This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0815
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/815 of 23 May 2022 amending Council Regulation (EC) No 1210/2003 concerning certain specific restrictions on economic and financial relations with Iraq
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/815 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/815 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
C/2022/3518
IO L 146, 25.5.2022, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 146/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/815 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Bealtaine 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, liostaítear daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí nó eintitis a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus le toirmeasc ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil. |
(2) |
An 19 Bealtaine 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine nádúrtha amháin agus dhá eintiteas a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo sócmhainní maidir leo. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
“80. |
Khalaf M. M. Al-Dulaymi (ailias Khalaf Al Dulaimi). Dáta breithe: an 25 Eanáir 1932. Uimhir an phas H0044232 (Iarácach)” |
“98. |
MIDCO FINANCIAL, S.A. (ailias MIDCO FINANCE, S.A.). Faisnéis eile: Uimhir chónaidhme: CH-660-0-469-982-0 (An Eilvéis).” |
“99. |
MONTANA MANAGEMENT, INC. Seoladh: Panama.” |