EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1522

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1522 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

C/2022/6567

IO L 237, 14.9.2022, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1522/oj

14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 237/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1522 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2022

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 57(4) agus 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú (Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Fearas córais fosúcháin dromlaigh ina bhfuil inter alia scriúnna, slata, plátaí, crúcaí, nascóirí taobhacha a ionphlandaítear sa cholainn dhaonna mar chuid de chóireálacha éagsúla leighis.

De réir cibé diagnóis leighis a dhéantar (briseadh, míchuma etc. dromlaigh), is féidir páirteanna éagsúla den airteagal a chóimeáil chun córas fosúcháin dromlaigh (i.e. ionphlandú) a chur i dtoll a chéile le linn obráide. Déanann an t-ionphlandú comhtháthú ar veirteabraí, agus tugann taca dóibh, i ndiaidh a mbriste, mar shampla, nó fórsálann sé na veirteabraí ar ais ina n-ailíniú ceart, i gcás scolóise, mar shampla, nó coinníonn sé na veirteabraí ina n-áit agus tugann taca dóibh, i gcás galair meathlúcháin diosca, mar shampla.

Tá an t-airteagal chomh hoiriúnach céanna do gach ceann de na cóireálacha leighis siúd.

(Féach an íomhá de tháirge cóimeáilte)  (*1)

9021 10 90

Is le rialacha ginearálta (RLG) 1, 2(a), 3(c) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le Nóta 6 a ghabhann le Caibidil 90 den Ainmníocht Chomhcheangailte agus le foclaíocht na gCód AC 9021 , 9021 10 , 9021 10 10 agus 9021 10 90 a chinntear an t-aicmiú.

Tá saintréithe fíor-riachtanacha an airteagail chríochnaithe ag an airteagal de réir bhrí RLG 2(a). Fearas (córas fosúcháin dromlaigh) is ea an t-airteagal críochnaithe a dhéanann, nuair a ionphlandaítear sa cholainn dhaonna é, veirteabraí a chomhtháthú nó a choimeádann veirteabraí ina n-áit nó a fhórsálann ar ais ina n-áit iad. De réir cibé feidhm iarbhír a bhíonn ag an airteagal sa cholainn as a dheireadh, is fearas de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste a bhíonn ann (faoin gcód AC 9021 10 90 ) nó fearas ortaipéideach (faoin gcód AC 9021 10 10 ). Agus é ag feidhmiú mar fhearas ortaipéideach, coisceann sé nó ceartaíonn sé míchumaí coirp (i gcás scolóise, mar shampla) nó tugann sé taca do chodanna den cholainn nó coinníonn sé ina n-áit iad (i gcás galar meathlúcháin diosca, mar shampla) de réir bhrí Nóta 6 a ghabhann le Caibidil 90.

Eisiatar an táirge óna aicmiú faoin gcód AC 9021 90 90 mar go gcumhdaítear an táirge faoi cheannteidil níos sonraí.

Tráth a allmhairítear an t-airteagal, ní bhíonn a fhios cé acu mar fhearas de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste nó mar fhearas ortaipéideach a úsáidfear é nó a bheartaítear é a úsáid. Ní de thréith bhunúsach an airteagail an úsáid a bheartaítear a bhaint as, mar nach féidir a dhéanamh amach óna shaintréithe ná óna airíonna oibiachtúla cé acu a bheidh sé ina fhearas de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste nó ina fhearas ortaipéideach, mar go bhfuil sé chomh hoiriúnach céanna do cheachtar den dá chuspóir.

Dá réir sin, tráth an allmhairithe ní heol príomhfheidhm an airteagail de réir bhrí Nóta 3 a ghabhann le Caibidil 90 i dteannta Nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI, ná ní féidir an phríomhfheidhm sin a dhéanamh amach óna shaintréithe ná óna airíonna oibiachtúla. Dá bhrí sin, tá an t-airteagal le haicmiú ar an gceann deireanach de réir an oird uimhriúil i dteannta na gcód AC a bhfuil sé chomh dlite céanna dóibh á meas de réir bhrí RLG 3(c) i dteannta RLG 6.

Dá bhrí sin, is faoin gCód AC 9021 10 90 atá an t-airteagal le haicmiú, mar chléithíní agus fearais eile de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste.

Image 1


(*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.


Top