EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0302

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/302 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (‘an tSín’) chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh

C/2022/1066

IO L 46, 25.2.2022, p. 49–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/302/oj

25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 46/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/302 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2022

lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (‘an tSín’) chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Na bearta reatha

(1)

I mí Aibreáin 2020, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) dleacht chinntitheach frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus na hÉigipte trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún (3). Rinneadh na bearta frithdhumpála i bhfoirm dleachta ad valorem idir 34 % agus 69 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Síne agus dleachta ad valorem 20 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na hÉigipte.

1.2.   Iarraidh

(2)

Fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbearta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí GFF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe.

(3)

Is é TECH-FAB Europe e.V, comhlachas de tháirgeoirí GFF an Aontais (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 19 Bealtaine 2021.

(4)

Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín, ón Éigipt agus ó Mharacó chuig an Aontas, athrú a tharla tar éis bearta a fhorchur ar GFF. Is cosúil gur eascair an t-athrú ar an ngréasán trádála as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas forchur na dleachta.

(5)

Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh a léirigh go raibh an cleachtas, an próiseas nó an obair ag baint an bhoinn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig líon suntasach allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh allmhairí GFF.

(6)

Ar deireadh, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh go ndearnadh GFF arna chur chun bealaigh ó Mharacó a onnmhairiú ag praghsanna dumpáilte i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo le haghaidh GFF.

1.3.   An táirge lena mbaineann agus an táirge atá faoi imscrúdú

(7)

Is é atá sa táirge lena mbaineann fabraicí de chaisirníní snáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe (réamhthuilithe) a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh le cealla oscailte nach faide ná 1.8 mm ná nach leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan níos mó ná 35 g/m2 iontu, arna n-aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún faoi chóid AC ex 7019 39 00, ex 7019 40 00, ex 7019 59 00 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019390080, 7019400080, 7019590080 agus 7019900080) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ina leith.

(8)

Is ionann an táirge atá faoi imscrúdú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe seo, táirge atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 61 00, ex 7019 62 00, ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00, ex 7019 69 10, ex 7019 69 90, ex 7019 72 00, ex 7019 73 00, ex 7019 80 10, ex 7019 80 90, agus ex 7019 90 00, ach arb ó Mharacó a chuirtear chun bealaigh é, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó é nó ná bíodh (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 62 00 81, 7019 63 00 81, 7019 64 00 81, 7019 65 00 81, 7019 66 00 81, 7019 69 10 81, 7019 69 90 81, 7019 72 00 81, 7019 73 00 81, 7019 80 10 81, 7019 80 90 81, agus 7019900081) (‘an táirge faoi imscrúdú’) (4).

(9)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag GFF a onnmhairítear ón tSín agus ón Éigipt chuig an Aontas agus iad sin a chuirtear chun bealaigh ó Mharacó, bíodh siad de thionscnamh Mharacó nó ná bíodh, agus dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

1.4.   Tionscnamh

(10)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh go leor fianaise ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den Bhunrialachán, thionscain sé an t-imscrúdú agus chuir sé allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhuithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, faoi réir a gcláraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/864 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 (5) (‘an Rialachán tionscnaimh’).

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(11)

D’áitigh LM Wind Power, monaróir lann gaoithe atá bunaithe san Aontas, nach raibh bonn cirt le tionscnamh an imscrúdaithe mar gheall ar easpa fianaise leordhóthanaí, agus dá bhrí sin gur cheart an t-imscrúdú a fhoirceannadh láithreach.

(12)

D’áitigh sé nár tharla imchéimniú toisc nár tháinig an cleachtas, an próiseas nó an obair a bhí ar siúl i Maracó faoi aon cheann de na catagóirí sa cheathrú fomhír d’Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Go háirithe, ní féidir an cleachtas, an próiseas nó an obair a cháiliú mar mhodhnú beag, ós rud é gur táirge iartheachtach é an táirge atá faoi imscrúdú agus, dá réir sin, táirge nach ionann é agus a ábhair ionchuir (caisirníní snáithíní gloine den chuid is mó), nó oibríocht cóimeála, go háirithe ós rud é nach n-aicmítear an táirge atá faoi imscrúdú agus caisirníní snáithíní gloine faoi na ceannteidil taraife chéanna.

(13)

Mhaígh sé freisin go raibh cúis chuí agus bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis an gcleachtas, leis an bpróiseas nó leis an obair a bhí ar siúl i Maracó trí PGTEX China monarcha táirgthe a bhunú i Maracó (PGTEX Morocco SARL) de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Maidir leis sin, mhaígh sé go bhfuil éileamh suntasach ar GFF i Maracó mar úsáideoir (6) GFF a bunaíodh i Maracó in 2017 tá thart ar 5 000 tona GFF de dhíth air in aghaidh na bliana. Tá gnáthdhleachtanna custaim suas le 7 % i bhfeidhm ar allmhairí GFF ón tSín, agus níl onnmhairí GFF ó Mharacó chuig an Aontas faoi réir gnáthdhleachtanna custaim de bhun an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eora-Mheánmhara.

(14)

Mhaígh údaráis na hÉigipte go raibh baint éagórach acu leis an imscrúdú reatha toisc nár tharla aon chleachtas imchéimniúcháin a raibh baint ag an Éigipt leis. I ndáil leis sin, mhaígh údaráis na hÉigipte gur glacadh na nósanna imeachta agus na bearta uile is gá san Éigipt chun cosc a chur ar imchéimniú ó rinneadh an t-imscrúdú frithdhumpála bunaidh. D’áitigh siad freisin, cosúil leis na maímh a rinne LM Wind Power, go raibh easpa fianaise ann chun an t-imchéimniú chruthú i bhfoirm oibríochtaí cóimeála i Maracó lenar bhain onnmhairí caisirníní snáithíní gloine ón Éigipt nó trasloingsiú idir Maracó agus an tAontas a raibh baint ag an GFF ón Éigipt leis.

(15)

D’iarr údaráis Mharacó ar an gCoimisiún teacht ar an gconclúid nach ndearna PGTEX Morocco SARL na bearta a d’fhorchuir an tAontas a imchéimniú agus deireadh a chur leis an imscrúdú leanúnach. Bunú PGTEX Maracó SARL i Maracó, dúirt siad gur toradh é ar chomhpháirtíocht bharántúil agus fhadtéarmach, a raibh baint ag an nGrúpa PGTEX (7) agus Maracó leis. Dúirt siad freisin go raibh infheistíochtaí suntasacha agus oibríochtaí fairsinge i gceist le próiseas táirgthe PGTEX Morocco SARL agus gur ranníoc sé le geilleagar Mharacó. Dá thoradh sin, fiú dá bhféadfaí a shuí go bhfuil athrú tagtha ar phatrún na trádála, dhealródh sé sin nach cleachtas imchéimnithe a bheadh i gceist. Ar deireadh, mhaígh údaráis Mharacó gur bhréagnaigh a staidreamh oifigiúil líomhain an iarratasóra gur ndearna PGTEX Morocco SARL na bearta a imchéimniú atá i bhfeidhm trí thrasloingsiú.

(16)

Maidir leis na maímh a bhaineann leis an tionscnamh dá dtagraítear thuas, mheabhraigh an Coimisiún gur tionscnaíodh an t-imscrúdú ar bhonn na fianaise a soláthraíodh san iarraidh maidir le hoibríochtaí cóimeála seachas trasloingsiú nó modhnú beag. Leis an iarraidh cuireadh fianaise leordhóthanach (8) ar fáil go raibh oibríochtaí cóimeála ann, ceann de na cleachtais a luaitear go sonrach in Airteagal 13(1) i Maracó, agus go ndearnadh na hoibríochtaí cóimeála sin trí úsáid a bhaint as caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt (9). Bhí fianaise leordhóthanach ann freisin (10) gur imchéimniú a bhí i gcleachtas den sórt sin de réir Airteagal 13(2). Ní bhaineann aicmiú taraife an táirge atá faoi imscrúdú ná a phríomhábhair ionchuir le hábhar chun a chinneadh an t-imchéimniú atá in oibríocht cóimeála.

(17)

Chuir an iarraidh fianaise leordhóthanach ar fáil freisin maidir leis an easpa cirt eacnamaíoch seachas na dleachtanna, amhail Tuarascáil Bhliantúil 2019 PGTEX China. De réir na tuarascála sin, ba é príomhchuspóir bhunú PGTEX Morocco ‘freagairt go gníomhach d’imscrúdú frithdhumpála an Aontais i gcoinne na Síne, tuilleadh barr feabhais a chur ar a straitéis um idirnáisiúnú agus an straitéis sin a choigeartú, an sciar mhargaidh de tháirgí a chomhdhlúthú agus a mhéadú san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, freastal ar an éileamh ó chustaiméirí, agus an soláthar do chustaiméirí a chosaint’ agus go háirithe gur chinn PGTEX ‘fochuideachta ar lánúinéireacht a thógáil i Maracó chun briseadh trí imscrúduithe frithdhumpála an Aontais, chun teagmháil a dhéanamh le custaiméirí, freastal ar an éileamh margaidh, agus dul in oiriúint don fhorbairt inbhuanaithe’(11).

(18)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh a rinne LM Wind Power agus údaráis Mharacó agus na hÉigipte nach raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh chun go mbeadh údar leis an imscrúdú a thionscnamh.

