EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2409

Cinneadh (AE) 2022/2409 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar na rialacha airgeadais don Chomhphobail Iompair

ST/14458/2022/INIT

IO L 317, 9.12.2022, p. 76–105 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2409/oj

9.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/76


CINNEADH (AE) 2022/2409 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Nollaig 2022

a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar na rialacha airgeadais don Chomhphobail Iompair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”) i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle (1).

(2)

Formheasadh TCT thar ceann an Aontais Eorpaigh an 4 Márta 2019 (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(3)

Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach faoi TCT chun TCT a riar agus a chur chun feidhme mar is cuí. Ceanglaítear le TCT go nglacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha maidir le cur i bhfeidhm an bhuiséid agus maidir le cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh.

(4)

Tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinntí a ghlacadh go luath maidir leis an athbhreithniú ar rialacha airgeadais agus nósanna imeachtaí iniúchóireachta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bhunú, óir tá na cinntí sin riachtanach do dhea-fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus beidh siad ina gceangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar an dréachtchinneadh gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KUPKA


(1)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/1937 an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. .../2022 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir leis an nós imeachta athbhreithnithe maidir le chur chun feidhme an bhuiséid agus maidir le tíolacadh agus iniúchadh na gcuntas, is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh um an gComhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal Aonair

Leis seo, glactar na rialacha airgeadais agus na nósanna imeachta iniúchóireachta athbhreithnithe, is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


NA RIALACHA AIRGEADAIS AGUS NA NÓSANNA IMEACHTA INIÚCHÓIREACHTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN gCOMHPHOBAL IOMPAIR

CLÁR

TEIDEAL I:

ÁBHAR

TEIDEAL II:

OIBLEAGÁIDÍ NA bPÁIRTITHE

TEIDEAL III:

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

CAIBIDIL 1

PRIONSABAL AN CHRUINNIS BHUISÉADAIGH

CAIBIDIL 2

PRIONSABAL NA BLIANTÚLACHTA

CAIBIDIL 3

PRIONSABAL NA COTHROMAÍOCHTA

CAIBIDIL 4

PRIONSABAL AN AONAID CUNTAIS

CAIBIDIL 5

PRIONSABAL NA hUILÍOCHTA

CAIBIDIL 6

PRIONSABAL NA SONRAÍOCHTA

CAIBIDIL 7

PRIONSABAL NA BAINISTÍOCHTA FÓNTA AIRGEADAIS

CAIBIDIL 8

PRIONSABAL NA TRÉDHEARCACHTA

CAIBIDIL 9

RIALÚ INMHEÁNACH AR CHUR CHUN FEIDHME AN BHUISÉID

TEIDEAL IV:

AN COISTE UM AN mBUISÉAD

TEIDEAL V:

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL 2

GNÍOMHAITHE AIRGEADAIS

CAIBIDIL 3

DLITEANAS NA nGNÍOMHAITHE AIRGEADAIS

CAIBIDIL 4

OIBRÍOCHTAÍ IONCAIM

CAIBIDIL 5

OIBRÍOCHTAÍ CAITEACHAIS

TEIDEAL VI:

SOLÁTHAR

TEIDEAL VII:

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT

CAIBIDIL 1

NA CUNTAIS A THÍOLACADH

CAIBIDIL 2

CUNTASAÍOCHT

CAIBIDIL 3

FARDAIL MHAOINE

TEIDEAL VIII:

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS COSAINT LEASANNA AIRGEADAIS

TEIDEAL IX:

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

TEIDEAL I

ÁBHAR

Airteagal 1

Leis na rialacha seo, bunaítear an nós imeachta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid agus maidir le tíolacadh agus iniúchadh cuntas i gcomhréir le hAirteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (‘an Conradh’) (1).

TEIDEAL II

OIBLEAGÁIDÍ NA bPÁIRTITHE

Airteagal 2

1.   Aistreoidh na Páirtithe 75 % dá ranníocaíochtaí airgeadais chuig an gComhphobal Iompair tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain. Aistreoidh na Páirtithe an 25 % eile dá ranníocaíochtaí airgeadais tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain.

2.   Ní mór ranníocaíochtaí airgeadais na bPáirtithe chuig an gComhphobal Iompair a dhéanamh in euro.

3.   Seasfaidh an Comhphobal Iompair an costas idirbhirt a ghearrfaidh a sholáthraí seirbhísí íocaíochta agus seasfaidh na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh an costas idirbhirt a ghearrfaidh a soláthraí seirbhísí íocaíochta.

TEIDEAL III

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

Airteagal 3

Beidh cur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair (‘an buiséad’) i gcomhréir le prionsabail an chruinnis bhuiséadaigh, na bliantúlachta, na cothromaíochta, an aonaid chuntais, na huilíochta, na sonraíochta, na bainistíochta fónta airgeadais a dteastaíonn rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil lena haghaidh, agus prionsabal na trédhearcachta mar a leagtar amach sna rialacha seo.

Caibidil 1

Prionsabal an chruinnis bhuiséadaigh

Airteagal 4

Ní gheallfar ná ní údarófar aon chaiteachas thar na leithreasuithe údaraithe.

Caibidil 2

Prionsabal na bliantúlachta

Airteagal 5

Caiteachas riaracháin a eascróidh as conarthaí lena gcumhdaítear tréimhsí is faide amach ná an bhliain airgeadais, arna dhéanamh i gcomhréir leis an gcleachtas áitiúil nó a mbeidh baint aige le soláthar trealaimh, muirearófar é ar bhuiséad na bliana airgeadais inar tháinig siad in éifeacht.

Airteagal 6

1.   Maidir leis na leithreasuithe a údarófar sa bhuiséad do bhliain ábhartha, ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin chun caiteachas a tabhaíodh agus a gealladh go dlíthiúil sa bhliain airgeadais sin a chumhdach.

2.   Maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, iontrálfar iad sna cuntais le haghaidh na bliana airgeadais ar bhonn na ngealltanas dlíthiúil a rinneadh suas leis an 31 Nollaig an bhliain sin.

3.   Maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, iontrálfar iad sna cuntais le haghaidh na bliana airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a rinne an t-oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Nollaig an bhliain sin.

4.   Leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’oibleagáidí dlíthiúla arna nglacadh ar láimh mar is cuí ag deireadh na bliana airgeadais, ní dhéanfar iad a thabhairt ar aghaidh go huathoibríoch ach amháin don chéad bhliain airgeadais eile, agus déanfar iad a shainaithint faoi seach sna cuntais.

5.   Cuirfear ar ceal leithreasuithe nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais ar lena haghaidh a cuireadh isteach iad, mura dtabharfar anonn iad i gcomhréir le mír 4.

6.   Ní dhéanfar leithreasuithe a cuireadh i gcúlchiste ná leithreasuithe le haghaidh caiteachais foirne a thabhairt anonn. Chun críocha an Airteagail seo, folaíonn caiteachas foirne luach saothair agus liúntais le haghaidh foirne atá faoi réir na Rialachán Foirne.

7.   Leithreasuithe nár úsáideadh agus nár gealladh faoi dheireadh na mblianta airgeadais inar cuireadh isteach iad, cuirfear ar ceal iad agus déanfar iad a aisíoc leis na Páirtithe i gcomhréir leis na céatadáin a bhunaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gConradh agus i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí iarbhír a d’íoc na páirtithe.

Caibidil 3

Prionsabal na cothromaíochta

Airteagal 7

Ní dhéanfaidh an Comhphobal Iompair iasachtaí a chruinniú.

Caibidil 4

Prionsabal an aonaid chuntais

Airteagal 8

Is in euro a chuirfear an buiséad chun feidhme agus is in euro a thíolacfar na cuntais. Chun críocha a bhaineann le sreafaí airgid, áfach, údarófar don Bhuanrúnaíocht oibríochtaí a dhéanamh in airgeadraí eile.

Caibidil 5

Prionsabal na huilíochta

Airteagal 9

1.   Féadfar na hasbhaintí seo a leanas a dhéanamh ó iarratais ar íocaíocht, ó shonraisc nó ó ráitis, agus cuirfear ar aghaidh ansin iad le go n-íocfaí an glanmhéid:

(a)

pionóis a ghearrtar ar pháirtithe i gconarthaí, ar a n-áirítear conarthaí soláthair;

(b)

coigeartuithe le haghaidh méideanna a íocadh ach nach raibh dlite, rud is féidir a dhéanamh trí bhíthin asbhaint dhíreach as íocaíocht nua den chineál céanna leis an íocaí céanna faoin gcaibidil, faoin airteagal agus faoin mbliain airgeadais arb ina leith a rinneadh an íocaíocht iomarcach, agus as a n-eascraíonn íocaíochtaí eatramhacha nó íocaíochtaí iarmhéide.

2.   Ní dhéanfar lascainí, aisíocaíochtaí ná lacáistí ar shonraisc agus ar iarratais íocaíochta a thaifead mar ioncam de chuid an Chomhphobail Iompair.

3.   Aon iarmhéid diúltach, iontrálfar é sa bhuiséad mar chaiteachas.

Caibidil 6

Prionsabal na sonraíochta

Airteagal 10

1.   Féadfaidh an Stiúrthóir cinntí a dhéanamh maidir le haistriú leithreasuithe (gan an líne bhuiséid maidir le hacmhainní daonna san áireamh) laistigh den bhuiséad suas le huasmhéid 15 % de na leithreasuithe le haghaidh na bliana a léirítear ar an líne óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir an Coiste Stiúrtha Réigiúnach ar an eolas laistigh de 7 lá tar éis cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 1.

3.   Ní mór réamh-chomhaontú ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach a fháil maidir le haistrithe leithreasuithe buiséid seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.

4.   Leithreasuithe a thugtar anonn chun oibleagáidí dlíthiúla arna síniú ag deireadh na bliana ar leith a chomhlíonadh, ní bheidh siad incháilithe don úsáid dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear san áireamh iad chun an t-uasmhéid a chomhfhreagraíonn don teorainn 15 % dá dtagraítear sa mhír sin a chinneadh.

Caibidil 7

Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

Airteagal 11

1.   Úsáidfear leithreasuithe buiséid i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena gcuimsítear prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

2.   Maidir leis na hacmhainní a úsáidfidh an Comhphobal Iompair agus é ag saothrú ar a chuid gníomhaíochtaí, ceanglaítear le prionsabal na barainneachta go gcuirfear na hacmhainní sin ar fáil in am trátha, sa chainníocht iomchuí, sa cháilíocht iomchuí agus ag an bpraghas is fearr.

3.   Is éard atá i gceist le prionsabal na héifeachtúlachta go mbainfear amach an gaol is fearr is féidir idir na hacmhainní a úsáidfear agus na torthaí a bhainfear amach.

4.   Is éard atá i gceist le prionsabal na héifeachtachta go gcuirfear i gcrích na cuspóirí sonracha a leagtar amach agus na torthaí atáthar ag iarraidh a bhaint amach. Measúnófar na torthaí sin.

Caibidil 8

Prionsabal na trédhearcachta

Airteagal 12

1.   Déanfar an buiséad a chur chun feidhme agus a thíolacadh i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.

2.   Foilseofar an buiséad agus na buiséid leasaitheacha, mar a ghlacfar go críochnaitheach iad, ar shuíomh gréasáin na Buanrúnaíochta.

