EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1978

Cinneadh (AE) 2022/1978 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 maidir le scéim cabhrach SA.54817 (2020/C) (ex 2019/N) a mbeartaíonn an Bheilg a chur chun feidhme chun tacú le táirgeadh físchluichí (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5130) (Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5130

IO L 272, 20.10.2022, p. 4–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1978/oj

20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/4


CINNEADH (AE) 2022/1978 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2022

maidir le scéim cabhrach SA.54817 (2020/C) (ex 2019/N) a mbeartaíonn an Bheilg a chur chun feidhme chun tacú le táirgeadh físchluichí

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5130)

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(2), an chéad fhonhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1), pointe (a), de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na n-airteagal sin (1), agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

Trí litir dar dáta an 1 Iúil 2019, thug an Bheilg fógra don Choimisiún faoin scéim cabhrach maidir le físchluichí a tháirgeadh. Seoladh tuilleadh faisnéise chuig an gCoimisiún trí litreacha dar dáta an 3 Eanáir 2020 agus an 2 Feabhra 2020.

(2)

Trí litir dar dáta an 30 Aibreán 2020, chuir an Coimisiún an Bheilg ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige an nós imeachta a bhforáiltear leis in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear thíos “CFAE”) a thionscnamh i leith na cabhrach.

(3)

Foilsíodh cinneadh an Choimisiúin an nós imeachta a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach faoin gcabhair atá i gceist.

(4)

Ina litir dar dáta an 29 Bealtaine 2020, chuir an Bheilg a barúlacha i láthair maidir leis an gcinneadh an nós imeachta a thionscnamh.

(5)

Fuair an Coimisiún roinnt barúlacha maidir leis an ábhar ó pháirtí leasmhar an 16 Iúil 2020. Chuir sé ar aghaidh chuig an mBeilg iad agus tugadh deis di freagra a thabhairt. Fuair an Coimisiún barúlacha na Beilge trí litir dar dáta an 30 Samhain 2020.

(6)

Ina litir dar dáta an 29 Bealtaine 2020, chuir an Bheilg an Coimisiún ar an eolas go raibh siad ag iarraidh an reachtaíocht ar a raibh an chabhair bunaithe a leasú agus, ina litir dar dáta an 30 Samhain 2021, gur leagadh dréacht-dlí a raibh na leasuithe ábhartha ann faoi bhráid Theach Ionadaithe na Beilge (3).

(7)

Chuir an Bheilg faisnéis bhreise ar fáil ar an 10 Meitheamh 2021 agus an 8 Nollaig 2021, chomh maith leis an 10 Feabhra 2022 agus an 29 Márta 2022.

2.   TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN SCÉIM CABHRACH

2.1.   Teideal na scéime, bunús dlí agus fad

(8)

Is scéim fothana cánach é seo chun táirgeadh físchluichí a spreagadh. Tá sé deartha mar shíneadh leis an bhfothain chánach tosaigh, arbh é ba chuspóir di tacú leis an táirgeadh closamhairc, agus a bhí údaraithe ag an gCoimisiún in 2003 (4). Formheasadh síntí leis an scéim tosaigh sin in 2004 (5), 2007 (6), 2009 (7), 2013 (8), agus 2014 (9). Cuireadh síneadh, gan athrú, in 2020 (10) leis an scéim fothana cánach a formheasadh in 2014. Fanfaidh an leagan reatha den scéim seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026.

(9)

Is é an bunús dlí atá aige Cód Cánach Ioncaim na Beilge (Code des impôts sur les revenus/Wetboek van Inkomstenbelastingen(11) agus an Dlí dar dáta an 29 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an bhfothain chánach chuig an tionscal físchluiche, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Beilge (Moniteur belge/Belgisch Staatsblad) an 16 Aibreán 2019 (12), agus an leasú ar an dlí sin atá faoi ghrinnscrúdú faoi láthair ag Teach Ionadaithe na Beilge (13). Tá coinne leis go nglacfar leis an leasú nuair a fhormheasfaidh an Coimisiún é.

(10)

Cuirfear síneadh le fad an bhirt cabhrach go dtí an 31 Nollaig 2027 (14).

2.2.   Buiséad

(11)

Is é EUR 36 000 000 (EUR 6 000 000 in aghaidh na bliana) an buiséad measta. Is é buiséad feidearálach Stát na Beilge an fhoinse.

2.3.   Cuspóir an bhirt cabhrach agus oibreacha incháilithe

(12)

Is é is cuspóir don scéim seo tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’infheistíocht ó chuideachtaí i dtáirgeadh físchluichí trí bhuntáistí cánach a dheonú do na cuideachtaí sin. Is féidir le cuideachtaí atá faoi réir cáin chorparáide sa Bheilg a chomhlíonann na critéir atá ina gceangal leas a bhaint as an bhfothain chánach dá bhforáiltear sa scéim cabhrach seo.

(13)

Chun leas a bhaint as laghduithe cánach faoin scéim, ní mór dóibh infheistíocht a dhéanamh in oibreacha arna dtáirgeadh ag cuideachtaí a tháirgeann físchluichí atá formheasta mar fhíschluichí Eorpacha ag na seirbhísí inniúla sa phobal lena mbaineann, rud a chiallaíonn nach mór na cluichí a bheith táirgthe go príomha le cuidiú údar agus oibrithe cruthaitheacha a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg nó tír eile atá ina bhall de LEE nó maoirsithe agus rialaithe sa chleachtas ag táirgeoir nó comhtháirgeoir amháin nó níos mó atá bunaithe i dtír LEE amháin nó níos mó.

