Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0258

Cinneadh (AE) 2022/258 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gCréit (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1140) (An téacs Gréigise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1140

IO L 42, 23.2.2022, p. 92–101 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/258/oj

23.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 42/92


CINNEADH (AE) 2022/258 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Feabhra 2022

lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gCréit

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1140)

(An téacs Gréigise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 64 de,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (2), agus go háirithe Airteagal 66 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 3 Meitheamh 2021, chuir an Phoblacht Heilléanach (“an Ghréig”) iarraidh ar mhaolú (“an tIarratas”) faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh oileán na Créite i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944. Iarrtar maolú san iarratas ar Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1), (4), Airteagail 9, 10, 11 agus 13 de Rialachán (AE) 2019/943, agus ar Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944, ar feadh tréimhse theoranta ama, eadhon go dtí an 31 Nollaig 2023.

(2)

An 1 Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an tIarratas ar a shuíomh gréasáin (3) agus d’iarr sé ar na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt go dtí an 12 Lúnasa 2021.

2.   OILEÁN NA CRÉITE

(3)

Tá oileán Gréagach na Créite lonnaithe sa Mheánmhuir, ó dheas ó mhórthír ilchríochach na Gréige. Go dtí an 3 Iúil 2021, ba chóras cumhachta uathrialaithigh é, nach raibh nasctha leis an gcóras leictreachais náisiúnta ilchríochaigh.

(4)

I ndiaidh Chinneadh 2014/536/AE ón gCoimisiún (4), lenar deonaíodh maolú don Ghréig ar fhorálacha áirithe de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), measadh gur chóras beag scoite í an Chréit de réir bhrí Airteagal 2(42) de Threoir (AE) 2019/944. Tá sócmhainní ardvoltais sa Chréit faoi úinéireacht Chomhar Cumhachta Poiblí S.A. (“PPC S.A.”) agus á n-oibriú ag an Oibreoir Córais Dáileacháin (“HEDNO S.A.”). Ós rud é nach raibh an t-oileán idirnasctha le mórthír na Gréige, ní fhéadfadh an Chréit páirt a ghlacadh i Margaí Lá Roimh Ré, Ionlae agus Cothromúcháin na Gréige a seoladh i Samhain 2020.

(5)

De bhun Airteagal 4 de Chinneadh 2014/536/AE ón gCoimisiún, ní bheidh feidhm ag na maoluithe dá bhforáiltear a thuilleadh ar chórais bheaga agus chórais leithlisithe bheaga nuair a bheidh siad idirnasctha leis an gcóras idirnasctha. Gan beann ar an méid sin, rinne údaráis na Gréige an maolú arna dheonú ag an gCinneadh sin a fhoirceannadh a mhéid a bhaineann leis an gCréit amhail ón 1 Eanáir 2017 (6).

An Córas leictreachais

(6)

Thug an Ghréig tús áite do nascadh eangaí na Créite leis an gcóras leictreachais ilchríochaigh mar thionscadal a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis, chun í a dhaingniú le soláthar leictreachais atá sábháilte agus iontaofa. Go sonrach, tá nascadh eangaí na Créite, mar a d’fhormheas Údarás Rialála na Gréige (“RAE”) trí bhíthin na bPleananna Forbartha Gréasáin Deich mBliana, lena dtugtar aghaidh ar na tréimhsí 2017 go 2026, 2018 go 2027 agus 2019 go 2028 faoi seach, le cur chun feidhme in dhá chéim.

(7)

Baineann an chéad chéim (“Céim I”) le nascadh eangaí iarthar na Créite (Maoracht Chania) le Leithinis Peloponnese ag línte HVAC, arb é atá iontu Acmhainneacht Aistrithe Ainmniúil de thart ar 150 MW. Dá bhrí sin, tá coinne ann nach gcumhdófar ach cuid de riachtanais na Créite maidir le leictreachas le cur i gcrích Chéim I (thart ar aon trian d’ídiú leictreachais na Créite, arb é 710 MW an bhuaic agus 3 TWh an t-ídiú bliantúil), agus ní dhéanfar an Chréit a chomhtháthú mar chuid idirnasctha de chóras leictreachais na Gréige. Tá coinne ann go n-oibreoidh idirnascaire idir an córas leictreachais ilchríochaigh agus an Chréit ar a acmhainneacht uasta nó gar di, i bhfianaise nach gcumhdaítear éileamh na Créite ina iomláine lena acmhainneacht, agus déanfar leictreachas a allmhairiú go dtí an Chréit ó chóras idirnasctha na mórthíre de bharr costais ghiniúna níos ísle. Cuireadh tús le hoibriú an tionscadail ar feadh tréimhse thrialach ón 3 Iúil 2021 (7), agus ar feadh tréimhse thráchtála ón 1 Samhain 2021 (8).

(8)

Is éard atá i gceist leis an dara céim (“Céim II”) idirnascadh chuid lárnach na Créite (Maoracht Heraklion) le mórthír na Gréige (réigiún na hAtaice) trí bhíthin dhá chábla HVDC, arb é atá iontu Acmhainneacht Aistrithe Ainmniúil de thart ar 1 000 MW. Ag deireadh Chéim II, tá coinne ann go mbeidh oileán na Créite idirnasctha go hiomlán leis an gcóras tarchurtha leictreachais ilchríochaigh agus tá éileamh an leictreachais ar an oileán le cumhdach ina iomláine. Tá coinne ann go mbeidh cáblaí Chéim II oibríochtúil faoi 2023.