Caibidil 9

Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid

Airteagal 13

1.   Cuirfear buiséad an Chomhphobail Iompair chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil.

2.   Chun críocha chur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair, sainmhínítear rialú inmheánach mar phróiseas atá infheidhme ar gach leibhéal bainistíochta agus atá ceaptha chun cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:

(a)

éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na n-oibríochtaí;

(b)

iontaofacht tuairiscithe;

(c)

acmhainní agus faisnéis a chosaint;

(d)

calaois agus mírialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú, agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith;

(e)

bainistíocht leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, ag cur san áireamh chineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

3.   Bunófar an rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta agus áireofar air sin, go háirithe, na heilimintí a leagtar síos le hAirteagal 36(3) agus (4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ag cur san áireamh struchtúr agus méid an Chomhphobail Iompair, cineál na gcúraimí a chuirtear de chúram air agus na suimeanna agus na rioscaí airgeadais agus oibríochtúla a bhaineann leis.

TEIDEAL IV

AN COISTE UM AN mBUISÉAD

Airteagal 14

1.   Bunaítear Coiste um an mBuiséad leis seo.

2.   Cuirfidh an Coiste um an mBuiséad comhairle ar an Stiúrthóir maidir leis an mbainistíocht airgeadais ar oibríochtaí an Chomhphobail Iompair. Chun an cúram sin a chomhlíonadh, cuirfear ar fáil don Choiste an fhaisnéis nó na míniúcháin ar fad is gá maidir le hábhair bhuiséadacha agus maidir le hábhair a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an mbuiséad.

3.   Féadfaidh an Coiste um an mBuiséad tuairisciú don Choiste Stiúrtha Réigiúnach agus moltaí a eisiúint maidir le hábhair bhuiséadacha agus maidir le haon ábhair a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an mbuiséad.

Airteagal 15

1.   Ar an gCoiste um an mBuiséad, beidh comhalta amháin ó gach páirtí de Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus beirt chomhaltaí ón Aontas Eorpach; is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh an ionadaíocht sin thar ceann an Aontais.

2.   Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh cathaoirleacht ar chruinnithe an Choiste um an mBuiséad. Féadfaidh an Cathaoirleach Comhchathaoirleach a cheapadh.

3.   Déanfaidh an Coiste um an mBuiséad dhá ghnáthchruinniú ar a laghad a thionól in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin, tiocfaidh sé le chéile ar iarratas ón gCathaoirleach nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird.

4.   Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad a rialacha nós imeachta inmheánacha féin. Féadfar a mholtaí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Gníomhóidh an Coiste um an mBuiséad trí thromlach simplí de na vótaí, ar a n-áireofar an vóta dearfach ón Aontas Eorpach. I gcás vóta cothrom, is ag an Aontas Eorpach a bheidh an vóta réitigh.

5.   Tabharfaidh an Bhuanrúnaíocht tacaíocht riaracháin don Choiste um an mBuiséad.

6.   Déanfar ionadaíocht ar an mBuanrúnaíocht ag cruinnithe an Choiste um an mBuiséad ach ní bheidh cearta vótála ag gabháil leis an ionadaíocht sin.

TEIDEAL V

CUR CHUN FEIDHME AN BHUISÉID

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 16

Comhlíonfaidh an Stiúrthóir dualgais oifigigh údarúcháin.

Airteagal 17

Féadfaidh an Stiúrthóir cumhachtaí um chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig baill foirne de chuid na Buanrúnaíochta. Na daoine sin atá údaraithe, ní fhéadfaidh siad gníomhú ach laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a bhronntar orthu go sainráite agus beidh siad faoi cheangal ag na rialacha seo. Seolfaidh an Stiúrthóir cóip d’aon chinneadh tarmligin a ghlacfar faoin Airteagal seo chuig an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.

Airteagal 18

1.   Na gníomhaithe airgeadais uile, de réir bhrí Chaibidil 2 den Teideal seo, beidh toirmeasc orthu aon bheart maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a dhéanamh a chothódh coinbhleacht idir a leas féin agus leas an Chomhphobail Iompair. Má thagann cás den sórt sin chun cinn, ní mór don ghníomhaí i gceist staonadh ó na bearta sin agus an t-ábhar a tharchur chuig an údarás inniúil.

2.   Tagann coinbhleacht leasa i dtreis i gcás ina gcuirtear as d’fheidhmiú oibiachtúil, neamhchlaonta fheidhmeanna gníomhaí i gcur chun feidhme an bhuiséid, nó i gcás ina gcuirtear as d’iniúchóir, nuair a tharlaíonn an cur as sin ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí a bhaineann lena saol príobháideach, le dílseacht pholaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas eile atá i gcoitinne ag an ngníomhaí nó ag an iniúchóir leis an tairbhí nó leis an gconraitheoir.

3.   Maidir leis an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, is é a bheidh ann garoifigeach uachtarach an bhaill foirne lena mbaineann. Más é an Stiúrthóir an ball foirne lena mbaineann, is é an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an t-údarás inniúil.

Airteagal 19

Cúraimí saineolais theicniúil agus cúraimí riaracháin, ullmhúcháin nó cúntacha nach mbainfidh le feidhmiú an údaráis phoiblí ná le húsáid cumhachtaí lánroghnacha breithiúnais, féadfar iad a chur ar iontaoibh, trí bhíthin conartha, eintiteas nó comhlachtaí seachtracha, i gcás ina mbeidh sin fíor-riachtanach.

Caibidil 2

Gníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Prionsabal leithscaradh na ndualgas

Airteagal 20

Déanfar leithscaradh ar dhualgais an oifigigh údarúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta, agus beidh na dualgais sin ar neamhréiteach le chéile.

Roinn 2

An t-oifigeach údarúcháin

Airteagal 21

1.   Is ar an oifigeach údarúcháin a bheidh an fhreagracht ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme.

2.   D’fhonn caiteachas a chur chun feidhme, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, déanfaidh sé caiteachas a bhailíochtú agus íocaíochtaí a údarú i gcomhréir le forálacha ábhartha na rialacha seo agus gabhfaidh sé air féin na leithreasuithe a chur chun feidhme.

3.   Is éard a bheidh i gceist le hioncam a chur chun feidhme ná meastacháin a tharraingt suas ar na méideanna is infhaighte, teidlíochtaí atá le haisghabháil a bhunú agus orduithe aisghabhála a eisiúint. I gcás inarb iomchuí, beidh i gceist leis sin teidlíochtaí bunaithe a tharscaoileadh.

4.   Áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin go gcaomhnófar na doiciméid tacaíochta go léir a bhaineann le hoibríochtaí i gceart go ceann tréimhse 5 bliana.

Airteagal 22

1.   Agus aird chuí á tabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht bhainistíochta agus ar chineál na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear, cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin an struchtúr eagraíochtúil, an bhainistíocht inmheánach, na córais rialaithe agus na nósanna imeachta i bhfeidhm a oireann do chomhlíonadh dhualgais an oifigigh údarúcháin, lena n-áirítear fíorúcháin ex post i gcás inarb iomchuí.

2.   Sula n-údaraítear oibríocht, fíoróidh baill foirne, seachas iad siúd atá ag tionscnamh na hoibríochta, na gnéithe oibríochtúla agus airgeadais di. Beidh tionscnamh agus fíorú ex ante agus ex post oibríochta ina bhfeidhmeanna ar leith.

3.   Ní bheidh an fhoireann a bheidh freagrach as na fíoruithe faoi cheannas na foirne a thionscnóidh an oibríocht agus is foirne difriúla a bheidh iontu.

Airteagal 23

Cuirfidh an Stiúrthóir, mar oifigeach údarúcháin, tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, ina mbeidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta.

Airteagal 24

Aon bhaill foirne ag a bhfuil baint le bainistiú airgeadais agus rialú idirbheart, cuirfidh siad in iúl don Stiúrthóir i scríbhinn má tá duine os a gcionn ag iarraidh orthu cinneadh a chur i bhfeidhm nó toiliú le cinneadh agus go measann siad go bhfuil an cinneadh sin neamhrialta nó in aghaidh na rialacha seo nó na rialacha gairmiúla a bhfuil ar an mball foirne cloí leo. Gníomhóidh an Stiúrthóir laistigh de thréimhse réasúnta. Mura ndéanfaidh an Stiúrthóir amhlaidh, cuirfidh an ball foirne in iúl don Choiste Stiúrtha Réigiúnach é.

Airteagal 25

Nuair atá cumhachtaí um chur chun feidhme an bhuiséid tarmligthe, bainfidh Airteagal 21 de na Rialacha seo mutatis mutandis leis an oifigeach údaraithe.

Roinn 3

An t-oifigeach cuntasaíochta

Airteagal 26

1.   Ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach, ceapfaidh an Stiúrthóir oifigeach cuntasaíochta, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta atá i bhfeidhm maidir le hearcú, le dálaí oibre agus le cothromaíocht gheografach fhoireann na Buanrúnaíochta, agus beidh an t-oifigeach sin freagrach sa Bhuanrúnaíocht as na nithe seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí a chur chun feidhme mar is ceart, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a aisghabháil;

(b)

na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir le Teideal V;

(c)

na cuntais a choimeád i gcomhréir le Teideal V;

(d)

na rialacha agus na modhanna cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a chur chun feidhme i gcomhréir le Teideal V;

(e)

na córais chuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú agus, i gcás inarb iomchuí, na córais a bhailíochtú a leag an t-oifigeach údarúcháin síos d’fhonn faisnéis chuntasaíochta a sholáthar nó d’fhonn údar a thabhairt léi;

(f)

bainistiú an chiste.

2.   Faoi réir mhír 3, níl údarás ach ag an oifigeach cuntasaíochta airgead agus sócmhainní eile a bhainistiú agus is air a bheidh an fhreagracht as iad a choinneáil slán.

3.   Más gá, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta cúramaí áirithe a tharmligean, gan dochar do phrionsabal leithscaradh na ndualgas.

Caibidil 3

Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Rialacha ginearálta

Airteagal 27

1.   Is freagracht phearsanta í an fhreagracht faoi na rialacha seo.

2.   I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí, calaoise nó neamhrialtachta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair, cuirfidh an gníomhaí airgeadais atá i gceist é sin in iúl don Stiúrthóir gan mhoill nó, má mheastar go bhfuil sé úsáideach, don Choiste Stiúrtha Réigiúnach, nó don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). Ciallaíonn ‘leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair’ an t-ioncam, an caiteachas agus na sócmhainní go léir a chumhdaítear i mbuiséad an Chomhphobail Iompair nó a fhaightear tríd nó atá dlite dó.

3.   I gcás ina raibh neamhrialtachtaí nó calaois i ngníomhaíocht, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé cibé bearta is gá a ghlacadh, ar a n-áirítear aon chinneadh a rinneadh faoi chuimsiú na gníomhaíochta sin a chur ar ceal. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na húdaráis inniúla uile, ar a n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, OLAF agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), ar an eolas láithreach faoi aon chásanna amhrasta calaoise nó neamhrialtachtaí.

Airteagal 28

1.   Tráth ar bith, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin aon tarmligean a aistarraingt go sealadach nó go cinntitheach. Cuirfear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach agus Cathaoirleach an Choiste um an mBuiséad ar an eolas láithreach faoi aon ghníomh den sórt sin le húdar cuí.