(14)

Braitheann an creidiúnú sin ar fhíschluichí ar thástálacha cultúrtha arna leagan síos ag an bPobal Pléimeannach agus Réigiún na Vallúine le haghaidh a scéimeanna cabhrach féin, scéimeanna a d’fhormheas an Coimisiún (in 2018 le haghaidh an Phobail Phléimeannaigh (15), arna síneadh agus arna leasú in 2022 (16), agus in 2020 le haghaidh Réigiún na Vallúine (17)). Is iad na critéir tástála nach mór cáilíochtaí cultúrtha agus ealaíne a bheith ag an gcluiche, nach mór naisc a bheith ag na gníomhaíochtaí táirgthe agus na páirtithe lena mbaineann le réigiún Flóndras nó réigiún na Vallúine, agus nach mór an cluiche lena mbaineann a bheith nuálach cruthaitheach. Chun sin a áirithiú, tá curtha de cheangal uirthi féin ag an mBeilg a áirithiú go dtabharfaidh Stát Feidearálach na Beilge comhaontú comhair leis an bPobal Pléimeannach, Pobal na Fraincise agus Pobal na Gearmáinise i gcrích maidir le hinniúlachtaí na bpobal sin agus an Stáit Fheidearálaigh faoi seach i ndáil leis an scéim fothana cánach. Tugann an Bheilg dá aire, ar feadh ré na scéime fothana cánach, go mbeidh formheas na bpobal ar fhíschluichí sa chomhthéacs sin faoi réir na gcritéar céanna a chuireann an Pobal Pléimeannach agus Réigiún na Vallúine i bhfeidhm maidir lena cuid scéimeanna cabhrach féin le haghaidh físchluichí.

2.4.   An cineál cabhrach, eagrú an chórais, déine chabhrach agus carnadh

(15)

Faoin scéim fothana cánach atá ann faoi láthair, is féidir le cuideachta (“an t-infheisteoir”) ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh, bunaithe ar chreatchonradh, le táirgeoir saothair closamhairc áirithe. Faigheann an t-infheisteoir cúiteamh as an infheistíocht sin i bhfoirm “deimhniú fothana cánach” a chuireann ar chumas an infheisteora tairbhiú d’fhaoiseamh cánach trí laghdú ar a chuid brabúis inchánach. Is é an prionsabal atá mar bhonn taca leis an gcáin ar bhrabúis cuideachta go bhfuil cuideachtaí faoi dhliteanas cáin a íoc ar a mbrabúis fhoriomlána (Airteagal 185 de Chód Cánach Ioncaim na Beilge). Faightear an bonn cánach trí speansais in-asbhainte a bhaint as brabúis (Airteagal 6 den Chód Cánach Ioncaim). De ghnáth, is féidir le cuideachtaí na speansais ghairmiúla a thabhaigh siad le linn na tréimhse inchánach a asbhaint (Airteagal 49 den Chód Cánach Ioncaim). A mhéid a bhaineann le luach infheistíochtaí, féadfar luach a asbhaint a bhraitheann ar luach na ranníocaíochta (Airteagal 61, an dara mír, den Chód Cánach Ioncaim). Faoin scéim fothana cánach, is féidir leis an gcuideachta atá faoi dhliteanas cáin a íoc 421 % de na méideanna infheistithe a asbhaint láithreach, ar suim í atá níos mó ná a ranníocaíocht airgeadais. Ag brath ar chineál an tionscadail faoina dtugtar fógra, tá feidhm aige sin freisin maidir le ranníocaíochtaí le táirgeadh físchluiche.

(16)

Faoin scéim ar thug an Bheilg fógra fúithi, socraíodh luach cánach an deimhnithe fothana cánach ag 70 % de na costais oibriúcháin agus táirgthe a tabhaíodh laistigh de LEE nó, más rud é go bhfuil na costais oibriúcháin agus táirgthe a tabhaíodh sa Bheilg níos lú ná 63 % den bhuiséad foriomlán, de na costais oibriúcháin agus táirgthe a tabhaíodh sa Bheilg. Socraítear ag 48 % de luach cánach an deimhnithe fothana cánach an méid cabhrach is féidir a infheistiú i dtáirgeadh. Ciallaíonn sé sin i gcás uasta ina bhfuil ar a laghad 63 % den bhuiséad foriomlán caite sa Bheilg, go bhféadfadh déine chabhrach a bheith chomh ard le 48 % as 70 %, is é sin 33,6 % de bhuiséad an táirgthe, ach beidh sé níos lú i gcásanna ina raibh an méid caiteachais táirgthe a tabhaíodh sa Bheilg níos lú na 63 % den bhuiséad foriomlán. Dá mbeadh cabhair den sórt sin á cur ar fáil mar aon le cineálacha eile cabhrach táirgthe, bheadh an déine chabhrach teoranta go 50 %.

(17)

Dá réir sin, sa chéad leagan den scéim bunaíodh luach cánach an deimhnithe fothana cánach ar bhonn caiteachas críche. Braitheann an méid infheistíochta (agus dá bhrí sin an méid cabhrach) ar chéatadán an chaiteachais críche, rud a chiallaíonn go n-athraíonn sé de réir mhéid an chaiteachais a bheartaítear a chaitheamh sa Bheilg.

2.5.   Tairbhithe a chreidiúnú

(18)

Faoin scéim fothana cánach, ní mór do chuideachtaí a thairbhíonn den scéim a bheith creidiúnaithe chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh. Dar leis an mBeilg, déantar sin chun go mbeifear in ann an creidiúnú a tharraingt siar ó aon chuideachta nó duine aonair nach gcloíonn leis an dlí. (18).

(19)

Tá sé mínithe ag an mBeilg go ndeonófar an creidiúnú go tapa i ndiaidh iarratas ó na cuideachtaí táirgthe lena mbaineann. Níl in iarratas den sórt sin ach: faisnéis lena sainaithnítear an chuideachta lena mbaineann, doiciméad a léiríonn nach bhfuil an t-iarratasóir i riaráistí maidir le híocaíochtaí chuig an Oifig Náisiúnta um Shlándáil Shóisialta, agus gealltanas go gcloífear leis an dlí i dtaca leis an scéim fothana cánach. Go sonrach, ciallaíonn sé sin go dtugann an chuideachta táirgthe gealltanas go ndéanfaidh sí a tairiscint maidir leis an deimhniú fothana cánach i gcomhréir le forálacha Dhlí an 11 Iúil 2018 i dtaca le tairiscintí poiblí i dtaobh meáin infheistíochta agus meáin infheistíochta a ligean isteach sa chaibidlíocht maidir le margaí rialáilte (19) agus i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(20)

Tá mínithe ag an mBeilg nach dtabharfar isteach leis an bpróiseas creidiúnaithe aon choinníoll a bhaineann le bunaíocht sa Bheilg a bheith ag na cuideachtaí lena mbaineann tráth a dhéanann siad iarratas ar chreidiúnú.