(9)

Míníonn an Ghréig, faoi thús oibríocht tráchtála an idirnascaire a forbraíodh i gCéim I, go raibh líonra leictreachais ardvoltais na Créite le haistriú chuig Oibreoir Chóras Tarchurtha na Gréige (“IPTO S.A.”), a bheidh mar úinéir na sócmhainní sin agus oibreoidh sé iad ón dáta sin ar aghaidh. Ní oibreodh HEDNO S.A. líonra ardvoltais na Créite a thuilleadh, ach d’oibreodh sé na líonraí íosvóltais agus meánvoltais fós. Tharla an t-aistriú sin an 1 Lúnasa 2021, sular cuireadh tús le hoibríocht tráchtála Chéim I an idirnascaire idir an Chréit agus córas ilchríochach na Gréige.

Margadh leictreachais na Créite

(10)

Faoi láthair, ní chuireann táirgeoirí agus soláthróirí ar oileán na Créite aon tairiscintí isteach i margadh na Gréige agus seoltar na haonaid de réir a n-íoschostas inathraitheach. Déantar praghas imréitigh mórdhíola le haghaidh leictreachas sa Chréit a ríomh ar bhonn míosúil, bunaithe ar na costais inathraitheacha agus costais iomlána na n-aonad cumhachta coinbhinsiúnta, eadhon aonaid PPC, ós rud é gurb é an t-aon gineadóir cumhachta coinbhinsiúnta amháin ar an oileán é. Ina theannta sin, tá roinnt táirgeoirí inathnuaite ann a bhfuil taraif sheasta acu de bhun comhaontú ceannacháin cumhachta nó taraif sheasta ag brath ar dháta thús oibríochta gach aonaid.

(11)

Ó chur i gcrích Chéim I go dtí cur i gcrích Chéim II agus idirnascadh iomlán na Créite le córas leictreachais ilchríochaigh na Gréige (“idirthréimhse”), beidh an nascadh eangaí idir an Chréit agus an córas leictreachais ilchríochaigh plódaithe go struchtúrtha. Gan mhaolú, is féidir an dá rogha seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhtháthú na Créite i gcrios tairisceana na Gréige sa mhargadh mórdhíola leictreachais, rud lena mbainfeadh ardchostais don athsheoladh, agus measann IPTO S.A gurb é EUR 240 milliún in aghaidh na bliana a bheadh iontu, bunaithe ar shonraí 2019;

(b)

comhtháthú na Créite sa mhargadh mórdhíola leictreachais mar chrios tairisceana ar leith. Is cosúil gur réiteach neamhinbhuanaithe é seo le haghaidh tréimhse ghearrthéarmach, os rud é gur cheart aon phlódú struchtúrtha idir líonra leictreachais ilchríochaigh na Créite agus na Gréige a éascú le cur i gcrích Chéim II, a bhfuil coinne ann ina leith go mbeidh 2 bhliain ann sula mbeidh sé curtha i gcrích.

(12)

Ina theannta sin, tá easpa bonneagar méadraithe leordhóthanaigh sa Chréit chun gur féidir í a chomhtháthú i gceart i margadh mórdhíola leictreachais na Gréige roimh 2023.

(13)

Faoi láthair, tá an margadh miondíola sa Chréit oscailte do gach soláthróir atá gníomhach ar mhargadh na Gréige, a bhfuil 20 díobh gníomhach sa Chréit. Ós rud é go bhfuil na costais ghiniúna ar oileán na Créite níos airde ná costais chóras leictreachais idirnasctha na Gréige, ba é a roghnaigh an Ghréig, ar chúiseanna comhtháthaithe sóisialta, cur i bhfeidhm taraife aonair ag na soláthróirí le haghaidh gach cineáil custaiméara, ar fud a críche iomláine.

3.   NA MAOLUITHE ARNA nIARRAIDH

(14)

Tá sé d’aidhm ag na maoluithe arna n-iarraidh ar Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10, 11 agus 13 de Rialachán (AE) 2019/943 agus ar Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944 teacht ar réiteach le haghaidh oibriú na margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromúcháin leictreachais sa Chréit. Bheadh feidhm ag réiteach den chineál sin le linn idirthréimhse idirnascadh na Créite le córas leictreachais ilchríochaigh na Gréige. Tiocfaidh deireadh leis na maoluithe nuair a chuirfear Céim II i gcrích dá bhrí sin (9).

(15)

Molann an t-iarratasóir “samhail hibrideach” le haghaidh na hidirthréimhse, faoina gcaithfear leis an idirnascaire idir an Chréit agus córas leictreachais ilchríochaigh na Gréige mar pháirtí freagrach cothromúcháin de réir bhrí Airteagal 2(14) de Rialachán (AE) 2019/943. Gníomhóidh an páirtí sin formhór an ama mar aonad fíorúil giniúna leictreachais ó thaobh na Créite de agus ualach fíorúil ó thaobh na mórthíre de, lena ndéantar leictreachas a allmhairiú ó mhórthír na Gréige go dtí an Chréit. D’fhéadfaí an sreabhadh sin a aisiompú i gcás ardghiniúna ó fhoinsí inathnuaite sa Chréit, ar mó é ná a ualach, chun aon chiorrú fuinnimh inathnuaite a sheachaint. Nascfaidh an páirtí freagrach cothromúcháin le haghaidh idirnascadh na Créite go fisiciúil le córas ilchríochach na Gréige ar thaobh ardvoltais d’fhostáisiún Chania. Déanfar a leictreachas a tarraingíodh siar nó a cuireadh isteach chuig córas ilchríochach na Gréige a thaifeadadh ag bonneagar méadraithe fhostáisiún HV Chania.

