Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0901(22)

    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na Portaingéile agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na Portaingéile

    ST/9770/2022/INIT

    IO C 334, 1.9.2022, p. 181–189 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 334/181


    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Iúil 2022

    maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na Portaingéile agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na Portaingéile

    (2022/C 334/22)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú (1), a neartú, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (2), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ar ríog fhioscach í arna maoiniú ag an Aontas. Cuireann sé leis an téarnamh eacnamaíoch agus le cur chun feidhme athchóirithe inbhuanaithe a chuireann leis an bhfás agus le hinfheistíocht, go háirithe chun na haistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn, agus athléimneacht agus fás ionchasach gheilleagair na mBallstát a neartú ag an am céanna. Cuidíonn sé freisin le hairgeadais phoiblí inbhuanaithe a neartú agus le borradh a chur faoi fhás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tabharfar an ranníocaíocht uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cothrom le dáta i mí an Mheithimh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

    (2)

    An 24 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, rud a chur tús le Seimeastar Eorpach 2022 le haghaidh comhordú beartais eacnamaíoch. Thug sí aird chuí ar Ghealltanas Sóisialta Porto arna síniú an 7 Bealtaine 2021 chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 a chur chun feidhme a thuilleadh. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí Shuirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe an 25 Márta 2022. An 24 Samhain 2021, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh inar shainaithin sé an Phortaingéil mar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ar an dáta céanna, ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro agus togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (4) (“Moladh 2022 maidir leis an limistéar euro”) an 5 Aibreán 2022 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 14 Márta 2022.

    (3)

    Le hionradh na Rúise ar an Úcráin, i ndiaidh na paindéime domhanda, tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch. Tá tionchar an ionraidh ar gheilleagair na mBallstát le sonrú, inter alia, trí phraghsanna fuinnimh, bia agus amhábhair níos airde, agus trí ionchais fáis níos laige. Luíonn na praghsanna fuinnimh go trom, go háirithe, ar na teaghlaigh is leochailí a bhfuil cónaí orthu i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, chomh maith leis na gnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de. Tá rabharta isteach na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin gan fasach le feiceáil san Aontas freisin. Bhí tionchar neamhshiméadrach ag na héifeachtaí eacnamaíocha, a d’eascair as cogadh foghach na Rúise, ar na Ballstáit. Sa chomhthéacs sin, an 4 Márta 2022, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (5), cuireadh Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (6) i ngníomh den chéad uair, lena dtugtar an ceart chun fanacht go dleathach san Aontas do dhaoine easáitithe ón Úcráin, chomh maith le rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar mhargadh an tsaothair, ar chúram sláinte, ar thithíocht agus ar leas sóisialta.

    (4)

    Agus an staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa á cur san áireamh, athbhunaíonn an Seimeastar Eorpach a bheartas eacnamaíoch agus fostaíochta ar bhonn leathan in 2022, agus forbraítear é ag an am céanna i gcomhréir le ceanglais chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2022. Tá cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh ríthábhachtach chun cuspóirí comhordaithe an bheartais eacnamaíoch faoin Seimeastar Eorpach a bhaint amach, ós rud é go dtugtar aghaidh sna pleananna ar fhothacar suntasach ar a laghad de na moltaí tír-shonracha ábhartha a eisíodh i dtimthriallta Sheimeastar Eorpach 2019 agus 2020. Tá na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith in 2019 agus in 2020 fós chomh ábhartha céanna maidir leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n-athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241, sa bhreis ar aon mholtaí eile a bhaineann go sonrach le tír faoi leith arna n-eisiúint suas go dtí pleananna téarnaimh agus athléimneachta den sórt sin atá athbhreithnithe, nuashonraithe nó leasaithe.

    (5)

    Tá clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis gníomhach ó Mhárta 2020. I dTeachtaireacht uaidh an 3 Márta 2021 dar teideal One year since the outbreak of COVID-19 [aon bhliain amháin ó thosaigh COVID-19: freagairt an bheartais fhioscaigh], leag an Coimisiún amach a thuairim gur cheart an cinneadh maidir le clásal ginearálta éalaithe a dhíghníomhachtú nó a chur i bhfeidhm go leanúnach a dhéanamh mar mheasúnú foriomlán ar staid an gheilleagair, agus leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas nó sa limistéar euro i gcomparáid leis an leibhéal réamh-ghéarchéime (deireadh 2019) mar phríomhchritéar cainníochtúil. Mar gheall ar éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre taobh thiar den ionchas eacnamaíoch i gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, is gá clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a leathnú go gcuirfear síneadh le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis le linn 2023.

    (6)

    De réir an chur chuige atá sa Mholadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 (7) ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 na Portaingéile, is fearr an seasamh fioscach foriomlán a thomhas mar an t-athrú ar chaiteachas príomha (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh), ach caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais a áireamh, i gcoibhneas leis an bhfás féideartha meántéarmach (8). Agus níos faide ná an staid fhioscach fhoriomlán, d’fhonn a mheas an bhfuil an beartas fioscach náisiúnta stuama agus an bhfuil a chomhdhéanamh fabhrach do théarnamh inbhuanaithe a bheidh comhsheasmhach leis na haistrithe glasa agus digiteacha, tabharfar aird freisin ar an éabhlóid ar phríomhchaiteachas reatha (9) arna maoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh) agus ar an infheistíocht.

