EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0254

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/9316

IO L 44, 24.2.2022, p. 1–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/254/oj

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 44/1


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/254 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (1), agus go háirithe Airteagal 45(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/679 leagtar amach na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta ó rialaitheoirí nó ó phróiseálaithe san Aontas chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a mhéid a thagann na haistrithe sin faoina raon feidhme. Na rialacha maidir le haistrithe sonraí idirnáisiúnta, leagtar síos i gCaibidil V (Airteagail 44 go 50) den Rialachán sin iad. Cé go bhfuil sreabhadh na sonraí pearsanta chuig tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach agus uathu fíor-riachtanach le haghaidh leathnú na trádála trasteorann agus an chomhair idirnáisiúnta, níor cheart dochar a dhéanamh don leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta san Aontas de dheasca aistrithe chuig tríú tíortha (2).

(2)

De bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go ndéanfaidh tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh de thríú tír, nó eagraíocht idirnáisiúnta leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú. Faoin gcoinníoll sin, aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, féadfar iad a dhéanamh gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil, dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) agus aithris 103 de Rialachán (AE) 2016/679.

(3)

Mar a shonraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2016/679, glacadh cinnidh leordhóthanachta, ní mór é a bheith bunaithe ar anailís chuimsitheach ar dhlíchóras an tríú tír, lena gcumhdaítear idir na rialacha is infheidhme maidir le hallmhaireoirí sonraí agus na teorannuithe agus na coimircí a mhéid a bhaineann le rochtain údarás poiblí ar shonraí pearsanta. Ina mheasúnú, ní mór don Choimisiún a chinneadh cibé acu a ráthaíonn nó nach ráthaíonn an tríú tír atá i gceist leibhéal cosanta “arb ionann é go bunúsach” agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas (aithris 104 de Rialachán (AE) 2016/679). Maidir le cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás sin, tá measúnú le déanamh air sin in aghaidh reachtaíocht an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, agus in aghaidh chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (3) freisin.

(4)

Mar a shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní fhágann sin gur gá leibhéal comhionann cosanta a fháil (4). Go háirithe, na modhanna a mbaineann an tríú tír i gceist leas astu chun sonraí pearsanta a chosaint, is féidir go mbeidh siad éagsúil leis na modhanna a úsáidtear san Aontas, fad a bheidh siad, sa chleachtas, éifeachtach chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú (5). Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gcaighdeán leordhóthanachta macasamhlú pointe go pointe ar rialacha an Aontais. Ina ionad sin, is éard atá á thástáil, trí shubstaint na gceart príobháideachais agus cur chun feidhme, maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart sin, cibé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear an leibhéal cosanta is gá leis an gcóras eachtrach ina iomláine (6). Le leordhóthanacht thagrach an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí, a fhéachann leis an gcaighdeán sin a shoiléiriú a thuilleadh, soláthraítear treoraíocht maidir leis sin freisin (7).

(5)

Tá anailís chúramach déanta ag an gCoimisiún ar dhlí agus ar chleachtas na Cóiré. Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (8) - (208), tagann an Coimisiún ar an gconclúid go n-áirithíonn Poblacht na Cóiré leibhéal leordhóthanach cosanta ar shonraí pearsanta arna n-aistriú ó rialaitheoir nó ó phróiseálaí san Aontas (8) chuig eintitis (e.g. daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eagraíochtaí, institiúidí poiblí) sa Chóiré a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta (Acht Uimh. 10465 an 29 Márta 2011, arna leasú go deireanach le hAcht Uimh. 16930 an 4 Feabhra 2020). Áirítear leis sin idir rialaitheoirí agus phróiseálaithe (dá ngairtear “seachfhoinsithe” (9)) de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. Leis an toradh leordhóthanachta ní chumhdaítear próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag eagraíochtaí reiligiúnacha le haghaidh gníomhaíochtaí misinéireachta ná le haghaidh ainmniú iarrthóirí arna dhéanamh ag páirtithe polaitiúla, ná ní chumhdaítear próiseáil na faisnéise creidmheasa pearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Creidmheasa arna déanamh ag rialaitheoirí atá faoi réir fhormhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais.

(6)

Leis an gconclúid sin cuirtear san áireamh na coimircí breise a leagtar amach i bhFógra Uimh. 2021-5 (Iarscríbhinn I) agus na huiríll, na dearbhuithe agus na gealltanais oifigiúla arna dtabhairt ag rialtas na Cóiré don Choimisiún (Iarscríbhinn II).

(7)

Tá d’éifeacht leis an gCinneadh seo go bhféadfar aistrithe a dhéanamh chuig rialaitheoirí agus chuig próiseálaithe i bPoblacht na Cóiré gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil. Ní dhéantar difear leis do chur i bhfeidhm díreach Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis na heintitis sin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin sin, a leagtar síos san Airteagal 3 de.

2.   NA RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

2.1   An creat um chosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré

(8)

An córas dlí lena rialaítear cosaint an phríobháideachais agus sonraí, tá a fhréamhacha i mBunreacht na Cóiré, arna fhógairt an 17 Iúil 1948. An ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, cé gurb amhlaidh nach leagtar amach go sainráite sa Bhunreacht é, aithnítear mar cheart bunúsach é mar sin féin, rud a dhíorthaítear ó na cearta bunreachtúla chun dínit an duine agus chun dul ar thóir an tsonais (Airteagal 10), chun saoil phríobháidigh (Airteagal 17) agus chun príobháideachais cumarsáide (Airteagal 18). Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach (10) agus an Chúirt Bhunreachtúil (11) araon an méid sin. Srianta ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha (lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais), ní fhéadfar iad a fhorchur ach leis an dlí, nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an t-ord poiblí a chaomhnú le haghaidh leas an phobail, agus ní fhéadfar difear a dhéanamh leo d’éirim an chirt ná na saoirse atá i gceist (Airteagal 37(2)).

(9)

Cé go dtagraítear sa Bhunreacht in áiteanna éagsúla do chearta shaoránaigh na Cóiré, thug an Chúirt Bhunreachtúil breithiúnas gurb amhlaidh atá daoine nach náisiúnaigh iad faoi réir cearta bunúsacha freisin (12). Go háirithe, chinn an Chúirt, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine den chine daonna, mar aon leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach aon duine eile (13). Thairis sin, de réir na n-uiríoll oifigiúil ó rialtas na Cóiré (14), aithnítear go ginearálta go ndéantar foráil le hAirteagail 12 go 22 den Bhunreacht (lena n-áirítear cearta príobháideachais) maidir le cearta bunúsacha an duine (15). Cé gur fíor nach ann d’aon chásdlí sonrach go dtí seo maidir le ceart daoine nach náisiúnaigh iad chun príobháideachais, ós rud é go bhfuil sé fothaithe i ndínit an duine a chosaint agus sa dul ar thóir an tsonais, tacaítear leis an gconclúid sin (16).

(10)

Thairis sin, d’achtaigh an Chóiré sraith dlíthe i réimse na cosanta sonraí lena soláthraítear coimircí do gach duine aonair, gan beann ar a náisiúntacht (17). Chun críoch an Chinnidh seo, seo a leanas na dlíthe ábhartha:

An tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA);

an tAcht um Úsáid agus Cosaint Faisnéise Creidmheasa (18);

an tAcht um Chosaint Príobháideachais Cumarsáide.

(11)

Le PIPA soláthraítear an creat dlíthiúil ginearálta um chosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré. Déantar é a fhorlíonadh le Foraithne um Fhorfheidhmiú (Foraithne Uimh. 23169 ón Uachtarán an 29 Meán Fómhair 2011, arna leasú go deireanach le Foraithne Uimh. 30892 ón Uachtarán an 4 Lúnasa 2020 (Foraithne um Fhorfheidhmiú PIPA), rud atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus in-fhorfheidhmithe, cosúil le PIPA.

(12)

Thairis sin, le “Fógraí” rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC) soláthraítear tuilleadh rialacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm PIPA. Ar bhonn Airteagal 5 (Oibleagáidí Stáit) agus Airteagal 14 PIPA (an Comhar Idirnáisiúnta), ghlac PIPC Fógra Uimh. 2021-5 an 1 Meán Fómhair 2020 (arna leasú le hUimh. 2021-1 an 21 Eanáir 2021 agus Fógra Uimh. 2021-5 an 16 Samhain 2021, Fógra Uimh. 2021-5) maidir le léirmhíniú, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú forálacha áirithe de PIPA. Leis an bhFógra sin soláthraítear soiléirithe ag a bhfuil feidhm maidir le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoi PIPA agus soláthraítear coimircí breise leis freisin le haghaidh sonraí pearsanta a aistrítear chuig an gCóiré bunaithe ar an gCinneadh sin. Tá an Fógra ceangailteach ó thaobh dlí de ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta agus tá sé in-fhorfheidhmithe ag PIPC agus na cúirteanna araon (19). Baineann sárú ar na rialacha a leagtar amach san Fhógra le sárú ar na forálacha ábhartha de PIPA, arb i gcomhlánú ar na forálacha iad na rialacha sin. Dá bhrí sin, déantar anailís ar inneachar na gcoimircí breise mar chuid den mheasúnú ar na hAirteagail ábhartha de PIPA. Ar deireadh, treoraíocht bhreise maidir le PIPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú, lena dtugtar eolas maidir le cur i bhfeidhm agus le forfheidhmiú na rialacha cosanta sonraí ag PIPC, soláthraítear an treoraíocht sin i Lámhleabhar agus Treoirlínte PIPA arna nglacadh ag PIPC (20).

(13)

Ina theannta sin, leis an Acht um Úsáid agus Cosaint Faisnéise Creidmheasa (CIA) leagtar síos rialacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí tráchtála ar “gnáthoibreoirí” iad agus le heintitis speisialaithe laistigh den earnáil airgeadais freisin nuair a phróiseálann siad faisnéis chreidmheasa phearsanta, i.e. faisnéis is gá chun acmhainneacht creidmheasa páirtithe in idirbhearta airgeadais nó tráchtála a chinneadh. Áirítear leis sin, go háirithe, an t-ainm, na mionsonraí teagmhála, na hidirbhearta airgeadais, an rátáil creidmheasa, an stádas árachais, nó an t-iarmhéid iasachta nuair a úsáidtear an fhaisnéis sin chun acmhainneacht creidmheasa duine aonair a chinneadh (21). Os a choinne sin, i gcás ina n-úsáidfear an fhaisnéis sin chun críoch eile (amhail acmhainní daonna), tá feidhm ag PIPA ina iomláine. Maidir le forálacha cosanta sonraí sonracha CIA, déanann PIPC maoirseacht pháirteach ar an gcomhlíontacht (le haghaidh eagraíochtaí tráchtála, féach Airteagal 45-3 CIA) agus déanann an Coimisiún um Sheirbhísí Airgeadais go páirteach í freisin (22) (le haghaidh na hearnála airgeadais, lena n-áirítear gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, bainc, cuideachtaí árachais, bainc choigiltis fhrithpháirteacha, cuideachtaí airgeadais creidmheasa speisialaithe, cuideachtaí seirbhísí infheistíochta airgeadais, cuideachtaí airgeadais urrús, comhair chreidmheasa, etc., féach Airteagal 45(1) CIA i gcomhar le hAirteagal 36-2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA agus Airteagal 38 den Acht fán gCoimisiún um Sheirbhísí Airgeadais). Maidir leis sin, tá raon feidhme an Chinnidh seo teoranta d’oibríochtaí tráchtála atá faoi réir fhormhaoirseacht PIPC (23). Rialacha sonracha CIA ag a bhfuil feidhm sa chomhthéacs seo (tá feidhm ag rialacha ginearálta PIPA i gcás nach ann d’aon riail shonrach), tugtar tuairisc orthu i roinn 2.3.11.

2.2   Raon feidhme ábhartha agus pearsanta PIPA

(14)

Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sonrach in Achtanna eile, rialaítear cosaint sonraí pearsanta le PIPA (Airteagal 6). Cinntear raon feidhme ábhartha agus pearsanta a chur i bhfeidhm leis na coincheapa sainmhínithe “faisnéis phearsanta”, “próiseáil” agus “rialaitheoir faisnéise pearsanta”.

2.2.1   Sainmhíniú ar shonraí pearsanta

(15)

Le hAirteagal 2(1) PIPA sainmhínítear faisnéis phearsanta mar fhaisnéis a bhaineann le duine aonair beo lena sainaithnítear an duine aonair go díreach, mar shampla trí ainm, cláruimhir chónaitheach nó íomhá an duine, nó go hindíreach, eadhon i gcás nach indéanta duine aonair ar leith a shainaithint le faisnéis léi féin ach inar féidir an fhaisnéis sin a chomhcheangail go héasca le faisnéis eile. Maidir le cibé acu is féidir nó nach féidir faisnéis a chomhcheangal “go héasca”, tá an méid sin ag brath ar cibé acu is dócha nó nach dócha go réasúnta go dtarlóidh an comhcheangal sin, agus an fhéidearthacht a bhaineann le faisnéis eile a fháil á cur san áireamh mar aon leis an am, leis an gcostas agus leis an teicneolaíocht is gá chun duine aonair a shainaithint.

(16)

Ina theannta sin, faisnéis faoi ainm bréige – i.e. faisnéis nach indéanta duine aonair sonrach a shainaithint léi gan í a úsáid nó í a chomhcheangal le faisnéis bhreise chun í a thabhairt ar ais chuig a staid bhunaidh – meastar gur sonraí pearsanta í faoi PIPA (Airteagal 2(1) lit. c) de PIPA). Os a choinne sin, déantar faisnéis atá “anaithnidithe” go hiomlán a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm PIPA (Airteagal 58-2 de PIPA). Is amhlaidh an cás le haghaidh faisnéis nach indéanta duine aonair sonrach a shainaithint léi, fiú má tá sí comhcheangailte le faisnéis eile, agus an t-am, an costas agus an teicneolaíocht is gá go réasúnta le haghaidh na sainaitheanta á gcur san áireamh.

(17)

Comhfhreagraíonn an méid sin do raon feidhme ábhartha chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 agus dá choincheapa maidir le “sonraí pearsanta”, “ainm bréige a chur i bhfeidhm” (24) agus “faisnéis anaithnidithe” (25).

2.2.2   Sainmhíniú ar phróiseáil

(18)

Sainmhínítear an coincheap “próiseáil” go leathan in PIPA mar ní lena gcumhdaítear “bailiú, giniúint, nascadh, cónascadh, taifeadadh, stóráil, coinneáil, próiseáil breisluacha, eagarthóireacht, aisghabháil, aischur, ceartú, gnóthú, úsáid, soláthar, agus nochtadh, scriosadh faisnéise pearsanta agus gníomhaíochtaí comhchosúla eile” (26). Cé nach dtagraítear ach do chineálacha sonracha próiseála le forálacha áirithe in PIPA amhail “úsáid”, “soláthar” nó “bailiú” (27), léirmhínítear an coincheap maidir le “úsáid” mar ní lena n-áirítear aon chineál próiseála seachas “bailiú” nó “soláthar” (tríú páirtí). Leis an léirmhíniú leathan sin ar “úsáid” áirithítear nach ann d’aon bhearna sa chosaint i leith gníomhaíochtaí próiseála sonracha. Comhfhreagraíonn coincheap na próiseála dá bhrí sin don choincheap céanna faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.2.3   Rialaitheoir faisnéise pearsanta agus “seachfhoinsí”

(19)

Tá feidhm ag PIPA maidir le “rialaitheoirí faisnéise pearsanta” (rialaitheoir). Cosúil le Rialachán (AE) 2016/679, áirítear leis sin aon institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht nó duine aonair a phróiseálann sonraí pearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid sonraí pearsanta a oibriú mar chuid dá gníomhaíochtaí nó dá ghníomhaíochtaí (28). Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn “comhad faisnéise pearsanta” aon “sraith faisnéise pearsanta atá socraithe nó eagraithe ar bhealach córasach bunaithe ar riail ar leith le haghaidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis phearsanta” (Airteagal 2(4) PIPA) (29). Go hinmheánach, tá an rialaitheoir faoi oibleagáid oiliúint a chur ar na daoine ag a bhfuil baint leis an bpróiseáil atá faoina stiúir, amhail oifigigh nó fostaithe den chuideachta, agus rialú agus maoirseacht iomchuí a fheidhmiú (Airteagal 28(1) PIPA).

(20)

Tá feidhm ag oibleagáidí sonracha nuair a sheachfhoinsíonn rialaitheoir (an “seachfhoinseoir”) próiseáil sonraí pearsanta chuig tríú páirtí (an “seachfhoinsí”). Go háirithe, ní mór an seachfhoinsiú a rialú le socrú atá ceangailteach ó thaobh dlí de (conradh de ghnáth) (30) lena leagtar amach raon feidhme na hoibre seachfhoinsithe, críoch na próiseála, na coimircí teicniúla agus bainistíochta atá le cur i bhfeidhm, maoirseacht ag an rialaitheoir, dliteanas (amhail cúiteamh as damáistí a rinneadh de dheasca sárú ar oibleagáidí conarthacha) mar aon leis na teorannuithe ar aon fhophróiseáil (31) (Airteagal 26(1), (2) de PIPA i gcomhar le hAirteagal 28(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú) (32).

(21)

Ina theannta sin, ní mór don rialaitheoir mionsonraí a fhoilsiú, agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach, maidir leis an obair sheachfhoinsithe agus céannacht an tseachfhoinsí, nó, a mhéid a bhaineann an phróiseáil sheachfhoinsithe le gníomhaíochtaí margaíochta dírí, agus ní mór don rialaitheoir fógra a thabhairt go díreach do dhaoine aonair faoin bhfaisnéis ábhartha (Airteagal 26(2), (3) PIPA i gcomhar le hAirteagal 28(2)-(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú) (33).

(22)

Thairis sin, de bhun Airteagal 26(4) PIPA i gcomhar le hAirteagal 28(6) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú, tá an rialaitheoir faoi oibleagáid “oideachas a chur” ar an seachfhoinsí maidir leis na bearta slándála is gá agus maoirseacht a dhéanamh, lena n-áirítear trí chigireachtaí, ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé oibleagáidí uile an rialaitheora faoi PIPA (34) agus faoin gconradh seachfhoinsiúcháin freisin. I gcás ina ndéanfaidh an seachfhoinsí damáiste de dheasca sárú ar PIPA, cuirfear a ghníomhaíochtaí nó a neamhghníomh i leith an rialaitheora le haghaidh críoch dliteanais amhail i gcás fostaí (Airteagal 26(6) PIPA).

(23)

Dá bhrí sin, cé nach n-úsáidtear coincheapa éagsúla le PIPA le haghaidh “rialaitheoirí” agus “próiseálaithe”, leis na rialacha maidir le seachfhoinsiú soláthraítear oibleagáidí agus coimircí arb ionann iad go bunúsach agus na cinn lena rialaítear an caidreamh idir rialaitheoirí agus próiseálaithe faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.2.4   Forálacha speisialta le haghaidh soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide

(24)

Cé go bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag aon rialaitheoir, tá rialacha sonracha i bhforálacha áirithe (mar lex specialis) maidir le próiseáil sonraí pearsanta “úsáideoirí” arna déanamh ag “soláthraithe seirbhísí faisnéise agus cumarsáide” (35). Leis an gcoincheap “úsáideoirí” cumhdaítear daoine aonair a úsáideann seirbhísí faisnéise agus cumarsáide (Airteagal 2(1) lit. 4 den Acht um Chur chun Cinn Úsáid an Líonra Faisnéise agus Cumarsáide agus Cosaint Sonraí, an tAcht Líonra). Ceanglaítear leis sin go mbaineann an duine aonair úsáid dhíreach as seirbhísí teileachumarsáide arna soláthar ag oibreoir teileachumarsáide de chuid an Cóiré nó go mbaineann an duine sin úsáid as seirbhísí faisnéise (36) arna soláthar ar bhonn tráchtála (i.e. le haghaidh brabúis) ag eintiteas atá ag brath dá réir sin ar sheirbhísí oibreora teileachumarsáide atá ceadúnaithe/cláraithe sa Chóiré (37). Sa dá chás sin, an t-eintiteas atá faoi cheangal ag forálacha sonracha PIPA, is eintiteas é a thairgeann seirbhís ar líne go díreach do dhuine aonair (i.e. úsáideoir).

(25)

Os a choinne sin, baineann toradh leordhóthanachta go heisiach leis an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta a aistrítear ó rialaitheoir/próiseálaí san Aontas chuig eintiteas i dtríú tír (anseo: Poblacht na Cóiré). Sa chás deireanach, is iondúil nach mbíonn caidreamh díreach ag daoine aonair san Aontas ach leis an “onnmhaireoir sonraí” san Aontas agus leis sin amháin, seachas le haon soláthraí seirbhíse faisnéise agus cumarsáide de chuid na Cóiré (38). Dá bhrí sin, forálacha sonracha PIPA i leith sonraí pearsanta úsáideoirí seirbhísí faisnéise agus cumarsáide, ní bheidh feidhm acu, ar a mhéad, ach i staideanna teoranta maidir le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gCinneadh seo.

2.2.5   Díolúine ó fhorálacha áirithe de PIPA

(26)

Le hAirteagal 58(1) de PIPA eisiatar cur i bhfeidhm cuid de PIPA (i.e. Airteagail 15 go 57) i leith ceithre chatagóir de phróiseáil sonraí (39). Go háirithe, na codanna de PIPA lena ndéileáiltear leis na forais shonracha le haghaidh próiseála, oibleagáidí áirithe maidir le cosaint sonraí, na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gceart aonair mar aon leis na rialacha lena rialaítear réiteach díospóidí arna dhéanamh ag an gCoiste um Idirghabháil Díospóide maidir le Faisnéis Phearsanta, níl feidhm acu. Tá bunfhorálacha eile de PIPA fós infheidhme, go háirithe na forálacha ginearálta maidir le prionsabail na cosanta sonraí (Airteagal 3 PIPA) – lena n-áirítear mar shampla na prionsabail maidir le dlíthiúlacht, sonrú cuspóra agus teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas agus slándáil sonraí – agus cearta duine aonair (maidir le rochtain, ceartú, scriosadh agus fionraí, féach Airteagal 4 PIPA). Ina theannta sin, le hAirteagal 58(4) PIPA forchuirtear oibleagáidí sonracha ar na gníomhaíochtaí próiseála sin, eadhon maidir le híoslaghdú sonraí, coinneáil sonraí theoranta, bearta slándála agus láimhseáil gearán (40). Dá thoradh sin, d’fhéadfadh daoine aonair gearán a chomhdú fós féin le PIPC mura n-urramófaí na prionsabail ná na hoibleagáidí sin agus cumhachtaítear do PIPC gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcás neamhchomhlíonadh.

(27)

Ar an gcéad dul síos, leis an díolúine pháirteach cumhdaítear sonraí pearsanta arna mbailiú de bhun an Achta Staidrimh lena bpróiseáil ag institiúidí poiblí. De réir soiléirithe a fuarthas ó rialtas na Cóiré, is iondúil go mbaineann sonraí pearsanta a phróiseáiltear sa chomhthéacs sin le náisiúnaigh na Cóiré agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh faisnéis ar eachtrannaigh san áireamh iontu ach go heisceachtúil, eadhon i gcás staidreamh maidir le dul isteach sa chríoch nó imeacht uaithi, nó maidir le hinfheistíochtaí coigríche. Mar sin féin, fiú sna staideanna sin, ní hiondúil go ndéantar na sonraí sin a aistriú ó rialaitheoirí/próiseálaithe san Aontas, ach bhaileodh na húdaráis phoiblí sa Chóiré go díreach iad (41). Thairis sin, cosúil leis an méid a fhoráiltear in aithris 162 de Rialachán (AE) 2016/679, tá próiseáil sonraí faoin Acht Staidrimh faoi réir coinníollacha agus coimircí éagsúla. Go háirithe, leis an Acht Staidrimh forchuirtear oibleagáidí sonracha, amhail an cruinneas, an chomhsheasmhacht agus an neamhchlaontacht a áirithiú; rúndacht daoine aonair a ráthú; faisnéis freagróirí a chosaint ar fhiosruithe staidrimh lena n-áirítear d’fhonn cosc a chur le húsáid na faisnéise sin chun aon chríche eile seachas staidreamh a thiomsú agus comhaltaí foirne a chur faoi réir ceanglais rúndachta (42). Ní mór d’údaráis phoiblí a phróiseálann staidreamh na prionsabail maidir le híoslaghdú sonraí, teorannú de réir cuspóra agus slándáil (Airteagal 3 agus 58(4) PIPA), inter alia, a chomhlíonadh freisin agus a cheadú do dhaoine aonair a gcearta a fheidhmiú (maidir le rochtain, ceartú, scriosadh agus fionraí, féach Airteagal 4 PIPA). Ar deireadh, ní mór an fhaisnéis a phróiseáil i bhfoirm anaithnidithe nó faoi ainm bréige más féidir críoch na próiseála a chomhlíonadh leis sin (Airteagal 3(7) de PIPA).

(28)

Ar an dara dul síos, le hAirteagal 58(1) de PIPA tagraítear do shonraí pearsanta arna mbailiú nó arna n-iarraidh chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Maidir le raon feidhme agus iarmhairtí na díolúine páirtí sin, tugtar tuairisc níos mionsonraithe orthu in aithris (149).

(29)

Ar an tríú dul síos, tá feidhm ag an díolúine pháirteach maidir le próiseáil shealadach sonraí pearsanta i gcás ina mbeidh gá práinneach leis sin ar chúiseanna sábháilteachta nó slándála poiblí, lena n-áirítear an tsláinte phoiblí. Déanann PIPC an chatagóir sin a léirmhíniú go docht agus, de réir na faisnéise a fuarthas, níor úsáideadh riamh í. Níl feidhm aici ach amháin in éigeandálaí a éilíonn gníomhaíocht phráinneach, mar shampla chun gníomhaithe ionfhabhtaíocha a rianú, nó chun íospartaigh tubaistí nádúrtha a tharrtháil agus chun cabhrú leo (43). Fiú amháin sna staideanna sin, leis an díolúine pháirteach ní chumhdaítear ach próiseáil sonraí pearsanta ar feadh tréimhse theoranta chun an ghníomhaíocht sin a dhéanamh. Staideanna ina bhféadfadh feidhm a bheith aige sin maidir le haistrithe sonraí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, tá siad níos teoranta fós, ós rud é nach bhfuil mórán dóchúlachta ann go mbeadh sonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig oibreoirí na Cóiré den chineál a d’fhágfadh go mbeadh “gá práinneach” lena bpróiseáil ina dhiaidh sin le haghaidh na n-éigeandálaí sin.

(30)

Ar deireadh, tá feidhm ag an díolúine pháirteach maidir le sonraí pearsanta arna mbailiú nó arna n-úsáid ag an bpreas, le haghaidh gníomhaíochtaí misinéireachta ag eagraíochtaí reiligiúnacha, nó le haghaidh ainmniú iarrthóirí arna dhéanamh ag páirtithe polaitiúla. Níl feidhm ag an díolúine ach nuair a phróiseálann an preas, eagraíochtaí reiligiúnacha nó páirtithe polaitiúla sonraí pearsanta chun na gcríoch sonrach sin (i.e. gníomhaíochtaí iriseoireachta, obair mhisinéireachta agus ainmniú iarrthóirí polaitiúla). I gcás ina bpróiseálfaidh na heintitis sin sonraí pearsanta chun críoch eile, amhail bainistíocht a dhéanamh ar acmhainní daonna nó riarachán inmheánach, tá feidhm iomlán ag PIPA.

(31)

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an bpreas le haghaidh gníomhaíochtaí iriseoireachta, an comhardú idir an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus cearta eile (lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais), déantar foráil maidir leis sin leis an Acht Eadrána agus Leigheasanna, etc. mar gheall ar Dhamáiste arna Dhéanamh le Tuarascálacha Preasa (an tAcht Preasa) (44). Go háirithe, le hAirteagal 5 den Acht Preasa déantar foráil nach bhféadfaidh an preas (i.e. aon eagraíocht chraolacháin, nuachtán, tréimhseachán nó nuachtán ar líne), aon seirbhís nuachta idirlín, ná eagraíocht chraolacháin ilmheán idirlín, nach bhféadfaidh sé príobháideachas daoine aonair a shárú. Má tharlaíonn sárú príobháideachais mar sin féin, ní mór é a leigheas go pras i gcomhréir leis na nósanna imeachta sonracha a leagtar amach san Acht. Maidir leis sin, leis an Acht deonaítear roinnt ceart do dhaoine aonair a fhulaingíonn damáiste de dheasca tuarascáil phreasa, amhail foilseachán ceartúcháin ar ráiteas bréige a fháil, ceartúchán trí bhíthin ráiteas bréagnaitheach nó tuarascáil bhreise (i gcás ina mbainfidh tuarascáil phreasa le líomhaintí coireanna ina bhfuil an duine aonair éigiontaithe ina dhiaidh sin) (45). Éilimh ó dhaoine aonair, féadfaidh asraonta preasa iad a réiteach go díreach (trí ombudsman) (46), trí idir-réiteach nó eadráin (os comhair Coimisiún Eadrána Preasa speisialaithe) (47) nó os comhair na gcúirteanna. Féadfaidh daoine aonair cúiteamh a fháil freisin nuair a fhulaingíonn siad damáiste airgeadaíochta, sárú ar cheart pearsantachta, nó aon anacair mhothúchánach eile de dheasca gníomhaíocht neamhdhleathach de chuid an phreasa (arna dhéanamh d’aon ghnó nó le faillí) (48). Tá an preas díolmhaithe ó dhliteanas faoin Acht a mhéid nach bhfuil tuarascáil phreasa lena gcuirtear isteach ar chearta duine aonair contrártha do luachanna sóisialta agus atá sí foilsithe le toiliú an duine aonair lena mbaineann, nó chun leas an phobail (agus atá forais leordhóthanacha ann lena mheas go gcomhfhreagraíonn an tuarascáil don fhírinne) (49).

(32)

Cé go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an bpreas le haghaidh gníomhaíochtaí iriseoireachta faoi réir coimircí sonracha dá bhrí sin a leanann ón Acht Preasa, ní hann d’aon choimirce bhreise den sórt sin lena leagtar amach úsáid na n-eisceachtaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí próiseála de chuid eagraíochtaí reiligiúnacha agus páirtithe polaitiúla ar bhealach atá inchomparáide le hAirteagail 85, 89 agus 91 de Rialachán (AE) 2016/679. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí eagraíochtaí reiligiúnacha a eisiamh a mhéid a phróiseálann siad sonraí pearsanta le haghaidh a ngníomhaíochtaí misinéireachta agus páirtithe polaitiúla a eisiamh a mhéid a phróiseálann siad sonraí pearsanta i gcomhthéacs iarrthóirí a ainmniú, agus sin ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

2.3   Coimircí, cearta agus oibleagáidí

2.3.1   Dlíthiúlacht agus cothroime na próiseála

(33)

Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach agus go cothrom.

(34)

Leagtar an prionsabal sin síos le hAirteagal 3(1), (2) de PIPA agus treisítear é le hAirteagal 59 de PIPA, lena dtoirmeasctar próiseáil sonraí pearsanta “ar mhodhanna calaoiseacha, míchuí nó éagóracha”, “gan údarás dlíthiúil” nó “taobh amuigh den údarás cuí” (50). Forbraítear na prionsabail ghinearálta sin maidir le próiseáil dhleathach in Airteagail 15 go 19 de PIPA lena leagtar amach na bunúis dlí éagsúla le haghaidh na próiseála (bailiú, úsáid agus soláthar do thríú páirtithe), lena n-áirítear na himthosca faoina bhféadfaidh baint a bheith aige sin le hathrú críche (Airteagal 18 de PIPA).

(35)

De réir Airteagal 15(1) PIPA, ní fhéadfaidh rialaitheoir sonraí pearsanta a bhailiú (laistigh de raon feidhme chríoch an bhailithe) ach ar líon teoranta d’fhorais dhlíthiúla. Is iad seo a leanas na forais (1) toiliú an ábhair sonraí (51) (lit. 1); (2) an gá le conradh a fhorghníomhú agus a dhéanamh leis an ábhar sonraí (lit. 4); (3) údarú dlí speisialta sa dlí nó gá le comhlíontacht le hoibleagáid dhlíthiúil (lit. 2); an gá (52) atá ann go ndéanfadh institiúid phoiblí na cúraimí laistigh dá dlínse mar a fhorordaítear leis an dlí; (4) an gá follasach saol, corp nó leasanna maoine an ábhair sonraí nó tríú páirtí a chosaint ar gharchontúirt (ach amháin mura bhfuil an t-ábhar sonraí in ann a rún a chur in iúl, nó mura féidir toiliú a fháil roimh ré) (lit. 5); (5) an gá an “leas a bhfuil bonn cirt leis” a fháil ón rialaitheoir más “follasach gur mó” é ná leasanna an ábhair sonraí (agus i gcás ina mbeidh “gaol substaintiúil” ag an bpróiseáil leis an leas dlisteanach agus nach dtéann sí thar a bhfuil réasúnach, agus sa chás sin amháin (lit. 6) (53). Na forais sin le haghaidh próiseála, is ionann iad go bunúsach agus na cinn a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear an foras maidir leis an “leas a bhfuil bonn cirt leis” atá comhionann leis an bhforas maidir le “leas dlisteanach” in Airteagal 6(1) pointe (f) de Rialachán (AE) 2016/679.

(36)

Nuair a bhailítear iad, féadfar sonraí pearsanta a úsáid laistigh de raon feidhme chríoch an bhailithe (Airteagal 15(1) PIPA), nó “laistigh den raon feidhme atá bainteach go réasúnta” le cuspóir an bhailithe, agus na míbhuntáistí féideartha a rinneadh don ábhar sonraí á gcur san áireamh agus ar choinneáil gur glacadh na bearta slándála is gá (e.g. criptiú) (Airteagal 15(3) PIPA). Chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil críoch na húsáide “bainteach go réasúnta” le críoch bhunaidh an bhailithe, leagtar amach leis an bhForaithne um Fhorfheidhmiú critéir shonracha, atá comhchosúil leo sin in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679. Go háirithe, ní mór ábharthacht shuntasach a bheith ann maidir leis an gcríoch bhunaidh; ní mór an úsáid bhreise a bheith intuartha (mar shampla i bhfianaise na n-imthosca inar bailíodh an fhaisnéis); agus, i gcás inar féidir, ní mór na sonraí a bheith faoi ainm bréige (54). Ní mór na critéir shonracha a úsáideann rialaitheoir sa mheasúnú sin a nochtadh roimh ré sa bheartas príobháideachais (55). Thairis sin, ceanglaítear go sonrach ar an oifigeach príobháideachais (féach aithris (94)) athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn úsáid bhreise laistigh de na paraiméadair sin.

(37)

Tá feidhm ag rialacha atá comhchosúil (ach beagáinín níos doichte) maidir le soláthar sonraí do thríú páirtí. De réir Airteagal 17(1) de PIPA, ceadaítear soláthar sonraí pearsanta do thríú tír ar bhonn toiliú (56) nó, laistigh de chríoch an bhailithe, i gcás inar bailíodh an fhaisnéis ar cheann de na forais dhlíthiúla in Airteagal 15(1) lit. 2, 3 agus 5 de PIPA. Eisiatar leis sin go háirithe aon nochtadh atá bunaithe ar “an leas a bhfuil bonn cirt leis” de chuid an rialaitheora. Thairis sin, le hAirteagal 17(4) PIPA ceadaítear soláthar tríú páirtí “laistigh den raon feidhme atá bainteach go réasúnta” le críoch an bhailithe, agus míbhuntáistí féideartha a rinneadh don ábhar sonraí á gcur san áireamh arís agus ar choinníoll gur glacadh na bearta slándála is gá (amhail criptiú). Ní mór na tosca céanna leo sin ar a dtugtar tuairisc in aithris (36) a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an fhoráil laistigh den raon feidhme atá bainteach go réasúnta le críoch an bhailithe agus atá nó nach bhfuil feidhm ag na coimircí céanna (i.e. maidir le trédhearcacht tríd an mbeartas príobháideachais agus rannpháirtíocht an oifigigh phríobháideachais).

(38)

Má fhaigheann rialaitheoir sonraí de chuid na Cóiré sonraí pearsanta ón Aontas meastar gur “bailiú” de réir bhrí Airteagal 15 PIPA é sin. Le Fógra Uimh. 2021-5 (Roinn I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo) soiléirítear gurb é atá sa chríoch ar lena haghaidh a d’aistrigh an t-eintiteas lena mbaineann den Aontas na sonraí, críoch an bhailithe le haghaidh an rialaitheora sonraí den Chóiré. Dá thoradh sin, rialaitheoirí sonraí den Chóiré a fhaigheann sonraí pearsanta ón Aontas, ceanglaítear orthu i bprionsabal an fhaisnéis sin a phróiseáil laistigh de raon feidhme chríoch an aistrithe, i gcomhréir le hAirteagal 17 PIPA.

(39)

Tá feidhm ag teorannuithe speisialta i gcás ina bhféachfaidh an rialaitheoir leis na sonraí pearsanta a úsáid nó lena soláthar do thríú páirtí chun críche atá éagsúil le críoch an bhailithe (57). De réir Airteagal 18(2) PIPA, féadfaidh rialaitheoir príobháideach (58) sonraí pearsanta a úsáid go heisceachtúil nó iad a sholáthar do thríú páirtí chun críche éagsúla: (1) bunaithe ar thoiliú breise (is é sin ar leithligh) an ábhair sonraí; (2) i gcás ina ndéanfar foráil maidir leis sin le forálacha reachtúla speisialta; nó (3) i gcás ina mbeidh gá follasach leis sin chun saol, corp nó leasanna maoine an ábhair sonraí nó tríú páirtí a chosaint ar gharchontúirt (ach amháin mura bhfuil an t-ábhar sonraí in ann a rún a chur in iúl, agus mura féidir toiliú a fháil roimh ré) (59).

(40)

Féadfaidh institiúidí poiblí sonraí pearsanta a úsáid freisin nó iad a sholáthar do thríú páirtí chun críche éagsúla i staideanna áirithe. Áirítear leis sin cásanna ina mbeadh sé dodhéanta murach sin d’institiúidí poiblí a ndualgais reachtúla a dhéanamh mar a fhorordaítear leis an dlí, faoi réir údarú ó PIPC. Ina theannta sin, féadfaidh institiúidí poiblí sonraí pearsanta a sholáthar d’údarás nó do chúirt eile, i gcás inar gá sin chun coireanna nó díotáil a imscrúdú agus a ionchúiseamh; chun go ndéanfadh cúirt a feidhmeanna a bhaineann le himeachtaí breithiúnacha leanúnacha; nó chun pionós coiriúil, nó ordú cúraim nó coimeádta a fhorfheidhmiú (60). Féadfaidh siad sonraí pearsanta a sholáthar freisin do rialtas eachtrach nó eagraíocht idirnáisiúnta chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh tar éis conradh nó coinbhinsiún idirnáisiúnta, inar gá dóibh na ceanglais maidir le haistrithe sonraí trasteorann a chomhlíonadh freisin (féach aithris (90)).

(41)

Dá bhrí sin, déantar na prionsabail maidir le dlíthiúlacht agus cothroime na próiseála a chur chun feidhme i gcreat dlíthiúil na Cóiré ar bhealach arb ionann é go bunúsach agus an bealach lena mbaineann i Rialachán (AE) 2016/679, tríd an bpróiseáil a cheadú ar bhonn forais atá dlisteanach agus sainmhínithe go soiléir, agus ar bhonn na bhforas sin amháin. Thairis sin, sna cásanna uile atá luaite, ní cheadaítear an phróiseáil ach mura dócha go “sárófar go héagórach” léi leasanna an ábhair sonraí nó tríú páirtí, a gceanglaítear comhardú leasanna ina leith. Ina theannta sin, le hAirteagal 18(5) PIPA forordaítear coimircí breise nuair a sholáthraíonn an rialaitheoir na sonraí pearsanta do thríú páirtí, lena bhféadfar iarraidh a áireamh chun críoch agus modh na húsáide a shrianadh, nó chun bearta slándála sonracha a chur i bhfeidhm. Ceanglaítear ar an tríú páirtí dá réir sin na bearta arna n-iarraidh a chur chun feidhme.

(42)

Ar deireadh, le hAirteagal 28-2 PIPA ceadaítear próiseáil (bhreise) na faisnéise faoi ainm bréige gan toiliú an duine lena mbaineann chun críche staidrimh, taighde eolaíoch (61) agus cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, faoi réir coimircí sonracha. Cosúil le Rialachán (AE) 2016/679 (62), le PIPA éascaítear, dá bhrí sin, próiseáil (bhreise) ar shonraí pearsanta chun na gcríoch sin laistigh de chreat lena ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí chun cearta daoine aonair a chosaint. Seachas a bheith ag brath ar ainm bréige a chur i bhfeidhm mar choimirce fhéideartha, le PIPA forchuirtear mar réamhchoinníoll é chun gníomhaíochtaí próiseála áirithe a dhéanamh chun críoch staidrimh, taighde eolaíoch agus cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail (amhail a bheith in ann na sonraí a phróiseáil gan toiliú nó tacair sonraí éagsúla a chomhcheangal).

(43)

Thairis sin, le PIPA forchuirtear roinnt coimircí sonracha, go háirithe ó thaobh bearta teicniúla agus eagraíochtúla a cheanglaítear, coimeád taifead, teorannuithe ar chomhroinnt sonraí agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí féideartha maidir le hath-shainaithint. Leis an gcomhcheangal de na coimircí éagsúla ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (44) - (48) áirithítear go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta sa chomhthéacs sin faoi réir cosaintí arb ionann iad go bunúsach i gcomparáid leis na cinn a cheanglófaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(44)

Ar an gcéad dul síos, agus rud a bhfuil tábhacht ar leith leis, le hAirteagal 28-5(1) PIPA toirmeasctar próiseáil faisnéise faoi ainm bréige chun duine aonair ar leith a shainaithint. Maidir le faisnéis lena bhféadfaí duine aonair a shainaithint, dá nginfí í mar sin féin le linn faisnéis faoi ainm bréige a phróiseáil, ní mór don rialaitheoir an phróiseáil a chur ar fionraí láithreach agus an fhaisnéis sin a scriosadh (Airteagal 28-5(2) PIPA). Tá mainneachtain na forálacha sin a chomhlíonadh faoi réir fíneálacha riaracháin agus is cion coiriúil é sin (63). Fágann sin, fiú sna staideanna sin ina mbeadh sé beagnach dodhéanta an duine aonair a ath-shainaithint, go bhfuil toirmeasc ar an ath-shainaithint sin ó thaobh an dlí de.

(45)

Ar an dara dul síos, le linn próiseáil (bhreise) a dhéanamh ar fhaisnéis faoi ainm bréige chun na gcríoch sin, ceanglaítear ar an rialaitheoir bearta sonracha teicneolaíocha, bainistiúla agus fisiceacha a chur i bhfeidhm chun slándáil na faisnéise a áirithiú (lena n-áirítear faisnéis a stóráil agus a bhainistiú ar leithligh, ar faisnéis í is gá chun an fhaisnéis faoi ainm bréige a thabhairt ar ais chuig a staid bhunaidh) (64). Ina theannta sin, ní mór taifid a choimeád ar an bhfaisnéis faoi ainm bréige arna próiseáil, mar aon le críoch na próiseála, stair na húsáide agus aon fhaighteoir tríú páirtí (Airteagal 29-5(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(46)

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, déantar foráil le PIPA maidir le coimircí sonracha chun sainaithint daoine aonair arna déanamh ag tríú páirtithe a chosc i gcás ina gcomhroinnfear an fhaisnéis. Go háirithe, le linn faisnéis faoi ainm bréige a sholáthar do thríú páirtí chun críche staidrimh, taighde eolaíoch nó cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, ní fhéadfaidh rialaitheoirí faisnéis a áireamh dá bhféadfaí í a úsáid chun duine aonair sonrach a shainaithint (Airteagal 28-2(2) PIPA (65).