1.6.   Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse tuairiscithe

(19)

Chumhdaigh an tréimhse imscrúdúcháin an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Roimh 2019, ní raibh méideanna suntasacha GFF á n-onnmhairiú ó Mharacó go dtí an tAontas. Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhnaithe ar an ngréasán trádála tar éis bearta a fhorchur ar an táirge lena mbaineann, agus féachaint an raibh cleachtas, próiseas nó obair ann nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 (‘an tréimhse tuairiscithe’) d’fhonn scrúdú a dhéanamh féachaint ar bhain allmhairí an bonn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart a bhí i bhfeidhm i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí agus an raibh dumpáil ann.

1.7.   Imscrúdú

(20)

Chuir an Coimisiún údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, údaráis na hÉigipte agus údaráis Mharacó ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, chomh maith leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sna tíortha sin, tionscal an Aontais agus Uachtarán Chomhairle Comhlachais AE-Mharacó.

(21)

Sa bhreis air sin, na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus/nó na comhlachais ionadaíocha a bhféadfadh suim a bheith acu páirt a ghlacadh san imscrúdú, seachas PGTEX Morocco SARL, an t-aon táirgeoir den táirge atá faoi imscrúdú de réir na hiarrata, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Mharacó go dtí an tAontas Eorpach ainmneacha agus seoltaí na dtáirgeoirí agus/nó na gcomhlachas sin a sholáthar dó. Chuir údaráis Mharacó freagra isteach, freagra ina liostaítear trí chuideachta eile. Níor tháinig dhá cheann de na cuideachtaí sin chun tosaigh, ach dhearbhaigh an tríú cuideachta nár onnmhairigh sí GFF chuig an Aontas.

(22)

Cuireadh foirmeacha éilimh ar dhíolúine do tháirgeoirí/onnmhaireoirí i Maracó, ceistneoirí le haghaidh táirgeoirí/onnmhaireoirí sa tSín agus san Éigipt, agus ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála.

(23)

Ba é PGTEX Morocco SARL amháin a chuir foirm éilimh ar dhíolúine isteach agus d’iarr sé éisteacht a tionóladh an 21 Meitheamh 2021. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (43), d’iarr Grúpa PGTEX éisteacht agus fuair sé cuireadh freastal ar éisteacht leis an gCoimisiún an 10 Eanáir 2022, agus cuireadh freastal ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in Imeachtaí Trádála an 12 Eanáir 2022.

(24)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a bheith mar thoradh ar neamh-thíolacadh na faisnéise ábhartha uile nó mar thoradh ar fhaisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach a chur isteach agus go bhféadfaí torthaí a bheith bunaithe ar na fíorais atá ar fáil.

(25)

An 20 Nollaig 2021 (lá an nochta), fuair an Coimisiún aighneacht (dar dáta an 16 Nollaig 2021) ó údaráis Mharacó, aighneacht a fuarthas ródhéanach lena cur san áireamh ag céim an nochta. Tar éis an nochta, sheol údaráis Mharacó an dara haighneacht, aighneacht ina ndearnadh achoimre ar aighneacht an 16 Nollaig 2021 uathu. Go bunúsach, d’iarr údaráis Mharacó arís deireadh a chur leis an imscrúdú agus chuir siad na hargóintí seo a leanas chun cinn.

(26)

Sa chéad áit, mhaígh údaráis Mharacó go monaraíonn PGTEX Morocco SARL GFF trí ghníomhaíochtaí nach féidir a cháiliú mar oibríocht chríochnaithe nó cóimeála. Sa dara háit, mhaígh siad go bhfuil na táirgí sin ‘de thionscnamh’ Mharacó de réir bhrí Airteagal 29 (12) de Chomhaontú Comhlachais AE-Maracó (13) agus go bhfuil siad mionsonraithe faoi na rialacha liosta atá in Iarscríbhinn II de Phrótacal 4 a ghabhann le Comhaontú Comhlachais AE-Mharacó. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 9 de Chomhaontú Comhlachais AE-Maracó, déanfar ‘táirgí de thionscnamh Mharacó a allmhairiú isteach sa Chomhphobal saor ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir chomhéifeachta’ agus ní dhéantar foráil ach maidir le heisceachtaí áirithe le Comhaontú Comhlachais AE-Mharacó. Dheimhnigh Riarachán Custaim Mharacó an tionscnamh fabhrach sin freisin agus d’eisigh sé deimhnithe tionscnaimh fhabhraigh (EUR.1) d’onnmhairí GFF PGTEX chuig an Aontas de bhun Airteagal 17 de Phrótacal 4 de Chomhaontú Comhlachais AE-Mharacó.

(27)

An phróiseáil go dtí GFF a dhéantar i Maracó ar chaisirníní snáithíní gloine allmhairithe, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh nach bhféadfaí an phróiseáil sin a cháiliú mar oibríocht chóimeála nó críochnaithe. Ní hamháin go gcumhdaítear le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán oibríochtaí lena gcóimeáiltear codanna nó roinnt codanna chun críochtháirge a dhéanamh, ach cumhdaítear freisin na hoibríochtaí críochnaithe/oibríochtaí tiontaithe lena ndéantar an táirge lena mbaineann ó tháirgí idirmheánacha. Eascraíonn an méid sin ó phointe (b) d’Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, ina leagtar síos an coinníoll ‘....más luach níos mó ná [...] an luach atá curtha leis na páirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe....’ Sa bhreis air sin, an fíoras gur eisigh údaráis chustaim Mharacó deimhnithe EUR.1 do PGTEX Morocco SARL, lenar deimhníodh a dtionscnamh fabhrach faoin gComhaontú Comhlachais, ní bhaineann sé le hábhar, toisc gurb é an bun-Rialachán an bunús dlí is infheidhme leis an imscrúdú frith-imchéimniúcháin seo, go háirithe Airteagal 13 de (14).

(28)

Ina theannta sin, tar éis an nochta, mhaígh údaráis Mharacó, le tacaíocht ó PGTEX Morocco, nár ceadaíodh an t-imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 24 de Chomhaontú Comhlachais AE-Mharacó, toisc nach gceadaítear leis an Airteagal sin bearta frithdhumpála a fhorchur ar tháirgí Mharacó ach amháin má chomhlíontar coinníollacha Airteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil.

(29)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin: Ní chuireann Airteagal 24 de Chomhaontú Comhlachais AE-Mharacó cosc ar aon imscrúdú frith-imchéimniúcháin, agus ós rud é go ndéantar tagairt san Airteagal sin don reachtaíocht inmheánach ghaolmhar freisin. Nuair a dhaingnigh Maracó agus an tAontas an Comhaontú Comhlachais in 2000, bhí forálacha frith-imchéimniúcháin sa bhun-Rialachán ab infheidhme cheana féin.

(30)

Ar deireadh, mhaígh údaráis Mharacó, chomh maith le PGTEX Morocco, nár ceadaíodh imscrúdú frith-imchéimniúcháin an Choimisiúin faoi rialacha EDT, go háirithe de bhun Airteagal VI den CGTT agus de bhun an Chomhaontú maidir le Cur Chun Feidhme Airteagal VI.

(31)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus rinne sé tagairt do mhír 20 de bhrollach an bhun-Rialacháin (15), lena leagtar amach cur chuige an Choimisiúin i ndáil leis sin. Ar an mbonn sin, ar nós a lán ball eile de EDT, tá forálacha i reachtaíocht an Aontais chun dul i ngleic le cleachtais imchéimniúcháin.

2.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

2.1.   Breithnithe ginearálta

(32)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart anailís a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas chun aon imchéimniú féideartha a mheas:

an raibh athrú ar an ngréasán trádála idir Daon-Phoblacht na Síne/an Éigipt/Maracó agus an tAontas,

má eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó as obair nach raibh cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a fhorchur,

má tá fianaise ann go ndearnadh díobháil nó go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm i dtéarmaí phraghsanna agus/nó chainníochtaí an táirge atá faoi imscrúdú, agus

an bhfuil fianaise ann go ndearnadh dumpáil i ndáil leis na gnáthluachanna a socraíodh roimhe sin don táirge lena mbaineann.

(33)

Ós rud é gur tharraing an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil san iarraidh aird ar oibríochtaí cóimeála i Maracó, rinne an Coimisiún anailís níos sonraí ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, go háirithe:

ar cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála, nó ar tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a tionscnaíodh an imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an ón tír atá faoi réir na mbeart na páirteanna ábhartha; agus

an ionann na páirteanna agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge tar éis a chóimeáilte, agus más luach níos mó ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

2.2.   An leibhéal comhair

(34)

Is é PGTEX Morocco SARL amháin a chuir iarraidh ar dhíolúine isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán. Is leis an nGrúpa Síneach PGTEX é PGTEX Morocco SARL agus tá sé lonnaithe sa Chrios Saorthrádála in Tanger, Maracó.

(35)

Ina theannta sin, an dá chuideachta ghaolmhara atá aige sa tSín, Chongqing Polycomp International Corporation (‘CPIC’) agus PGTEX China Co., Ltd (‘PGTEX China’), chuir siadsan freagraí ar an gceistneoir isteach freisin. Is fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid PGTEX China é PGTEX Morocco SARL, atá faoi réir dleacht frithdhumpála 37,6 % a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2020/492 arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776.