2.6.   Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair

(21)

Mhínigh an Bheilg ina fógra go raibh EUR 100 000 000 san earnáil físchluichí sa Bheilg in 2018, nó 0,08 % den mhargadh domhanda (thart ar EUR 124 000 000 000 in 2018).

(22)

Tá na figiúirí sin tugtha cothrom le dáta ag an mBeilg ó shin. In 2020 ghin an earnáil físchluichí USD 159 800 000 000 d’ioncam ar fud an domhain (21). An méid EUR 82 000 000 a thuairiscigh an Bheilg mar ioncam foriomlán mhargadh na Beilge le haghaidh na bliana sin, ní raibh ann ach 0,05 % den ioncam foriomlán ar fud an domhain. An margadh ar mhór-roinn na hEorpa, tá sé cothrom le 19 % den mhargadh domhanda, a fhreagraíonn do USD 29 600 000 000 nó níos mó ná EUR 27 600 000 000. Ciallaíonn sé sin gur ghin margadh físchluichí na Beilge 0,3 % den mhargadh ábhartha ar mhór-roinn na hEorpa in 2020. De réir shonraí 2019, tá 1 000 duine fostaithe in earnáil na Beilge, as 87 628 san iomlán ar fud na hEorpa. Bhí 63 stiúideo ag forbairt físchluichí sa Bheilg, as 4 913 ar an iomlán ar fud na hEorpa (22). Mar sin, léiríonn na figiúirí sin go gcuimsíonn earnáil físchluichí na Beilge cuid bheag de mhargadh foriomlán na hEorpa. Sa Bheilg, is cuideachtaí beaga iad an chuid is mó de na cuideachtaí atá gníomhach san earnáil. Tá cuid mhór acu measartha nua, rud a chiallaíonn go bhfuil siad ann ar feadh níos lú ná 6 bliana. Mar gheall ar mhéid na gcuideachtaí san earnáil sin agus gan iad a bheith ann ach ar feadh tréimhse ghearr, tá deacrachtaí rompu agus iad ag dul i bhforbairt. Tá an méid sin ina chonstaic maidir le líon níos mó físchluichí cultúrtha a tháirgeadh, lena ngabhann níos mó éagsúlacht.

(23)

Is mian leis an mBeilg na barúlacha seo a leanas a chur in iúl: d’ainneoin an fháis san earnáil seo, níl an spreagadh airgeadais is gá a bheith ag an tionscal chun urfhuascailt margaidh a bhaint amach. Cluiche a fhorbairt a bheidh á imirt ar ríomhaire, consól, táibléad nó fón cliste, tá sé cosúil le scannán a dhéanamh óir tógann sé roinnt míonna nó blianta fiú. Bíonn oibrithe a bhfuil scileanna ardoilte acu ag teastáil ón bpróiseas. Mar a bhíonn i dtionscal na scannán, ní bhíonn toradh sodhíolta ar fáil go dtí deireadh an phróisis. I bhfianaise na tréithe sin, tá an earnáil físchluichí sách rioscúil. Thairis sin, díreach mar a bhíonn i dtionscal na scannán, ní féidir a bheith cinnte go meallfaidh cluiche ar leith go leor daoine chun go mbeidh toradh ar an infheistíocht. Ina theannta sin, meastar go mbíonn níos mó riosca ag baint le físchluichí a bhfuil gnéithe suntasacha oideachasúla, cultúrtha agus ealaíonta acu. Is amhlaidh sin toisc go mbaineann na costais táirgthe chéanna leo agus a bhaineann le físchluichí a mbíonn tóir orthu ar fud an domhain, ach go bhfuil rochtain acu ar mhargadh níos teoranta.

(24)

Cuireann srianta airgeadais isteach ar sheoladh mórthionscadal a bhfuil acmhainneacht chruthaitheach shuntasach acu ach a bhfuil riachtanais bhuiséadacha níos airde acu. Dá bhrí sin díríonn táirgeadh físchluichí ar chluichí is féidir a imirt ar ríomhairí pearsanta agus cluichí is féidir a tháirgeadh ar bhuiséad níos ísle. Bíonn deacrachtaí maoinithe ina mbac ar fhios gnó a chaomhnú agus a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil. Is é fírinne an scéil go bhfuil sé le leas táirgeoirí a bheith ag obair mar fhochonraitheoirí do chuideachtaí eachtracha, in áit a bhfíschluichí féin a fhorbairt.

(25)

Mar thoradh air sin, is minic go mbíonn deacrachtaí móra ag cuideachtaí físchluichí Beilgeacha agus iad ag iarraidh maoiniú a fháil le haghaidh tionscadail nua. Mar aon leis sin bíonn go leor iomaíocht idirnáisiúnta rompu.

(26)

Cuideoidh an fhothain chánach leis an líon infheistíochtaí príobháideacha san earnáil físchluichí a mhéadú, ar an mbealach céanna leis an bhfothain chánach le haghaidh táirgeadh scannáin agus closamhairc.

2.7.   Tuairisc ar na forais leis an nós imeachta a thionscnamh

(27)

Bhí amhras ann faoin scéim, mar a fógraíodh don Choimisiún i dtosach í, i dtaca lena dlíthiúlacht ghinearálta. Tá luach cánach an deimhnithe fothana cánach bunaithe ar bhonn caiteachas críche. D’fhéadfadh sé go mbeadh coinbhleacht ann idir na coinníollacha críche sin agus prionsabail na dlíthiúlachta ginearálta, go sonrach prionsabail CFAE lena ráthaítear saorghluaiseacht earraí agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagail 34 agus 56 CFAE).

(28)

Chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le cé acu a bhí nó nach raibh sé dleathach agus comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i dtaca le cabhair d’fhíschluichí an méid infheistíochta a shainiú agus dá réir sin an méid cabhrach a shainiú mar chéatadán de chaiteachas críche sa Bheilg, agus cé acu a bhí nó nach raibh sé riachtanach agus comhréireach go nascfaí coinníollacha críche le cabhair den sórt sin.

