Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1661

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1661 ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n-údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    ST/12089/2022/INIT

    IO L 250, 28.9.2022, p. 14–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1661/oj

    28.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 250/14


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1661 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meán Fómhair 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n-údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Faoi Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE, féadfaidh na Ballstáit sin nár fheidhmigh an rogha faoi Airteagal 14 den Dara Treoir 67/228/CEE ón gComhairle (2) daoine inchánach a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (“CBL”) nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta.

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ón gComhairle (3), tugadh údarú do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE chun daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 25 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha go dtí an 31 Nollaig 2016 (“beart speisialta”).

    (3)

    Leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ar dtús le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/319 ón gComhairle (4), lenar údaraíodh do Lucsamburg daoine inchánach nach mó ná EUR 30 000 a láimhdeachas bliantúil a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha go dtí an 31 Nollaig 2019. Leasaíodh é ina dhiaidh sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2210 ón gComhairle (5), lenar údaraíodh do Lucsamburg an tairseach a mhéadú go dtí EUR 35 000 agus síneadh a chur le hiarratas an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2022.

    (4)

    Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 11 Márta 2022, d’iarr Lucsamburg údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina ndéanfaidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle (6) a thrasuí, lena leagtar síos rialacha CBL níos simplí le haghaidh fiontair bheaga. Maidir leis an soláthar earraí agus seirbhísí a dhéanann daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 85 000 nó choibhéis san airgeadra náisiúnta, de thoradh na Treorach sin, ón 1 Eanáir 2025, ceadófar do na Ballstáit an soláthar sin a dhíolmhú ó CBL.

    (5)

    De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne Lucsamburg chuig na Ballstáit eile, trí litir dar dáta an 7 Aibreán 2022. Le litir dar dáta an 8 Aibreán 2022, thug an Coimisiún fógra do Lucsamburg go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

    (6)

    Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar leis an ualach comhlíontachta ar fhiontair bheaga a laghdú agus le saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Féachann sí freisin le comhlíonadh ag fiontair bheaga a éascú chomh maith le faireachán ag údaráis chánach. Tá an tairseach EUR 35 000 comhsheasmhach leis an tairseach nua don díolúine arna leagan síos le Treoir (AE) 2020/285.

    (7)

    Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach. Féadfaidh daoine inchánach na gnáthshocruithe CBL a roghnú fós de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.

    (8)

    De réir na faisnéise arna cur ar fáil ag Lucsamburg, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn Lucsamburg ag céim an tomhaltais deiridh.

    (9)

    Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle (7), ní aon ríomh ar chúiteamh le déanamh ag Lucsamburg maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL don bhliain airgeadais 2022 agus ina diaidh sin.

    (10)

    Ós rud é go raibh tionchar dearfach ag an mbeart speisialta ar shimpliú na n-oibleagáidí a bhaineann le CBL, agus é gur laghdaigh sé t-an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta d’fhiontair bheaga agus d’údaráis chánach araon, agus ós rud é nach mbeidh aon tionchar mór aige ar an ioncam CBL iomlán a ghinfear, ba cheart údarú a thabhairt do Lucsamburg leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.

    (11)

    Ba cheart teorainn ama a bheith le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun go mbeidh an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí reatha. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, Lucsamburg a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.

    (12)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE:

    “Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024.”.

    Airteagal 2

    Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar an dáta a dtabharfar fógra ina leith.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Ard-Diúcacht Lucsamburg.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. NEKULA


    (1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

    (2)  An Dara Treoir 67/228/CEE ón gComhairle an 11 Aibreán 1967 maidir le comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais — Struchtúr agus nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm an chomhchórais cánach breisluacha (IO 71, 14.4.1967, lch. 1303).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE ón gComhairle an 15 Samhain 2013 lena n-údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 316, 27.11.2013, lch. 33).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/319 ón gComhairle an 21 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n-údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 47, 24.2.2017, lch. 7).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2210 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/677/AE lena n-údaraítear do Lucsamburg beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 285 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 332, 23.12.2019, lch. 155).

    (6)  Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).


    Top