Is táirgeoir caisirníní snáithíní gloine é CPIC, ábhair arb iad na príomhábhair ionchuir iad chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh. Dhíol sé na hábhair ionchuir sin lena chuideachta ghaolmhar PGTEX China le linn na tréimhse tuairiscithe, cuideachta a raibh 60 % dá scaireanna aige;

Cheannaigh PGTEX China na caisirníní snáithíní gloine ó CPIC le linn na tréimhse tuairiscithe. Ina dhiaidh sin, d’úsáid sé iad chun GFF a tháirgeadh é féin, nó d’athdhíol sé iad, lena n-áirítear le PGTEX Morocco SARL. Níor tháirg PGTEX China an príomhábhar ionchuir (caisirníní snáithíní gloine) le linn na tréimhse tuairiscithe.

(36)

Na freagraí ar an gceistneoir, lena n-áirítear an freagra ar litir easnaimh, a thug PGTEX Morocco SARL agus an dá chuideachta ghaolmhara atá aige sa tSín (‘Grúpa PGTEX’), measadh na freagraí sin a bheith easnamhach ar na cúiseanna seo a leanas:

Níor chuir PGTEX Morocco SARL an fhaisnéis ba ghá ar fáil sna freagraí a thug sé ar an gceistneoir. Go háirithe, níor sholáthair sé na doiciméid fholuiteacha riachtanacha le haghaidh dhá idirbheart díolacháin. Mar thoradh air sin, ní raibh an Coimisiún in ann an maíomh a fhíorú nár chuir PGTEX Morocco SARL tús leis an táirgeadh ach in Aibreán 2020.

Ina theannta sin, in ainneoin gur iarr an Coimisiún míniú mionsonraithe maidir le huimhreacha sonraisc díolacháin a bhí ar iarraidh, ní bhfuarthas ach míniú ginearálta ar na huimhreacha sonraisc díolacháin sin a bhí ar iarraidh. Luaigh an Coimisiún freisin go raibh difríocht sa láimhdeachas iomlán don tréimhse thuairiscithe mar a tuairiscíodh é sa liostú díolacháin i gcomparáid leis an gceann a tuairiscíodh ina chuntais reachtúla in 2020. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún na méideanna díolacháin onnmhairí a tuairiscíodh don Aontas a dheimhniú. Maidir leis sin, luaigh an Coimisiún freisin go raibh na díolacháin onnmhairí a tuairiscíodh níos airde ná iomlán na n-allmhairí chuig an Aontas ó Mharacó de réir staitisticí allmhairithe EUROSTAT agus gurb é PGTEX Morocco an t-aon táirgeoir atá ar eolas i Maracó a d’onnmhairigh an táirge atá faoi imscrúdú chuig an Aontas.

Cuireadh faisnéis chodarsnach ar fáil freisin maidir le tús iarbhír an táirgthe ag PGTEX Morocco SARL. Bhí an fhaisnéis maidir le tús iarbhír an táirgthe in 2020 ag teastáil chun an sciar de na mórchostais thabhaithe a shainaithint (amhail costas dímheasa agus costas cíosa) a d’fhéadfaí a chur i leith tháirgeadh an táirge lena mbaineann.

Ina theannta sin, níor tugadh aon mhíniú sásúil sa fhreagra ar an litir easnaimh ar na cúiseanna leis an méadú suntasach a tháinig ar an méid táirgeachta i mí Iúil 2020, a bhí thart ar thrí oiread ní b'airde ná an méid táirgeachta sa mhí roimhe sin, Meitheamh 2020, in ainneoin gurb é an leibhéal céanna tomhaltais leictreachais, a bheag nó a mhór, a bhí ann sa dá mhí.

Níor sholáthair PGTEX China faisnéis ón gCóras Cánach Órga mar a iarradh maidir lena cheannacháin ó CPIC agus a dhíolacháin le PGTEX Morocco SARL.

(37)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún Grúpa PGTEX ar an eolas an 5 Deireadh Fómhair 2021 go bhféadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán agus úsáid na bhfíoras atá ar fáil teacht as liosta neamhchuimsitheach na n-eilimintí a bhfuil tuairisc orthu san aithris roimhe seo. D’iarr sé freisin ar Ghrúpa PGTEX a dtuairimí a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(38)

An 12 Deireadh Fómhair 2021, mhaígh Grúpa PGTEX nach raibh údar dlí leis na fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm i dtaca leis an gcás reatha, ar na cúiseanna seo a leanas:

Níor theip ar an nGrúpa an fhaisnéis ‘riachtanach’ a sholáthar, mar a leagtar amach in Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

Níorbh fhéidir neamhaird a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir Grúpa PGTEX isteach.

I aon chás, is gá teorainn a chur le haon fheidhmiú a bhaineann leis ‘na fíoras atá ar fáil’.

(39)

Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid a chuir Grúpa PGTEX isteach lena litir dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2021. Bá é a chonclúid nár cuireadh freagraí sásúla ná doiciméadacht tacaíochta dhiongbháilte ar fáil i dtaca le formhór na ngnéithe a ardaíodh sa litir uaidh an 5 Deireadh Fómhair 2021.

(40)

Dá réir sin, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis a chuir Grúpa PGTEX ar fáil neamhiomlán go páirteach agus go raibh sí frithráiteach agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh an Coimisiún brath go hiomlán uirthi. Mar sin féin, níor tugadh neamhaird iomlán ar na sonraí a chuir Grúpa PGTEX isteach, agus d’úsáid an Coimisiún na sonraí díolacháin agus na sonraí costais a chuir Grúpa PGTEX isteach mar thúsphointe dá anailís.

(41)

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 18(1) agus le hAirteagal 18(5) den bhun-Rialachán, comhlánaíodh an fhaisnéis a sholáthair Grúpa PGTEX le sonraí a baineadh as bunachair sonraí amhail an Global Trade Atlas (‘GTA’) (16), agus Eurostat, mar a shonraítear a thuilleadh i roinn 2.3 thíos. Baineadh sonraí allmhairiúcháin ó Eurostat, agus baineadh úsáid as GTA chun méideanna na n-onnmhairí caisirníní snáithíní gloine ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Éigipt go Maracó a chinneadh.

(42)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla chomh maith le tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag áitribh na n-eintiteas dlíthiúil comhoibríoch. An fhaisnéis a chuir Grúpa PGTEX isteach, amhail freagraí ar cheistneoirí agus freagraí ar litreacha easnaimh, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis sin i gcomhréir le Fógra an 16 Márta 2020 maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (17). Measadh nach raibh gá cros-seiceáil chianda a dhéanamh ar an bhfaisnéis i bhfianaise na saincheisteanna a leagtar amach sna haithrisí roimhe seo.

(43)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Grúpa PGTEX an líomhain go raibh sé follasach nach raibh bunús le cur i bhfeidhm na bhfíoras atá ar fáil agus nach raibh bonn cirt leis i bhfianaise na faisnéise a sholáthair Grúpa PGTEX. Ina theannta sin, d’iarr Grúpa PGTEX éisteacht leis an gCoimisiún an 10 Eanáir 2022, rud a tugadh dó, mar aon le héisteacht ina dhiaidh sin leis an Oifigeach Éisteachta in Imeachtaí Trádála an 12 Eanáir 2022 maidir le húsáid na bhfíoras atá ar fáil faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(44)

Le linn na héisteachta an 12 Eanáir 2022, chuir an Coimisiún mínithe breise ar fáil maidir lena chinneadh nár chuir an fhreagairt ar an litir faoi Airteagal 18 na hábhair imní a bhí ag an gCoimisiún ar ceal. Mar a mhínítear in aithris (40), choimeád an Coimisiún a sheasamh nach bhféadfadh an Coimisiún brath go hiomlán ar an bhfaisnéis a chuir Grúpa PGTEX ar fáil. Ina theannta sin, dúirt an tOifigeach Éisteachta in Imeachtaí Trádála san éisteacht an 12 Eanáir 2022 gur chloígh an Coimisiún le cearta cosanta Ghrúpa PGTEX.

2.3.   Athrú ar an ngréasán trádála

2.3.1.   Allmhairí GFF

(45)

Léirítear i dTábla 1 thíos an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí GFF ón tSín, ón Éigipt agus ó Mharacó idir 2019 agus 2020. Ós rud é nár cruthaíodh na cóid TARIC go dtí an 21 Feabhra 2019, rinne an Coimisiún na sonraí a eachtarshuí don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 20 Feabhra 2019 chun an tréimhse cheannann chéanna (12 mhí) a úsáid i gcás 2019 agus 2020 araon.

Tábla 1

Allmhairí GFF do na blianta 2019 agus 2020 (tonaí)

 

2019

RP

Daon-Phoblacht na Síne

13 720

19 315

innéacs (bonn = 2019)

100

141

 

An Éigipt

146

4 302

innéacs (bonn = 2019)

100

2 946

 

Maracó

277

2 809

innéacs (bonn = 2019)

100

1 014

Foinse: Eurostat, cóid TARIC 7019 39 00 80, 7019 40 00 80, 7019 59 00 80 agus 7019 90 00 80

(46)

Léirítear i dTábla 1 gur tháinig méadú ar allmhairí GFF ó Mharacó ó 277 dtona in 2019 go 2 809 dtona in 2020. An méadú suntasach in 2020 i gcomparáid le 2019, tharla sin ag an am céanna a chuir PGTEX Morocco SARL tús leis an táirgeadh. Cé gur bunaíodh an chuideachta go hoifigiúil an 2 Deireadh Fómhair 2019, mhaígh sí san fhoirm éilimh ar dhíolúine gur thosaigh sí ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin onnmhairí ó Aibreán 2020 ar aghaidh. Maidir leis sin, léirigh na sonraí allmhairiúcháin go raibh meánmhéid na n-allmhairí in aghaidh na míosa don tréimhse Aibreán – Nollaig 2020 thart ar chúig oiread déag ní b’airde ná meánmhéid na n-allmhairí míosúla ó mí Eanáir 2019 go dtí mí Mhárta 2020.