(16)

Rinne RAE meastóireacht ar na módúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh rannpháirtíocht an Eintitis Fhreagraigh Cothromúcháin fhíorúil sa mhargadh a oibríonn ar chóras leictreachais ilchríochaigh na Gréige, i ndiaidh comhairliúchán poiblí a reáchtáladh ón 25 Bealtaine 2021 go dtí an 9 Meitheamh 2021.

(17)

Sa “tsamhail hibrideach” atá beartaithe, le malartú cumhachta leictreachais na Gréige, HEnEX, chuirfí tairiscintí leictreachais isteach lena dtógtar praghsanna isteach thar ceann páirtithe na Créite sa mhargadh i margadh mórdhíola lá roimh ré agus ionlae na Gréige, de réir réamhaisnéisí ex-ante arna ríomh ag IPTSO S.A. agus HEDNO S.A. Molann an Ghréig dhá rogha a chuir RAE faoi bhráid comhairliúchán poiblí ón 25 Bealtaine 2021 go dtí an 9 Meitheamh 2021. Leis an dá rogha sin, leagtar amach go mionsonraithe an bealach is féidir tairiscintí a dhéanamh sa chleachtas, bíodh deighilt ann idir ualach agus giniúint nó ná bíodh. Is iad seo a leanas an dá rogha:

(a)

Rogha 1: déanfaidh HEnEx orduithe ceannacháin nó orduithe díolacháin tosaíochta lena dtógtar praghsanna a bhaineann go sainráite le cainníochtaí leictreachais le haghaidh an pháirtí fhreagraigh cothromúcháin le haghaidh idirnascadh na Créite a chur isteach thar ceann ionadaithe ualaí lena soláthraítear leictreachas do thomhaltóirí deiridh sa Chréit, i gcomhréir lena gcóimheas céatadáin soláthair arna ríomh ex-ante ar bhonn míosúil ag HEDNO S.A., a mhéid a bhaineann le hallmhairí tuartha sa Chréit ó mhórthír na Gréige, nó ag Oibreoir na bhFoinsí Inathnuaite Fuinnimh & na Ráthaíochtaí tionscnaimh (“Dapeep”) le haghaidh leictreachas inathnuaite, sa chás ar leith go mbeadh onnmhairí tuartha ann ón gCréit go mórthír na Gréige;

(b)

Rogha 2: déanfaidh HEnEx orduithe ceannacháin nó orduithe díolacháin tosaíochta lena dtógtar praghsanna le haghaidh an ualaigh áitiúil ar fad agus giniúint na Créite a chur isteach thar ceann ionadaithe ualaí i gcomhréir lena gcóimheas céatadáin soláthair arna ríomh ex-ante ar bhonn míosúil ag HEDNO S.A agus thar ceann táirgeoirí teirmeacha lena léirítear na sceidil fuinnimh arna gcinneadh ag IPTO S.A. ar bhonn torthaí sceidil seolta simplithe, agus ag Dapeep le haghaidh leictreachas inathnuaite tuartha.

Ghearrfaí socrú airgeadais na héagothroime ex-post ar pháirtithe sa mhargadh sa Chréit, ar bhonn comparáid idir sceideal an idirnascaire agus an sreabhadh méadraithe, agus scála ranníocaíochtaí arna ríomh ag HEDNO S.A.

(18)

Le linn an chomhairliúchán phoiblí a rinne RAE, cuireadh 11 ranníocaíocht isteach (10). Ar bhonn na dtorthaí agus na hiarrata ó fhormhór na bhfreagróirí tionchar airgeadais an rogha atá le cur chun feidhme a íoslaghdú, a mhéid a bhaineann leis na ráthaíochtaí agus comhthaobhacht airgeadais is gá, roghnaigh RAE Rogha 2 a chur chun feidhme i mí an Mheithimh 2021.

(19)

Chun samhail hibrideach Rogha 2 a chur chun feidhme maidir le hoibriú mhargadh mórdhíola leictreachais na Créite agus cothromú leictreachais, is infheidhme don idirthréimhse, iarrann an Ghréig maolú ar cheanglais áirithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/943, agus i dTreoir (AE) 2019/944, a mhéid a bhaineann le córas na Créite.

3.1.   Maolú de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943

(20)

Measann an Ghréig go gcomhlíonann an tsamhail hibrideach atá beartaithe na prionsabail lena rialaítear oibriú na margaí leictreachais, de réir mar a fhoráiltear ag Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/943. Chuige sin, ní áirítear Airteagal 3 den Rialachán sin sna maoluithe arna n-iarraidh.

3.1.1.   Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/943

(21)

In Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/943 leagtar amach na rialacha maidir leis an margadh cothromúcháin. Iarrann an Ghréig maolú ar an Airteagal sin a mhéid a bhaineann leis an gCréit i bhfianaise nach n-oibreofar aon mhargadh cothromúcháin sa tsamhail hibrideach.

