EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1352
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1352 of 3 August 2022 derogating in respect of the year 2022 from Article 75(1), third subparagraph, of Regulation (EU) No 1306/2013 of the European Parliament and of the Council as regards the level of advance payments for direct payments and area-related and animal-related rural development measures
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1352 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena maolaítear i leith na bliana 2022 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1352 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena maolaítear i leith na bliana 2022 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
C/2022/5488
IO L 204, 4.8.2022, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
4.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1352 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Lúnasa 2022
lena maolaítear i leith na bliana 2022 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 50 % a íoc le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus roimh an 1 Nollaig féadfaidh siad réamhíocaíochtaí suas le 75 % a íoc le haghaidh bearta tacaíochta a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
De dheasca na géarchéime a d’eascair as paindéim COVID-19 sna Ballstáit, bhí deacrachtaí tábhachtacha eacnamaíocha agus airgeadais ag feirmeoirí. I bhfianaise leochaileacht shonrach na n-oibreoirí eacnamaíocha sin agus chun iarmhairtí airgeadais agus sreafa airgid na géarchéime sin a mhaolú, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/531 (4) agus (AE) 2021/1295 (5) ón gCoimisiún tugadh cead do na Ballstáit leibhéal níos airde réamhíocaíochtaí a íoc leis na tairbhithe le haghaidh na mblianta 2020 agus 2021 faoi seach. Ós rud é go bhfuil paindéim COVID-19 fós ann in 2022 agus go bhfuil aghaidh fós á tabhairt ag feirmeoirí ar shuaitheadh eacnamaíoch, suaitheadh a leagadh tuilleadh béime air de dheasca na n-iarmhairtí a bhí ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar earnáil an agraibhia, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit leanúint de réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2022. |
(3) |
Tá na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha agus ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i leith na bliana éilimh 2022 féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 70 % a íoc le haghaidh na n-íocaíochtaí díreacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus suas le 85 % le haghaidh tacaíocht arna deonú faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/531 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar an tríú fomhír d’Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe agus ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 75(2) den Rialachán sin a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí díreacha (IO L 119, 17.4.2020, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1295 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar an tríú fomhír d’Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe (IO L 282, 5.8.2021, lch. 3).