(47)

Luaigh an Coimisiún freisin go raibh na díolacháin onnmhairí a thuairiscigh PGTEX Morocco SARL ní b'airde ná iomlán na n-allmhairí chuig an Aontas ó Mharacó. Ós rud é gurbh é PGTEX Morocco SARL an t-aon chuideachta ó Mharacó a chomhoibrigh leis an gCoimisiún san imscrúdú sin agus na méideanna neamhshuntasacha onnmhairithe GFF ó Mharacó chuig an Aontas sular bunaíodh é, chinn an Coimisiún go raibh sé réasúnta a mheas gurbh é PGTEX Morocco SARL an t-aon táirgeoir i Maracó a d’onnmhairigh GFF chuig an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe (RP).

(48)

Mar a léirítear i dTábla 1 tháinig méadú ar allmhairí GFF ón tSín ó 13 720 tona in 2019 go 19 315 thona in 2020, agus gur tháinig méadú ar allmhairí GFF ón Éigipt ó 146 thona in 2019 go 4 302 thona in 2020. Mar a luaitear in aithris (46), tháinig méadú mór ar mheánmhéid allmhairí in aghaidh na míosa PGTEX Morocco SARL ó Aibreán 2020 ar aghaidh, i gcomparáid leis na tréimhsí roimhe sin.

2.3.2.   Méideanna na n-onnmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín agus ón Éigipt go Maracó

(49)

Léirítear i dTábla 2 thíos an t-athrú ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ag Maracó ón tSín agus ón Éigipt bunaithe ar staitisticí allmhairithe Mharacó ó bhunachar sonraí GTA idir 2019 agus 2020.

Tábla 2

Allmhairí caisirníní snáithíní gloine ag Maracó ón Éigipt agus ón tSín le haghaidh na mblianta 2019 agus 2020 (i dtonaí)

 

2019

RP

Daon-Phoblacht na Síne

7019 12 Caisirníní snáithíní gloine

2 378

7 839

 

An Éigipt

7019 12 Caisirníní snáithíní gloine

1 118

3 120

Foinse: GTA

(50)

Is iad caisirníní snáithíní gloine an príomhábhar ionchuir chun GFF a tháirgeadh. Déantar tuilleadh próiseála ar an ábhar ionchuir sin chun GFF a tháirgeadh. Léirigh an fhianaise atá ar fáil don Choimisiún gur ó chaisirníní snáithíní gloine den chuid is mó a táirgeadh an GFF a onnmhairíodh go dtí an tAontas ó Mharacó.

(51)

Léirítear i dTábla 2 gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín go Maracó ó 2 378 dtona in 2019 go 7 839 dtona in 2020. Tháinig méadú freisin ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón Éigipt go Maracó ó 1 297 dtona in 2019 go 3 687 dtona in 2020. Is ón tSín agus ón Éigipt araon a tháinig thart ar 90 % de líon iomlán na n-allmhairí caisirníní snáithíní gloine go Maracó i gcás 2019 agus 2020 araon.

(52)

Mhaígh PGTEX Morocco SARL gur ón tSín, go háirithe óna mháthairghnóthas PGTEX China, a ceannaíodh na caisirníní snáithíní gloine go léir a d’úsáid sé chun GFF a tháirgeadh (agus nár tháinig aon cheann acu ón Éigipt). Mhaígh sé freisin gur allmhairíodh na caisirníní seo faoi chód HS 7019 12. Léirigh allmhairí faoin gcód seo an méadú is suntasaí ar allmhairí Mharacó ón tSín.

(53)

Léirigh an méadú suntasach a tháinig ar mhéid na n-allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín, agus ón Éigipt, go Maracó, go raibh éileamh méadaitheach ar a leithéid d’ábhair ionchuir i Maracó, rud is féidir a mhíniú, i bpáirt ar a laghad, tríd an méadú ar tháirgeadh agus ar onnmhairí GFF ó Mharacó le linn na tréimhse tuairiscithe. An fhaisnéis a sholáthair PGTEX Morocco SARL, chomhdhearbhaigh sí an méid sin chomh maith.

(54)

Ós rud é gur cheannaigh PGTEX Morocco SARL, arb é an t-aon onnmhaireoir GFF chuig an Aontas é de réir dealraimh, gur cheannaigh sé a chaisirníní snáithín gloine ar fad ón tSín, níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise gur bhain PGTEX Morocco SARL ná aon táirgeoir eile GFF i Maracó úsáid as na caisirníní snáithíní gloine ón Éigipt lena n-onnmhairiú chuig an Aontas. Ina leith sin, tháinig méadú ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín ón ráithe dheireanach de 2019 i leith, agus ba é sin an ráithe inar bunaíodh PGTEX Morocco SARL. An meánmhéid allmhairí caisirníní snáithíní gloine in aghaidh na míosa a tháinig ón tSín le linn na ráithe deireanaí de 2019, b’airde i bhfad iad ná na meánmhéideanna allmhairí in aghaidh na míosa le linn na dtréimhsí roimhe sin. Thairis sin, na meánmhéideanna allmhairí caisirníní snáithíní gloine in aghaidh na míosa le linn 2020 (an bhliain inar thosaigh PGTEX Morocco SARL a tháirgeadh), b’airde i bhfad iad ná na meánmhéideanna allmhairí in aghaidh na míosa le linn na ráithe deireanaí de 2019 chomh maith. D’ainneoin an mhéadaithe ar na hallmhairí caisirníní snáithíní gloine ón Éigipt go Maracó in 2020, ní bhfuair an Coimisiún aon fhianaise gur úsáideadh na hallmhairí sin chun tuilleadh próiseála a dhéanamh i Maracó chun GFF a dhéanamh, lena onnmhairiú ina dhiaidh sin chuig an Aontas. Dá bhrí sin, níor thacaigh an fhianaise a bhí ar fáil don Choimisiún leis an líomhain gur eascair an t-athrú a tháinig ar an ngréasán trádála lena mbaineann an Éigipt as cleachtas arb é a chuspóir bearta frithdhumpála ar GFF ón Éigipt a sheachaint.

(55)

Tar éis an nochta, mhaígh Grúpa PGTEX agus LM Wind Power nach raibh aon athrú ar an ngréasán trádála. D’áitigh Grúpa PGTEX nach chun aimhleasa allmhairí GFF ón tSín a bhí teacht chun cinn allmhairithe GFF ó Mharacó. Os a choinne sin, ní raibh an méadú ar allmhairí GFF ó Mharacó chomh suntasach sin leis an méadú comhthreomhar ar allmhairí GFF ón tSín.

(56)

Mar a mhínítear sna haithrisí (45) – (54) thuas, thug an Coimisiún chun suntais gur tháinig méadú ar onnmhairí GFF ó Mharacó chuig an Aontas, chomh maith le méadú suntasach ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín chuig Maracó in 2020 i gcomparáid le 2019. Is athrú ar an ngréasán trádála é sin.

(57)

Thairis sin, cé gurb amhlaidh a tháinig méadú ar onnmhairí foriomlána GFF ón tSín chuig an Aontas, léirigh na táblaí forléargais a chuir PGTEX China ar fáil faoi chuimsiú an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin sin go raibh líon onnmhairithe chuig an Aontas ó PGTEX China – máthairghnóthas PGTEX Morocco SARL arb é an t-aon soláthraí aige de chaisirníní snáithíní gloine é – níos mó ná dhá oiread ní b’ísle in 2020 i gcomparáid le 2018, agus níos mó ná trí oiread ní b’ísle in 2020 ná in 2019.

(58)

Dá bhrí sin, bhí an Coimisiún in ann athrú ar an ngréasán trádála a dheimhniú agus dhiúltaigh sé do na héilimh.

2.3.3.   Conclúid maidir leis an athrú ar an ngréasán trádála

(59)

De réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, is athrú ar an ngréasán trádála idir Maracó agus an tAontas é an méadú ar onnmhairí GFF ó Mharacó chuig an Aontas, mar aon leis an méadú suntasach ar onnmhairí caisirníní snáithíní gloine ón tSín chuig Maracó in 2020 i gcomparáid le 2019, mar a léirítear i dtábla 2. Ar an taobh eile, níor aimsíodh aon fhianaise maidir leis an imchéimniú líomhnaithe ar bhearta frithdhumpála i ndáil le GFF lena mbaineann an Éigipt.

2.4.   Cineál na gcleachtas imchéimniúcháin nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas forchur na dleachta frithdhumpála

(60)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(1) den Bhunrialachán go n-eascraítear an t-athrú ar an ngréasán trádála as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta. Áirítear coinsíneacht an táirge atá faoi réir na mbeart atá ann cheana trí thríú tíortha, agus cóimeáil páirteanna/oibríochtaí críochnaithe i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Bhunrialachán sa chleachtas, sa phróiseas nó san obair.