3.1.2.   Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/943

(22)

In Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/943, tagraítear d’eagrú bhainistíocht na margaí comhtháite lá roimh ré agus ionlae ag oibreoirí córais dáileacháin (TSOnna) agus ag oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais (NEMOnna), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (11). Iarrann an Ghréig maolú ar an Airteagal sin a mhéid a bhaineann leis an gCréit mar ní oibreofar aon mhargadh ionlae agus lá roimh ré sa tsamhail hibrideach.

3.1.3.   Airteagal 8(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2019/943

(23)

In Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/943, leagtar síos an oibleagáid ar oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais cead a thabhairt do pháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil suas le ham dúnta an gheata traslimistéir ionlae. In Airteagal 8(4) den Rialachán sin leagtar síos an oibleagáid an tréimhse chun éagothroime a shocrú a leagan amach mar 15 nóiméad i ngach achar an sceidealaithe. Iarann an Ghréig maolú ar na hAirteagail sin a mhéid a bhaineann leis an gCréit i bhfianaise nach n-áirítear leis an tsamhail hibrideach aon trádáil lá roimh ré ná ionlae, ná nach n-áirítear léi tréimhse chun éagothroime a shocrú a mhairfeadh 15 nóiméad le haghaidh na Créite.

3.1.4.   Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/943

(24)

In Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/943, tagraítear do mhargaí todhchaíochta. Iarrann an Ghréig maolú ar an Airteagal sin a mhéid a bhaineann leis an gCréit i bhfianaise nach n-oibreofar aon mhargadh todhchaíochta sa tsamhail hibrideach.

3.1.5.   Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/943

(25)

In Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/943, tagraítear do theorainneacha teicniúla ar thairiscintí. Iarrann an Ghréig maolú ar an Airteagal sin i bhfianaise nach mbeidh an Chréit comhtháite go hiomlán i margadh mórdhíola leictreachais na Gréige sa tsamhail hibrideach, agus is féidir orduithe lena dtógtar praghsanna a chur isteach le haghaidh na Créite.

3.1.6.   Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943

(26)

In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943, tagraítear do luach lóid chaillte. Ós rud é nach measfaí an Chréit mar chrios tairisceana ar leith, ná nach bhfuil sí comhtháite go hiomlán i gcrios tairisceana na Gréige, iarrann an Ghréig maolú ar an Airteagal a mhéid a bhaineann leis an gCréit.

3.1.7.   Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943

(27)

In Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943, tagraítear d’athsheoladh. Ós rud é nach bhfuil margadh cothromúcháin ann a oibrítear sa Chréit, ní chuirfí i bhfeidhm rialacha maidir le comhroinnt, agus iarann an Ghréig maolú ar an Airteagal sin a mhéid a bhaineann leis an gCréit.

3.2.   Maolú de bhun Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944

3.2.1.   Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944

(28)

Ina hIarratas, d’iarr an Ghréig maolú ar bhunphrionsabail praghsanna soláthair leictreachais margadhbhunaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir (AE) 2019/944. Tarraingíodh an iarraidh sin siar an 15 Iúil 2021. Dá bhrí sin, níl gá le haon anailís eile sa chinneadh seo.

3.2.2.   Airteagal 40(4), (5), (6) agus (7) de Threoir (AE) 2019/944

(29)

In Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944 leagtar amach cúramaí OCTanna. I míreanna 4 go 7 leagtar amach na prionsabail maidir le seirbhísí coimhdeacha a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta. Ós rud é nach bhfuil margadh cothromúcháin á oibriú agus nach bhfuil seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta á soláthar bunaithe ar an margadh, iarrann an Ghréig maolú ar Airteagal 40, míreanna (4) go (7), maidir le cúraimí TSO is infheidhme don Chréit.

3.3.   Fad an mhaolaithe arna iarraidh

(30)

Iarrann an Ghréig an maolú ar feadh na hidirthréimhse, ag tosú le Céim I a choimisiúnú a bhfuil coinne ann go dtarlóidh sé sa dara ráithe de 2021, go dtí go ndéanfar Céim II a choimisiúnú, a bhfuil coinne ann go dtarlóidh sé faoi dheireadh 2023.

4.   BARÚLACHA A FUARTHAS LE LINN NA TRÉIMHSE COMHAIRLIÚCHÁIN

(31)

Le linn an chomhairliúcháin, fuair an Coimisiún ranníocaíocht ó údaráis na Bulgáire, a chuir in iúl nach ndéanfaidh siad agóid in aghaidh an iarratais ar mhaolú a rinne an Ghréig.

5.   MEASÚNÚ

(32)

I gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943, is féidir maolú ar na forálacha ábhartha in Airteagal 3 agus Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11, Airteagail 14 go 17, Airteagail 19 go 27, Airteagail 35 go 47 agus Airteagal 51 den Rialachán sin a dheonú más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann le haghaidh oibriú córas beag nasctha.

(33)

I gcomhréir le hAirteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944, is féidir maolú ar na forálacha ábhartha in Airteagal 7 agus Airteagal 8, agus i gCaibidil IV, Caibidil V agus Caibidil VI den Treoir sin a dheonú más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann le haghaidh oibriú córas beag scoite nó córas beag nasctha. Is féidir le córais bheaga scoite iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Treoir sin.