    (7)

    An 2 Márta 2022, ghlac an Coimisiún teachtaireacht lena gcuirtear treoir leathan ar fáil maidir le beartas fioscach in 2023 (“an treoir fhioscach”) a raibh sé mar aidhm léi tacú le hullmhú Chláir na mBallstát um Chobhsaíocht agus um Chóineasú agus comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún dá aire, go mbeadh sé iomchuí in 2023, ar bhonn an ionchas maicreacnamaíoch a bhí ann i réamhaisnéis gheimhridh 2022, aistriú ó sheasamh fioscach comhiomláin tacaíochta in 2020–2022 go staid chomhiomlán fhioscach a bheadh neodrach tríd is tríd, agus go bhfuil sé réidh chun freagairt don staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn. D’fhógair an Coimisiún gur cheart leanúint de dhifreáil a dhéanamh idir na moltaí fioscacha do 2023 idir na Ballstáit agus iarmhairtí trastíortha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an treoir ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú a léiriú. Gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé dlúthfhaireachán ar na forbairtí eacnamaíocha agus go n-athróidh sé a threoir beartais de réir mar is gá agus ar a dhéanaí ina phacáiste earraigh den Seimeastar Eorpach a bheidh ann ag deireadh mhí na Bealtaine 2022.

    (8)

    Maidir leis an treoir fhioscach, cuirtear san áireamh sna moltaí fioscacha do 2023 an t-ionchas eacnamaíoch atá ag dul in olcas, an éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí níos ísle, agus an boilsciú níos airde i gcomparáid le réamhaisnéis gheimhridh 2022 ón gCoimisiún. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ní mór don fhreagairt fhioscach infheistíocht phoiblí a leathnú i gcomhair na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus na slándála fuinnimh, agus cumhacht ceannaigh na dteaghlach is leochailí a choimeád ar bun chun tionchar na dteithe praghsanna fuinnimh a mhaolú agus chun an brú boilscithe a theorannú ón dara babhta trí bhearta spriocdhírithe agus sealadacha. Ní mór don bheartas fioscach leanúint de bheith ag dul in oiriúint do na cúinsí atá ag athrú go tapa, lena n-áirítear dúshláin a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i ndáil le cosaint agus slándáil, agus ní mór dó idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit de réir a staide fioscaí agus eacnamaíche, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena nochtadh don ghéarchéim agus le rabhartaí daoine easáitithe ón Úcráin.

    (9)

    An 22 Aibreán 2021, chuir an Phortaingéil a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Portaingéile (10). Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, ina luaitear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an bPortaingéil. Glactar leis, trí na clocha míle agus na spriocanna sin a bheith comhlíonta go sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

    (10)

    An 29 Aibreán 2022, thíolaic an Phortaingéil a Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2022 agus a Clár Cobhsaíochta 2022, i gcomhréir leis an spriocdháta a bunaíodh in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile chun na naisc eatarthu a chur san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, léiríonn Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2022 freisin tuairisciú débhliantúil na Portaingéile ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.

    (11)

    D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2022 maidir leis an bPortaingéil an 23 Bealtaine 2022. Rinne sé measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an bPortaingéil maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle in 2019, 2020 agus 2021, thug sé dá haire an cur chun feidhme a rinne an Phortaingéil maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, ag cur leis an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí i ndáil leis na dúshláin sin nach dtugtar aghaidh orthu, nó nach dtugtar aghaidh orthu ach i bpáirt, sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, chomh maith le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear na dúshláin sin a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Rinne sí measúnú freisin ar dhul chun cinn na Portaingéile maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar phríomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, laghdú scileanna agus laghdú bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (12)

    Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 le haghaidh na Portaingéile agus d’fhoilsigh sé a thorthaí an 23 Bealtaine 2022. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Phortaingéil. Go háirithe, baineann leochaileachtaí le fiachas ard seachtrach, príobháideach agus rialtais i gcomhthéacs fás íseal táirgiúlachta.