3.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA

(29)

I litir dar dáta 16 Iúil 2020, chuir an eagraíocht um tháirgeoirí scannán agus teilifíse neamhspleácha Pléimeannacha (Vlaamse Onafhankelijke Film & Televisie Producenten, dá ngairfear VOFTP anseo feasta) roinnt barúlacha in iúl maidir leis an scéim cabhrach ar tugadh fógra fúithi. Creideann VOFTP go ndéanann an scéim difear dóibh, agus imní orthu go mbeidh leathnú an chórais fothana cánach ina chúis le laghdú ar shreabhadh na hinfheistíochta i léiriúcháin closamhairc a gcomhaltaí. De réir VOFTP, ní chomhlíonann leathnú an chéad chórais fothana cánach na coinníollacha i dtaca le comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach agus dá réir sin níor cheart don Choimisiún é a fhormheas.

(30)

San aighneacht, cuireann VOFTP i dtreis an tábhacht a bhaineann le scrúdú críochnúil a dhéanamh chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil fíornasc leis an mBeilg ag na físchluichí atá chun an chabhair a fháil faoin scéim agus cé acu a chuireann nó nach gcuireann siad leis an rud is cuspóir dó cultúr de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn. Tá imní ar VOFTP nach bhfuil ráthaíocht sa scéim nach dtabharfar cabhair ach amháin d’fhíschluichí a bhfuil cuspóir cultúrtha acu.

(31)

De réir VOFTP, ba cheart ráthaíocht a thabhairt leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm faoin scéim cabhrach d’fhíschluichí agus lena ndéantar measúnú ar ghné chultúrtha cluichí den sórt sin go bhfuil luach cultúrtha ag aon chluiche a thairbhíonn den scéim. Is é an pobal nó an réigiún atá freagrach ba cheart critéir den sórt sin a shainiú, a bhfuil a scéimeanna cabhrach féin acu i dtaca leis an earnáil físchluichí. I ngach cás, sainíonn eagraíocht a bhaineann go sonrach leis an bPobal Pléimeannach (an Ciste Closamhairc Pléimeannach) nó Réigiún na Vallúine na critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngné chultúrtha. Tá amhras ar VOFTP go ráthaítear cur i bhfeidhm na gcritéar sin. Tá comhaontú comhair de dhíth idir stát na Beilge agus na pobail faoi seach, ach níl aon chomhaontú den sórt sin ann.

4.   BARÚLACHA ÓN MBEILG

(32)

Ina litir dar dáta an 29 Bealtaine 2020, thug an Bheilg dá aire gur dheimhnigh an cinneadh tús a chur leis an nós imeachta go bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir leis an gcabhair lena mbaineann a bheith áirithe mar chabhair a spreagann cultúr agus atá comhoiriúnach dá bhrí sin leis an margadh inmheánach, de bhun Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE.

(33)

A mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le caiteachas tionscnaimh agus dlíthiúlacht ghinearálta an chaiteachais sin (lena n-áirítear a riachtanas agus a chomhréireacht) agus, go sonrach, prionsabail CFAE a ráthaíonn saorghluaiseacht earraí agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagail 34 agus 56 CFAE), thosaigh an Bheilg ag déanamh scrúdú ar an bhféidearthacht caiteachas incháilithe a leathnú chuig críoch iomlán LEE. Ar an 16 Iúil 2021, mhol an Coiste um Airgeadas agus Buiséad de Theach na nIonadaithe sa Bheilg go n-athrófaí an reachtaíocht is infheidhme chun an frása “caiteachas ar tháirgeadh agus costais oibriúcháin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch” a chur in ionad an fhrása “caiteachas ar tháirgeadh agus costais oibriúcháin sa Bheilg”. Sa dréachtleasú, socraítear luach an deimhnithe fothana cánach ag 70 % den chaiteachas ar tháirgeadh agus costais oibriúcháin a thabhaítear laistigh de LEE nó, más rud é go bhfuil caiteachas ar tháirgeadh agus costais oibriúcháin arb é atá ann ioncam gairmiúil faoi réir cánachas laistigh de chuntais LEE ar mhéid níos lú ná 63 % den bhuiséad iomlán, den chaiteachas ar tháirgeadh agus costais oibriúcháin arb é atá ann ioncam gairmiúil faoi réir cánachas laistigh de LEE. Tá Teach na nIonadaithe ullamh chun an leasú a ghlacadh a luaithe a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh dearfach.

(34)

A mhéid a bhaineann le nótaí tráchta VOFTP maidir le gné chultúrtha físchluichí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh cabhrach agus cur i bhfeidhm tástálacha cultúrtha na bpobal faoi seach i dtaobh na bhfíschluichí cumhdaithe ag an bhfothain chánach, tá sé ráite ag an mBeilg gur cheart an comhaontú comhair idir an Stát Feidearálach agus na pobail maidir le táirgí closamhairc a oiriúnú ionas go n-áireofaí cur i bhfeidhm tástálacha cultúrtha na bpobal nó na réigiún i dtaca le físchluichí. Tarlóidh sé sin sula gcuirfear an scéim ar tugadh fógra fúithi chun feidhme, a luaithe a ghlacann Teach na nIonadaithe leis an leasú reachtach atá molta, agus a luaithe a ghlacann an Coimisiún leis an gcinneadh maidir leis an bhfothain chánach i dtaca le táirgeadh físchluichí. Tá sé deimhnithe ag an mBeilg nach n-athróidh an comhaontú comhair sin inneachar na dtástálacha.

5.   MEASÚNÚ AR AN SCÉIM

5.1.   Státchabhair a bheith ann

(35)

Foráiltear le hAirteagal 107(1) CFAE: De réir Airteagal 107(1) CFAE, “[a]ch amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit”.