(34)

Cé is moite de chás na réigiún is forimeallaí, tá teorainn ama le bheith leis an maolú agus tá sé le bheith faoi réir coinníollacha arb aidhm dóibh iomaíocht agus comhtháthú a mhéadú leis an margadh inmheánach don leictreachas.

(35)

Faoi dheireadh, tá sé le bheith d’aidhm ag an maolú a áirithiú nach ndéanfar leis bac a chur ar an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

5.1.   Córas beag nasctha

(36)

Le Rialachán (AE) 2019/943, ní dhéantar foráil maidir le maolaithe uathoibríocha ginearálaithe le haghaidh córais bheaga nasctha nó córais bheaga scoite. Dá bhrí sin, d’ainneoin raon leathan de mhéideanna agus d’airíonna teicniúla de chórais leictreachais san Aontas, is féidir gach córas den chineál seo a oibriú i gcomhréir leis an gcreat rialála iomlán agus tá siad le hoibriú i gcomhréir leis.

(37)

Mar sin féin, le hAirteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2019/943, déantar foráil maidir le maolú ar chur i bhfeidhm fhorálacha ar leith den Rialachán sin i gcás ina léiríonn na Ballstáit, i measc Ballstáit eile, go bhféadfadh fadhbanna substaintiúla maidir lena n-oibríocht éirí as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin ar chórais bheaga nasctha, go háirithe de bharr na gcoinníollacha geografacha nó na bpróifílí éilimh atá ábhartha do na córais i gceist.

(38)

In Airteagal 2, pointe (43), de Threoir (AE) 2019/944., sainmhínítear “córas beag nasctha” mar “aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000 GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos mó ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile”.

(39)

Is córas beag nasctha é oileán na Créite, mar bhí a thomhaltas faoin tairseach de 3 000 GWh in 1996. Agus Céim I curtha i gcrích, cumhdófar thart ar aon trian de thomhaltas bliantúil na Créite ag an idirnascadh le córas leictreachais ilchríochaigh na Gréige.

(40)

Ar an gcaoi sin, agus Céim I curtha i gcrích, cáilíonn an Chréit mar chóras beag nasctha de réir bhrí Airteagal 64(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943.

5.2.   Fadhb shubstaintiúil le haghaidh oibriú an chórais

(41)

Níor shainmhínigh an reachtóir ná an Coimisiún ina gcleachtas cinnteoireachta an téarma “fadhbanna substaintiúla” dá dtagraítear in Airteagal 64(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943. Leis an bhfoirmliú oscailte, is féidir leis an gCoimisiún gach fadhb a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an gcás áirithe de chórais bheaga a chur san áireamh, ar choinníoll go bhfuil siad substaintiúil agus nach bhfuil siad imeallach amháin. Is féidir fadhbanna den chineál sin a athrú go suntasach ag brath ar shaintréithe geografacha, táirgeadh agus tomhaltas an chórais i gceist, ach freisin ar bhonn forbairtí teicniúla, amhail stóráil leictreachais agus giniúint bheag. Thairis sin ní mór na fadhbanna substaintiúla sin a bheith i ndáil le hoibriú na gcóras beag scoite agus na gcóras beag nasctha.

(42)

Cuireann an Ghréig na fadhbanna seo a leanas i dtábhacht maidir le hoibriú an mhargaidh leictreachais sa Chréit, i gcás comhtháthú iomlán páirtithe sa mhargadh i margaí leictreachais na Gréige a oibrítear ar an gcóras idirnasctha ilchríochaigh, trí chrios tairisceana na Gréige chuig an gCréit a leathnú nó trí chrios tairisceana nua na Créite a chruthú:

(a)

le heasnaimh maidir leis an mbonneagar méadraithe ní bheidh rannpháirtithe na Créite sa mhargadh in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán i margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromúcháin leictreachais na Gréige. Go háirithe, níl na córais mhéadraithe riachtanacha i bhfeidhm agus ní bheidh siad réidh roimh 2023;

(b)

ní mór an t-idirnascaire nua (Céim I) a bheith réidh le húsáid ón lá a ndéanfar é a choimisiúnú, chun aon chostas breise a sheachaint le haghaidh tomhaltóirí Gréagacha. Go deimhin, le malartuithe leictreachais ar an idirnascaire sin, laghdófar an ghiniúint ó na haonaid theirmeacha is costasaí sa Chréit, dá bhrí sin, laghdófar costas iomlán an leictreachais a sholáthraítear sa Chréit agus táille PSO a fhaigheann tacaíocht ó thomhaltóirí Gréagacha. Laghdófaí astaíochtaí CO2 leis freisin;

(c)

úsáidfear an t-idirnascaire a bheidh mar thoradh ar chur i gcrích Chéim I chuig an acmhainneacht uasta a bheidh ar fáil, agus tá coinne ann go mbeidh sé plódaithe formhór an ama, go dtí go gcuirfear Céim II i gcrích. Bheadh comhtháthú na Créite sna margaí leictreachais mar thoradh ar chur i bhfeidhm iomlán Rialachán (AE) 2019/943 agus Threoir (AE) 2019/944, trí bhíthin crios tairisceana amháin nó dhá cheann, as a dtiocfaidh an dá chás seo a leanas:

crios tairisceana amháin: bheadh ardchostais i gceist don athsheoladh le comhtháthú na Créite i margadh mórdhíola leictreachais na Gréige trí chrios tairisceana mhórthír na Gréige, a mheasann IPTO S.A gurb é EUR 240 milliún in aghaidh na bliana a bheadh iontu, bunaithe ar shonraí 2019 agus le tacaíocht a fháil ó thomhaltóirí Gréagacha.

dhá chrios tairisceana: ní bheadh comhtháthú na Créite i margadh mórdhíola leictreachais mar chrios tairisceana ar leith ina réiteach inbhuanaithe. Le cur i gcrích Chéim II i ndiaidh idirthréimhse ghearr, tá coinne ann go maolófar aon phlódú struchtúrtha idir líonra leictreachais na Créite agus líonra leictreachais ilchríochaigh na Gréige.