2.   Féadfaidh an Stiúrthóir an t-oifigeach cuntasaíochta a chur ar fionraí tráth ar bith ón dualgas, go sealadach nó go buan, le réamh-chomhaontú ón gCoimisiún Eorpach. Ar thogra ón gCoimisiún Eorpach, ceapfaidh an Stiúrthóir oifigeach cuntasaíochta eatramhach agus, dá réir sin, ceapfaidh sé oifigeach cuntasaíochta buan i gcomhréir le rialacha earcaíochta an Chomhphobail Iompair.

Airteagal 29

1.   Tá forálacha na Caibidle seo gan dochar d’aon dliteanas faoin dlí coiriúil a d’fhéadfadh an t-oifigeach údarúcháin agus na daoine dá dtagraítear sa Chaibidil seo a thabhú mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta infheidhme sa tír shainchónaithe agus sna forálacha atá i bhfeidhm maidir le leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair a chosaint agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh an Chomhphobail Iompair nó oifigigh na bPáirtithe Conarthacha sa Chonradh i dtreis ann.

2.   I gcás fianaise ar ghníomhaíocht mhídhleathach, calaois nó éilliú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair, tarchuirfear an cás chuig na húdaráis agus chuig na comhlachtaí inniúla.

Roinn 2

Rialacha is infheidhme maidir leis an oifigeach údarúcháin

Airteagal 30

1.   Is féidir go mbeidh ar an oifigeach údarúcháin aon damáiste a rinneadh don Chomhphobal Iompair de dheasca mí-iompar tromchúiseach dá chuid féin le linn chomhlíonadh a chuid dualgas nó i ndáil le comhlíonadh a chuid dualgas, a chúiteamh ina iomláine nó i bpáirt, go háirithe má chinneann sé na teidlíochtaí a bheidh le haisghabháil nó má eisíonn sé orduithe aisghabhála, má gheallann sé caiteachas nó má shíníonn sé ordú íocaíochta gan cloí leis na rialacha seo. Beidh an méid sin infheidhme freisin de dheasca mí-iompair thromchúisigh an oifigigh údarúcháin i gcás:

(a)

nach dtarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin suas doiciméad lena mbunaítear méid is infhaighte;

(b)

nach n-eiseoidh sé ordú aisghabhála nó má tá moill air á eisiúint gan údar cuí;

(c)

nach n-eiseoidh sé ordú íocaíochta nó má tá moill air agus ordú íocaíochta á eisiúint aige, rud a fhágfaidh go bhféadfadh tríú páirtithe caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne an Chomhphobail Iompair.

2.   Má mheasann oifigeach údarúcháin trí tharmligean go bhfuil cinneadh atá faoina fhreagracht neamhrialta nó ag teacht salach ar phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl i scríbhinn don údarás tarmligin. Má thugann an t-údarás tarmligin treoir réasúnaithe i scríbhinn don oifigeach údarúcháin trí tharmligean an cinneadh sin a chur chun feidhme, ní mór don oifigeach údarúcháin trí tharmligean é a chur chun feidhme agus ní bheidh dliteanas ar bith air/uirthi.

3.   I gcás tarmligin, leanfaidh an t-údarás tarmligin de bheith freagrach as éifeachtacht na rialacha bainistíochta inmheánaí atá ann agus as an oifigeach údarúcháin trí tharmligean a roghnú.

4.   I gcás go gcloítear le cinntí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh go docht, ní mheasfar go bhfuil an t-oifigeach údarúcháin freagrach as aon chinntí arna ndéanamh ag an gCoiste. I gcás nach n-aontaíonn an t-oifigeach údarúcháin le ceann ar bith de na cinntí sin, beidh sé de cheart aige nó aici fógra a thabhairt faoi don údarás ábhartha i scríbhinn. Mar sin féin, tá sé d’oibleagáid ar an oifigeach údarúcháin na cinntí ábhartha a leanúint.

Caibidil 4

Oibríochtaí ioncaim

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 31

Beidh ús fabhraithe ar chuntais an Chomhphobail Iompair ina chuid dá ioncam, chomh maith le ranníocaíochtaí na bPáirtithe Conarthacha sa Chonradh.

Roinn 2

Na méideanna is infhaighte a mheas

Airteagal 32

I dtús báire, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach meastachán ar an méid is infhaighte maidir le beart nó staid ar bith a d’fhéadfadh méid atá dlite don Chomhphobal Iompair a thionscnamh nó a mhionathrú.

Roinn 3

Na méideanna is infhaighte ó thríú páirtithe a bhunú

Airteagal 33

1.   Is éard atá i gceist leis an méid is infhaighte a bhunú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin nó an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an méid seo a leanas:

(a)

fíorú gurb ann don fhiach;

(b)

cinneadh nó fíorú go bhfuil an fiach ann go fírinneach agus cinnfidh sé nó fíoróidh sé méid an fhéich sin;

(c)

na coinníollacha ina bhfuil an fiach dlite a fhíorú.

2.   Aon mhéid is infhaighte agus a shainaithnítear mar mhéid atá cinnte, socraithe agus dlite, déanfar é a shuí le hordú aisghabhála a thabharfar don oifigeach cuntasaíochta, i dteannta le nóta dochair a chuirfear chuig an bhféichiúnaí. Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a tharraingeoidh suas agus a sheolfaidh an dá dhoiciméad sin.

3.   I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfar gnáth-ítimí ioncaim áirithe a bhunú go sealadach.

Le bunú sealadach, cumhdófar aisghabháil méideanna éagsúla ar leith, mar sin ní gá iad a bhunú ar leithligh ó chéile.

Roimh dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin na méideanna arna mbunú go sealadach a leasú le háirithiú go gcomhfhreagraíonn siad do na méideanna is infhaighte arna suí i bhfírinne.

Airteagal 34

Is éard is údarú aisghabhála ann an gníomh lena dtugann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, tar éis dó méid infhaighte a shuí, treoir don oifigeach cuntasaíochta an méid infhaighte sin a aisghabháil trí ordú aisghabhála a eisiúint.

Airteagal 35

1.   Déanfar méideanna a íocadh trí dhearmad a aisghabháil.

2.   Rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i mbun gnímh maidir le horduithe aisghabhála i ndáil le méideanna is infhaighte arna suí go cuí ag an oifigeach údarúcháin nó an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach. Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta dícheall cuí le háirithiú go bhfaighidh an Comhphobal Iompair a ioncam agus féachfaidh chuige go gcosnófar a chearta.

3.   I gcás ina bhfuil an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ag beartú aisghabháil a tharscaoileadh i leith méid infhaighte suite, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin go mbeidh an tarscaoileadh in eagar agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Is é an t-oifigeach údarúcháin a dhéanfaidh cinneadh maidir le tarscaoileadh den sórt sin agus ní mór dó a bheith cuí-réasúnaithe. Ní fhéadfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh mar sin a tharmligean. Leis an gcinneadh maidir leis an tarscaoileadh, cuirfear an gníomhaíocht atá déanta chun aisghabháil a fháil in iúl chomh maith leis na pointí dlí agus na fíorais ar a bhfuil sé sin bunaithe.

4.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach méid suite is infhaighte a chur ar ceal nuair a thagtar ar mheancóg maidir le pointe dlí nó fíorais a léiríonn nach raibh an méid sin suite i gceart. Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh cinneadh maidir le cealú den sórt sin agus ní mór dó a bheith cuí-réasúnaithe.

5.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach méid an fhéich shuite a choigeartú suas nó síos nuair a thagtar ar earráid fíorasach agus go mbíonn athrú ar mhéid an fhéich i gceist leis, ar choinníoll nach mbaineann caillteanas teidlíochta suite an Chomhphobail Iompair leis an gceartúchán seo. Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh athrú den sórt sin agus beidh an t-athrú sin cuí-réasúnaithe.

6.   I gcás ina mbeidh éileamh ag an bhféichiúnaí ar an gComhphobal Iompair, ar mhéid socraithe atá dlite de réir suim a suíodh le hordú íocaíochta é, aisghabhfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, tar éis don sprioc-am dá dtagraítear sa nóta dochair, na méideanna a suíodh is infhaighte le fritháireamh.

I gcásanna eisceachtúla inar gá leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair a chosaint agus ina mbeidh bonn cuí ag an oifigeach cuntasaíochta lena mheas go gcaillfí an méid atá dlite don Chomhphobal Iompair, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am a shonraítear sa nóta dochair in éag.

Lena chois sin, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta freisin aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am a shonraítear sa nóta dochair in éag nuair a thoileoidh an féichiúnaí leis sin.

7.   Sula rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i mbun aon aisghabháil i gcomhréir le mír 6, rachaidh sé i gcomhairle leis an oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé an féichiúnaí/na féichiúnaithe lena mbaineann ar an eolas.

8.   Beidh an éifeacht chéanna ag an bhfritháireamh dá dtagraítear i mír 6 agus atá ag íocaíocht agus urscaoilfear an Comhphobal Iompair leis an bhfritháireamh sin i leith mhéid an fhéich agus, i gcás inarb iomchuí, i leith mhéid an úis.

Airteagal 36

1.   Ar aisghabháil iarbhír na suime atá dlite, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta iontráil sna cuntais agus cuirfidh sé an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an eolas faoin méid sin.

2.   Eiseofar admháil i ndáil leis na híocaíochtaí uile in airgead tirim a dhéantar leis an oifigeach cuntasaíochta.

Airteagal 37

1.   Más rud é nach dtarlaíonn aisghabháil iarbhír roimh an dáta dlite a shonraítear sa nóta dochair, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an eolas agus seolfaidh sé gan mhoill an nós imeachta maidir le haisghabháil a dhéanamh le haon mhodhanna atá le fáil sa dlí.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta méideanna a aisghabháil trína bhfritháireamh i gcoinne éilimh choibhéiseacha atá ag an bhféichiúnaí ar an gComhphobal Iompair, ar choinníoll go bhfuil an t-éileamh cinnte, ar mhéid socraithe agus dlite, agus gur féidir an fritháireamh sin a dhéanamh go dlíthiúil.

Airteagal 38

Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, i gcomhar leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach, am breise a cheadú le haghaidh íocaíochta má rinne an féichiúnaí iarratas i scríbhinn ina raibh tuairisc iomchuí ar na cúiseanna a bhí leis an iarratas sin, agus sa chás sin amháin, agus ar acht go mbeidh an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta:

(a)

go ngeallann an féichiúnaí ús a íoc ar feadh na tréimhse breise ar fad a ceadaíodh, ón dáta ar a raibh an íocaíocht dlite ag an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm dá phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin in euro (an ráta tagartha) móide ocht bpointe. Is é an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí ina mbeidh deireadh leis an tréimhse íocaíochta a bheidh sa ráta tagartha, mar a foilsíodh i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(b)

chun cearta an Chomhphobail Iompair a chosaint, gur sholáthar an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais a chumhdaíonn an phríomhshuim agus an t-ús.

Caibidil 5

Oibríochtaí caiteachais

Airteagal 39

Déanfar gach ítim caiteachais a ghealladh agus a íoc.