5.1.1.   Acmhainní stáit agus a mhéid atá siad inchurtha i leith an Stáit

(36)

Is féidir le hinfheisteoirí cistí a úsáidtear i gcomhthéacs na scéime atá faoi scrúdú a bhaint as a gcuid brabúis inchánach. Laghdaíonn an asbhaint sin, dá bhforáiltear sa dlí, an méid cánach a bhailíonn an Stát. Luaitear sa dlí freisin go bhfuil na cistí sin le leithdháileadh ar eagraíochtaí atá formheasta ag an Stát le haghaidh na hoibríochta sin agus nach mór dóibh rannchuidiú le táirgí sonracha arna gcreidiúnú mar fhíschluichí Eorpacha ag seirbhísí inniúla an phobail lena mbaineann. Dá bharr sin, úsáideann na hinfheistíochtaí i gceist acmhainní an Stáit agus baineann siad leis an Stát.

5.1.2.   Buntáiste

(37)

Is é is cuspóir don scéim na costais táirgthe a íocann táirgeoirí físchluichí a laghdú. Is cuid de na costais a bhíonn ar gach táirgeoir físchluichí a íoc é caiteachas den sórt sin. I bhfocail eile, is costas é a shanntar do bhuiséad an tairbhí de ghnáth.

(38)

Tagann an chabhair a thugtar don táirgeoir ó ranníocaíochtaí an infheisteora, agus tagann sé sin féin ó in-asbhainteacht chánach na hoibríochta sin. Tugann an Coimisiún dá aire go n-aistrítear, iarbhír, an buntáiste a thagann ón in-asbhainteacht chánach chuig an táirgeoir tríd an gcreatchonradh.

(39)

Dá bharr sin, tugann an scéim buntáiste don táirgeoir nach mbeadh le fáil ag an táirgeoir sin faoi ghnáthchoinníollacha margaidh. Dá bhrí sin, is buntáiste atá sa bheart sin atá le leas táirgeoirí físchluichí.

5.1.3.   Roghnaíocht

(40)

Tá an scéim roghnaitheach mar is iad na tairbhithe ar éirigh lena dtionscadail sa tástáil roghnaitheach amháin ar féidir leo an chabhair a fháil. Thairis sin, cumhdaíonn an scéim cabhrach earnáil an fhíschluiche amháin. Ina theannta sin, ciallaíonn an asbhaint chánach de 421 % de luach na hinfheistíochta go ndéileáiltear leis na hinfheistíochtaí lena mbaineann (agus dá bhrí sin leis na tairbhithe) ar bhealach níos fabhraí ná infheistíochtaí eile i dtaca le cuspóir na scéime cánach, mar ní féidir infheistíochtaí eile a asbhaint ag ráta níos airde ná a luach ainmniúil. Is mar seo sé bíodh is go bhfuil a gcás, de jure agus de facto araon, inchomparáide maidir le cuspóir na scéime cánach, atá dírithe ar cháin a ghearradh ar ioncam cuideachtaí i ndiaidh infheistíochtaí a asbhaint. Níl féidir údar cuí a thabhairt leis an gcóir seo ar bhonn nádúr agus chiall an chórais. Faoin gcóras cánach corparáide, ní féidir le hasbhaint chaighdeánach a bheith níos mó ná an luach ainmniúil infheistíochta.

5.1.4.   Saobhadh iomaíochta agus éifeacht ar thrádáil idir Bhallstáit

(41)

Dá bhrí go bhfuil físchluichí mar chuid de thrádáil idirnáisiúnta agus go bhfuil an margadh seo oscailte don iomaíocht, d’fhéadfaí go ndéanfadh an buntáiste airgeadais arna ndeonú chuig tairbhithe difear d’iomaíocht agus trádáil idir Ballstáit.

5.2.   Dleathacht na cabhrach

(42)

Agus fógra á thabhairt faoin scéim sular tháinig sí in éifeacht, chomhlíon an Bheilg lena cuid oibleagáidí faoi Airteagal 108(3) CFAE.

5.3.   An bunús dlí leis an measúnú

(43)

Déanfar anailís ar an méid atá an scéim comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE, i bhfianaise an chuspóra cultúr a spreagadh trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail chultúrtha.

(44)

Chun bheith níos beaichte, déanfar anailís ar chomhréir na scéimeanna leis an margadh inmheánach i bhfianaise phointe 24 den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le státchabhair le haghaidh scannán agus saothair chlosamhairc eile (23) (dá ngairfear thíos an “Teachtaireacht maidir leis an gCineama”). Luaitear i bpointe 24, a bhaineann go sonrach le státchabhair i dtaca le táirgeadh físchluichí, i gcás ina bhfuil gá le scéim cabhrach atá dírithe ar chluichí a bhfuil cuspóir cultúrtha agus oideachais acu, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm, mutatis mutandis, na critéir déine cabhrach arna sainmhíniú le haghaidh scannán sa Teachtaireacht maidir leis an gCineama.

5.4.   Comhoiriúnacht na cabhrach leis an margadh inmheánach

(45)

Ina chinneadh maidir leis an nós imeachta a thionscnamh, thug an Coimisiún dá aire go ndealraíonn sé go gcomhlíonann an scéim an chuid is mó de na critéir maidir le haicmiú mar chabhair chun cultúr a chur chun cinn agus dá bhrí sin mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, de bhun Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE.

5.4.1.   Dlíthiúlacht ghinearálta

(46)

Chun bheith comhoiriúnach, ní mór scéimeanna cabhrach an critéar maidir le “dlíthiúlacht ghinearálta” a chomhlíonadh. Tá an coincheap “dlíthiúlacht ghinearálta” bunaithe ar an toimhde nach bhfuil clásal sna coinníollacha incháilitheachta agus na critéir maidir le cabhair a dheonú atá fite fuaite le deonú na cabhrach atá contrártha le forálacha sonracha CFAE i réimsí seachas Státchabhair (24).

(47)

Ní dhéanann an scéim aon choinníoll a fhorchur a bhaineann le náisiúntacht na Beilge nó aon cheanglas i dtaobh an chuideachta atá ag fáil cabhrach a bheith bunaithe go príomha i gcríoch na Beilge. Féadfaidh tairbhithe a bheith bunaithe i dtír eile den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

(48)

Níl aon tionchar ag an nós imeachta creidiúnaithe le haghaidh cuideachtaí táirgthe agus idirghabhálaithe ar dhlíthiúlacht ghinearálta na scéime. Faoin scéim fothana cánach atá ann faoi láthair, ní mór do chuideachtaí atá ag baint leas as an scéim gníomhaireacht bhunaithe a bheith acu sa Bheilg tráth a eisíoctar an chabhair. Ní áirítear sa phróiseas creidiúnaithe aon choinníoll maidir le bunaíocht nó cónaí sa Bheilg i dtaca leis na cuideachtaí lena mbaineann tráth a dhéanann siad iarratas ar chreidiúnú.