(43)

I bhfianaise an méid a dúradh in Aithris (41) agus Aithris (42), tugann an Ghréig aire nach mór an réiteach is infheidhme don idirthréimhse a aimsiú. Ó thosaigh Céim I sa thréimhse thrialach ón 3 Iúil 2021 agus sa tréimhse thráchtála ón 1 Samhain 2021, ní mór an réiteach sin a chur chun feidhme go rianúil agus laistigh de thréimhse ghearr ama, gan athruithe tábhachtacha ar an gcreat rialála agus dlí atá ann faoi láthair a dhéanamh, i bhfianaise an ghá go n-oiriúnóidh páirtithe sa mhargadh agus nádúr sealadach an cháis. Chuige sin, is cosúil go bhfuil cur chuige an dá chrios tairisceana ar neamhréir leis na srianta ama, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an próiseas is gá a leanúint chun crios tairisceana: nua a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2015/1222.

(44)

Bunaithe ar an measúnú arna dhéanamh ag IPTO S.A. agus lena ndéantar meastóireacht ar na costais le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh sa Chréit faoi na trí chás, eadhon an tsamhail hibrideach arna moladh san Iarratas, cur chuige an chreasa tairisceana amháin: agus cur chuige an dá chrios tairisceana, meastar gurb é EUR 156 mhilliún a bheidh ar shochair bhliantúla na samhla hibridí a thiocfaidh as. A mhéid a bhaineann leis an dá chás eile, eadhon cur chuige an chreasa tairisceana amháin agus cur chuige an dá chrios tairisceana meastar gurb é EUR 121 mhilliún agus EUR 113 mhilliún faoi seach a bheidh sa sochar bliantúil. Dá bhrí sin, measann an Ghréig go mbeadh an tsamhail hibrideach atá beartaithe ar an gcur chuige ab fhearr le linn na hidirthréimhse.

(45)

Thug údaráis na Gréige le fios go gcuireann an easpa bonneagar méadraithe iomchuí ar an oileán isteach ar rannpháirtíocht pháirtithe na Créite sa mhargadh i margadh leictreachais na Gréige (féach aithris 42 thuas).

(46)

Thairis sin, cé go dtabharfaí buntáistí suntasacha i gcrích le húsáid an idirnascaire nua (Céim I), trí chostas an leictreachais a sholáthraítear san oileán agus astaíochtaí CO2 a laghdú, tá coinne ann go mbeidh an t-idirnascaire plódaithe formhór an ama, go dtí go mbeidh Céim II curtha i gcrích (féach aithris 7 agus aithris 42 thuas).

(47)

Ar na cúiseanna sin, bheadh comhtháthú páirtithe na Créite sa mhargadh i margadh leictreachais na Gréige ina chúis le hardchostais don athsheoladh dá ndéanfaí é trí chrios tairisceana na Gréige a leathnú chuig an gCréit (féach aithris 7 agus aithris 42 thuas). Ar an taobh eile, níl cruthú creasa tairisceana ar leith le haghaidh na Créite comhréireach ar feadh tréimhse ama ghearr agus ós rud é gur cheart, le cur i gcrích Chéim II, aon phlódú struchtúrtha idir líonra leictreachais na Créite agus líonra leictreachais ilchríochaigh na Gréige a éascú (féach aithris 8 agus aithris 43 thuas).

(48)

I bhfianaise an méid a dúradh in aithrisí (42) go (47) chomh maith le haithris (7) agus aithris (8), is é conclúid an Choimisiúin gur léirigh an Ghréig go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann maidir le hoibriú an chórais leictreachais sa Chréit mar chóras beag nasctha, go dtí go gcuirfear idirnascadh iomlán leis an eangach ilchríochach i gcrích. Is é is aidhm don tsamhail hibrideach atá beartaithe ag údaráis na Gréige aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin agus tiocfaidh buntáistí suntasacha as i gcomparáid le comhtháthú iomlán chóras na Créite i margadh leictreachais na Gréige le linn na hidirthréimhse.

5.3.   Raon feidhme an mhaolaithe

(49)

Chun an tsamhail hibrideach le haghaidh oileán na Créite a chur chun feidhme le linn na hidirthréimhse, tá gá le maoluithe ar fhorálacha Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944.

