Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0810(01)

    An Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na Gcóras Slándala Sóisialta Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir le Comhaontú na hEilvéise/CE) 2022/C 305/03

    PUB/2022/952

    IO C 305, 10.8.2022, p. 4–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    10.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 305/4


    AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA GCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALTA CINNEADH UIMH. H13

    an 30 Márta 2022

    maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir le Comhaontú na hEilvéise/CE)

    (2022/C 305/03)

    TÁ AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA gCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALTA,

    Ag féachaint d’Airteagal 72 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), faoina suífidh an Coimisiún Riaracháin na tosca a bheidh le cur san áireamh chun cuntais a tharraingt suas a bhaineann leis na costais a bheidh le híoc ag institiúidí na mBallstát faoin Rialachán sin agus chun na cuntais bhliantúla idir na hinstitiúidí sin a ghlacadh, bunaithe ar thuarascáil an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 74,

    Ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 faoina gcinnfidh an Coimisiún Riaracháin comhdhéanamh agus modhanna oibre an Bhoird Iniúchóireachta, Bord a chuirfidh tuarascálacha ar fáil mar aon le tuairim réasúnaithe maidir le cinntí atá le glacadh ag an gCoimisiún Riaracháin de bhun Airteagal 72(g),

    TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    1.   Maidir leis an mBord Iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na scéimeanna slándála sóisialta, tá sé ceangailte leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta.

    2.   Agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige mar a leagtar síos in Airteagal 74(a) go (f) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, oibreoidh an Bord Iniúchóireachta faoi údarás an Choimisiúin Riaracháin, Coimisiún óna bhfaighidh sé treoracha. Laistigh den chreat sin, cuirfidh an Bord Iniúchóireachta clár oibre fadtéarmach faoi bhráid an Choimisiúin Riaracháin lena fhormheas.

    Airteagal 2

    1.   Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta a chinntí ar bhonn fianaise dhoiciméadach i bprionsabal. Aon fhaisnéis nó aon fhiosrúcháin a mheasann sé a bheith riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar na hábhair a chuirtear faoina bhráid lena scrúdú, féadfaidh sé an fhaisnéis nó an fiosrúchán sin a iarraidh ar na húdaráis inniúla. I gcás inar gá, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó Chathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin, féadfaidh an Bord Iniúchóireachta comhalta den Rúnaíocht nó comhaltaí áirithe den Bhord Iniúchóireachta a tharmligean chun aon imscrúdú a dhéanamh ar imscrúdú é a bhfuil gá leis chun a chuid oibre a dhéanamh ar an láthair. Tabharfaidh Cathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin fógra don ionadaí ar Choimisiún Riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann go bhfuil an t-imscrúdú sin á dhéanamh.

    2.   Éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas i gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (2). Déanfaidh ceann de na páirtithe an iarraidh réasúnaithe ar thuairim an Bhoird Iniúchóireachta maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a tharchur chuig an mBord Iniúchóireachta laistigh de thréimhse nach lú ná 25 lá oibre roimh thús cruinnithe.

    3.   Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta Painéal Idir-réitigh a bhunú ar mhaithe le cabhrú leis an obair atá ar bun aige chun déileáil le hiarraidh réasúnaithe ar thuairim an Bhoird Iniúchóireachta, arna tíolacadh ag ceann de na páirtithe, i gcomhréir le pointe 2 den Airteagal seo.

    Beidh mionsonraí maidir le comhdhéanamh, téarma oifige, cúraimí, modhanna oibre agus córas Chathaoirleacht an Phainéil Idir-réitigh i sainordú a chinnfidh an Bord Iniúchóireachta.

    Airteagal 3

    1.   Beidh beirt ionadaithe ó gach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, arna gceapadh ag údaráis inniúla na Stát sin, ar an mBord Iniúchóireachta.

    Aon chomhalta den Bhord Iniúchóireachta nach féidir leis a bheith i láthair, is féidir ionadaí a chur ina ionad arna cheapadh chun na críche sin ag na húdaráis inniúla.

    2.   Is i gcáil chomhairleach laistigh den Bhord Iniúchóireachta a ghníomhóidh ionadaí an Choimisiúin Eorpaigh nó a chomhalta malartach ar an gCoimisiún Riaracháin.