(49)

A mhéid a bhaineann le cabhair déine, tá leasú tugtha isteach ag an mBeilg, trí bhíthin bille, ar na forálacha srianta críochacha den scéim mar a tugadh fógra fúithi ar dtús. Faoin mbille seo, leagtar síos an méid cabhrach de réir an mhéid caiteachais ar tháirgeadh agus costais oibriúcháin a tabhaíodh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Dá bharr sin, níl an baol ann níos mó go mbeidh an scéim ina chonstaic maidir le saorghluaiseacht earraí nó an saoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den mhargadh inmheánach (Airteagail 34 agus 56 CFAE).

5.4.2.   An cultúr a chur chun cinn, de bhun Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE

(50)

Faoi Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE, féadfar a mheas go bhfuil cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur chun cinn comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, mura ndéanann cabhair den sórt sin difear do thrádáil ná do choinníollacha iomaíochta san Aontas a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann.

(51)

Níl treoirlínte ar bith tarraingthe suas ag an gCoimisiún faoin mbealach chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm maidir le cabhair i dtaca le físchluichí. Deimhníonn pointe 24 den Teachtaireacht maidir le Cineama go ndéantar anailís ar bhonn cás-ar-chás ar chabhair arb é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’fhíschluichí.

(52)

Leanann an measúnú cabhrach i dtaca le físchluichí faoi Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE cleachtas an Choimisiúin, rud a thosaigh leis an gcinneadh maidir le creidmheas cánach na Fraince mar thacaíocht le físchluichí, inar aithin an Coimisiún gur féidir físchluichí sonracha a áireamh mar tháirgí cultúrtha (25).

(53)

Tá roinnt critéir chultúrtha forbartha ag an bPobal Pléimeannach agus Réigiún na Vallúine — le haghaidh a gcuid scéimeanna cabhrach féin maidir le físchluichí — i dtaca le físchluichí atá incháilithe le haghaidh cabhrach, critéir atá infheidhme freisin maidir leis an scéim fothana cánach (26). Tá scála bunaithe acu chun tionscadail a roghnú chun a áirithiú go bhfuil na cluichí atá ag fáil tacaíochta ag comhlíonadh i ndáiríre na coinníollacha maidir le haitheantas mar obair chultúrtha. Rinne an Coimisiún anailís ar na critéir sin (27) agus na scéimeanna sin a fhormheas.

(54)

Murab ionann agus an maíomh a rinne an páirtí leasmhar VOFPT, tá gealltanas tugtha ag an mBeilg comhaontú comhair a bhunú idir an Stát cónaidhme agus na pobail sula gcuirfear an scéim fothana cánach maidir le físchluichí chun feidhme (féach aithrisí (14) agus (34)). Tá an cineál comhair sin i bhfeidhm cheana féin chun tacaíocht a thabhairt do shaothair chlosamhairc.

(55)

Mar chonclúid, tugann an scéim tacaíocht do thionscadail chultúrtha agus comhlíonann sí an cuspóir i dtaca le cultúr a chur chun cinn, de bhun Airteagal 107(3), pointe (d), CFAE.

5.4.3.   Oiriúnacht an bhirt cabhrach

(56)

Is é is aidhm don scéim tacaíocht a thabhairt do thionscadail cultúrtha a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil ar an margadh, i bhfianaise chineál an tionscadail (obair chultúrtha) agus na rioscaí atá i gceist (cé go mbeidh costais táirgthe ann gan amhras, níl aon chinnteacht go mbeidh lucht féachana ann). Cuidíonn an scéim mar sin le maoiniú chuid de chostais táirgthe na bhfíschluichí a roghnaíodh de bharr a mhéid a rannchuidíonn siad le cur chun cinn cultúir. Tá an sásra tacaíochta bunaithe ar phrionsabal tacaíochta do tháirgeadh cluichí ag infheisteoirí príobháideacha. Mhínigh an Bheilg go mbeadh níos mó costais riaracháin agus airgeadais ag baint le córas tacaíochta dírí ná a bheadh ag an mbeart fothana cánach. Thairis sin, bheadh íocaíocht an deontais dhírigh ag teacht ní ba luaithe sa phróiseas ná aon díolúine cánach (sealadach agus críochnaitheach araon). Ina theannta sin, de bhrí go dtarmligtear an dualgas maidir le hábhair chultúrtha do phobail na Beilge, tá polasaí closamhairc ag leibhéal feidearálach na Beilge teoranta don chóras fothana cánach a bhunú mar chuid de pholasaí socheacnamaíoch na Beilge. Trí pháirt a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha, is mian leis an mBeilg comhtheagmháil agus slí isteach in earnáil an chultúir a spreagadh leis na foinsí féideartha maoinithe éagsúla.

(57)

Dá réir sin, is modh iomchuí an scéim chun an cuspóir a bheartófar a bhaint amach.

5.4.4.   Cé acu atá nó nach bhfuil an chabhair riachtanach

(58)

Is saothair chultúrtha iad na físchluichí a thairbhíonn den chabhair a chuireann cultúr Eorpach agus áitiúil chun cinn. Soláthraíonn a gcumas margaíochta idirnáisiúnta giaráil chun cultúr a spreagadh ar mhórscála.

(59)

Mar sin féin, bíonn deacrachtaí maoinithe faoi choinníollacha an mhargaidh ag tionscadail a bhfuil baint acu le físchluichí (féach aithrisí (22) go (24) thuas). Na rioscaí airgeadais is gné dhílis de thionscadail lena mbaineann físchluichí, a thabhaíonn costais táirgthe de réir riachtanais ach gan é bheith cinnte go ngnóthóidh siad tuilleamh, tá siad ina mbacainní ar infheistíocht phríobháideach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil idirghabháil phoiblí de dhíth chun sciar níos mó agus níos éagsúla de thionscadail a thabhairt chun foirfeachta.

