Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1520

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1520 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ráta boilscithe na méideanna táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a choigeartú chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

C/2022/3948

IO L 236, 13.9.2022, p. 16–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1520/oj

13.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/16


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1520 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ráta boilscithe na méideanna táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a choigeartú chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 15(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 67(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), áirítear in ioncam na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí táillí a íocann gnóthais as údaruithe margaíochta an Aontais a fháil agus a chothabháil agus as seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht, agus as seirbhísí a sholáthraíonn an grúpa comhordúcháin a mhéid a bhaineann le comhlíonadh a chuid cúraimí i gcomhréir le hAirteagail 107c, 107e, 107 g, 107k agus 107q de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

Coigeartú deireanach na dtáillí agus na méideanna luacha saothair a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 658/2014, rinneadh é in 2020 ar bhonn ráta boilscithe carnach 2018 agus 2019. Ba é an ráta boilscithe san Aontas, mar a fhoilsítear ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh, 0,3 % in 2020 agus 5,3 % in 2021 (4). Agus leibhéal na rátaí boilscithe le haghaidh na mblianta sin á chur san áireamh, meastar go bhfuil údar maith ann méideanna na dtáillí agus méideanna an luacha saothair le haghaidh na rapóirtéirí agus na gcomhrapóirtéirí dá dtagraítear i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a choigeartú, i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 658/2014. Dá bhrí sin, ba cheart coigeartú carnach ina gcuirtear san áireamh na rátaí boilscithe le haghaidh 2020 agus 2021 araon a chur i bhfeidhm.

(3)

Ar mhaithe le simplíocht, ba cheart na méideanna coigeartaithe a shlánú go dtí an EUR 10 is gaire, cé is moite den táille bhliantúil as córais teicneolaíochta faisnéise agus as faireachán ar litríocht i gcás inar cheart an leibhéal coigeartaithe a shlánú go dtí an EUR 1 is gaire.

(4)

Tá na táillí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 dlite ag tús an nós imeachta lena mbaineann nó, i gcás na táille bliantúla as córais teicneolaíochta faisnéise agus faireacháin ar litríocht, ar an 1 Iúil gach bliain. Dá bhrí sin, cinnfear an méid is infheidhme faoi dháta dlite na táille agus ní gá forálacha idirthréimhseacha sonracha a leagan síos le haghaidh nósanna imeachta atá ar feitheamh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 658/2014, i gcás ina dtiocfaidh i bhfeidhm gníomh lena gcoigeartófar méideanna na dtáillí a leagtar síos i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin roimh an 1 Iúil, beidh éifeacht ag na coigeartuithe amhail ón 1 Iúil, ach i gcás ina dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh, beidh éifeacht ag na coigeartuithe ón dáta a dtiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagan síos i gcomhréir leis an bhforáil sin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 mar a leanas:

(1)

i gCuid I, leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear “EUR 21 940” in ionad “EUR 20 780”;

(b)

cuirtear “14 750” in ionad “EUR 13 970”;

(2)

i gCuid II, leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)

san abairt tosaigh, cuirtear “EUR 48 370” in ionad “EUR 45 810”;

(b)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(i)

cuirtear “EUR 19 350” in ionad “EUR 18 330”;

(ii)

cuirtear “EUR 8 190” in ionad “EUR 7 760”;

(c)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

cuirtear “EUR 29 020” in ionad “EUR 27 480”;

(ii)

cuirtear “EUR 12 280” in ionad “EUR 11 630”;

(3)

i gCuid III, leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear “EUR 201 450” in ionad “EUR 190 740”;

(ii)

cuirtear “EUR 43 670” in ionad “EUR 41 350”;

(iii)

cuirtear “EUR 332 460” in ionad “EUR 314 790”;

(b)

leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear “EUR 134 290” in ionad “EUR 127 150”;

(ii)

i bpointe(b), cuirtear “EUR 163 420”; in ionad “EUR 154 730”;

(iii)

i bpointe (c), cuirtear “EUR 192 530” in ionad “EUR 182 290”;

(iv)

i bpointe (d), cuirtear “EUR 221 620” in ionad “EUR 209 840”;

(c)

sa cheathrú fomhír, leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

cuirtear “EUR 1 130” in ionad “EUR 1 070”;

(ii)

cuirtear “EUR 2 230” in ionad “EUR 2 110”;

(iii)

cuirtear “EUR 3 380” in ionad “EUR 3 200”;

(4)

i bpointe 1 de Chuid IV, cuirtear “EUR 75” in ionad “EUR 71”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 3 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 189, 27.6.2014, lch. 112.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(3)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(4)  Eurostat, táscairí euro 11/2022, arna fhoilsiú an 20 Eanáir 2022.


Top