Roinn 1

Gealladh caiteachais

Airteagal 40

1.   Is éard atá sa ghealltanas buiséadach an oibríocht lena ndéantar an leithreasú is gá a choimeád d’fhonn íocaíochtaí iardain a chumhdach ionas go gcomhlíonfar gealltanas dlíthiúil.

2.   Is éard atá sa ghealltanas dlíthiúil an gníomh lena rachaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faoi chomhair oibleagáide nó lena mbunóidh sé oibleagáid a mbeidh muirear ar an mbuiséad mar thoradh uirthi.

Airteagal 41

1.   Maidir le haon bheart a bhféadfadh caiteachas inmhuirearaithe ar an mbuiséad teacht as, ní mór don oifigeach údarúcháin atá freagrach gealltanas buiséadach a thabhairt sula rachaidh sé faoi chomhair gealltanais dlíthiúil le tríú páirtithe.

2.   Tabharfar gealltanais dhlíthiúla a bhaineann le gealltanais bhuiséadacha aonair i gcrích faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais atá i gceist.

Airteagal 42

1.   Faoin 31 Márta de bhliain N+1, saorfaidh an t-oifigeach údarúcháin an t-iarmhéid nár úsáideadh de chuid na ngealltanas buiséadach a bhaineann le bliain N.

2.   Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla a thabharfar i ndáil le gníomhaíochta ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin agus maidir leis na gealltanais bhuiséadacha a ghabhann leo, leagfar síos dáta deiridh maidir lena gcur chun feidhme, ach amháin i gcás caiteachais foirne, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Aon chodanna de na gealltanais sin nach mbeidh forghníomhaithe sé mhí tar éis an dáta deiridh, déanfar iad a shaoradh.

3.   I gcás nach mbeidh íocaíocht mar thoradh ar ghealltanas dlíthiúil tar éis tréimhse trí bliana, saorfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an gealltanas.

Airteagal 43

Agus gealltanas buiséadach á ghlacadh aige, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

go ndearnadh an caiteachas a mhuirearú ar an ítim cheart sa bhuiséad;

(b)

go mbeidh na leithreasuithe ar fáil;

(c)

go mbeidh an caiteachas ag teacht leis na forálacha is infheidhme, go háirithe forálacha an Chonartha agus rialacha bainistíochta inmheánacha an Chomhphobail Iompair;

(d)

go gcomhlíonfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

Roinn 2

Caiteachas a bhailíochtú

Airteagal 44

Is éard atá i gceist le caiteachas a bhailíochtú an gníomh lena ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin an méid seo a leanas:

(a)

fíorú gurb ann do theidlíocht an chreidiúnaí;

(b)

na coinníollacha a fhíorú faoina bhfuil an íocaíocht dlite;

(c)

réaltacht agus méid an éilimh a chinneadh nó a fhíorú.

Airteagal 45

1.   Bunófar fíorú ar aon chaiteachas ar dhoiciméid tacaíochta ar fianaise iad ar theidlíocht an chreidiúnaí, ar bhonn ráitis seirbhísí arna soláthar, soláthairtí a sheachadadh nó obair a rinneadh i bhfírinne, nó ar bhonn dhoiciméid eile a thugann údar cuí don íocaíocht.

2.   Cuirfear an cinneadh maidir le bailíochtú in iúl le síniú dearbháin ‘ceadaithe chun a íoctha’ ón oifigeach údarúcháin atá freagrach.

Roinn 3

Caiteachas a údarú

Airteagal 46

1.   Is éard atá i gceist le húdarú caiteachais an gníomh lena dtugann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú don oifigeach cuntasaíochta, trí ordú íocaíochta a eisiúint, méid caiteachais a bhailíochtaigh an t-oifigeach údarúcháin roimhe sin a íoc.

2.   Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chuirfidh dáta agus síniú leis an ordú íocaíochta, agus ansin seolfar chuig an oifigeach cuntasaíochta é. Coimeádfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na doiciméid tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 21(4).

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh doiciméad ag gabháil leis an ordú íocaíochta a sheoltar chuig an oifigeach cuntasaíochta a dheimhníonn go bhfuil na hearraí iontráilte sna fardail dá dtagraítear in Airteagal 60.

Roinn 4

Caiteachas a íoc

Airteagal 47

1.   Déanfar íocaíocht chaiteachais nuair a chuirfear cruthúnas ar fáil go ndearnadh an ghníomhaíocht ábhartha i gcomhréir leis an mbunghíomh agus go gcumhdóidh sí ceann amháin de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)

an méid iomlán atá dlite a íoc;

(b)

an méid atá dlite a íoc ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(i)

réamh-mhaoiniú, rud a fhéadfar a roinnt ina líon íocaíochtaí;

(ii)

íocaíocht eatramhach amháin nó níos mó;

(iii)

iarmhéid na méideanna atá dlite a íoc. Cuirfear réamh-mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach i gcoinne na n-íocaíochtaí eatramhacha.

Cuirfear na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus na híocaíochtaí eatramhacha uile i gcoinne na híocaíochta iarmhéideanna.

2.   Déanfar idirdhealú sna cuntais idir na cineálacha éagsúla íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 tráth a dhéanfar iad.

Airteagal 48

Is é an t-oifigeach cuntasaíochta a íocfaidh an caiteachas, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de theorainn na gcistí atá ar fáil.

TEIDEAL VI

SOLÁTHAR

Airteagal 49

Beidh feidhm ag Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

I leith nósanna imeachta soláthair ar lú a luach iomlán ná an tairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE, leagtar síos rialacha mionsonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Airgeadais seo.

TEIDEAL VII

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT

Caibidil 1

Na cuntais a thíolacadh

Airteagal 50

Beidh an méid seo a leanas i gcuntais bhliantúla an Chomhphobail Iompair:

(a)

ráitis airgeadais an Chomhphobail Iompair agus na hiarscríbhinní a ghabhann leo;

(b)

an tuarascáil maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair.

Airteagal 51

Ní mór do na cuntais na rialacha cuntasaíochta a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chomhlíonadh agus a bheith cruinn cuimsitheach agus léargas fíor cothrom a bheith iontu:

(a)

a mhéid a bhaineann le na ráitis airgeadais, na sócmhainní agus na dliteanais, na muirir agus an t-ioncam, na teidlíochtaí agus na hoibleagáidí nach léirítear mar shócmhainní nó dliteanais, agus sreabhadh airgid;

(b)

a mhéid a bhaineann le tuarascáil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, maidir le hioncam agus le hoibríochtaí caiteachais.

Airteagal 52

Tíolacfar leis na ráitis airgeadais faisnéis, ar a n-áirítear faisnéis maidir le beartais chuntasaíochta, ar bhealach lena n-áireofar go bhfuil sí ábhartha, fónta, inchomparáide agus intuigthe. Scríobhfar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leo mar a leagtar amach sna rialacha cuntasaíochta i gcomhréir le hAirteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí (‘IPSAS’).

Airteagal 53

1.   I gcomhréir le prionsabal na cuntasaíochta ar bhonn fabhraithe, taifeadtar ioncam agus speansas tráth a thuilltear iad nó a thabhaítear iad gan beann ar dháta a n-íocaíochta nó a mbailithe.

2.   Cinnfear luach na sócmhainní agus na ndliteanas i gcomhréir leis na rialacha luachála a leagtar síos leis na modhanna cuntasaíochta dá bhforáiltear i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta agus, más gá, i gcaighdeáin Náisiúnta na tíre sainchónaithe.

Airteagal 54

1.   Tíolacfar na ráitis airgeadais in Euro agus is éard a bheidh iontu:

(a)

an clár comhardaithe agus an ráiteas um fheidhmíocht airgeadais, a chuimsíonn na sócmhainní agus na dliteanais uile, an staid airgeadais agus an toradh eacnamaíoch an 31 Nollaig den bhliain airgeadais roimhe sin; déanfar iad a thíolacadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta in Airteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó IPSAS ar bhonn fabhraithe;

(b)

an ráiteas faoi shreabhadh airgid ina léirítear na méideanna a bailíodh agus a eisíocadh i rith na bliana airgeadais agus an staid leachtachta deiridh;

(c)

an ráiteas faoi na hathruithe sa chothromas i rith na bliana airgeadais.

2.   Beidh an iarscríbhinn a ghabhann leis na ráitis airgeadais ina forlíonadh agus ina trácht ar an bhfaisnéis a thíolacfar sna ráitis airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus soláthrófar inti an fhaisnéis bhreise ar fad a fhorordaítear le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh leis go hidirnáisiúnta i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ábhartha do ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Iompair.

Caibidil 2

Cuntasaíocht

Roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 55

1.   Is éard atá i gcóras cuntasaíochta an Chomhphobail Iompair sraith nósanna imeachta agus rialuithe láimhe agus ríomhairithe lena bhforáiltear d’idirbhearta nó teagmhais ábhartha a shainaithint, doiciméid foinse chruinne a ullmhú, sonraí a iontráil sna taifid chuntasaíochta go cruinn, idirbhearta a phróiseáil go cruinn, máistirchomhaid a nuashonrú i gceart agus doiciméid agus tuarascálacha cruinne a ghiniúint.

2.   Cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséid a bheidh sna cuntais. Coimeádfar na cuntais sin in euro agus ar bhonn na bliana féilire.

3.   Glacfar na figiúirí sna cuntais ghinearálta agus sna cuntais bhuiséid ag deireadh na bliana buiséid ionas go bhféadfar na cuntais dá dtagraítear i gCaibidil 1 a dhréachtú.

4.   Cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta rialacha agus modhanna cuntasaíochta chun feidhme lena gcuirtear IPSAS san áireamh agus, más gá, na rialacha a chuireann na húdaráis phoiblí i bhfeidhm sa tír óstach.

Roinn 2

Cuntais ghinearálta

Airteagal 56

Taifeadfar sna cuntais ghinearálta, in ord cróineolaíoch agus ag baint úsáide as an modh iontrála dúbailte, gach teagmhas agus gach oibríocht a mbíonn tionchar acu ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Chomhphobail Iompair.

Airteagal 57

1.   Déanfar gluaiseachtaí sna cuntais agus na hiarmhéideanna a iontráil sna mórleabhair chuntasaíochta.

2.   Beidh gach iontráil chuntasaíochta, ar a n-áirítear coigeartuithe ar na cuntais, bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta, agus tagróidh na hiontrálacha dóibh.

3.   Ní mór córas cuntasaíochta a bheith ann a fhágann rian le haghaidh gach iontrála cuntasaíochta.

Airteagal 58

Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Chomhphobail Iompair, tar éis dhúnadh na bliana airgeadais, agus suas go dtí an dáta ar a dtíolacfar na cuntais chríochnaitheacha, aon choigeartuithe is gá, nach mbainfidh le heisíoc nó le bailiú i dtaca leis an mbliain sin, d’fhonn léargas fíor agus ceart a thabhairt ar na cuntais i gcomhréir leis na rialacha seo.

Roinn 3

Cuntais bhuiséid

Airteagal 59

1.   Leis na cuntais bhuiséid cuirfear taifead mionsonraithe ar fáil ar chur chun feidhme an bhuiséid.

2.   Chun críocha mhír 1, taifeadfar oibríochtaí ioncaim agus caiteachais ar fad an bhuiséid sna cuntais bhuiséid.

3.   Déanfaidh an Bhuanrúnaíocht tuarascáil bhliantúil a bhunú gach bliain ar an 30 Márta ar a dhéanaí. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil:

tuarascáil oibríochtúil ina mínítear an obair a rinne an Bhuanrúnaíocht agus na torthaí a baineadh amach, ina dtugtar forléargas ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach i gclár oibre bliantúil na Buanrúnaíochta;

tuarascáil airgeadais maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme.