    (13)

    An 14 Aibreán 2022, thíolaic an Phortaingéil dréachtphlean buiséadach nua do 2022. Tá measúnú iomlán ar an bplean sin le tíolacadh i dtuairim ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

    (14)

    I Moladh uaithi an 20 Iúil 2020 (12), mhol an Chomhairle don Phortaingéil na bearta uile is gá a dhéanamh in 2020 agus 2021, i gcomhréir leis an gclásal éalaithe ginearálta, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar phaindéim COVID-19, chun an geilleagar a chothú agus chun tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin. Mhol sí freisin go saothródh an Phortaingéil, nuair is féidir sin le dálaí eacnamaíocha, beartais fhioscacha atá dírithe ar riochtaí fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus feabhas a chur ar an infheistíocht ag an am céanna. In 2021, de réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat, thit easnamh ginearálta rialtas na Portaingéile ó 5,8 % de OTI in 2020 go 2,8 %. Thacaigh freagairt an bheartais fhioscaigh ón bPortaingéil leis an téarnamh eacnamaíoch in 2021, agus tháinig laghdú ar bhearta sealadacha éigeandála ó 2,3 % de OTI in 2020 go 2,2 % in 2021. Bhí na bearta a ghlac an Phortaingéil in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020. Den chuid is mó, bhí na bearta buiséadacha lánroghnacha a ghlac an rialtas in 2020 agus 2021 sealadach nó comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh. Ag an am céanna, ní raibh roinnt de na bearta lánroghnacha a ghlac an rialtas le linn na tréimhse 2020 go 2021 sealadach ná comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh, arb é caiteachas a bhaineann leis an tsláinte a bhí i gceist den chuid is mó, lena n-áirítear an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta a fhostú gairmithe sláinte breise d’fhonn a acmhainneacht freagartha a neartú. De réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat, thit fiachas ginearálta an rialtais ó 135,2 % de OTI in 2020 go 127,4 % de OTI in 2021.

    (15)

    Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha i gClár Cobhsaíochta 2022 faichilleach in 2022 agus réadúil ina dhiaidh sin (13). Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 5,0 % in 2022 agus 3,3 % in 2023. I gcomparáid leis sin, i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, tuartar fíorfhás OTI níos láidre de 5,8 % in 2022 agus fás iarbhír OTI 2,7 % níos ísle in 2023. Is é is cúis leis an difríocht ná fás níos láidre ar thomhaltas príobháideach agus glanonnmhairí sa réamhaisnéis ón gCoimisiún do 2022, agus fás níos ísle ar infheistíocht agus ar ghlanonnmhairí don bhliain 2023. Ina Chlár Cobhsaíochta 2022, measann an rialtas go laghdóidh an t-easnamh ceannlíne go 1,9 % de OTI in 2022 agus go 0,7 % in 2023. Léiríonn an laghdú in 2022 go príomha fás láidir na gníomhaíochta eacnamaíche agus leachtú na mbeart éigeandála is mó a bhaineann le paindéim. De réir Chlár Cobhsaíochta 2022, meastar go laghdóidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI go 120,8 % in 2022, agus go laghdóidh sé go 115,4 % in 2023. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún easnamh rialtais de 1,9 % de OTI agus 1,0 % faoi seach do 2022 agus 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha i gClár Cobhsaíochta 2022 don bhliain 2022 agus beagán níos airde don bhliain 2023 go príomha mar gheall ar chaiteachas reatha níos airde sa réamhaisnéis ón gCoimisiún don bhliain 2023. I réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, tuartar cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI níos ísle ag 119,9 % in 2022, agus cóimheas comhchosúil fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ag 115,3 % in 2023. Is é is cúis leis an difríocht in 2022 ná an réamhaisnéis a rinne an Coimisiún go mbeidh fás níos láidre ar OTI ainmniúil sa bhliain sin. De réir réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, is é 1,5 % an fás aschuir féideartha measta sa mheántéarma (meán 10 mbliana). Mar sin féin, ní áirítear sa mheastachán sin tionchar na n-athchóirithe atá mar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta agus lena bhféadfar borradh a chur faoi fhás ionchasach na Portaingéile.

    (16)

    In 2022, chuir an rialtas deireadh le formhór na mbeart a glacadh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, sa chaoi is go meastar go laghdóidh na bearta sealadacha éigeandála ó 2,2 % de OTI in 2021 go 0,7 % in 2022. Tá an t-easnamh rialtais in 2022 faoi thionchar na mbeart a glacadh chun dul i ngleic le tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, rud a mheastar ag 0,6 % de OTI in 2022 i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus atá le haisiompú ina iomláine faoi 2023. (14) Is éard atá sna bearta sin den chuid is mó aistrithe sóisialta chuig teaghlaigh níos boichte, ciorruithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh, agus fóirdheontais maidir le tomhaltas fuinnimh. Fógraíodh na bearta sin mar bhearta sealadacha. Mar sin féin, i gcás ina bhfanfaidh praghsanna fuinnimh ag leibhéal ardaithe in 2023, d’fhéadfaí leanúint le cuid de na bearta sin. Níl roinnt de na bearta sin spriocdhírithe, go háirithe an laghdú ginearálta ar cháin bhreosla. Tá tionchar freisin ag na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin ar an easnamh rialtais, rud a thuartar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún ag 0,1 % de OTI in 2022 (15).

    (17)

    Sa Mholadh uaithi an 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle gur cheart don Phortaingéil an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid in 2022 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh agus beartas fioscach stuama á shaothrú aici ag an am céanna. Thairis sin, ba cheart go gcaomhnódh sé infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta. Mhol an Chomhairle don Phortaingéil freisin teorainn a chur le fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Mhol sí freisin go saothródh an Phortaingéil, nuair is féidir sin le dálaí eacnamaíocha, beartas fioscach atá dírithe ar riochtaí fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fioscach a áirithiú sa mheánthéarma, agus ag an am céanna, feabhas a chur ar an infheistíocht.

