EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1643

Cinneadh (AE) 2022/1643 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Aeriompair idir Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, a shíniú, thar ceann an Aontais

ST/8896/2022/INIT

IO L 248, 26.9.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1643/oj

26.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 248/1


CINNEADH (AE) 2022/1643 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meán Fómhair 2022

maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Aeriompair idir Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, a shíniú, thar ceann an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i dteannta Airteagal 218(5), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Meitheamh 2016, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) le haghaidh comhaontú cuimsitheach aeriompair.

(2)

An 26 Bealtaine 2020, chuir an Chomhairle síneadh bliana le húdarú an 7 Meitheamh 2016.

(3)

Cuireadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Aeriompair idir Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, (“an Comhaontú”) i gcrích go rathúil an 2 Meitheamh 2021.

(4)

Tá Ballstáit ASEAN ar na geilleagair is mó fás ar domhan agus tá acmhainn mhór ag a margaí aersheirbhísí tuilleadh fáis a dhéanamh. Is é is aidhm don Chomhaontú, go háirithe, a áirithiú go mbeidh iomaíocht chothrom ann, go n-éascófar oscailt an mhargaidh de réir a chéile, agus go méadófar an rochtain ar aerbhealaí agus acmhainneacht idir an tAontas agus Ballstáit ASEAN, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí agus don gheilleagar.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

(6)

Ní dhéanfaidh síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais difear do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit. Níor cheart a léiriú leis an gCinneadh sin gur féidir leis an Aontas an deis a thapú a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir leis na réimsí a chumhdaítear faoin gComhaontú a thagann faoi inniúlachtaí roinnte sa mhéid nár feidhmíodh an inniúlacht sin go hinmheánach ag an Aontas fós.

(7)

Ionas go mbeifear in ann na sochair iomlána a bhaint amach a luaithe is féidir leis an gComhaontú, ba cheart é a thabhairt i gcrích go pras. Chuige sin, meastar, tráth a shíneofar an Comhaontú, go ndéanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit agus Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas ráiteas (“ráiteas ó na Páirtithe”) go ndéanfaidh siad, i gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin is infheidhme, gach beart is gá chun an Comhaontú a thabhairt i bhfeidhm a chaoithiúla agus is féidir.

(8)

Bhí freagairt neamh-chomhordaithe na dtíortha ar fud an domhain ar phaindéim COVID-19 thar a bheith suaiteach don tionscal eitlíochta. Chun suaitheadh den sórt sin a sheachaint i gcás géarchéimeanna amach anseo, tá gá le comhordú níos fearr idir an tAontas agus na príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta. Meastar, dá bhrí sin, tráth a shíneofar an Comhaontú, go gcuirfidh na Páirtithe in iúl sa ráiteas ó na Páirtithe go bhfuil sé beartaithe acu dlúthphlé agus dlúthchomhordú a dhéanamh, faoi chuimsiú an Chomhchoiste dá bhforáiltear faoin gComhaontú, maidir le freagairtí ar theagmhais ghéarchéime gan choinne, amhail paindéim COVID-19, chun aon éifeacht shuaiteach ar aersheirbhísí a mhaolú, a mhéid is féidir.

(9)

Ba cheart an ráiteas ó na Páirtithe a fhormheas thar ceann an Aontais.

(10)

Tiomsófar sa ráiteas ó na Páirtithe, chomh maith le ráiteas ó Bhallstáit an Aontais agus ó Bhallstáit ASEAN cé is moite den Mhalaeisia agus ráiteas ón Malaeisia, staidreamh i dTaifead na Ráiteas a rinneadh tráth shíniú Chomhaontú Cuimsitheach Aeriompair ASEAN-AE (“Taifead na Ráiteas”). Ba cheart síniú Thaifead na Ráiteas a údarú, thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú Cuimsitheach Aeriompair idir Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an comhaontú sin (1) a thabhairt i gcrích.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Ráiteas ó Bhallstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas agus ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit (2) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Leis seo, údaraítear Taifead na Ráiteas a rinneadh tráth shíniú Chomhaontú Cuimsitheach Aeriompair ASEAN-AE a shíniú thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu Taifead na Ráiteas a shíniú, thar ceann an Aontais

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gCinneadh tráth a thabhairt i gcrích.

(2)  Foilseofar téacs an Ráitis in éineacht leis an gComhaontú.

(3)  Foilseofar téacs Thaifead na Ráiteas in éineacht leis an gComhaontú.


Top