(61)

De réir thíolacadh údaráis Mharacó dá dtagraítear in aithris (15), is ar an 20 Márta 2019 a tharla an chéad teagmháil le Grúpa PGTEX chun monarcha a chur ar bun i Maracó, mí amháin tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh (18). Bunaíodh PGTEX Morocco SARL ar an 2 Deireadh Fómhair 2019, thart ar sheacht mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála. Tugann an comhtharlú sin ó thaobh an ama de le fios gurbh iad an t-imscrúdú frithdhumpála agus forchur féideartha dleachtanna frithdhumpála ba chúis le bunú PGTEX Morocco SARL.

(62)

Bunaithe ar an liostú díolacháin arna chur isteach ag PGTEX Morocco SARL, i rith 2020, is chuig margadh an Aontais a chuaigh gach díolachán onnmhairiúcháin de chuid PGTEX Morocco SARL, ach níor díoladh ach codán beag dá tháirgeadh in 2020 ar bhonn intíre. Thairis sin, is le custaiméirí san Aontas a díoladh a dhíolacháin onnmhairiúcháin go léir le linn 2020, custaiméirí dá mbíodh PGTEX China ag soláthar san am atá thart. Tugadh le fios arís gurbh iad an t-imscrúdú frithdhumpála agus forchur féideartha dleachtanna frithdhumpála ina dhiaidh sin ba chúis le bunú PGTEX SARL Maracó. Dearbhaíodh sin go sainráite i dtuarascáil bhliantúil 2019 PGTEX China (féach aithris (17)).

(63)

Tar éis an nochta, mhaígh Grúpa PGTEX go raibh cúis chuí agus bonn cirt eacnamaíoch le bunú PGTEX Morocco. Mhaígh sé gur tharla bunú na monarchan i Maracó mar thoradh ar phróiseas fada, lena n-áirítear staidéir indéantachta, iarratais a dhéanamh ar na ceadanna is gá a fháil ó rialtas na Síne agus rialtas Mharacó, agus na ceadanna sin a fháil.

(64)

Thug an Coimisiún dá aire gur léirigh an doiciméadacht, arna cur isteach ag Grúpa PGTEX an 15 Deireadh Fómhair 2021, go raibh measúnú á dhéanamh ag Grúpa PGTEX ar feadh i bhfad roimh thionscnamh an imscrúdaithe maidir le cé acu tír ina mbunófaí an chuideachta. Rinneadh machnamh ar thíortha éagsúla ina bhféadfaí an chuideachta a bhunú, tíortha lena n-áirítear Maracó. Mar sin féin, is amhlaidh gur bunaíodh PGTEX Morocco SARL ar deireadh an 2 Deireadh Fómhair 2019, tuairim is 7 mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála bhunaidh. Tugadh le fios leis an gcomhtharlú sin ó thaobh ama de go raibh an t-imscrúdú frithdhumpála ina chúis le bunú PGTEX Morocco SARL. Comhdhearbhaíodh é sin le ráiteas ó údaráis Mharacó inar sainíodh gur siar go dtí an 20 Márta 2019 a théann an teagmháil a bhí acu le PGTEX maidir le monarcha a bhunú, díreach tar éis thionscnamh an imscrúdaithe bhunaidh, mar sin de (19). Léirigh sé sin go raibh teagmháil fhoirmiúil ann ó Mhárta 2019 le húdaráis Mharacó chun cuideachta a bhunú i Maracó, díreach tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála tosaigh.

(65)

Tar éis an nochta, d’áitigh LM Wind Power gur bhunaigh PGTEX a mhonarcha i Maracó chun freastal ar mhargaí Mharacó agus an Mheánoirthir, agus go raibh bonn cirt eacnamaíoch lena bunú seachas chun dleachtanna a sheachaint, dá bharr.

(66)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Thagair an Coimisiún d’fhianaise a léiríonn nach raibh bonn cirt eacnamaíoch leis seachas na dleachtanna (féach sa chomhthéacs sin Tuarascáil Bhliantúil 2019 PGTEX China, dá dtagraítear in aithris (17)). Ina theannta sin, níor thacaigh an fhianaise le hargóint LM Wind Power gur bunaíodh PGTEX Morocco SARL chun freastal ar mhargaí Mharacó agus an Mheánoirthir. Ina leith sin, mar a mhínítear in aithris (62), is leis an Aontas a rinneadh gach díolachán onnmhairiúcháin PGTEX Morocco SARL agus níor díoladh ach codán beag dá tháirgeadh ar bhonn intíre i Maracó.

(67)

I bhfianaise an mhéid thuas, níor léiríodh san imscrúdú cúis chuí leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch le bunú láithreáin táirgthe GFF i Maracó, seachas chun íoc na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a sheachaint.

2.5.   Oibríochtaí a thosú nó a mhéadú go mór

(68)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán an oibríocht chóimeála a bheith tosaithe nó méadú substaintiúil a bheith tagtha uirthi ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe, agus is ón tír atá faoi réir na mbeart frithdhumpála na páirteanna ábhartha.

(69)

Cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála bunaidh i mí Fheabhra 2019 agus forchuireadh dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála i mí Aibreáin 2020 (féach aithris (1)). Bunaíodh PGTEX Morocco SARL go hoifigiúil an 2 Deireadh Fómhair 2019 agus thosaigh sé ag táirgeadh ó Aibreán 2020 de réir a fhoirme éilimh ar dhíolúine. Tá sé sin i gcomhthráth leis an athrú ar an ngréasán trádála a ndéantar cur síos air i roinn 2.3.

(70)

Chuir PGTEX Morocco SARL liostú díolacháin isteach, rud a léirigh gur chuig an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe a chuaigh a chuid díolachán onnmhairithe uile GFF a tháirg an chuideachta féin. Thairis sin, ceannaíodh 100 % dá phríomhábhar ionchuir (caisirníní snáithíní gloine den chuid is mó) óna mháthairghnóthas gaolmhar sa tSín. Níor cheannaigh sé aon chaisirníní snáithíní gloine ón Éigipt nó ó aon áit eile.

(71)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tosaíodh an oibríocht chóimeála tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(a) den bhun-Rialachán, agus gur as an tSín don chuid is mó de na páirteanna lena mbaineann, tír atá ar cheann amháin den dá thír atá faoi réir na mbeart frithdhumpála bunaidh.

2.6.   Luach páirteanna agus breisluach

(72)

Sonraítear in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála, coinníoll eile maidir le himchéimniú a shuí is é sin an choinníoll go gcuimsíonn na páirteanna (de thionscnamh na Síne, sa chás seo) 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte agus gur lú breisluach na bpáirteanna sin a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó cur i gcrích, ná 25 % den chostas monaraíochta.

(73)

Caisirníní snáithíní gloine is ea an príomh-amhábhar chun GFF a tháirgeadh. Is óna mháthairghnóthas gaolmhar sa tSín a cheannaigh PGTEX Morocco SARL 100 % de na caisirníní snáithíní gloine a d’úsáid sé. Tríd an bpróiseas fuála-cniotála a rinneadh, ar oibríocht chríochnaithe é i Maracó, rinneadh GFF de na caisirníní snáithíní gloine sin. De réir na faisnéise a chuir PGTEX Morocco SARL isteach, is iad na caisirníní snáithíní gloine sin beagnach 100 % de luach iomlán na bpáirteanna sin den táirge cóimeáilte/lánchríochnaithe de réir bhrí Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

(74)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur oibríocht chríochnaithe (oibríocht chóimeála) é an próiseas atá ar siúl i Maracó agus gur comhlíonadh an critéar 60 % a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

(75)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Grúpa PGTEX agus LM Wind Power a maíomh nach ionann GFF a mhonarú as na caisirníní snáithíní gloine ar príomh-amhábhar allmhairithe iad agus ‘páirteanna á gcóimeáil ag oibríocht chóimeála’ de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Sa chomhthéacs sin, mhaígh siad, ar an gcéad dul síos, nach ‘páirteanna’ de GFF iad caisirníní snáithíní gloine ach gur ‘earraí iad atá faoi réir próisis i dtáirgeadh earra eile’ agus, ar an dara dul síos, nach ndéantar caisirníní snáithíní gloine a ‘chóimeáil’ ina GFF, ach go ndéantar iad a phróiseáil ina GFF trí chineálacha éagsúla de chaisirníní snáithíní gloine a fhí agus a fhuáil le chéile, chomh maith le hábhair eile, trí innealra casta a úsáid.

(76)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. An cleachtas a ndéantar cur síos air in aithris (73) thuas, is féidir sin a mheas mar oibríocht chríochnaithe a thagann faoi choincheap na n-oibríochtaí cóimeála faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán, mar a mhínítear in aithris (27) thuas.

(77)

Mhaígh PGTEX Morocco SARL go mbeadh a chostas breisluacha os cionn na tairsí 25 %. Ba iad an dá phríomh-mhír chostais i ríomh an bhreisluacha an costas dímheasa agus an costas cíosa, nithe a bhí mar chuid de shonraí airgeadais na tréimhse tuairiscithe a chuir PGTEX Morocco SARL isteach ina fhoirm éilimh ar dhíolúine.