Caibidil 3

Fardail maoine

Airteagal 60

Coinneoidh an Comhphobal Iompair fardail lena léirítear méid agus luach shócmhainní inláimhsithe, neamh-inláimhsithe agus airgeadais uile ar mhaoin de chuid an Chomhphobail Iompair iad.

TEIDEAL VIII

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS COSAINT LEASANNA AIRGEADAIS

Airteagal 61

Gach bliain, suífidh an t-oifigeach cuntasaíochta cuntais na bliana roimhe tráth nach déanaí ná an 31 Márta. Déanfaidh an Stiúrthóir na cuntais sin a bhailíochtú.

Airteagal 62

Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, a ainmneoidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, iniúchadh bliantúil ar an gComhphobal Iompair (‘na hiniúchóirí seachtracha’). Bíonn tréimhse seirbhíse na n-iniúchóirí seachtracha in-athnuaite gach bliain, mura sonraíonn an Coiste Stiúrtha Réigiúnach a mhalairt.

Airteagal 63

1.   Cuirfidh na hiniúchóirí seachtracha tuarascáil faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, chomh maith leis an ráiteas sócmhainní agus dliteanas agus na cuntais dheimhnithe, tráth nach déanaí ná ocht mí ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir barúlacha ar fáil a mheasann an Stiúrthóir a bheith iomchuí maidir le tuarascáil na n-iniúchóirí seachtracha.

3.   Déanfaidh na hiniúchóirí seachtracha aon iniúchadh a mheastar a bheith riachtanach, i gcomhréir lena dTéarmaí Tagartha formheasta. Go háirithe, déanfaidh na hiniúchóirí seachtracha iniúchadh ar na taifid chuntasaíochta agus nósanna imeachta an Chomhphobail Iompair chun cruinneas agus iomláine na dtaifead a fhíorú. Leis an iniúchóireacht sheachtrach cinntear bailíocht fhoriomlán na ráiteas airgeadais.

4.   Cuirfidh na hiniúchóirí seachtracha tuarascáil iniúchóireachta agus cuntais dheimhnithe faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, in éineacht le ráiteas dearbhaithe a bhaineann le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais. Má iarrann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach air amhlaidh, tabharfaidh an Coiste um an mBuiséad cibé barúlacha a mheasann sé is iomchuí don Choiste Stiúrtha Réigiúnach maidir leis na doiciméid a chuireann na hiniúchóirí seachtracha isteach.

Airteagal 64

1.   Tarchuirfidh an t-oifigeach údarúcháin agus an Coiste Stiúrtha Réigiúnach gan mhoill aon fhaisnéis a fhaightear chuig OLAF agus chuig an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.   Comhoibreoidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach agus foireann an Chomhphobail Iompair go hiomlán chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe le OIPE agus le OLAF agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi gach faisnéis ábhartha agus, arna iarraidh, aon chúnamh is gá chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú, ar a n-áirítear imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (4) agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin go gcomhoibreoidh go hiomlán aon tríú duine a raibh baint aige le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair agus go dtabharfaidh sé/sí cearta coibhéiseacha do OIPE agus do OLAF.

3.   Beidh an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh ag áitreabh an Chomhphobail Iompair, agus áirítear leis sin an ceart rochtana chun cigireacht a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

TEIDEAL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

Beidh sé de chumhacht ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach aon eolas nó míniúchán riachtanach a fháil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.

Airteagal 66

Féadfaidh an Stiúrthóir, i gcás inar gá, treoirlínte maidir le cur chun feidhme na rialacha seo a ghlacadh ach formheas a fháil ón gCoimisiún Eorpach.

Airteagal 67

Go dtí go gceapfar baill an Choiste um an mBuiséad, comhlíonfaidh an Coimisiún Eorpach feidhmeanna an Choiste faoi Airteagal 14(2).

Airteagal 68

Beidh na rialacha sin ceangailteach go huile agus go hiomlán ar na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh agus ar na comhlachtaí a bunaíodh faoin gConradh.

Airteagal 69

Beidh feidhm ag na rialacha sin ón lá tar éis a nglactha.


(1)  IO AE L 278, 27.10.2017, lch. 3.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO AE L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(4)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO AE L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO AE L 248, 18.9.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

A GHABHANN LEIS NA RIALACHA AIRGEADAIS AGUS NA NÓSANNA IMEACHTA INIÚCHÓIREACHTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN gCOMHPHOBAL IOMPAIR

1.   BROLLACH

Beidh feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair (‘an Rúnaíocht’) nuair atá earraí, oibreacha nó seirbhísí á soláthar acu ar a cuntas féin faoi bhun na tairsí a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní chumhdaítear leis oibríochtaí amhail earcaíocht foirne, a bhfuil feidhm ag rialacha eile maidir leo.

2.   ROINN 1

2.1.   Raon feidhme agus prionsabail is infheidhme maidir le conarthaí

Ní mór prionsabail bhuiséadacha na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, chomh maith le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, a chomhlíonadh leis na nósanna imeachta soláthair uile arna gcur i gcrích ag an Rúnaíocht ar a cuntas féin. Leis sin, áiritheofar iomaíocht chóir idir oibreoirí eacnamaíocha.

Déanfar conarthaí a phleanáil ar bhonn cuspóirí a bheidh sainithe go soiléir a thacóidh le comhlíonadh chuspóirí an Chonartha um an gComhphobal Iompair (‘an Conradh’) agus chuspóirí na gcomhlachtaí arna mbunú faoi, agus chun a chur ar chumas na Rúnaíochta a sainordú a chomhlíonadh de réir Airteagal 28 den Chonradh.

Ní chinnfear luach measta conartha d’fhonn dul timpeall ar na rialacha is infheidhme, ná ní scoiltfear conradh chun na críche sin.

Déanfaidh an Rúnaíocht conradh a roinnt ina mhíreanna, aon uair is iomchuí, agus tabharfaidh sé aird chuí ar iomaíocht leathan.

Ní úsáidfidh an Rúnaíocht creatchonarthaí go míchuí ná ar bhealach arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

Go ginearálta, tá rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair oscailte do gach duine nádúrtha ar náisiúnaigh iad de Bhallstát an Aontais Eorpaigh, de Bhallstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó de pháirtí Oirdheisceart na hEorpa is sínitheoir den Chonradh, agus do na daoine dlítheanacha uile atá bunaithe go hiarmhír i mBallstát an Aontais Eorpaigh, i mBallstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó i bpáirtí Oirdheisceart na hEorpa is sínitheoir den Chonradh. Daoine nádúrtha ar náisiúnaigh de thríú tír iad a bhfuil comhaontú speisialta aici leis an Aontas i réimse an tsoláthair, agus na daoine dlítheanacha uile atá bunaithe i dtríú tír den sórt sin, is féidir leo a bheith rannpháirteach i nós imeachta soláthair faoi na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú den sórt sin. Is féidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach ann freisin.

Déanfar gach céim de gach nós imeachta soláthair a dhoiciméadú i gceart agus a thuairisciú i scríbhinn le haghaidh gach comhad soláthair, chun trédhearcacht agus in-iniúchóireacht a áirithiú.

Níl ceangal dlí ar an Rúnaíocht i dtaca le hoibreoir eacnamaíoch go dtí go síneofar an conradh. Déanfar é sin a shoiléiriú i ngach conradh le hoibreoirí eacnamaíocha. Suas leis an am sínithe, féadfaidh an Rúnaíocht an nós imeachta a chur ar ceal gan na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a éileamh. Ní mór cúiseanna leis an gcinneadh a thabhairt agus ní mór fógra i scríbhinn a thabhairt do na tairgeoirí laistigh de 15 lá ón lá a dhéantar an cinneadh.

Ní fhéadfaidh feidhmiú cumhachtaí údaráis phoiblí ná cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a bheith i gceist leis na cúraimí a chuirfear ar chonraitheoirí.

Féadfar nósanna imeachta soláthair atá faoi bhun na tairsí a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE a úsáid le haghaidh na gcineálacha ceannaigh seo a leanas:

‘seirbhísí’, lena gcumhdaítear gach seirbhís intleachtúil agus neamhintleachtúil seachas na seirbhísí sin a chumhdaítear le conarthaí soláthair, conarthaí oibreacha agus conarthaí foirgnimh;

‘soláthairtí’, lena gcumhdaítear earraí a cheannach, a léasú, a fháil ar cíos nó a fhruilcheannach, leis an rogha ceannach nó gan í (lena n-áirítear lonnú, suiteáil agus cothabháil freisin); agus,

‘oibreacha’, lena gcumhdaítear oibreacha a fhreagraíonn do na ceanglais arna sonrú ag an Rúnaíocht a thógáil, nó a dhearadh agus a thógáil. Ciallaíonn ‘obair’ an toradh a bhíonn le hoibreacha innealtóireachta sibhialta nó tógála ina n-iomláine ar leor é chun feidhm theicniúil nó eacnamaíoch a chomhlíonadh.;

3.   ROINN 2

3.1.   Creatchonarthaí agus poiblíocht

3.1.1.   Creatchonarthaí agus conarthaí sonracha

Tugtar creatchonradh i gcrích idir an t-údarás conarthach agus oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó chun téarmaí bunúsacha a leagan síos le haghaidh sraith conarthaí sonracha atá le tabhairt i gcrích thar tréimhse ar leith, go háirithe an fad, an t-ábhar, an praghas, na coinníollacha cur chun feidhme agus na cainníochtaí atá beartaithe. Ní cheanglaítear ar an oifigeach údarúcháin le síniú creatchonartha ceannach a dhéanamh.

3.1.2.   Fógraíocht a dhéanamh faoi nósanna imeachta le haghaidh conarthaí ar lú a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialacha Airgeadais an Chonartha um an gComhphobal Iompair agus foirmeacha fógraíochta.

Measfar gur conarthaí ar mheán-luach iad conarthaí ar luach níos mó ná EUR 20 000 agus atá faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear i dTreoir 2014/24/AE. Cuirfidh an Rúnaíocht nós imeachta soláthair simplithe i bhfeidhm agus ní mór cuireadh a thabhairt do chúigear iarrthóirí/tairgeoirí ar a laghad. Foilseofar an iarraidh ar léiriú spéise ar shuíomh gréasáin na Rúnaíochta, mí amháin ar a laghad roimh sheoladh an nós imeachta soláthair atá beartaithe.

Measfar gur conradh ar luach íseal é conradh ar luach atá cothrom le EUR 20 000 nó faoina bhun. Cuirfear nós imeachta tairisceana simplithe i bhfeidhm agus ní mór don Rúnaíocht cuireadh a thabhairt do thriúr iarrthóirí/tairgeoirí arna roghnú acu féin.. Níl poiblíocht ex ante a luaitear i bpointe 3.1.2 éigeantach.

Féadfar íocaíochtaí suimeanna nach sáraíonn EUR 2 500 i leith míreanna caiteachais ach íocaíocht i gcoinne sonrasc, gan tairiscint a ghlacadh roimh ré.