(50)

In Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943, ní thugtar aghaidh ar mhaolú atá féideartha ar Airteagal 13 de. Mar sin féin, i bhfianaise an mhaolaithe, i gcás ina ndeonaítear maolú, ar Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus Airteagal 8(1), ní bheidh feidhm de facto ag Airteagal 13. Go deimhin, in Airteagal 2, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/943, sainmhínítear “athsheoladh” mar bheart, lena n-áirítear ciorrúchán, arna chur i ngníomh ag oibreoirí córais tarchurtha amháin nó níos mó, ná oibreoir córais dáiliúcháin amháin nó níos mó tríd an nginiúint a athrú nó pátrún an ualaí a athrú, nó an dá cheann díobh, chun sreabhadh fisiciúla sa chóras leictreachais a athrú agus plódú fisiceach a éascú nó slándáil an chórais a áirithiú ar bhealach eile. Is í an bhunréasúnacht go gceartaíonn oibreoir an chórais toradh an mhargaidh chun a áirithiú go bhfuil sí comhleanúnach le cumais fhisiciúla an líonra. I gcás nach bhfuil feidhm ag bunchreat an mhargaidh go fóill, níl fiúntas sa bhreis ag an gceartúchán sin.

(51)

Thairis sin, déantar athsheoladh ar mhórthír na Gréige lena n-úsáidtear tairiscintí cothromúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2019/943. Dá bhrí sin, ní bheifí in ann comhtháthú a dhéanamh sa mhodheolaíocht Ghréagach don athsheoladh mar gheall nach bhfuil margaí cothromúcháin sa Chréit le haghaidh fhad an mhaolaithe.

(52)

Dá bhrí sin le haithris (49), aithris (50) agus aithris (51), ní bheidh feidhm de facto ag Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943. Níl an chumhacht ag an gCoimisiún, áfach, cinneadh a ghlacadh maidir leis an bhforáil sin agus dá bhrí sin ,ní dheonóidh sé maolú foirmiúil ina leith sin.

(53)

De réir na samhla hibridí, sa Chréit, ní dhéanfaidh oibreoir Chóras Tarchurtha na Gréige IPTO S.A. seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944, mar thoradh ar an maolú ar Airteagal 6 agus Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/943.

(54)

Dá bhrí sin, níl feidhm ag an maolú ach maidir leis an gCréit amháin.

5.4.   Ní bheidh aon bhac ar an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh

(55)

De bhun Airteagal 64(1), an cúigiú fomhír, de Rialachán (AE) 2019/943, áiritheofar le cinneadh maidir le maolú nach ndéanfaí leis bac a chur ar an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

(56)

Go dtí idirnascadh páirteach le mórthír na Gréige ar a laghad, cuireadh teorainneacha teicniúla i bhfeidhm ar an gCréit, lenar forchuireadh foinsí inathnuaite a threá go huasmhéid 25 % den ualach, de bharr sriantachtaí slándála oibríochtúla. Le cur i gcrích Chéim I, éascófar an tsriantacht sin arna forchuir ar fhoinsí inathnuaite. Leis an tsamhail hibrideach, is féidir leis an gCréit a leictreachas a onnmhairiú i gcás giniúint ualaí ísle agus giniúint foinsí inathnuaite airde, chun ciorrúchán na bhfoinsí inathnuaite a sheachaint.

(57)

Maidir le solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh agus freagairt don éileamh, chun an fhéidearthacht seirbhísí solúbthachta a thairiscint, lena n-áirítear seirbhísí stórála, chun tacú leis an gcóras leictreachais, braitear ar cháilíocht na gcomharthaí praghais agus an cumas atá acu infheistíocht éifeachtach agus dreasachtaí a sheoladh chuig soláthraithe na seirbhísí sin. De ghnáth, i gcás plódú struchtúrtha laistigh de chrios tairisceana, arb é an cás a bheidh ann le linn na hidirthréimhse ó Chéim I go Céim II, is féidir gurb é an toradh a bheidh air comharthaí infheistíochta saofa le haghaidh seirbhísí solúbthachta a bhaineann go sonrach le suíomh. Mar sin féin, i gcur chuige dhá chrios tairisceana don Chréit agus do mhórthír na Gréige, bheadh an comhartha infheistíochta an-éagobhsaí, i bhfianaise an tráthchláir maidir le cur i gcrích Chéim II, agus idirnascadh iomlán na Créite le mórthír na Gréige, lena n-éascófar plódú struchtúrtha. Dá bhrí sin, ós rud é go mbeifear in ann seirbhísí solúbthachta a sholáthar le nascadh leis an mórthír, tá maolú gearrthéarmach lenar féidir leis an gCréit a chomhtháthú go tapa le córas na mórthíre tairbhiúil do fhreagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus seirbhísí solúbthachta eile a chomhtháthú.

(58)

Le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943, ní éilítear ar chinntí maolaithe an fhéidearthacht solúbthachta nó stórála fuinnimh a uasmhéadú, ach níl sé ach d’aidhm aige nach ndéantar leis an maolú bac a chur leis. Is é sin le rá, ní mór nach ndéantar leis an maolú forbairtí a chosc, a tharlódh go nádúrtha, leis an maolú nó gan é. I ndáil leis an méid sin, tá stádas sealadach an mhaolaithe, agus ullmhacht d’oibríocht iomlán mhargaidh a luaithe agus a chuirfear Céim II i gcrích, ríthábhachtach.

(59)

Dá bhrí sin, cé nach gcuirtear bac leis an aistriú chuig solúbthacht mhéadaithe, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, tá sé tábhachtach an gá le comharthaí infheistíochta iomchuí agus tionchar an mhaolaithe ar stóráil a d’fhéadfadh a bheith ann nó infheistíochtaí solúbthachta eile a chur san áireamh.