    3.   Tabharfaidh saineolaí neamhspleách nó foireann saineolaithe cúnamh don Bhord Iniúchóireachta a bhfuil oiliúint ghairmiúil agus taithí acu ar chúrsaí a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird Iniúchóireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann lena chúraimí faoi Airteagail 64, 65 agus 69 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

    Airteagal 4

    1.   Is é an duine a shealbhóidh oifig Chathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta, comhalta ón mBallstát arb é a ionadaí ar an gCoimisiún Riaracháin a shealbhaíonn oifig Chathaoirleach an Choimisiúin sin.

    2.   Féadfaidh Cathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta, i gcomhar leis an Rúnaíocht, gach beart is gá a dhéanamh chun gach fadhb a thagann faoi inniúlacht an Bhoird Iniúchóireachta a réiteach gan mhoill.

    3.   De ghnáth, is é Cathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe meithleacha arna mbunú chun fadhbanna a scrúdú a bhfuil an Bord Iniúchóireachta inniúil ina leith; más rud é, áfach, go bhfuil sé éagumasaithe nó má tá fadhbanna sonracha áirithe á scrúdú, féadfaidh duine eile arna ainmniú ag an gCathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann.

    Airteagal 5

    1.   Is trí thromlach simplí a ghlacfar cinntí, agus ní bheidh ach vóta amháin ag gach Ballstát.

    Na cinntí agus na tuairimí ón mBord Iniúchóireachta maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, ní mór a léiriú iontu ar d’aon toil nó trí thromlach a thángthas orthu. Ní mór conclúidí nó forchoimeádais an mhionlaigh a leagan amach iontu, i gcás inarb iomchuí.

    Maidir le honadaithe na dtíortha a bhfuil baint acu leis an díospóid, ní ghlacfaidh siad páirt i bhformheas thuairim an Bhoird Iniúchóireachta maidir le díospóid de bhun Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009. Aon uair nach dtagtar ar thuairim maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 d’aon toil, cuirfidh an Bord Iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin Riaracháin í mar aon le tuarascáil ina mbeidh, go háirithe, ráiteas ar na barúlacha nach bhfuil ag teacht leis an tuairim agus na cúiseanna leis na barúlacha sin. Ina theannta sin, ceapfaidh sé rapóirtéir a bheidh freagrach as an bhfaisnéis uile a sholáthar don Choimisiún Riaracháin ar faisnéis í a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí chun go mbeidh sé in ann an díospóid i dtrácht a réiteach. Ní ó ionadaithe na dtíortha a bhfuil baint acu leis an díospóid a roghnófar an rapóirtéir.

    2.   Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta cinneadh a dhéanamh cinntí agus tuairimí a ghlacadh maidir le díospóid faoi Airteagal 67(7) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn más rud é gur comhaontaíodh nós imeachta den sórt sin ag cruinniú den Bhord Iniúchóireachta roimhe sin.

    Chuige sin, cuirfidh an Cathaoirleach an téacs a bheidh le glacadh in iúl do chomhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta. Tabharfar teorainn ama shocraithe deich lá oibre ar a laghad do na Comhaltaí, ar lena linn a bheidh an deis ag na Comhaltaí a chur in iúl go ndiúltaíonn siad don téacs atá beartaithe nó go bhfuil siad ag staonadh ón vótáil. Mura dtugtar aon fhreagra laistigh den teorainn ama atá socraithe, measfar gur vóta dearfach é sin.

    Féadfaidh an Cathaoirleach cinneadh a dhéanamh freisin nós imeachta i scríbhinn a sheoladh i gcás nár thángthas ar chomhaontú roimh ré ag cruinniú den Bhord Iniúchóireachta. I gcás den sórt sin, ní dhéanfar ach comhaontuithe i scríbhinn leis an téacs atá beartaithe a chomhaireamh mar vótaí dearfacha agus tabharfar teorainn ama shocraithe 15 lá oibre ar a laghad.

    Nuair a rachaidh an teorainn ama shocraithe in éag, cuirfidh an Cathaoirleach na comhaltaí ar an eolas faoi thoradh na vótála. Maidir le cinneadh a fuair an líon vótaí dearfacha is gá, measfar é a bheith glactha ar an lá deiridh a socraíodh don tréimhse ar lena linn a iarradh ar chomhaltaí freagra a thabhairt.