(78)

Maidir leis an gcostas dímheasa, mhaígh PGTEX Morocco SARL go raibh níos lú ná deich meaisín GFF (20) suiteáilte ina áitreabh, agus go raibh gach ceann de na meaisíní GFF sin ar siúl 300 lá den 360 lá le linn 2020. Ríomh sé méid an dímheasa le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ar bhonn na dtrí ghné seo a leanas:

Luach na héadála;

9,5 % mar chéatadán dímheasa chun an saolré úsáideach measta a chur san áireamh (21);

an 300 lá reatha thuasluaite as measc 360 lá san iomlán.

(79)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an mbealach sin chun an costas dímheasa a ríomh faoi chuimsiú an ríofa breisluacha de réir bhrí Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. Go háirithe, cé go mbeadh sé inghlactha 300 lá a úsáid mar eilimint chun an méid dímheasa a ríomh de réir na gcaighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta, ba é an toradh a bhí air sin áibhéil a dhéanamh faoin méid dímheasa ríofa faoi chuimsiú an ríofa breisluacha ag PGTEX Morocco SARL ar chúiseanna éagsúla. Ar dtús, mar a chuir PGTEX Morocco SARL ina fhoirm éilimh ar dhíolúine, b’íseal úsáid acmhainneachta (táirgeacht iarbhír i kg roinnte ar an acmhainneacht táirgeachta iarbhír i kg) na meaisíní GFF (22) sa bhliain 2020. Mar gheall ar úsáid íseal na hacmhainneachta táirgeachta, suíodh dá bhrí sin go ndearnadh áibhéil faoin costas dímheasa a tuairiscíodh. Ar an dara dul síos, níor cuireadh ceithre cinn de na meaisíní GFF chun bealaigh ó Shanghai go Tanger go dtí mí na Samhna 2019 agus ní fhéadfaidís a bheith ar siúl le linn 300 lá in 2020 i bhfianaise an ama loingsithe idir Shanghai agus Tanger, chomh maith leis an tréimhse is gá le haghaidh díluchtú, suiteála agus tástála i gcás gach ceann de na ceithre mheaisín GFF sin. Ar an tríú dul síos, mhaígh PGTEX Morocco SARL ina fhoirm éilimh ar dhíolúine nár cuireadh tús leis an táirgeadh go dtí mí Aibreáin 2020. Dá mba rud é go mbeadh sé sin fíor, ní fhéadfaí ach 270 lá ar a mhéad (ó mhí Aibreáin 2020 go dtí mí na Nollaig 2020) a bheith san am iomlán reatha do gach ceann de na meaisíní GFF suiteáilte, gan aon am neamhoibríochtúil a chur san áireamh a tharlaíonn de bharr stopadh, mar thoradh ar an gcothabháil riachtanach, ar laethanta saora, agus ar laethanta saoire. Mar thoradh air sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur cheart go mbeadh an costas dímheasa atá le cur san áireamh chun an costas breisluacha a ríomh i bhfad ní b’ísle ná an costas dímheasa mar a ríomhadh é ag PGTEX Morocco SARL.

(80)

Tar éis an nochta, d’áitigh Grúpa PGTEX go ndearna an Coimisiún earráidí follasacha ó thaobh measúnú de agus gur shárú ar Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán mar a ghníomhaigh sé agus ríomhanna á ndéanamh aige maidir leis an mbreisluach. Sa chomhthéacs sin, dar le Grúpa PGTEX, ba cheart an dímheas iomlán a mheas, toisc gur tabhaíodh na costais sin iarbhír in 2020 chun GFF a tháirgeadh.

(81)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ar na cúiseanna seo a leanas:

Cé gur costas seasta atá sa dímheas i bprionsabal (23), toisc go mbíonn an méid céanna i gceist leis in aghaidh na tréimhse i rith saolré úsáideach sócmhainne, ní fhéadfadh an Coimisiún glacadh leis an costas dímheasa taifeadta go hiomlán faoi chuimsiú an ríofa breisluacha. Is í an chúis atá leis sin, úsáid íseal na hacmhainneachta táirgeachta, mar a léiríonn na sonraí arna gcur isteach ag Grúpa PGTEX;

Thairis sin, ní fhéadfadh an Coimisiún an costas iomlán dímheasa a úsáid mar gheall ar an eolas neamhiomlán agus bréagnaitheach a fuair sé. I ndáil leis seo, luaigh PGTEX Morocco SARL mar shampla ar an taobh amháin go bhfuarthas na meaisíní go léir go luath in 2020. Ar an taobh eile, dúirt PGTEX Morocco SARL ina fhreagra ceistneora comhlánaithe nár chuir sé tús leis an táirgeadh go dtí mí Aibreáin 2020. Dúirt PGTEX Morocco SARL freisin go raibh na meaisíní ag feidhmiú i rith 300 lá.

D’úsáid PGTEX SARL Morocco na 300 lá sin (i.e. 299 lá slánaithe suas go dtí 300 lá) chun a ríomh dímheasa a ríomh, agus thug sé le fios go raibh na meaisíní GFF go léir a shuiteáil sé ag feidhmiú agus ag rith go hiomlán i rith na bliana 2020. Mar sin féin, dealraíonn sé nárbh amhlaidh an cás, toisc nach raibh roinnt meaisíní tagtha chun na monarchan go fóill faoin 1 Eanáir 2020 (féach aithris (79) thuas).

Mar gheall ar na ráitis a luaitear thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an ráta úsáide acmhainneachta a úsáid don bhliain iomlán 2020, mar a thuairiscigh PGTEX Morocco agus nach raibh aon ábhar díospóide ina choinne. I gcás an Choimisiúin, measadh gur tomhas oibiachtúil agus soiléir é an ráta úsáide acmhainneachta sin chun costas dímheasa iomchuí a chinneadh faoi chuimsiú a ríofa breisluacha.

(82)

Tar éis an nochta, mhol Grúpa PGTEX, má tá an Coimisiún in ann fós coigeartú a dhéanamh ar an gcostas dímheasa ar bhonn na húsáide acmhainneachta (mar a chuir Grúpa PGTEX in iúl in Iarscríbhinn 7.2 dá litir an 12 Deireadh Fómhair 2021), ba cheart dó úsáid bhaint as aon cheann de na trí mhodheolaíocht mhalartacha a mhol sé ina bharúlacha tar éis an nochta:

Coigeartú a dhéanamh ar an acmhainneacht chun na míonna sin nach raibh na meaisíní GFF ábhartha ag feidhmiú lena linn a léiriú;

Sonraí costais amháin a úsáid i mí na Nollag 2020, i.e. an mhí le linn na tréimhse imscrúdúcháin ina raibh formhór na meaisíní GFF ag feidhmiú, ach amháin i gcás mheaisín uimhir 7;

Úsáid a bhaint as na sonraí costais ó mhí Iúil go mí na Nollag 2020, ós rud é go raibh deimhniúchán na gcustaiméirí móra déanta nach mór tar éis mhí an Mheithimh 2020, agus dá bhrí sin bhíothas in ann an táirgeadh a mhéadú.

(83)

Dhiúltaigh an Coimisiún d’úsáid aon cheann de na trí rogha a mhol Grúpa PGTEX i bhfianaise roinnt neamhréireachtaí a d’aimsigh an Coimisiún in Iarscríbhinn 7.2 a ghabhann le litir an 12 Deireadh Fómhair 2021, maidir leis na roghanna malartacha atá beartaithe:

Níor luaigh PGTEX Morocco SARL mí an Mhárta 2020 mar mhí tháirgthe in Iarscríbhinn 7.2. a ghabhann le litir an 12 Deireadh Fómhair 2021. Dúirt PGTEX Morocco SARL den chéad uair (24) an 12 Deireadh Fómhair 2021 go raibh táirgeadh ann i mí an Mhárta 2020, ach ní raibh an táirgeadh sin i mí an Mhárta 2020 curtha in áirithe ina shonraí táirgthe ach le haghaidh mhí Aibreáin 2020. Ciallaíonn sé sin nach bhféadfadh an Coimisiún earráidí agus/nó moilleanna eile a chur san áireamh maidir leis an táirgeadh míosúil a chur in áirithe. Dá bhrí sin, an modh a mholann Grúpa PGTEX maidir leis na meaisíní GFF a bhí feidhmiúil agus na cinn nach raibh feidhmiúil a leithdháileadh ar bhonn míosúil, níorbh fhéidir sin a úsáid mar bhonn;

Níorbh fhéidir glacadh leis na sonraí costais ó mhí na Nollag 2020 amháin toisc nach raibh an ráta úsáide acmhainneachta do mhí na Nollag 2020 ionadaíoch don ráta úsáide acmhainneachta don bhliain iomlán 2020;

Níorbh fhéidir glacadh leis na sonraí costais don tréimhse mí Iúil – mí na Nollag 2020 ar an gcúis chéanna, mar a luadh faoin dara rogha mhalartach a bhí molta. Ní raibh an ráta úsáide acmhainneachta don tréimhse mí Iúil – mí na Nollag 2020 ionadaíoch don ráta úsáide acmhainneachta don bhliain iomlán 2020.

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gurbh é an ráta úsáide acmhainneachta thar 2020 ina iomláine an táscaire is oiriúnaí chun an ráta dímheasa a cuireadh in áirithe go hiomlán a laghdú ar bhealach réasúnach faoi chuimsiú an ríofa breisluacha.