(47)

Níos sonraí ná sin, cé go gceadaítear le PIPA comhcheangal faisnéise faoi ainm bréige (arna próiseáil ag rialaitheoirí éagsúla) chun críche staidrimh, taighde eolaíoch nó cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, forchoimeádann sé an chumhacht sin d’institiúidí speisialaithe ag a bhfuil saoráidí slándála sonracha (Airteagal 28-3(1) PIPA (66). Agus iarratas á dhéanamh ar chomhcheangal de shonraí faoi ainm bréige, ní mór do rialaitheoir doiciméadacht a chur isteach ar, i measc nithe eile, na sonraí atá le comhcheangal, críoch an chomhcheangail agus, mar aon leis sin, na bearta slándála atá beartaithe chun na sonraí comhcheangailte a phróiseáil (67). Chun go bhféadfar an comhcheangal a dhéanamh, ní mór don rialaitheoir na sonraí atá le comhcheangal a sheoladh chuig an institiúid speisialaithe agus “eochair chomhcheangail” (i.e. an fhaisnéis a úsáideadh chun ainm bréige a chur i bhfeidhm) a sholáthar do Ghníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré (68). Gineann an Ghníomhaireacht sin “sonraí naisc eochrach comhcheangail” (lenar féidir eochracha comhcheangail iarratasóirí éagsúla a nascadh chun comhcheangal na dtacar sonraí a bhaint amach) agus soláthraíonn sí don institiúid speisialaithe iad (69).

(48)

Féadfaidh an rialaitheoir a iarrann comhcheangal anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis chomhcheangailte ag áitreabh na hinstitiúide speisialaithe, i spás ina gcuirtear bearta slándála teicniúla, fisiceacha agus riaracháin sonracha i bhfeidhm (Airteagal 29-3 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Rialaitheoirí a rannchuidíonn tacar sonraí le haghaidh an chomhcheangail sin, ní fhéadfaidh siad na sonraí comhcheangailte a thógáil lasmuigh den institiúid speisialaithe ach tar éis ainm bréige a chur i bhfeidhm ar na sonraí comhcheangailte nó iad a anaithnidiú a thuilleadh agus le formheas na hinstitiúide sin (Airteagal 28-3(2) PIPA) (70). Agus breithniú á dhéanamh ar cibé acu is ceart nó nach ceart an formheas sin a dheonú, déanfaidh an institiúid measúnú ar an nasc idir na sonraí comhcheangailte agus críoch na próiseála agus ar cibé acu a tarraingíodh nó nár tarraingíodh plean slándála sonrach suas le haghaidh úsáid na sonraí sin (71). Ní cheadófar an fhaisnéis chomhcheangailte a easpórtáil lasmuigh den institiúid má bhíonn sonraí san fhaisnéis lena bhféadfaí duine a shainaithint (72). Ar deireadh, comhcheangal agus scaoileadh sonraí faoi ainm bréige arna ndéanamh ag an institiúid speisialaithe, déanann PIPC maoirseacht air sin (Airteagal 29-4(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

2.3.2   Próiseáil catagóirí sonracha de shonraí pearsanta

(49)

Ba cheart coimircí sonracha a bheith ann i gcás ina bhfuil “catagóirí speisialta” sonraí á bpróiseáil.

(50)

Tá rialacha sonracha in PIPA a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí íogaire (73), rud a shainmhínítear mar shonraí pearsanta lena nochtar faisnéis maidir le hidé-eolaíocht, creideamh, ligean isteach chuig ceardchumann nó páirtí polaitiúil nó aistarraingt uaidh, tuairimí polaitiúla, sláinte, agus cleachtadh gnéis duine aonair, mar aon le faisnéis phearsanta eile ar dócha go mbagrófaí “go suntasach” ar phríobháideachas an ábhair sonraí léi agus a forordaíodh mar fhaisnéis íogair le Foraithne ón Uachtarán (74). De réir soiléirithe a fuarthas ó PIPC, léirmhínítear cleachtadh gnéis mar ní lena gcumhdaítear gnéaschlaonadh nó roghanna gnéasacha an duine aonair freisin (75). Thairis sin, le hAirteagal 18 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú cuirtear catagóirí breise le raon feidhme na sonraí íogaire, go háirithe faisnéis DNA a fuarthas ó thástáil ghéiniteach agus sonraí arb é atá iontu taifead staire coiriúla. Leis an leasú a rinneadh le déanaí ar Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA leathnaíodh coincheap na sonraí íogaire a thuilleadh, trí shonraí pearsanta lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach agus faisnéis bhithmhéadrach a áireamh freisin (76). Tar éis an leasaithe sin, coincheap na sonraí íogaire faoi PIPA, is ionann é go bunúsach agus an ceann in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.

(51)

De réir Airteagal 23(1) PIPA agus cosúil leis an méid a fhoráiltear faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, tá toirmeasc ar phróiseáil sonraí íogaire de ghnáth, mura bhfuil feidhm ag ceann de na heisceachtaí atá liostaithe (77). Leo sin, teorannaítear próiseáil do chásanna ina gcuireann an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 17 PIPA agus ina bhfaigheann sé toiliú ar leithligh (i.e. ar leithligh ón toiliú chun sonraí pearsanta eile a phróiseáil), nó i gcás ina gceanglófar nó ina gceadófar an phróiseáil le reacht. Féadfaidh údaráis phoiblí próiseáil a dhéanamh freisin ar fhaisnéis bhithmhéadrach, faisnéis DNA arna fáil ó thástáil ghéiniteach, faisnéis phearsanta lena nochtar an tionscnamh ciníoch nó eitneach agus sonraí arb é atá iontu taifead staire coiriúla ar na forais sin atá ar fáil dóibh go heisiach (mar shampla i gcás inar gá an fhaisnéis nó na sonraí chun coireanna a imscrúdú nó i gcás inar gá iad chun go rachadh cúirt ar aghaidh le cás) (78). Dá réir sin, tá na bunúis dlí atá ar fáil chun sonraí íogaire a phróiseáil níos teoranta ná mar atá i gcás cineálacha eile sonraí pearsanta, agus tá siad níos sriantaí fós i ndlí na Cóiré ná mar atá faoi Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2016/679.

(52)

Thairis sin, le hAirteagal 23(2) de PIPA – ar féidir smachtbhannaí teacht as neamhchomhlíonadh an mhéid sin (79) – cuirtear i dtábhacht an tábhacht ar leith a bhaineann le slándáil iomchuí a áirithiú agus sonraí íogaire á láimhseáil ionas “nach ndéanfar na sonraí íogaire a chailleadh, a ghoid, a nochtadh, a bhrionnú, a athrú ná a dhamáistiú.” Cé gur ceanglas ginearálta é sin faoi Airteagal 29 de PIPA, soiléirítear le hAirteagal 3(4) nach mór an leibhéal slándála a oiriúnú do chineál na sonraí pearsanta atá á phróiseáil, rud a fhágann nach mór na rioscaí ar leith a bhaineann le próiseáil sonraí íogaire a chur san áireamh. Thairis sin, déanfar próiseáil sonraí i gcónaí “ar bhealach lena n-íoslaghdaítear an fhéidearthacht sárú a dhéanamh” ar phríobháideachas an ábhair sonraí, agus más féidir “go hanaithnid” (Airteagal 3(6) agus (7) PIPA). Tá na ceanglais sin ábhartha go háirithe i gcás ina mbaineann an phróiseáil le sonraí íogaire.

2.3.3   Teorannú de réir cuspóra

(53)

Ba cheart sonraí pearsanta a bhailiú chun críche áirithe agus ar bhealach nach bhfuil ar neamhréir le críoch na próiseála.

(54)

Áirithítear an prionsabal sin le hAirteagal 3(1) agus (2) de PIPA ar dá réir a dhéanfaidh an rialaitheoir críoch na próiseála “a shonrú go sainráite”, a phróiseálfaidh sé sonraí pearsanta ar bhealach iomchuí is gá chun na críche sin agus nach n-úsáidfidh sé iad lasmuigh den chríoch sin. Deimhnítear an prionsabal ginearálta maidir le teorannú de réir cuspóra freisin in Airteagail 15(1), 18(1), 19 agus – le haghaidh próiseálaithe (“seachfhoinsithe” mar a thugtar orthu) – in Airteagal 26(1) lit. 1, (5) agus (7) de PIPA. Go háirithe, ní fhéadfar sonraí pearsanta a úsáid ná a sholáthar do thríú páirtithe i bprionsabal ach laistigh de raon feidhme na críche ar bailíodh iad lena haghaidh (Airteagal 15(1) agus 17(1) lit. 2). Próiseáil chun críche comhoiriúnaí, i.e. “laistigh den raon feidhme a bhaineann go réasúnta le críoch thosaigh an bhailithe”, ní fhéadfar sin a dhéanamh ach mura ndéantar dochar do na hábhair sonraí lena mbaineann leis sin agus má ghlactar na bearta slándála is gá (amhail criptiú) (Airteagail 15(3) agus 17(4) PIPA). Chun a chinneadh cibé acu is chun críche comhoiriúnaí nó nach ea atá próiseáil bhreise, liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú PIPA critéir shonracha atá cosúil leis na cinn dá bhforáiltear le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679, féach aithris (36).

(55)

Mar a mhínítear in aithris (38), is é atá i gcríoch an bhailithe i gcás rialaitheoirí na Cóiré a fhaigheann sonraí pearsanta ón Aontas, an chríoch ar lena haghaidh a aistrítear na sonraí. Ní cheadaítear athrú críche ón rialaitheoir ach go heisceachtúil, i gcásanna (liostaithe) sonracha (Airteagal 18(2) lit. 1-3 PIPA, féach freisin aithris (39)). A mhéid a údaraítear athrú críche leis an dlí, leis na dlíthe sin ní mór an ceart bunúsach chun príobháideachais agus cosanta sonraí a urramú, mar aon le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a leagtar síos i mBunreacht na Cóiré. Thairis sin, le hAirteagal 18(2) agus (5) PIPA déantar foráil maidir le coimircí breise, go háirithe an ceanglas nár cheart “leas ábhair sonraí a shárú go héagórach” le hathrú críche den sórt sin, agus ar gá comhardú leasanna ina leith i gcónaí dá bhrí sin. Leis sin déantar foráil maidir le leibhéal cosanta arb ionann é go bunúsach agus an leibhéal faoi Airteagal 5(1) lit. b) agus Airteagal 6, i gcomhar le haithris 50, de Rialachán (AE) 2016/679.

2.3.4   Cruinneas agus íoslaghdú sonraí

(56)

Ba cheart sonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ba cheart iad a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart iad a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta freisin don mhéid is gá i ndáil leis na críocha a bpróiseáiltear iad lena n-aghaidh.

(57)

Aithnítear prionsabal an chruinnis in Airteagal 3(3) PIPA ar an mbealach céanna, lena gceanglaítear go bhfuil sonraí pearsanta “cruinn, iomlán agus cothrom le dáta a mhéid is gá i ndáil leis na críocha” a bpróiseáiltear na sonraí lena n-aghaidh. Ceanglaítear íoslaghdú sonraí faoi Airteagail 3(1), (6) agus 16(1) PIPA, lena leagtar síos go ndéanfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhailiú (ach) “an t-íosmhéid is gá” chun na críche beartaithe, agus go bhfuil an dualgas cruthúnais air maidir leis sin. Más féidir críoch an bhailithe a chomhlíonadh trí fhaisnéis a phróiseáil i bhfoirm anaithnidithe, ba cheart do rialaitheoirí féachaint le déanamh amhlaidh (Airteagal 3(7) PIPA).

2.3.5   Teorannú stórála

(58)

Níor cheart sonraí pearsanta a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá chun na gcríoch a bpróiseáiltear na sonraí pearsanta lena n-aghaidh

(59)

Déantar foráil maidir le prionsabal an teorannaithe stórála ar an mbealach céanna le hAirteagal 21(1) PIPA (80), lena gceanglaítear ar an rialaitheoir sonraí pearsanta “a scriosadh” (81) gan mhoill tar éis críoch na próiseála a bhaint amach nó ar dhul in éag na tréimhse coinneála (cibé acu is túisce), mura gceanglaítear coinneáil bhreise le reacht (82). Sa chás deireanach, maidir leis na sonraí pearsanta ábhartha “déanfar iad a stóráil agus a bhainistiú ar leithligh ó fhaisnéis phearsanta eile” (Airteagal 21(3) PIPA).

(60)

Níl feidhm ag Airteagal 21(1) PIPA nuair a phróiseáiltear sonraí faoi ainm bréige chun críoch staidrimh, taighde eolaíoch nó cartlanna chun leas an phobail (83). Chun prionsabal na coinneála teoranta sonraí a áirithiú sa chás sin freisin, ceanglaítear le Fógra 2021-5 ar rialaitheoirí an fhaisnéis a anaithnidiú i gcomhréir le hAirteagal 58-2 PIPA más rud é nár scriosadh na sonraí ar dóibh críoch shonrach na próiseála a chomhlíonadh (84).

2.3.6   Slándáil sonraí

(61)

Ba chóir sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil na sonraí, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme. Chun na críche sin, ba cheart d’oibreoirí gnó bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar bhagairtí féideartha. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na bearta sin agus úrscothacht na próiseála, na costais ghaolmhara agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta an duine aonair.

(62)

Leagtar prionsabal slándála comhchosúil síos in Airteagal 3(4) PIPA, lena gceanglaítear ar rialaitheoirí “faisnéis phearsanta a bhainistiú go sábháilte de réir na modhanna, na gcineálacha, etc. próiseála faisnéise pearsanta, agus an fhéidearthacht go sárófar cearta an ábhair sonraí á cur san áireamh mar aon le déine na rioscaí ábhartha”. Thairis sin, déanfaidh an rialaitheoir “faisnéis phearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-íoslaghdaítear an fhéidearthacht go sárófar príobháideachas ábhair sonraí”, agus sa chomhthéacs sin, féachfaidh an rialaitheoir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hanaithnid nó i bhfoirm faoi ainm bréige, más féidir (Airteagal 3(6) agus (7) PIPA).

(63)

Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na ceanglais ghinearálta sin in Airteagal 29 PIPA, ar dá réir a ndéanfaidh gach rialaitheoir “na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus fisiciúla sin amhail plean bainistíochta inmheánach a bhunú agus taifid logála isteach a chaomhnú, etc., is gá chun an tsábháilteacht a áirithiú mar a fhorordaítear le Foraithne ón Uachtarán chun nach ndéanfar an fhaisnéis phearsanta a chailleadh, a ghoid, a nochtadh, a bhrionnú, a athrú ná a dhamáistiú”. Sonraítear na bearta sin le hAirteagal 30(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA trí thagairt a dhéanamh (1) do cheapadh agus do chur chun feidhme plean bainistíochta inmheánaigh chun sonraí pearsanta a phróiseáil go sábháilte, (2) rialuithe agus srianta rochtana, (3) teicneolaíocht chriptiúcháin a ghlacadh chun sonraí pearsanta a stóráil agus a tharchur go sábháilte, (4) taifid logála isteach, (5) cláir shlándála, agus (6) bearta fisiciúla amhail córas stórála nó glasála sábháilte (85).

(64)

Ina theannta sin, tá feidhm ag oibleagáidí sonracha más rud é go dtarlaíonn sárú sonraí (Airteagal 34 PIPA i gcomhar le hAirteagail 39 agus 40 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (86). Go háirithe, ceanglaítear ar an rialaitheoir fógra a thabhairt do na hábhair sonraí éagóirithe faoi mhionsonraí an tsáraithe gan mhoill (87), lena n-áirítear faisnéis maidir le frithbhearta (sainordaitheacha) a dhéanann an rialaitheoir agus faoin méid is féidir le hábhair sonraí a dhéanamh chun riosca an damáiste a mhaolú (Airteagal 34(1), (2) PIPA) (88). I gcás ina mbainfidh an sárú sonraí le 1 000 ábhar sonraí ar a laghad, déanfaidh an rialaitheoir, gan mhoill, an sárú sonraí agus na frithbhearta a rinneadh a thuairisciú do PIPC agus do Ghníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré freisin, a fhéadfaidh cúnamh teicniúil a sholáthar (Airteagal 34(3) PIPA i gcomhar le hAirteagal 39 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Bíonn rialaitheoirí faoi dhliteanas as aon damáiste de thoradh sáruithe sonraí, i gcomhréir le forálacha an Achta Shibhialta maidir le dliteanas torta (féach freisin roinn 2.5 maidir le sásamh) (89).

(65)

Agus a chuid oibleagáidí slándála á gcomhlíonadh aige, ní mór don rialaitheoir cúnamh a fháil ó oifigeach príobháideachais, a n-áirítear lena chúraimí, i measc cúraimí eile, córas rialaithe inmheánaigh a thógáil “chun nochtadh, drochúsáid agus mí-úsáid faisnéise pearsanta a chosc” (Airteagal 31(2) Lit. 4 PIPA). Thairis sin, tá sé de dhualgas ar an rialaitheoir “rialú agus maoirseacht iomchuí” a dhéanamh ar na baill foirne sin dá chuid a phróiseálann sonraí pearsanta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le bainistiú sábháilte na sonraí sin; áirítear leis sin an oiliúint (“oideachas”) is gá a chur ar fhostaithe (Airteagal 28(1), (2) PIPA). Ar deireadh, i gcás na fophróiseála, ní mór don rialaitheoir ceanglais a fhorchur ar “an seachfhoinsí” i measc láimhseálaithe eile a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a bhainistiú go sábháilte (“coimircí teicniúla agus bainistíochta”), agus ní mór don rialaitheoir an bealach a chuirtear na coimircí sin chun feidhme a mhaoirsiú trí chigireachtaí (Airteagal 26(1) agus (4) PIPA i gcomhar le hAirteagal 28(1) lit. 3, 4 agus (6) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

2.3.7   Trédhearcacht

(66)

Ba cheart ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhghnéithe a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta.

(67)

Áirithítear go ndéantar amhlaidh ar bhealaí difriúla i gcóras na Cóiré. Seachas an ceart ar fhaisnéis de bhun Airteagal 4 lit. 1 (i gcoitinne) agus Airteagal 20(1) PIPA (le haghaidh sonraí pearsanta a bhailítear ó thríú páirtithe), mar aon leis an gceart rochtana de bhun Airteagal 35 PIPA, áirítear le PIPA ceanglas ginearálta maidir leis an trédhearcacht a mhéid a bhaineann le críoch na próiseála (Airteagal 3(1) PIPA) agus ceanglais shonracha maidir leis an trédhearcacht i gcás ina mbeidh an phróiseáil bunaithe ar an toiliú (Airteagal 15(2), 17(2) agus 18(3) PIPA) (90). Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 20(2) PIPA ar rialaitheoirí áirithe – na rialaitheoirí sin dá dtéann an phróiseáil os cionn tairseacha áirithe (91) – fógra a thabhairt don ábhar sonraí, a bhfuair na rialaitheoirí sin a gcuid sonraí pearsanta ó thríú páirtí de chuid fhoinse na faisnéise, faoi chríoch na próiseála, agus faoi cheart an ábhair sonraí éileamh go gcuirfear an phróiseáil ar fionraí, ach amháin i gcás ina mbeidh fógra den sórt sin dodhéanta i ngeall ar easpa aon fhaisnéise teagmhála. Tá feidhm ag eisceachtaí le haghaidh comhaid sonraí pearsanta áirithe arna sealbhú ag údaráis phoiblí, go háirithe comhaid ina bhfuil sonraí a phróiseáiltear le haghaidh na slándála náisiúnta, ar mhaithe le leasanna náisiúnta eile lena mbaineann tábhacht ar leith (tábhacht “thromchúiseach”), nó chun críoch an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú, nó i gcás inar dócha go mbeidh fógra ina chúis le díobháil do bheatha nó do chorp duine eile, nó go ndéanfar le fógra damáiste go héagórach ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile, ach i gcás, agus sa chás seo amháin áfach, inar “follasach gur mó” na leasanna poiblí nó príobháideacha atá i gceist ná cearta na n-ábhar sonraí lena mbaineann (Airteagal 20(4) PIPA). Ceanglaítear leasanna a chomhardú lena aghaidh sin.

(68)

Ina theannta sin, forordaítear le hAirteagal 3(5) PIPA go bpoibleoidh rialaitheoirí a bheartas príobháideachais (agus ábhair eile a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta). Sonraítear an ceanglas sin a thuilleadh in Airteagal 30 PIPA i gcomhar le hAirteagal 31 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA. De réir na bhforálacha sin, ní mór don bheartas príobháideachais poiblí na nithe seo a leanas a áireamh, i measc nithe eile (1) na cineálacha sonraí pearsanta a phróiseáiltear, (2) críoch na próiseála, (3) an tréimhse choinneála, (4) cibé acu a sholáthraítear sonraí pearsanta do thríú páirtí nó nach soláthraítear (92), (5) aon fhophróiseáil, (6) faisnéis ar chearta an ábhair sonraí agus ar an mbealach na cearta sin a fheidhmiú agus (7) faisnéis teagmhála (lena n-áirítear ainm an oifigigh príobháideachais nó na rannóige inmheánaí atá freagrach as comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí a áirithiú agus as gearáin a láimhseáil). Ní mór an beartas príobháideachais a chur ar fáil go poiblí ar bhealach “ina bhféadfaidh ábhair sonraí é a aithint go héasca” (Airteagal 30(2) de PIPA) (93) agus ní mór é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach (Airteagal 31(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(69)

Bíonn institiúidí poiblí faoi réir oibleagáid bhreise an fhaisnéis seo a leanas a chlárú, go háirithe, le PIPC: (1) ainm na hinstitiúide poiblí, (2) na forais agus na críocha maidir leis na comhaid faisnéise pearsanta a phróiseáil, (3) sonraí na sonraí pearsanta a dhéantar a thaifeadadh, (4) modh na próiseála, (5) an tréimhse choinneála, (6) líon na n-ábhar sonraí a gcoinnítear a sonraí pearsanta, (7) an rannóg a láimhseálann iarrataí maidir le hábhair sonraí agus (8) faighteoirí na sonraí pearsanta nuair a sholáthraítear sonraí go gnáthúil nó go hathfhillteach (Airteagal 32(1) PIPA) (94). Cuireann PIPC comhaid sonraí pearsanta chláraithe ar fáil go poiblí agus ní mór d’institiúidí poiblí tagairt a dhéanamh dóibh ina mbeartas príobháideachais freisin (Airteagail 30(1) agus 32(4) de PIPA).

(70)

Chun an trédhearcacht a fheabhsú le haghaidh ábhair sonraí san Aontas a n-aistrítear a gcuid sonraí pearsanta chuig an gCóiré ar bhonn an Chinnidh sin, forchuirtear ceanglais bhreise maidir leis an trédhearcacht le Roinn 3(i) agus (ii) d’Fhógra 2021-5 (Iarscríbhinn I). Ar dtús, nuair a fhaightear sonraí pearsanta ón Aontas ar bhonn an Chinnidh sin, ní mór do rialaitheoirí de chuid na Cóiré fógra a thabhairt do na hábhair sonraí lena mbaineann gan moill mhíchuí (agus in aon chás tráth nach déanaí ná 1 mhí ó thráth an aistrithe) faoi ainm agus sonraí teagmhála na n-eintiteas atá ag aistriú agus ag fáil na faisnéise, na sonraí pearsanta (nó catagóirí na sonraí pearsanta) atá á n-aistriú, cuspóir a mbailithe ag an rialaitheoir de chuid na Cóiré, an tréimhse choinneála agus na cearta atá ar fáil faoi PIPA. Ar an dara dul síos, nuair atá sonraí pearsanta, a fhaightear ón Aontas ar bhonn an Chinnidh sin, á soláthar do thríú páirtithe, ní mór ábhair sonraí a chur ar an eolas faoin bhfaighteoir inter alia, na sonraí pearsanta nó na catagóirí sonraí pearsanta atá le soláthar, an tír dá soláthraítear na sonraí (i gcás inarb infheidhme), mar aon leis na cearta atá ar fáil faoi PIPA (95). Ar an mbealach sin, áirithítear leis an bhFógra go leanfaidh daoine aonair de chuid an Aontais de bheith á gcur ar an eolas faoi na rialaitheoirí sonracha atá ag bpróiseáil a bhfaisnéise agus go mbeidh siad in ann a gcearta a fheidhmiú vis-à-vis na heintitis ábhartha.

(71)

Le Roinn 3 (iii) den Fhógra (Iarscríbhinn I) ceadaítear eisceachtaí teoranta agus cáilithe áirithe maidir leis na hoibleagáidí breise trédhearcachta sin arb oibleagáidí iad atá coibhéiseach go bunúsach leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2016/679. Go háirithe, ní cheanglaítear fógra a thabhairt d’ábhair sonraí san Aontais (1) i gcás agus ar choinníoll gur gá srian a chur le fógra a thabhairt ar chúiseanna áirithe leasa phoiblí (mar shampla i gcás ina ndéanfar an fhaisnéis a phróiseáil chun críoch na slándála náisiúnta nó imscrúduithe coiriúla leanúnacha), a mhéid gur follasach gur mó cuspóirí sin an leasa poiblí ná cearta an ábhair sonraí; (2) i gcás ina mbeidh an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana féin; (3) I gcás agus ar choinníoll gur dócha go ndéanfaidh fógra díobháil do bheatha nó do chorp duine eile, nó gur dócha go sárófar leasanna maoine duine eile go héagórach, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraí; nó (4) i gcás nach mbeidh aon mhionsonra teagmhála ann le haghaidh na ndaoine aonair lena mbaineann, nó i gcás ina gceanglófaí iarracht dhíréireach chun fógra a thabhairt dóibh. Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu an féidir nó nach féidir dul i dteagmháil leis an ábhar sonraí, nó cibé acu atá an iomarca iarrachtaí i gceist leis sin a dhéanamh nó nach bhfuil, ba cheart an fhéidearthacht dul i gcomhar leis an onnmhaireoir sonraí san Aontas a chur san áireamh.

(72)

Leis na rialacha in aithrisí (67) - (71) dá bhrí sin, áirithítear leibhéal cosanta atá coibhéiseach go bunúsach i leith na trédhearcachta lena bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.3.8   Cearta aonair

(73)

Ba cheart cearta áirithe a bheith ag ábhair sonraí ar féidir iad a fhorfheidhmiú in aghaidh an rialaitheora nó an phróiseálaí, go háirithe chun rochtain a fháil ar shonraí, an ceart ar cheartúchán, an ceart agóid a dhéanamh in aghaidh na próiseála agus an ceart go léirscriosfar sonraí. An tráth céanna, féadfaidh cearta den sórt sin a bheith faoi réir srianta, sa mhéid gur gá na srianta sin agus gur comhréireach iad chun cuspóirí tábhachtacha leas ginearálta an phobail a choimirciú.

(74)

De réir Airteagal 3(5) PIPA, ráthóidh an rialaitheoir cearta an ábhair sonraí a liostaítear in Airteagal 4 PIPA agus a shonraítear a thuilleadh in Airteagail 35 go 37, 39 agus 39-2 PIPA.

(75)

Ar dtús, tá cearta ag daoine aonair ar fhaisnéis agus ar rochtain. Nuair a bheidh sonraí pearsanta bailithe ag an rialaitheoir ó thríú páirtí – rud a bheidh amhlaidh i gcónaí i gcás ina n-aistreofar na sonraí ón Aontas – bíonn an ceart ag ábhair sonraí i gcoitinne ar fhaisnéis a fháil (1) “ar fhoinse” na sonraí pearsanta a bailíodh (i.e. an t-aistreoir), (2) ar chríoch na próiseála agus (3) ar an bhfíoras go bhfuil an t-ábhar sonraí i dteideal éileamh go gcuirfear an phróiseáil ar fionraí (Airteagal 20(1) PIPA). Tá feidhm ag eisceachtaí teoranta, eadhon, i gcás inar dócha go ndéanfaidh an fógra sin díobháil do bheatha nó do chorp aon duine eile, nó ina ndéanfaidh sé “damáiste go héagórach do mhaoin agus do leasanna eile” duine eile, ach ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí sin ach amháin i gcás inar “mó go sainráite” leasanna sin an tríú páirtí ná cearta an ábhair sonraí (Airteagal 20(4) lit. 2 PIPA).

(76)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 35(1) agus (3) PIPA i gcomhar le hAirteagal 41(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA an ceart rochtana ar a bhfaisnéis phearsanta d’ábhair sonraí (96). Cumhdaítear le ceart na rochtana deimhniú maidir leis an bpróiseáil, faisnéis ar an gcineál sonraí a phróiseáiltear, críoch na próiseála, an tréimhse choinneála, mar aon le haon nochtadh do thríú páirtí, agus cóip a sholáthar den fhaisnéis phearsanta a phróiseáiltear (Airteagal 4 lit. 3 PIPA i gcomhar le hAirteagal 41(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (97). Ní fhéadfar rochtain a theorannú (rochtain pháirteach) (98) nó a dhiúltú ach amháin i gcás dá bhforáiltear maidir leis sin leis an dlí (99), i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí, nó sárú nach bhfuil bonn cirt leis ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile (Airteagal 35(4) PIPA) (100). Tuigtear leis an gceann deiridh sin gur cheart cearta agus saoirsí an duine aonair a bhfuil cosaint faoin mbunreacht acu a chomhardú, ar thaobh amháin, leis na cearta agus leis na saoirsí sin atá ag daoine eile, ar an taobh eile. I gcás ina gcuirfear teorainn le rochtain nó ina ndiúltófar rochtain, ní mór don rialaitheoir fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoi na forais leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh (Airteagal 41(5), 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(77)

Ar an dara dul síos, tá an ceart ag ábhair sonraí go ndéanfar ceartú nó léirscriosadh (101) ar a gcuid sonraí pearsanta, “mura bhforáiltear dá mhalairt go sonrach le reachtanna eile” (Airteagal 36(1) agus (2) de PIPA) (102). Ar don rialaitheoir iarraidh a fháil, ní mór dó nó di an t-ábhar a imscrúdú gan mhoill, na bearta is gá a dhéanamh (103) agus fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoi laistigh de 10 lá; i gcás nach féidir an iarraidh a dheonú, cumhdaítear leis an gceanglas sin maidir le fógra na cúiseanna leis an diúltú agus an bealach chun achomharc a dhéanamh (féach Airteagal 36(4) PIPA i gcomhar le hAirteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (104).

(78)

Ar deireadh, tá an ceart ag ábhair sonraí próiseáil a gcuid sonraí pearsanta a chur ar fionraí, gan mhoill (105), ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann de na heisceachtaí atá liostaithe (Airteagal 37(1), (2) PIPA) (106). Féadfaidh an rialaitheoir an iarraidh a dhiúltú (1) i gcás ina mbeidh sin údaraithe go sonrach le dlí nó inar gá é go sonrach (ina mbeidh sin “dosheachanta”) chun oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, (2) i gcás inar dhócha go ndéanfadh fionraí damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí, nó sárú nach bhfuil bonn cirt leis ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile, (3) i gcás inar dhodhéanta d’institiúid phoiblí a feidhm a dhéanamh mar a fhorordaítear le dlí gan an fhaisnéis a phróiseáil, nó (4) i gcás ina mainneoidh an t-ábhar sonraí an conradh foluiteach a fhoirceannadh go sainráite leis an rialaitheoir fiú dá mbeadh sé neamhphraiticiúil an conradh a fheidhmiú gan próiseáil sonraí den sórt sin. Sá chás sin, ní mór don rialaitheoir, gan mhoill, fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoi na cúiseanna leis an diúltú agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamh (Airteagal 37(2) PIPA i gcomhar le hAirteagal 44(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). De réir Airteagal 37(4) PIPA, ní mór don rialaitheoir, gan mhoill, “bearta is gá a dhéanamh lena n-áirítear an fhaisnéis phearsanta ábhartha a scriosadh” agus an iarraidh á comhlíonadh chun an phróiseáil a chur ar fionraí (107).

(79)

Tá feidhm ag an gceart chun fionraí freisin i gcás ina n-úsáidfear sonraí pearsanta chun críoch na margaíochta dírí, i.e. chun earraí nó seirbhísí a chur chun cinn, nó chun ceannach na n-earraí nó na seirbhísí sin a lorg. Thairis sin, ceanglaítear toiliú sonrach (breise) an ábhair sonraí le haghaidh próiseáil bhreise den sórt sin i gcoitinne (féach Airteagal 15(1) lit. 1, Airteagal 17(2) lit. 1 PIPA) (108). Nuair a bheidh an toiliú sin á iarraidh, ní mór don rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go háirithe faoin úsáid a bheartaítear a bhaint as na sonraí chun críoch na margaíochta dírí – i.e. an fíoras go bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis nó léi chun go ndéanfar earraí nó seirbhísí a chur chun cinn nó chun ceannach na n-earraí nó na seirbhísí sin a lorg – ar bhealach a bheidh “inaitheanta go sainráite” (Airteagal 22(2), (4) de PIPA i gcomhar le hAirteagal 17(2) lit. 1 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(80)

Chun feidhmiú na gceart aonair a éascú ní mór don rialaitheoir nósanna imeachta tiomnaithe a bhunú agus iad a fhógairt go poiblí (Airteagal 38(4) PIPA) (109). Áirítear leis sin nósanna imeachta chun agóid a dhéanamh in aghaidh diúltú d’iarraidh (Airteagal 38(5) PIPA). Ní mór don rialaitheoir a áirithiú go mbeidh an nós imeachta chun cearta a fheidhmiú “éasca a úsáid le haghaidh an ábhair sonraí” agus nach mbeidh sé níos deacra ná an nós imeachta chun na sonraí pearsanta a bhailiú; áirítear leis sin an oibleagáid faisnéis a sholáthar faoin nós imeachta ar a shuíomh gréasáin (Airteagal 41(2), 43(1) agus 44(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (110). Feadfaidh daoine aonair ionadaí a údarú chun iarraidh den sórt sin a chomhdú (Airteagal 38(1) PIPA i gcomhar le hAirteagal 45 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Cé go bhfuil an rialaitheoir i dteideal táille a fhorchur (agus, i gcás iarraidh chun cóipeanna de shonraí pearsanta a sheoladh, postas), ní mór an tsuim a chinneadh “laistigh de na speansais iarbhír is gá chun [an iarraidh] a phróiseáil]”; ní fhéadfar aon táille (ná postas) a fhorchur i gcás inarb é an rialaitheoir ab údar leis an iarraidh (Airteagal 38(3) PIPA i gcomhar le hAirteagal 47 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(81)

Níl forálacha ginearálta in PIPA ná ina Fhoraithne um Fhorfheidhmiú lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist a bhaineann le cinntí lena ndéantar difear don ábhar sonraí agus a bhíonn bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta agus ar an gcineál próiseála sin amháin. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta atá bailithe san Aontas, is ag an rialaitheoir san Aontas (ag a bhfuil caidreamh díreach leis an ábhar sonraí lena mbaineann) a dhéanfar aon chinneadh de ghnáth a bheidh bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe agus bíonn an cinneadh sin faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 dá réir (111). Áirítear leis sin cásanna maidir le haistriú inarb oibreoir gnó eachtrach (de chuid na Cóiré mar shampla) a dhéanann an phróiseáil agus é nó í ag gníomhú mar ghníomhaire (próiseálaí) thar ceann an rialaitheora san Aontas (nó mar fhophróiseálaí a ghníomhaíonn thar ceann an phróiseálaí de chuid an Aontais a fuair na sonraí ó rialaitheoir de chuid an Aontais a bhailigh na sonraí) arb é a dhéanann an cinneadh ar an mbonn sin ansin. Dá bhrí sin, toisc nach ann do rialacha sonracha maidir le cinnteoireacht uathoibrithe in PIPA, ní dócha go ndéanfar difear leis sin do leibhéal cosanta na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gCinneadh sin.

(82)

Mar eisceacht, maidir leis na forálacha a bhaineann leis an trédhearcacht ach sin a iarraidh (Airteagal 20) agus le cearta an duine aonair (Airteagail 35 go 37), mar aon leis an gceanglas maidir le fógra do dhuine aonair le haghaidh soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide (Airteagal 39-8 de PIPA), níl feidhm ag na forálacha sin maidir le faisnéis faoi ainm bréige nuair a phróiseáiltear an fhaisnéis sin chun críche staitisticí, taighde eolaíoch nó chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail (Airteagal 28-7 de PIPA) (112). I gcomhréir le cur chuige Airteagal 11(2) (i gcomhar le haithris 57) de Rialachán (AE) 2016/679, tá bonn cirt leis sin i bhfianaise an fhíorais, chun an trédhearcacht a áirithiú nó cearta duine aonair a dheonú, go mbeadh ar an rialaitheoir a shainaithint cibé acu a bhaineann aon sonra leis an duine aonair a bhfuil an iarraidh á déanamh aige nó aici nó nach mbaineann (agus cé acu má bhaineann), rud atá toirmiscthe go sainráite faoi PIPA (Airteagal 28-5(1) PIPA). Thairis sin, i gcás inarb é a bheidh i gceist le hath-shainaithint den sórt sin deireadh a chur leis an mbréagainmniú le haghaidh an tacair sonraí (bréagainmnithe) ar fad, ba mhó an baol d’fhaisnéis phearsanta gach duine aonair eile dá dheasca sin. Cé go dtagraítear le Rialachán (AE) 2016/679 do chásanna inarb ionann is dodhéanta an ath-shainaithint, le PIPA glactar cur chuige níos déine trí thoirmeasc a chur go sainráite ar an ath-shainaithint i ngach cás ina bpróiseáiltear faisnéis faoi ainm bréige.

(83)

Tá i gcóras na Cóiré, ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (74) - (82), rialacha dá bhrí sin maidir le cearta ag ábhair sonraí lena soláthraítear leibhéal cosanta atá coibhéiseach go bunúsach le leibhéal na cosanta faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.3.9   Aistrithe ar aghaidh

(84)

Maidir leis an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig rialaitheoirí i bPoblacht na Cóiré, ní mór d’aistriú breise na sonraí sin chuig faighteoirí i dtríú tír baint den leibhéal cosanta sin.

(85)

Maidir le “haistrithe ar aghaidh” den sórt sin, is aistrithe idirnáisiúnta ó Phoblacht na Cóiré atá iontu ó thaobh an rialaitheora de chuid na Cóiré de. Ina leith sin, déantar idirdhealú le PIPA idir seachfhoinsiú na próiseála chuig seachfhoinsí (i.e. próiseálaí) agus soláthar sonraí pearsanta do thríú páirtithe (113).

(86)

Ar dtús, nuair a sheachfhoinsítear próiseáil sonraí pearsanta chuig eintiteas atá lonnaithe i dtríú tír, ní mór don rialaitheoir de chuid na Cóiré a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha PIPA maidir le seachfhoinsiú (Airteagal 26 PIPA). Áirítear leis sin ionstraim a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de a chur i bhfeidhm lena ndéanfar, i measc nithe eile, an phróiseáil ag an seachfhoinsí a theorannú chuig críoch na hoibre seachfhoinsithe, coimircí teicniúla agus bainistíochta a fhorchur agus an fhophróiseáil a theorannú (féach Airteagal 26(1) PIPA); agus faisnéis faoin obair sheachfhoinsithe a fhoilsiú. Ina theannta sin, tá an rialaitheoir faoi oibleagáid “oideachas a chur” ar an seachfhoinsí maidir leis na bearta slándála is gá agus maoirseacht a dhéanamh, lena n-áirítear trí chigireachtaí, ar chomhlíonadh oibleagáidí uile an rialaitheora faoi PIPA (114) agus faoin gconradh seachfhoinsiúcháin mar aon leis sin.

(87)

Más rud é go ndéanann an seachfhoinsí damáiste de dheasca na sonraí pearsanta a phróiseáil de shárú ar PIPA, cuirfear an damáiste sin i leith an rialaitheora chun críoch dliteanais, mar ab amhlaidh i gcás fhostaithe an rialaitheora (Airteagal 26(6) PIPA). Tá an rialaitheoir de chuid na Cóiré fós freagrach dá bhrí sin as na sonraí pearsanta atá seachfhoinsithe agus ní mór dó nó dí a áirithiú go bpróiseálann an próiseálaí ar an gcoigríoch an fhaisnéis i gcomhréir le PIPA. Má phróiseálann an seachfhoinsí an fhaisnéis de shárú ar PIPA, is féidir an fhreagracht a chur ar an rialaitheoir de chuid na Cóiré as mainneachtain a oibleagáid a chomhlíonadh chun comhlíonadh PIPA a áirithiú, amhail trína mhaoirseacht ar an seachfhoinsí. Maidir leis na coimircí a áirítear sa chonradh seachfhoinsiúcháin agus le freagracht an rialaitheora de chuid na Cóiré as gníomhaíochtaí an tseachfhoinsí, áirithítear leanúnachas na cosanta leo nuair a sheachfhoinsítear próiseáil sonraí chuig eintiteas lasmuigh den Chóiré.

(88)

Ar an dara dul síos, féadfaidh rialaitheoirí de chuid na Cóiré sonraí pearsanta a sholáthar do thríú páirtí atá lonnaithe lasmuigh den Chóiré. Cé go n-áirítear roinnt foras dlíthiúil le PIPA lena gceadaítear na sonraí a sholáthar do thríú páirtithe i gcoitinne, más rud é go bhfuil an tríú páirtí lonnaithe lasmuigh den Chóiré, ní mór don rialaitheoir i bprionsabal (115) toiliú an ábhair sonraí a fháil (116) tar éis dó faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí maidir (1) leis an gcineál sonraí pearsanta, (2) faighteoir na sonraí pearsanta, (3) cuspóir an aistrithe de réir bhrí chuspóir na próiseála atá á saothrú ag an bhfaighteoir, (4) an tréimhse choinneála chun go mbeidh na sonraí á bpróiseáil ag an bhfaighteoir mar aon (5) leis an bhfíoras go bhféadfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a dhiúltú (Airteagal 17(2), (3) de PIPA). Le Fógra 2021-5, sa roinn maidir leis an trédhearcacht (féach aithris (70)) ceanglaítear leis go gcuirfear daoine aonair ar an eolas faoin tríú tír dá soláthrófar a gcuid sonraí. Áirithítear leis sin gur féidir le hábhair sonraí san Aontas cinneadh a dhéanamh agus iad go hiomlán ar an eolas maidir le cibé acu a thoileoidh nó nach dtoileoidh siad le soláthar sonraí ar an gcoigríoch. Thairis sin, ní mór don rialaitheoir gan conradh a dhéanamh leis an bhfaighteoir is tríú páirtí de shárú ar PIPA, rud a chiallaíonn nach mór gan oibleagáidí a bheith sa chonradh a thiocfadh salach ar na ceanglais a fhorchuirtear le PIPA ar an rialaitheoir (117).

(89)

Gan toiliú an duine aonair, féadfar sonraí pearsanta a sholáthar do thríú páirtí (ar an gcoigríoch) i gcás ina mbeidh críoch nochtadh na sonraí “fós laistigh den raon feidhme atá gaolmhar go réasúnach” le críoch thosaigh an bhailithe (Airteagal 17(4) PIPA, féach aithris (36)). Mar sin féin, agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a nochtfar sonraí pearsanta (nó nach nochtfar) chun críche “gaolmhaire”, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh cibé acu atá an nochtadh ina chúis le míbhuntáistí don duine aonair nó nach bhfuil agus cibé acu atá bearta slándála is gá (amhail criptiú) déanta nó nach bhfuil. Mar gheall go bhféadfaidh sé nach soláthróidh an tríú tír a n-aistrítear sonraí pearsanta chuici cosaintí comhchosúla leo siúd dá bhforáiltear faoi PIPA, aithnítear le Roinn 2 d’Fhógra 2021-5 go bhféadfaidh míbhuntáistí den sórt sin teacht chun cinn agus nach féidir iad a sheachaint ach amháin más rud é go n-áiritheoidh an rialaitheoir de chuid na Cóiré agus an faighteoir ar an gcoigríoch, trí ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de (amhail conradh), leibhéal cosanta atá coibhéiseach le PIPA, lena n-áirítear i leith chearta an ábhair sonraí.