Faoin 31 Márta gach bliain, foilseoidh an Rúnaíocht plean soláthair ar a suíomh gréasáin ina mbeidh liosta na soláthairtí atá pleanáilte le haghaidh na bliana reatha ar mó a luach ná EUR 20 000, ina mbeidh na nithe seo a leanas: an t-ábhar, an luach measta agus an t-am seolta measta.

4.   ROINN 3

4.1.   Nósanna imeachta soláthair ar mheánluach agus ar luach íseal

4.1.1.   Réamhchomhairliúchán margaidh

Féadfaidh an t-údarás conarthach réamhanailís mhargaidh a dhéanamh d’fhonn an nós imeachta soláthair a ullmhú.

4.1.2.   Doiciméid soláthair

Is éard a bheidh sna doiciméid soláthair an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

más infheidhme, an phoiblíocht ex ante;

(b)

an glao ar thairiscintí;

(c)

na sonraíochtaí tairisceana, lena n-áirítear sonraíocht theicniúil agus na critéir ábhartha;

(d)

an dréachtchonradh.

Sna doiciméid soláthair, sainaithneoidh an Rúnaíocht ábhar an nós imeachta soláthair trí thuairisc a chur ar fáil ar a riachtanais agus ar shaintréithe na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí atá le fáil. Ní mór na forálacha uile agus an fhaisnéis seo a leanas atá de dhíth ar na hiarrthóirí chun tairiscint a chur isteach a bheith sna doiciméid sin: an nós imeachta atá le leanúint, na doiciméid atá le cur isteach, na critéir eisiaimh, roghnúcháin agus dhámhachtana chomh maith le fad agus luach measta an chonartha. Léireoidh an Rúnaíocht freisin cé na heilimintí lena sainítear na híoscheanglais a bheidh le comhlíonadh ag na tairiscintí uile. Áireofar sna híoscheanglais comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair arna mbunú faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoi na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE.

Is féidir na trí dhoiciméad thuasluaite (b go d) a sheoladh trí ríomhphost chuig na hiarrthóirí/na tairgeoirí ionchasacha.

4.1.3.   Cuireadh chun tairisceana

Mar chuid den chuireadh chun tairisceana, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha a shonrú lena rialaítear tíolacadh tairiscintí, lena n-áirítear go háirithe na coinníollacha chun iad a choinneáil faoi rún go dtí go n-osclófar iad, an dáta agus an t-am deiridh lena bhfáil agus an seoladh chuig a bhfuil le seoladh nó le seachadadh nó an seoladh idirlín i gcás tíolacadh leictreonach;

(b)

a rá go dtuigtear le tíolacadh tairisceana go nglactar leis na téarmaí agus leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid soláthair agus go gcuireann tíolacadh den sórt sin ceangal ar an gconraitheoir dá ndámhtar an conradh le linn fheidhmiú an chonartha;

(c)

an tréimhse a shonrú ina mbeidh tairiscint bailí agus nach modhnófar ar bhealach ar bith;

(d)

teagmháil ar bith idir an t-údarás conarthach agus an tairgeoir le linn an nós imeachta a thoirmeasc, ach amháin, go heisceachtúil, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna doiciméid soláthair, agus, i gcás ina ndéantar foráil do chuairt ar an láthair, na socruithe do chuairt den sórt sin a shonrú;

(e)

sonrú a thabhairt ar na modhanna cruthúnais leis an teorainn ama a chomhlíonadh maidir le tairiscintí a fháil; agus.

(f)

a rá go dtuigtear le tíolacadh tairisceana go nglactar le fógra a fháil faoi thoradh an nós imeachta trí mheán leictreonach.

4.1.4.   Sonraíochtaí tairisceana

Mar chuid de na sonraíochtaí tairisceana, beidh na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir eisiaimh agus roghnúcháin;

(b)

na critéir dhámhachtana agus a n-ualú coibhneasta nó, i gcás nach bhfuil ualú indéanta ar chúiseanna oibiachtúla, a n-ord tábhachta íslitheach, a mbeidh feidhm aige freisin maidir le malairtí má tá siad údaraithe san fhógra conartha;

(c)

na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe 4.1.6; agus,

(d)

an ceanglas i ndáil leis an tír ina bhfuil na tairgeoirí bunaithe a léiriú agus an ceanglas i ndáil leis an bhfianaise thacaíochta a bhíonn inghlactha de ghnáth faoi dhlí na tíre sin a thabhairt ar aird.

4.1.5.   Dréachtchonradh

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa dréachtchonradh:

(a)

sonraí faoi na páirtithe conarthacha;

(b)

ábhar an tsoláthair;

(c)

fad;

(d)

na téarmaí íocaíochta;

(e)

ceanglais ráthaíochta (más infheidhme);

(f)

cosaint sonraí;

(g)

cearta maoine intleachtúla;

(h)

an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh agus an chúirt inniúil chun díospóidí a éisteacht.

4.1.6.   Sonraíochtaí teicniúla

Beidh na sonraíochtaí teicniúla cuimsitheach, soiléir agus beacht agus ní bheidh sé de thoradh orthu bacainní gan údar cuí a chur ar thairiscintí iomaíocha. Saineoidh siad (de réir míre i gcás inarb iomchuí) na saintréithe soláthairtí, seirbhísí nó oibreacha atá de dhíth, agus an cuspóir dá bhfuil siad beartaithe ag an Rúnaíocht á chur san áireamh. Beidh siad comhréireach leis an gcuspóir agus/nó leis an mbuiséad le haghaidh na seirbhísí, na soláthairtí agus na n-oibreacha is gá.

Ní dhéanfar tagairt leis na sonraíochtaí teicniúla do tháirge de bhrandaí nó de thionscnaimh ar leith ná ní dhéanfar tuairisc air, agus ní fhéadfar go mbeidh sé de thoradh orthu bacainní gan údar cuí a chur ar thairiscintí iomaíocha.

Áireofar ar laghad na nithe seo a leanas leis na sonraíochtaí teicniúla:

(a)

na critéir eisiaimh agus roghnúcháin;

(b)

na critéir dhámhachtana;

(c)

fianaise ar rochtain ar sholáthar;

(d)

ábhar an nós imeachta soláthair;

(e)

eolas cúlra;

(f)

cineál cúraimí;

(g)

raon feidhme na hoibre;

(h)

fad agus na torthaí a bhfuil coinne leo;

(i)

glacadh agus rioscaí;

(j)

lóistíocht agus amchlár;

(k)

ceanglais; agus

(l)

tuarascálacha agus faireachán ar an gconradh.

Beidh na sonraíochtaí teicniúla ina sainordú den chonraitheoir le linn chur chun feidhme an chonartha. Áireofar iad mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gconradh a thiocfaidh as sin.

4.1.7.   Critéir eisiaimh

Tá na critéir sin is infheidhme maidir le gach nós imeachta soláthair agus ní mór iad a fhógairt. Ní cheadaítear aon mhodhnú ar na critéir le linn an nós imeachta.

Is é is aidhm do na critéir eisiamh cinneadh a dhéanamh an bhfuil cead ag oibreoir a bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair nó an cheadaítear an conradh a dhámhachtain dó. Tá oibleagáid ar thairgeoirí ionchasacha dearbhú a dhéanamh nach bhfuil siad i gceann de na cásanna eisiaimh trí dhearbhú ar onóir, arna shíniú agus arna dhátú. Chuige sin, ní mór don Rúnaíocht teimpléad le haghaidh an dearbhaithe ar onóir a chur ar fáil.

Beidh feidhm ag Airteagal 136(1) agus Airteagal 137, míreanna 1 go 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, i ndáil le critéir eisiaimh agus cinntí maidir le heisiamh, agus dearbhú agus fianaise nach bhfuil staid eisiaimh ann.

Déantar critéir eisiaimh a fhíorú ar bhonn pas/teipe ar an bhfianaise iomchuí is gá.

4.1.8.   Critéir roghnúcháin

4.1.8.1.

Is é is cuspóir do na critéir roghnúcháin cinneadh a dhéanamh an bhfuil an acmhainn is gá ag tairgeoir chun an conradh a chur chun feidhme nó nach bhfuil. Chuige sin, ní mór do na critéir a bheith soiléir, neamh-idirdhealaitheach, iomchuí agus comhréireach le hábhar agus luach an chonartha. Áiritheoidh an Rúnaíocht freisin go bhforchuirfidh sí critéir is féidir a fhíorú go héasca.

4.1.8.2.

Léireoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair na critéir roghnúcháin, na híosleibhéil acmhainne agus an fhianaise atá de dhíth chun an acmhainn sin a chruthú. Beidh na ceanglais go léir bainteach agus comhréireach le hábhar an chonartha.

4.1.8.3.

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair cé mar a dhéanfaidh grúpaí oibreoirí eacnamaíocha na critéir roghnúcháin a shásamh.

4.1.8.4.

I gcás ina roinntear conradh ina mhíreanna, féadfaidh an t-údarás conarthach íosleibhéil acmhainne a shocrú i gcomhair gach mír. Féadfaidh sé íosleibhéil bhreise acmhainne a shocrú i gcás ina ndámhtar roinnt míreanna ar an gconraitheoir céanna.

4.1.8.5.

Maidir leis an acmhainn chun an ghníomhaíocht ghairmiúil a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás conarthach a chur de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

a bheith cláraithe ar chlár ábhartha gairmiúil nó trádála, seachas i gcás inarb eagraíocht idirnáisiúnta é an t-oibreoir eacnamaíoch;

(b)

i gcás conarthaí seirbhíse, údarú a bheith aige lena gcruthaítear go bhfuil sé údaraithe an conradh a chomhlíonadh sa tír ina bhfuil sé bunaithe nó a bheith mar chomhalta d’eagraíocht ghairmiúil ar leith.

4.1.8.6.

Agus iarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí á bhfáil aige, glacfaidh an t-údarás conarthach le dearbhú ar onóir á rá go gcomhlíonann an t-iarrthóir nó an tairgeoir na critéir roghnúcháin.

4.1.8.7.

Féadfaidh an t-údarás conarthach a iarraidh ar thairgeoirí agus iarrthóirí ag am ar bith le linn an nós imeachta dearbhú nuashonraithe nó na doiciméid tacaíochta go léir nó cuid díobh a thíolacadh i gcás inar gá sin chun a áirithiú go ndéanfar an nós imeachta mar is ceart.

4.1.8.8.

Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar na hiarrthóirí nó ar an tairgeoir ar éirigh leis doiciméid tacaíochta atá cothrom le dáta a thíolacadh ach amháin i gcás ina bhfuil siad faighte aige cheana chun críche nós imeachta eile agus ar an gcoinníoll go bhfuil na doiciméid fós cothrom le dáta nó gur féidir leis rochtain a fháil orthu ar bhunachar sonraí náisiúnta saor in aisce.

4.1.8.9.

Féadfaidh an t-údarás conarthach, ag brath ar a mheasúnú ar rioscaí, cinneadh a dhéanamh gan fianaise a éileamh maidir le hacmhainn dhlíthiúil, rialála, airgeadais, eacnamaíoch, theicniúil agus ghairmiúil d’oibreoirí eacnamaíocha sna nósanna imeachta le haghaidh conarthaí arna ndámhachtain nach mó a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in 3.1.2.