(84)

Tar éis an nochta, mhaígh an t-iarratasóir gur cheart costas dímheasa na meaisíní GFF a eisiamh go hiomlán ó na ríomhanna breisluacha, toisc nach ó sholáthróir neamhspleách a fuarthas na meaisíní sin , ach ón máthairghnóthas.

(85)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Glactar le costais dímheasa de ghnáth faoi phrionsabail chuntasaíochta áitiúla agus idirnáisiúnta. Go háirithe, leagtar amach sa phrionsabal cuntasaíochta ‘comhoiriúnú’ gur cheart costais a thaifeadadh sa tréimhse chéanna ina dtuilltear ioncam uathu. Ciallaíonn sé sin gur féidir an GFF a rinneadh a dhíol agus ioncam a thuilleamh trí na meaisíní GFF sin a úsáid. Codanna de shócmhainní seasta (na meaisíní GFF) ansin iad na dímheasa atá curtha san áireamh sa tréimhse reatha, agus dá bhrí sin curtha leis na costais, beag beann ar cé uaidh ar ceannaíodh na meaisíní. Is é is aidhm don chostas sin suim ghlanluacha na sócmhainní seasta a laghdú de réir a chéile de réir mar a ídítear a luach le himeacht ama.

(86)

Tar éis an nochta, mhaígh an t-iarratasóir freisin, a mhéid nach mbainfeadh an Coimisiún dímheas iomlán na meaisíní GFF a d’aistrigh PGTEX óna chuideachta ghaolmhar sa tSín de na ríomhanna breisluacha, nach mór go léireodh cinneadh an mhéid dímheasa fíor-shaolré úsáideach na meaisíní agus an trealaimh ghaolmhair. Thagair an t-iarratasóir don fhíoras nach rud neamhghnách é go rithfeadh meaisíní den sórt sin ar feadh os cionn 20 bliana.

(87)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc gur thagair an t-iarratasóir féin do shaolré úsáideach na meaisíní GFF ina iarraidh, saolré arb ionann é agus thart ar 10 bliana. Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil maidir lena ráitis nach rud neamhghnách é go ritheann meaisíní GFF ar feadh tréimhse os cionn 20 bliana.

(88)

Maidir leis an gcostas cíosa, níor chuir PGTEX Morocco a chonarthaí cíosa ar fáil ina fhreagra san fhoirm éilimh ar dhíolúine, d’ainneoin na gcostas tábhachtach cíosa a thabhaigh sé in 2020 (25). Ina fhoirm éilimh ar dhíolúine, chuir sé in iúl don Choimisiún gur shuiteáil sé a mheaisíní GFF uile in aon láithreán amháin (monarcha – céim 1). Shonraigh sé ar dtús nach raibh ach an mhonarcha sin amháin ar cíos aige toisc gur luaigh sé ‘nach bhfuil ach aon láithreán táirgthe amháin aige’, d’ainneoin na ceiste san fhoirm éilimh ar dhíolúine inar iarradh air seoltaí a láithreáin táirgthe go léir a chur ar fáil. Ina dhiaidh sin, chuir PGTEX Morocco SARL, áfach, dhá chonradh cíosa ar fáil mar fhreagra ar an litir easnaimh ón gCoimisiún, rud a léirigh go bhfuair PGTEX Morocco SARL dhá áitreabh ar leith ar cíos ó dhá úinéir maoine éagsúla le linn na tréimhse tuairiscithe. Ós rud é gur mhaígh PGTEX Morocco SARL ina fhoirm éilimh ar dhíolúine nach raibh na meaisíní GFF, a bhí i bhfeidhm i rith 2020, suiteáilte ach i gceann amháin den dá mhonarchana sin ar cíos, ba cheart na suimeanna cíosa a tabhaíodh in 2020 don dara monarcha (monarcha – céim 2) a eisiamh ón gcostas cíosa agus ón gcostas breisluacha. Ina theannta sin, mar gheall ar an úsáid íseal acmhainneachta, ní fhéadfadh an Coimisiún, ina costas breisluach ríofa, glacadh leis an gcostas cíosa iomlán don mhonarcha – céim 1 toisc nár úsáideadh go hiomlán í de bhrí nach raibh na huirlisí GFF á dtáirgeadh sa chéad ráithe de 2020 agus nach raibh siad ag rith ar a n-acmhainneacht iomlán le linn na ráithe eile de 2020. Níor ghlac an Coimisiún leis an gcostas cíosa iomlán mar a tuairiscíodh mar gheall ar na cúiseanna thuas.

(89)

Tar éis an nochta, d’áitigh Grúpa PGTEX go ndearna an Coimisiún earráidí follasacha ó thaobh measúnú de agus gur shárú ar Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán mar a ghníomhaigh sé toisc nár chuir sé an costas cíosa iomlán san áireamh.

(90)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin, ar bhonn na ráiteas seo a leanas a rinne Grúpa PGTEX le linn an imscrúdaithe. Ar an gcéad dul síos, ina fhreagra ar an litir easnaimh (26), níor thagair Grúpa PGTEX ach do mhonarcha – céim 1 le haghaidh a tháirgthe, a stórála amhábhar agus táirgí críochnaithe, agus an limistéir riaracháin. Ar an dara dul síos, ina fhreagra ar an litir easnaimh (27), shonraigh PGTEX go raibh a chuid meaisíní GFF, a bhí ag rith in 2020, go léir lonnaithe i monarcha – céim 1. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Coimisiún nach raibh aon cheann de na meaisíní sin, a bhí ag feidhmiú in 2020, lonnaithe i monarcha – céim 2. Chomhthacaigh ráitis eile ó Ghrúpa PGTEX leis sin freisin ina fhreagra ar an litir easnaimh (28).

(91)

Tríd an gcostas dímheasa tuairiscithe agus an costas cíosa tuairiscithe a choigeartú, agus na saincheisteanna a míníodh thuas á gcur san áireamh, suíodh gur lú an meán-bhreisluach a bunaíodh ar an gcaoi sin le linn na tréimhse tuairiscithe ná an tairseach 25 % a socraíodh le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. Suíodh go ndearnadh áibhéil faoi mhíreanna costais eile a freisin, ach níor cheart iad a choigeartú toisc gur lú an breisluach a bheadh ann i ngeall ar na coigeartuithe sin. Dá bhrí sin, ba é Conclúid an Choimisiún gur lú an breisluach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, ná 25 % den chostas monaraíochta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán chun gur imchéimniú a bheadh sna hoibríochtaí sin.

(92)

Dá bhrí sin, measadh sa deireadh gur comhlíonadh an dara critéar freisin a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

2.7.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála

(93)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú, i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna araon, an bonn ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(94)

Tháinig méadú suntasach ar líon GFF ó Mharacó mar a mhínítear in aithris (46) thuas. Ba dheich n-oiread ní b’airde iad allmhairí ó Mharacó in 2020, ó 277 tona in 2019 go 2 809 dtona in 2020. An tráth céanna, mheas an t-iarratasóir go raibh tomhaltas an Aontais don bhliain 2020 idir 135 000 agus 140 000 tona. Bhí sciar den mhargadh os cionn 2 % ag na hallmhairí ó Mharacó in 2020.

(95)

Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a suíodh san imscrúdú frithdhumpála bunaidh agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL a cinneadh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag PGTEX Morocco SARL, arna gcoigeartú mar is cuí chun costais iar-imréitigh a chur san áireamh. Léirigh an chomparáid praghsanna sin gur díoladh na hallmhairí ó PGTEX Morocco SARL ar phraghas a bhí breis agus 10 % ní b’ísle na praghsanna an Aontais.

(96)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur baineadh an bonn de na bearta atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de mar gheall ar na hallmhairí ó Mharacó a bhí faoi réir an imscrúdaithe sin.

(97)

Tar éis an nochta, mhaígh Grúpa PGTEX nach raibh sa ríomh a rinne an Coimisiún ar an bpraghas neamhdhíobhálach ach an staid mar a bhí in 2018. Mar sin féin, níor chuir sé aon fhianaise ar fáil nach raibh an praghas neamhdhíobhálach a d’úsáid an Coimisiún cruinn agus/nó gur tháinig laghdú air ó 2018. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

2.8.   Fianaise ar dhumpáil

(98)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin féachaint an raibh fianaise ar dhumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin le haghaidh an táirge chomhchosúil.

(99)

Chuige sin, rinneadh comparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin PGTEX Morocco SARL ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha, agus na gnáthluachanna a suíodh le linn an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh.

(100)

Léirigh an chomparáid idir gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin gur allmhairigh PGTEX Morocco SARL GFF ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse tuairiscithe.

(101)

Tar éis an nochta, mhaígh Grúpa PGTEX nach raibh ríomhanna an Choimisiúin ar an ngnáthluach sách soiléir le barúil a thabhairt orthu agus go raibh siad bunaithe ar ghnáthluach ríofa a léiríonn na costais a bhí i réim in 2018, costais nach mbaineann le costas Mharacó in 2020. Mar sin féin, níor chuir sé aon fhianaise ar fáil lena léiriú nach raibh an gnáthluach ríofa a d’úsáid an Coimisiún cruinn.

(102)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Ríomhadh an dumpáil trí úsáid a bhaint as na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán. Bhí na gnáthluachanna sin faoi rún toisc go raibh siad bunaithe ar ghnáthluachanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha san imscrúdú bunaidh agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí ach an gnáthluach ualaithe a nochtadh do Ghrúpa PGTEX.