(90)

Tá feidhm ag rialacha speisialta maidir le nochtadh “lasmuigh den chuspóir”, i.e. soláthar sonraí do thríú páirtí chun críche nua (neamhghaolmhaire) nach bhféadfaidh tarlú ach amháin ar cheann d’fhorais Airteagal 18(2) PIPA, ar a dtugtar tuairisc in aithris (39). Mar sin féin, fiú de réir na gcoinníollacha sin, eisiatar soláthar do thríú páirtí más rud é gur dócha go “sárófar go héagórach” leis leasanna an ábhair sonraí nó tríú páirtí, rud a cheanglaítear leasanna a chomhardú ina leith. Ina theannta sin, faoi Airteagal 18(5) PIPA, ní mór don rialaitheoir coimircí breise a chur i bhfeidhm, lena n-áireofar iarraidh ar an tríú páirtí críoch agus modh na próiseála a shrianadh, nó bearta slándála sonracha a chur i bhfeidhm. Arís, mar gheall go bhféadfaidh sé nach soláthróidh an tríú tír a n-aistrítear sonraí pearsanta chuici cosaintí comhchosúla leo siúd dá bhforáiltear faoi PIPA, aithnítear le Roinn 2 d’Fhógra 2021-5 go bhféadfaidh “sárú éagórach” den sórt sin ar leasanna an duine aonair nó de chuid tríú páirtí teacht chun cinn agus nach féidir é a sheachaint ach amháin más rud é go n-áiritheoidh an rialaitheoir de chuid na Cóiré agus an faighteoir ar an gcoigríoch, trí ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de (amhail conradh), leibhéal cosanta a áirithiú a bheidh coibhéiseach le PIPA, lena n-áirítear i leith cearta an ábhair sonraí.

(91)

Áirithítear leis na rialacha in aithrisí (86) - (90) leanúnachas cosanta dá bhrí sin nuair a aistrítear sonraí pearsanta ar aghaidh (chuig “seachfhoinsí” nó chuig tríú páirtí) ó Phoblacht na Cóiré ar bhealach atá coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.3.10   Cuntasacht

(92)

Faoi phrionsabal na cuntasachta, ceanglaítear ar eintitis a phróiseálann sonraí bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh go héifeachtach agus chun bheith in ann comhlíonadh den sórt sin a léiriú, go háirithe don údarás maoirseachta inniúil.

(93)

De réir Airteagal 3(6), (8) PIPA, ní mór don rialaitheoir sonraí pearsanta a phróiseáil “ar bhealach lena n-íoslaghdófar an fhéidearthacht go sárófar” príobháideachas an ábhair sonraí, agus féachfaidh an rialaitheoir le hiontaoibh an ábhair sonraí a fháil trí na dualgais agus na freagrachtaí sin a urramú agus a fheidhmiú dá bhforáiltear in PIPA agus i reachtanna gaolmhara eile. Áirítear leis sin plean bainistíochta inmheánach a bhunú (Airteagal 29 PIPA) mar aon le hoiliúint iomchuí a chur ar an bhfoireann agus maoirseacht iomchuí a dhéanamh orthu (Airteagal 28 PIPA).

(94)

Mar bhealach chun an chuntasacht a áirithiú, cruthaítear le hAirteagal 31 PIPA i gcomhar le hAirteagal 32 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA oibleagáid le haghaidh rialaitheoirí oifigeach príobháideachais a ainmniú “a théann i gceannas go cuimsitheach ar phróiseáil na faisnéise pearsanta”. Go háirithe, cuirtear de chúram ar an oifigeach príobháideachais sin na feidhmeanna seo a leanas a fheidhmiú: (1) plean um chosaint sonraí pearsanta a bhunú agus a chur chun feidhme agus beartas príobháideachais a tharraingt suas, (2) suirbhéanna a dhéanamh go tráthrialta ar stádas agus ar chleachtais na próiseála sonraí pearsanta, d’fhonn feabhas a chur ar aon easnamh, (3) gearáin a láimhseáil mar aon le cúiteamh leasúcháin, (4) córas rialaithe inmheánaigh a bhunú chun nochtadh, drochúsáid nó mí-úsáid sonraí pearsanta a chosc, (5) clár oideachais a ullmhú agus a chur chun feidhme, (6) comhaid sonraí pearsanta a chosaint, a rialú agus a bhainistiú, agus (7) sonraí pearsanta a scriosadh nuair a bheidh críoch na próiseála bainte amach nó an tréimhse choinneála dulta in éag. Agus na dualgais sin á gcur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach príobháideachais cigireacht a dhéanamh ar stádas na gcóras próiseála sonraí pearsanta agus na gcóras gaolmhar agus féadfaidh faisnéis orthu a iarraidh (Airteagal 31(3) PIPA). Más rud é go tugann an t-oifigeach príobháideachais aon sárú faoi deara ar PIPA nó ar reachtanna ábhartha eile um chosaint sonraí, déanfaidh sé nó sí bearta ceartaitheacha láithreach agus tuairisceoidh bearta den sórt sin do bhainistíocht (“ceannasaí”) an rialaitheora, más gá (Airteagal 31(4) PIPA). De réir Airteagal 31(5) PIPA, ní mór don oifigeach príobháideachais gan míbhuntáistí nach bhfuil bonn cirt leo a fhulaingt mar thoradh ar na feidhmeanna sin a fheidhmiú.

(95)

Ina theannta sin, ní mór do rialaitheoirí féachaint chuige go honnghníomhach le measúnú tionchair ó thaobh an phríobháideachais de a dhéanamh i gcás ina mbeidh riosca ó thaobh an phríobháideachais de i gceist le hoibriú na gcomhad sonraí pearsanta (Airteagal 33(8) PIPA). Bunaithe ar Airteagal 33(1), (2) PIPA i gcomhar le hAirteagail 35, 36 agus 38 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, beidh tosca amhail cineál agus tréithe na sonraí a phróiseáiltear (go háirithe cibé acu an faisnéis íogair atá sna sonraí nó nach amhlaidh), líon na sonraí, an tréimhse choinneála, agus dóchúlacht na sáruithe sonraí, ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar mhéid an riosca do chearta na n-ábhar sonraí. Is é cuspóir an mheasúnaithe tionchair ó thaobh an phríobháideachais de a áirithiú go ndéantar anailís ar thosca na rioscaí don phríobháideachas mar aon le haon fhrithbheart sábháilteachta nó aon fhrithbheart eile, agus go léirítear ábhair ar gá feabhas a chur orthu (féach Airteagal 33(1) PIPA i gcomhar le hAirteagal 38 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(96)

Bíonn sé d’oibleagáid ar institiúidí poiblí measúnú tionchair a dhéanamh nuair a phróiseáiltear comhaid sonraí pearsanta áirithe lena mbaineann riosca níos airde maidir le sáruithe féideartha ó thaobh an phríobháideachais de (Airteagal 33(1) PIPA). I gcomhréir le hAirteagal 35 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, is amhlaidh an cás, i measc cásanna eile, le haghaidh na gcomhad ina bhfuil faisnéis íogair ar 50 000 ábhar sonraí ar a laghad, comhaid a mheaitseálfar le comhaid eile agus dá thoradh sin ina mbeidh faisnéis ar 500 000 ábhar sonraí ar a laghad, nó comhaid ina bhfuil faisnéis ar 1 mhilliún ábhar sonraí ar a laghad. Ní mór toradh measúnaithe tionchair a dhéanfaidh institiúid phoiblí a chur in iúl do PIPC (Airteagal 33(1) de PIPA), a fhéadfaidh a thuairim a thabhairt (Airteagal 33(3) de PIPA).

(97)

Ar deireadh, foráiltear le hAirteagal 13 PIPA go mbunóidh PIPC beartais is gá chun “gníomhaíochtaí féinrialaithe um chosaint sonraí” ag rialaitheoirí a chur chun cinn agus chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin, i measc gníomhaíochtaí eile trí oideachas maidir le cosaint sonraí, eagraíochtaí atá i mbun na cosanta sonraí a chur chun cinn agus tacú leo, agus trí cúnamh a thabhairt do rialaitheoirí maidir le rialacha féinrialaithe a bhunú agus a chur chun feidhme. Thairis sin, tabharfaidh sé córas ePRIVACY Mark isteach agus éascóidh an córas sin. Ina leith sin, foráiltear le hAirteagal 32-2 PIPA i gcomhar le hAirteagail 34-2 go 34-8 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA maidir leis an bhféidearthacht le deimhniú cibé acu a chomhlíonann an córas (na córais) um próiseáil agus um chosaint sonraí ag rialaitheoir ceanglais PIPA nó nach gcomhlíonann. De réir na rialacha sin, féadfar deimhniú (118) a dheonú (ar feadh tréimhse 3 bliana) más rud é go gcomhlíonann an rialaitheoir na critéir dheimhniúcháin arna gcinneadh ag PIPC, lena n-áirítear coimircí bainistíochta, teicniúla agus fisiciúla a bhunú chun sonraí pearsanta a chosaint (119). Ní mór do PIPC na córais ag an rialaitheoir arb ábhartha le haghaidh an deimhnithe iad a scrúdú uair amháin sa bhliain ar a laghad chun éifeachtacht an deimhnithe sin a choinneáil ar bun, scrúdú as ar féidir cúlghairm an deimhnithe a eascairt (Airteagal 32(4) PIPA i gcomhar le hAirteagal 34-5 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA; rud ar a dtugtar “bearta bainistíochta leantacha”).

(98)

Leis an gcreat de chuid na Cóiré dá bhrí sin, cuirtear prionsabal na cuntasachta chun feidhme ar bhealach lena n-áirithítear leibhéal cosanta atá coibhéiseach go bunúsach leis an gcosaint faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir le sásraí difriúla chun comhlíonadh PIPA a áirithiú agus a léiriú.

2.3.11   Rialacha speisialta maidir le faisnéis chreidmheasa phearsanta a phróiseáil

(99)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (13), leagtar rialacha sonracha síos le CIA maidir le próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag oibreoirí tráchtála. Agus faisnéis chreidmheasa phearsanta á próiseáil, dá bhrí sin ní mór d’oibreoirí tráchtála ceanglais ghinearálta PIPA a chomhlíonadh, mura rud é go bhfuil rialacha níos sonraí in CIA. Is amhlaidh an cás mar shampla nuair a phróiseálann siad faisnéis a bhaineann le cárta creidmheasa nó le cuntas bainc i gcomhthéacs idirbhirt tráchtála le duine aonair. Mar reachtaíocht earnála maidir le faisnéis chreidmheasa a phróiseáil (idir phearsanta agus neamhphearsanta), ní hamháin go bhforchuireann CIA coimircí sonracha um chosaint sonraí (mar shampla i dtéarmaí na trédhearcachta agus na slándála), ach ar bhonn níos ginearálta, rialaítear leis an reachtaíocht na himthosca sonracha ina bhféadfar faisnéis chreidmheasa phearsanta a phróiseáil. Léirítear é sin, go háirithe, sna ceanglais mhionsonraithe maidir le húsáid agus le soláthar sonraí do thríú páirtí, agus maidir le sonraí den sórt sin a choinneáil.

(100)

Amhail PIPA, léirítear le CIA prionsabal na dlíthiúlachta agus na comhréireachta. Ar dtús, mar cheanglas ginearálta, ní cheadaítear le hAirteagal 15(1) CIA ach faisnéis chreidmheasa phearsanta a bhailiú le modhanna réasúnacha agus córa agus dá laghad is gá chun críoch shonraithe a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)-(2) PIPA. Ar an dara dul síos, rialaítear go sonrach le CIA dlíthiúlacht na próiseála faisnéise creidmheasa pearsanta, trí bhailiú, úsáid agus soláthar na faisnéise sin do thríú páirtí a shrianadh agus trí na gníomhaíochtaí próiseála sin a cheangal i gcoitinne leis an gceanglas maidir le toiliú an duine lena mbaineann.

(101)

Féadfar faisnéis chreidmheasa phearsanta a bhailiú bunaithe ar cheann de na forais dá bhforáiltear le PIPA nó ar fhorais shonracha a leagtar amach in CIA. I bhfianaise go nglactar leis le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 go n-aistríonn rialaitheoir nó próiseálaí san Aontas sonraí pearsanta, ach nach gcumhdaítear bailiú díreach (amhail ón duine aonair nó ó shuíomh gréasáin) ag rialaitheoir sa Chóiré leis, níl ábhartha le haghaidh an Chinnidh sin ach na forais atá ar fáil faoi PIPA. Áirítear leis na forais sin, go háirithe, cásanna inar gá an t-aistriú chun conradh a fheidhmiú leis an duine aonair nó le haghaidh leasanna dlisteanacha an rialaitheora de chuid na Cóiré (Airteagal 15(1) lit. 4, 6 PIPA) (120).

(102)

Nuair a bheidh faisnéis chreidmheasa phearsanta bailithe, féadfar í a úsáid (1) chun na críche bunaidh ar sholáthair an duine aonair an fhaisnéis (go díreach) lena haghaidh (121); (2) chun críche a bheidh comhoiriúnach le críoch bhunaidh an bhailithe (122); (3) chun a chinneadh cibé acu a bhunófar nó a choinneofar caidreamh tráchtála, a d’iarr an duine aonair, nó nach mbunófar nó nach gcoinneofar amhlaidh (123); (4) chun críche staidrimh, taighde agus cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail (124) más faoi ainm bréige atá an fhaisnéis (125); (5) más rud é go bhfaightear toiliú breise nó (6) i gcomhréir leis an dlí.

(103)

Más rud é go mbeartaíonn oibreoir tráchtála faisnéis chreidmheasa phearsanta a nochtadh do thríú páirtí, ní mór dó toiliú an duine aonair a fháil (126) tar éis dó an duine aonair a chur ar an eolas faoi fhaighteoir na sonraí, mar aon le mionsonraí na sonraí a bheidh le soláthar, tréimhse stórála na sonraí ag an bhfaighteoir agus faoin gceart toiliú a dhiúltú (Airteagal 32(1) CIA agus Airteagal 28(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) (127). Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le toiliú i gcásanna sonracha, eadhon i gcás ina nochtfar faisnéis chreidmheasa phearsanta (128): (1) do sheachfhoinsí chun críoch seachfhoinsiúcháin (129); (2) do thríú páirtí i gcás aistrithe, deighilte nó cumaisc ghnó; (3) chun críche staidrimh, taighde agus cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis faoi ainm bréige; (4) chun críche a bheidh comhoiriúnach le críoch bhunaidh an bhailithe; (5) do thríú páirtí a úsáideann an fhaisnéis chun fiach atá dlite den duine aonair a bhailiú (130); (6) chun ordú cúirte a chomhlíonadh; (7) d’ionchúisitheoir/d’oifigeach póilíneachta breithiúnaí in éigeandáil ina mbeidh beatha an duine aonair i mbaol nó i gcás ina mbeidh coinne leis go bhfulaingeoidh sé nó sí gortú dá c(h)orp agus nach mbeidh aon am ar fáil chun barántas breithiúnach a eisiúint (131); (8) d’údaráis chánach inniúla chun dlíthe cánachais a chomhlíonadh; nó (9) i gcomhréir le dlíthe eile. I gcás nochtadh ar cheann amháin de na forais sin, ní mór fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoi roimh ré (Airteagal 32(7) CIA).

(104)

Le CIA rialaítear fad próiseála na faisnéise creidmheasa pearsanta go sonrach freisin ar bhonn ceann amháin de na forais sin lena húsáid nó lena soláthar do thríú páirtí tar éis dheireadh an chaidrimh tráchtála leis an duine aonair (132). Ní fhéadfar faisnéis a choinneáil ach an fhaisnéis sin ar gá í chun an caidreamh sin a bhunú nó a choinneáil ar bun, faoi réir coimircí breise (ní mór an fhaisnéis a choinneáil ar leithligh ó fhaisnéis chreidmheasa a bhaineann le daoine lena bhfuil caidreamh tráchtála fós ann, faoi chosaint le bearta slándála sonracha agus gan rochtain uirthi ach ag daoine údaraithe agus acu siúd amháin) (133). Ní mór na sonraí uile eile a scriosadh (Airteagal 17-2(1) lit. 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA Chun a chinneadh na sonraí is gá le haghaidh an chaidrimh tráchtála, ní mór imthosca difriúla a chur san áireamh, lena n-áirítear cibé acu arbh fhéidir an caidreamh a bhunú gan na sonraí nó nárbh fhéidir agus cibé acu a bhaineann na sonraí leis na hearraí nó leis na seirbhísí a soláthraíodh don duine aonair go díreach nó nach mbaineann (Airteagal 17-2(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA).

(105)

Fiú i gcásanna ina bhféadfar faisnéis chreidmheasa phearsanta a choinneáil i bprionsabal thar dheireadh an chaidrimh tráchtála, ní mór an fhaisnéis a scriosadh laistigh de 3 mhí tar éis chríoch bhreise na próiseála a bhaint amach (134) nó, in aon chás, tar éis 5 bliana (Airteagal 20-2 CIA). I líon teoranta imthosca, féadfar faisnéis chreidmheasa phearsanta a choinneáil ar feadh thréimhse níos faide ná 5 bliana, go háirithe i gcás inar gá chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh; i gcás inar gá ar mhaithe le leasanna ríthábhachtacha beatha, coirp nó maoine an duine; chun faisnéis faoi ainm bréige a chartlannú (a úsáideadh chun críoch taighde eolaíoch, staitisticí nó chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail); nó chun críoch árachais (go háirithe le haghaidh íocaíochtaí árachais nó chun calaois árachais a chosc) (135). Sna cásanna eisceachtúla sin, tá feidhm ag coimircí sonracha (amhail fógra a thabhairt don duine aonair faoin úsáid bhreise, an fhaisnéis a choinnítear a dheighilt ón bhfaisnéis a bhaineann le daoine aonair lena bhfuil caidreamh tráchtála fós, cearta rochtana a theorannú, féach Airteagal 17-2(1)-(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA).

(106)

Sonraítear thairis sin le CIA na prionsabail maidir le cruinneas agus cáilíocht na sonraí, trí cheangal maidir le faisnéis chreidmheasa phearsanta go ndéanfar í “a chlárú, a mhodhnú agus a bhainistiú” chun í a choimeád cruinn agus cothrom le dáta (Airteagal 18(1) CIA agus Airteagal 15(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) (136). Nuair atá faisnéis chreidmheasa á soláthar d’eintitis áirithe eile (amhail gníomhaireachtaí rátála creidmheasa), ceanglaítear go sonrach ar oibreoirí tráchtála cruinneas na faisnéise a fhíorú chun a áirithiú nach gcláróidh agus nach mbainisteoidh an faighteoir ach faisnéis a bheidh cruinn agus í sin amháin (Airteagal 15(1) CIA i gcomhar le hAirteagal 18(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) Ar bhonn níos ginearálta, ceanglaítear le CIA go gcoimeádfar taifid ar bhailiú, úsáid, nochtadh do thríú páirtithe agus scriosadh faisnéise creidmheasa pearsanta (Airteagal 20(2) CIA) (137).

(107)

Thairis sin, tá próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta faoi réir ceanglas sonrach i leith na slándála sonraí. Go háirithe, le CIA ceanglaítear bearta teicneolaíochta, fisiciúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun rochtain mhídhleathach ar chórais ríomhaire a chosc mar aon le hathrú, scriosadh nó aon riosca eile do na sonraí próiseáilte (mar shampla trí bhíthin rialuithe rochtana, féach Airteagal 19 CIA agus Airteagal 16 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA). Ina theannta sin, nuair atá faisnéis chreidmheasa phearsanta á malartú le tríú páirtí, ní mór comhaontú a thabhairt i gcrích lena leagtar bearta slándála sonracha síos (Airteagal 19(2) CIA). Má tharlaíonn sárú ar fhaisnéis chreidmheasa pearsanta, ní mór bearta a dhéanamh chun aon damáiste a íoslaghdú agus fógra a thabhairt do na daoine lena mbaineann gan mhoill (Airteagal 39-4(1)-(2) CIA). Ina theannta sin, ní mór PIPC a chur ar an eolas faoin bhfógra a soláthraíodh do dhaoine aonair agus faoi na bearta a cuireadh chun feidhme (Airteagal 39-4(4) CIA).

(108)

Forchuirtear le CIA oibleagáidí sonracha maidir leis an trédhearcacht freisin agus toiliú á fháil chun faisnéis chreidmheasa phearsanta a úsáid nó a sholáthar (Airteagal 32(4) agus Airteagal 34-2 de CIA agus Airteagal 30-3 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) agus, ar bhonn níos ginearálta, sula soláthrófar faisnéis do thríú páirtí (Airteagal 32(7) CIA) (138). Ina theannta sin, tá ceart ag daoine aonair faisnéis a fháil ach í a iarraidh faoi úsáid agus faoi sholáthar a fhaisnéise creidmheasa do thríú páirtithe sna 3 bliana roimh an iarraidh (lena n-áirítear cuspóir agus dátaí na húsáide/an tsoláthair sin) (139).

(109)

Faoi CIA, tá ceart rochtana ag daoine aonair ar a bhfaisnéis chreidmheasa pearsanta freisin (Airteagal 38(1) CIA) agus chun ceartú a fháil ar shonraí neamhchruinne (Airteagal 38(2)-(3) CIA) (140). Thairis sin, i dteannta an chirt ghinearálta ar léirscriosadh faoi PIPA (féach aithris (77)), foráiltear le CIA maidir le ceart sonrach ar léirscriosadh faisnéise creidmheasa pearsanta a coinníodh thar na tréimhsí coinneála a luaitear in aithris (104), i.e. 5 bliana (le haghaidh faisnéis chreidmheasa phearsanta ar ghá chun caidreamh tráchtála a bhunú nó a choinneáil ar bun) nó 3 mhí (le haghaidh cineálacha faisnéise creidmheasa pearsanta eile) (141). Féadfar iarraidh ar léirscriosadh a dhiúltú go heisceachtúil i gcás inar gá coinneáil bhreise sna himthosca ar a dtugtar tuairisc in aithris (105). Más rud é go n-iarrann duine aonair go léirscriosfar faisnéis, ach go bhfuil feidhm ag ceann de na heisceachtaí, ní mór coimircí sonracha a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfaisnéis chreidmheasa lena mbaineann (Airteagal 38-3(3) CIA agus Airteagal 33-3 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA). Mar shampla, ní mór an fhaisnéis a choimeád ar leithligh ó fhaisnéis eile, ní fhéadfaidh ach duine údaraithe í a rochtain agus ní mór an fhaisnéis a bheith faoi réir bearta slándála sonracha.

(110)

I dteannta na gceart a luaitear in aithris (109), ráthaítear le CIA do dhaoine aonair ceart chun iarraidh ar rialaitheoir scor de theagmháil a dhéanamh leo chun críoch na margaíochta dírí (Airteagal 37(2) den Acht) agus ceart ar iniomparthacht sonraí. A mhéid a bhaineann leis an gceart deiridh, ceadaítear le CIA do dhaoine aonair iarraidh go dtarchuirfear a gcuid faisnéise creidmheasa pearsanta chucu féin nó chuig tríú páirtithe áirithe (amhail institiúidí airgeadais agus cuideachtaí rátála creidmheasa). Ní mór an fhaisnéis chreidmheasa phearsanta a phróiseáil agus a tharchur chuig an tríú páirtí i bhformáid is féidir a phróiseáil le gaireas próiseála faisnéise (amhail ríomhaire).

(111)

A mhéid atá rialacha sonracha in CIA i gcomparáid le PIPA, measann an Coimisiún dá bhrí sin go n-áirithítear leibhéal cosanta leis na rialacha sin ar comhionann go bunúsach é leis an leibhéal atá ar fáil faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.4   Formhaoirseacht agus forfheidhmiú

(112)

Chun a áirithiú go ráthaítear leibhéal oiriúnach cosanta sonraí sa chleachtas, ba cheart údarás maoirseachta neamhspleách a bheith i bhfeidhm a mbeidh cumhachtaí curtha de chúram air chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú. Ba cheart don údarás sin gníomhú ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus neamhchlaonta agus a dhualgais á bhfeidhmiú aige agus a chumhachtaí á gcomhlíonadh aige.

2.4.1   Formhaoirseacht neamhspleách

(113)

I bPoblacht na Cóiré, is é PIPC an t-údarás neamhspleách atá i gceannas ar fhaireachán agus ar fhorfheidhmiú PIPA. Tá PIPC comhdhéanta de Chathaoirleach, de Leas-Chathaoirleach agus de sheachtar Coimisinéirí. Is é an tUachtarán a cheapann an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ar mholadh an Phríomh-Aire. As measc na gCoimisinéirí, ceapann an tUachtarán beirt ar mholadh an Chathaoirligh agus ceapann cúigear ar mholadh an Tionóil Náisiúnta (as a dtagann beirt ar mholadh an pháirtí pholaitiúil lena mbaineann an tUachtarán agus triúr ar mholadh páirtithe polaitiúla eile) Airteagal 7-2(2) PIPA), rud lena gcuidítear le cur in aghaidh an chlaonpháirteachais sa phróiseas ceapacháin) (142). Tá an nós imeachta sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le ceapadh chomhaltaí na n-údarás um chosaint sonraí san Aontas (Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2016/679). Thairis sin, ní mór do gach Coimisinéir staonadh ó aon ghnó a bhaineann le brabús, ó ghníomhaíochtaí polaitiúla agus ó phoist a bheith acu sa riarachán poiblí nó sa Tionól Náisiúnta (Airteagail 7-6 agus 7-7(1) lit. 3 PIPA) (143). Bíonn gach Coimisinéir faoi réir rialacha sonracha lena gcoisctear orthu páirt a ghlacadh i bpléití i gcás coinbhleacht leasa féideartha (Airteagal 7-11 PIPA). Cuidíonn Rúnaíocht le PIPC (Airteagal 7-13) agus féadfaidh fochoimisiúin a bhunú (ina mbeidh triúr Coimisinéirí) chun mionsáruithe agus ábhair a thagann anuas arís is arís eile a láimhseáil (Airteagal 7-12 PIPA).

(114)

Ceaptar gach comhalta de PIPC go ceann 3 bliana agus féadfar iad a athcheapadh uair amháin (Airteagal 7-4(1) PIPA). Ní fhéadfar Coimisinéirí a dhífhostú ach amháin in imthosca sonracha, eadhon más rud é nach bhfuil siad in ann a ndualgais a fheidhmiú a thuilleadh i ngeall ar mhíchumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmach, gníomhaíocht de shárú ar an dlí, nó má chomhlíonann siad ceann de na forais maidir le dícháiliú as post (144) (Airteagal 7-5 PIPA). Tugtar cosaint institiúideach dóibh leis sin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

(115)

Ar bhonn níos ginearálta, ráthaítear neamhspleáchas PIPC go sainráite le hAirteagal 7(1) PIPA, agus ceanglaítear le hAirteagal 7-5(2) PIPA ar Choimisinéirí a ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, de réir an dlí agus a gcoinsiasa (145). Leis na coimircí institiúideacha agus nós imeachta ar a dtugtar tuairisc, lena n-áirítear i leith cheapadh agus dhífhostú na gcomhaltaí dá chuid, áirithítear go ngníomhaíonn PIPC go hiomlán neamhspleách, saor ar thionchar seachtrach agus ar threoracha seachtracha. Thairis sin, mar ghníomhaireacht riaracháin láir, beartaíonn PIPC a bhuiséad féin go bliantúil (a ndéanann an Aireacht Airgeadais athbhreithniú air mar chuid den bhuiséad náisiúnta foriomlán sula nglacann an Tionól Náisiúnta é) agus tá an ghníomhaireacht i gceannas ar bhainistiú a pearsanra féin. Tá buiséad reatha de thart faoi EUR 35 milliún ag PIPC agus 154 bhall foirne (lena n-áirítear 40 fostaí ag a bhfuil saineolas sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, 32 fostaí a dhíríonn ar imscrúduithe agus 40 saineolaí dlí).

(116)

Foráiltear maidir le cúraimí agus le cumhachtaí PIPC in Airteagail 7-8 agus 7-9 go príomha, agus in Airteagail 61-66 PIPA freisin (146). Go háirithe, áirítear le cúraimí PIPC comhairle a thabhairt faoi dhlíthe agus faoi rialacháin a bhaineann le cosaint sonraí, beartais agus treoirlínte a fhorbairt maidir le cosaint sonraí, sáruithe ar chearta daoine aonair a imscrúdú, gearáin a láimhseáil agus idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí, comhlíonadh PIPA a fhorfheidhmiú, oideachas agus cur chun cinn a áirithiú i réimse na cosanta sonraí, agus malartú agus dul i gcomhar le húdaráis um chosaint sonraí i dtríú tíortha (147).

(117)

Bunaithe ar Airteagal 68 PIPA i gcomhar le hAirteagal 62 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, tarmligeadh cúraimí áirithe de chuid PIPC do Ghníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré, eadhon: (1) oideachas agus caidreamh poiblí, (2) oiliúint a chur ar speisialtóirí agus critéir a fhorbairt le haghaidh measúnuithe tionchair ó thaobh an phríobháideachais de, (3) iarrataí a láimhseáil chun institiúid a ainmniú ar a dtugtar institiúid um measúnú tionchair ó thaobh an phríobháideachais de, (4) iarrataí a láimhseáil le haghaidh rochtain indíreach ar shonraí pearsanta arna sealbhú ag údaráis phoiblí (Airteagal 35(2) PIPA), agus (5) an cúram maidir le hábhair a iarraidh agus cigireachtaí a dhéanamh i leith gearán a fhaightear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachas mar a thugtar air. I gcomhthéacs na ngearán a láimhseáil tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachas, tarchuireann Gníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré an cás chuig PIPC nó chuig an ionchúiseamh má chinneann sé gur tharla sárú ar an dlí. Leis an bhféidearthacht gearán a chur faoi bhráid an Lárionaid Ghlaonna um Príobháideachas, ní choisctear ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC go díreach nó dul i muinín PIPC má mheasann siad nár láimhseáil Gníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré a ngéarán go sásúil

2.4.2   Forfheidhmiú, lena n-áirítear smachtbhannaí

(118)

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar PIPA, tá cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin araon deonaithe ag an reachtóir do PIPC, idir mholtaí agus fhíneálacha riaracháin. Comhlánaítear na cumhachtaí sin a thuilleadh le réimeas smachtbhannaí coiriúla.

(119)

A mhéid a bhaineann le cumhachtaí imscrúdúcháin, más rud é go bhfuil amhras ann gur sáraíodh PIPA nó má tuairiscíodh sárú amhlaidh, nó i gcás inar gá chun cearta ábhair sonraí a chosaint ar sháruithe, féadfaidh PIPC cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair agus gach ábhar ábhartha a iarraidh (amhail nithe agus doiciméid) ó rialaitheoirí sonraí pearsanta (Airteagal 63 PIPA i gcomhar le hAirteagal 60 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (148).

(120)

I dtéarmaí forfheidhmithe, faoi Airteagal 61(2) de PIPA, féadfaidh PIPC comhairle a sholáthar do rialaitheoirí sonraí faoin gcaoi ar féidir an leibhéal cosanta sonraí pearsanta do ghníomhaíochtaí próiseála sonracha a fheabhsú. Ní mór do rialaitheoirí sonraí iarrachtaí ionraice a dhéanamh chun comhairle den sórt sin a chur chun feidhme agus éilítear orthu PIPC a chur ar an eolas faoin toradh. Thairis sin, i gcás ina bhfuil forais réasúnta le creidiúint gur sáraíodh PIPA agus gur dócha go ndéanfar dochar atá deacair a leigheas mura ndéanfar beart, féadfaidh PIPC bearta ceartaitheacha a fhorchur (Airteagal 64(1) PIPA) (149). Sonraítear i Roinn 5 d’Fhógra 2021-5 (Iarscríbhinn I), le héifeacht cheangailteach, go gcomhlíontar na coinníollacha sin maidir le sárú aon fhoráil PIPA lena gcosnaítear cearta príobháideachais daoine aonair maidir le faisnéis phearsanta (150). Áirítear i measc na mbeart a bhfuil sé de chumhacht ag PIPC a dhéanamh a ordú chun an t-iompar atá ina chúis leis an sárú a stopadh, an phróiseáil sonraí a chur ar fionraí go sealadach nó aon bheart eile is gá a dhéanamh. D’fhéadfadh smachtbhanna trí bhíthin fíneáil suas le huasmhéid de 50 milliún won teacht as mainneachtain beart ceartaitheach a chomhlíonadh (Airteagal 75(2) lit. 13 PIPA).

(121)

Maidir le húdaráis phoiblí áirithe (amhail an Tionóil Náisiúnta, gníomhaireachtaí riaracháin láir, comhlachtaí rialtais áitiúla agus na cúirteanna), foráiltear in Airteagal 64(4) PIPA go bhféadfaidh PIPC aon cheann de na bearta ceartaitheacha a luaitear in aithris (120) a “mholadh” agus go n-éilítear ar na húdaráis sin moladh den sórt sin a chomhlíonadh ach amháin i gcás a bhfuil imthosca urghnácha ann. De réir Roinn 5 d’Fhógra 2021-5, tagraíonn sé sin do thosca urghnácha fíorasacha nó dlíthiúla nach raibh PIPC ar an eolas fúthu nuair a rinne sé an moladh. Ní fhéadfaidh an t-údarás poiblí lena mbaineann tosca urghnácha den sórt sin a agairt ach amháin má thaispeánann sé go soiléir nach raibh aon sárú ann agus má mheasann PIPC nach raibh aon sárú ann. I ngach cás eile, ní mór don údarás poiblí moladh PIPC a leanúint agus “beart ceartaitheach a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht a stopadh láithreach, agus cúiteamh ar son damáistí sa chás urghnách ina ndearnadh gníomhaíocht neamhdhleathach mar sin féin.”

(122)

Féadfaidh PIPC a iarraidh ar ghníomhaireachtaí riaracháin eile a bhfuil inniúlacht shonrach acu faoi reachtaíocht earnála (e.g. sláinte, oideachas) imscrúdú a dhéanamh – leo féin nó i gcomhar le PIPC – ar sháruithe príobháideachais (amhrasta) na rialaitheoirí a oibríonn sna hearnálacha sin atá faoina ndlínse, agus chun bearta ceartaitheacha a fhorchur (Airteagal 63(4)-(5) de PIPA). Sa chás sin, cinneann PIPC forais, ábhar agus raon feidhme an imscrúdaithe (151). Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht riaracháin ábhartha plean iniúchta a chur faoi bhráid PIPC agus fógra a thabhairt do PIPC faoi thoradh an iniúchta. Féadfaidh PIPC beart ceartaitheach sonrach atá le déanamh a mholadh, agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha féachaint leis an mbeart sin a chur chun feidhme. In aon chás, ní theorannaítear le hiarraidh den sórt sin inniúlacht PIPC a imscrúdú féin a dhéanamh ná smachtbhannaí a fhorchur.

(123)

Anuas ar a chumhachtaí ceartaitheacha, féadfaidh PIPC fíneálacha riaracháin idir 10 milliún agus 50 milliún won a ghearradh ar son sáruithe ceanglas éagsúil PIPA (Airteagal 75 de PIPA) (152). I measc sáruithe eile, áirítear leis sin neamhchomhlíontacht na gceanglas le haghaidh dhlíthiúlacht na próiseála, mainneachtain na bearta slándála is gá a dhéanamh, mainneachtain maidir le fógra a thabhairt d’ábhair shonraí i gcás sáraithe maidir le sonraí, neamhchomhlíontacht na gceanglas le haghaidh fo-próiseála, mainneachtain oifigeach príobháideachais a ainmniú, nó mainneachtain gníomhú ar iarraidh ón ábhar sonraí chun a chearta nó a chearta aonair a fheidhmiú, chomh maith le roinnt sáruithe a bhaineann le nósanna imeachta (neamh-chomhoibriú le linn imscrúdú). I gcás sáruithe ar roinnt forálacha de PIPA ag an rialaitheoir céanna, féadfar fíneáil a ghearradh ar son gach sáraithe, agus cuirfear an líon daoine aonair a rinne an sárú difear dóibh san áireamh nuair a bheidh leibhéal na fíneála sin á shocrú.

(124)

Thairis sin, i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann le bheith mar chúis amhrais gur sáraíodh PIPA nó aon “reacht a bhaineann le cosaint sonraí”, féadfaidh PIPA gearán coiriúil a chur faoi bhráid na gníomhaireachta imscrúdaithí inniúla (amhail ionchúisitheoir, féach Airteagal 65(1) de PIPA). Anuas air sin, féadfaidh PIPC a mholadh don rialaitheoir gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh in aghaidh an duine atá freagrach (lena n-áirítear an bainisteoir atá i gceannas, féach Airteagal 65(2) de PIPA). Nuair a fhaigheann an rialaitheoir an chomhairle sin, ní mór don rialaitheoir é a chomhlíonadh (153) agus fógra i scríbhinn faoin toradh a thabhairt do PIPC (Airteagal 65 de PIPA i dteannta le hAirteagal 58 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(125)

A mhéid a bhaineann le comhairle de bhun Airteagal 61, bearta ceartaitheacha de bhun Airteagal 64, cúiseamh nó comhairle maidir le gníomhaíocht araíonachta de bhun Airteagal 65 agus fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 75 de PIPA, féadfaidh PIPA na fíorais – i.e. an sárú, an t-eintiteas a sháraigh an dlí agus an beart (na bearta) a forchuireadh – a phoibliú trína bpostáil ar a shuíomh gréasáin nó i nuachtáin laethúil náisiúnta (Airteagal 66 de PIPA i dteannta le hAirteagal 61(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (154).

(126)

Ar deireadh, tacaíonn córas de smachtbhannaí cóireála leis na ceanglais cosanta sonraí in PIPA (chomh maith le “reachtanna eile a bhaineann le cosaint sonraí”) a chomhlíonadh. Chuige sin, tá forálacha in Airteagail 70 73 de PIPA a d’fhéadfadh gearradh fíneála (idir 20 milliún agus 100 milliún won) nó príosúnacht (le pianbhreith uasta idir 2 bhliain agus 10 mbliana) teacht astu. Áirítear le sáruithe ábhartha, i measc sáruithe eile, úsáid sonraí pearsanta nó sonraí den sórt sin a sholáthar do thríú páirtí gan an toiliú is gá a fháil, faisnéis íogair a phróiseáil contrártha don toirmeasc in Airteagal 23(1) de PIPA, neamhchomhlíonadh na gceanglas sábháilteachta is infheidhme agus dá thoradh sin sonraí pearsanta a bheith caillte, goidte, nochta, brionnaithe, leasaithe nó damáistithe, mainneachtain na bearta is gá a dhéanamh chun sonraí pearsanta a cheartú, a léirscriosadh nó a chur ar fionraí, nó aistriú neamhdhleathach sonraí pearsanta chuig tríú tír (155). De réir Airteagal 74 de PIPA, i ngach ceann de na cásanna sin, beidh an fostaí, an gníomhaí nó ionadaí an rialaitheora chomh maith leis an rialaitheoir féin faoi dhliteanas (156).

(127)

Anuas ar na smachtbhannaí coiriúla dá bhforáiltear in PIPA, féadfaidh mí-úsáid sonraí pearsanta a bheith ina chion faoin Acht Cóiriúil. Is é sin an cás go háirithe maidir le sárú rúndachtae litreacha, doiciméad nó taifead leictreonach (Airteagal 316), nochtadh faisnéis atá faoi réir rúndachta gairmiúla (Airteagal 317), caolais trí ríomhairí a úsáid (Airteagal 347-2) chomh maith le cúbláil agus sárú iontaoibhe (Airteagal 355).

(128)

Dá bhrí sin, meascann córas na Cóiré cineálacha smachtbhannaí, idir bhearta ceartaitheacha, fhíneálacha riaracháin agus smachtbhannaí coiriúla, ar dócha go mbeidh éifeacht dhíspreagtha sách láidir acu ar rialaitheoirí agus ar na daoine aonair a mbíonn na sonraí á láimhseáil acu. Thosaigh PIPC ag baint úsáid as a chumhachtaí láithreach bonn tar éis a bhunaithe in 2020. Léirítear i dtuarascáil bhliantúil PIPC 2021 gur eisigh PIPC roinnt moltaí, fíneálacha riaracháin agus beart ceartaitheach cheana féin, in aghaidh na hearnála poiblí (thart ar 34 údarás phoiblí) agus oibritheoirí príobháideacha (thart ar 140 cuideachta) araon (157). Áirítear i measc na gcásanna is suntasaí, mar shampla, fíneáil 6,7 billiún won a gearradh i mí na Nollag 2020 ar chuideachta as forálacha éagsúla de PIPA a shárú (lena n-áirítear ceanglais slándála, ceanglais chun toiliú a fháil le haghaidh soláthar tríú páirtí agus trédhearcacht) (158) agus fíneáil 103,3 milliún won i mí Aibreáin 2021 ar chuideachta teicneolaíochta SI (as na rialacha ar dhlíthiúlacht na próiseála, go háirithe toiliú, agus próiseáil faisnéise faoi ainm bréige a shárú i measc forálacha eile freisin) (159). I mí Lúnasa 2021, thug PIPC imscrúdú eile ar ghníomhaíochtaí thrí chuideachta eile i gcrích, rud ar eascair bearta ceartaitheacha as agus gearradh fíneálacha suas le 6,47-billiún won (inter alia, mar mainníodh daoine aonair a chur ar an eolas faoi nochtadh sonraí pearsanta do thríú páirtithe, lena n-áirítear aistrithe chuig tríú tíortha) mar thoradh air (160). Anuas air sin, bhí cuntas teiste láidir ag an gCóiré Theas ar fhorfheidhmiú cheana roimh an athchóiriú a rinneadh le déanaí, agus bhain na húdaráis fhreagracha úsáid as raon iomlán na mbeart forfheidhmithe, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, bearta ceartaitheacha, agus “ainmniú agus roinnt” maidir le raon leathan rialaitheoirí, lena n-áirítear soláthróirí seirbhísí cumarsáide (Coimisiún Cumarsáid na Cóiré), chomh maith le hoibritheoirí tráchtála, institiúidí airgeadais, údaráis phoiblí, ollscoileanna agus ospidéil (an Aireacht Ghnóthaí Baile agus Sábháilteachta) (161). Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go n-áirithíonn córas na Cóiré forfheidhmiú éifeachtach na rialacha cosanta sonraí sa chleachtas, dá bhrí sin ag rathú leibhéal cosanta arb ionann é go bunúsach leis an leibhéal a rathaítear faoi Rialachán (AE) 2016/679.

2.5   Sásamh

(129)

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú agus go háirithe forfheidhmiú ceart aonair, ba cheart sásamh éifeachtach riaracháin agus sásamh éifeachtach breithiúnach a sholáthar don ábhar sonraí, lena n-áirítear cúiteamh ar son damáistí.

(130)

Cuirtear sásraí éagsúla ar fáil do dhaoine aonair i gcóras na Cóiré chun a gcearta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus sásamh (breithiúnach) a fháil.