4.1.8.10.

I gcás ina gcinneann an t-údarás conarthach gan fianaise ar acmhainn dhlíthiúil, rialála, airgeadais, eacnamaíoch, theicniúil agus ghairmiúil oibreoirí eacnamaíocha a cheangal, ní dhéanfar aon réamh-mhaoiniú ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

4.1.8.11.

Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch, más iomchuí agus do chonradh ar leith, brath ar acmhainní eintiteas eile, beag beann ar chineál dlíthiúil na nasc atá aige leo. Sa chás sin, cruthóidh sé don údarás conarthach go mbeidh fáil aige ar na hacmhainní is gá do chomhlíonadh an chonartha trí ghealltanas ó na heintitis ina leith sin a thaispeáint.

4.1.8.12.

Maidir le critéir theicniúla agus ghairmiúla, ní bhraithfidh oibreoir eacnamaíoch brath ar acmhainní eintiteas eile ach i gcás ina ndéanfaidh na heintitis sin na hoibreacha nó seirbhísí a bhfuil na hacmhainní sin de dhíth orthu.

4.1.8.13.

I gcás ina mbraitheann oibreoir eacnamaíoch ar acmhainní eintiteas eile i dtaca le critéir a bhaineann le hacmhainn eacnamaíoch agus airgeadais, féadfaidh an t-údarás conarthach a éileamh go mbeidh an t-oibreoir eacnamaíoch agus na heintitis sin comhdhliteanach as comhlíonadh an chonartha.

4.1.8.14.

Féadfaidh an t-údarás conarthach faisnéis a lorg ón tairgeoir maidir le haon chuid den chonradh a bheartaíonn an tairgeoir a ligean ar fochonradh agus ar chéannacht fochonraitheoirí ar bith.

4.1.8.15.

D’oibreacha nó seirbhísí a chuirtear ar fáil ag áis atá á maoirsiú go díreach ag an údarás conarthach, cuirfidh an t-údarás conarthach de cheangal ar an gconraitheoir ainmneacha, teagmhálacha agus ionadaithe údaraithe na bhfochonraitheoirí uile atá páirteach i gcomhlíonadh an chonartha.

4.1.8.16.

Fíoróidh an t-údarás conarthach cé acu an gcomhlíonann na heintitis, a bhfuil sé de rún ag an oibreoir eacnamaíoch brath ar a n-acmhainn, agus na fochonraitheoirí atá beartaithe, na critéir roghnúcháin ábhartha, nuair is cuid shuntasach den chonradh í an fhochonraitheoireacht. Cuirfidh an t-údarás conarthach de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch eintiteas nó fochonraitheoir nach sásaíonn critéar roghnúcháin ábhartha a ionadú.

4.1.8.17.

I gcás conarthaí oibreacha, conarthaí seirbhíse agus oibríochtaí láithreánaithe nó suiteála i gcomhthéacs conradh soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach a éileamh go ndéanfaidh an tairgeoir féin cúraimí criticiúla áirithe go díreach nó, i gcás ina dtíolacann grúpa oibreoirí eacnamaíocha an tairiscint, go ndéanfaidh rannpháirtí sa ghrúpa iad.

4.1.8.18.

Ní éileoidh an t-údarás conarthach go mbeidh aon fhoirm dhlíthiúil ar leith ar ghrúpa d’oibreoirí eacnamaíocha d’fhonn tairiscint nó iarraidh ar rannpháirtíocht a thíolacadh, ach féadfar a éileamh ar an ngrúpa roghnaithe foirm dhlíthiúil ar leith a ghlacadh tar éis an conradh a dhámhachtain dó má tá an t-athrú den sórt sin riachtanach do chomhlíonadh ceart an chonartha.

4.1.8.19.

Déantar critéir roghnúcháin a fhíorú ar bhonn pas/teipe.

4.1.8.20.

Beidh na critéir roghnúcháin infheidhme ar feadh fheidhmiú iomlán an chonartha, i.e. ní mór don chonraitheoir na critéir sin a chomhlíonadh i gcónaí.

4.1.9.   Acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais

D’fhonn a áirithiú go bhfuil an acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais riachtanach ag oibreoirí eacnamaíocha chun an conradh a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás conarthach a éileamh go háirithe:

(a)

go bhfuil láimhdeachas bliantúil íosta áirithe ag oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear láimhdeachas íosta áirithe sa réimse a chlúdaítear faoin gconradh;

(b)

go soláthraíonn oibreoirí eacnamaíocha faisnéis faoina gcuntais bhliantúla ag léiriú na gcóimheas idir sócmhainní agus dliteanas; agus

(c)

go soláthraíonn oibreoirí eacnamaíocha leibhéal iomchuí d’árachas slánaíochta riosca gairmiúla.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), ní sháróidh an láimhdeachas bliantúil íosta dhá oiread luach bliantúil measta an chonartha, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nasctha le cineál an cheannaigh, a mhíneoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), míneoidh an t-údarás conarthach na modhanna agus na critéir do chóimheasa den sórt sin sna doiciméid soláthair.

Sainmhíneoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an fhianaise a bheidh le soláthar ag oibreoir eacnamaíoch chun a acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais a léiriú. Féadfaidh sé go háirithe ceann amháin nó níos mó de na doiciméid seo a leanas a iarraidh:

(a)

ráitis chuí ó bhainc nó, más iomchuí, fianaise ar árachas slánaíochta riosca gairmiúla ábhartha;

(b)

ráitis airgeadais nó achoimrí orthu do thréimhse chomh fada leis na 3 bliana airgeadais deireanacha a raibh na cuntais dúnta lena linn nó níos giorra ná sin;

(c)

ráiteas ar láimhdeachas foriomlán an oibreora eacnamaíoch agus, más iomchuí, láimhdeachas sa réimse atá clúdaithe ag an gconradh do na 3 bliana airgeadais deireanacha atá ar fáil, ar a mhéid.

Más rud é, ar chúis bhailí ar bith, nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ábalta na tagairtí a iarrann an t-údarás conarthach a sholáthar, féadfaidh sé a acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais a chruthú le haon doiciméad eile a mheasann an t-údarás conarthach is iomchuí

4.1.10.   Acmhainn theicniúil agus ghairmiúil

Fíoróidh an t-údarás conarthach go gcomhlíonann iarrthóirí nó tairgeoirí na critéir roghnúcháin íosta i dtaca le hacmhainn theicniúil agus ghairmiúil i gcomhréir leis na míreanna seo a leanas.

Sainmhíneoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an fhianaise atá le soláthar ag oibreoir eacnamaíoch chun a acmhainn theicniúil agus ghairmiúil a léiriú. Féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na doiciméid seo a leanas a iarraidh:

(a)

i gcás oibreacha:

(i)

soláthairtí a éilíonn oibríochtaí nó seirbhísí láithreánaithe nó suiteála, faisnéis maidir le cáilíochtaí oideachais agus gairmiúla, scileanna, taithí agus saineolas na ndaoine atá freagrach as comhlíonadh, liosta de na nithe seo a leanas:

1.

na príomhsheirbhísí a cuireadh ar fáil agus na soláthairtí a seachadadh le linn na 3 bliana deireanacha chomh maith leis na suimeanna, na dátaí agus na cliaint, idir phoiblí agus phríobháideach in éineacht le ráitis eisithe ag na cliaint, má iarrtar iad;

2.

na hoibreacha a rinneadh le linn na 5 bliana deireanacha, in éineacht le deimhnithe um chur i bhfeidhm sásúil do na hoibreacha is tábhachtaí;

3.

ráiteas ar an trealamh teicniúil, na huirlisí nó an gléasra atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch chun conradh seirbhíse nó oibreacha a chomhlíonadh;

4.

tuairisc ar na háiseanna agus na modhanna teicniúla atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch chun cáilíocht a áirithiú, agus tuairisc ar áiseanna staidéir agus taighde atá ar fáil;

5.

tagairt do na teicneoirí nó na comhlachtaí teicniúla atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch, cibé acu is leis iad go díreach nó nach leis, go háirithe dóibh siúd atá freagrach as rialú cáilíochta;

(b)

i gcás soláthairtí:

(i)

samplaí, tuairiscí nó grianghraif bharántúla nó deimhnithe arna dtarraingt suas ag institiúidí rialaithe cáilíochta oifigiúla nó gníomhaireachtaí ag a bhfuil inniúlacht aitheanta a dhearbhaíonn comhréireacht na dtáirgí a shonraítear go soiléir trí thagairtí do shonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin;

(c)

i gcás oibreacha nó seirbhísí:

(i)

ráiteas ar an meán-dhaonchumhacht bhliantúil agus líon fhoireann bhainistíochta an oibreora eacnamaíoch le linn na 3 bliana deireanacha;

(ii)

léiriú ar chórais bhainistithe an tslabhra soláthair agus na córais rianaithe a bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábalta a chur i bhfeidhm agus an conradh á chomhlíonadh aige;

(iii)

léiriú ar na bearta um bainistíocht comhshaoil a bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábalta a chur i bhfeidhm agus an conradh á chomhlíonadh aige.

Chun críocha phointí a) agus b), más gá d’fhonn leibhéal leordhóthanach iomaíochta a áirithiú, féadfaidh an t-údarás conarthach a thabhairt le fios go gcuirfear san áireamh fianaise ar sholáthairtí nó seirbhísí ábhartha a cuireadh ar fáil nó a rinneadh breis agus 3 bliana roimhe.

Chun críocha phointe c), más gá d’fhonn leibhéal leordhóthanach iomaíochta a áirithiú, féadfaidh an t-údarás conarthach a thabhairt le fios go gcuirfear san áireamh fianaise ar oibreacha ábhartha a cuireadh ar fáil nó a rinneadh breis agus 5 bliana roimhe sin.

Féadfaidh údarás conarthach a chinneadh nach bhfuil an acmhainn ghairmiúil riachtanach ag oibreoir eacnamaíoch chun an conradh a chomhlíonadh go caighdeán cáilíochta iomchuí i gcás inar shuigh an t-údarás conarthach go bhfuil leasanna contrártha ag an oibreoir eacnamaíoch a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chomhlíonadh an oibreora.

4.1.11.   Critéir dhámhachtana

Is é cuspóir na gcritéar dámhachtana meastóireacht a dhéanamh ar an tairiscint theicniúil agus airgeadais d’fhonn an tairiscint is tairbhí ó thaobh na heacnamaíochta de a roghnú ag a bhfuil an praghas is ísle nó an cóimheas is fearr idir praghas agus caighdeán tar éis a fhíorú go gcomhlíonann an tairiscint íoscheanglais na ndoiciméad soláthair.

Fógróidh an Rúnaíocht sa doiciméad tairisceana conas a ndéanfar gach critéar a mheasúnú, tábhacht choibhneasta gach ceann de na critéir dhámhachtana cháilíochta agus den phraghas (má chuirtear foirmle ualaithe idir cáilíocht agus praghas i bhfeidhm).