3.   BEARTA

(103)

Ar bhonn na dtorthaí thuas, mheas an Coimisiún ar deireadh go raibh imchéimniú á dhéanamh ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí GFF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i gcás allmhairí den táirge faoi imscrúdú arna gcur chun bealaigh ó Mharacó ag PGTEX Morocco SARL. Ós rud é go raibh díolacháin onnmhairiúcháin thuairiscithe PGTEX Morocco SARL ní b’airde ná iomlán na n-allmhairí chuig an Aontas ó Mharacó, agus nár tháinig aon chuideachta eile i Maracó chun tosaigh chun díolúine a iarraidh, mheas an Coimisiún gur thug PGTEX cuntas ar gach onnmhaire GFF ó Mharacó chuig an Aontas. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur cheart na torthaí faoi chleachtais imchéimniúcháin a fuarthas i ndáil le PGTEX Morocco SARL a leathnú chun an tír ar fad a chumhdach.

(104)

Níor thángthas ar aon fhianaise maidir le himchéimniú na mbeart i gcás GFF a bhaineann leis an Éigipt. Mar a luadh cheana, cheannaigh PGTEX Morocco SARL uile a chaisirníní snáithíní gloine ón tSín agus níor cheannaigh sé aon cheann san Éigipt. Dá bhrí sin, foirceannfar an t-imscrúdú a mhéid a bhaineann le himchéimniú i gcás GFF de thionscnamh na hÉigipte.

(105)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí GFF de thionscnamh na Síne a leathnú chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chumhdach.

(106)

De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den Bhunrialachán, ba cheart gurb é an beart a bhunaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an beart atá le leathnú i gcás ‘gach cuideachta eile’, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach 69 % é is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc.

(107)

De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart leathnaithe maidir le hallmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna bhforchur ag an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin den táirge atá faoi imscrúdú.

4.   IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ

(108)

Ba é PGTEX Morocco SARL an t-aon chuideachta Mharacach amháin a d’iarr díolúine ó na bearta leathnaithe féideartha i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán.

(109)

Mar atá tuairiscithe thuas, fuarthas go raibh baint ag PGTEX Morocco SARL le cleachtais imchéimniúcháin. Dá bhrí sin, ní féidir díolúine a dheonú don chuideachta sin de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán.

5.   NOCHTADH

(110)

An 20 Nollaig 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt.

(111)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, déantar leis seo an dleacht sin a leathnú chun allmhairí fabraicí caisirníní snáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite agus/nó snáthanna a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil a chumhdach, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh ag a bhfuil cealla oscailte nach faide ná 1,8 mm ná nach leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, agus atá faoi láthair faoi na cóid AC ex 7019 61 00, ex 7019 62 00, ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00, ex 7019 69 10, ex 7019 69 90, ex 7019 72 00, ex 7019 73 00, ex 7019 80 10, ex 7019 80 90, agus ex 7019 90 00, arna gcur chun bealaigh ó Mharacó bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (na cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 62 00 81, 7019 63 00 81, 7019 64 00 81, 7019 65 00 81, 7019 66 00 81, 7019 69 10 81, 7019 69 90 81, 7019 72 00 81, 7019 73 00 81, 7019 80 10 81, 7019 80 90 81, agus 7019900081).

2.   Is í an dleacht bhreisithe an dleacht frithdhumpála 69 % is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

3.   Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/864 agus Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.

4.   Mura mbeidh a mhalairt sonraithe, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Foirceanntar an t-imscrúdú a tionscnaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/864 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 maidir le himchéimniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, a mbeadh na hallmhairithe sin faoi réir a gcláraithe dá bharr.

Airteagal 3

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor den chlárú allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/864 a aisghairtear leis seo.

Airteagal 4

Diúltaítear an iarraidh ar dhíolúine a chuir PGTEX Morocco SARL isteach.

Airteagal 5

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Oifig Stiúrthóireacht G:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún a údarú, trí chinneadh, go ndíolmhófar allmhairí ó chuideachtaí nach n-imchéimníonn ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, lch. 1).

(4)  Beidh feidhm ag na cóid AC agus TARIC dá dtagraítear thuas ón 1 Eanáir 2022 agus tá siad bunaithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/864 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte i gcás allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe arna chur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 190, 31.5.2021, lch. 82).

(6)  Is tagairt é seo don chuideachta Siemens Gamesa Renewable Energy i Maracó, a bunaíodh in 2017.

(7)  Féach aithrisí (34) agus (35) le haghaidh tuairisc ar an nGrúpa PGTEX.

(8)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointí 40 go 42, leathanach 10.

(9)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointe 29, leathanach 8 agus pointe 41, leathanach 9.

(10)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointí 41 agus 42, leathanach 10, arna chomhlánú le Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an iarraidh.

(11)  Féach an iarraidh, leagan oscailte, pointí 26 agus 27, leathanaigh 7 agus 8.

(12)  De bhun Airteagal 29 de Chomhaontú Comhlachais AE-Mharacó, ‘leagtar síos i bPrótacal 4 an coincheap ‘táirgí tionscnaimh’ chun críocha chur chun feidhme an teidil sin agus na modhanna comhair riaracháin a bhaineann leis’. I ndáil leis sin, tháinig GFF faoi cheannteideal 7019 d’ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe agus dá bhrí sin bronnadh tionscnamh fabhrach air faoi na rialacha liosta atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Phrótacal 4 de Chomhaontú Comhlachais AE-Mharacó.

(13)  An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 70, 18.3.2000, lch. 2).

(14)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019, Cás C-707/17P, An Coimisiún Eorpach v Kolachi Raj Industrial (Private) Ltd, ECLI:EU:C:2019:717.

(15)  Le haithris 20 den bhun-Rialachán, déantar an cur chuige sin a chódú mar a leanas: ‘Níl aon fhorálacha i gComhaontú Frithdhumpála 1994 maidir le teacht timpeall ar bhearta frithdhumpála, cé gur aithin Cinneadh Aireachta CGTT ar leithligh teacht timpeall mar fhadhb agus gur cuireadh faoi bhráid Choiste Frithdhumpála CGTT é leis an gceist a réiteach. I bhfianaise an chaoi ar theip ar na hidirbheartaíochtaí iltaobhacha go dtí seo agus ar feitheamh ar thoradh an tarchuir chuig Coiste Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”), is gá go mbeidh forálacha i reachtaíocht an Aontais chun déileáil le cleachtais, lena n-áirítear gan ach earraí a chóimeáil san Aontas nó i dtríú tír, arbh é an phríomhaidhm atá acu teacht timpeall ar bhearta frithdhumpála.’

(16)  https://www.gtis.com/gta/.

(17)  IO C 86/6, 16.3.2020

(18)  IO C 68, 21.2.2019, lch. 29.

(19)  Commentaires du Ministère de l'Industrie, du Commerce et de l'Economie Verte et Numérique du Royaume du Maroc relatifs à l’ouverture des enquêtes anti-contournement concernant les importations de certains tissus en fibres de verre, 14.07.2021, lch 2 : « …le Ministère souligne que le contact entre PGTEX et les autorités marocaines pour l’implantation d’une usine de PGTEX au Maroc remonte au 20 mars 2019, soit juste après l’initiation de l’enquête antidumping initiale de l’UE…» .

(20)  Is féidir cur síos a dhéanamh ar ‘mheaisín GFF’ mar mheaisín a úsáidtear le linn an phróisis cóimeála, trína ndéantar GFF as caisirníní snáithíní gloine (an príomhábhar ionchuir) den chuid is mó.

(21)  Meastar go bhfuil 10 mbliana i saolré úsáideach an mheaisín GFF, agus déantar sin a choigeartú le haghaidh luach iarmharach 5 % ag deireadh a shaolré úsáidí.

(22)  Tábla C.4.1. ‘Táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta’ na foirme éilimh ar dhíolúine

(23)  Tá eisceacht amháin ann áfach. Má fhostaíonn gnó modheolaíocht dímheasa úsáid-bhunaithe, ansin tabhófar dímheas i bpatrún atá níos comhsheasmhaí le costas athraitheach. Níor thug PGTEX aon bharúil maidir leis an modheolaíochta sin.

(24)  Mar fhreagra ar Cheist C.4.1 de cheistneoir comhlánaithe PGTEX Morocco SARL, dúirt PGTEX Morocco gur thosaigh an táirgeadh ó mhí Aibreáin 2020. Rinneadh an ráiteas sin a athdheimhniú mar fhreagra ar cheist 1 ar leathanach 1 den fhreagra ar an litir easnaimh a thug sé.

(25)  D’iarr an Coimisiún san fhoirm éilimh ar dhíolúine gur cheart d’aon táirgeoir comhoibríoch na príomhchonarthaí uile a chur ar fáil, ó pháirtithe gaolmhara agus ó pháirtithe neamhghaolmhara araon,

(26)  Freagra ar an litir easnaimh maidir le PGTEX Morocco SARL: Freagra ar cheist 7, leathanach 20.

(27)  Freagra ar an litir easnaimh maidir le PGTEX Morocco SARL: Freagra ar cheist 6 c, leathanach 20.

(28)  Freagra ar an litir easnaimh maidir le PGTEX Morocco SARL: Freagra ar cheist 9 m, ii, leathanach 23.


Top