(131)

Mar an gcéad chéim leis sin, féadfaidh daoine aonair a mheasann gur sáraíodh a gcearta nó leasanna cosanta sonraí dul i gcomhairle leis an rialaitheoir ábhartha. De réir Airteagal 30(1) lit. 5 de PIPA, beidh faisnéis ar chearta ábhar sonraí agus an chaoi leis na cearta sin a fheidhmiú le fáil, i measc faisnéis eile, i mbeartas príobháideachais an rialaitheora. Thairis sin, soláthróidh sé faisnéis teagmhála – amhail ainm agus uimhir theileafóin an oifigigh príobháideachais nó na roinne atá freagrach as cosaint sonraí – ionas gur féidir gearáin (“casaoidí”) a chur isteach. Laistigh d’eagrú na rialaitheora, is é an t-oifigeach príobháideachais atá freagrach as gearáin a láimhseáil, bearta ceartaitheacha a ghlacadh i gcás sáraithe príobháideachais agus cúiteamh leigheasta (Airteagal 31(2) lit. 3, (4) de PIPA). Tá an pointe deiridh sin ábhartha, mar shampla, i gcás sáraithe sonraí mar tá ar an rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin bpointe (faoi na pointí) teagmhála chun aon damáiste a thuairisciú, i measc nithe eile (Airteagal 34(1) lit. 5 de PIPA).

(132)

Anuas air sin, soláthraítear le PIPA roinnt bealaí sásaimh éagsúla le haghaidh daoine aonair in aghaidh rialaitheoirí. Ar an gcéad dul síos, féadfaidh aon duine aonair a mheasann gur sháraigh an rialaitheoir a chearta, nó a cearta, cosanta sonraí, an sárú den sórt sin a thuairisciú go díreach le PIPC agus/nó ceann de na hinstitiúidí speisialta a d’ainmnigh PIPC chun gearáin a fháil agus a láimhseáil; áirítear leis sin Gníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré, a fheidhmíonn lárionad do ghlaonna chun na críche sin (“an Lárionad do Ghlaonna Príobháideachais” mar a thugtar air) (Airteagal 62(1), (2) de PIPA i dteannta le hAirteagal 59 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Déanann an Lárionad do Ghlaonna Príobháideachais sáruithe a imscrúdú agus a shuí, soláthraíonn sé comhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta (Airteagal 62(3) de PIPA) agus féadfaidh sé aon sárú a thuairisciú do PIPA (ach ní féidir leis féin bearta forfheidhmithe a dhéanamh). Faigheann an Lárionad do Ghlaonna Príobháideachais líon ard gearán/iarratas (e.g. 177 457 in 2020, 159 255 in 2019 agus 164 497 in 2018) (162). De réir faisnéis a fuarthas ó PIPC, fuair PIPC féin thart ar 1 000 gearán idir mí Lúnasa 2020 agus mí Lúnasa 2021. Mar fhreagairt ar ghearán, féadfaidh PIPC comhairle le haghaidh feabhais, bearta ceartaitheacha, “cúiseamh” a eisiúint don ghníomhaireacht imscrúdaithe inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir) nó comhairle a eisiúint le haghaidh gníomhaíocht araíonachta (féach Airteagail 61, 64 agus 65 de PIPA). Féadfar agóid a dhéanamh in aghaidh Chinntí PIPC (amhail diúltú gearán a láimhseáil nó diúltú ar ábhar gearáin) faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (163).

(133)

Ar an dara dul síos, de réir Airteagail 40 go 50 de PIPA i dteannta le hAirteagail 48-14 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, féadfaidh ábhair shonraí éilimh a chur faoi bhráid “Coiste um Idirghabháil i nDíospóidí”, mar a thugtar air, coiste ar a bhfuil ionadaithe atá ainmnithe ag Cathaoirleach PIPC ó bhaill de Sheirbhís Feidhmeannach Sinsearach PICP agus ceaptar daoine aonair bunaithe ar a dtaithí sa réimse cosanta sonraí ó ghrúpaí incháilithe áirithe (féach Airteagal 40(2), (3) agus (7) de PIPA, Airteagal 48-14 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (164). Soláthraítear bealach malartach chun sásamh a fháil leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as idirghabháil roimh an gCoiste um Idirghabháil Díospóide, ach ní threoraíonn sé ceart an duine aonair dul i gcomhairle PIPC ná na cúirteanna. Chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás, féadfaidh an Coiste iarraidh ar na páirtithe díospóideacha ábhair riachtanacha a sholáthar agus/nó glao ar fhinnéithe ábhartha láithriú os a chomhair (Airteagal 45 de PIPA). A luaithe agus a shoiléirítear an t-ábhar, ullmhaíonn an Coiste dréacht den dámhachtain idirghabhála (165) agus ní mór do thromlach na gcomhaltaí comhaontú faoi. Féadfaidh fionraí an tsáraithe, na leigheasanna is gá (lena n-áirítear aisíoc nó cúiteamh) chomh maith le haon bheart is gá chun atarlú an tsáraithe chéanna nó sáraithe chomhchosúil (sáruithe comhchosúla) a chosc a bheith san áireamh sa dréacht idirghabhála sin (Airteagal 47(1) de PIPA). I gcás ina gcomhaontaíonn an dá pháirtí ar an dámhachtain idirghabhála, bheidh an éifeacht chéanna aige atá ag comhréiteach sa chúirt (Airteagal 47(5) de PIPA). Níl cosc ar aon cheann de na páirtithe caingean chúirte a thionscain a fhad agus atá an idirghabháil ar bun, agus sa chás sin chuirfí an idirghabháil ar fionraí (féach Airteagal 48(2) de PIPA) (166). Léirítear i bhfigiúirí bliantúla a d’eisigh PIPC go mbaineann daoine aonair úsáid tráthrialta as an nós imeachta roimh an gCoiste um Idirghabháil Díospóide, agus go mbíonn toradh rathúil mar thoradh air go minic. Mar shampla, in 2020, láimhseáil an Coiste 126 chás, réitíodh 89 díobh os comhair an Choiste (agus tháinig 77 gcás ar chomhaontú sular tugadh an próiseas idirghabhála i gcrích agus bhí 12 chás ann inar glacadh leis an moladh idirghabhála), agus tagann ráta idirghabhála 70,6 % as sin (167). Ar an gcaoi chéanna, in 2019 láimhseáil an Coiste 139 gcás, réitíodh 92 díobh, as a dtagann ráta idirghabhála 62,2 %.

(134)

Thairis sin, i gcás ina ndearnadh damáiste do 50 duine aonair ar a laghad, nó inar sáraíodh a gcearta cosanta sonraí sa bhealach céanna nó ar bhealach comhchosúil i ndiaidh an teagmhais (den chineál) chéanna (168), féadfaidh ábhar sonraí nó eagraíocht cosanta sonraí iarratas a dhéanamh ar idirghabháil díospóide chomhchoiteann thar ceann comhchoitiantachta den sórt sin; féadfaidh ábhair shonraí eile iarratas a dhéanamh le bheith páirteach in idirghabháil den sórt sin, a fhógróidh an Coiste um Idirghabháil Díospóide go poiblí (Airteagal 49(1) go (3) de PIPA i dteannta le hAirteagail 52 go 54 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA) (169). Féadfaidh an Coiste um Idirghabháil Díospóidí duine amháin ar a laghad a roghnú a dhéanann an ionadaíocht is iomchuí ar an leas coiteann mar pháirtí ionadaíoch (Airteagal 49(4) de PIPA). I gcás ina ndiúltaíonn an rialaitheoir d’idirghabháil díospóidí chomhchoiteann nó nach nglacann sé an dámhachtain idirghabhála, féadfaidh eagraíochtaí áirithe (170) cás dlí caingne aicmí a chomhdú chun aghaidh a thabhairt ar an sárú (Airteagail 51 go 57 de PIPA).

(135)

Ar an tríú dul síos, i gcás sáraithe príobháideachais a bhfuil “damáiste” don duine aonair mar thoradh air, tá an ceart ag an ábhar sonraí chun sásaimh iomchuí a fháil i “nós imeachta pras agus cothrom” (Airteagal 4 lit. 5 i dteannta le hAirteagal 39 de PIPA) (171). Féadfaidh an rialaitheoir é féin a shaoradh ó mhilleán ag cruthú nach bhfuil aon mhilleán ann (“intinn éagórach” nó faillí). I gcás ina ndéantar damáiste don ábhar sonraí mar thoradh ar chaillteanas, gadaíocht, nochtadh, brionnú, leasú nó damáiste i leith a c(h)uid sonraí pearsanta, féadfaidh an Chúirt cúiteamh suas le trí huaire an damáiste iarbhír a chinneadh, ag cur roinnt fachtóirí san áireamh (Airteagal 39(3), (4) de PIPA). De rogha air sin, féadfaidh an t-ábhar sonraí éileamh a dhéanamh ar “mhéid réasúnta” cúitimh a fháil nach sáraíonn 3 mhilliún won (Airteagal 39-2(1), (2) de PIPA). Thairis sin, i gcomhréir leis an Acht Sibhialta, féadfar cúiteamh a éileamh ó aon duine “atá ina gcúis le caillteanais nó a dhéanann dochar do dhuine eile trí ghníomh neamhdhleathach, d’aon ghnó nó go faillíoch” (172) nó ó dhuine “a rinne dochar don duine, do shaoirse nó do cháil duine eile nó atá ina gcúis le haon chrá intinne duine eile” (173). Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach dliteanas torta den chineál sin ag leanúint ó shárú ar na rialacha cosanta sonraí (174). Má rinne údarás poiblí an gníomh neamhdhleathach, féadfar éileamh ar chúiteamh a chomhdú ina theannta sin faoin Acht um Chúiteamh Stáit (175). Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le “Comhairle Cúitimh” speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na Cóiré (176). Cumhdaítear díobháil neamh-ábhartha freisin le dliteanas stáit (amhail fulaingt intinne) (177). Más náisiúnach coigríche é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn a thír thionscnaimh nó a tír thionscnaimh cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéanna (178).

(136)

Ar an gceathrú dul síos, d’aithin an Chúirt Uachtarach go bhfuil an ceart ag daoine aonair faoiseamh urghaire a éileamh ar son sáruithe ar a gcearta faoin mBunreacht, lena n-áirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (179). Sa chomhthéacs sin, féadfaidh cúirt ordú ar rialaitheoirí aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a chur ar fionraí nó a stopadh. Ina theannta sin, is féidir cearta cosanta sonraí, lena n-áirítear cearta a chosnaítear le PIPA, a fhorfheidhmiú trí chaingne sibhialta. D’aithin an Chúirt Uachtarach cur i bhfeidhm cothrománach na cosanta bunreachta sin i leith caidreamh idir páirtithe príobháideacha (180).

(137)

Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair géarán coiriúil a dhéanamh de bhun an Achta um Nós Imeachta Cóiriúil (Airteagal 223) le hionchúisitheoir poiblí nó oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha (181).

(138)

Dá bhrí sin, tairgtear le córas na Cóiré bealaí éagsúla chun cúiteamh a fháil, idir bealaí atá inrochtana go héasca, roghanna ar chostas íseal (cuir i gcás, teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Glaonna um Príobháideachas nó trí idirghabháil (chomhchoiteann)) agus bealaí riaracháin (os comhair PIPC) agus bealaí breithiúnacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht chun cúiteamh a fháil ar son damáistí.

3.   ROCHTAIN AGUS ÚSÁID SONRAÍ PEARSANTA AISTRITHE ÓN AONTAS EORPACH AG ÚDARÁIS PHOIBLÍ I bPOBLACHT NA CÓIRÉ

(139)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na teorainneacha agus na coimircí, lena n-áirítear na sásraí cúitimh formhaoirseachta agus aonair atá ar fáil i ndlí na Cóiré a mhéid a bhaineann le bailiú agus an úsáid a bhainfidh údaráis phoiblí na Cóiré dá éis as sonraí pearsanta a aistrítear chuig rialaitheoirí sa Chóiré ar mhaithe le leas an phobail, go háirithe maidir le forfheidhmiú an dlí choiriúil agus chun críocha slándála náisiúnta (rochtain ag an rialtas). Chuige sin, chuir rialtas na Cóiré uiríll, dearbhuithe agus gealltanais oifigiúla a síníodh ag an leibhéal aireachta agus gníomhaireachta is airde, atá le fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar fáil don Choimisiún.

(140)

Agus measúnú á dhéanamh cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, na coinníollacha faoina bhfaigheann an rialtas rochtain ar shonraí a aistríodh chuig an gCóiré faoin gCinneadh seo an tástáil “comhionannas bunriachtanach” de bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha, chuir an Coimisiún na critéir seo a leanas go háirithe san áireamh.

(141)

Ar an gcéad dul síos, ní mór foráil maidir le haon teorainn leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint a bheith i ndlí agus ní mór don bhunús dlí lena gceadaítear cur isteach ar cheart den sórt sin sainmhíniú a thabhairt ar raon feidhme na teorann ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann (182).

(142)

Ar an dara dul síos, chun ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ar dá réir nach mór maoluithe uaidh agus teorainneacha le sonraí pearsanta a chosaint a bheith infheidhme, a mhéid a bhfuil fíorghá leis amháin i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí sonracha leasa ghinearálta atá comhionann leo siúd a aithníonn an tAontas, ní mór do reachtaíocht an tríú tír atá i gceist, a cheadaíonn an cur isteach sin, rialacha soiléire agus beachta a leagan síos chun raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart i gceist a rialú agus coimircí íosta a fhorchur ionas go mbeidh ráthaíochtaí leormhaithe ag na daoine ar aistríodh a sonraí chun a sonraí pearsanta a chosaint in aghaidh an riosca mí-úsáide (183). Ní mór don reachtaíocht, go háirithe, a shonrú cé na tosca agus na coinníollacha faoinar féidir beart lena ndéantar foráil maidir le próiseáil sonraí den chineál sin a ghlacadh (184) chomh maith le hábhar comhlíonta ceanglas den sórt sin i leith formhaoirseacht neamhspleách (185).

(143)

Ar an tríú dul síos, ní mór don reachtaíocht sin agus do na ceanglais atá inti a bheith ceangailteach ó thaobh dlí de faoin dlí náisiúnta. Baineann sé seo i dtosach le gach údarás de chuid an tríú tír atá i gceist, ach ní mór do na ceanglais dhlíthiúla sin a bheith in-fhorfheidhmithe os comhair na gcúirteanna in aghaidh na n-údarás sin (186). Go háirithe, ní mór go mbeadh an fhéidearthacht ag ábhair shonraí caingean dlí a ghlacadh os comhair binse neamhspleách neamhchlaonta chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta, nó chun sonraí den sórt sin a cheartú nó a scriosadh (187).

3.1   Creat dlíthiúil ginearálta

(144)

Leanann na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme maidir le bailiú sonraí pearsanta agus an úsáid a bhainfidh údaráis phoiblí na Cóiré as na sonraí ina dhiaidh sin as creat bunreachtúil uileghabhálach, dlíthe sonracha a rialaíonn a ngníomhaíochtaí i réimse an fhorfheidhmithe dlí chóiriúil agus slándála náisiúnta, chomh maith leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta go sonrach.

(145)

Ar an gcéad dul síos, tá rochtain ag údaráis phoiblí na Cóiré ar shonraí pearsanta á rialú ag prionsabail ghinearálta dlíthiúlachta, riachtanais agus comhréireachta a eascraíonn as Bunreacht na Cóiré (188). Go háirithe, ní féidir cearta agus saoirsí bunúsacha (lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais agus an ceart chun príobháideachas comhfhreagrais) (189) a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta, nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobail. Ní fhéadfaidh srianta den sórt sin difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirse atá i gceist. Maidir le cuardaigh agus urghabhálacha go sonrach, foráiltear sa Bhunreacht nach bhféadfaidh siad tarlú ach faoi mar a ndéantar foráil ina leith sa dlí, ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh agus ag urramú na próise cuí (190). Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair a gcearta agus a saoirsí a agairt os comhair na Cúirte Bunreachtúla má chreideann siad gur sháraigh údaráis phoiblí iad i bhfeidhmiú a gcumhachtaí (191). Ar an gcaoi chéanna, tá an ceart ag daoine ar baineadh damáistí dóibh mar thoradh ar ghníomh neamhdhleathach a rinne oifigeach poiblí agus cúraimí oifigiúla á ndéanamh aige cúiteamh cóir a éileamh (192).

(146)

Ar an dara dul síos, mar a thugtar tuairisc níos mionsonraithe air i ranna 3.2.1 agus 3.3.1, na prionsabail ghinearálta a luaitear in aithris (145) léirítear iad sna dlíthe sonracha a rialaíonn cumhachtaí údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta. Mar shampla, maidir le himscrúduithe coiriúla, foráiltear san Acht um Nós Imeachta Coiriúil (CPA) maidir le bearta éigeantacha nach féidir a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leis in CPA agus a mhéid is íosta is gá chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach (193). Ar an dóigh chéanna, le hAirteagal 3 den Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA) toirmisctear rochtain ar chumarsáid ach amháin ar bhonn an dlí agus faoi réir teorainneacha agus coimircí a leagtar amach san Airteagal sin. I réimse na slándála náisiúnta, foráiltear leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS) nach mór d’aon rochtain ar fhaisnéis cumarsáide nó suímh an dlí a chomhlíonadh agus tá mí-úsáid cumhachta agus sáruithe ar an dlí faoi réir smachtbhannaí coiriúla. (194).

(147)

Ar an tríú dul síos, tá próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta, faoi réir rialacha cosanta sonraí faoi PIPA (195). Mar phrionsabal ginearálta, éilítear in Airteagal 5(1) de PIPA ar údaráis phoiblí beartais a fhorbairt chun “drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.” Ina theannta sin, ní mór d’aon rialaitheoir sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an fhéidearthacht go sárófaí príobháideachas an ábhair sonraí (Airteagal 3(6) de PIPA).

(148)

Tá feidhm ag ceanglais uile PIPA, mar a thugtar tuairisc mionsonraithe orthu i roinn 2, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Áirítear leis sin na príomhphrionsabail (amhail dlíthiúlacht agus cothroime, teorannú de réir cuspóra, cruinneas, íoslaghdú sonraí, teorannú stórála, slándáil agus trédhearcacht), ceanglais (cuir i gcás, maidir le fógra a thabhairt faoi shárú sonraí agus sonraí íogaire) agus cearta (chun rochtana, ceartúcháin, scriosta nó fionraí).

(149)

Cé go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta faoi réir sraith d’fhorálacha atá níos teoranta faoi PIPA, tá feidhm ag na príomhphrionsabail, chomh maith leis na rialacha maidir le formhaoirseacht, forfheidhmiú agus sásamh (196). Go sonrach, leagtar síos in Airteagail 3 agus 4 de PIPA na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí (dlíthiúlacht agus cothroime, teorannú de réir cuspóra, cruinneas, íoslaghdú sonraí, slándáil agus trédhearcacht) agus cearta an duine aonair (an ceart bheith curtha ar an eolas, an ceart rochtana, agus na cearta ceartúcháin, scriosta agus fionraí) (197). Le hAirteagal 4(5) de PIPA foráiltear thairis sin go bhfuil an ceart ag daoine aonair chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a d’eascródh as próiseáil a bhfaisnéise pearsanta trí nós imeachta pras agus cothrom. Comhlíonann oibleagáidí níos sonraí chun sonraí pearsanta a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch bheartaithe a bhaint amach amháin agus ar feadh na tréimhse is íosta is féidir, na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú (amhail cosaintí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha) chomh maith le bearta chun casaoidí (gearáin) aonair a láimhseáil go hiomchuí (198). Ar deireadh, tá feidhm ag prionsabail ghinearálta dlíthiúlachta, riachtanais agus comhréireachta ó Bhunreacht na Cóiré (féach aithris (145)) freisin maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.

(150)

Féadfaidh daoine aonair na teorainneacha agus na coimircí ginearálta sin a agairt os comhair comhlachtaí formhaoirseachta (e.g. PIPC agus/nó an Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine, féach aithrisí (177) – (178)) agus cúirteanna (féach aithrisí (179) – (183)) chun sásamh a fháil.

3.2   Rochtain agus úsáid ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil

(151)

Forchuireann dlí na Cóiré roinnt teorainneacha ar rochtain agus ar úsáid sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, agus foráiltear leis sásraí formhaoirseachta agus sásaimh atá i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in aithrisí (141) go (143) den Chinneadh seo. Déantar measúnú mionsonraithe sna ranna a leanas ar na coinníollacha faoinar féidir rochtain den sórt sin tarlú agus ar na coimircí is infheidhme maidir le húsáid na gcumhachtaí sin.

3.2.1   Bunúis dlí, teorainneacha agus coimircí

(152)

Féadfaidh údaráis na Cóiré sonraí pearsanta próiseáilte ag rialaitheoirí na Cóiré a d’aistreofaí ón Aontas faoin gCinneadh seo (199) a bhailiú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil i gcomhthéacs cuardaigh nó urghabhála (ar bhonn CPA), trí rochtain a fháil ar fhaisnéis cumarsáide (ar bhonn CPPA), nó trí shonraí síntiúsóirí a fháil trí iarratais ar nochtadh saorálach (ar bhonn an Achta um Ghnó Teileachumarsáide, TBA) (200).

3.2.1.1   Cuardaigh agus urghabhálacha

(153)

Foráiltear le CPA nach bhféadfaidh cuardach nó urghabháil tarlú ach amháin má tá drochamhras ann go ndearnadh duine coir, gur gá é le haghaidh an imscrúdaithe agus go bhfuil nasc suite idir an t-imscrúdú agus an duine atá le cuardach nó an t-airteagal atá le himscrúdú nó le hurghabháil (201). Thairis sin, ní fhéadfar cuardach ná urghabháil (mar aon bheart éigeantach) a cheadú/a dhéanamh a mhéid is íosta is gá (202). Má bhaineann cuardach le diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí is gá (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlán (203). Ní féidir an meán sin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eile (204). Dá bhrí sin, le CPA leagtar síos rialacha soiléire agus beachta maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart sin, sa chaoi sin ag áirithiú go mbeidh cur isteach ar chearta daoine aonair i gcás cuardaigh nó urghabhála teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúdú coiriúil sonrach agus go bhfuil sé comhréireach leis an gcuspóir beartaithe.

(154)

I dtéarmaí coimircí nós imeachta de, éilítear le CPA go bhfaightear barántas ó chúirt chun cuardach nó urghabháil a dhéanamh (205). Ní cheadaítear cuardach nó urghabháil gan bharántas ach i gcásanna eisceachtúla, eadhon in imthosca éigeandála (206), in loco tráth a ghabhtar nó a choinnítear amhrastach coiriúil (207), nó i gcás ina bhfuil airteagal caite nó a sholáthraíonn amhrastach coiriúil nó tríú páirtí (a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, ag an duine lena mbaineann é/í féin) airteagal go saorálach (208). Tá cuardaigh agus urghabhálacha neamhdhleathacha faoi réir smachtbhannaí coiriúla (209) agus meastar aon fhianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlactha (210). Ar deireadh, ní mór na daoine aonair lena mbaineann a chur ar an eolas i gcónaí maidir le cuardach nó urghabháil (lena n-áirítear urghabháil a sonraí) gan mhoill (211), rud a éascóidh dá réir sin feidhmiú ceart substainteach an duine aonair agus feidhmiú an chirt chun sásamh a fháil (féach go háirithe an fhéidearthacht chun dúshlán a thabhairt d’fheidhmiú barántais urghabhála, féach aithris (180)).

3.2.1.2   Rochtain ar fhaisnéis cumarsáide

(155)

Ar bhonn CPPA, féadfaidh údaráis fhorfheidhmiú an dlí choiriúil de chuid na Cóiré dhá chineál bheart a dhéanamh (212): ar thaobh amháin, “sonraí deimhnithe cumarsáide” a bhailiú (213), áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí); agus, ar an taobh eile, “bearta a chuireann srianta ar chumarsáid”, a chumhdaíonn idir inneachar an phoist traidisiúnta a bhailiú agus idircheapadh díreach ar inneachar teileachumarsáide (214).

(156)

Ní féidir rochtain a fháil ar shonraí deimhnithe cumarsáide ach i gcás inar gá leis chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhú (215), ar bhonn barántais atá eisithe ag cúirt (216). Chuige sin, éilítear le CPPA go soláthraítear faisnéis mhionsonraithe san iarratas ar bharántas (e.g. na cúiseanna leis an iarratas a dhéanamh, an gaol leis an sprioc/síntiúsóir agus na sonraí is gá) agus sa bharántas féin (e.g. faisnéis ar chuspóir, sprioc agus raon feidhme an bhirt) (217). Ní féidir bailiú gan bharántas a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé dodhéanta cead a fháil ó chúirt mar gheall ar fhorais práinne, agus i gcás mar sin ní mór barántas a fháil agus a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáide díreach tar éis na sonraí a phróiseáil (218). Má dhiúltaíonn an chúirt cead a thabhairt ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis bailithe a scriosadh (219).

(157)

I dtéarmaí coimircí breise maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, forchuireann CPPA ceanglais shonracha a bhaineann le taifid a choinneáil agus le trédhearcacht (220). Go háirithe, ní mór d’údaráis fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (221) agus soláthraithe teileachumarsáide (222) taifid a choinneáil ar iarrataí agus nochtaí a rinneadh. Anuas air sin, ní mór d’fhorfheidhmiú an dlí choiriúil i bprionsabal fógra a thabhairt do dhaoine aonair gur bailíodh a sonraí deimhnithe cumarsáide (223). Ní fhéadfar fógra den sórt sin a iarchur ach in imthosca eisceachtúla, ar bhonn údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúil (224). Ní féidir údarú den sórt sin a sholáthar ach nuair is dócha go dtarlóidh ceann díobh seo a leanas mar gheall ar fhógra a thabhairt (1) chuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) bheadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) chuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (cuir i gcás, d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) d’fhéadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chhlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárú. Sna cásanna sin, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá tráth nach bhfuil an foras (na forais) le haghaidh an iarchurtha ann a thuilleadh (225). Tráth a fhaightear an fógra, tá an ceart ag daoine aonair chun faisnéis a fháil faoi na cúiseanna le bailiú a sonraí (226).

(158)

Tá feidhm ag rialacha níos doichte maidir le bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nach féidir iad a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis shubstaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad (227). Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach mar rogha dheireanach agus i gcás a bhfuil sé deachair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eile (228). Ní mór éirigh as a n-úsáid láithreach bonn tráth nach bhfuil gá leo a thuilleadh, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidir (229). Ní ghlactar faisnéis a fuarthas go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachta (230).

(159)

I dtéarmaí coimircí nós imeachta de, éilítear le CPPA go bhfaightear barántas ó chúirt chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh (231). Arís, éilítear le CPPA go bhfuil faisnéis mhionsonraithe san iarratas ar bharántas agus sa bharántas féin (232), lena n-áirítear faisnéis ar an údar leis an iarraidh, chomh maithe leis an gcumarsáid atá le bailiú (nach mór gur cumarsáid an amhrastaigh atá faoi imscrúdú iad) (233). Ní féidir bearta den sórt sin a dhéanamh gan bharántas ach i gcás a bhfuil garbhagairt maidir le coireacht eagraithe ann nó i gcás ina bhfuil coireacht eile a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlú, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (234). Mar sin féin, sa chás sin ní mór iarratas ar bharántas a chomhdú láithreach i ndiaidh an beart a dhéanamh (235). Ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach ar feadh tréimhse uasta de 2 mhí (236) agus féadfar síneadh a chur leo le formheas na cúirte má leantar de na coinníollacha chun na bearta a dhéanamh a chomhlíonadh (237). Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta) (238).

(160)

Mar is amhlaidh an cás maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, éilítear le CPPA ar sholáthraithe teileachumarsáide (239) agus ar údaráis fhorfheidhmithe dlí (240) taifid a choinneáil ar fheidhmiú na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid, agus déantar foráil leis maidir le fógra a thabhairt don duine aonair lena mbaineann, rud a d’fhéadfaí a iarchur go heisceachtúil, i gcás inar gá, ar fhorais thábhachtacha ar mhaithe le leas an phobail (241).

(161)

Ar deireadh, tá neamhchomhlíonadh roinnt de na srianta agus na coimircí de CPPA (lena n-áirítear, cuir i gcás, na hoibleagáidí maidir le barántas a fháil, taifid a choinneáil agus fógra a thabhairt don duine aonair), maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide agus le húsáid beart a chuireann srianta le cumarsáid faoi réir smachtbhannaí coiriúla (242).

(162)

Tá cumhachtaí údaráis forfheidhmithe dlí chóiriúil chun sonraí cumarsáide a bhailiú ar bhonn CPPA (idir inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide) teoranta dá bhrí sin ag rialacha soiléire agus beachta, agus tá siad faoi réir roinnt coimircí. Ráthaítear leis na smachtbhannaí sin formhaoirseacht ar fheidhmiú beart den sórt sin, ex ante (trí fhormheas breithiúnas a fháil roimh ré) agus ex post (trí thaifid a choimeád agus ceanglais tuairiscithe), agus éascaíonn siad rochtain daoine aonair ar réitigh éifeachtacha (trí áirithiú go bhfuil siad ar an eolas faoi bhailiú a sonraí).

3.2.1.3   Iarrataí ar nochtadh saorálach sonraí síntiúsóra

(163)

Anuas ar bheith ag brath ar na bearta éigeantacha ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (153) - (162), féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí na Cóiré iarraidh ar sholáthraithe teileachumarsáide ar son “sonraí cumarsáide” ar bhonn saorálach, chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh (Airteagal 83(3) de TBA). Níl an fhéidearthacht sin ann ach maidir le tacair sonraí theoranta, i.e. ainm, cláruimhir cónaithe, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (ciallaíonn sé sin cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint) (243). Ós rud é nach meastar mar “úsáideoirí” ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na Cóiré. (244), ní thiocfadh daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré faoi réim na catagóire sin (245).

(164)

Tá feidhm ag srianta éagsúla maidir le nochtaí saorálacha den sórt sin, maidir le feidhmiú cumhachtaí ag an údarás forfheidhmithe dlí agus an fhreagairt ón oibreoir teileachumarsáide araon. Mar cheanglas ginearálta, ní mór do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí gníomhú i gcomhréir leis na prionsabail bhunreachtúla a bhaineann le riachtanas agus comhréireacht (Airteagail 12(1) agus 37(2) den Bhunreacht), lena n-áirítear i gcásanna ina n-iarrann siad faisnéis ar bhonn saorálach. Anuas air sin, ní mór dóibh PIPA a chomhlíonadh, go háirithe tríd an íosmhéid sonraí pearsanta a bhailiú, a oiread is gá chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach, ar bhealach chun an tionchar ar phríobháideachas daoine aonair a íoslaghdú (amhail Airteagal 3(1), (6) de PIPA). Go sonrach, ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar ar iarradh a lua ann (246).

(165)

Ní éilítear ar sholáthraithe teileachumarsáide iarrataí den sórt sin a chomhlíonadh agus ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach i gcomhréir le PIPA. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, nach mór dóibh cothromaíocht a fháil idir na leasanna éagsúla atá i gceist agus nach bhféadfaidh siad na sonraí a sholáthar dá sárófaí leasanna an duine aonair nó tríú páirtí leis an soláthar sin (247). Is é sin a bheadh i gceist, mar shampla, má tá sé soiléir gur bhain an t-údarás iarrthach mí-úsáid as a údarás (248). Ní mór d’oibreoirí teileachumarsáide taifid a choinneáil ar nochtaí faoi TBA agus tuairisciú don Aire Eolaíocht agus FTC faoi dhó in aghaidh na bliana (249).

(166)

Anuas air sin, i gcomhréir le Roinn 3 d’Fhógra Uimh. 2021-5 (Iarscríbhinn I), i bprionsabal tá ar sholáthraithe teileachumarsáide fógra a thabhairt don duine aonair lena mbaineann i gcás ina ngéilleann sé le hiarraidh go saorálach (250). Cumasóidh sé sin, dá réir sin, an duine aonair lena c(h)earta a fheidhmiú, agus i gcás ina nochtar a s(h)onraí go neamhdhleathach, sásamh a fháil, in aghaidh an rialaitheora (mar shampla, ar son na sonraí a nochtadh de shárú ar PIPA, nó ar son freagairt ar iarraidh ar léir go raibh sé díréireach) nó in aghaidh an údaráis forfheidhmithe dlí (mar shampla, ar son gníomhú thar na teorainneacha dó sin a bhfuil gá leis agus atá comhréireach nó mar gheall nár urramaíodh ceanglais nós imeachta a ghabhann le TBA).

3.2.2   Úsáid bhreise a bhaint as an bhfaisnéis bhailithe

(167)

Tá próiseáil sonraí pearsanta a bhailíonn údaráis forfheidhmithe dlí chóiriúil faoi réir gach ceanglais de PIPA, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1)-(2) de PIPA), dlíthiúlacht úsáide agus soláthar do thríú páirtithe (Airteagail 15, 17 agus 18 de PIPA), aistrithe idirnáisiúnta (Airteagail 17 agus 18 de PIPA, i dteannta le Roinn 2 d’Fhógra 2021-5) (251), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) de PIPA) agus teorannú stórála (Airteagal 21 de PIPA) (252).

(168)

Maidir le hinneachar na cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú, teorannaíonn CPPA úsáid fhéideartha na cumarsáide sin go sonrach le coireanna tromchúiseacha a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc (253); imeachtaí araíonachta le haghaidh nag coireanna céanna; éilimh ó pháirtí leis an gcumarsáid ar son damáistí nó i gcás ina gceadaítear sin go sonrach le dlíthe eile (254). Thairis sin, ní féidir inneachar teileachumarsáide bailithe a tarchuireadh ar an idirlíon a choinneáil ach le cead ón gcúirt a d’fhormheas na bearta a chuireann srianta le cumarsáid (255), d’fhonn é a úsáid chun coireanna tromchúiseacha a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc (256). Níos ginearálta, cuireann CPPA toirmeasc ar fhaisnéis rúnda a fuarthas ó bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a nochtadh, agus le faisnéis den sórt sin a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sin (257).

3.2.3   Formhaoirseacht

(169)

Sa Chóiré, déanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil (258).

(170)

Ar an gcéad dul síos, tá na póilíní faoi réir formhaoirseacht inmheánach ag Ard-Chigire (259), a thugann faoi dhlíthiúlacht a rialú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le sáruithe féideartha ar chearta an duine. Bunaíodh an tArd-Chigire chun an tAcht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí a chur chun feidhme, gníomh lena spreagtar comhlachtaí féin-iniúchóireachta a chruthú agus lena leagtar síos ceanglais shonracha maidir lena gcomhdhéanamh agus lena gcúraimí. Go háirithe, éilítear leis an Acht go gceaptar ceannaire comhlachta féin-iniúchóireachta ó lasmuigh den údarás ábhartha (amhail iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana (260), agus ní bheifear in ann iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil údar leo (cuir i gcás, mura mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh mar gheall ar chúiseanna sláinte, nó má bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta) (261) agus go rathaítear go bhfuil a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag an gcomhlacht sin (262). Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má chuirtear bacainn ar fhéin-iniúchóireacht (263). Déantar tuarascálacha iniúchóireachta (a d’fhéadfadh moltaí, iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachta, agus iarrataí ar chúiteamh nó ceartúchán a bheith mar chuid díobh) a chur in iúl do cheannaire an údaráis phoiblí ábhartha, don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI) (264) agus, go ginearálta, déantar iad a phoibliú (265). Ní mór fógra a thabhairt do BAI maidir le torthaí na tuarascála cur chun feidhme freisin (266) (féach aithris (173) maidir le ról formhaoirseachta agus cumhachtaí BAI).

(171)

Ar an dara dul síos, déanann PIPC maoirseacht ar chomhlíontacht phróiseáil sonraí na n-údarás forfheidhmithe dlí chóiriúil le PIPA agus le dlíthe eile a chosnaíonn príobháideachas daoine aonair, lena n-áirítear na dlíthe a rialaíonn bailiú fianaise (leictreonaí) chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 3.2.1 (267). Go háirithe, ós rud é go síneann PIPC le dlíthiúlacht agus cothroime bailithe agus próiseála sonraí (Airteagal 3(1) de PIPA), a dhéanfar a shárú má fhaightear rochtain ar shonraí pearsanta agus má úsáidtear iad de shárú ar na dlíthe sin (268), féadfaidh PIPA imscrúdú a dhéanamh agus comhlíontacht na srianta agus na gcoimircí ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 a fhorfheidhmiú freisin (269). Agus an ról maoirseachta sin á fheidhmiú aige, féadfaidh PIPC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin agus feabhais uile, mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 2.4.2. Fiú roimh an athchóiriú a rinneadh ar PIPA le déanaí (i.e. ina ról maoirseachta roimhe sin don earnáil phoiblí), rinne PIPC neart gníomhaíochtaí formhaoirseachta ar phróiseáil sonraí pearsanta ag údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil, e.g. i gcomhthéacs amhrastaigh a cheistiú (Cás Uimh. 2013-16, an 26 Lúnasa 2013), maidir le fógra a thabhairt do dhaoine aonair faoi fhíneálacha riaracháin a ghearradh (Cás Uimh. 2015-02-04, an 26 Eanáir 2015), sonraí a roinnt le húdaráis eile (Cás Uimh. 2018-15-146, an 9 Iúil 2018, Cás Uimh. 2018-25-308, an 10 Nollaig 2018; Cás Uimh. 2019-02-015, an 29 Eanáir 2019), bailiú méarlorg nó grianghraf (Cás Uimh. 2019-17-273, an 9 Meán Fómhair 2019), úsáid drón (Cás Uimh. 2020-01-004, an 13 Eanáir 2020). Sna cásanna sin, rinne PIPC imscrúdú ar chomhlíontacht neart forálacha de PIPA (e.g. dlíthiúlacht na próiseála, prionsabail maidir le teorannú cuspóra agus íoslaghdú sonraí) ach ar fhorálacha ábhartha dhlíthe eile amhail an tAcht um Nós Imeachta Cóiriúil, agus, i gcás inar gá d’eisigh sé moltaí chun an phróiseáil a athrú le bheith i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint sonraí.

(172)

Ar an tríú dul síos, déanann an Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (CHRC) (270) formhaoirseacht neamhspleách, Coimisiún ar féidir leis imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar chearta chun príobháideachais agus chun príobháideachas comhfhreagrais mar chuid dá shainordú ginearálta chun cearta bunúsacha d’Airteagail 10-22 den Bhunreacht a chosaint. Tá 11 Choimisinéir ar NHRC nach mór dóibh cáilíochtaí sonracha a chomhlíonadh (271) agus atá ceaptha ag an Uachtarán i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa dlí. Go háirithe, ceaptar ceathrar coimisinéirí arna n-ainmniú ag an Tionól Náisiúnta, ceathrar coimisinéirí arna n-ainmniú ag an Uachtarán agus triúr coimisinéirí arna n-ainmniú ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (272). Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól Náisiúnta (273). Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú) (274). Mar chuid d’imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairt (275). I dtéarmaí cumhachtaí feabhais, féadfaidh NHRC moltaí (poiblí) a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus ní mór d’údaráis phoiblí freagairt ar na moltaí sin le plean cur chun feidhme beartaithe (276). Má mhainníonn an t-údarás lena mbaineann na moltaí a chur chun feidhme, ní mór dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoin méid sin (277), agus féadfaidh an Coimisiún an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, ar a sheal, agus/nó í a phoibliú. De réir an uiríll oifigiúil ó rialtas na Cóiré, (roinn 2.3.5 d’Iarscríbhinn II), comhlíonann údaráis na Cóiré moltaí NGRC i gcoitinne agus tá spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh toisc go ndearnadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid de mheastóireacht ghinearálta, leanúnach faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire. Léirítear le figiúirí bliantúla maidir lena chuid gníomhaíochtaí go bhfuil formhaoirseacht ghníomhach á déanamh ag NHRC ar ghníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí choiriúil, ar bhonn achainíocha nó trí bhíthin imscrúduithe ex officio (278).

(173)

Ar an gceathrú dul síos, is é BAI a dhéanann formhaoirseacht ghinearálta ar dhlíthiúlacht ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí, agus déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach freisin, ar bhonn níos ginearálta, déanann sé formhaoirseacht ar chomhlíonadh a ndualgas ag údaráis phoiblí d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblí (279). Tá BAI bunaithe go foirmiúil faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré, ach tá stádas neamhspleách aige fós i leith a chuid dualgas (280). Ina theannta sin, deonaítear neamhspleáchas iomlán dó i leith na baill foirne aige a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, agus i leith a bhuiséad a thiomsú (281). Tá BAI comhdhéanta de Chathaoirleach (arna cheapadh ag an Uachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta) (282) agus de sheisear coimisinéirí (arna gceapadh ag an Uachtarán ar mholadh an Chathaoirligh) (283), agus ní mór dóibh cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlí a chomhlíonadh (284) agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, pianbhreith príosúnachta á cur orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a fheidhmiú de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmach (285). Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Agus iniúchadh nó cigireacht á dhéanamh nó á déanamh ag BAI, féadfaidh sé a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid agus go dtiocfaidh daoine aonair ina láthair (286). Féadfaidh BAI moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdú (287).

(174)

Ar deireadh, déanann an Tionól Náisiúnta formhaoirseacht pharlaiminteach ar údaráis phoiblí trí imscrúduithe agus trí chigireachtaí (288) ar a gcuid gníomhaíochtaí (289). Féadfaidh an Tionól iarraidh go nochtfar doiciméid, iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthair (290), bearta ceartaitheacha a mholadh (má thagann sé ar an gconclúid gur tharla gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó míchuí) (291) agus torthaí na gconclúidí aige a chur ar fáil go poiblí (292). I gcás ina n-iarrfaidh an Tionól Náisiúnta go ndéanfar bearta ceartaitheacha – a bhféadfar a áireamh leo, mar shampla, cúiteamh a dhámhachtain, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh nó feabhas a chur ar nósanna imeachta inmheánacha – ceanglaítear ar an údarás poiblí lena mbaineann gníomhú gan mhoill agus tuairisciú maidir leis an toradh don Tionól Náisiúnta (293).

3.2.4   Sásamh

(175)

Cuirtear bealaí éagsúla (breithiúnacha) ar fáil le córas na Cóiré chun sásamh a fháil, lena n-áirítear cúiteamh as damáistí.

(176)

Ar dtús, le PIPA tugtar ceart rochtana, ceartúcháin, scriosta nó fionraí do dhaoine aonair i leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (294).

(177)

Ar an dara dul síos, is féidir le daoine aonair úsáid a bhaint as na sásraí éagsúla sásaimh atá le fáil faoi PIPA más rud é gur phróiseáil údarás forfheidhmithe dlí choiriúil a gcuid sonraí de shárú ar PIPA nó de shárú ar na teorannuithe agus ar na coimircí lena rialaítear bailiú sonraí pearsanta i ndlíthe eile (i.e. CPA nó CPPA, féach aithris (171)). Go háirithe, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC (lena n-áirítear tríd an Lárionad do Ghlaonna Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil (295)) nó leis an gCoiste um Idirghabháil Díospóidí maidir le Faisnéis Phearsanta (296). Níl na féidearthachtaí sásaimh sin faoi réir ceanglas breise maidir le hinghlacthacht. Ar bhonn an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin, féadfaidh daoine aonair, ina theannta sin, achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí nó easpa gníomhaíochta ag PIPC nó dúshlán a thabhairt dóibh (féach aithris (132)).