    3.   Má mholann comhalta den Bhord Iniúchóireachta, le linn an nós imeachta i scríbhinn, go leasófar an téacs, déanfaidh an Cathaoirleach ceachtar de na rudaí seo a leanas:

    (a)

    tús a chur leis an nós imeachta i scríbhinn arís tríd an leasú atá beartaithe a chur in iúl do na comhaltaí de réir an nós imeachta i mír 2; nó

    (b)

    an nós imeachta i scríbhinn a chur ar ceal chun go bpléifear an t-ábhar ag an gcéad chruinniú eile,

    ag brath ar an nós imeachta a mheasann an Cathaoirleach a bheith iomchuí don ábhar i dtrácht.

    4.   Má iarrann comhalta den Bhord Iniúchóireachta, sula dtéann an teorainn ama atá socraithe chun freagra a thabhairt in éag, go ndéanfar an téacs atá beartaithe a scrúdú ag cruinniú den Bhord Iniúchóireachta, déanfar an nós imeachta i scríbhinn a chur ar ceal.

    Déanfar an t-ábhar a scrúdú ansin ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Iniúchóireachta.

    Airteagal 6

    Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta grúpaí ad hoc a bhunú ar a mbeidh líon teoranta daoine chun tograí lena nglacadh ar shaincheisteanna sonracha a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Iniúchóireachta.

    Maidir le gach grúpa ad hoc, cinnfidh an Bord Iniúchóireachta an duine atá le bheith ina rapóirtéir, na cúraimí a bheidh le déanamh agus an teorainn ama ar laistigh di a chaithfidh an grúpa toradh a chuid oibre a chur faoi bhráid an Bhoird Iniúchóireachta. Leagfar síos na sonraí sin i sainordú i scríbhinn a chinnfidh an Bord Iniúchóireachta.

    Airteagal 7

    1.   Ullmhóidh agus eagróidh Rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin cruinnithe an Bhoird Iniúchóireachta agus tarraingeoidh sí suas miontuairiscí na gcruinnithe sin. Déanfaidh sí an obair is gá d’fheidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta. Déanfar an clár oibre, dáta agus fad chruinnithe an Bhoird Iniúchóireachta a chomhaontú leis an gCathaoirleach.

    2.   Cuirfidh Rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin an clár oibre ar aghaidh chuig comhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta agus chuig comhaltaí an Choimisiúin Riaracháin laistigh de thréimhse nach lú ná 15 lá oibre roimh thús gach cruinnithe. Ba cheart na doiciméid a bhaineann leis na hítimí ar an gclár oibre a chur ar fáil 10 lá oibre ar a laghad roimh thús an chruinnithe. Níl feidhm ag an méid sin maidir le doiciméid ina bhfuil faisnéis ghinearálta nach gá a fhormheas.

    3.   Maidir le nótaí a bhaineann le cruinniú an Bhoird Iniúchóireachta atá le teacht, ba cheart iad a sheoladh chuig Rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin 20 lá oibre ar a laghad roimh thús an chruinnithe. Níl feidhm ag an méid sin maidir le doiciméid ina bhfuil faisnéis ghinearálta nach gá a fhormheas.

    Maidir leis na nótaí ina mbeidh ionchur i ndáil le ráiteas na gcuntas bliantúil a leagtar síos in Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, leanfaidh siad an fhormáid arna sonrú ag an saineolaí neamhspleách nó ag an bhfoireann saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh seo agus áireofar sna nótaí na mionsonraí arna sonrú ag an saineolaí nó ag an bhfoireann saineolaithe sin. Cuirfidh gach toscaireacht an nóta sin chuig an Rúnaíocht faoin 31 Iúil den bhliain tar éis na bliana atá i dtrácht.

    Airteagal 8

    A mhéid is gá, beidh feidhm ag rialacha an Choimisiúin Riaracháin maidir leis an mBord Iniúchóireachta.

    Airteagal 9

    1.   Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ó dháta a fhoilsithe.

    2.   Tagann an Cinneadh seo in ionad Chinneadh Uimh. H4 an 22 Nollaig 2009 (3).

    Cathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin

    Claire JEAN


    (1)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

    (2)  IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.

    (3)  Cinneadh Uimh. H4 an 22 Nollaig 2009 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C 107, 27.4.2010, lch. 3).


    Top