    (18)

    In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n-áirítear an fhaisnéis a ionchorpraítear i gClár Cobhsaíochta 2022 na Portaingéile, meastar go mbeidh an seasamh fioscach tacúil ag – 2,0 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle (16). Tá sé beartaithe ag an bPortaingéil tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí leas a bhaint as an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go méadófar le 0,5 pointe céatadáin OTI i gcomparáid le 2021 an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais. Tuartar go gcuirfidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach ar fáil don staid fhioscach de 0,2 pointe céatadáin de OTI in 2022 (17). Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bPortaingéil infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, meastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 ranníocaíocht fhorleathnaithe de 1,1 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Áirítear ar an rannchuidiú suntasach leathnaithe sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0,6 % de OTI), chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI), agus meastar go leanfaidh bille pá na hearnála poiblí, caiteachas a bhaineann le haosú agus tomhaltas idirmheánach de bhrú suas a chur ar an gcaiteachas reatha. Go háirithe, meastar go ndéanfaidh an méadú níos airde ar phraghsanna do thomhaltóirí i gcomparáid leis an díbhoilsceoir OTI difear do ranníocaíocht mhéadaitheach an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta don seasamh fioscach foriomlán in 2022, trí chaiteachas ar thomhaltas earraí agus seirbhísí rialtais a mhéadú. Táthar ag súil go gcuirfidh an Phortaingéil teorainn leathan le fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022, toisc gurb é is cúis go príomha le ranníocaíocht mhéadaitheach an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022 ná na bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe as an Úcráin.

    (19)

    In 2023, tuartar go mbeidh an seasamh fioscach i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún dar méid 0,0 % de OTI ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann (18). Meastar go leanfaidh an Phortaingéil d’úsáid a bhaint as na deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2023 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh. Meastar go méadófar le 0,2 pointe céatadáin OTI i gcomparáid le 2022 an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais. Tuartar go gcuirfidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach ar fáil don staid fhioscach de 0,3 pointe céatadáin in 2023 (19). Ag an am céanna, meastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2023 ranníocaíocht chrapthach de 0,7 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Áirítear leis sin an tionchar ó dheireadh a chur de réir a chéile leis na bearta lena dtugtar aghaidh ar phraghsanna méadaithe fuinnimh (0,6 % de OTI). Ag an am céanna, meastar go ndéanfaidh an méadú níos airde ar phraghsanna do thomhaltóirí i gcomparáid leis an díbhoilsceoir OTI in 2022 difear do ranníocaíocht mhéadaitheach an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta don seasamh fioscach foriomlán in 2023, trí chaiteachas ar phinsin agus shochair shóisialta mar thoradh ar innéacsú a mhéadú.

    (20)

    I gClár Cobhsaíochta 2022, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 0,3 % de OTI in 2024 agus go sroichfidh sé suíomh cothrom in 2025. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh easnamh ginearálta an rialtais faoi bhun 3 % de OTI thar thréimhse an Chláir. De réir Chlár Cobhsaíochta 2022, táthar ag súil laghdóidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI faoi 2025, go háirithe laghdú go 109,8 % in 2024, agus laghdú go 105,9 % in 2025. De réir anailís an Choimisiúin, is cosúil gur ardrioscaí iad na rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma.

    (21)

    Thacódh comhdhéanamh airgeadais phoiblí a chothódh fás, ar thaobh ioncaim agus caiteachais araon an bhuiséid phoiblí, le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach fhioscach na Portaingéile, chuirfí feabhas ar an timpeallacht ghnó agus chuideofaí le téarnamh cuimsitheach. Maidir le córas cánach na Portaingéile, tá fianaise ann (20) a léiríonn go bhfuil córas sochar cánach na tíre sách liopasta agus nach bhfuil sé trédhearcach go leor (sainaithníodh breis agus 500 sochar cánach, tá breis agus 60 téacs dlí ann), agus go dtairbheodh éifeachtúlacht eacnamaíoch an chaiteachais chánach as faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht eacnamaíoch an chaiteachais chánach. Ina theannta sin, déanann formhuirir Stáit agus bhardasacha struchtúr rátaí na cánach ioncaim chorparáidigh a mhéadú, rud a chruthaíonn castacht do cháiníocóirí agus ualach breise ar riarachán na cánach. Is minic go mbíonn iarchoimeád cánach dírí ró-ard, agus mar thoradh air sin bíonn éilimh réasúnta mór ar aisíocaíocht sa bhliain ina dhiaidh sin. Tá an costas athfhillteach a bhaineann le bailiú cánach sách ard (in 2019, bhí sé thart ar 20 % níos airde ná meán AE-27) agus tá an infheistíocht a dhéanann an riarachán cánach i dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide íseal i gcomparáid le meán an Aontais (ag 5,7 % de chaiteachas oibriúcháin an riaracháin cánach in 2019, bhí sé gar do leath de mheán AE-27). Sa chomhthéacs sin, dá ndéanfaí na riaracháin ioncaim níos éifeachtúla, chuideofaí leis an tréimhse ama a laghdú chun cánacha a íoc sa Phortaingéil chomh maith le méid na riaráistí cánach gan íoc (37,1 % den ghlanioncam iomlán ag deireadh 2019, bhí siad ar na cinn is airde san Aontas). Maidir le córas cosanta sóisialta na Portaingéile, tá éifeachtacht na n-aistrithe sóisialta chun an bhochtaineacht agus an neamhionannas a laghdú faoi bhun mheán an Aontais. Go háirithe, tá leordhóthanacht an ioncaim íosta íseal ag 37.5 % de thairseach na bochtaineachta (An tAontas: 58,9 %). Ag an am céanna, dealraíonn sé go bhfreastalaíonn an iliomad sochar sóisialta ar chuspóirí comhchosúla, rud a chruthaíonn castacht freisin. Is é an toradh a bhíonn ar ilroinnt an chórais cosanta sóisialta dá bharr rátaí ísle glactha agus easpa fócais éifeachtaigh orthu siúd is mó atá i ngátar, rud a chuireann bac ar an gcumhdach agus, ar deireadh, ar leordhóthanacht na sochar sóisialta. Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta chun an Bhochtaineacht a Chomhrac.