(178)

Ar an tríú dul síos, féadfaidh aon duine aonair (297) gearán a thaisceadh le NHRC a bhaineann le sárú ar an gceart chun príobháideachais agus cosanta sonraí ag údarás forfheidhmithe dlí choiriúil den Chóiré. Féadfaidh NHRC a mholadh go gceartófar nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, institiúid, beartas nó cleachtas ábhartha (298), nó go gcuirfear réitigh chun feidhme amhail idirghabháil (299), scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun atarlú an tsáraithe céanna nó sáruithe comhchosúla a chosc (300). De réir an uiríll oifigiúil ó rialtas na Cóiré (roinn 2.4.2 d’Iarscríbhinn II), féadfar scriosadh sonraí pearsanta a bailíodh go neamhdhleathach a áireamh leis sin. Cé nach bhfuil sé de chumhacht ag NHRC cinntí ceangailteacha a eisiúint, tá bealach níos neamhfhoirmiúla le fáil uaidh chun sásamh a fháil, atá ar chostas íseal agus inrochtana go héasca, go háirithe toisc, mar a mhínítear in Iarscríbhinn II, roinn 2.4.2, nach gceanglaíonn sé go léireofar gortú iarbhír chun go ndéanfar imscrúdú ar ghearán (301). Áirithítear leis sin gur féidir imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine aonair a bhaineann le bailiú na sonraí dá gcuid, fiú mura bhfuil duine aonair in ann a léiriú gur bailíodh a c(h)uid sonraí iarbhír (e.g. toisc nár tugadh fógra don duine aonair fós). Léirítear le tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí NHRC go bhfuil daoine aonair ag baint úsáide as an mbealach sin sa chleachtas freisin chun dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí choiriúil, lena n-áirítear i leith sonraí pearsanta a láimhseáil (302). Mura mbeidh duine aonair sásta le toradh nós imeachta os comhair NHRC, féadfaidh sé nó sí dúshlán a thabhairt do chinntí NHRC (amhail cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán (303)) agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach aithris (181)) (304). Thairis sin, is féidir le nós imeachta os comhair NHRC rochtain ar chúirteanna a éascú a thuilleadh, toisc go bhféadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a lorg in aghaidh an údaráis phoiblí a phróiseáil na sonraí dá c(h)uid go neamhdhleathach ar bhonn thorthaí NHRC, i gcomhréir leis na nósanna imeachta ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (181)-(183).

(179)

Ar deireadh, tá réitigh bhreithiúnacha éagsúla ar fáil, lena gceadaítear do dhaoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 a ghairm chun sásamh a fháil (305).

(180)

I leith urghabhálacha (lena n-áirítear urghabhálacha sonraí), déanann CPA foráil maidir leis an bhféidearthacht agóid a dhéanamh in aghaidh fhorfheidhmiú barántais nó dúshlán a thabhairt dó trí “gar-ghearáin”, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair, trí achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín (306).

(181)

Ar bhonn níos ginearálta, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí (307) nó do neamhghníomhaíochtaí (308) ag údaráis phoiblí (lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil) faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (309). Meastar gur “diúscairt indúshláin” atá i ngníomhaíocht riaracháin más rud é go bhfuil tionchar díreach aige ar chearta agus ar dhualgais shibhialta (310), rud is amhlaidh, mar atá deimhnithe ag rialtas na Cóiré (roinn 2.4.3 d’Iarscríbhinn II) i dtaca le bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (mar shampla trí chumarsáid a idircheapadh), trí iarrataí ceangailteacha maidir le nochtadh (mar shampla, do sholáthraí seirbhíse) nó iarrataí ar chomhar saorálach. Chun go mbeidh gearán faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin inghlactha, ní mór leas dlíthiúil a bheith ag an duine aonair san éileamh a shaothrú (311). De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear “leas dlíthiúil” mar “leas a bhfuil cosaint dlí aige”, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. rud a chiallaíonn nach leasanna ginearálta, indíreacha agus teibí an phobail iad) (312). Tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí a bhfuil feidhm acu maidir le bailiú na sonraí pearsanta dá gcuid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Ar bhonn an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin, féadfaidh cúirt cinneadh a dhéanamh diúscairt neamhdhleathach a chúlghairm nó a athrú, toradh a eisiúint lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh a eisiúint lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíocht (313). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtithe (314).

(182)

I dteannta dúshlán a thabhairt do ghníomhaíocht an rialtais trí dhlíthíocht riaracháin, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a chomhdú leis an gCúirt Bhunreachtúil freisin, maidir le haon sárú ar a gcearta bunúsacha de dheasca feidhmiú nó neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna) (315). Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnaigh iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1) (316). Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áirithe. (317). Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.

(183)

Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Áirítear leis sin ar dtús báire an fhéidearthacht chun cúiteamh a éileamh as sáruithe PIPA atá déanta ag údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil, i gcomhréir le hAirteagal 39 (féach freisin aithris (135)). Ar bhonn níos ginearálta, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a fheidhmiú, ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit (féach freisin aithris (135)) (318).

(184)

Leis na sásraí ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (176) - (183) tugtar réitigh éifeachtacha riaracháin agus bhreithiúnacha d’ábhair sonraí, á chur ar a gcumas dóibh go háirithe a gcearta a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun go mbeidh rochtain acu ar a sonraí pearsanta, nó chun ceartú nó léirscriosadh sonraí den sórt sin a bhaint amach.

3.3   Rochtain agus úsáid ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha slándála náisiúnta

(185)

I ndlí Phoblacht na Cóiré tá roinnt teorannuithe agus coimircí i leith rochtain agus úsáid sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, agus soláthraítear sásraí formhaoirseachta agus sásaimh leis atá i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in aithrisí (141) go (143) den Chinneadh seo. Déantar measúnú mionsonraithe sna ranna a leanas ar na coinníollacha faoinar féidir le rochtain den sórt sin tarlú agus ar na coimircí is infheidhme maidir le húsáid na gcumhachtaí sin.

3.3.1   Bunúis dlí, teorainneacha agus coimircí

(186)

I bPoblacht na Cóiré, féadfar sonraí pearsanta a rochtain chun críocha slándála náisiúnta ar bhonn CPPA, TBA agus ar bhonn an Achta um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus Slándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta) (319). Is é An tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS) an príomhúdarás (320) ag a bhfuil inniúlachtaí i réimse na slándála náisiúnta (321). Ní mó do bhailiú agus d’úsáid sonraí pearsanta ag NIS ceanglais dhlíthiúla ábhartha a chomhlíonadh (lena n-áirítear PIPA agus CPPA) (322) agus treoirlínte ginearálta arna n-ullmhú ag an Uachtarán agus a ndéanann an Tionól Náisiúnta athbhreithniú orthu (323). Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaint. (324) Ina theannta sin, ní fhéadfaidh baill foirne NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(huid) ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúil (325).

3.3.1.1   Rochtain ar fhaisnéis cumarsáide

(187)

Ar bhonn CPPA, féadfaidh údaráis phoiblí na Cóiré (326) sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú (i.e. dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh, féach aithris (155)) agus inneachar na cumarsáide (trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, féach aithris (155)) chun críocha slándála náisiúnta (mar a chinntear le sainordú NIS, féach fonóta 322 níos luaithe). Baineann na cumhachtaí sin le dhá chineál faisnéise: (1) cumarsáid inar náisiúnaigh den Chóiré iad páirtí amháin nó an bheirt pháirtí inti (327); agus (2) cumarsáid ag tíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, b) gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad i mbun gníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré (328), nó c) baill de ghrúpaí atá ag oibriú laistigh de Leithinis na Cóiré ach atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtracha (329). Maidir le cumarsáid daoine aonair den Aontas a aistrítear ón Aontas chuig Poblacht na Cóiré ar bhonn an Chinnidh sin, ní féidir an chumarsáid sin a bhailiú dá bhrí sin ach amháin faoi CPPA chun críocha slándála náisiúnta (faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in aithris (188) - (192)) más rud é gur cumarsáid í atá idir duine aonair den Aontas agus náisiúnach den Chóiré, nó, má bhaineann an chumarsáid le cumarsáid atá idir náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin, tagann an chumarsáid sin faoi réim ceann amháin de na trí chatagóir a luaitear 2a), b) agus c).

(188)

Sa dá staid sin, ní fhéadfar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú ach amháin chun bagairtí don tslándáil náisiúnta a chosc (330) agus ní fhéadfar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú na sonraí sin chun an chontúirt sin a chosc (331). Ina theannta sin, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a rochtain ach mar rogha dheireanach agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas na cumarsáide a íoslaghdú (332), á áirithiú leis sin go mbeidh sé comhréireach i gcónaí le cuspóir na slándála náisiúnta atá á shaothrú. Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair cumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide araon ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear an cuspóir a saothraíodh níos luaithe, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach (333). Más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha fós, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse, le cead roimh ré ó chúirt (le haghaidh na mbeart ar a dtugtar tuairisc in aithris (189)) nó ón Uachtarán (le haghaidh na mbeart ar a dtugtar tuairisc in aithris (190)) (334), ar feadh 4 mhí ar a mhéad.

(189)

Tá feidhm ag na coimircí céanna ó thaobh nósanna imeachta de maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide agus inneachar cumarsáide araon a bhailiú (335). Go háirithe, i gcás inar náisiúnach den Chóiré duine amháin ar a laghad de na daoine atá páirteach sa chumarsáid, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid Oifig an Ard-Ionchúisitheora, nach mór di sin faoi seach iarratas a dhéanamh ar bharántas ó Ard-Bhreitheamh sinsearach den Ard-Chúirt (336). Liostaítear le CPPA an fhaisnéis nach mór a sholáthar san iarraidh chuig an Ionchúisitheoir, san iarratas ar an mbarántas agus sa bharántas féin, lena n-áirítear, go háirithe, an bonn cirt atá leis an iarraidh agus na príomhfhorais amhrais, ábhair tacaíochta, mar aon le faisnéis maidir le cuspóir, sprioc (i.e. an duine/na daoine ar a ndírítear), raon feidhme agus fad an bhirt atá beartaithe (337). Ní fhéadfar bailiú gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcás inarb ann do ghníomhaíocht comhcheilge ar bagairt don tslándáil náisiúnta í agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágtar nach féidir déanamh de réir na nósanna imeachta réamhluaite (338). Mar sin féin, sa chás sin freisin, ní mór iarratas ar bharántas a chomhdú láithreach i ndiaidh an beart a dhéanamh (339). Le CPPA dá bhrí sin, sainmhínítear go soiléir raon agus coinníollacha na gcineálacha sin de bhailiú, agus cuirtear faoi réir coimircí sonracha iad (nósanna imeachta) (lena n-áirítear formheas breithiúnach roimh ré), lena n-áirithítear go mbeidh úsáid na mbeart sin teoranta don mhéid is gá agus atá comhréireach. Thairis sin, fágann an ceanglas chun faisnéis mhionsonraithe a sholáthar san iarratas ar bharántas agus sa bharántas féin, go gcuirtear as an áireamh fhéidearthacht na rochtana neamh-idirdhealaithí.

(190)

Le haghaidh na cumarsáide idir náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Chóiré iad ar cumarsáid í a thagann faoi réim ceann amháin de na trí chatagóir shonracha a liostaítear in aithris (187), ní mór iarratas a chomhdú le Stiúrthóir NIS, nach mór dó, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a iomchuí atá na bearta atá beartaithe, formheas scríofa roimh ré a iarraidh ó Uachtarán Phoblacht na Cóiré (340). Ní mór an fhaisnéis mhionsonraithe chéanna a áireamh san iarratas a ullmhóidh an ghníomhaireacht faisnéise agus a bheidh in iarratas ar bharántas cúirte (féach aithris (189)), go háirithe an bonn cirt atá leis an iarraidh agus na príomhfhorais amhrais, ábhair tacaíochta agus faisnéis maidir le cuspóir, an duine/na daoine ar a ndírítear, raon feidhme agus fad na mbeart atá á mbeartú (341). I gcásanna éigeandála (342), ní mór formheas roimh ré a fháil ón Aire faoina bhfuil an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha, cé nach mór don ghníomhaireacht faisnéise iarratas a dhéanamh ar fhormheas an Uachtaráin láithreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta (343). Freisin i leith bhailiú na cumarsáide idir náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Chóiré iad agus eatarthu siúd amháin, teorannaíonn CPPA úsáid na mbeart sin don mhéid is gá agus atá comhréireach dá bhrí sin, trí na catagóirí teoranta daoine aonair, a fhéadfaidh a bheith faoi réir bearta den sórt sin, a imscríobh go soiléir agus trí chritéir mhionsonraithe a leagan síos a mbeidh ar ghníomhaireachtaí faisnéise iad a léiriú chun bonn cirt a thabhairt le hiarratas ar fhaisnéis a bhailiú. Thairis sin, cuirtear féidearthacht na rochtana neamh-idirdhealaithí as an áireamh arís leis sin. Cé nach ann d’aon fhormheas neamhspleách roimh ré maidir le bearta den sórt sin, áirithítear formhaoirseacht neamhspleách ex post le, go háirithe, PIPC agus NHRC (féach mar shampla aithrisí (199) - (200)).

(191)

Thairis sin forchuirtear le CPPA roinnt coimircí breise lena rannchuidítear le formhaoirseacht ex post agus lena ndéantar rochtain daoine aonair ar réitigh éifeachtacha a éascú. Ar dtús, i leith aon chineál bailithe chun críocha slándála náisiúnta, déantar foráil le CPPA maidir le ceanglais éagsúla a bhaineann le taifid a choimeád agus le tuairisciú. Go háirithe, agus comhar á iarraidh ar oibreoirí príobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar ar cuireadh iallach é sin a choimeád ina gcuid comhad (344). I gcás ina gcuirfear iallach ar oibreoirí príobháideacha dul i gcomhar, ní mór don údarás poiblí iarrthach agus don oibreoir ábhartha araon taifid a choimeád maidir le cuspóir agus críoch na mbeart, mar aon le dáta a bhforfheidhmithe (345). Ina theannta sin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus le toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS (346).

(192)

Ar an dara dul síos, ní mór daoine aonair a chur ar an eolas faoi bhailiú na sonraí dá gcuid (sonraí deimhnithe cumarsáide nó inneachar cumarsáide) chun críocha slándála náisiúnta más rud é go mbaineann na sonraí le cumarsáid inar náisiúnach den Chóiré duine amháin de na páirtithe ar a laghad (347). Ní mór an fógra sin a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá ón dáta ar ar cuireadh críoch leis an mbailiú (lena n-áirítear i gcás ina bhfuarthas na sonraí i gcomhréir leis an nós imeachta éigeandála) agus ní fhéadfar an fógra sin a iarchur ach amháin más rud é go gcuirfeadh sé an tslándáil náisiúnta i gcontúirt nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, agus fad a dhéanfadh sé amhlaidh (348). Gan beann ar fhógra den sórt sin, féadfaidh daoine aonair sásamh a fháil trí bhealaí éagsúla, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 3.3.4.

3.3.1.2   Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta

(193)

Déantar foráil leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh NIS sonraí a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (349) i gcomhréir leis na teorannuithe agus leis na coimircí a leagtar síos i ndlíthe eile (350). Go háirithe, féadfaidh NIS sonraí cumarsáide a fháil (ar bhonn CPPA) agus faisnéis phearsanta eile (trí iarraidh ar nochtadh saorálach) (351). I leith faisnéis chumarsáide a bhailiú (i.e. inneachar cumarsáide nó sonraí deimhnithe cumarsáide), tá feidhm ag na teorannuithe agus ag na coimircí ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.3.1.1, lena n-áirítear an ceanglas chun barántas a bheidh formheasta ag cúirt a fháil. A mhéid a bhaineann le hiarrataí maidir le nochtadh saorálach cineálacha eile sonraí pearsanta ó amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ní mór do NIS na ceanglais faoin mBunreacht agus faoi PIPA a chomhlíonadh maidir le riachtanas agus le comhréireacht (féach aithris (164)) (352). Féadfaidh rialaitheoirí a fhaigheann iarrataí den sórt sin iad a chomhlíonadh ar bhonn saorálach faoi na coinníollacha a leagtar amach in PIPA (mar shampla i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus tríd an tionchar ar phríobháideachas an duine aonair a theorannú) (353). Sa chás sin, ní mór dóibh an ceanglas a chomhlíonadh freisin a bhaineann le fógra a thabhairt don duine aonair bunaithe ar Fhógra Uimh. 2021-5 (féach aithris (166)).

3.3.1.3   Iarrataí ar nochtadh saorálach sonraí síntiúsóra

(194)

Ar bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide sonraí síntiúsóirí a nochtadh go saorálach (féach aithris (163)) ar iarraidh a fháil ó ghníomhaireacht faisnéise a bheartaíonn an fhaisnéis sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a chosc (354). Maidir le hiarrataí den sórt sin ó NIS, tá feidhm ag na teorannuithe céanna (ag leanúint ón mBunreacht, PIPA agus TBA) agus atá i réimse fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a leagtar amach in aithris (164) (355). Ní cheanglaítear ar sholáthraithe teileachumarsáide iarrataí den sórt sin a chomhlíonadh agus ní féidir leo amhlaidh a dhéanamh ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar amach in PIPA (go háirithe i gcomhréir leis an bprionsabal íoslaghdaithe sonraí agus tríd an tionchar ar phríobháideachas an duine aonair a theorannú, féach freisin aithris (193)). Tá feidhm ag na ceanglais chéanna i leith taifid a choimeád agus fógra a thabhairt don duine aonair lena mbaineann agus atá i réimse fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil (féach aithris (165) agus (166)).

3.3.2   Úsáid bhreise a bhaint as an bhfaisnéis bhailithe

(195)

Tá próiseáil sonraí pearsanta a bhailíonn údaráis na Cóiré chun críoch slándála náisiúnta faoi réir na bprionsabal maidir le teorannú de réir cuspóra (Airteagal 3(1)-(2) de PIPA), dlíthiúlacht agus cothroime na próiseála (Airteagal 3(1) de PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagail 3(1), (6) agus 58 de PIPA), cruinneas (Airteagal 3(3) de PIPA), trédhearcacht (Airteagal 3(5) de PIPA), slándáil (Airteagal 58(4) de PIPA) agus teorannú stórála (Airteagal 58(4) de PIPA) (356). Ní féidir nochtadh féideartha sonraí pearsanta do thríú páirtithe (lena n-áirítear tríú tíortha) tarlú ach amháin i gcomhréir leis na prionsabail sin (go háirithe teorannú de réir cuspóra agus íoslaghdú na sonraí), tar éis do mheasúnú a bheith déanta ar chomhlíonadh phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta (Airteagal 37(2) den Bhunreacht) agus an tionchar ar chearta na ndaoine aonair lena mbaineann á chur san áireamh (Airteagal 3(6) de PIPA).

(196)

Maidir le hinneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide, cuireann an CPPA srian breise le húsáid na sonraí sin d’imeachtaí breithiúnacha, ina mbraitheann páirtí a ghabhann leis an gcumarsáid orthu i gcaingean chun cúiteamh a ghnóthú; nó d’úsáidí ceadaithe de réir dlíthe eile (357).

3.3.3   Formhaoirseacht

(197)

Déanann comhlachtaí difriúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí údaráis slándála na Cóiré (358).

(198)

Ar dtús, foráiltear san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le sásraí maoirseachta sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, lena n-áirítear bailiú sonraí faoi amhrastaigh sceimhlitheoireachta. Go sonrach, ar leibhéal an fheidhmeannaigh, is é an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta a fhormhaoirsíonn na gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta (359), nach foláir do Stiúrthóir an NIS tuairisciú dó i leith imscrúduithe agus rianú na n-amhrastach sceimhlitheoireachta chun faisnéis a bhailiú faoi ábhair is gá do ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta (360). Ina theannta sin, is é Oifigeach Cosanta Chearta an Duine (HRPO) a fhormhaoirsíonn go sonrach comhlíontacht na ngníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta le cearta bunúsacha (361). Is é Cathaoirleacht an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann an HPRO as measc daoine aonair a shásaíonn cáilíochtaí sonracha a liostaítear san Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (362) go ceann téarma 2 bhliain (in-athnuaite), agus ní féidir é nó í a bhaint as oifig ach amháin ar fhorais atá sonrach agus teoranta, agus ar chúis mhaith (363). Agus a fheidhm nó a feidhm formhaoirseachta á fheidhmiú nó á feidhmiú aige nó aici, féadfaidh an HPRO moltaí ginearálta a eisiúint chun feabhas a chur le cearta an duine a chosaint (364) moltaí sonracha a eisiúint le haghaidh bearta ceartaitheacha má shuitear gurb ann do shárú ar chearta an duine (365). Éilítear ar údaráis phoiblí an HPRO a chur ar an eolas faoi na bearta leantacha a cuireadh i gcrích dá mholtaí nó dá moltaí (366).

(199)

Ar an dara dul síos, formhaoirsíonn an PIPC comhlíontacht na n-údarás slándála náisiúnta le rialacha um chosaint sonraí, lena lena n-áirítear idir na forálacha PIPA is infheidhme (féach aithris (149)) agus na teorannuithe agus na coimircí arb fheidhme iad ar bhailiú sonraí pearsanta faoi dhlíthe eile (an CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus an TBA, féach freisin aithris (171)) (367). Agus an ról maoirseachta sin á fheidhmiú aige, féadfaidh PIPC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin agus feabhais uile, mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 2.4.2.

(200)

Ar an tríú dul síos, tá gníomhaíochtaí na n-údarás slándála náisiúnta faoi réir mhaoirseacht neamhspleách an NHRC, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a thuairiscítear in aithris (172) (368).

(201)

Ar an gceathrú dul síos, síneann feidhm formhaoirseachta an BAI chuig údaráis slándála náisiúnta, cé go bhféadann an NIS diúltú, in imthosca eisceachtúla, faisnéis nó ábhair áirithe a chur ar fáil, i.e. nuair is rúin stáit atá iontu, agus go mbeadh tionchar tromchúiseach ann don tslándáil náisiúnta dá gcuirfí an pobal ar an eolas fúthu (369).

(202)

Ar deireadh, is é an Tionól Náisiúnta (trí Shainchoiste Faisnéise) a dhéanann formhaoirseacht pharlaiminteach ar ghníomhaíochtaí an NIS (370). Bunaítear ról formhaoirseachta sonrach leis an CPPA don Tionól Náisiúnta i dtaca le húsáid bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun chun críocha slándála náisiúnta (371). Go háirithe, féadann an Tionól Náisiúnta cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta agus féadann sé a cheangal ar an NIS agus ar na hoibreoirí teileachumarsáide a bhfuil inneachar na cumarsáide nochta acu araon tuairisciú faoi sin. Féadann an Tionól Náisiúnta a fheidhmeanna formhaoirseachta ginearálta a dhéanamh freisin (i gcomhréir leis na nósanna imeachta a thuairiscítear in aithris (174)). Ceanglaítear leis an Acht NIS ar Stiúrthóir an NIS freagairt gan mhoill nuair a iarrann an Coiste Faisnéise tuairisc faoi ábhar sonrach (372), le rialacha sonracha le haghaidh faisnéis áirithe a mbaineann íogaireacht ghéar léi. Go praiticiúil, ní féidir le Stiúrthóir an NIS a dhiúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste ach amháin in imthosca eisceachtúla, i.e. má bhaineann an iarraidh le rúin stáit maidir le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ann do “chinniúint náisiúnta” na tíre dá gcuirfí an pobal ar an eolas fúthu (373). Sa chás sin, féadann an Coiste Faisnéise míniú ón bPríomh-Aire a iarraidh agus, mura gcuirtear aon mhíniú ar fáil laistigh de 7 lá, ní féidir diúltú don fhreagairt ná don fhianaise.

3.3.4   Sásamh

(203)

I réimse na slándála náisiúnta freisin, cuireann an córas Cóiréach bealaí difriúla (breithiúnacha) ar fáil le sásamh a fháil, lena n-áirítear cúiteamh as damáistí. Tugtar leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha éifeachtacha d’ábhair sonraí leis na sásraí sin, a chuireann ar a gcumas dóibh go háirithe a gcuid ceart a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a dhéanamh ar a gcuid sonraí pearsanta, nó chun ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin a fháil.

(204)

Ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagail 3(5) agus 4(1), (3) agus (4) PIPA, is féidir le daoine aonair a gcearta rochtana, ceartaithe, scriosta agus fionraíochta a fheidhmiú vis-à-vis údaráis slándála náisiúnta. Soiléirítear a thuilleadh i roinn 6 d’Fhógra Uimh. 2021-5 (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo) an chaoi a bhfuil feidhm ag na cearta sin i gcomhthéacs na próiseála sonraí chun críocha slándála náisiúnta. Go háirithe, ní féidir le húdarás slándála náisiúnta srian a chur le feidhmiú an chirt ná diúltú don fheidhmiú sin ach amháin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach leas an phobail a chosaint (mar shampla a mhéid, agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt sin imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp trí páirtí. Dá bhrí sin, má ghairtear srian mar sin, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha, agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh ar chaoi ar bith d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht). I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.

(205)

Ar an dara dul síos, tá ceart ag daoine aonair sásamh a fháil faoi PIPA má phróiseáil údarás slándála náisiúnta a gcuid sonraí de shárú ar PIPA nó ar na srianta agus coimircí i ndlíthe eile lena rialaítear bailiú sonraí pearsanta (go háirithe an CPPA, féach aithris (171)) (374). Is féidir an ceart sin a fheidhmiú trí ghearán chuig an PIPC (lena n-áirítear trí mheán an Lárionaid Glaonna um Príobháideachas arna oibriú ag Gníomhaireacht Idirlín agus Slándála na Cóiré) (375). Thairis sin, chun éascú do rochtain níos éasca ar shásamh in aghaidh údaráis slándála náisiúnta na Cóiré, is féidir le daoine aonair ón Aontas gearán a chuir isteach chuig an PIPC trína n-údarás náisiúnta um chosaint sonraí (376). Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Ar bhonn an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin, féadfaidh daoine aonair, ina theannta sin, achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí nó easpa gníomhaíochta ag PIPC nó dúshlán a thabhairt dóibh (féach aithris (132)).

(206)

Ar an tríú dul síos, is féidir le daoine gearán a chur faoi bhráid an HRPO maidir leis an sárú dá gceart ar phríobháideachas/chosaint sonraí i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta (i.e. de bhun an Achta Frithsceimhlitheoireachta) (377), ar féidir leis nó léi gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh. Óir nach ann d’aon cheanglas inghlacthachta os comhair an HRPO, láimhseálfar gearán fiú féin nach féidir leis an duine aonair lena mbaineann a léiriú go ndearnadh díobháil dó nó di go hiarbhír (mar shampla mar gheall ar bhailiú neamhdhleathach líomhnaithe a cuid sonraí nó a chuid sonraí ag údarás slándála náisiúnta) (378). Ní mór don údarás ábhartha an HRPO a chur ar an eolas faoi aon bheart a glacadh lena mholtaí nó lena moltaí a chur chun feidhme.

(207)

Ar an gceathrú dul síos, is féidir le daoine aonair gearán a chur faoi bhráid an NHRC maidir le bailiú a gcuid sonraí ag údaráis slándála náisiúnta agus sásamh a fháil i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc orthu in aithris (178) (379).

(208)

Ar deireadh, tá leigheasanna breithiúnacha difriúla ar fáil (380), a ligeann do dhaoine aonair na srianta agus na coimircí a dtugtar tuairisc orthu i roinn 3.3.1 a ghairm le sásamh a fháil. Go háirithe, is féidir le daoine aonair agóid a thabhairt in aghaidh dhlíthiúlacht na ngníomhaíochtaí ag údaráis slándála náisiúnta ar bhonn an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin (i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc in aithris (181) an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil (féach aithris (182)). Ina theannta sin, féadfaidh siad cúiteamh a fháil as damáistí ar bhonn an Acht um Chúiteamh Stáit (ar a dtugtar tuairisc mhionsonraithe in aithris (183)).

4.   CONCLÚID

(209)

Measann an Coimisiún go n-áirithíonn Poblacht na Cóiré – le PIPA, na sainrialacha is infheidhme maidir le hearnálacha áirithe (mar a rinneadh anailís orthu i Roinn 2) agus na coimircí breise a thugtar i bhFógra Uimh. 2021-5 (Iarscríbhinn I) – go n-áirithíonn sí leibhéal cosanta do na sonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas Eorpach arb ionann go bunúsach é agus an leibhéal a ráthaítear le Rialachán (AE) 2016/679.

(210)

Thairis sin, measann an Coimisiún ar an iomlán, go gcuireann sásraí formhaoirseachta agus bealaí sásaimh i ndlí na Cóiré ar chumas do rialaitheoirí sa Chóiré sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach praiticiúil agus leigheasanna dlí a thairiscint don ábhar sonraí le rochtain a dhéanamh ar a chuid sonraí pearsanta nó a cuid sonraí pearsanta, agus le ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin a fháil ar deireadh thiar.

(211)

Ar deireadh, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi dhlíchóras na Cóiré, lena n-áirítear na huiríll, na forchinntithe agus na gealltanais ó rialtas na Cóiré a fhaightear in Iarscríbhinn II, measann an Coimisiún i gcás aon bhac ar chearta bunúsacha daoine aonair ar mhaithe le leas an phobail, go háirithe forfheidhmiú an dlí choiriúil agus cuspóirí slándála náisiúnta, ag údaráis phoiblí na Cóiré; a n-aistrítear sonraí pearsanta na ndaoine aonair sin ón Aontas Eorpach chuig Poblacht na Cóiré; go mbeidh an bac sin teoranta don mhéid a bhfuil gá leis go docht chun an cuspóir dlisteanach lena mbaineann a ghnóthú, agus gurb ann do chosaint dhlíthiúil éifeachtach in aghaidh na mbac sin.

(212)

Dá bhrí sin, i bhfianaise na gcinntí ón gCinneadh seo, ba cheart go gcinnfí go n-áirithíonn Poblacht na Cóiré leibhéal cosanta leormhaith de réir bhrí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, arna léirmhíniú i bhfianaise Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le haghaidh sonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas Eorpach chuig Poblacht na Cóiré chuig rialaitheoirí sonraí faisnéise pearsanta i bPoblacht na Cóiré faoi réir PIPA, cé is moite d’eagraíochtaí reiligiúnacha a mhéid a phróiseálann siad sonraí pearsanta ar mhaithe lena ngníomhaíochtaí misinéireachta; páirtithe polaitiúla a mhéid a phróiseálann siad sonraí pearsanta i gcomhthéacs ainmniú iarrthóirí agus rialaitheoirí atá faoi réir formhaoirseachta ag an gCoimisiún um Sheirbhísí Airgeadais le haghaidh faisnéis chreidmheasa phearsanta a phróiseáil de bhun an Achta um Fhaisnéise Chreidmheasa, a mhéid a phróiseálann siad an fhaisnéis sin.

5.   ÉIFEACHTAÍ AN CHINNIDH SEO AGUS GNÍOMHAÍOCHT NA nÚDARÁS UM CHOSAINT SONRAÍ

(213)

Ceanglaítear ar Bhallstáit agus ar a gcuid orgán na bearta is gá a ghlacadh chun gníomhartha Institiúidí an Aontais a chomhlíonadh, de bharr go dtoimhdítear na gníomhartha sin a bheith dleathach agus go mbaineann iarmhairtí dlíthiúla leo dá réir nó go dtí go dtarraingítear siar iad, go neamhnítear i gcaingean le haghaidh neamhniú iad, nó go ndearbhaítear iad a bheith neamhbhailí tar éis tarchur le haghaidh breithiúnas tosaigh nó pléadáil neamhdhleathachta.

(214)

Dá dheasca sin, is ceangailteach ar gach orgán na mBallstát Airteagal a ndírítear orthu é cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún a glacadh de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear ar a n-údaráis mhaoirseacha neamhspleácha. Go háirithe, féadfaidh aistrithe ó rialaitheoir nó próiseálaí san Aontas Eorpach chuig rialaitheoirí i bPoblacht na Cóiré tarlú gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil.

(215)

Ba cheart go gcuimhneofaí, de bhun Airteagal 58(5) de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a mhínigh an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnasSchrems (381), i gcás ina gceistíonn údarás náisiúnta um chosaint sonraí, lena n-áirítear ar fáil gearáin dó, comhoiriúnacht chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún le cearta bunúsacha an duine aonair ar phríobháideachas agus cosaint sonraí, ní mór leigheas dlí a chur ar fáil sa dlí náisiúnta di chun na hagóidí sin a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta, a d’fhéadfaí a cheangal uirthi tarchur a dhéanamh le haghaidh réamhbhreithiúnais chuig an gCúirt Bhreithiúnais (382).

6.   FAIREACHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ AR AN gCINNEADH SEO

(216)

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, (383) agus mar a aithnítear in Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go leanúnach ar fhorbairtí ábhartha sa tríú tír tar éis glacadh an chinnidh leordhóthanachta d’fhonn measúnú a dhéanamh cé acu a áirithíonn an tír go fóill nó nach n-áirithíonn leibhéal cosanta arb ionann go bunúsach é. Bíonn seiceáil mar sin de dhíth, in aon chás, nuair a fhaigheann an Coimisiún faisnéis óna dtagann amhras a bhfuil bunús maith leis ina leith sin.

(217)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún ar bhonn leanúnach faireachán a dhéanamh ar an gcás i bPoblacht na Cóiré maidir leis an gcreat dlíthiúil agus an cleachtas iarbhír chun sonraí pearsanta a phróiseáil arna mheasúnú sa Chinneadh seo, lena n-áirítear comhlíontacht údaráis na Cóiré leis na huiríll, forchinntithe agus gealltanais atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis. Chun an próiseas sin a éascú, tugtar cuireadh d’údaráis na Cóiré eolas a chur ar an gCoimisiún go pras faoi fhorbairtí a bhaineann le hábhar an Chinnidh, maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag oibreoirí gnólachta agus údaráis phoiblí, chomh maith leis na srianta agus coimircí is infheidhme maidir le rochtain ar shonraí pearsanta ag údaráis phoiblí.

(218)

Thairis sin, le cur ar chumas an Choimisiúin a fheidhm faireacháin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht ábhartha a ghlacann na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí, go háirithe fiosruithe nó gearáin ó ábhair sonraí AE maidir le haistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach chuig rialaitheoirí sonraí i bPoblacht na Cóiré. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas freisin faoi aon táscaire nach n-áirithítear an leibhéal cosanta riachtanach le gníomhaíochtaí údaráis phoiblí na Cóiré le freagracht as cosc, imscrúdú, brath nó ionchúiseamh na gcionta coiriúla, nó as an tslándáil náisiúnta, lena n-áirítear aon chomhlacht formhaoirseachta.

(219)

Agus Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 (384) á chur i bhfeidhm, agus i bhfianaise an fhíorais go bhféadfadh athrú teacht ar leibhéal na cosanta a thugtar faoi dhlíchóras na Cóiré, ba cheart don Choimisiún, tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh, athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh cé acu atá bunús fíorasach agus dlíthiúil fós leis na cinntí maidir le leordhóthanacht an leibhéil cosanta arna áirithiú ag Poblacht na Cóiré nó nach bhfuil.

(220)

Chun na críche sin, ba cheart an Cinneadh seo a chur faoi réir chéad athbhreithniú laistigh de 3 bliana tar éis a theachta i bhfeidhm. Tar éis an chéad athbhreithnithe sin, agus ag brath ar a thoradh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i ndlúthchomhairle leis an gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar cheart an timthriall 3 bliana a choiméad. In aon chás, ba cheart go dtarlódh na hathbhreithniithe ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad gach 4 bliana (385). Ba cheart go gcumhdófaí gach gné d’fheidhmiú an Chinnidh seo leis an athbhreithniú, agus go háirithecur i bhfeidhm na gcoimircí breise atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, le haird faoi leith á díriú ar na cosaintí a thugtar i gcás aistrithe ar aghaidh; forbairtí ábhartha sa chásdlí; na rialacha maidir le faisnéis faoi ainm bréige a phróiseáil chun críocha an staidrimh, an taighde eolaíochta agus cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail, chomh maith le cur i bhfeidhm na n-eisceachtaí faoi Airteagal 28(7) PIPA; éifeachtacht fheidhmiú chearta an duine aonair, lena n-áirítear roimh an PIPC a athchóiríodh le déanaí, agus cur i bhfeidhm eisceachtaí na gcearta sin; cur i bhfeidhm na ndíolúintí páirteacha faoi PIPA; chomh maith leis na srianta agus coimircí maidir le rochtain ag an rialtas (mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo), lena n-áirítear comhar PIPC le húdaráis chosanta sonraí an Aontais faoi ghearáin ó dhaoine aonair. Ba cheart go gcumhdófaí leis freisin éifeachtacht na formhaoirseachta agus an fhorfheidhmithe, maidir le PIPA agus i réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus na slándála náisiúnta (go háirithe ag an PIPC agus an NHRC).

(221)

Leis an athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún bualadh leis an PIPC, faoi thionlacan i gcás inarb iomchuí údaráis eile na Cóiré ar a bhfuil freagracht as rochtain ag an rialtas, lena n-áirítear comhlachtaí formhaoirseachta ábhartha. Ba cheart go mbeadh an rannpháirtíocht sa chruinniú sin ar oscailt d’ionadaithe chomhaltaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Faoi chuimsiú an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún iarraidh ar an PIPC faisnéis chuimsitheach maidir le gach gné is ábhartha don chinneadh leordhóthanachta, lena n-áirítear maidir leis na srianta agus coimircí a bhaineann le rochtain ag an rialtas (386). Ba cheart don Choimisiún mínithe a lorg freisin maidir le haon fhaisnéis ábhartha don Chinneadh sin atá faighte aige, lena n-áirítear tuairiscí poiblí le húdaráis na Cóiré agus le páirtithe leasmhara eile sa Chóiré, leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, le húdaráis aonair maidir le cosaint sonraí, le grúpaí na sochaí shibhialta, le tuairiscí sna meáin, agus le haon fhoinse faisnéise atá ar fáil.

(222)

Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún tuarascáil phoiblí a ullmhú lena cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   FIONRAÍ, AISGHAIRM NÓ LEASÚ AN CHINNIDH SEO

(223)

I gcás ina nochtar leis an bhfaisnéis atá ar fáil, go háirithe an fhaisnéis mar thoradh ar an bhfaireachán ar an gCinneadh seo nó arna cur ar fáil ag údaráis na Cóiré nó na mBallstát, nach bhféadann an leibhéal cosanta arna thabhairt ag Poblacht na Cóiré a bheith leordhóthanach a thuilleadh, ba cheart don Choimisiún an méid sin a chur ar an eolas d’údaráis inniúla na Cóiré agus a iarraidh go nglactar bearta iomchuí laistigh de thráthchlár réasúnach.

(224)

Más rud é, ar dhul in éag an tráthchláir shonraithe sin, go mainníonn údaráis inniúla na Cóiré na bearta sin a dhéanamh nó má theipeann orthu a léiriú go sásúil ar bhealach eile go bhfuil an Cinneadh seo bunaithe go fóill ar leibhéal cosanta leormhaith, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) 2016/679 d’fhonn an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm go páirteach nó go hiomlán.

(225)

Mar mhalairt rogha, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin d’fhonn an Cinneadh a leasú, go háirithe trí aistrithe sonraí a chur faoi réir coinníollacha breise nó gan srian a chur le raon feidhme an chinnidh leordhóthanachta ach amháin do na haistrithe sonraí amháin dá bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach fós á áirithiú.

(226)

Go háirithe, ba cheart don Choimisiún an nós imeachta a thionscnamh d’fhionraí nó aisghairm i gcás táscanach gcomhlíonann oibreoirí gnólachta leis na coimircí breise a fhaightear in Iarscríbhinn I a fhaigheann sonraí pearsanta faoin gCinneadh seo agus/nó nach bhfuiltear á bhforfheidhmiú ar bhealach éifeachtach, nó go mainníonn údaráis na Cóiré na huiríll, forchinntithe agus gealltanais atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a chomhlíonadh.

(227)

Ba cheart don Choimisiún freisin machnamh faoin nós imeachta a thionscnamh óna dtiocfaidh leasú, fionraí nó aisghairm an Chinnidh seo, más rud é, i gcomhthéacs an athbhreithnithe nó ar bhealach eile, go mainníonn údaráis na Cóiré an fhaisnéis nó na soiléirithe a chur ar fáil is gá chun an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas Eorpach chuig Poblacht na Cóiré a mheasúnú, nó maidir le comhlíontacht leis an gCinneadh seo. I dtaca leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún a mhéid is féidir an fhaisnéis ábhartha a fháil ó fhoinsí eile a thabhairt san áireamh.

(228)

Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo, bainfidh an Coimisiún leas as an bhféidearthacht, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3) de Rialachán (AE) 2016/679, gníomhartha cur chun feidhme arb infheidhme go láithreach iad a ghlacadh lena bhfionraítear, lena n-aisghairtear nó lena leasaítear an Cinneadh.

8.   BREITHNITHE DEIRIDH

(229)

D’fhoilsigh An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a thuairim (387), a tugadh san áireamh agus an Cinneadh seo á ullmhú.

(230)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear faoi Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun críche Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, áirithíonn Poblacht na Cóiré leibhéal cosanta leormhaith do chosaint sonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach chuig eintitis i bPoblacht na Cóiré atá faoi réir an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta arna comhlánú ag na coimircí breise a leagtar amach in Iarscríbhinn I, in éineacht leis na huiríll, forchinntithe agus gealltanais oifigiúla in Iarscríbhinn II.

2.   Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo sonraí pearsanta arna n-aistriú chuig faighteoirí a thagann laistigh de cheann amháin de na catagóirí seo a leanas, a mhéid a chomhfhreagraíonn cuspóirí uile de phróiseáil na sonraí pearsanta nó cuid díobh do cheann de na cuspóirí a liostaítear ansin, faoi seach:

(a)

eagraíochtaí reiligiúnacha a mhéid a phróiseálann siad sonraí pearsanta dá ngníomhaíochtaí misinéireachta;

(b)

páirtithe polaitiúla a mhéid a phróiseálann siad sonraí pearsanta i gcomhthéacs ainmniú na n-iarrthóirí;

(c)

eintitis atá faoi réir formhaoirseachta ag an gCoimisiún um Sheirbhísí Airgeadais le haghaidh faisnéis chreidmheasa phearsanta a phróiseáil de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa, a mhéid a phróiseálann siad an fhaisnéis sin.

Airteagal 2

Aon uair a fheidhmíonn na húdaráis inniúla i mBallstáit a gcumhachtaí, chun daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a bhfaisnéise pearsanta, de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le aistrithe sonraí a thagann laistigh de raon feidhme na feidhme a leagtar amach in Airteagal 1 den Chinneadh seo, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe, lena n-áirítear na coinníollacha faoina ndéantar aistrithe ar aghaidh, faoina bhfeidhmítear cearta an duine aonair agus faoina ndéanann údaráis phoiblí na Cóiré rochtain ar shonraí arna n-aistriú ar bhonn an Chinnidh seo, d’fhonn measúnú a dhéanamh cibé acu an áirithíonn Poblacht na Cóiré leibhéal cosanta leormhaith ar bhonn leanúnach de réir bhrí Airteagal 1 nó nach n-áirithíonn.

2.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chéile ar an eolas faoi chásanna ina mainníonn an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta nó aon údarás inniúil eile de chuid na Cóiré, chun comhlíontacht leis an gcreat dlíthiúil ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe a áirithiú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisinéir a chéile ar an eolas faoi aon tásc go dtéann aon bhac ar chearta an duine aonair a sonraí pearsanta a chosaint ag údaráis phoiblí na Cóiré thar a bhfuil gá go docht leis, nó nach bhfuil cosaint dhlíthiúil éifeachtach ann in aghaidh na mbac sin.

4.   Tar éis 3 bliana ón dáta a dtugtar fógra faoin gCinneadh seo do na Ballstáit agus gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) ar bhunús na faisnéise uile dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis atá faighte mar chuid den athbhreithniú a rinneadh i gcomhar le húdaráis ábhartha na Cóiré.

