce reatha siar go dtí ré na Rómánach. Thug Adophle Chatin an tuairisc seo ar tháirgeadh sa Fhrainc in 1866: “These ditches were an immense culture of Fountain Cresson, this culture was established for several years on water sources [Cultúr ollmhór biolair a bhí sna claiseanna sin, cultúr a bhí bunaithe ar feadh roinnt blianta ar thoibreacha]”

    Faoi dheireadh na 1800idí, foinse thábhachtach fostaíochta agus ioncaim a bhí in “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” agus bhí an barr á sholáthar do na comhchathracha móra ar fud thuaisceart na hEorpa. Mar shampla, leathnaíodh an t-iarnród sa Ríocht Aontaithe chuig Alresford, Hampshire chun os cionn 30 tona sa tseachtain a iompar chuig margaí Londan. Tugtar “The Watercress Line” ar an iarnród gaile athchóirithe go fóill sa lá atá inniu ann.

    Tá roinnt taifeadtaí cineamatacha ann ó na 1930idí ina léirítear “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” ag fás in uisce reatha.

    I ngach tír, ní mór “Watercress”/“Cresson de Fontaine”/“Berros de Agua”/“Agrião de Água”/“Waterkers”/“Brunnenkresse” traidisiúnta a fhás in uisce reatha. Faightear na mianraí uile is gá chun fás ó na fíoruiscí glana a ardaíonn ó na strataim faoi thalamh, ach bíonn easpa fosfair iontu de ghnáth. Ar an dea-uair, bhí sé sin ar fáil i dtuaisceart na hEorpa mar leasachán fosfáiteach mallghníomhach i bhfoirm slaig bhunúsach, ar fotháirge den phróiseas traidisiúnta déanta cruach é. Ar feadh beagnach 200 bliain, fásadh an barr trí úsáid a bhaint as fíoruiscí glana a forlíonadh le slaig bhunúsach a cuireadh ar bhun na ceapaí, agus sholáthair an tslaig sin an leasachán fosfáiteach agus na riandúile nach raibh an barr in ann a aimsiú san uisce reatha. Tá athrú tagtha ar an bpróiseas déanta cruach sa lá atá inniu ann agus níl slaig bhunúsach ar fáil a thuilleadh. Dá réir sin, úsáidtear leasacháin fhosfáiteacha mhallghníomhacha tráchtála ina ionad sin anois.

    Fástar go traidisiúnta in uisce reatha é, agus tá duilleoga boga glasa atá tais agus ubhcruthach air. Tá na gais briosc agus is féidir roinnt fréamhacha cliathánacha a bheith aige a shíneann ó ailt na nduilleog go dtí an gas. Bíonn iarbhlas mustaird ar na plandaí de ghnáth; bíonn siad piobarach, te agus beagán searbh.


    Top