(60)

I bhfianaise a ghné idirthréimhsí, níl tionchar suntasach ag an tsamhail hibrideach ar fhorbairt bhreise fuinnimh inathnuaite, solúbthachta, stórála fuinnimh, leictrea-shoghluaisteachta agus freagartha don éileamh.

(61)

De bhun Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2019/943, leagfaidh an Coimisiún amach a mhéid a chaithfidh na maoluithe cur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte a chur san áireamh. Cé is moite de na forálacha a raibh tionchar ag raon feidhme an mhaolaithe orthu atá mionsonraithe i roinn 5.3 thuas, tá feidhm ag na cóid agus treoirlínte gréasáin don Chréit.

5.5.   Teorainn ama an mhaolaithe agus coinníollacha arb aidhm dóibh iomaíocht agus comhtháthú a mhéadú leis an margadh inmheánach don leictreachas

(62)

In Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943, leagtar amach go sainráite nach mór don mhaolú a bheith teoranta ó thaobh ama de agus nach mór é a bheith faoi réir coinníollacha arb aidhm dóibh iomaíochas agus comhtháthú leis an margadh inmheánach don leictreachas a mhéadú.

(63)

Tá an iarraidh maidir leis an maolú teoranta don idirthréimhse lena leathnaítear go dtí deireadh 2023 ar a dhéanaí.

(64)

Tuigtear, faoi dheireadh 2023, go bhfuil coinne ann go mbeidh an t-idirnascaire idir an Chréit agus córas ilchríochach na Gréige oibríochtúil, le chéile leis an mbonneagar méadraithe iomchuí lena mbeidh an Chréit in ann a bheith mar chuid de mhargaí mórdhíola leictreachais na Gréige. Bheadh gá le hiarratas maolaithe nua le haon mhoill bhreise.

5.6.   Am na héifeachta

Fuarthas an tIarratas roimh chur i gcrích Chéim I. Chun mearathruithe agus athruithe nach féidir a thuar ar an gcreat rialála a sheachaint, a d’fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh ar oileán na Créite agus i mórthír na Gréige, b’fhéidir, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta tosaigh oibríocht Chéim I.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943 agus ó fhorálacha Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944, maidir leis an gCréit.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an maolú a dheonaítear faoi Airteagal 1 go dtí an 31 Nollaig 2023 nó go dtí cur i gcrích Chéim II den idirnascadh idir an Chréit agus mórthír na Gréige, cibé acu is túisce.

Airteagal 3

Cuirfidh an Phoblacht Heilléanach an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi dheireadh 2022 maidir le dul chun cinn agus leis an bpleanáil atá fágtha i dtaobh chur i gcrích agus oibriú tráchtála Chéim II den idirnasc idir an Chréit agus mórthír na Gréige, lena n-áirítear cur chun feidhme agus oibriú an bhonneagair méadraithe leordhóthanaigh, lenar féidir leis an gCréit a bheith rannpháirteach i margadh mórdhíola agus margadh cothromúcháin na Gréige.

Airteagal 4

Is chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.

(2)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.

(3)  https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/documents/derogation_decisions2020v1.pdf

(4)  Cinneadh 2014/536/AE ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2014 lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2014) 5902) (IO L 248, 22.8.2014, lch. 12).

(5)   IO L 211, 14.8.2009, lch. 55.

(6)  Airteagal 137A de Dhlí 4001/2011 (Iris an Rialtais A 179/22.8.2011).

(7)  Féach Airteagal 108B de Dhlí 4001/2011 (Iris an Rialtais A 179/22.8.2011) mar a cuireadh leis le hAirteagal 106 de Dhlí 4821/2021 (Iris an Rialtais A 134/31.7.2021).

(8)  De bhun Airteagal 108C de Dhlí 4001/2011 mar a cuireadh leis le hAirteagal 107 de Dhlí 4821/2021, bhí oibleagáid ar Oibreoir Chóras Tarchurtha na Gréige IPTO S.A. idirnascadh na Créite a oibriú ina iomláine (Céim I) faoin 30 Meán Fómhair 2021 ar a dhéanaí. Mar sin féin, cuireadh an dáta sin siar go dtí an 1 Samhain 2021 le Cinneadh Uimh. 734/28.9.2021 ó RAE (Iris an Rialtais B 4633/6.10.2021).

(9)  Níor iarr an Ghréig maolú ar Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943 (deimhniú oibreoirí córais dáileacháin) nó ar fhorálacha Chaibidil VI de Threoir (AE) 2019/944 (díchuachadh na nOibreoirí Córas Tarchurtha). Go deimhin, deimhníonn an Ghréig go ndéanfar na sócmhainní ardvoltais ar oileán na Créite, atá faoi úinéireacht PPC agus faoi oibriú HEDNO S.A. inniu, a aistriú go dtí Oibreoir chóras tarchurtha IPTO S.A., a dhéanfaidh úinéireacht agus oibriú a fheidhmiú ar na sócmhainní sin ansin. Tharla an t-aistriú sin an 1 Lúnasa 2021, sular cuireadh tús le hoibríocht tráchtála Chéim I an idirnascaire idir an Chréit agus córas ilchríochach na Gréige.

(10)  Tá freagraí neamhrúnda le fáil ar shuíomh gréasáin RAE

(11)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).


Top