5.   I gcás go bhfaigheann an Coimisiún tásca nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal cosanta leormhaith, cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na Cóiré ar an eolas faoi sin. Más gá, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an cinneadh seo a chur ar fionraí, a leasú nó a aisghairm, nó srian a chur lena raon feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe i gcás go bhfaigheann sé tásca:

(a)

nach gcomhlíonann rialaitheoirí sa Chóiré a bhfuil sonraí pearsanta faighte acu ón Aontas Eorpach faoin gCinneadh seo na coimircí breise atá in Iarscríbhinn I, nó go bhfuil formhaoirseacht agus forfheidhmiú neamhleor ann ina leith sin;

(b)

nach gcomhlíonann údaráis phoiblí na Cóiré na huiríll, forchinntithe agus gealltanais atá in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear maidir leis na coinníollacha agus srianta do bhailiú agus rochtain ar shonraí pearsanta arna n-aistriú faoin gCinneadh seo ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus na slándála náisiúnta.

Féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a dhéanamh freisin má chuirtear cosc ar an gCoimisiún leis an easpa comhoibrithe ó rialtas an Cóiré cinneadh a dhéanamh cé acu a áirithíonn Poblacht na Cóiré leibhéal cosanta leormhaith ar bhonn leanúnach nó nach n-áirithíonn.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Didier REYNDERS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(2)  Féach aithris 101 de Rialachán (AE) 2016/679.

(3)  Féach, an cás is déanaí, Cás C-311/18, Facebook Ireland agus Schrems (Schrems II) ECLI:EU:C:2020:559.

(4)  Cás C-362/14, Maximilian Schrems v. an Coimisinéir Cosanta Sonraí (Schrems), ECLI:EU:C:2015:650, mír 73.

(5)  Schrems, mír 74.

(6)  Féach Communication from the Commission to the European Parliament and the Council, Exchanging and Protecting Personal Data in a Globalised World [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Sonraí Pearsanta a Mhalartú agus a Chosaint sa Saol Domhandaithe], COM(2017)7, 10.1.2017, roinn 3.1, lgh. 6-7.

(7)  An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Leordhóthanacht Thagrach, WP 254 rev. 01. le fáil ag an nasc seo a leanas: https://ec.europa.eu/newsroom/article29/item-detail.cfm?item_id=614108

(8)  Tá an Cinneadh seo ábhartha maidir le LEE. Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE) déantar foráil maidir le leathnú mhargadh inmheánach an Aontais chuig na trí Stát de LEE, an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin. Cinneadh an Chomhchoiste (CCC) lena n-ionchorpraítear Rialachán (AE) 2016/679 in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE, ghlac Comhchoiste LEE an 6 Iúil 2018 é agus tháinig sé i bhfeidhm an 20 Iúil 2018. Dá bhrí sin, cumhdaítear an Rialachán leis an gcomhaontú sin. Chun críocha an chinnidh, tagairtí don Aontas agus do Bhallstáit an Aontais, ba cheart iad a thuiscint dá bhrí sin mar thagairtí lena gcumhdaítear Stáit LEE freisin.

(9)  Féach roinn 2.2.3 den Chinneadh seo.

(10)  Féach, mar shampla, Cinneadh 2014Da77970 ón gCúirt Uachtarach, an 15 Deireadh Fómhair 2015 (Achoimre Bhéarla le fáil faoin nasc “Lawmaker’s disclosure of teachers” trade union members case’ ag https://www.privacy.go.kr/eng/enforcement_01.do) agus an cásdlí a luaitear ann, lena n-áirítear Cinneadh 2012Da49933, an 24 Iúil 2014.

(11)  Féach go háirithe Cinneadh 99Hun-ma513 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 26 Bealtaine 2005 (Achoimre Bhéarla le fáil ag http://www.koreanlii.or.kr/w/index.php/99Hun-Ma513?ckattempt=2) agus Cinneadh 2014JHun-ma449 2013 Hun-Ba68 (comhdhlúite), an 23 Nollaig 2015 (Achoimre Bhéarla le fáil faoin nasc “Change of resident registration number case” ag https://www.privacy.go.kr/eng/enforcement_01.do).

(12)  Cinneadh 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994.

(13)  Cinneadh 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.

(14)  Féach Roinn 1.1 d’Iarscríbhinn II.

(15)  Féach freisin Airteagal 1 den Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta lena dtagraítear go sainráite do “saoirsí agus cearta daoine aonair”. Níos sonraí ná sin, sonraítear ann gurb é is críoch don Acht sin “foráil a dhéanamh maidir le próiseáil agus cosaint faisnéise pearsanta chun saoirse agus cearta daoine aonair a chosaint, agus dínit agus luach na ndaoine aonair a aithint a thuilleadh.” Ar an mbealach céanna, le hAirteagal 5(1) den Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta bunaítear freagracht an Stáit chun “beartais a fhoirmliú chun cosc a chur leis na hiarmhairtí díobhálacha atá ag baint le faisnéis phearsanta a bhailiú agus le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaint aisti taobh amuigh den chríoch atá léi, le faireachas agus tóir neamhscoite, etc. a dhéanamh agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas an duine aonair a fheabhsú.”

(16)  Thairis sin, le hAirteagal 6(2) den Bhunreacht foráiltear go ráthaítear stádas daoine nach náisiúnaigh iad mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúnta. Is Páirtí í an Chóiré i gcomhaontuithe idirnáisiúnta éagsúla lena ráthaítear an ceart chun príobháideachais, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16).

(17)  Leis sin áirítear rialacha atá ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, ach nach bhfuil feidhm acu maidir le staid ina mbailítear sonraí pearsanta san Aontas agus ina n-aistrítear chuig an gCóiré iad faoi Rialachán (AE) 2016/679, mar shampla san Acht um Chosaint, Úsáid etc. Faisnéise Suímh.

(18)  Is é is críoch don Acht sin gnó faisnéise creidmheasa fónta a chothú, lena gcuirtear chun cinn úsáid éifeachtúil faisnéise creidmheasa mar aon le bainistíocht chórasach ar an bhfaisnéis sin, agus lena gcosnaítear an príobháideachas ar mhí-úsáid agus ar dhrochúsáid faisnéise creidmheasa (Airteagal 1 den Acht).

(19)  Mar shampla, thug cúirteanna na Cóiré breithiúnas i bhfabhar comhlíontacht le Fógraí rialála i roinnt cásanna, lena n-áirítear trí rialaitheoirí na Cóiré a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar Fhógra (féach e.g. Cinneadh 2018Da219406 ón gCúirt Uachtarach, an 25 Deireadh Fómhair 2018, inar ordaigh an Chúirt do rialaitheoir cúiteamh a íoc le daoine aonair as damáistí a fulaingíodh de dheasca sárú ar an “Fógra maidir leis an gcaighdeán le haghaidh beart chun sábháilteacht na faisnéise pearsanta a áirithiú”; féach freisin Cinneadh 2018Da219352 ón gCúirt Uachtarach, an 25 Deireadh Fómhair 2018; Cinneadh 2011Da24555 ón gCúirt Uachtarach, an 16 Bealtaine 2016; Cinneadh 2014Gahap511956 ó Chúirt Dúiche Láir Shúl, an 13 Deireadh Fómhair 2016; Cinneadh 2009Gahap43176 ó Chúirt Dúiche Láir Shúl, an 26 Eanáir 2010).

(20)  Airteagal 12(1) PIPA.

(21)  Airteagal 2(1) CIA.

(22)  Is é an Coimisiún um Sheirbhísí Airgeadais údarás maoirseachta na Cóiré le haghaidh na hearnála airgeadais agus, sa cháil sin, forfheidhmíonn sé CIA freisin.

(23)  Dá dtiocfadh athrú air sin amach anseo, e.g. trí shíneadh a chur le dlínse PIPC chuig an bpróiseáil uile ar fhaisnéis chreidmheasa phearsanta faoi CIA, d’fhéadfaí a mheas go leasófaí an cinneadh leordhóthanachta leis sin chun na heintitis atá faoi réir fhormhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais faoi láthair a chumhdach freisin.

(24)  In PIPA, maidir le “próiseáil faoi ainm bréige” meastar gur próiseáil í trí mhodhanna amhail sonraí pearsanta a scriosadh go páirteach nó sonraí pearsanta a ionadú ina n-iomláine ar bhealach nach féidir aon duine aonair sonrach a aithint gan faisnéis bhreise (Airteagal 2(1-2) PIPA). Comhfhreagraíonn an méid sin don sainmhíniú ar ainm bréige a chur i bhfeidhm in Airteagal 4(5) Rialachán (AE) 2016/679, lena dtagraítear do “próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta.”

(25)  Go háirithe, le haithris 26 de Rialachán (AE) 2016/679 soiléirítear nach bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le faisnéis anaithnidithe, i.e. faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta ná le duine nádúrtha in-sainaitheanta. Dá réir sin, tá an méid sin ag brath ar na modhanna uile ar dócha, le réasún, go mbeidh siad in úsáid, ag an rialaitheoir nó ag duine eile, chun duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach. Chun a fháil amach an dócha, le réasún, go n-úsáidfear na modhanna sin, ní mór na tosca oibiachtúla uile a chur san áireamh, amhail na costais agus an méid ama is gá le haghaidh na sainaitheanta, agus an teicneolaíocht atá ar fáil tráth na próiseála agus na forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh.

(26)  Airteagal 2(2) PIPA.

(27)  Mar shampla, le hAirteagail 15 go 19 PIPA ní thagraítear ach do bhailiú, úsáid agus soláthar faisnéise pearsanta.

(28)  Airteagal 2(5) PIPA. Áirítear le hinstitiúidí poiblí de réir bhrí PIPA na ranna nó na gníomhaireachtaí riaracháin láir uile agus a gcomhlachtaí cleamhnaithe, rialtais áitiúla, scoileanna agus corparáidí poiblí a n-infheistíonn rialtais áitiúla iontu, comhlachtaí riaracháin an Tionóil Náisiúnta agus na breithiúna (lena n-áirítear an Chúirt Bhunreachtúil) (Airteagal 2(6) PIPA i gcomhar le hAirteagal 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(29)  Comhfhreagraíonn an méid sin do raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679. De réir Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2016/679, tá feidhm ag an Rialachán maidir le “sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.” Le hAirteagal 4 lit. 6 de Rialachán (AE) 2016/679 sainmhínítear “córas comhdúcháin” mar “aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha”. I gcomhréir leis sin, le haithris 15 mínítear gur cheart feidhm a bheith ag cosaint daoine aonair maidir le “sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe agus de láimh, sa chás ina bhfuil na sonraí pearsanta á gcoinneáil i gcóras comhdúcháin nó má tá sé i gceist na sonraí a choinneáil i gcóras den sórt sin.” Níor cheart do chomhaid nó do shraitheanna de chomhaid mar aon lena leathanaigh chumhdaigh, nach bhfuil struchtúraithe de réir critéir shonracha, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.’

(30)  Féach Lámhleabhar PIPA, Caibidil III Roinn 2 maidir le hAirteagal 26 (lch. 203-212), lena mínítear go dtagraítear do shocruithe ceangailteacha le hAirteagal 26(1), amhail conarthaí nó socruithe comhchosúla.

(31)  De réir Airteagal 26(5) PIPA, toirmeasctar ar an bpróiseálaí aon fhaisnéis phearsanta a úsáid lasmuigh de raon feidhme na hoibre seachfhoinsithe, nó faisnéis phearsanta a sholáthar do thríú páirtí. Má mhainnítear an ceanglas sin a urramú is féidir go dtiocfaidh smachtbhanna coiriúil as sin de bhun Airteagal 71 lit. 2 PIPA.

(32)  Má mhainnítear an ceanglas sin a chomhlíonadh is féidir go dtiocfaidh forchur fíneála as sin, féach Airteagal 75(4) lit. 4 PIPA.

(33)  Má mhainnítear an ceanglas sin a chomhlíonadh is féidir go dtiocfaidh forchur fíneála as sin, féach Airteagal 75(2) lit. 1, (4) lit. 5 PIPA.

(34)  Féach freisin Airteagal 26(7) PIPA, ar dá réir atá feidhm ag Airteagail 15 go 25, 27 go 31, 33 go 38, agus 50 mutatis mutandis maidir leis an bpróiseálaí.

(35)  Féach go háirithe Airteagal 18(2) agus Caibidil VI PIPA.

(36)  I seirbhísí faisnéise cuimsítear soláthar faisnéise mar aon le seirbhísí idirghabhála le haghaidh soláthar faisnéise.

(37)  Féach Airteagal 2(1) lit. 3 (i gcomhar le hAirteagal 2(1) lit. 2, 4) an tAcht Líonra agus Airteagal 2(6), (8) den Acht um Ghnó Teileachumarsáide.

(38)  A mhéid a bheadh caidreamh díreach ag soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide de chuid na Cóiré le daoine aonair san Aontas (trí sheirbhísí ar líne a thairiscint), d’fhéadfadh cur i bhfeidhm díreach Rialachán (AE) 2016/679 teacht as sin, de bhun Airteagal 3(2)(a) de.

(39)  Le hAirteagal 58(2) PIPA foráiltear thairis sin nach bhfuil feidhm ag Airteagal 15, Airteagal 22, Airteagal 27(1) go (2), Airteagal 34 ná Airteagal 37 maidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil trí bhíthin gairis próiseála sonraí amhairc atá suiteáilte agus á n-oibriú ag áiteanna oscailte. Ós rud é go mbaineann an fhoráil sin le húsáid físfhaireachais laistigh den Chóiré, i.e. bailiú díreach faisnéise pearsanta ó dhaoine aonair sa Chóiré, níl sí ábhartha chun críche na Treorach seo, lena gcumhdaítear aistrithe sonraí pearsanta ó rialaitheoirí/próiseálaithe san Aontas chuig eintitis sa Chóiré. Ina theannta sin de réir Airteagal 58(3) de PIPA, Airteagal 15 (bailiú agus úsáid sonraí pearsanta), Airteagal 30 (oibleagáid chun beartas príobháideachais poiblí a chur i bhfeidhm) agus Airteagal 31 (oibleagáid chun oifigeach príobháideachais a cheapadh), níl feidhm acu maidir le faisnéis phearsanta a phróiseáiltear chun grúpaí nó comhlachais le haghaidh caidrimh a oibriú (e.g. clubanna caithimh aimsire). Ós rud é go meastar gur de chineál pearsanta iad na grúpaí sin, gan aon nasc le gníomhaíocht ghairmiúil ná tráchtála, níl gá le haon bhunús dlí sonrach (amhail toiliú na ndaoine aonair lena mbaineann) chun a bhfaisnéis a bhailiú ná a úsáid sa chomhthéacs sin. Mar sin féin, forálacha uile eile PIPA (e.g. íoslaghdú sonraí, teorannú de réir cuspóra, dlíthiúlacht na próiseála, slándáil, agus cearta duine aonair), leanann siad de bheith infheidhme. Thairis sin, dá ndéanfaí aon phróiseáil ar an bhfaisnéis phearsanta taobh amuigh den chríoch a bhaineann le grúpa sóisialta a bhunú, ní thairbheofaí den eisceacht.

(40)  Níos sonraí ná sin, le hAirteagal 58(4) PIPA leagtar síos oibleagáid chun faisnéis phearsanta a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch bheartaithe a bhaint amach, chun í a phróiseáil ar feadh íostréimhse agus chun na socruithe is gá a dhéanamh chun bainistíocht shábháilte a dhéanamh ar an bhfaisnéis phearsanta sin agus chun í a phróiseáil go hiomchuí. Áirítear leis sin coimircí teicniúla, bainistiúla agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun cóireáil cheart ar ghearáin aonair a áirithiú.

(41)  Maidir leis sin, le hAirteagal 33 den Acht Staidrimh ceanglaítear ar institiúidí poiblí faisnéis freagróirí a chosaint ar fhiosruithe staidrimh, lena n-áirítear d’fhonn cosc a chur le húsáid na faisnéise sin chun aon chríche eile seachas staitisticí a thiomsú.

(42)  Airteagal 2(2)-(3), 30(2), 33 agus 34 den Acht Staidrimh.

(43)  Lámhleabhar PIPA, an roinn ar Airteagal 58.

(44)  Mar shampla, le hAirteagal 4 den Acht Preasa foráiltear nach mór do thuarascálacha preasa a bheith neamhchlaonta agus oibiachtúil agus chun leas an phobail, foráiltear leis nach mór dínit agus luach an duine a urramú leo, agus nach bhféadfar daoine eile a chlúmhilleadh ná a gcearta, an mhoráltacht phoiblí ná an eitic shóisialta a shárú leo.

(45)  Airteagail 15 go 17 den Acht Preasa.

(46)  Gach asraon preasa nó meán, ní mór a ombudsman féin a bheith aige chun aon damáiste féideartha arna dhéanamh ag an bpreas a chosc agus a leigheas (e.g. trína mholadh go gceartófar tuarascálacha preasa atá bréagach nó lena ndéantar damáiste do chlú daoine eile), Airteagal 6 den Acht Preasa.

(47)  Tá idir 40 agus 90 coimisinéir eadrána sa Choimisiún, arna gceapadh ag an Aire Cultúir, Spóirt agus Turasóireachta as measc daoine atá cáilithe mar bhreithiúna, aturnaetha ginearálta, daoine a bhfuil bailiú nó tuairisciú nuachta ar bun acu ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó daoine eile ag a bhfuil saineolas a bhaineann leis an bpreas. Ní féidir le coimisinéirí eadrána a bheith ina n-oifigigh phoiblí, ina gcomhaltaí de pháirtithe polaitiúla ná ina n-iriseoirí an tráth céanna. I gcomhréir le hAirteagal 8 den Acht Preasa, ní mór do choimisinéirí eadrána a ndualgais a dhéanamh go neamhspleách agus ní fhéadfaidh siad a bheith faoi réir aon ordú ná treorach i dtaca leis na dualgais sin. Thairis sin, tá rialacha sonracha i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a chosc, e.g. trí choimisinéirí aonair a eisiamh ó chásanna aonair a láimhseáil i gcás ina mbeidh a gcéilí nó a ngaolta ina bpáirtithe sa chás (Airteagal 10 den Acht Phreasa). Féadfaidh an Coimisiún díospóidí a láimhseáil trí idir-réiteach nó eadráin, ach féadfaidh sé moltaí a leagan síos freisin chun sáruithe a leigheas (Roinn 5 den Acht Preasa).

(48)  Airteagal 30 den Acht Preasa.

(49)  Airteagal 5 den Acht Preasa.

(50)  Le hAirteagal 59 PIPA toirmeasctar ar aon duine “a phróiseálann nó a phróiseáil faisnéis phearsanta riamh roimhe”“faiséis phearsanta a fháil nó toiliú a fháil chun faisnéis phearsanta a phróiseáil ar mhodhanna calaoiseacha, míchuí nó éagóracha”, “faisnéis phearsanta a fuarthas i gcúrsa gnó a nochtadh, nó í a sholáthar lena húsáid ag aon tríú páirtí gan údarás” nó “faisnéis phearsanta duine eile a dhamáistiú, a scriosadh, a athrú, a bhrionnú, nó a nochtadh gan údarás dlíthiúil nó lasmuigh den údarás cuí.” Féadfaidh smachtbhannaí coiriúla teacht as sárú ar an toirmeasc sin, féach Airteagal 71(5), (6) agus Airteagal 72(2) PIPA. Le hAirteagal 70(2) PIPA ceadaítear thairis sin pionós coiriúil a fhorchur maidir le faisnéis phearsanta a fháil, ar faisnéis í arna próiseáil ag tríú páirtithe ar mhodhanna nó bealaí calaoiseacha nó éagóracha, nó maidir lena soláthar do thríú páirtí chun críoch brabúis nó éagórach agus, agus maidir leis an iompar sin a neartú nó a shocrú.

(51)  Ní mór toiliú a thabhairt faoi shaoirse, ní mór é a bheith feasach, sonrach agus curtha in iúl ar bhealach amháin nó ar bhealaí éagsúla a réamhchinntear leis an dlí. In aon chás, ní fhéadfar toiliú a fháil ar mhodhanna calaoiseacha, míchuí nó éagóracha eile (Airteagal 59(1) PIPA). Ar an gcéad dul síos, de réir Airteagal 4 lit. 2 PIPA, tá an ceart ag ábhair sonraí “toiliú a thabhairt nó gan toiliú a thabhairt” agus “raon feidhme an toilithe a roghnú”, agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoi sin (Airteagail 15(2), 16(2), (3), 17(2) agus 18(3) PIPA). Tá coimirce bhreise in Airteagal 22(5) PIPA lena dtoirmeasctar ar rialaitheoir diúltú earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh leis sin do rogha shaor an duine aonair toiliú a dheonú. Áirítear leis sin staideanna nach gá toiliú ach i gcás cineálacha áirithe próiseála (cé go bhfuil cinn eile bunaithe ar chonradh) agus cumhdaítear leis freisin próiseáil bhreise ar shonraí pearsanta, ar sonraí iad arna mbailiú i gcomhthéacs earraí nó seirbhísí a sholáthar. Ar an dara dul síos, de réir Airteagail 15(2), 17(2), (3) agus 18(3) PIPA, agus toiliú á iarraidh ní mór don rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi “sonraí” na sonraí pearsanta atá i gceist (e.g. go mbaineann siad le sonraí íogaire, féach Airteagal 17(2), lit. 2(a) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA), críoch na próiseála, an tréimhse choinneála agus aon fhaighteoir de chuid na sonraí. Déanfar aon iarraidh den sórt sin “ar bhealach atá inaitheanta go sainráite” lena ndéantar idirdhealú idir ábhair lena gceanglaítear toiliú ó ábhair eile (Airteagal 22(1) go (4) PIPA). Ar an tríú dul síos, leagtar síos le hAirteagal 17(1), lit. 1-6 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA na modhanna sonracha trína bhfaighidh rialaitheoir toiliú, amhail toiliú i scríbhinn le síniú an ábhair sonraí, nó toiliú mar ríomhphost (fillte). Cé nach soláthraítear le PIPA ceart ginearálta go sonrach do dhaoine aonair chun toiliú a tharraingt siar, ina ionad sin tá ceart ag daoine aonair fionraí ar phróiseáil na sonraí a bhaineann leo a fháil, as a dtiocfaidh, nuair a fheidhmítear í, foirceannadh próiseála agus scriosadh sonraí (féach aithris 78 maidir leis an gceart chun fionraí).

(52)  De réir faisnéis a fuarthas ó PIPC, ní fhéadfaidh institiúidí poiblí a bheith ag brath ar an bhforas sin más rud é go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dosheachanta, i.e. ní mór é a bheith dodhéanta nó deacair go míréasúnta ar an institiúid a feidhmeanna a dhéanamh gan na sonraí a phróiseáil.

(53)  Le hAirteagal 39-3 PIPA forchuirtear oibleagáidí sonracha (níos doichte) ar sholáthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta a n-úsáideoirí. Go háirithe, ceanglaítear leis go bhfaighidh an soláthraí toiliú an úsáideora, tar éis faisnéis a sholáthar maidir le críoch an bhailithe/na húsáide, catagóirí na faisnéise pearsanta atá le bailiú agus an tréimhse ar lena haghaidh a phróiseálfar an fhaisnéis (Airteagal 39-3(1) PIPA). Is amhlaidh atá nuair a athraíonn aon cheann de na gnéithe sin. Tá mainneachtain toiliú a fháil le haghaidh bailiú faisnéise faoi réir smachtbhannaí coiriúla (Airteagal 71(4-5 PIPA). Go heisceachtúil, féadfaidh soláthraithe faisnéise agus cumarsáide faisnéis phearsanta úsáideoirí a bhailiú nó a úsáid gan toiliú a fháil roimh ré. Is amhlaidh an cás (1) nuair is léir gur deacair gnáth-thoiliú a fháil le haghaidh na faisnéise pearsanta is gá chun an conradh lena rialaítear soláthar seirbhísí faisnéise agus cumarsáide a dhéanamh ar chúiseanna eacnamaíocha agus teicneolaíocha (e.g. nuair a chruthaítear sonraí pearsanta ar bhealach dosheachanta agus conradh á dhéanamh, amhail faisnéis bhilleála, logaí rochtana agus taifid íocaíochta); (2) i gcás inar gá sin chun muirir a ghlanadh tar éis soláthar seirbhísí faisnéise agus cumarsáide; nó (3) má cheadaítear sin le dlíthe eile (mar shampla, le hAirteagal 21(1) lit. 6 den Acht um Chosaint Tomhaltóirí um Thráchtáil Leictreonach foráiltear go bhféadfaidh oibreoirí gnó faisnéis phearsanta a bhailiú maidir le caomhnóirí dlíthiúla mionaoisigh chun a dheimhniú cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas toiliú bailí thar ceann an mhionaoisigh) (Airteagal 39-3(2) PIPA). Sna cásanna uile, ní fhéadfaidh soláthraithe faisnéise agus cumarsáide diúltú seirbhísí a sholáthar go díreach toisc nach soláthraíonn an t-úsáideoir níos mó faisnéis phearsanta ná an t-íosmhéid is gá (i.e. an fhaisnéis is gá chun eilimintí riachtanacha na seirbhíse lena mbaineann a dhéanamh), féach Airteagal 39-3(3) PIPA).

(54)  Féach Airteagal 14-2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(55)  Airteagal 14-2(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(56)  Féadfaidh forchur smachtbhannaí coiriúla (Airteagal 71(1) PIPA) teacht as sáruithe ar Airteagal 17(1) lit. 1 PIPA.

(57)  “An chríoch bheartaithe”, sin an chríoch ar lena haghaidh a bailíodh an fhaisnéis. Mar shampla, nuair a bhailítear an fhaisnéis ar bhonn thoiliú an duine aonair lena mbaineann, is é atá sa chríoch bheartaithe an chríoch a chuirtear in iúl don duine aonair faoi Airteagal 15(2) PIPA.

(58)  Cf. Airteagal 18(1) PIPA. Féadfaidh forchur smachtbhannaí coiriúla (Airteagal 71(2) PIPA) teacht as sáruithe ar Airteagal 18(1), (2).

(59)  Maidir le faisnéis phearsanta a bheith á húsáid nó á soláthar do thríú páirtí ag soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide chun críche atá éagsúil leis an gcríoch bhunaidh, ní fhéadfaidh sin tarlú ach amháin ar na forais a leagtar amach in Airteagal 18(2) lit. 1, 2 PIPA (i.e. i gcás ina bhfaighfear toiliú breise nó inarb ann d’fhorálacha speisialta sa dlí). Féach Airteagal 18(2) PIPA.

(60)  Ach amháin nuair atá gá leis an bpróiseáil chun coireanna, díotáil agus ionchúiseamh a imscrúdú, institiúidí poiblí a úsáideann faisnéis phearsanta nó a sholáthraíonn do thríú páirtí í chun críche atá éagsúil le críoch an bhailithe (mar shampla i gcás ina gceadófar sin go sonrach leis an dlí, nó inar gá sin chun conradh a dhéanamh), ceanglaítear orthu na forais dhlíthiúla le haghaidh próiseála, a críoch agus a raon feidhme a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin nó san Iris Oifigiúil agus taifid a choimeád (Airteagal 18(4) de PIPA le hAirteagal 15 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(61)  Sainmhínítear taighde eolaíoch le hAirteagal 2(8) PIPA mar “taighde lena gcuirtear modhanna eolaíocha i bhfeidhm, amhail forbairt agus léiriú teicneolaíochta, taighde bunúsach, taighde feidhmeach agus taighde arna chistiú go príobháideach.” Comhfhreagraíonn na catagóirí sin do na cinn a leagtar amach in aithris 159 de Rialachán (AE) 2016/679.

(62)  Féach Airteagail 5(1)(b) agus 89(1)-(2), agus aithrisí 50 agus 157 de Rialachán (AE) 2016/679.

(63)  Féach Airteagail 28-6(1), 71(4-3) agus 75(2) lit. 4-4 PIPA.

(64)  Airteagal 28-4 PIPA agus 29-5 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA. Tá mainneachtain an oibleagáid sin a chomhlíonadh faoi réir smachtbhannaí riaracháin agus coiriúla, féach Airteagail 73(1) agus 75(2) lit. 6 PIPA.

(65)  Féadfaidh forchur smachtbhannaí coiriúla teacht as sáruithe ar na ceanglais sin (Airteagal 71(2) PIPA). Thosaigh PIPC ar na rialacha nua sin a fhorfheidhmiú, e.g. ina chinneadh an 28 Aibreán 2021, inar fhorchuir sé fíneáil agus bearta ceartaitheacha in aghaidh cuideachta nár chomhlíon, i measc sáruithe eile ar PIPA, ceanglas Airteagal 28-2(2) PIPA, féach ag https://www.pipc.go.kr/eng/index.do

(66)  Chun bheith ainmnithe mar institiúid speisialaithe den sórt sin (“Sainghníomhaireacht Comhcheangail Sonraí”), ní mór iarratas a chur faoi bhráid PIPC i dteannta doiciméid tacaíochta lena mionsonraítear inter alia na saoráidí agus an trealamh arna gcur i bhfeidhm chun sonraí faoi ainm bréige a chomhcheangal go sábháilte agus lena ndeimhnítear go bhfuil triúr comhaltaí foirne lánaimseartha ar a laghad fostaithe ag an iarratasóir agus cáilíochtaí nó taithí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta acu (Airteagal 29-2(1)-(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Ceanglais mhionsonraithe, e.g. maidir le cáilíochtaí na foirne, saoráidí atá ar fáil, bearta slándála, beartais agus nósanna imeachta inmheánacha, mar aon le ceanglais airgeadais, leagtar amach iad i bhFógra 2020-9 de PIPC maidir le Comhcheangal agus Scaoileadh Faisnéise faoi Ainm Bréige (Sceideal I). Féadfaidh PIPC ainmniú mar shainghníomhaireacht comhcheangail sonraí a chúlghairm (tar éis éisteacht a thionól) ar fhorais áirithe, e.g. mura gcomhlíonann an ghníomhaireacht na caighdeáin slándála a cheanglaítear le haghaidh ainmniú a thuilleadh, nó má tharla sárú ar shonraí i gcomhthéacs comhcheangail sonraí (Airteagal 29-2(5)-(6) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Ní mór do PIPC gach ainmniú (nó cúlghairm ainmníochta) de chuid Sainghníomhaireacht Comhcheangail Sonraí a fhoilsiú (Airteagal 29-2(7) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(67)  Airteagal 8(1)-(2) d’Fhógra 2020-9 maidir le Comhcheangal agus Scaoileadh Faisnéise faoi Ainm Bréige.

(68)  Airteagal 2(3), (6) agus Airteagal 9(1) d’Fhógra 2020-9 maidir le Comhcheangal agus Scaoileadh Faisnéise faoi Ainm Bréige.

(69)  Airteagail 2(4) agus 9(2)-(3) d’Fhógra 2020-9 maidir le Comhcheangal agus Scaoileadh Faisnéise faoi Ainm Bréige. Ní mór don institiúid speisialaithe na sonraí naisc eochrach comhcheangail a scriosadh láithreach tar éis an chomhcheangail (Airteagal 9(4) den Fhógra).

(70)  Féadfaidh forchur smachtbhannaí coiriúla teacht as sáruithe ar na ceanglais maidir le comhcheangal tacar sonraí (Airteagal 71(4-2) PIPA). Féach freisin Airteagal 29-2(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(71)  An nós imeachta chun scaoileadh sonraí comhcheangailte a fhormheas, leagtar amach é in Airteagal 11 d’Fhógra 2020-9 maidir le Comhcheangal agus Scaoileadh Faisnéise faoi Ainm Bréige. Go háirithe, ní mór don institiúid speisialaithe “coiste um athbhreithniú ar scaoileadh” a chur ar bun, ar a mbeidh comhaltaí ag a bhfuil eolas agus taithí shubstaintiúil ar chosaint sonraí.

(72)  Airteagal 29-2(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA agus Fógra Uimh. 2020-9, Airteagal 11.

(73)  An gá chun cosaintí sonracha a sholáthar chun sonraí pearsanta a phróiseáil, amhail sonraí maidir leis an tsláinte nó iompraíocht ghnéasach, d’aithin Cúirt Bhunreachtúil na Cóiré é freisin, féach Cinneadh HunMa 1139 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 31 Bealtaine 2007.

(74)  Airteagal 23(1) PIPA.

(75)  Féach freisin Lámhleabhar PIPA, Caibidil III Roinn 2 maidir le hAirteagal 23 (lch. 157-164).

(76)  Is é sin, faisnéis phearsanta a thagann as próiseáil theicniúil shonrach a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le saintréithe fisiceacha, fiseolaíocha nó iompraíochta duine aonair chun an duine aonair sin a shainaithint go huathúil.

(77)  Mura gcomhlíontar na ceanglais sin is féidir go dtiocfaidh smachtbhannaí as sin de bhun Airteagal 71 lit. 3 PIPA.

(78)  Le hAirteagal 18 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA foráiltear go ndéantar na catagóirí sonraí a liostaítear ann a eisiamh ó fhoráil Airteagal 23(1) den Acht nuair a phróiseálann institiúid phoiblí iad de bhun Airteagal 18(2) lit. 5-9 de PIPA.

(79)  Féach Airteagail 73 lit. 1 agus 75(2) lit. 6 PIPA.

(80)  Airteagal 8 (i gcomhar le hAirteagal 8-2 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú), Airteagal 11 (i gcomhar le hAirteagal 12(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú).

(81)  Maidir leis na modhanna chun faisnéis phearsanta a scriosadh, féach Airteagal 16 PIPA den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú. Le hAirteagal 21(2) PIPA soiléirítear go n-áireofar leis sin “bearta is gá chun gnóthú agus athléiriú a bhlocáil”.

(82)  Má mhainnítear na ceanglais sin a chomhlíonadh, is féidir go dtiocfaidh smachtbhannaí coiriúla as sin (Airteagal 73(1-2 PIPA). Le hAirteagal 39-6 PIPA forchuirtear ceanglas breise ar sholáthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide faisnéis phearsanta úsáideoirí a scriosadh murar bhain na húsáideoirí sin úsáid, agus sin le 1 bhliain amháin anuas ar a laghad, as na seirbhísí faisnéise agus cumarsáide arna dtairiscint (mura gceanglaítear coinneáil bhreise leis an dlí nó arna hiarraidh sin don duine aonair). Ní mór daoine aonair a chur ar an eolas faoi scriosadh beartaithe a bhfaisnéise 30 lá roimh dhul in éag don sprioc-am 1 bhliain amháin (Airteagal 39-6(2) PIPA agus Airteagal 48-5(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Má cheanglaítear coinneáil bhreise leis an dlí, ní mór na sonraí arna gcoinneáil a stóráil ar leithligh ón bhfaisnéis eile atá ag úsáideoirí agus ní fhéadfar iad a úsáid ná a nochtadh ach i gcomhréir leis an dlí sin (Airteagal 48-5(1)-(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(83)  Airteagal 28-7 PIPA.

(84)  Fógra 2021-5 (Iarscríbhinn I), Roinn 4.

(85)  I leith phróiseáil na sonraí pearsanta ag soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide, foráiltear go sainráite le hAirteagal 39-5 PIPA go ndéanfar líon na ndaoine a láimhseálann faisnéis phearsanta úsáideoirí a theorannú don líon íosta. Thairis sin, áiritheoidh soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide nach ndéanfar faisnéis phearsanta úsáideoirí a nochtadh don phobal tríd an líonra faisnéise agus cumarsáide (Airteagal 39-10(1) PIPA). Ní mór faisnéis a nochtfar a scriosadh nó a bhlocáil ar iarraidh ó PIPC (Airteagal 39-10(2) PIPA). Ar bhonn níos ginearálta, bíonn soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide (agus tríú páirtithe a fhaigheann sonraí pearsanta úsáideoirí) faoi réir oibleagáidí slándála breise, a shonraítear in Airteagal 48-2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, e.g. plean bainistíochta inmheánach a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith bearta slándála, bearta chun rialú rochtana a áirithiú, mar aon le criptiú, úsáid bogearraí chun cláir mhailíseacha a bhrath, etc.

(86)  Ina theannta sin, tá toirmeasc ginearálta ar fhaisnéis phearsanta a dhamáistiú, a scriosadh, a athrú, a bhrionnú nó a scaoileadh gan údarás dlíthiúil, féach Airteagal 59 lit. 3 de PIPA.

(87)  Níl feidhm ag an gceanglas maidir le fógra a thabhairt don duine aonair a mhéid a tharlaíonn sárú sonraí i leith faisnéis faoi ainm bréige a phróiseáiltear chun críoch staitisticí, taighde eolaíoch nó chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail (Airteagal 28-7 de PIPA, lena bhforáiltear maidir le díolúine ó Airteagail 34(1) agus 39-4 de PIPA). Chun a áirithiú go dtabharfar fógra do dhuine aonair amhlaidh, cheanglófaí ar an rialaitheoir lena mbaineann daoine aonair a shainaithint ón tacar sonraí faoi ainm bréige, rud atá toirmiscthe go sainráite faoi Airteagal 28-5 PIPA. Mar sin féin, tá feidhm ag an gceanglas ginearálta maidir le fógra a thabhairt faoin sárú sonraí (do PIPC) fós.

(88)  Sonraítear na ceanglais maidir le fógra a thuilleadh, lena n-áirítear uainiú an fhógra agus an fhéidearthacht le fógra a thabhairt “ina chéimeanna”, in Airteagal 40 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA. Tá feidhm ag rialacha níos déine maidir le soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide ar a gceanglaítear fógra a thabhairt don ábhar sonraí agus do PIPC laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht chun bheith ar an eolas faoin bhfíoras go bhfuil faisnéis phearsanta caillte, goidte nó scaoilte (Airteagal 39-4(1) PIPA). Ní mór sonraí na faisnéise pearsanta a sceitheadh a áireamh san fhógra sin, mar aon leis an bpointe ama nuair a tharla sin, na bearta is féidir leis an úsáideoir a dhéanamh, na bearta freagartha a ghlac an soláthraí agus sonraí teagmhála na rannóige ar féidir leis an úsáideoir ceisteanna a sheoladh chuici (Airteagal 39-4(1)1-5 PIPA). Más rud é gurb ann do chúis lena bhfuil bonn cirt, e.g. gan sonraí teagmhála an úsáideora a bheith ag an soláthraí, féadfar modhanna fógra eile a úsáid, e.g. tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin (Airteagal 39-4(1) PIPA i gcomhar le hAirteagal 48-4(4) et seq. d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Sa chás sin, ní mór fógra a thabhairt do PIPC faoi na cúiseanna (Airteagal 34-4(3) PIPA).

(89)  Féach e.g. Cinntí ón gCúirt Uachtarach 2011Da59834, 2011Da59858 agus 2011Da59841, 26 Nollaig 2012. Tá achoimre sa Bhéarla le fáil anseo: http://library.scourt.go.kr/SCLIB_data/decision/9-69%202012.12.26.2011Da59834.htm.

(90)  Go háirithe, nuair a dhéanfar faisnéis phearsanta a phróiseáil le toiliú duine aonair, ní mór don rialaitheoir an duine aonair a chur ar an eolas faoi chríoch na próiseála, mar aon le sonraí faoin bhfaisnéis a bheidh le próiseáil, faighteoir na faisnéise, an tréimhse a gcoinnítear agus a n-úsáidtear faisnéis phearsanta lena linn mar aon leis an bhfíoras go bhfuil an duine i dteideal toiliú a dhiúltú (agus aon mhíbhuntáiste a fhéadfaidh eascairt as sin).

(91)  De réir Airteagal 15-2(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, baineann sé sin le rialaitheoirí a phróiseálann faisnéis 50 000 ábhar sonraí ar a laghad, nó “gnáthfhaisnéis” phearsanta 1 mhilliún ábhar sonraí ar a laghad. Le hAirteagal 15-2(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, leagtar amach modhanna agus uainiú an fhógra, agus in Airteagal 15-2(3) an ceanglas taifid áirithe de sin a choimeád. Ina theannta sin, tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le catagóirí áirithe soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide (na soláthraithe sin a ghin 10 mbilliún won d’ioncam ó dhíolacháin le linn na bliana roimhe, nó na soláthraithe sin a stórálann/a bhainistíonn sonraí pearsanta de chuid milliún úsáideoirí ar a laghad in aghaidh an lae ar an meán le linn na 3 mhí roimh dheireadh na bliana roimhe) a gceanglaítear orthu fógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi stair úsáide a bhfaisnéise pearsanta ar bhonn tráthrialta, ach amháin i gcás ina mbeidh sé sin dodhéanta sin i ngeall ar easpa aon fhaisnéise teagmhála (Airteagal 39-8 PIPA agus Airteagal 48-6 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(92)  De réir na faisnéise a fhaightear ó rialtas na Cóiré, tá oibleagáid i gceist leis sin an faighteoirí/na faighteoirí a liostú sa bheartas príobháideachais poiblí go haonarach.

(93)  Leagtar módúlachtaí breise amach in Airteagal 31(3)d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(94)  Níl feidhm ag an gceanglas clárúcháin maidir le cineálacha áirithe de chomhaid faisnéise pearsanta, mar shampla, na comhaid sin lena ndéantar ábhair a thaifeadadh i ndáil leis an tslándáil náisiúnta, rúin taidhleoireachta, imscrúduithe coiriúla, ionchúiseamh, pionósú, imscrúduithe coireanna a bhaineann leis an gcánachas, nó comhaid a bhaineann go heisiach le feidhmiú inmheánach poist (Airteagal 32(2) PIPA).

(95)  Fógra 2021-5, Alt 3 (ii) (Iarscríbhinn I).

(96)  De réir Airteagal 35(3) PIPA i gcomhar le hAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, féadfaidh an rialaitheoir rochtain a chur siar “ar chúis mhaith” (i.e. ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo, e.g. más rud é go bhfuil gá le tuilleadh ama chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu is féidir rochtain a thabhairt nó nach féidir), ach ní mór don rialaitheoir fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoin mbonn cirt sin laistigh de 10 lá agus faisnéis a thabhairt don ábhar sonraí faoin mbealach chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin; a luaithe nach ann a thuilleadh don fhoras maidir le cur siar na rochtana, ní mór rochtain a dheonú.

(97)  Féadfar rochtain ar fhaisnéis phearsanta atá próiseáilte ag institiúid phoiblí a fháil ón institiúid go díreach nó go hindíreach trí iarraidh a thaisceadh le PIPC, a tharchuirfidh an iarraidh gan mhoill (Airteagal 35(2) PIPA agus Airteagal 41(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(98)  De réir Airteagal 42(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, bíonn an rialaitheoir faoi oibleagáid rochtain pháirteach a dheonú nuair nach gcumhdaítear cuid den fhaisnéis ar a laghad leis na forais chun an rochtain a dhiúltú.

(99)  Leis an dlí sin ní mór ceart bunúsach an phríobháideachais agus na cosanta sonraí a urramú faoi seach, mar aon le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a leagtar síos i mBunreacht na Cóiré.

(100)  Ina theannta sin, féadfaidh institiúidí poiblí diúltú rochtain a dheonú más rud é go mbeadh deonú na rochtana sin ina chúis le deacrachtaí tromchúiseacha le feidhmeanna áirithe a dhéanamh, lena n-áirítear iniúchtaí leanúnacha nó cánacha a fhorchur, a bhailiú nó a aisíoc (Airteagal 35(4) de PIPA).

(101)  Sa chás sin, ní mór don rialaitheoir bearta a dhéanamh lena gcoiscfear aisghabháil na faisnéise pearsanta, féach Airteagal 36(3) PIPA.

