Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0143

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/143 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 maidir le clárú táisc gheografaigh faoi chosaint a chealú “Volailles de Loué” (TGFC)

    C/2022/487

    IO L 24, 3.2.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/143/oj

    3.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 24/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/143 ÓN gCOIMISIÚN

    an 2 Feabhra 2022

    maidir le clárú táisc gheografaigh faoi chosaint a chealú “Volailles de Loué” (TGFC)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 54(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (2) ón gCoimisiún foráiltear go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán sin a chealú.

    (2)

    De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014, an t-iarratas a sheol an Fhrainc chun clárú an táisc gheografaigh faoi chosaint (TGFC) “Volailles de Loué” a chealú, foilsíodh an t-iarratas sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

    (3)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart, dá bhrí sin, an t-ainm “Volailles de Loué” (TGFC) a chealú ón gclár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint.

    (4)

    De bhun na fomhíre deiridh d’Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, glactar an cealú sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) den Rialachán sin.

    (5)

    Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cealaítear leis seo clárú an ainm “Volailles de Loué” (TGFC).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe (IO L 179, 19.6.2014, lch. 17).

    (3)  IO C 344, 27.8.2021, lch. 10.


    Top