This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0530(01)
Council Decision of 24 May 2022 appointing a member of the European Statistical Governance Advisory Board 2022/C 211/02
Cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena gceaptar comhalta den Bhord Chomhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach 2022/C 211/02
Cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena gceaptar comhalta den Bhord Chomhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach 2022/C 211/02
ST/8716/2022/INIT
IO C 211, 30.5.2022, p. 2–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211/2 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Bealtaine 2022
lena gceaptar comhalta den Bhord Chomhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach
(2022/C 211/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 3(5) de,
Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leis an gCinneadh uaithi an 18 Nollaig 2020 (2), cheap an Chomhairle beirt comhaltaí den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (“an Bord”) le haghaidh téarma oifige 3 bliana ón 1 Feabhra 2021. |
(2) |
D’éirigh duine amháin den triúr comhaltaí den Bhord a cheap an Chomhairle, Jørgen ELMESKOV, as oifig roimh dá théarma oifige dul in éag. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh ar an mBord. |
(4) |
Luaitear in Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 235/2008/CE go bhfuil comhaltaí den Bhord le roghnú as measc saineolaithe a bhfuil sár-inniúlacht acu i réimse an staidrimh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar leis seo Martine DURAND mar chomhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach ar feadh téarma oifige 3 bliana.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) IO L 73, 15.3.2008, lch. 17.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 lena gceaptar beirt comhaltaí den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (IO C 445, 22.12.2020, lch. 3).