(102)  Ní mór do reachtanna den sórt sin ceanglais na Bunreachta a chomhlíonadh, is é sin, nach bhféadfar ceart bunúsach a shrianadh ach amháin nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobail, agus ní fhéadfar difear a dhéanamh leo d’éirim an chirt ná na saoirse (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).

(103)  Le hAirteagal 43(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA déantar foráil maidir le nós imeachta speisialta i gcás ina bpróiseálfaidh an rialaitheoir comhaid faisnéise pearsanta a sholáthraíonn rialaitheoir eile.

(104)  Féadfaidh smachtbhannaí coiriúla eascairt as mainneachtain na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a cheartú nó a léirscriosadh agus as úsáid leanúnach nó as soláthar na faisnéise sin do thríú páirtí (Airteagal 73(2) PIPA).

(105)  De réir Airteagal 44(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin bhfíoras go bhfuil sé tar éis an phróiseáil a chur ar fionraí go cuí laistigh de na 10 lá ó thráth faighte na hiarrata.

(106)  I leith institiúidí poiblí, féadfar an ceart chun próiseáil a chur ar fionraí, a fheidhmiú i leith faisnéis atá i gcomhaid faisnéise pearsanta chláraithe (Airteagal 37 i gcomhar le hAirteagal 32 PIPA). Ní cheanglaítear clárú den sórt sin i líon teoranta cásanna, e.g. i gcás ina mbainfidh na comhaid faisnéise pearsanta leis an tslándáil náisiúnta, le himscrúduithe coiriúla, le caidreamh taidhleoireachta, etc. (Airteagal 32(2) PIPA).

(107)  Féadfaidh smachtbhannaí coiriúla eascairt as mainneachtain an phróiseáil a chur ar fionraí (Airteagal 73(3) PIPA).

(108)  Láimhseáil an Coiste um Idirghabháil Díospóide (féach aithris 133) roinnt cásanna ina ndearna daoine aonair gearán faoi úsáid na sonraí dá gcuid chun críoch na margaíochta dírí gan toiliú, as ar eascair mar shampla íoc cúiteamh á íoc agus sonraí pearsanta á scriosadh ag an rialaitheoir ábhartha (féach e.g. Coiste um Idirghabháil Díospóide 20R10-024(2020.11.18), 20R08-015(2020.8.28), 20R07-031(2020.9.1)).

(109)  Féach freisin Airteagal 30(1) lit. 5 PIPA maidir leis an mbeartas príobháideachais, ina mbeidh, i measc nithe eile, faisnéis ar na cearta atá ar fáil don duine aonair agus ar an mbealach chun na cearta sin a fheidhmiú.

(110)  Féach freisin Airteagal 39-7(2) PIPA i leith soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide.

(111)  Os a choinne sin, sa chás eisceachtúil ina mbeidh caidreamh díreach ag an oibreoir gnó de chuid na Cóiré leis an ábhar sonraí de chuid an Aontais, is gnách gurb amhlaidh é sin mar iarmhairt ar an oibreoir a bheith ag díriú ar an duine aonair san Aontas Eorpach trí earraí nó trí sheirbhísí a thairiscint dó nó di nó trí fhaireachán a dhéanamh ar a iompar nó ar a hiompar. Sa chás sin, tiocfaidh an t-oibreoir gnó sin de chuid na Cóiré é féin laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE))2016/679 (Airteagal 3(2)) agus beidh air dlí an Aontais um chosaint sonraí a chomhlíonadh go díreach.

(112)  Féach freisin Fógra 2021-5, lena ndeimhnítear nach bhfuil feidhm ag Roinn III PIPA (lena n-áirítear Airteagal 28-7) ach amháin nuair a phróiseáiltear faisnéis faoi ainm bréige le haghaidh taighde eolaíoch, staidrimh nó le cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féach Roinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(113)  Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide. I gcomhréir le Airteagal 39-12 PIPA, ní mór do sholáthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide i bprionsabal toiliú an úsáideora a fháil chun aon sonraí pearsanta a aistriú ar an gcoigríoch. I gcás ina n-aistreofar faisnéis phearsanta mar chuid de sheachfhoinsiú oibríochtaí próiseála, lena n-áirítear le haghaidh na stórála, ní cheanglaítear toiliú más rud é gur cuireadh na daoine aonair lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó go hindíreach trí fhógra poiblí ar bhealach lena gceadaítear rochtain éasca, roimh ré (1) faoi shonraí na faisnéise atá le haistriú, (2) an tír a n-aistreofar an fhaisnéis chuici (mar aon le dáta agus le modh an aistrithe), (3) ainm an fhaighteora agus (4) críoch na húsáide agus na coinneála ag an bhfaighteoir (Airteagal 39-12(3) PIPA). Ina theannta sin, beidh feidhm ag na ceanglais ghinearálta maidir le seachfhoinsiú sa chás sin. Le haghaidh gach aistriú, ní mór coimircí sonracha a chur i bhfeidhm i leith na slándála, láimhseáil na ngearán agus na ndíospóidí, mar aon le bearta eile is gá chun faisnéis úsáideoirí a chosaint (Airteagal 48-10 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA).

(114)  Féach freisin Airteagal 26(7) PIPA, ar dá réir atá feidhm ag Airteagail 15 go 25, 27 go 31, 33 go 38, agus 50 mutatis mutandis maidir leis an bpróiseálaí.

(115)  I gcás ina soláthróidh soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide faisnéis phearsanta úsáideoirí do thríú páirtithe, ceanglaítear toiliú an úsáideora i gcónaí lena aghaidh sin (Airteagal 39-12(2) PIPA).

(116)  Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i bhfonóta 51, chun go mbeidh toiliú den sórt sin bailí, ní mór é a thabhairt faoi shaoirse, ar bhonn eolasach agus sonrach.

(117)  Féach freisin Airteagal 39-12(1) PIPA i leith soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide.

(118)  Ina theannta sin, más rud é go mbeartaíonn an rialaitheoir tagairt don deimhniú, nó é a chur chun cinn, ina oibríochtaí gnó, féadfaidh sé marc na cosanta faisnéise pearsanta a bhunaigh PIPC a úsáid. Féach Airteagal 34-7 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(119)  Ó mhí na Samhna 2018, tá “An Córas Bainistíochta Faisnéise Pearsanta & Slándála Faisnéise” (ISMS-P) forbartha, lena ndeimhnítear go bhfuil córas bainistíochta cuimsitheach á oibriú ag rialaitheoirí.

(120)  Tá bunúis eile dlí in CIA freisin maidir le bailiú, i.e. i gcás ina gceanglófar sin leis an dlí, i gcás ina gcuirfidh institiúid phoiblí an fhaisnéis ar fáil go poiblí de bhun reachtaíochta maidir le saoráil faisnéise, nó i gcás ina mbeidh an fhaisnéis ar fáil ar ghréasán sóisialta. Chun go mbraithfidh an t-oibreoir tráchtála ar an bhforas deiridh sin, ní mór dó a bheith in ann a thaispeáint go bhfanann an bailiú laistigh de raon feidhme thoiliú an ábhair sonraí, bunaithe ar léirmhíniú réasúnach (“oibiachtúil”) agus tréithe na sonraí á gcur san áireamh, mar aon leis an intinn agus leis an gcríoch bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil ar an ngréasán sóisialta, cibé acu is amhlaidh go bhfuil críoch an bhailithe “iontach ábhartha” don chríoch sin nó nach amhlaidh, etc. (Airteagal 13 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA). Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (101), ní bheidh na forais sin ábhartha i bprionsabal i gcás ina dtarlaíonn aistriú.

(121)  Mar shampla, nuair a ghintear/sholáthraítear faisnéis chreidmheasa i gcomhthéacs idirbhirt tráchtála leis an duine aonair. Mar sin féin, ní féidir brath ar an bhforas sin chun faisnéis chreidmheasa phearsanta a úsáid chun críoch na margaíochta dírí (féach Airteagal 33(1) lit. 3 CIA).

(122)  Chun a chinneadh cibé acu atá cuspóir na húsáide comhoiriúnach le críoch bhunaidh an bhailithe nó nach bhfuil, ní mór na himthosca seo a leanas a chur san áireamh: (1) an caidreamh (“ábharthacht”) idir an dá chuspóir; (2) an bealach lenar bailíodh an fhaisnéis; (3) tionchar na húsáide ar an duine aonair agus (4) cibé acu atá bearta slándála iomchuí, amhail bréagainmniú, curtha chun feidhme nó nach bhfuil (cf. Airteagal 32(6) lit. 9-4 CIA).

(123)  Mar shampla, féadfaidh sé go mbeidh ar rialaitheoir faisnéis chreidmheasa phearsanta a fuair sé ó dhuine aonair a chur san áireamh chun a chinneadh cibé acu a chuirfear síneadh le téarma iasachta don duine aonair sin nó nach gcuirfear.

(124)  Airteagal 33 CIA, i gcomhar le hAirteagal 32(6) lit. 9-2, 9-4 agus 10 CIA.

(125)  Sainmhínítear an bréagainmniú le hAirteagal 2(15) CIA mar fhaisnéis chreidmheasa phearsanta a phróiseáil ar bhealach lena bhfágfar nach féidir daoine aonair a shainaithint a thuilleadh ón bhfaisnéis seachas i gcomhcheangal le faisnéis bhreise. Cé go bhfuil coimircí sonracha in CIA maidir le faisnéis faoi ainm bréige a phróiseáil chun críche staidrimh, taighde eolaíoch agus cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, (Airteagal 40-2 CIA), níl feidhm ag na rialacha sin maidir le heagraíochtaí tráchtála. Ina áit sin, tá na rialacha deiridh fós faoi réir cheanglais shonracha Roinn III PIPA, ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (42)-(48). Le hAirteagal 40-3 CIA, díolmhaítear thairis sin faisnéis chreidmheasa faoi ainm bréige a phróiseáil – i gcás ina dtarlóidh sé sin chun críoch staidrimh, taighde eolaíoch nó chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail – ó cheanglais maidir leis an trédhearcacht agus le cearta aonair, cosúil leis an eisceacht in Airteagal 28-7 PIPA agus faoi réir choimircí Roinn III PIPA, ar a dtugtar tuairisc ar bhealach níos mionsonraithe in aithrisí (42)-(48).

(126)  Níl feidhm aige sin i gcás ina soláthrófar an fhaisnéis do thríú páirtí chun faisnéis chreidmheasa phearsanta a choinneáil cruinn agus cothrom le dáta, ar choinníoll go bhfanfaidh an soláthar laistigh de chríoch bhunaidh na próiseála (Airteagal 32(1) CIA). Féadfaidh sé sin tarlú mar shampla i gcás ina soláthrófar faisnéis a bheidh cothrom le dáta do ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun a áirithiú go bhfuil a cuid taifead cruinn.

(127)  Más rud gur neamhphraiticiúil an fhaisnéis thuasluaite a sholáthar, féadfaidh sé a bheith leordhóthanach an duine aonair a chur ar aghaidh chuig an bhfaighteoir is tríú páirtí le haghaidh na faisnéise riachtanaí.

(128)  Mar gheall nach rialaíonn CIA nochtaí faisnéise creidmheasa pearsanta ar an gcoigríoch go sonrach, ní mór do nochtaí den sórt sin na coimircí a chomhlíonadh maidir le haistrithe ar aghaidh a fhorchuirtear le Roinn 2 d’Fhógra 2021-5.

(129)  Ní fhéadfaidh seachfhoinsiú phróiseáil na faisnéise creidmheasa pearsanta tarlú ach amháin agus é bunaithe ar chonradh i scríbhinn agus i gcomhréir le ceanglais Airteagal 26(1)-(3), (5) PIPA, ar a dtugtar tuairisc in aithris (20) (Airteagal 17 CIA agus Airteagal 14 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA). Féadfaidh sé nach n-úsáidfidh an seachfhoinsí an fhaisnéis thar raon feidhme na ndualgas seachfhoinsithe agus ní mór don chuideachta seachfhoinsiúcháin ceanglais slándála shonracha a chur i bhfeidhm (e.g. criptiú) agus oideachas a chur ar an seachfhoinsí faoin mbealach le cailleadh, goid, nochtadh, athrú nó cur i mbaol na faisnéise a chosc.

(130)  Féach freisin Airteagal 28(10) lit. 1, 2 agus 6 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA.

(131)  Sa chás sin, ní mór barántas a iarraidh gan mhoill. Más rud é nach n-eisítear an barántas laistigh de 36 uair an chloig, ní mór na sonraí a fuarthas a scriosadh gan mhoill (Airteagal 32(6) lit. 6 CIA).

(132)  Mar shampla, toisc go bhfuil oibleagáidí conarthacha comhlíonta, d’fheidhmigh duine de na páirtithe a c(h)eart chun foirceannadh, etc., féach Airteagal 17-2(5) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA.

(133)  Airteagal 20-2(1) CIA agus Airteagal 17-2(1) lit. 1 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA.

(134)  Leis an tréimhse sin cuirtear san áireamh gur minic nach féidir faisnéis a scriosadh láithreach ach gur gnách go gceanglaítear céimeanna áirithe lena aghaidh (e.g. na sonraí atá le scriosadh a dheighilt ó shonraí eile agus an scriosadh a dhéanamh gan difear a dhéanamh do chobhsaíocht na gcóras faisnéise), céimeanna ar gá roinnt ama lena gcur chun feidhme.

(135)  Airteagal 20-2(2) CIA.

(136)  Le hAirteagal 18(2) agus le hAirteagal 15(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA leagtar síos rialacha níos sonraí i leith an cheanglais sin maidir le taifid a choimeád, e.g. le haghaidh taifid a bhaineann le faisnéis a fhéadfaidh duine aonair a chur faoi mhíbhuntáiste, amhail faisnéis ar fhaillí agus ar fhéimheacht.

(137)  A mhéid a bhaineann le sásraí cuntasachta eile, le CIA ceanglaítear ar eagraíochtaí áirithe (e.g. comharchumainn agus corparáidí poiblí, féach Airteagal 21(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) “riarthóir/caomhnóir faisnéise creidmheasa” a cheapadh a bheidh i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh CIA agus a fheidhmeoidh cúraimí “an oifigigh príobháideachais” faoi PIPA (Airteagal 20(3) agus (4) CIA).

(138)  Áirítear leis sin ceanglas ginearálta maidir le fógra a thabhairt (Airteagal 32(7) de CIA) agus oibleagáid shonrach maidir leis an trédhearcacht i gcás ina soláthrófar faisnéis d’eintitis áirithe, amhail gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus gníomhaireachtaí bailithe faisnéise creidmheasa (Airteagal 35-3 CIA agus Airteagal 30-3 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) lenar féidir acmhainneacht creidmheasa duine a chinneadh, nó i gcás ina ndiúltófar nó ina bhfoirceannfar caidreamh idirbhirt tráchtála ar bhonn faisnéis chreidmheasa phearsanta a fuarthas ó thríú páirtí (Airteagal 36 de CIA agus Airteagal 31 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA).

(139)  Airteagal 35 CIA. Tá eagraíochtaí tráchtála áirithe, e.g. comharchumainn agus corparáidí poiblí (Airteagal 21(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA) faoi réir ceanglais bhreise maidir leis an trédhearcacht, e.g. chun faisnéis áirithe a chur ar fáil go poiblí (Airteagal 31 CIA) agus chun daoine aonair a chur ar an eolas faoi mhíbhuntáistí féideartha dá scór rátála creidmheasa nuair a théann siad i mbun idirbhearta airgeadais lena mbaineann rioscaí creidmheasa (Airteagal 35-2 CIA).

(140)  A mhéid a bhaineann leis na coinníollacha agus leis na heisceachtaí is infheidhme maidir leis na cearta rochtana agus ceartúcháin, tá feidhm ag rialacha PIPA (ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (76)-(77)). Ina theannta sin, leagtar tuilleadh módúlachtaí síos in Airteagal 38(4)-(8) CIA agus in Airteagal 33 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir tráchtála a cheartaigh nó a scrios faisnéis chreidmheasa mhíchruinn fógra a thabhairt faoi sin don duine aonair. Ina theannta sin, ní mór fógra a thabhairt d’aon tríú páirtí dár nochtadh an fhaisnéis sin laistigh de na 6 mhí roimhe, agus ní mór an duine aonair lena mbaineann a chur a chur ar an eolas faoi. Más rud é nach bhfuil duine aonair sásta leis an mbealach a láimhsíodh iarraidh ar cheartú, is féidir leis nó léi iarraidh a thaisceadh le PIPC, lena bhfíoraítear gníomhaíochtaí an rialaitheora agus a fhéadfaidh bearta ceartaitheacha a fhorchur.

(141)  Airteagal 38-3 CIA.

(142)  Ní fhéadfar a cheapadh ina gCoimisinéirí PIPC ach daoine aonair a chomhlíonann na critéir seo a leanas: státseirbhísigh shinsearacha atá i gceannas ar ghnóthaí faisnéise pearsanta; iarbhreithiúna, iar-ionchúisitheoirí poiblí nó iardhlíodóirí a bhí i mbun a gcleachtas ar feadh 10 mbliana ar a laghad; iarbhainisteoirí ag a bhfuil taithí ar an gcosaint sonraí a bhí ag obair in institiúid nó in eagraíocht phoiblí ar feadh breis agus 3 bliana, nó ar mhol institiúid nó eagraíocht den sórt sin iad; agus iarollúna comhlacha ag a bhfuil eolas gairmiúil i réimse na cosanta sonraí a bhí ag obair ar feadh 5 bliana ar a laghad in institiúid acadúil (Airteagal 7-2 PIPA).

(143)  Féach freisin Airteagal 4-2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(144)  Féach Airteagal 7-7 PIPA, ar dá réir nach bhféadfaidh náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid na Cóiré iad ná baill de pháirtithe polaitiúla teacht chun bheith ina gcomhaltaí de PIPC. Tá feidhm ag an méid céanna maidir le daoine aonair a fuair cineálacha áirithe smachtbhannaí coiriúla, ar briseadh as a bpost iad le gníomhaíocht araíonachta le 5 bliana anuas, etc. (Airteagal 7-7 PIPA i gcomhar le hAirteagal 33 den Acht um Oifigigh Phoiblí).

(145)  Cé go dtagraítear le hAirteagal 7(2) PIPA do chumhacht ghinearálta an Phríomh-Aire faoi Airteagal 18 den Acht um Eagrú an Rialtais chun aon diúscairt neamhdhleathach nó éagórach ag gníomhaireacht riaracháin láir a chur ar fionraí nó a chúlghairm – le formheas an Uachtaráin – ní dheonaítear aon chumhacht den sórt sin i leith chumhachtaí imscrúdúcháin ná forfheidhmiúcháin PIPC (féach Airteagal 7(2) lit. 1, 2 PIPA). De réir mínithe a fuarthas ó rialtas na Cóiré, tá Airteagal 18 den Acht um Eagrú an Rialtais beartaithe chun an fhéidearthacht a thabhairt don Phríomh-Aire gníomhú in imthosca urghnácha, e.g. idirghabháil a dhéanamh i gcás easaontaithe idir gníomhaireachtaí difriúla de chuid an rialtais. Mar sin féin, níor bhain an Príomh-Aire úsáid as an gcumhacht sin riamh ón uair a glacadh an fhoráil sin thiar in 1963.

(146)  Nuair is gá na cúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 7-9(1) PIPA, feadfaidh PIPC tuairimí a lorg ó oifigigh phoiblí ábhartha, ó shaineolaithe ábhartha sa chosaint sonraí, ó eagraíochtaí sibhialta agus ó oibreoirí gnó ábhartha. Ina theannta sin, féadfaidh PIPC ábhair ábhartha a iarraidh, féadfaidh moltaí a eisiúint ar mhaithe le feabhas agus cigireacht a dhéanamh chun fáil amach cibé acu a chuirtear iad sin chun feidhme nó nach gcuirtear (Airteagal 7-9(2)-(5) P).

(147)  Féach freisin Airteagal 9 PIPA (Máistirphlean gach 3 bliana chun faisnéis phearsanta a chosaint) Airteagal 12 PIPA (Treoirlínte Caighdeánacha maidir le Cosaint Faisnéise Pearsanta), Airteagal 13 PIPA (beartais chun an fhéinrialáil a chur chun cinn agus chun tacú léi)

(148)  Thairis sin féadfaidh PIPC dul isteach ar áitreabh an rialaitheora chun iniúchadh a dhéanamh ar stádas oibriúcháin, taifid, doiciméid etc. an ghnó (Airteagal 63(2) PIPA). Féach freisin Airteagal 45-3 de CIA agus Airteagal 36-4 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CIA i ndáil le cumhachtaí PIPC faoin Acht sin.

(149)  Féach freisin Airteagal 45-4 de CIA maidir le cumhachtaí PICI faoi CIA.

(150)  Foráiltear an méid seo i Roinn 5 den Fhógra go bhfuil foras substaintiúil ann chun a mheas go raibh sárú ann i leith faisnéis phearsanta, agus gur dócha go mbeidh mainneachtain beart a dhéanamh ina cúis le damáiste a bheidh deacair a leigheas, de réir bhrí Mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 64 de PIPA, tagraíonn sé sin do shárú ar aon phrionsabal, ceart ná dleacht a áirítear sa dlí chun cearta daoine aonair ar fhaisnéis phearsanta a chosaint.’ Is amhlaidh an cás maidir le cumhachtaí PIPC faoi Airteagal 45-4 de CIA.

(151)  Airteagal 60 d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú PIPA

(152)  Thairis sin, i gcás inar deimhníodh córais próiseála agus cosanta faisnéise a oibríonn rialaitheoir a bheith comhlíontach le PIPA, ach nár comhlíonadh na critéir deimhnithe de bhun Airteagal 34-2(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, nó i gcás ina ndéantar sárú tromchúiseach ar aon “reacht a bhaineann le cosaint faisnéise [pearsanta]”, féadfaidh PIPC an deimhniú a chúlghairm (Airteagal 32-2(3), (5) PIPA). Tabharfaidh PIPC fógra don rialaitheoir maidir le cúlghairm den sórt sin agus déanfaidh sé an chúlghairm a fhógairt go poiblí, nó a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin nó san Iris Oifigiúil (Airteagal 34-4 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA). Meastar freisin go mbeidh fíneálacha riaracháin (Airteagal 52 de CIA) agus smachtbhannaí coiriúla (Airteagal 50 de CIA) ann le haghaidh sáruithe CIA.

(153)  De réir Airteagal 58(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA, i gcás imthosca speisialta ina bhfuil sé “neamhphraiticiúil” an chomhairle a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir bunús réasúnaithe a sholáthar do PIPC.

(154)  Agus cinneadh á dhéanamh maidir le nochtadh poiblí den sórt sin a dhéanamh, cuirfidh PIPA bunús agus déine an tsáraithe, an fad agus an mhinicíocht a bhaineann leis, chomh maith lena iarmhairtí (méid an damáiste) san áireamh. Tabharfar réamhfhógra don eintiteas lena mbaineann agus féidearthacht lena chosaint. Féach Airteagal 61(2), (3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(155)  Féach Airteagal 71 lit. 2 i dteannta le hAirteagal 18(1) de PIPA (mainneachtain na coinníollacha in Airteagal 17(3) de PIPA a urramú, a dtagraíonn Airteagal 18(1) dó). Féach freisin Airteagal 75(2) lit. 1 i dteannta le hAirteagal 17(2) de PIPA (mainneachtain an fhaisnéis is gá a sholáthar don duine lena mbaineann de bhun Airteagal 17(2) de PIPA, a dtagraíonn Airteagal 17(3) dó).

(156)  Thairis sin, ceadaítear le hAirteagal 74 2 de PIPA chun aon airgead, earra nó brabús eile a fhaightear mar iarmhairt ar an sárú a choigistiú, nó mura bhfuil sé indéanta iad a choigistiú, an tairbhe a fuarthas go neamhdhleathach a “bhailiú”.

(157)  Féach tuarascáil bhliantúil PIPC 2021, lgh. 50-55 (ar fáil sa Chóiréis amháin) ag https://www.pipc.go.kr/np/cop/bbs/selectBoardArticle.do?bbsId=BS074&mCode=C020010000&nttId=7511#LINK

(158)  Féach ag (ar fáil sa Chóiréis amháin) https://www.pipc.go.kr/np/cop/bbs/selectBoardArticle.do?bbsId=BS074&mCode=C020010000&nttId=6954#LINK.

(159)  Féach ag (ar fáil sa Chóiréis amháin) https://www.pipc.go.kr/np/cop/bbs/selectBoardArticle.do?bbsId=BS074&mCode=C020010000&nttId=7298&fbclid=IwAR3SKcMQi6G5pR9k4I7j6GNXtc8aBVDOwcURevvvzQtYI7AS40UKYXoOXo8.

(160)  Féach ag (ar fáil sa Chóiréis amháin): https://www.pipc.go.kr/np/cop/bbs/selectBoardArticle.do?bbsId=BS074&mCode=C020010000&nttId=7497#LINK.

(161)  Féach e.g. tuarascáil bhliantúil 2020 ag (ar fáil sa Chóiréis amháin) https://www.pipc.go.kr/np/cop/bbs/selectBoardList.do?bbsId=BS079&mCode=D070020000 agus soláthraítear na samplaí i mBéarla ag https://www.privacy.go.kr/eng/enforcement_02.do.

(162)  Féach tuarascáil bhliantúil PIPC ó 2021, lch. 174. In 2020, bhain gearáin den sórt sin, mar shampla, le bailiú sonraí gan toiliú, neamhchomhlíonadh oibleagáidí trédhearcachta, sáruithe PIPA ag próiseálaithe, bearta slándála neamhdhóthanacha, mainneachtain freagairt ar iarratais ó ábhair shonraí, chomh maith le fiosrúcháin ghinearálta.

(163)  Go háirithe, féadfaidh daoine aonair achomharc a dhéanamh maidir le feidhmiú, nó diúltú d’fheidhmiú, cumhachta poiblí ag gníomhaireacht riaracháin (Airteagal 2(1) lit. 1, Airteagal 3 lit. 1 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin). Soláthraítear faisnéis níos mionsonraithe ar ghnéithe nós imeachta, lena n-áirítear ceanglais inghlacthachta, in aithris (181).

(164)  Tá téarma oifige seasta ag na comhaltaí uile agus ní féidir iad a bhriseadh as an bpost ach ar chúis chóir (féach Airteagail 40(5), 41 de PIPA). Thairis sin, tá coimircí in Airteagal 42 de PIPA chun cosaint in aghaidh coinbhleachtaí leasa.

(165)  Féach Airteagal 44 de PIPA. Anuas air sin, féadfaidh sé dréacht-chomhréiteach agus réiteach gan idirghabháil a mholadh (féach Airteagal 46 de PIPA).

(166)  Anuas air sin, féadfaidh an Coiste idirghabháil a dhiúltú má mheasann sé go bhfuil sé míchuí idirghabháil a dhéanamh ar an díospóid mar gheall ar an gcineál a bhaineann léi, nó mar gheall gur cuireadh an t-iarratas ar idirghabháil isteach ar son cúis éagothroime (Airteagal 48 de PIPA).

(167)  Féach tuarascáil bhliantúil PIPC ó 2021, lgh. 179-180. Bhain na cásanna sin, inter alia, le sáruithe ar an gceanglas toiliú a fháil chun sonraí a bhailiú, an prionsabal teorannaithe de réir cuspóra, agus cearta na n-ábhar sonraí.

(168)  Féach Airteagal 49(1) de PIPA, ar dá réir nach mór damáiste a bheith déanta d’ábhair sonraí nó a gcuid ceart a shárú “ar bhealach comhionann nó comhchosúil”, agus in Airteagal 52 lit. 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA ina cheanglaítear nach mór do na “saincheisteanna móra a bhaineann leis an teagmhas a bheith comhchosúil i bhfírinne nó go dlíthiúil”.

(169)  Thairis sin, d’fhéadfadh go mbainfeadh daoine nach páirtithe iad tairbhe as dámhachtain idirghabhála chomhchoiteann a ghlacann an rialaitheoir mar d’fhéadfadh an Coiste um Idirghabháil Díospóide moladh don rialaitheoir plean cúitimh ina gcumhdaítear iad (freisin) a ullmhú agus a chur faoina bhráid (Airteagal 49(5) de PIPA).

(170)  Eadhon, grúpaí tomhaltóirí nó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha neamhbhrabúis de mhéid áirithe i dtéarmaí ballraíochta a bhfuil sé mar chuspóir sonrach acu sonraí a chosaint (cé go bhfuil ceanglas breise i gcás sa dara mír, is é sin nach mór gur chuir 100 ábhar sonraí ar chuir an (cineál céanna) sáraithe isteach orthu iarratas isteach chun cás dlí caingne aicmí a chomhdú). Féach Airteagal 51 de PIPA.

(171)  Leagtar síos freisin in Airteagail 43 go dtí 43-3 de CIA an dliteanas chun cúiteamh a íoc ar son damáistí a leanann as sáruithe ar an Acht sin.

(172)  Airteagal 750 den Acht Sibhialta.

(173)  Airteagal 751(1) den Acht Sibhialta.

(174)  Féach mar shampla, Cinneadh 2015Da251539, 251546, 251553, 251560, 251577 ón gCúirt Uachtarach, an 30 Bealtaine 2018. Anuas air sin, dheimhnigh an Chúirt Uachtarach go bhféadfadh dámhachtain damáistí a bheith mar thoradh ar sháruithe sonraí faoin Acht Sibhialta, féach Cinneadh 2011Da59834, 59858, 59841 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Nollaig 2012 (achoimre i mBéarla ar fáil ag http://library.scourt.go.kr/SCLIB_data/decision/9-69%202012.12.26.2011Da59834.htm). Sa chás sin, shoiléirigh an Chúirt Uachtarach, chun measúnú a dhéanamh cibé ar fhulaing, nó nár fhulaing, duine le hanacair mhothúchánach a cháilítear mar dhamáiste a bhfuil cúiteamh tuillte ina leith, ba cheart roinnt fachtóirí a chur san áireamh, amhail cineál agus saintréithe na faisnéise a sceitheadh, cé chomh hinaitheanta atá an duine aonair mar gheall ar an sárú, an fhéidearthacht go mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain a fháil ar na sonraí, a mhéid ar scaipeadh an fhaisnéis phearsanta, ar eascair aon sárú eile ar chearta an duine aonair as sin, an chaoi ar bainistíodh agus ar cosnaíodh an fhaisnéis phearsanta, etc.

(175)  Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadh (Airteagal 2(1) den Acht).

(176)  Airteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora chomhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (i bhfeighil ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta de chuid an airm agus faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).

(177)  Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit (a dtagraíonn don Acht Sibhialta), mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta.

(178)  Airteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.

(179)  Cinneadh 93Da40614 ón gCúirt Uachtarach, an 12 Aibreán 1996, agus Cinneadh 2008Da42430, an 2 Meán Fómhair 2011 (achoimre i mBéarla ar fáil ag https://www.scourt.go.kr/eng/supreme/decisions/NewDecisionsView.work?seq=696&pageIndex=1&mode=6&searchWord=).

(180)  Féach, mar shampla, Cinneadh 2008Da42430 ón gCúirt Uachtarach, an 2 Meán Fómhair 2011, (achoimre i mBéarla ar fáil ag https://www.scourt.go.kr/eng/supreme/decisions/NewDecisionsView.work?seq=696&pageIndex=1&mode=6&searchWord=).

(181)  Mar a mhínítear in aithris (127), féadfaidh mí-úsáid sonraí a bheith ina cion cóiriúil faoin Acht Cóiriúil.

(182)  Féach Schrems II, míreanna 174-175 agus an cásdlí a luaitear. Féach freisin, a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí na mBallstát, Cás C-623/17 Privacy International, ECLI:AE:C:2020:790, mír 65; agus Cásanna Uamtha C-511/18, C-512/18 agus C-520/18 La Quadrature du Net agus Eile, ECLI:AE:C:2020:791, mír 175.

(183)  Féach Schrems II, míreanna 176 agus 181, chomh maithe leis an gcásdlí a luaitear. Féach freisin, a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí na mBallstát, Príobháideachas Idirnáisiúnta, mír 68; agus La Quadrature du Net agus Eile, mír 132.

(184)  Féach Schrems II, mír 176. Féach freisin, a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí na mBallstát, Príobháideachas Idirnáisiúnta, mír 68; agus La Quadrature du Net agus Eile, mír 132.

(185)  Féach Schrems II, mír 179.

(186)  Féach Schrems II, míreanna 181-182.

(187)  Féach Schrems I, mír 95 agus Schrems II, mír 194. Chuige sin, chuir CBAE i bhfios go láidir maidir le comhlíontacht Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a ráthaíonn an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse neamhspleách agus neamhchlaonta, “[go g]cuireann sé leis an leibhéal cosanta is gá san Aontas Eorpach [agus] ní mór don Choimisiún é a chinneadh sula nglacann sé cinneadh leordhóthanachta de bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2016/679” (Schrems II, mír 186).

(188)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 1.1.

(189)  Airteagal 37(2) den Bhunreacht.

(190)  Airteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht. Ina theannta sin, leagtar amach in Airteagal 12(3) den Bhunreacht na tosca urghnácha faoinar féidir cuardaigh nó urghabhálacha a dhéanamh (ach bíonn barántas ex post de dhíth fós), i.e. in flagrante delicto nó, ar son coireachta atá faoi réir príosúnachta 3 bliana ar a laghad, má tá riosca ann go scriosfar fianaise nó go n-imeodh an t-amhrastach.

(191)  Airteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(192)  Airteagal 29(1) den Bhunreacht.

(193)  Airteagal 199(1) de CPA. Níos ginearálta, le linn dóibh a gcumhachtaí faoi CPA a fheidhmiú, ní mór d’údaráis phoiblí cearta bunúsacha amhrastach coiriúil agus aon duine eile lena mbaineann a urramú (Airteagal 198(2) de CPA).

(194)  Airteagal 14 d’Acht NIS.

(195)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 1.2.

(196)  Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA. Féach freisin Roinn 6 d’Fhógra Uimh. 2021-5 (Iarscríbhinn I). Níl feidhm ag an díolúine ó fhorálacha áirithe de PIPA ach i gcás ina bpróiseáiltear sonraí “chun críocha slándála náisiúnta”. Tráth a chríochnaíonn an cás slándála náisiúnta a bhí mar údar leis an bpróiseáil sonraí, ní féidir brath ar an díolúine a thuilleadh agus tá feidhm ag gach ceanglas de PIPA.

(197)  Ní fhéadfar cearta den sórt sin a theorannú ach nuair a fhoráiltear ina leith le dlí a mhéid agus a fhada is gá agus atá comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail, nó i gcás ina bhféadfadh damáiste a dhéanamh do shaol nó corp tríú páirtí, nó sárú gan údar ar mhaoin agus ar leasanna tríú páirtí a bheith mar thoradh ar an gceart a thabhairt. Féach Roinn 6 d’Fhógra Uimh. 2021-5.

(198)  Airteagal 58(4) de PIPA.

(199)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.1. Tagraíonn ionadaíocht oifigiúil ar Rialtas na Cóiré (Roinn 2.1 d’Iarscríbhinn II) freisin don fhéidearthacht faisnéis maidir le hidirbheart airgeadais a bhailiú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc ar bhonn an Achta um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI). Mar sin féin, ní fhorchuirtear le ARUSFTI ach oibleagáidí nochta ar rialaitheoirí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun CIA agus tá siad faoi réir fhormhaoirseacht FSC (féach aithris (13)). Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an Chinnte seo, níl ARUSFTI ábhartha don mheasúnú atá idir lámha.

(200)  In Airteagal 3 de CPPA luaitear an tAcht um an gCúirt Mhíleata mar bhunús dlí féideartha chun sonraí cumarsáide a bhailiú freisin. Mar sin féin, rialaíonn an tAcht bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscnamh os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). In aon chás, leagtar síos leis forálacha ginearálta maidir le cuardaigh agus urghabhálacha a rialú atá comhionann le CPA (féach e.g. Airteagail 146-149 agus 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata) agus mar shampla foráiltear leis nach bhféadfaidh post míleata a bhailiú ach i gcás inar gá leis le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántas ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach ar bhonn an Achta sin, bheadh feidhm ag na teorainneacha agus na coimircí de CPPA. Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.2.2 agus fonóta 50.

(201)  Airteagal 215(1) agus (2) de CPA. Féach freisin Airteagail 106(1), 107 agus 109 de CPA, lena bhforáiltear go bhféadfaidh cúirteanna cuardaigh agus urghabhálacha a dhéanamh fad a mheastar na hairteagail nó na daoine lena mbaineann a bheith nasctha le cás sonrach. Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.2.1.2.

(202)  Airteagal 199(1) de CPA.

(203)  Airteagal 106(3) de CPA.

(204)  Airteagal 106(3) de CPA.

(205)  Airteagal 215(1) agus (2) de CPA, Airteagal 113 de CPA. Le linn iarratas a dhéanamh ar bharántas, ní mór don údarás lena mbaineann ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháil (Airteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil). Ní mór don bharántas féin a shonrú, inter alia, ainmneacha amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm (Airteagal 114(1) i dteannta le hAirteagal 219 de CPA). Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.2.1.2.

(206)  Is é sin, i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag an láthair ciona (Airteagal 216(3) de CPA), sa chás sin ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoill (Airteagal 216(3) de CPA).

(207)  Airteagal 216(1) agus (2) de CPA.

(208)  Airteagail 218 de CPA. Thairis sin, mar a mhínítear i Roinn 2.2.1.2 d’Iarscríbhinn II, ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint.

(209)  Airteagal 321 den Acht Cóiriúil.

(210)  Airteagal 308-2 de CPA. Anuas air sin, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann (agus a d(h)líodóir) a bheith i láthair le linn forghníomhú barántais cuardaigh nó urghabhála agus agóid a dhéanamh, agus dá bhrí sin tráth a fhorghníomhaítear an barántas freisin (Airteagail 121 agus 219 de CPA).

(211)  Airteagal 121 agus 122 de CPA (maidir le cuardaigh), agus Airteagal 219 i dteannta le hAirteagal 106(4) de CPA (maidir le hurghabhálacha).

(212)  Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.2.2.1. Féadfar bearta den sórt sin a dhéanamh le cúnamh ó oibritheoirí teileachumarsáide ar cuireadh iallach orthu a dhéanamh tar éis cead scríofa a fuarthas ó chúirt a sholáthar do na hoibritheoirí sin (Airteagal 9(2) de CPPA), agus ní mór do na hoibritheoirí an cead sin a choinneáil (Airteagal 15-2 de CPPA agus Airteagal 12 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA). Féadfaidh soláthraithe teileachumarsáide diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart, agus tá toirmeasc orthu i ngach uile imthosca pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadh (Airteagal 9(4) de CPPA).

(213)  Airteagal 2(11) de CPPA.

(214)  Féach Airteagal 2(6) de CPPA, a thagraíonn do “cinsireacht” (ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile) agus Airteagal 2(7) de CPPA, a thagraíonn do “cúléisteacht teileafóin” (inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht leis na fuaimeanna, focail, siombail nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann nó ag cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh).

(215)  Airteagal 13(1) de CPPA. Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.2.2.3. Anuas air sin, ní féidir sonraí rianaithe suímh fíor-ama agus sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann le stáisiún bunáite sonrach a bhailiú ach le haghaidh imscrúduithe ar choireanna tromchúiseacha nó i gcás ina mbeadh sé deacair forghníomhú coire a chosc nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eile (Airteagal 13(2) de CPPA). Léirítear leis sin an gá atá le foráil a dhéanamh maidir le coimircí breise i gcás bearta atá sách sáiteach ar phríobháideachas, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(216)  Airteagail 13 agus 6 de CPPA.

(217)  Féach Airteagal 13(3) agus (9) i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus (6) de CPPA.

(218)  Airteagal 13(2) de CPPA.

(219)  Airteagal 13(3) de CPPA.

(220)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.2.2.3.

(221)  Airteagal 13(5) agus (6) de CPPA.

(222)  Airteagal 13(7) de CPPA. Thairis sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó in aghaidh na bliana ar nochtadh sonraí deimhnithe cumarsáide don Aireacht Eolaíochta agus TFC.

(223)  Féach Airteagal 13-3(7) i gcomhréir le hAirteagal 9-2 de CPPA. Go háirithe, ní mór fógra a thabhairt do dhaoine aonair laistigh de 30 lá tar éis gur glacadh le cinneadh (gan) ionchúiseamh nó laistigh de 30 lá tar éis 1 bhliain amháin i ndiaidh an dáta a dhéantar cinneadh díotáil a chur ar fionraí (cé nach mór fógra a sholáthar in aon chás laistigh de 30 lá tar éis 1 bhliain amháin i ndiaidh gur bailíodh na sonraí), féach Airteagal 13-3(1) de CPPA.

(224)  Airteagal 13-3(2)-(3) de CPPA.

(225)  Airteagal 13-3(4) de CPPA.

(226)  Airteagal 13-3(5) de CPPA. Ar iarraidh ón duine aonair, ní mór d’ionchúisitheoir nó d’oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá tar éis dó an iarraidh a fháil, ach amháin i gcás a bhfuil feidhm ag ceann amháin de na heisceachtaí le haghaidh iarchur (Airteagal 13-3(6) de CPPA).

(227)  Mar shampla, éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí, coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleata, féach Airteagal 5(1) de CPPA. Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.2.2.2.

(228)  Airteagail 3(2) agus 5(1) de CPPA.

(229)  Airteagal 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(230)  Airteagal 4 de CPPA.

(231)  Airteagal 6(1), (2) agus (5)-(6) de CPPA.

(232)  Ní mór d’iarratas ar bharántas tuairisc a thabhairt ar (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras (prima facie) go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar tacaíochta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an chaoi a ndéanfaí iad (Airteagal 6(4) de CPPA agus Airteagal 4(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA). Ní mór don bharántas féin na bearta a shonrú chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an chaoi a ndéanfar iad (Airteagal 6(6) de CPPA).

(233)  Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta ama (Airteagal 5(2) de CPPA).

(234)  Airteagail 8(1) de CPPA. Mar sin féin, ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le “ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála” i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandála (Airteagal 8(4) de CPPA).

(235)  Ní mór éirí as an mbailiú láithreach má mhainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig (Airteagal 8(2) de CPPA), sa chás sin, mar a mhínítear i Roinn 2.2.2.2 d’Iarscríbhinn II, scriosfar an fhaisnéis bhailithe i bprionsabal. Ní mór fógra a thabhairt don chúirt freisin i gcás inar tugadh bearta éigeandála i gcrích i dtréimhse chomh gairid nach raibh gá le cead (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach díreach tar éis an t-idircheapadh a thionscain, féach Airteagal 8(5) de CPPA). Sa chás sin, ní mór faisnéis a chur ar fáil don chúirt maidir leis an gcuspóir, an sprioc, an raon feidhme, an áit feidhmithe agus an modh bailithe chomh maith leis na forais gan iarraidh a chomhdú chun cead na cúirte a fháil (Airteagal 8(6)-(7) de CPPA).

(236)  Airteagal 6(7) de CPPA. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn.

(237)  Airteagal 6(7)-(8) de CPPA.

(238)  Airteagal 6(8) de CPPA.

(239)  Airteagal 9(3) de CPPA.

(240)  Airteagal 18(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(241)  Go háirithe, ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine aonair laistigh de 30 lá ó dhíotáil nó diúscairt gan díotáil nó gabháil (Airteagal 9-2(1) de CPPA). Féadfar an fógra a iarchur le formheas ó cheannaire na hoifige dúiche ionchúisitheora phoiblí más dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh air (Airteagal 9-2(4)-(6) de CPPA).

(242)  Airteagail 16 agus 17 de CPPA.

(243)  Airteagal 83(3) de TBA. Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.2.3.

(244)  Airteagal 2(9) de TBA.