    (22)

    I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta sraith fhairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus a bhfuil amchlár táscach ag gabháil leo maidir lena gcur chun feidhme a bheidh le tabhairt chun críche faoin 31 Lúnasa 2026. Cuidíonn siad sin le dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar fad nó le fothacar suntasach de na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a leagtar amach sna moltaí tírshonracha a chuir an Chomhairle faoi bhráid na Portaingéile sa Seimeastar Eorpach in 2019 agus 2020, chomh maith le haon mholtaí tírshonracha a eisíodh go dtí an dáta a ghlacfar plean téarnaimh agus athléimneachta. Go háirithe, cuirtear infheistíocht do na haistrithe glasa agus digiteacha chun cinn sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Cuid lárnach den phlean is ea cáilíocht an airgeadais phoiblí agus inbhuanaitheacht airgeadais na bhfiontar atá faoi úinéireacht an Stáit a fheabhsú. Tá an plean uaillmhianach ó thaobh athléimneacht an chórais sláinte a neartú agus feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán. Tá sé d’aidhm ag an bplean feabhas a chur ar leibhéal foriomlán scileanna an phobail, lena n-áirítear scileanna digiteacha do ghrúpaí éagsúla den daonra, agus neartaítear an tairiscint i ndáil le gairmoideachas agus gairmoiliúint ann. Áirítear sa phlean infheistíochtaí suntasacha chun seirbhísí sóisialta a fheabhsú, lena n-áirítear trí sholáthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne a mhéadú. Tugtar isteach leis an bplean bearta ábhartha chun deighilt i margadh an tsaothair a laghdú, agus chun tacú le fostaíocht ardcháilíochta agus chun poist a chruthú agus a chaomhnú. Go háirithe, tá sé mar aidhm ag an bplean tacú le saoránaigh agus gnólachtaí teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid. Go suntasach, tugtar isteach leis an bplean bearta chun rochtain ar mhaoiniú a chur chun cinn, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus chun infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a chur chun cinn do théarnamh eacnamaíoch na tíre. Leagtar amach sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí suntasacha chun infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht a chur chun cinn agus chun na hathchóirithe sin a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Tá an plean uaillmhianach chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an timpeallacht ghnó agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais cheartais.

    (23)

    Meastar go gcuideoidh cur chun feidhme plean téarnaimh agus athléimneachta na Portaingéile le breis dul chun cinn a dhéanamh i ndáil leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Is ionann bearta chun tacú le cuspóirí aeráide sa Phortaingéile agus 37,9 % de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus is ionann bearta lena dtacaítear le cuspóirí digiteacha agus 22,1 % de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta. Cur chun feidhme iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis na clocha míle agus na spriocanna ábhartha, sin rud a chuideoidh leis an Phortaingéil téarnamh go tapa ó iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus a hathléimneacht á neartú san am céanna. Tá rannpháirtíocht chórasach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile tábhachtach i gcónaí chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, chomh maith le beartais eacnamaíocha agus fostaíochta eile a théann níos faide ná an plean téarnaimh agus athléimneachta, chun a áirithiú go mbeidh úinéireacht leathan ar an gclár oibre foriomlán beartais.