5.4.5.   Comhréireacht na cabhrach

(60)

Luaitear i bpointe 24 den Teachtaireacht maidir leis an gCineama, ar choinníoll gur féidir a thaispeáint go bhfuil gá le scéim cabhrach dírithe ar chluichí a bhfuil cuspóir cultúrtha agus oideachais acu, go gcuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm, de réir analaí, na critéir déine cabhrach chéanna a leagtar síos le haghaidh scéimeanna cabhrach i bhfabhar saothar closamhairc.

(61)

Tugann an scéim tacaíocht maidir le cruthú físchluichí i gcionta teoranta. Is é 33,6 % uasdéine na cabhrach agus, i gcás ina bhfuil níos mó ná foinse cabhrach amháin ann, tá sé teoranta do 50 % de chostais táirgthe na bhfíschluichí, i gcomhréir leis an tairseach 50 % a leagtar síos sa Teachtaireacht maidir leis an gCineama. Is é is cuspóir do na rátaí uasdéine tionscnamh príobháideach a chaomhnú trí iallach a chur ar thairbhithe cabhrach maoiniú a fháil ó fhoinsí eile, i dteannta an Stáit.

(62)

Mar chonclúid, tá an scéim comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú.

5.4.6.   Saobhadh iomaíochta teoranta agus éifeacht ar thrádáil

(63)

Ar fud an domhain, ghin an earnáil físchluichí méid ioncaim USD 159 800 000 000 in 2020. Maidir leis an margadh ar mhór-roinn na hEorpa, tá sé cothrom le 19 % den mhargadh domhanda, a fhreagraíonn do USD 29 600 000 000, (níos mó ná EUR 27 600 000 000). In 2020, bhí ioncam EUR 82 000 000 ó mhargadh físchluichí na Beilge, a chomhfhreagraíonn do 0,3 % den mhargadh foriomlán Eorpach agus 0,05 % den mhargadh domhanda (28).

(64)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tá sé soiléir, ar dtús, go bhfuil an buiséad le haghaidh na scéime chun tacaíocht a thabhairt d’earnáil físchluichí na Beilge measartha teoranta (féach aithris (11)) i gcomparáid le láimhdeachas foriomlán na hearnála sa Bheilg. Ar an dara dul síos, aon saobhadh a chruthaíonn an chabhair sin, is féidir a mheas go bhfuil sé beag, ós rud é go bhfuil sciar teoranta den mhargadh Eorpach agus den mhargadh domhanda ag físchluichí na Beilge.

(65)

Is é conclúid an Choimisiúin nach ndéanfaidh an chabhair sin cumhacht mhargaidh na gcuideachtaí tairbheacha a mhéadú go míchuí, ach go leathnóidh sí an raon cluichí ar an margadh a bhfuil cáilíochtaí cultúrtha acu. Tá an measúnú foriomlán maidir leis an gcabhair sin i dtaca leis an margadh inmheánach dearfach, de bhrí go mbeidh teorainn le haon saobhadh ar iomaíocht agus tionchar ar thrádáil a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh uirthi.

6.   CONCLÚID

(66)

Chinn an Coimisiún dá bhrí sin nach ndéanfaidh an chabhair sin cumhacht mhargaidh na gcuideachtaí tairbheacha a mhéadú go míchuí ach, os a choinne sin, go gcuirfidh sí feabhas ar éagsúlacht raon na gcluichí ar an margadh a bhfuil cáilíochtaí cultúrtha acu. Is é an chonclúid ba cheart a bheith ann gur teoranta aon saobhadh ar iomaíocht agus tionchar ar thrádáil ón scéim; agus gur dearfach an measúnú foriomlán maidir leis an gcabhair atá ceaptha chun cultúr a chur chun cinn. Tá an fhothain chánach maidir le físchluichí a chruthú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an Státchabhair atá an Bheilg ag iarraidh a chur chun feidhme i bhfabhar táirgeadh físchluichí trí scéim fothana cánach a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh físchluichí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (d), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá cur chun feidhme na cabhrach údaraithe dá réir.

Airteagal 2

Is ar Ríocht na Beilge atá an Cinneadh seo dírithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Comhalta den Choimisiún


(1)  Cinneadh C(2020) 2648 final an 30 Aibreán 2020 (IO C 206, 19.6.2020, lch. 11).

(2)  IO C 206, 19.6.2020, lch. 11.

(3)  https://www.lachambre.be/FLWB/PDF/55/1590/55K1590001.pdf

(4)  N 410/02 (ex-CP 77/2002), Belgium – State aid to Belgian film and audiovisual production – cinema tax shelter scheme [An Bheilg — Státchabhair do tháirgeadh scannáin agus closamhairc na Beilge — scéim fothana cánach cineama], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/137343/137343_455458_39_2.pdf

(5)  N 224/04, An Bheilg — State aid to Belgian cinematic and audiovisual production – changes in the federal scheme known as the cinema tax shelter [Státchabhair do tháirgeadh cineamatach agus closamhairc na Beilge — athruithe ar an scéim feidearálach ar a dtugtar an fhothain chánach cineama], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/140619/140619_503601_23_2.pdf

(6)  N 121/2007, Belgium – Tax measures to encourage audiovisual production – tax shelter – extension of aid measure No N 224/2004 [An Bheilg — Bearta cánach chun táirgeadh closamhairc a spreagadh — fothain chánach — síneadh le beart cabhrach Uimh. N 224/2004], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/219141/219141_703682_36_2.pdf

(7)  N 516/2009, An Bheilg — Tax shelter to encourage audiovisual production – extension of aid measure No N 121/2007 [Fothain chánach chun táirgeadh closamhairc a spreagadh — síneadh le beart cabhrach Uimh. N 121/2007], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/233078/233078_1210789_29_2.pdf

