Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1400

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1400 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena leasaítear Treoir 2008/72/CE ón gComhairle chun síneadh a chur leis an tréimhse ina bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, ó thríú tíortha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5723)

    C/2022/5723

    IO L 213, 16.8.2022, p. 57–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1400/oj

    16.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 213/57


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1400 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Lúnasa 2022

    lena leasaítear Treoir 2008/72/CE ón gComhairle chun síneadh a chur leis an tréimhse ina bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, ó thríú tíortha

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5723)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (1), agus go háirithe Airteagal 16(2), an dara fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2008/72/CE, tá an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh an bhfuil ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a tháirgtear i dtríú tír agus dá dtugtar na ráthaíochtaí céanna a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar an soláthróir, le sainaitheantas, le saintréithe, le sláinte plandaí, leis an damhna fáis, leis an bpacáistíocht, le socruithe cigireachta, le marcáil agus le séalaithe, an bhfuil an t-ábhar sin coibhéiseach i ngach slí le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a tháirgtear san Aontas agus a chomhlíonann ceanglais agus coinníollacha na Treorach sin.

    (2)

    Faoi láthair, go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin, féadfaidh Ballstáit a allmhairíonn ábhar den sórt sin ó thríú tíortha, go dtí an 31 Nollaig 2022, coinníollacha allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin atá coibhéiseach ar a laghad leis na coinníollacha sin is infheidhme maidir le táirgí comhchosúla de chuid an Aontais.

    (3)

    Mar sin féin, ní leor an fhaisnéis atá ar fáil faoi láthair maidir leis na coinníollacha is infheidhme i dtríú tíortha chun a é chur ar a chumas don Choimisiún aon chinneadh den sórt sin a ghlacadh i leith aon tríú tír.

    (4)

    Chun nach gcuirfear isteach ar phatrúin trádála, an tréimhse ina gceadaítear do na Ballstáit coinníollacha táirgí den sórt sin a chur i bhfeidhm, coinníollacha atá coibhéiseach ar a laghad leis na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí comhchosúla de chuid an Aontais, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse sin go dtí dáta is faide amach ná an 31 Nollaig 2022. I bhfianaise na n-infheistíochtaí agus an ama is gá chun na táirgí sin a tháirgeadh i gcomhréir leis na coinníollacha allmhairiúcháin, is iomchuí síneadh seacht mbliana a chur leis an tréimhse sin.

    (5)

    Dá bhrí sin ba cheart Treoir 2008/72/CE a leasú dá réir.

    (6)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2008/72/CE, cuirtear ‘31 Nollaig 2029’ in ionad an dáta “31 Nollaig 2022”.

    Airteagal 2

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 205, 1.8.2008, lch. 28.


    Top