EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2354

Cinneadh (CBES) 2022/2354 ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le himscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda i Mósaimbíc

ST/13857/2022/INIT

IO L 311, 2.12.2022, p. 153–156 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2354/oj

2.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 311/153


CINNEADH (CBES) 2022/2354 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Nollaig 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le himscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda i Mósaimbíc

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1) ón gComhairle, bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá an ghéarchéim reatha i gcúige Cabo Delgado i dtuaisceart Mhósaimbíc ilghnéitheach, agus tá baol mór ann go mbeidh iarmhairtí aici ar chúigí eile sa tír agus ar thíortha comharsanachta. Is díol sásaimh do rialtas Mhósaimbíc agus do Chomhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh imscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda toisc go gcuireann sé le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht a thabhairt ar ais in Cabo Delgado.

(3)

An 6 Nollaig 2021, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) iarraidh ar an Aontas tacú le himscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda i gcúige Cabo Delgado i Mósaimbíc.

(4)

An 27 Meitheamh 2022, d’fhormheas an Chomhairle Páipéar coincheapa le haghaidh beart cúnaimh faoi SES chun tacú le himscaradh Fhórsaí Cosanta Ruanda i Mósaimbíc.

(5)

Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoi SES.

(6)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a bheidh chun tairbhe do Phoblacht Ruanda (“an tairbhí”) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an bhirt cúnaimh tacú le himscaradh leanúnach aonad d’Fhórsa Cosanta Ruanda i gcúige thuaidh Cabo Delgado i Mósaimbíc chun na gnóthachain chríochacha agus oirbheartaíochta atá déanta acu go dtí seo a leathnú, a chosaint agus a choinneáil. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin slándáil agus cosaint an daonra shibhialta i gcúigí thuaidh Mhósaimbíc, agus go n-éascófaí filleadh gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus filleadh struchtúr cuntasach eile stáit lena soláthraítear seirbhísí ar mhaithe leis an bpobal.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, rannchuideoidh an beart cúnaimh le tacú le himscaradh aonaid Fhórsa Cosanta Ruanda dá dtagraítear sa mhír sin. Ní úsáidfear an beart cúnaimh chun trealamh míleata nó ardáin mhíleata a sholáthar, ar trealamh nó ardáin iad atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh.

4.   Ar feadh tréimhse 20 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha idir an Riarthóir um bearta cúnaimh ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a) de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an beart cúnaimh.

5.   Déanfar an conradh le haghaidh chur chun feidhme an bhirt cúnaimh a thabhairt i gcrích tráth nach luaithe ná tar éis don Choiste um an tSaoráid leasú a ghlacadh ar Rialacha Cur Chun Feidhme SES.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas a chur chun feidhme arna maoiniú faoi SES.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go n-úsáidfear an maoiniú a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh go heisiach chun tacú le himscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda i Mósaimbíc;

(b)

nach n-úsáidfear maoiniú arna sholáthar faoin mbeart cúnaimh chun trealamh míleata nó ardáin mhíleata a fháil atá ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt, ná chun tuarastail nó liúntais thrúpaí Fhórsa Cosanta Ruanda a íoc;

(c)

go ndéanfaidh trúpaí Fhórsa Cosanta Ruanda a fhaigheann tacaíocht faoin mbeart cúnaimh seo an dlí idirnáisiúnta ábhartha a urramú agus a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(d)

go ndéanfaidh an tairbhí faireachán, obair leantach agus ionchúiseamh gníomhach ar aon sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, ag trúpaí Fhórsa Cosanta Ruanda a fhaigheann tacaíocht faoin mbeart cúnaimh;

(e)

go gcuirfidh an tairbhí tuarascálacha ar fáil go rialta maidir le himscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda in Cabo Delgado le linn na tréimhse tacaíochta;

(f)

go gcomhaontóidh an tairbhí idirphlé straitéiseach déthaobhach leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) ar bhonn an tuairiscithe rialta sin;

(g)

trí mhí ar a laghad sula gcuirfear i gcrích imscaradh Fhórsa Cosanta Ruanda i Mósaimbíc, tíolacfaidh an tairbhí socruithe lena bhformheas ag an Ardionadaí maidir le trealamh comhchoiteann a aistriú chuig Fórsaí Armtha Mhósaimbíc.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

4.   Ní thabharfaidh an tArdionadaí an formheas dá dtagraítear i mír (2), pointe (g), ach amháin tar éis dó a fhíorú go bhfreagraíonn an trealamh comhchoiteann atá le haistriú, agus a luach tosaigh á chur san áireamh, don mhéid a caitheadh faoin mbeart cúnaimh seo ar threalamh comhchoiteann.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Déanfaidh Aireacht Airgeadais agus Pleanála Eacnamaíche Phoblacht Ruanda cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar urramú na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 ag an tairbhí. Úsáidfear an faireachán sin chun feasacht a mhúscailt maidir leis an gcomhthéacs agus leis na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus le rannchuidiú le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsa Cosanta Ruanda dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí sonraithe a bhaint amach. D’fhéadfadh cuairteanna ar an láthair nó aon fhoirm éifeachtach eile d’fhaisnéis a chuirtear ar fáil go neamhspleách a bheith i gceist leis sin.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Ag an am ábhartha, cuirfidh an tArdionadaí CPS ar an eolas faoi na socruithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(2), pointe (g). Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh CPS a mholadh freisin go gcuirfidh an Chomhairle deireadh leis an mbeart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealamh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


Top