(8)  SA.35643 (2012/N), Belgium – Extension of tax shelter in support of audiovisual productions [An Bheilg — Síneadh leis an bhfothain chánach chun tacú leis an táirgeadh closamhairc], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/246468/246468_1451339_61_2.pdf, agus SA.36655 (2013/N), Belgium – Changes in the tax shelter in support of audiovisual productions [An Bheilg — Athruithe ar an bhfothain chánach chun tacú leis an táirgeadh closamhairc], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/248603/248603_1525887_174_2.pdf

(9)  SA.38370 (2014/N), Belgium – Changes in the tax shelter in support of audiovisual productions [An Bheilg — Athruithe ar an bhfothain chánach chun tacú leis an táirgeadh closamhairc], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/253328/253328_1646431_87_2.pdf

(10)  SA.59274 (2020/N), Belgium – Extension of the tax shelter in support of audiovisual productions SA.38370 (2014/N) [An Bheilg — Síneadh leis an bhfothain chánach chun tacú leis an táirgeadh closamhairc SA.38370 (2014/N)], https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases1/20215/289138_2239389_113_2.pdf

(11)  https://eservices.minfin.fgov.be/myminfin-web/pages/public/fisconet/document/6c0aa338-3dad-4e4b-960f-8e01564d20d0

(12)  http://www.ejustice.just.fgov.be/eli/loi/2019/03/29/2019040875/moniteur

(13)  Féach fonóta Uimh. 3.

(14)  Ina fógra dar dáta an 1 Iúil 2019, mhol an Bheilg go gcuirfí síneadh leis an mbeart go dtí an 31 Nollaig 2025. De bharr an mhéid ama atá caite ón bhfógra sin, rinne an Bheilg cinneadh gur mian léi síneadh a chur le fad an bhirt go dtí an 31 Nollaig 2027.

(15)  SA.49947, Belgium – Aid for videogames (VAF Gamefonds) [An Bheilg — Cabhair le haghaidh físchluichí (VAF Gamefonds)], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_49947

(16)  SA.101526, An Bheilg — VAF Gamefonds, aithris (23), https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_101526

(17)  SA.55046, Belgium – Soutien aux jeux vidéo culturels, artistiques et éducatifs (Wallimage) [An Bheilg — Tacaíocht d’fhíschluichí cultúrtha, ealaíonta agus oideachasúla (Wallimage)], aithris (14) https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_55046; Áirítear réigiún na Gearmáinise le Réigiún na Vallúine.

(18)  Luaitear in Airteagal 194 ter(1)(2) den Chód Cánach Ioncaim go bhfuil na coinníollacha maidir le creidiúnú leagtha síos le hordú an rí.

(19)  http://www.ejustice.just.fgov.be/mopdf/2018/07/20_2.pdf#Page18, lch. 58312.

(20)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(21)  Newzoo – Global Games Market Report 2020, in-íoslódáilte ó newzoo.com.

(22)  Tuarascáil 2019, ón gCónaidhm Eorpach um Fhorbróirí Cluichí i gcomhar le Cónaidhm na hEorpa um Bogearraí Idirghníomhacha. Sonraí a bailíodh maidir le tromlach de thíortha an Aontais Eorpaigh agus roinnt tíortha nach Ballstáit iad.

https://www.egdf.eu/wp-content/uploads/2021/08/EGDF_report2021.pdf

(23)  IO C 332, 15.11.2013, lch. 1.

(24)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Meitheamh 1993, Matra, C-225/91, ECLI:EU:C:1993:239, mír 41.

(25)  D’aithin an Coimisiún an gá le tacaíocht d’fhíschluichí sna cinntí seo a leanas:

C47/2006 (ex N 648/2005), France – Tax credit for the production of video games, [An Fhrainc — Creidmheas cánach le haghaidh táirgeadh físchluichí], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_20324

SA 33943 (2011/N), France – Extension of aid scheme C 47/2006 – Tax credit for the production of video games [An Fhrainc — Síneadh le scéim cabhrach C 47/2006 — Creidmheas cánach le haghaidh táirgeadh físchluichí], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_33943

SA.36139 (2013/C), United Kingdom – Video games tax relief [An Ríocht Aontaithe — Faoiseamh cánach maidir le físchluichí], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_36139

SA.39299 (2014/N), France – Tax credit for the production of video games – amendments [An Fhrainc — Creidmheas cánach le haghaidh táirgeadh físchluichí — leasuithe], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_39299

SA.47892 (2017/N), France – Tax credit for the production of video games – amendments and extension [An Fhrainc — Creidmheas cánach le haghaidh táirgeadh físchluichí — leasú agus síneadh], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_47892

SA.45735 (2017/N), Denmark – Scheme for the development, production and promotion of cultural and educational digital games [An Danmhairg. — Scéim le haghaidh forbairt, táirgeadh agus cur chun cinn cluichí digiteacha cultúrtha agus oideachasúla],

https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_45735

SA.46572 (2017/N), Germany – Bavarian games support measure [An Ghearmáin — Beart tacaíochta maidir le cluichí Baváracha], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_46572

SA.49947 (2017/N), Belgium – Aid for video games (VAF Gamefonds) [An Bheilg — Cabhair le haghaidh físchluichí (VAF Gamefonds)], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_49947

SA.50512 (2018/N), France – Video games aid fund – writing, creation of intellectual property and collective operations [An Fhrainc — Ciste cabhrach maidir le físchluichí — scríbhneoireacht, cruthú maoine intleachtúla agus oibríochtaí comhchoiteanna], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_50512

SA.51820 (2018/N), Germany – North Rhine Westphalian games support measure [An Ghearmáin — Beart tacaíochta maidir le cluichí na Réine Thuaidh Viostfáile], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_51820

SA.101526, Belgium - VAF Gamefonds [An Bheilg — VAF Gamefonds], https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_101526

(26)  SA.55046, Belgium – Support for cultural, educational and artistic video games (Wallimage) [An Bheilg — Tacaíocht le haghaidh físchluichí cultúrtha, oideachasúla agus ealaíonta (Wallimage)];

SA.101526, An Bheilg — VAF Gamefonds.

(27)  Aithrisí (52) go (54) den chinneadh maidir le ciste Wallimage agus aithrisí (38) agus (39) den chinneadh maidir le VAF Gamefonds.

(28)  Aithris (22).


Top