Féadfaidh critéir cháilíochta eilimintí a áireamh amhail fiúntas teicniúil, saintréithe aeistéitiúla agus feidhmiúla, inrochtaineacht, dearadh do na húsáideoirí go léir, saintréithe sóisialta, comhshaoil agus nuálacha, próiseas táirgthe, soláthair agus trádála agus aon phróiseas ar leith eile ag aon chéim de shaolré na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí, eagrú na foirne a shannfar do chomhlíonadh an chonartha, seirbhís iardhíola, cúnamh teicniúil nó coinníollacha seachadta amhail dáta seachadta, próiseas seachadta agus tréimhse soláthair nó tréimhse críochnaithe.

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an t-ualú coibhneasta a thugann sé do gach ceann de na critéir atá roghnaithe chun a chinneadh cé acu tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch ach amháin nuair atá modh an phraghais is ísle in úsáid. Féadfar na hualuithe sin a chur in iúl mar raon a bhfuil leathadh uasta iomchuí i gceist leis.

Ní bheidh neodrú ar phraghas nó costas mar thoradh ar an ualú a chuirtear i bhfeidhm maidir le praghas nó costas i gcoibhneas leis na critéir eile.

Mura mbeidh ualú indéanta ar chúiseanna oibiachtúla, léireoidh an t-údarás conarthach na critéir in ord laghdaitheach tábhachta.

Féadfaidh an t-údarás conarthach íosleibhéil cháilíochta a leagan síos. Diúltófar tairiscintí atá faoi bhun na leibhéal cáilíochta sin.

4.1.12.   Teorainneacha ama

Teorainneacha ama maidir le tairiscintí a fháil

10 lá a bheidh sa teorainn ama chun conarthaí ar luach íseal a fháil, ag tosú ón lá i ndiaidh sheoladh an chuiridh chun tairisceana chuig na tairgeoirí ionchasacha.

15 lá a bheidh sa teorainn ama chun conarthaí meán-luacha a fháil, ag tosú ón lá i ndiaidh sheoladh an chuiridh chun tairisceana chuig na tairgeoirí ionchasacha.

Teorainneacha ama i gcásanna práinneacha

I gcásanna práinne, má tá údar cuí leis agus má dhéantar doiciméadú cuí air, is féidir an sprioc-am íosta a laghdú.

4.1.13.   Oscailt tairiscintí

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh maidir le heagrúchán iomchuí an tseisiúin tosaigh ag coiste meastóireachta. Fíoróidh an duine atá i gceannas ar an oscailt an bhfuarthas na tairiscintí faoin sprioc-am nó nach bhfuarthas.

Beidh an nós imeachta fós bailí mura chuirfidh na hiarrthóirí go léir a bhfuil cuireadh tugtha dóibh tairiscint isteach, go dtí go gcomhlíonann tairiscint amháin ar a laghad na critéir uile.

I gcás eisceachtúil nach gcuirtear aon tairiscint nó aon tairiscint oiriúnach isteach tar éis thabhairt i gcrích an nós imeachta tosaigh sin, ar choinníoll nach ndéantar athrú mór ar na bundoiciméid soláthair, féadfar an nós imeachta a athdhéanamh le hiarrthóir amháin dá dtugtar cuireadh.

4.1.14.   Meastóireacht ar thairiscintí

Osclóidh coiste meastóireachta na tairiscintí agus déanfaidh sé meastóireacht orthu go foirmiúil agus go pras, ar coiste é a cheapfaidh an t-oifigeach údarúcháin.

Ní mór coiste meastóireachta a cheapadh i gcásanna conarthaí ar mheán-luach. I gcás conarthaí ar luach íseal, féadfar coiste meastóireachta a bhunú nuair a fhaightear níos mó ná tairiscint amháin. Ní mór triúr meastóirí ar a laghad a bheith ar an gcoiste meastóireachta.

Déanfar na torthaí a thaifead i dtuarascáil mheastóireachta, a shíneoidh a chomhaltaí uile agus doiciméad ar leithligh ón gcinneadh dámhachtana is ceart a bheith ann (is bonn é le haghaidh aiseolais don tairgeoir). Ba cheart conclúid maidir le dámhachtain an chonartha a áireamh sa tuarascáil mheastóireachta.

Ní mór meastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí in am ionas go bhféadfar an nós imeachta a chríochnú laistigh de thréimhse bhailíochta na dtairiscintí. Nuair chríochnófar an mheastóireacht, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an cinneadh dámhachtana a dhéanamh.

4.1.15.   Teagmháil le tairgeoirí

Cuirfear bosca ríomhphoist feidhmiúil ar fáil, áit ar féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a spéis a léiriú nó faisnéis maidir leis na nósanna imeachta soláthair a seoladh a iarraidh.

Tá toirmeasc ar theagmhálacha idir an Rúnaíocht agus tairgeoirí féideartha le linn an nós imeachta seachas in imthosca eisceachtúla, i.e. le linn chéim an chur isteach.

Ceadaítear teagmhálacha le tairgeoirí le linn chéim an chur isteach, trí bhíthin eisceachta, sna cásanna seo a leanas: arna iarraidh sin d’oibreoirí eacnamaíocha, ní fhéadfaidh an Rúnaíocht faisnéis bhreise a sholáthar ach amháin chun na doiciméid soláthair a shoiléiriú; ar a tionscnamh féin, féadfaidh an Rúnaíocht na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas má aimsíonn sí aon earráid, aon mhíchruinneas, aon easnamh nó aon earráid chléireachais eile sna doiciméid soláthair. Má bhíonn ar an Rúnaíocht na doiciméid soláthair a cheartú le hathrú mór, cuirfidh sí síneadh leis an teorainn ama chun tairiscintí nó iarrataí ar rannpháirtíocht a fháil ionas gur féidir le tairgeoirí na hathruithe sin a chur san áireamh.

Déanfar na conarthaí i scríbhinn i gcónaí (trí mheán leictreonach más féidir ionas gur féidir freagairt phras a áirithiú agus chun baol moilleanna a sheachaint mar gheall ar fhadhbanna le seirbhísí poist).

Aon fhaisnéis bhreise a chuirtear ar fáil arna iarraidh sin do thairgeoir agus aon fhaisnéis arna cur ar fáil ag an Rúnaíocht ar a tionscnamh féin, ní mór an fhaisnéis sin ar fad a bheith ar fáil ag an am céanna do na tairgeoirí ar fad tríd an meán céanna agus a bhaineann leis na doiciméid soláthair.

Féadfaidh na tairgeoirí faisnéis bhreise a iarraidh tráth nach déanaí ná 4 lá féilire roimh an sprioc-am faoinar gá tairiscintí a chur isteach. Cuirfidh an Rúnaíocht an fhaisnéis iarrtha ar fáil a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 lá féilire roimh an sprioc-am faoinar gá tairiscintí a chur isteach.

Má chuirtear an fhaisnéis ar fáil níos lú ná 3 lá féilire roimh an sprioc-am, cuirfidh an Rúnaíocht síneadh leis an teorainn ama chun tairiscintí a fháil.

Ní bheidh sé de cheangal ar an Rúnaíocht freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéantar tráth is lú ná 4 lá féilire roimh an sprioc-am faoinar gá tairiscintí a chur isteach ach is féidir léi é a dhéanamh más indéanta. I gcás ina dtiteann an sprioc-am faoinar gá iarrataí ar fhaisnéis bhreise a chur isteach ar lá saoire poiblí, ar an Domhnach nó ar an Satharn, cuirfear síneadh leis an tréimhse agus rachaidh sí in éag ag deireadh uair dheireanach an lae oibre dár gcionn.

I gcomhréir le dea-riarachán, tá sé éigeantach teagmháil a dhéanamh leis na tairgeoirí chun faisnéis nó doiciméid atá ar iarraidh a lorg maidir le critéir eisiaimh nó roghnúcháin nó maidir le sínithe atá ar iarraidh. Ní mór údar cuí a bheith leis an easpa teagmhála sna cásanna sin agus ní mór é a dhoiciméadú le nóta sa chomhad soláthair. Níor cheart athrú ar ábhar nó praghas na tairisceana a cuireadh isteach cheana a bheith mar thoradh ar an iarraidh ar shoiléiriú, áfach.

4.1.16.   Torthaí na meastóireachta agus an chinnidh dámhachtana

I ndiaidh na meastóireachta, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh maidir le cé dó a bhfuil conradh le dámhachtain, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana a shonraítear sna doiciméid soláthair, agus síneoidh sé cinneadh dámhachtana.

Cuirfidh an Rúnaíocht an tairgeoir ar éirigh leis ar an eolas chomh maith leis na tairgeoirí nár éirigh leo maidir le forais an chinnidh, chomh maith le fad na dtréimhsí neamhghníomhaíochta dá dtagraítear i bpointe 4.1.18 de na rialacha seo. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an conradh a shíniú leis an tairgeoir a n-éireoidh leis, ina dhiaidh sin. Síneoidh an tairgeoir a n-éireoidh leis an conradh ar dtús.

4.1.17.   Faisnéis d’iarrthóirí agus do thairgeoirí

Déanfar conarthaí atá idir EUR20 001 agus an tairseach dá dtagraítear i dTreoir 2014/24/AE a dhámhtar i mbliain airgeadais ar leith a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Bhuanrúnaíochta an Chomhphobail Iompair roimh an 30 Meitheamh an bhliain dár gcionn.

4.1.18.   Tréimhse neamhghníomhaíochta roimh an gconradh a shíniú

Beidh feidhm ag tréimhse neamhghníomhaíochta 7 lá féilire ar a laghad maidir le nósanna imeachta ina bhfuil níos mó ná tairgeoir amháin. Tosóidh an tréimhse neamhghníomhaíochta an lá tar éis sheoladh comhuaineach na bhfógraí maidir le torthaí an nós imeachta roghnúcháin chuig tairgeoirí uile trí mheán leictreonach (na tairgeoirí ar éirigh leo agus nár éirigh leo). Ní shíneoidh an t-oifigeach údarúcháin an conradh roimh dheireadh na tréimhse neamhghníomhaíochta.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Rúnaíocht síniú an chonartha a chur ar fionraí chun scrúdú breise a dhéanamh air má tá údar leis de réir na n-iarrataí nó na mbarúlacha ó na tairgeoirí nár éirigh leo le linn na tréimhse neamhghníomhaíochta nó de réir aon fhaisnéis ábhartha eile a fhaightear le linn na tréimhse sin.

4.1.19.   Nósanna imeachta a chur ar ceal

Féadfaidh an Rúnaíocht, sula síneofar an conradh, an nós imeachta a chur ar ceal gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a éileamh.

Déantar cinneadh nós imeachta a chur ar ceal nuair nach ndámhtar an conradh (e.g. toisc nach raibh aon tairiscint inghlactha, níor chomhlíon aon tairiscint na critéir roghnúcháin nó na sonraíochtaí teicniúla, níor shroich aon tairiscint na híostairseacha cáilíochta, etc.), téann na riachtanais a spreag an nós imeachta soláthair as feidhm (e.g. mar gheall ar athrú ar thosaíochtaí beartais) nó i gcás nach n-áirithítear maoiniú an chonartha a bhfuil coinne leis.

Síneoidh an t-oifigeach údarúcháin an cinneadh maidir le cealú.

Tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis shíniú an chinnidh maidir le cealú, cuirfidh an Rúnaíocht na cúiseanna leis an gcealú in iúl do na tairgeoirí uile i scríbhinn (trí ríomhphost nó tríd an bpost).


Top