    (24)

    An 4 Márta 2022, thíolaic an Phortaingéil an Comhaontú Comhpháirtíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) ach níor tíolacadh go fóill na cláir bheartais chomhtháthaithe eile dá bhforáiltear sa Rialachán sin agus a tíolacadh an 4 Meitheamh 2022. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 tá an Phortaingéil leis na moltaí tírshonracha ábhartha a chur san áireamh i gclársceidealú chistí an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021–2027. Is réamhriachtanas é sin chun éifeachtacht na tacaíochta airgeadais atá le fáil ó chistí an bheartais chomhtháthaithe a fheabhsú agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisluach na tacaíochta sin, agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir cistí an bheartais chomhtháthaithe sin agus ionstraimí agus cistí eile de chuid an Aontais á gcur chun cinn ag an am céanna. Tá cur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus cláir beartais chomhtháthaithe ag brath freisin ar dheireadh a chur le bacainní ar infheistíocht chun tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha agus le forbairt chríochach chothrom.

    (25)

    Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise os comhair na Portaingéile maidir leis an ngeilleagar ciorclach. Go háirithe, tá an Phortaingéil i bhfad faoi bhun mheán an Aontais maidir leis na táscairí bainistithe dramhaíola. Tá an meánráta athchúrsála bardasach íseal agus ag laghdú, le difríochtaí réigiúnacha. Chaill an Phortaingéil sprioc an Aontais maidir le 50 % de dhramhaíl chathrach a athchúrsáil faoi 2020. B”ionann an ráta foriomlán athchúrsála agus 29 % in 2019 agus 26,5 % in 2020 (sonraí sealadacha), i gcomparáid le meán an Aontais a sheas ag 48 %. Beidh iarrachtaí suntasacha ag teastáil chun spriocanna an Aontais a bhaint amach do na deich mbliana atá romhainn, lena n-áirítear 55 % den dramhaíl chathrach a athchúrsáil faoi 2025. Tá gá le feabhsuithe chun dramhaíl a chosc, a íoslaghdú, a shórtáil, a athúsáid agus a athchúrsáil, agus ar an gcaoi sin dramhaíl a atreorú ó láithreáin líonta talún nó loisceoirí, agus chun áiseanna athchúrsála agus cóireála dramhaíola a nuachóiriú. Is samplaí maithe iad na muirir ar líonadh talún agus ar loscadh a mhéadú, cáin ar dhramhaíl iarmharach a thabhairt isteach agus muirir ar bhardais nach bhfuil ag teip ar spriocanna athchúrsála a ardú maidir leis an gcaoi ar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, d’fhéadfaí dlús a chur leis an bpróiseas trí bhailiú ar leithligh na dramhaíola a leathnú agus trí chórais “íoc mar a chaitear” a fhorbairt tuilleadh.

    (26)

    Mar fhreagairt ar an sainordú ó Cheannairí Stáit nó Rialtais an Aontais a leagtar amach i nDearbhú Versailles, tá sé mar aidhm ag an togra ón gCoimisiún le haghaidh plean REPowerEU deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairiú breosla iontaise ón Rúis a luaithe is féidir. Chun na críche sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na tionscadail, na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is oiriúnaí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais a shainaithint i gcomhphlé leis na Ballstáit. Is é is aidhm do na bearta sin an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus allmhairí breosla iontaise a aistriú ón Rúis.

    (27)

    Tá sciar ard foinsí in-athnuaite ag an bPortaingéil (aon trian dá meascán fuinnimh) agus níl sí ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Mar sin féin, is ionann fós ola agus gás (gás nádúrtha leachtaithe den chuid is mó) agus dhá thrian dá soláthar fuinnimh phríomhúil ag 42 % agus ag 24 % faoi seach, de réir sonraí 2020. Cuireadh deireadh de réir a chéile le gual do tháirgeadh leictreachais in 2021, ach tá méadú tapa tagtha ar thomhaltas gáis le blianta beaga anuas, i bpáirt mar gheall ar infhaighteacht hidreachumhachta níos ísle de dheasca triomaigh. Ós rud é gur ón Rúis a thagann 10 % d’allmhairí gáis, tá cóimheas spleáchais na Portaingéile go mór faoi bhun mheán an Aontais de 44 %, mar gheall ar a spleáchas mór ar GNL, agus ní allmhairíonn sí aon ola agus aon ghual ón Rúis (22). Mar sin féin, allmhairíonn an Phortaingéil 100 % dá breoslaí iontaise. Chun an spleáchas foriomlán sin ar allmhairí a laghdú, trí uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais lena ndírítear ar fhuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, beidh gá le leas breise a bhaint as acmhainneacht gréine agus gaoithe na Portaingéile, go sonrach fuinneamh amach ón gcósta, go háirithe trí na nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú agus tríd an acmhainneacht riaracháin a neartú. Dá ndéanfaí uasghrádú ar na heangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais, lena n-áirítear le teicneolaíochtaí díreach atá ann faoi láthair, chomh maith le hinfheistíochtaí a chumasú i stóráil leictreachais agus i hidrigin in-athnuaite ag a mbeidh an acmhainneacht ábhartha breise i ndáil le foinsí fuinnimh in-athnuaite, d’fhéadfaí fuinneamh solúbtha mearfhreagartha a sholáthar, rud atá ríthábhachtach chun córas a bhainistiú a mbeadh sciar ard fuinnimh in-athnuaite ann. An leibhéal íseal idirnaisc leictreachais leis an Spáinn (agus ar deireadh leis an bhFrainc) is dúshlán é freisin d’athléimneacht chóras leictreachais na Portaingéile agus an Aontais. D’fhéadfadh idirnaisc bhreise trasteorann tacú le comhtháthú níos fearr ar acmhainneacht in-athnuaite Leithinis na hIbéire sa mhargadh aonair fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar gáis atá ullmhaithe don hidirgin mar go bhféadfaí, leis sin, cabhrú leis an soláthar gáis a éagsúla sa mhargadh inmheánach agus cuidiú le leas a bhaint as an acmhainneacht fhadtéarmach a bhaineann le hidrigin in-athnuaite.

    Chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, mhéadódh scéimeanna maoinithe iomchuí, feachtais múscailte feasachta agus forbairt scileanna glasa go mór éifeachtúlacht na n-iarrachtaí infheistíochta. Ina theannta sin, is gá an earnáil iompair a dhícharbónú tuilleadh, lena n-áirítear trí dhlús a chur le húsáid an bhonneagair ríomhluchtaithe agus trí phríomhthionscadail iompair iarnróid, rothaíochta agus iompair phoiblí a chur chun cinn. Beidh gá le huaillmhian bhreise maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le spriocanna maidir le foinsí in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a ardú chun go mbeidh an Phortaingéil ag teacht le cuspóirí “Oiriúnach do 55”.

    (28)

    Cé go mbeidh costais shuntasacha athstruchtúraithe i roinnt earnálacha mar thoradh ar an dlús atá curtha leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, is féidir leis an bPortaingéil úsáid a bhaint as an Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun tionchar socheacnamaíoch an aistrithe a mhaolú sna réigiúin is mó atá buailte. Ina theannta sin, is féidir leis an bPortaingéil leas a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú agus comhtháthú sóisialta a neartú.

    (29)

    I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, scrúdaigh an Chomhairle Clár Cobhsaíochta 2022 agus léirítear a tuairim (24) i moladh (1).

    (30)

    I bhfianaise na dlúthnaisc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n-áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun na moltaí atá leagtha amach i moladh 2022 maidir leis an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Portaingéile, léirítear é sin go háirithe i moltaí (1) agus (2).

    (31)

    I bhfianaise ghrinn-athbhreithniú an Choimisiún agus an mheasúnaithe uaidh, scrúdaigh an Comhairle Clár 2022 um Athchóiriú Náisiúnta agus Clár Cobhsaíochta 2022. Léirítear a moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moltaí (1), (2) agus (4). Cuidíonn moltaí (1) agus (2) freisin le cur chun feidhme Mholadh 2022 maidir leis an limistéar euro, go háirithe an chéad agus an ceathrú moladh maidir leis an limistéar euro. Cuidíonn beartais fhioscacha dá dtagraítear i moladh (1) chun aghaidh a thabhairt, inter alia, ar mhíchothromaíochtaí atá nasctha le fiachas ard rialtais i gcomhthéacs fás íseal táirgiúlachta. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (2) inter alia fiachas rialtais, príobháideach agus seachtrach a laghdú, ós rud é go gcuirfidh an fás le cur chun feidhme iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus go neartófar athléimneacht an gheilleagair ag an am céanna. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (4) inter alia le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le fiachas seachtrach ard san fhadtéarma,

    AG MOLADH LEIS SEO go nglacfadh an Phortaingéil gníomhaíocht in 2022 agus 2023 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.   

    In 2023, beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur leis an bhfás ar phríomhchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun fhás an aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma, agus tacaíocht shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh do na teaghlaigh agus gnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. A bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus le haghaidh na slándála fuinnimh, lena gcuirtear san áireamh an tionscadal REPowerEU, lena n-áirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. Don tréimhse tar éis 2023, saothrófar beartas fioscach atá dírithe ar suíomhanna fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach agus laghdú inchreidte, céimnitheach a áirithiú ar fhiachas agus ar inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma trí chomhdhlúthú, trí infheistíocht agus trí athchóirithe de réir a chéile. Éifeachtacht na gcóras cánach agus cosanta sóisialta a fheabhsú, go háirithe tríd an dá chreat a shimpliú, trí éifeachtúlacht a gcuid riarachán faoi seach a neartú, agus tríd an ualach riaracháin a bhaineann leis sin a laghdú.

    2.   

    Dul ar aghaidh le cur chun feidhme a plean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na clocha míle agus na spriocanna a chuimsítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021. An chaibidlíocht leis an gCoimisiún maidir le doiciméid chlársceidealaithe an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027 a chur i gcrích go tapa d’fhonn tús a chur lena gcur chun feidhme.

    3.   

    Feabhas a chur ar na dálaí chun aistriú i dtreo geilleagar ciorclach, go háirithe trí chosc dramhaíola, athchúrsáil agus athúsáid a mhéadú chun dramhaíl a atreorú ó láithreáin líonta talún agus ó loisceoirí.

    4.   

    Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú, lena n-áirítear in earnáil an iompair. Dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh trí eangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a uasghrádú, infheistíochtaí i stóráil leictreachais a chumasú agus nósanna imeachta ceadúnúcháín a chuíchóiriú chun go bhféadfar forbairt bhreise a dhéanamh ar an ngaoth, go háirithe amach ón gcósta, agus ar tháirgeadh leictreachais gréine, chomh maith le táirgeadh hidrigin in-athnuaite. An creat dreasachtaí d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh a neartú. Idirnaisc leictreachais a mhéadú.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 12 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. STANJURA


    (1)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

    (2)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.

    (3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (4)  Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C 153, 7.4.2022, lch. 1).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

    (6)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

    (7)  Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 inar tugadh tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 na Portaingéile, IO C 304, 29.7.2021, lch. 102).

    (8)  Is meastacháin ón gCoimisiún iad na meastacháin ar an staid fhioscach agus a chomhpháirteanna sa Mholadh seo bunaithe ar na toimhdí is bunús le réamhaisnéis earraigh 2022 an Choimisiúin. Sna meastacháin ón gCoimisiún ar fhás ionchasach meántéarmach, ní áirítear tionchar dearfach na n-athchóirithe atá mar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta agus lena bhféadfar borradh a chur faoin bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann.

    (9)  Ní mhaoinítear iad le deontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ná le cistí eile de chuid an Aontais.

    (10)  ST 10149/2021+ADD 1 REV 1.

    (11)  Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).

    (12)  Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020 maidir le Clár Náisiúnta 2020 um Athchóiriú de chuid na Portaingéile agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2020 de chuid na Portaingéile (IO C 282, 26.8.2020, lch. 142).

    (13)  Cuireadh Clár Cobhsaíochta 2022 faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle an 29 Aibreán 2022, agus ba é an 25 Márta 2022 an scoithdháta ar cuireadh faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta é. An 14 Aibreán 2022, chuir an Phortaingéil dréachtphlean buiséadach 2022 faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro, ina raibh cás maicreacnamaíoch a ndearnadh nuashonrú beag air do 2022, i gcomparáid leis an bplean a bhí sa chlár Cobhsaíochta. Go mion, bhí i ndréachtphlean buiséadach 2022 athbhreithniú beagán síos ar fhíorfhás an OTI go 4,9 % in 2022 (ó 5,0 % sa Chlár Cobhsaíochta), agus rinneadh athbhreithniú aníos ar bhoilsciú praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) go 4,0 % sa bhliain chéanna (ó 3,3 % sa Chlár). D’ainneoin comhdhéanamh beagán difriúil ar airgeadas poiblí, choimeád dréachtphlean buiséadach 2022 an sprioc maidir le heasnamh ginearálta an rialtais de 1,9 % de OTI do 2022.

    (14)  Is ionann na figiúirí agus leibhéal chostais bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin a rinneadh ó fhómhar 2021, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.

    (15)  Glactar leis go mbeidh líon iomlán na ndaoine easáitithe ón Úcráin go dtí an tAontas Eorpach chomh hard le 6 mhilliún duine de réir a chéile faoi dheireadh 2022, agus meastar a ndáileadh geografach bunaithe ar mhéid an diaspóra atá ann cheana, ar dhaonra coibhneasta an Bhallstáit ghlactha, agus ar dháileadh iarbhír na ndaoine easáitithe ón Úcráin ar fud an Aontais ó mhí an Mhárta 2022. I gcás costais bhuiséadacha in aghaidh an duine, tá meastacháin bunaithe ar shamhail mhicreashamhlú Euromod Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, agus an dá aistriú airgid á gcur san áireamh d’fhéadfadh daoine a bheith incháilithe do shochair chomhchineáil, amhail oideachas agus cúram sláinte.

    (16)  Freagraíonn comhartha diúltach den táscaire do bharrachas fáis ar chaiteachas príomhúil i gcomparáid le fás eacnamaíoch meántéarmach, lena léirítear beartas fioscach forleathnaitheach.

    (17)  Réamh-mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht leathnaithe de 0,2 pointe céatadáin de OTI.

    (18)  Freagraíonn comhartha dearfach den táscaire d’easnamh fáis ar chaiteachais phríomhúil i gcomparáid le fás eacnamaíoch meántéarmach, lena léirítear beartas fioscach crapthach.

    (19)  Réamh-mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht leathnaithe de 0,2 pointe céatadáin de OTI.

    (20)  “Sochair chánach sa Phortaingéil – coincheap, modheolaíocht agus cleachtas”, an Mheitheal um Shochair Chánach, Bealtaine 2019.

    (21)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (22)  Eurostat (2020), sciar allmhairí na Rúise os cionn allmhairí iomlána gáis nádúrtha, amhola agus guail chrua. Do mheán AE27, tá iomlán na n-allmhairí bunaithe ar allmhairí lasmuigh de AE27. I gcás na Portaingéile, áirítear trádáil laistigh den Aontas ar iomlán na n-allmhairí. Ní fholaíonn amhola táirgí ola scagtha.

    (23)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

    (24)  Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97.


    Top