EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1225

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1225 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí arna eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin

C/2022/5101

IO L 189, 18.7.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1225/oj

18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1225 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí arna eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007, ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 219(1) agus i gcomhar le hAirteagal 228 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, géarchéim a thosaigh go gairid tar éis ghéarchéim COVID-19, tá deacrachtaí eisceachtúla le sárú ag feirmeoirí i ngach Ballstát. De dheasca fadhbanna lóistíochta, tá feirmeoirí san Aontas leochaileach do shuaitheadh eacnamaíoch na slabhraí soláthair ag eascairt as an ngéarchéim sin, agus tá aghaidh á tabhairt acu faoi láthair ar dheacrachtaí airgeadais agus fadhbanna sreafa airgead. I bhfianaise na suaití atá ann faoi láthair sa mhargadh agus an meascán imthosca nach bhfacthas a leithéid riamh, bhí deacrachtaí eisceachtúla ag feirmeoirí i ngach Ballstát maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus cur i gcrích scéimeanna cúnaimh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Is gá na deacrachtaí sin a laghdú, dá bhrí sin, trí mhaolú ó fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, mar chuid dá gcláir oibriúcháin fhormheasta, bearta coiscthe géarchéime agus bearta bainistithe géarchéime a chur chun feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 33(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, atá beartaithe a n-athléimneacht a mhéadú in éadan suaití sa mhargadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 33(3), an ceathrú fomhír, den Rialachán sin, ní chuimseoidh na bearta coiscthe géarchéime agus na bearta bainistithe géarchéime sin níos mó ná aon trian den chaiteachas faoin gclár oibriúcháin. Chun solúbthacht níos fearr a sholáthar do na heagraíochtaí táirgeoirí agus do na comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí sin agus chun a chumasú dóibh na hacmhainní atá ar fáil dóibh faoina gcláir oibriúcháin a threorú chun aghaidh a thabhairt ar na suaití sa mhargadh, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin sa bhliain 2022.

(3)

Tá gá le bearta sonracha chun a chumasú d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a gcistí oibríochtúla a bhainistiú trí chead a thabhairt dóibh cistí, lena n-áirítear cúnamh airgeadais ón Aontas laistigh den chiste oibríochtúil, a atreorú ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin. Chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in ann déanamh amhlaidh, is gá an teorainn ar chúnamh airgeadais ón Aontas a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa bhliain 2022 a mhéadú ó 50 % go 70 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú.

(4)

Ar mhórchúiseanna práinne, go háirithe i bhfianaise na suaití leanúnacha sa mhargadh, na hiarmhairtí tromchúiseacha atá acu ar earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus an dóchúlacht go leanfaidh siad ar aghaidh agus go rachaidh siad in olcas, is gá gníomhú láithreach agus bearta a ghlacadh go práinneach chun a n-éifeachtaí diúltacha a mhaolú. Dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na suaití sa mhargadh sin, bheadh baol ann go gcuirfí leis na suaití sin, rud a dhéanfadh dochar do na dálaí táirgthe agus margaidh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(5)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe sealadacha ó Airteagal 33(3) agus ó Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

De mhaolú ar Airteagal 33(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní bheidh feidhm ag an teorainn d’aon trian den chaiteachas faoin gclár oibríochtúil maidir le bearta coiscthe géarchéime agus bearta bainistithe géarchéime in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear san fhoráil sin sa bhliain 2022.

De mhaolú ar Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní bheidh an cúnamh airgeadais ón Aontas leis an gciste oibríochtúil sa bhliain 2022 níos mó ná méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas leis na cistí oibríochtúla a d’fhormheas na Ballstáit don bhliain 2022 agus beidh sé teoranta do 70 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


Top