(1)
|
i roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha maidir leis an seisear duine nádúrtha seo a leanas:
A.
|
Daoine nádúrtha
|
Ainmneacha
(Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)
|
Ainmneacha
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta an liostaithe
|
“1.
|
Alexander (Alexandr) Petrovich KALASHNIKOV
|
Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ
(Litriú Rúisise)
|
Post/Poist: Iar-stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN)
Dáta breithe: 27.1.1964
Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Bhí Alexander Petrovich Kalashnikov ina stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 25 Samhain 2021. Sa cháil sin, rinne sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar stiúrthóir ar FSIN, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.
I gcás Alexei Navalny, agus an Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020-Eanáir 2021) tar éis gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d'éiligh FSIN, an 28 Nollaig 2020, go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó.
Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt chathair Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d'ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor.
|
2.3.2021
|
6.
|
WANG Junzheng
|
王君正
(Litriú Sínise)
|
Post/Poist: Rúnaí Páirtí Chinese Communist Party (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR); iar-Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí an Party Committee Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur na Síne; Coimeasár polaitiúil XPCC agus POF an China Xinjian Group
Dáta breithe: Bealtaine 1963
Áit bhreithe: Linyi, Shandong (an tSín)
Náisiúntacht: Síneach
Inscne: fireann
|
Rúnaí Páirtí Chinese Communist Party (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR). Iar-Rúnaí Páirtí ar Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí Party Committee Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur (XUAR) na Síne ó mhí Aibreáin 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021. Iar-Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee XUAR ó Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020. Bhí poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC.
Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.
Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC, bhí páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuir XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.
Bhí sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis.
Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Party Committee XUAR ó 2020 i leith, bhí páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020, bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite.
|
22.3.2021
|
9.
|
JONG Kyong-thaek (ar a dtugtar freisin CHO’NG Kyo’ng-t’aek)
|
정경택
(Litriú Cóiréise)
|
Post/Poist: Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army; Aire Slándála Stáit an Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)
Dáta breithe: idir 1.1.1961 agus 31.12.1963
Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)
Inscne: fireann
|
Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Is é a bhí ina Aire Slándála Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) ó 2017 go dtí 2022. Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena ndírítear ar easaontas polaitiúil, teacht isteach faisnéise “treascraí” ó thar lear agus aon iompar eile a mheastar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an gcóras polaitiúil agus ar a cheannaireacht a shainaithint agus a chur faoi chois.
Ina cháil mar iar-Cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Jong Kyong-thaek freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.
|
22.3.2021
|
10.
|
RI Yong Gil (ar a dtugtar freisin RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil)
|
리영길
(Litriú Cóiréise)
|
Post/Poist: Aire Cosanta Náisiúnta an Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)
Grád: Leas-Mharascal
Dáta breithe: 1955
Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)
Inscne: fireann
|
Is é Ri Yong Gil Aire Cosanta Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK). Ba é an tAire Slándála Sóisialta é ó Eanáir 2021 go dtí Meitheamh nó Iúil 2021. Ba é Ceannasaí ar Fhoireann Ghinearálta an Korean People’s Army (KPA) é idir 2018 agus Eanáir 2021. Tugadh ardú céime dó go Leas-Mharascal KPA an 14 Aibreán 2022.
Ina cháil mar Aire Cosanta Náisiúnta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear na sáruithe sin a rinne comhaltaí den Military Security Command agus d’aonaid eile de KPA.
Is iad Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) agus an Military Security Command na príomhinstitiúidí a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh ‘go neamhdhleathach’ ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, mar a mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mhídhaonna eile.
Ina cháil mar iarCheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.
Ina cháil mar iarCheannaire ar Fhoireann Ghinearálta KPA, tá Ri Yong Gil freagrach chomh maith as sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine arna ndéanamh ag KPA.
|
22.3.2021
|
12.
|
Abderrahim AL-KANI (ar a dtugtar freisin Abdul-Rahim AL-KANI, Abd-al-Rahim AL-KANI, Abdel Rahim KHALIFA Abdel Rahim AL-SHAQAQI)
|
عبد الرحيم الكاني
(Litriú Araibise)
|
Post/Poist: comhalta den Kaniyat Militia
Dáta breithe: 7.9.1997.
Náisiúntacht: Libiach
Uimhir an phas: PH3854LY
Uimhir aitheantais: 119970331820
Inscne: fireann
|
Tá Abderrahim Al-Kani ina chomhalta lárnach den Kaniyat Militia agus is deartháir le Ceann an Kaniyat Militia, Mohammed Khalifa Al-Khani é (a d’éag i mí Iúil 2021). Bhí smacht ag an Kaniyat Militia ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020.
Tá Abderrahim Al-Kani i gceannas ar an tslándáil inmheánach thar ceann an Kaniyat Militia. Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna.
Theith Abderrahim Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i mí an Mheithimh 2020 chuig oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo.
|
22.3.2021
|
16.
|
Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN
|
Дмитрий Валерьевич Уткин
(Litriú Rúisise)
|
Post/Poist: Bunaitheoir agus ceannasaí an Wagner Group
Grád: Leifteanantchoirnéal (cúltaca)
Ar a dtugtar freisin: Vagner, Wagner, The Nineth
Sonraí aitheantais an Wagner Group: M-0209
Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970
Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovsk Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Seoladh: Pskov, Russian Federation
Inscne: fireann
|
Is é Dimitriy Utkin, iaroifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU), bunaitheoir Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil chun amhais de Ghrúpa Wagner a imscaradh i dtíortha éagsúla.
Agus ról ceannaireachta aige laistigh de Ghrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an grúpa, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.
Áirítear leis seo an céasadh chun báis a rinne ceathrar comhalta de Ghrúpa Wagner ar thréigtheoir Siriach i mí an Mheithimh 2017 maidir le bás tréigtheoir Siriach i ngobharnóireacht Homs na Siria. De réir iarchomhalta de Ghrúpa Wagner, d’ordaigh Dimitriy Utkin féin céasadh chun báis an tréigtheora chomh maith le scannánú ar an ngníomh.
|
13.12.2021”
|
|
|