(245)  Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.2.3.

(246)  Airteagal 83(4) de TBA. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinne (Airteagal 83(4) TBA).

(247)  Airteagal 18(2) PIPA

(248)  Cinneadh Uimh. 2012Da105482 ón gCúirt Uachtarach an 10 Márta 2016. Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.2.3, maidir leis an gCinneadh seo ón gCúirt Uachtarach.

(249)  Airteagal 83(3)-(6) de TBA.

(250)  Tá an ceanglas sin faoi réir eisceachtaí teoranta agus cáilithe, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt, a fhad agus go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás ina mbeidh na cearta nó na leasanna sin níos uachtaraí go follasach ná cearta an ábhair sonraí. Féach Roinn 3, (iii) (1) den Fhógra.

(251)  Go háirithe, éilítear ar údaráis phoiblí na Cóiré a áirithiú, trí ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, leibhéal cosanta atá comhionann le PIPA, féach freisin aithris (90).

(252)  Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 1.2.

(253)  Féach aithris (158).

(254)  Airteagal 12 de CPPA. Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.2.2.2.

(255)  Ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.

(256)  Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le coinneáil mar chuid d’iarratas ar údarú den sórt sin (Airteagal 12-2(3) de CPPA). Mura ndéantar aon iarratas, ní mór na sonraí a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis dheireadh an bhirt a chuireann srianta le cumarsáid (Airteagal 12-2(5) de CPPA), agus má dhiúltaítear don iarratas, laistigh de 7 lá (Airteagal 12-5(5) de CPPA). Sa dá chás sin, ní mór tuairisc ar an scriosadh a chomhdú leis an gcúirt a d’údaraigh an bailiú laistigh de 7 lá.

(257)  Airteagal 11(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(258)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.3.

(259)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 2.3.1. Féach freisin https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp.

(260)  Ar an gcaoi chéanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos sa Ghníomh, féach Airteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(261)  Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(262)  Airteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(263)  Airteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(264)  Airteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(265)  Airteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(266)  Airteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(267)  Féach Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) de PIPA.

(268)  Féach freisin Fógra Uimh. 2021-5, roinn 6 (Iarscríbhinn I).

(269)  Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.3.4.

(270)  Airteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC).

(271)  Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) molta ag grúpaí sochaí sibhialta (Airteagal 5(3) d'Acht NHRC). Thairis sin, agus iad ceaptha, toirmeasctar ar na Coimisinéirí a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla, nó in aon rialtas Stáit nó áitiúil (mar oifigeach poiblí), féach Airteagal 10 d'Acht NHRC.

(272)  Airteagal 5(1) agus 2 d’Acht NHRC.

(273)  Airteagal 5(5) d’Acht NHRC.

(274)  Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d’Acht NHRC.

(275)  Airteagal 36 d’Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil aige ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh ann roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ar cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun go mbeifear in ann athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.

(276)  Airteagal 25(1), (3) d'Acht NHRC.

(277)  Airteagal 25(4) d’Acht NHRC.

(278)  Mar shampla, idir 2015 agus 2019, fuair NHRC idir 1 380 agus 1 699 achainí in aghaidh na n-údarás forfheidhmithe dlí choiriúil go bliantúil agus láimhseáil NHRC méid achainíocha a bhí chomh hard céanna (e.g., láimhseáil sé 1 546 gearán in aghaidh na bpóilíní in 2018 agus 1 249 in 2019); rinne sé roinnt imscrúduithe ex officio freisin, ar a dtugtar tuairisc ar bhealach níos mionsonraithe i dTuarascáil bhliantúil NHRC 2018 (atá le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7602641) agus i dtuarascáil bhliantúil 2019 (atá le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7606217).

(279)  Airteagail 20 agus 24 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta). Féach Iarscríbhinn II, 2.3.2.

(280)  Airteagal 2(1) d’Acht BAI.

(281)  Airteagal 2(2) d’Acht BAI.

(282)  Airteagal 4(1) d’Acht BAI.

(283)  Airteagail 5(1) agus 6 d’Acht BAI.

(284)  Mar shampla, tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad), féach Airteagal 7 d'Acht BAI. Ina theannta sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó in aon phost eile dá n-íoctar luach saothair (Airteagal 9 Acht BAI).

(285)  Airteagal 8 d’Acht BAI.

(286)  Féach e.g. Airteagal 27 d’Acht BAI.

(287)  Airteagail 24 agus 31-35 d'Acht BAI.

(288)  Airteagal 128 den um an Tionól Náisiúnta agus Airteagail 2, 3 agus 15 den um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí an rialtais ina iomláine ach imscrúduithe ar ábhair shonracha freisin.

(289)  Féach Iarscríbhinn, roinn 2.2.3.

(290)  Airteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.

(291)  Airteagal 16(2) den Ghníomh um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(292)  Airteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(293)  Airteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(294)  Féadfar an ceart sin a fheidhmiú go díreach vis-à-vis an t-údarás inniúil, nó go hindíreach trí PIPC (Airteagal 35(2) PIPA). Mar a thugtar tuairisc níos mionsonraithe air in aithrisí (76)-(78), ní bheidh feidhm ag eisceachtaí maidir leis na cearta sin ach amháin nuair is gá chun leasanna (poiblí) tábhachtacha a chosaint.

(295)  Airteagail 40-50 de PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú PIPA. Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 2.4.1.

(296)  Airteagal 62 de PIPA.

(297)  Mar a mhínítear in Iarscríbhinn II, Roinn 2.4.2, cé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma “cónaíonn”. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré. Féach go háirithe na míniúcháin a thugtar ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2.

(298)  44 d’Acht NHRC.

(299)  Féadfaidh duine aonair iarraidh go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhála freisin, féach Airteagail 42 et seq. d’Acht NHRC.

(300)  Airteagal 42(4) d’Acht NHRC. Thairis sin, féadfaidh NHRC bearta práinneacha faoisimh a ghlacadh i gcás sárú atá ar siúl fós agus ar dócha go mbeidh sé ina cúis le damáiste a bheidh deacair a réiteach mura ngníomhófar ina leith, féach Airteagal 48 d'Acht NHRC.

(301)  Ní mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí coiriúil ná sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).

(302)  Mar shampla, roimhe seo, tá gearáin láimhseáilte agus moltaí eisithe ag NHRC i leith urghabhálacha neamhdhleathacha agus sárú ar an gceanglas daoine aonair a chur ar an eolas faoi urghabháil (féach lgh. 80 agus 91 de thuarascáil bhliantúil NHRC 2018, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7604746), mar aon le próiseáil neamhdhleathach faisnéise pearsanta ag na póilíní, ionchúisitheoirí agus cúirteanna, féach pp. 157-158 de thuarascáil bhliantúil NHRC 2019, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7603308, agus p. 76 de thuarascáil bhliantúil 2019, ar fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7606217

(303)  Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC go heisceachtúil cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin stáit ar dócha go mbeidh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta, nó i gcás ina mbeadh an chigireacht ina constaic thromchúiseach roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh, agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(304)  Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú ag Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.

(305)  Féach Iarscríbhinn II, 2.4.3.

(306)  Airteagal 417 de CPA i gcomhcheangal le hAirteagal 414(2) de CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach an 29 Meán Fómhair 1997.

(307)  Tagraítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do “dhiúscairt”, i.e. feidhmiú cumhachta poiblí, nó diúltú an chumhacht sin a fheidhmiú, i gcás sonrach.

(308)  Faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, tagraítear leis sin don mhainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a ghlacadh atá contrátha le hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh.

(309)  Féadfar dúshlán riaracháin a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bunaíodh faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta Sibhialta (Airteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin), mar bhealach sásaimh níos neamhfhoirmiúla. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, ar bhonn an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin.

(310)  Cinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.

(311)  Airteagail 12, 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Ina theannta sin, ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha, nó tarlaithe na neamhghníomhaíochta, ach amháin i gcás inarb ann do chúiseanna inchosanta (Airteagail 20 agus 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin). Tá léirmhíniú leathan déanta ag an gCúirt Uachtarach ar an gcoincheap maidir le “cúiseanna inchosanta” agus ceanglaítear measúnú a dhéanamh ar cibé acu a bhfuil sé inghlactha go sóisialta nó nach bhfuil go gceadófar gearán moillithe a dhéanamh, i bhfianaise imthosca uile an cháis (Cinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991). Mar a dheimhnigh rialtas na Cóiré i roinn 2.4.3 d’Iarscríbhinn II, áirítear leis sin (gan a bheith teoranta dóibh), cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aige/aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).

(312)  Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach an 26 Márta 2006.

(313)  Airteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(314)  Airteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(315)  Airteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Mar a mhínítear freisin in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn II, roinn 2.4.3., ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil de bhun Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, beidh gearán fós inghlactha má bhíonn “cúiseanna inchosanta” leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas i bhfonóta 312. Más gá réitigh eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le réiteach den sórt sin (Airteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil).

(316)  Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.

(317)  75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(318)  Airteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.

(319)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 3.1.

(320)  Is é sainordú NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha a bhailiú, a thiomsú agus a scaipeadh (i.e. faisnéis ghinearálta maidir le treochtaí agus le forbairtí i ndáil le tíortha eachtracha, nó le gníomhaíochtaí gníomhaithe stáit); faisnéis a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), na sceimhlitheoireachta agus na ngníomhaíochtaí ag cairtéil choiriúla idirnáisiúnta; faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhrac (Airteagal 4(2) d’Acht NIS). Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 3.1.

(321)  Go heisceachtúil, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú freisin chun críocha slándála náisiúnta (féach fonóta 327 agus Iarscríbhinn II, roinn 3.2.1.2). Ina theannta sin, tá cumhachtaí i réimse na slándála náisiúnta ag gníomhaireacht faisnéise mhíleata na Cóiré (an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, atá bunaithe faoin Aireacht Cosanta). Mar sin féin, mar a mhínítear in Iarscríbhinn II, roinn 3.1, níl an ghníomhaireacht freagrach ach as faisnéis mhíleata amháin agus ní dhéanann faireachas ar shibhialtaigh ach amháin i gcás inar gá sin chun a feidhmeanna míleata a dhéanamh. Go háirithe, ní féidir leis an ngníomhaireacht imscrúdú a dhéanamh ach ar phearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidh (Airteagal 1, an tAcht um an gCúirt Mhíleata). Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.

(322)  Airteagail 14, 22 agus 23 d’ Acht NIS.

(323)  Airteagal 4(2) d’Acht NIS.

(324)  Airteagail 3(1), 6(2), 11, 21 d’Acht NIS. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12 d’Acht NIS.

(325)  Airteagal 13 d'Acht NIS.

(326)  Áirítear leis sin na gníomhaireachtaí faisnéise (i.e. NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta) agus na póilíní/ionchúisitheoirí.

(327)  Airteagal 7(1)1 de CPPA.

(328)  Mar a mhínigh rialtas na Cóiré i bhfonóta 244 d’Iarscríbhinn II, tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre.

(329)  Airteagal 7(1)2 de CPPA

(330)  Airteagal 13-4 CPPA.

(331)  Airteagal 7(1) de CPPA.

(332)  Airteagal 3(2) de CPPA. Ina theannta sin, ní mór éirí as bearta a chuireann srianta le cumarsáid láithreach nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áirithítear go n-íoslaghdaítear aon sárú ar rúin cumarsáide an duine aonair oiread agus is féidir (Airteagal 2 d'Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA)

(333)  Airteagal 7(2) de CPPA.

(334)  Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, agus na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar ann (Airteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA).

(335)  Féach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA ar dá réir a bhfuil feidhm ag na nósanna imeachta, is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide freisin. Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 3.2.1.1.1.

(336)  Airteagail 6(5), (8) agus 7(1)1, (3) agus CPPA i gcomhar le hAirteagal 7(3)-(4) d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.

(337)  Féach Airteagal 7(3) agus 6(4) CPPA (le haghaidh na hiarrata ón ngníomhaireacht faisnéise), Airteagal 4 d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA (le haghaidh an iarratais ag an Ionchúisitheoir) agus Airteagail 7(3) agus 6(6) CPPA (le haghaidh an bharántais).

(338)  Airteagal 8 de CPPA.

(339)  Airteagal 8(2) agus (8) de CPPA. Mura bhfaighfear cead ón gcúirt laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór éirí as an mbailiú láithreach. I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead ón gcúirt as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, lenar féidir, ar an mbonn sin, dlíthiúlacht an bhailithe a scrúdú (Airteagal 8(5) agus (7) CPPA). Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA). Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta éigeandála a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh siad i gcomhréir le “ráiteas cinnsireachta/cúléisteachta teileafóin éigeandála” agus ní mór dóibh taifid ar bhearta den sórt sin a choimeád (Airteagal 8(4) CPPA).

(340)  Airteagal 8(1), 2 d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.

(341)  Airteagal 8(3) d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) de CPPA.

(342)  Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA).

(343)  Airteagal 8(9) de CPPA. Mura bhfaightear an formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór éirí as an mbailiú láithreach.

(344)  Airteagal 9(2) de CPPA agus Airteagal 12 d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA. Féach Airteagal 13 d'Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA i dtaca leis an bhféidearthacht iallach a chur ar oifigí poist agus ar sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide cúnamh a thabhairt. Maidir le hoibreoirí príobháideacha a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh nuair a thagraíonn an barántas/an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair eile í seachas an duine a shainaithnítear). In aon chás, toirmeasctar orthu pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadh (Airteagal 9(4) de CPPA).

(345)  Le haghaidh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór na taifid sin a choimeád ar feadh 3 bliana, féach Airteagal 9(3) de CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA. I leith sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise taifid a choimeád den fhíoras go ndearnadh iarraidh ar na sonraí sin, mar aon le taifid den iarraidh scríofa féin agus den institiúid a bhí ag brath uirthi (Airteagal 13(5) agus 13-4(3) de CPPA). Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide taifid a choimeád ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain maidir le minicíocht nochtuithe den sórt sin (Airteagal 9(3) de CPPA i gcomhar le hAirteagal 13(7) de CPPA agus Airteagail 37(4) agus 39 d’Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA).

(346)  Airteagal 18(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(347)  Airteagail 9-2(3) agus 13-4 de CPPA. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin.

(348)  Airteagal 9-2(4) de CPPA. Sa chás sin, ní mór an fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurtha, féach Airteagal 13-4(2) agus 9-2(6) de CPPA.

(349)  Is é sin, baill de ghrúpa sceimhlitheoireachta (arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe, féach Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.); daoine a dhéanann smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh, a thiomsaíonn nó a ranníocann cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachta, nó a théann i mbun gníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta; nó daoine a bhfuil forais mhaithe amhrais ina leith go ndearna siad gníomhaíochtaí den sórt sin (Airteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). Sainmhínítear “an sceimhlitheoireacht” in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údaráis an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun tabhairt ar an údarás sin aon ghníomhaíocht a dhéanamh gan aon oibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh, nó bagairt ar an bpobal. Féadfar a áireamh le hiompar den sórt sin mar shampla duine a mharú, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; long nó aerárthach a fhuadach/a urghabháil, a scriosadh nó a dhamáistiú; airm bhithcheimiceacha, phléasctha, nó loiscneacha a úsáid agus é de rún a bheith mar chúis báis, gortaithe nó damáiste tromchúisigh; agus mí-úsáid a bhaint as ábhair núicléacha nó radaighníomhacha.

(350)  Airteagal 9(1) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(351)  Cé go dtagraítear leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta don fhéidearthacht chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi ar bhonn an Achta Imirce agus an Achta Custaim, ní dhéantar foráil leis na dlíthe sin maidir le cumhachtú den sórt sin faoi láthair (féach roinn 3.2.2.1 d’Iarscríbhinn II). In aon chás, ní bheadh feidhm acu i bprionsabal maidir le sonraí a aistrítear ar bhonn an Chinnidh sin, toisc go mbainfidís, de ghnáth, le faisnéis a bhaileodh údaráis na Cóiré go díreach (seachas rochtain ar shonraí a aistríodh ón Aontas chuig rialaitheoirí den Chóiré roimhe seo). Ina theannta sin, liostaítear leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta ARUSFTI mar bhonn dlíthiúil chun faisnéis ar idirbhearta airgeadais a bhailiú. Mar sin féin, mar a mhínítear i bhfonóta 200, ní thagann na cineálacha sonraí a d’fhéadfaí a fháil ar bhonn an Achta sin faoi réim raon feidhme an Chinnidh sin. Ar deireadh, déantar foráil leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta freisin go bhféadfaidh NIS faisnéis suímh a bhailiú trí iarrataí neamhcheangailteacha, agus sa chás sin, d’fhéadfadh soláthraithe faisnéise suímh faisnéis den sórt sin a nochtadh go saorálach faoi na coinníollacha a leagtar amach in PIPA (ar a dtugtar tuairisc in aithris (193)) agus san Acht um Fhaisnéis Suímh. Mar sin féin, mar a mhínítear freisin i bhfonóta 17, ní aistreofaí faisnéis suímh ón Aontas chuig rialaitheoirí den Chóiré ar bhonn an Chinnidh sin, ach ghinfí lasmuigh den Chóiré ina áit sin í.

(352)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 3.2.2.2.

(353)  Féach Airteagal 58(4) PIPA, lena gceanglaítear go ndéanfar faisnéis phearsanta a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach, agus Airteagal 3(6) PIPA, lena ndéantar foráil nach mór faisnéis phearsanta a phróiseáil ar bhealach chun an fhéidearthacht a íoslaghdú go sárófar príobháideachas an duine aonair. Féach freisin Airteagal 59 lit. 2, 3 PIPA, ar dá réir sin a dtoirmeasctar ar rialaitheoirí faisnéis phearsanta a nochtadh do thríú páirtithe gan údarás.

(354)  Airteagal 83(3) de TBA.

(355)  Féach freisin Iarscríbhinn II, roinn 3.2.3.

(356)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 1.2.

(357)  Airteagail 5(1)-(2), 12 agus 13-5 de CPPA.

(358)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 3.3.

(359)  Airteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, agus tá roinnt airí agus cinn gníomhaireachtaí rialtasacha air, amhail na hAirí Gnóthaí Eachtracha, Dlí agus Cirt, um Chosaint Náisiúnta, agus Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS agus Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Póilíneachta Náisiúnta (Airteagal 3(1) d’Fhoraithne um Forfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta).

(360)  Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(361)  Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(362)  Is é sin, aon duine atá cáilithe mar aturnae a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad aige nó aici, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag feidhmiú nó a d’fheidhmigh (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a d’fheidhmigh mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach (Airteagal 7(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta).

(363)  Cuir i gcás, nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil i ndáil lena chuid nó lena cuid dualgas é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó colanda fadtéarmach (Airteagal 7(3) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta).

(364)  Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(365)  Airteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.

(366)  Airteagal 9(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. I gcomhréir le hionadaíocht oifigiúil ó rialtais na Cóiré, thabharfaí mainneachtain chun moladh ón HPRO a chur chun feidhme aníos leis an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta, an Príomh-Aire san áireamh, cé nach bhfacthas aon chás go nuige seo nár cuireadh chun feidhme moltaí ón HPRO (féach roinn 3.3.1 d’Iarscríbhinn II).

(367)  Iarscríbhinn II, roinn 3.3.4.

(368)  Go sonrach i ndáil leis an NIS, tá an NHRC tar éis imscrúduithe ex officio a dhéanamh agus roinnt gearán aonair a láimhseáil roimhe seo. Féach e.g. Tuarascáil bhliantúil NHRC le haghaidh 2018, lch. 128 (atá ar fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7604746) agus Tuarascáil bhliantúil NHRC le haghaidh 2019, lch. 70 (atá ar fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7606217).

(369)  Airteagal 13(1) d’Acht NIS.

(370)  Airteagail 36 agus 37(1)15 den Acht um an gComhthionól Náisiúnta.

(371)  Airteagal 15 de CPPA.

(372)  Airteagal 15(2) d’Acht NIS.

(373)  Airteagal 17(2) d’Acht NIS. Sainítear “rúin stáit” mar fhíorais, earraí nó eolas (rúnaicmithe) nach nochtfar le haon tír ná eagraíocht eile d’fhonn aon mhíbhuntáiste don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, agus nach gceadaítear ach rochtain theoranta a dhéanamh orthu. Féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.

(374)  Airteagail 58(4) agus 4(5) de PIPA. Féach Iarscríbhinn II, roinn 3.4.2.

(375)  Airteagail 62 agus 63(2) de PIPA.

(376)  Fógra Uimh. 2021-5 (Roinn 6, Iarscríbhinn I).

(377)  Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(378)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 3.4.1.

(379)  Mar shampla, faigheann NHRC gearáin in aghaidh na Seirbhíse Faisnéise Náisiúnta ar bhonn tráthrialta, féach na figiúirí i dTuarascáil bhliantúil NHRC le haghaidh 2019 maidir le líon na ngearán a fuarthas idir 2015 agus 2019, lch. 70 (ar fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/view?menuid=002003003001&pagesize=10&boardtypeid=7017&boardid=7606217).

(380)  Féach Iarscríbhinn II, roinn 3.4.4.

(381)  Schrems, mír 65.

(382)  Schrems, mír 65: “It is incumbent upon the national legislature to provide for legal remedies enabling the national supervisory authority concerned to put forward the objections which it considers well founded before the national courts in order for them, if they share its doubts as to the validity of the Commission decision, to make a reference for a preliminary ruling for the purpose of examination of the decision's validity.”[Ní mór don reachtas náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le leigheasanna dlí lena gcumasófar an t-údarás náisiúnta maoirseach lena mbaineann na hagóidí a chur os comhair na gcúirteanna náisiúnta a measann sé a bhfuil bunús maith leo, d’fhonn go ndéanfaidís iad a tharchur le haghaidh réamhbhreithiúnais, má thagann siad lena amhrais maidir le bailíocht an chinnidh ón gCoimisiún, chun na críche iniúchadh a dhéanamh ar bhailíocht an chinnidh.]

(383)  Schrems, mír 76.

(384)  I gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, “[f]orálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, […] ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin.”

(385)  Foráiltear in Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 nach mór athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh “ar a laghad uair amháin gach 4 bliana”. Féach freisin an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Leordhóthanacht Thagrach, WP 254 rev. 01.

(386)  Féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(387)  Opinion 32/2021 regarding the European Commission Draft Implementing Decision pursuant to Regulation (EU) 2016/679 on the adequate protection of personal data in the Republic of Korea[Tuairim 32/2021 maidir le Dréachtchinneadh Cur chun Feidhme ón gCoimisiún Eorpach de bhun Rialachán (AE) 2016/679 maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith], atá ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://edpb.europa.eu/our-work-tools/our-documents/opinion-art-70/opinion-322021-regarding-european-commission-draft_en.


IARSCRÍBHINN I

RIALACHA FORLÍONTACHA MAIDIR LE LÉIRMHÍNIÚ AGUS LE CUR I BHFEIDHM AN ACHTA UM CHOSAINT FAISNÉISE PEARSANTA A BHAINEANN LE PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA A AISTRÍTEAR CHUIG AN GCÓIRÉ

Ábhar

I.

Breac-Chuntas 54

II.

Sainmhínithe ar théarmaí 55

III.

Rialacha forlíontacha 55

1.

Teorainn le hÚsáid Lasmuigh de Chuspóir na Faisnéise agus le Soláthar Faisnéise Pearsanta (Airteagail 3, 15 agus 18 den Acht) 55

2.

Teorainn le Sonraí pearsanta a Aistriú ar aghaidh (Airteagail 17(3) (4), Airteagal 18 den Acht) 57

3.

Fógra le haghaidh na sonraí i gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí (Airteagal 20 den Acht) 58

4.

Raon feidhme chur i bhfeidhm na díolúine speisialta maidir le próiseáil faisnéise faoi ainm bréige (Airteagail 28-2, 28-3, 28-4, 28-5, 28-6 agus 28-7, Airteagal 3, Airteagal 58-2 den Acht) 60

5.

Bearta ceartaitheacha, etc. (Míreanna 1, 2 agus 4 d’Airteagal 64 den Acht) 61

6.

Cur i bhfeidhm PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta lena n-áirítear imscrúdú sáruithe agus forfheidhmiú i gcomhréir le PIPA (Airteagail 7-8, Airteagail 7-9, Airteagal 58, Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 62 de PIPA) 62

I.   Breac-Chuntas

Tá an Chóiré agus an tAontas Eorpach (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta) tar éis a bheith i mbun pléití leordhóthanachta, ar chinn an Coimisiún Eorpach dá dtoradh go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí pearsanta á ráthú ag an gCóiré de réir Airteagal 45 de RGCS.

Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta an Fógra seo bunaithe ar Airteagal 5 (Oibleagáidí an Stáit, etc.) agus ar Airteagal 14 (Comhar Idirnáisiúnta) (1) den Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta chun léirmhíniú, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú forálacha áirithe den Acht a shoiléiriú, lena n-áirítear maidir le próiseáil sonraí pearsanta a aistrítear chuig an gCóiré bunaithe ar chinneadh leordhóthanachta an Aontais.

Mar gheall go bhfuil stádas rialach riaracháin ag an bhFógra seo mar a mbunaíonn agus a bhfógraíonn an ghníomhaireacht riaracháin inniúil na caighdeáin, agus go ndéanann sí na caighdeáin a shoiléiriú maidir leis an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta a léirmhíniú, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gcóras dlí na Cóiré, tá brí cheangailteach ó thaobh dlí de ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta sa chiall is go bhféadfar aon sárú ar an bhFógra seo a mheas ina shárú ar fhorálacha ábhartha PIPA. Ina theannta sin, más rud é go sáraítear cearta agus leasanna pearsanta i ngeall ar shárú an Fhógra seo, tá daoine ábhartha i dteideal sásamh a fháil ón gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta nó ón gcúirt.

Dá réir sin, más rud é go mainníonn an rialaitheoir faisnéise pearsanta, a phróiseálann an fhaisnéis phearsanta a aistrítear chuig an gCóiré de réir chinneadh leordhóthanachta an Aontais, bearta a dhéanamh a chomhlíonann an Fógra seo, measfar ‘go bhfuil foras substaintiúil ann chun a mheas go raibh sárú ann i leith faisnéis phearsanta, agus gur dócha go mbeidh mainneachtain beart a dhéanamh ina cúis le damáiste a bheidh deacair a leigheas’, de bhun Mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 64 den Acht. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta nó gníomhaireachtaí riaracháin láir gaolmhara ordú don rialaitheoir faisnéise pearsanta ábhartha bearta ceartaitheacha a dhéanamh, etc., de réir an údaráis a thugtar leis an bhforáil sin, agus, ag brath ar sháruithe sonracha ar an dlí, féadfar pionósú comhfhreagrach (pionóis, fíneálacha riaracháin, etc.) a fhorchur freisin.

II.   Sainmhíniú ar théarmaí

Is mar a leanas na sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear san fhoráil seo:

(i)

An tAcht: An tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (Acht Uimh. 16930, arna leasú an 4 Feabhra 2020, agus arna fhorfheidhmiú an 5 Lúnasa 2020)

(ii)

Foraithne ón Uachtarán: Foraithne um Fhorfheidhmiú an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta (Foraithne ón Uachtarán Uimh. 30509, 03. Mí an Mhárta, 2020., Lena Leasaítear Achtanna Eile)

(iii)

Ábhar sonraí: duine atá in-sainaitheanta leis an bhfaisnéis a phróiseáiltear leis seo chun teacht chun bheith in ábhar na faisnéise sin

(iv)

Rialaitheoir faisnéise pearsanta: institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach mar chuid dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí;

(v)

An tAontas: An tAontas (Ag deireadh mhí Feabhra 2020, 27 mBallstát (2), lena n-áirítear an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Danmhairg, Éire, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn, an Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn, an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Rómáin, an Bhulgáir agus an Chróit) mar aon le tíortha atá bainteach leis an Aontas trí Chomhaontú EEA (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua).

(vi)

RGCS: Dlí ginearálta an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679)

(vii)

Cinneadh leordhóthanachta: De réir Mhír 3 d’Airteagal 45 de RGCS, chinn an Coimisiún Eorpach go ráthóidh tríú tír, críoch tríú tír, limistéar amháin nó níos mó nó eagraíocht idirnáisiúnta leibhéal oiriúnach cosanta faisnéise pearsanta.

III.   Rialacha forlíontacha

1.   Teorainn le hÚsáid Lasmuigh de Chuspóir na Faisnéise agus le Soláthar Faisnéise Pearsanta (Airteagail 3, 15 agus 18 den Acht)

<an tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(Acht Uimh. 16930, arna leasú go páirteach an 4 Feabhra 2020)>

Airteagal 3 (Prionsabail chun Faisnéis Phearsanta a Chosaint) (1) Sonróidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta go sainráite na críocha dá bhfuil faisnéis phearsanta á próiseáil; agus baileoidh an t-íosmhéid faisnéise pearsanta is gá chun na gcríoch sin go dleathach agus go cóir.

(2) Próiseálfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta ar bhealach iomchuí is gá chun na gcríoch a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh, agus ní úsáidfidh sé an fhaisnéis lasmuigh de na críocha sin.

Airteagal 15 (Faisnéis Phearsanta a Bhailiú agus a Úsáid) (1) Féadfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta a bhailiú in aon cheann de na himthosca seo a leanas, agus í a úsáid laistigh de raon feidhme chríoch a bailithe:

1.

I gcás ina bhfaighfear toiliú ó ábhar sonraí;

2.

I gcás inarb ann d’fhorálacha speisialta i ndlíthe nó i gcás inar dosheachanta an bailiú nó an úsáid sin chun oibleagáidí dlíthiúla a urramú;

3.

I gcás inar dosheachanta an bailiú nó an úsáid sin chun go bhfeidhmeoidh institiúid phoiblí a dualgais faoina dlínse mar a fhorordaítear le reachtanna, etc.;

4.

I gcás inar dosheachanta gur gá amhlaidh a dhéanamh chun conradh le hábhar sonraí a fhorghníomhú agus a fheidhmiú;

5.

I gcás ina mbeidh gá follasach leis sin chun saol, corp nó leasanna maoine an ábhair sonraí nó tríú páirtí a chosaint ar gharchontúirt i gcás nach mbeidh an t-ábhar sonraí ná a ionadaí nó a hionadaí dlíthiúil in ann a rún a chur in iúl, nó mura féidir toiliú a fháil roimh ré i ngeall nach eol seoltaí, etc.;

6.

I gcás inar gá é chun leas a fháil a bhfuil bonn cirt leis agus ar de chuid an rialaitheora faisnéise pearsanta é, más rud é gur follasach gur mó an leas sin ná cearta an ábhair sonraí. Sna cásanna sin, ní cheadófar próiseáil ach amháin a mhéid a bhaineann an phróiseáil go substaintiúil le leas, a bhfuil bonn cirt leis agus ar de chuid an rialaitheora faisnéise pearsanta é, agus nach fairsinge an phróiseáil sin ná raon feidhme réasúnach.

Airteagal 18 (Teorainn le hÚsáid Lasmuigh de Chuspóir na Faisnéise agus le Soláthar Faisnéise Pearsanta) (1) Ní úsáidfidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta lasmuigh den raon feidhme dá bhforáiltear in Airteagail 15 (1) agus 39-3 (1) agus (2), ná ní sholáthróidh rialaitheoir faisnéise pearsanta an fhaisnéis sin d’aon tríú páirtí lasmuigh den raon feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 17 (1) agus (3).

(2) D’ainneoin mhír (1), i gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann de na fomhíreanna seo a leanas, féadfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta a úsáid nó í a sholáthar do thríú páirtí chun críoch eile, ach amháin i gcás inar dócha go sárófar leas ábhair sonraí nó tríú páirtí go héagórach agus é sin á dhéanamh: Ar Choinníoll, maidir le soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide [mar a leagtar amach in Airteagal 2 (1) 3 den Acht maidir hÚsáid Líonra Faisnéise agus Cumarsáide agus leis an gCosaint Faisnéise a Chur Chun Cinn, Etc.; a mbeidh feidhm ag an gcéanna anseo feasta] a phróiseálann faisnéis phearsanta úsáideoirí [mar a leagtar amach in Airteagal 2 (1) 4 den Acht maidir hÚsáid Líonra Faisnéise agus Cumarsáide agus leis an gCosaint Faisnéise a Chur Chun Cinn, Etc.; a mbeidh feidhm ag an gcéanna anseo feasta], nach mbeidh na soláthraithe seirbhíse faisnéise agus cumarsáide sin ach faoi réir fhomhíreanna 1 agus 2, agus iad sin amháin, agus is infheidhme fomhíreanna 5 go 9 maidir le hinstitiúidí poiblí agus leo siúd amháin:

1.

I gcás ina bhfaighfear toiliú breise ón ábhar sonraí;

2.

I gcás inarb ann d’fhorálacha speisialta eile i ndlíthe;

3.

I gcás ina mbeidh gá follasach leis sin chun saol, corp nó leasanna maoine an ábhair sonraí nó tríú páirtí a chosaint ar gharchontúirt i gcás nach mbeidh an t-ábhar sonraí ná a ionadaí nó a hionadaí dlíthiúil in ann a rún a chur in iúl, nó mura féidir toiliú a fháil roimh ré i ngeall nach eol seoltaí;

4.

Arna scriosadh;<le hAcht Uimh. 16930, an 4 Feabhra 2020>

5.

I gcás inar dodhéanta na dualgais faoina dhlínse a fheidhmiú dá bhforáiltear in aon Acht, ach amháin i gcás ina n-úsáidfidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta chun aon chríche eile seachas an chríoch atá beartaithe, nó ina soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis do thríú páirtí, agus ina mbeidh an úsáid nó an soláthar sin faoi réir breithniú agus rún ón gCoimisiún;

6.

I gcás inar gá faisnéis phearsanta a sholáthar do rialtas eachtrach nó d’eagraíocht idirnáisiúnta chun conradh nó coinbhinsiún idirnáisiúnta eile a fheidhmiú;

7.

I gcás inar gá é chun coir a imscrúdú, a dhíotáil agus a ionchúiseamh;

8.

I gcás inar gá é chun go rachaidh cúirt ar aghaidh le dualgais a bhaineann le triail;

9.

I gcás inar gá é chun pionós, promhadh agus coimeád a fhorfheidhmiú.

fágtha ar lár (3) ~ (4)

(5) I gcás ina soláthróidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta do thríú páirtí chun críche eile seachas an chríoch atá beartaithe in aon chás dá bhforáiltear i mír (2), iarrfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta ar fhaighteoir na faisnéise pearsanta cuspóir agus modh na húsáide agus ábhair eile is gá a theorannú, nó coimircí a ullmhú is gá chun sábháilteacht na faisnéise pearsanta a áirithiú. Sna cásanna sin, déanfaidh an duine a gheobhaidh iarraidh den sórt sin bearta is gá chun sábháilteacht na faisnéise pearsanta a áirithiú.

(i)

Le Míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 3 den Acht forordaítear an prionsabal nach mór do rialaitheoir faisnéise pearsanta gan ach an t-íosmhéid faisnéise pearsanta is gá a bhailiú chun próiseáil na faisnéise pearsanta a fheidhmiú go dlíthiúil agus go dleathach, agus nár cheart dó an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch seachas an chríoch atá beartaithe (3).

(ii)

De réir an phrionsabail sin, forordaítear le Mír 1 d’Airteagal 15 den Acht i gcás ina mbaileoidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta, go bhféadfar faisnéis phearsanta a úsáid laistigh de chuspóir an bhailithe sin, agus forordaítear le Mír 1 d’Airteagal 18 nár cheart an fhaisnéis phearsanta sin a úsáid lasmuigh de chuspóir an bhailithe ná í a sholáthar do thríú páirtí.

(iii)

Freisin, fiú i gcás ina bhféadfar faisnéis phearsanta a úsáid chun críoch seachas an chríoch atá beartaithe nó a sholáthar do thríú páirtí sna cásanna eisceachtúla (4) ar a dtugtar tuairisc i bhfomhíreanna Mhír 2 d’Airteagal 18 den Acht, ní mór a iarraidh gur cheart cuspóir nó modh na húsáide a shrianadh chun gur féidir faisnéis phearsanta a phróiseáil go sábháilte de réir Mhír 5, nó gur cheart bearta a dhéanamh is gá chun sábháilteacht na faisnéise pearsanta a áirithiú.

(iv)

Ba cheart na forálacha thuas a chur i bhfeidhm mar an gcéanna maidir le próiseáil gach faisnéise pearsanta dá bhfaightear laistigh de dhlínse dlíthiúil na Cóiré ó thríú tír, gan beann ar náisiúntacht an ábhair shonraí.

(v)

Mar shampla, más rud é go n-aistríonn rialaitheoir faisnéise pearsanta san Aontas faisnéis phearsanta chuig rialaitheoir faisnéise pearsanta de chuid na Cóiré de réir chinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin Eorpaigh, measfar cuspóir an rialaitheora faisnéise pearsanta de chuid an Aontais maidir leis an bhfaisnéis phearsanta a aistriú mar chuspóir an rialaitheora faisnéise pearsanta de chuid na Cóiré maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú, agus sna cásanna sin, ní fhéadfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta de chuid na Cóiré an fhaisnéis phearsanta a úsáid ná a sholáthar do thríú páirtí ach amháin laistigh de chuspóir an bhailithe seachas sna cásanna eisceachtúla ar a dtugtar tuairisc i bhfomhíreanna Mhír 2 d’Airteagal 18 den Acht.

2.   Teorainn le Sonraí pearsanta a Aistriú ar aghaidh (Airteagail 17(3) (4), Airteagal 18 den Acht)

<an tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(Acht Uimh. 16930, arna leasú go páirteach an 4 Feabhra 2020)>

Airteagal 17 (Faisnéis Phearsanta a Sholáthar) (1) fág ar lár

(2) Cuirfidh rialaitheoir faisnéise pearsanta ábhar sonraí ar an eolas faoi na hábhair seo a leanas nuair a gheobhaidh an rialaitheoir an toiliú faoi mhír (1) 1. Beidh feidhm ag an gcéanna nuair a dhéanfar aon chuid den mhéid seo a leanas a mhodhnú:

1.

Faighteoir na faisnéise pearsanta;

2.

An cuspóir a n-úsáideann faighteoir na faisnéise pearsanta an fhaisnéis sin lena aghaidh;

3.

Sonraí na faisnéise pearsanta atá le soláthar;

4.

An tréimhse a choinníonn agus a úsáideann an faighteoir faisnéis phearsanta lena linn;

5.

An fíoras go bhfuil an t-ábhar sonraí i dteideal toiliú a dhiúltú, agus míbhuntáistí, más ann dóibh, a eascraíonn as diúltú an toilithe.

(3) Cuirfidh rialaitheoir faisnéise pearsanta ábhar sonraí ar an eolas faoi na hábhair dá bhforáiltear i mír (2), agus gheobhaidh an rialaitheoir an toiliú ón ábhar sonraí chun faisnéis phearsanta a sholáthar do thríú páirtí ar an gcoigríoch; agus ní dhéanfaidh sé conradh maidir le haistriú faisnéise pearsanta trasteorann de shárú ar an Acht seo.

(4) Féadfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta a sholáthar gan toiliú ábhair sonraí laistigh den raon feidhme a bhaineann go réasúnach leis na críocha ar bailíodh an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh ar dtús, i gcomhréir leis na hábhair a fhorordaítear le Foraithne ón Uachtarán agus é á chur san áireamh cibé acu a chruthaítear míbhuntáistí don ábhar sonraí nó nach gcruthaítear, cibé acu an bhfuil bearta is gá chun an tsábháilteacht a dhaingniú, amhail criptiú, déanta nó nach bhfuil, etc.

※ Féach leathanaigh 3, 4 agus 5 le haghaidh Airteagal 18

< Foraithne um Fhorfheidhmiú an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta

([Dáta Forfheidhmiúcháin 5 Feabhra 2021.] [Foraithne ón Uachtarán Uimh. 30892, 4 Lúnasa 2020. Lena Leasaítear Achtanna Eile])>

Airteagal 14-2 (Caighdeáin maidir le hÚsáid Bhreise/Soláthar Breise Faisnéise Pearsanta, etc.)

(1) Más rud é go n-úsáideann nó go soláthraíonn rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta (dá ngairtear ‘úsáid bhreise nó soláthar breise faisnéise pearsanta’ anseo feasta) gan toiliú an ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15 (3) den Acht nó le hAirteagal 17 (4) den Acht, breithneoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta na hábhair seo a leanas:

1.

Cibé acu a bhaineann an úsáid nó an soláthar sin go réasúnach leis an gcríoch bhunaidh ar bailíodh an fhaisnéis phearsanta lena haghaidh;

2.

Cibé acu atá úsáid bhreise nó soláthar breise faisnéise pearsanta intuartha nó nach bhfuil i bhfianaise na n-imthosca inar bailíodh an fhaisnéis phearsanta agus na gcleachtas próiseála;

3.

Cibé acu nach sáraítear leasanna an ábhair sonraí go héagórach nó a sháraítear amhlaidh iad le húsáid bhreise nó le soláthar breise faisnéise pearsanta; agus

4.

Cibé acu a ndearnadh na bearta a cheanglaítear chun an tsábháilteacht a áirithiú amhail bréagainmniú nó criptiú.

(2) Nochtfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta roimh ré na critéir chun measúnú a dhéanamh ar na hábhair dá dtagraítear i bhfomhíreanna (1) sa Bheartas Príobháideachais faoi Airteagal 30 (1) den Acht, agus seiceálfaidh an t-oifigeach príobháideachais faoi Airteagal 31 (1) den Acht cibé acu a bhfuil faisnéis phearsanta bhreise á húsáid nó á soláthar ag an rialaitheoir faisnéise pearsanta i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha.

(i)

Más rud é go soláthraíonn an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta do thríú páirtí ar an gcoigríoch, ní mór dó/di ábhair sonraí a chur ar an eolas roimh ré faoi na hábhair uile ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 17(2) den Acht agus a thoiliú nó a toiliú a fháil, ach amháin le haghaidh cásanna a thagann faoi (1) nó (2). Níor cheart aon chonradh a dhéanamh a bhaineann le soláthar sonraí pearsanta trasteorann de shárú ar an Acht seo.

(1)

Más rud é go soláthraítear faisnéis phearsanta laistigh den raon feidhme a bhaineann go réasúnach le críoch bhunaidh an bhailithe de réir Mhír 4 d’Airteagal 17 den Acht. Mar sin féin, maidir leis na cásanna ar féidir an fhoráil sin a chur i bhfeidhm orthu, tá siad teoranta do chásanna ina gcomhlíonfar na caighdeáin maidir le húsáid bhreise agus le soláthar breise faisnéise pearsanta, a fhorordaítear in Airteagal 14-2 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, ní mór don rialaitheoir faisnéise pearsanta a bhreithniú cibé acu a fhéadfaidh soláthar na faisnéise pearsanta a bheith ina chúis le míbhuntáistí d’ábhair sonraí, agus cibé acu a ndearna sé nó sí bearta is gá chun an tsábháilteacht a dhaingniú, amhail criptiú.

(2)

Más rud é gur féidir faisnéis phearsanta a sholáthar do thríú páirtí i gcásanna eisceachtúla a luaitear i Mír 2 d’Airteagal 18 den Acht (féach leathanaigh 3~5). Fiú sna cásanna sin áfach, más rud é gur dócha go sárófar leasanna an ábhair sonraí nó tríú páirtí go héagórach le soláthar na faisnéise pearsanta sin, ní féidir faisnéis phearsanta a sholáthar do thríú páirtí. Thairis sin, ní mór don soláthraí faisnéise pearsanta iarraidh ar fhaighteoir na faisnéise pearsanta cuspóir nó modh úsáide na faisnéise pearsanta a theorannú nó bearta a dhéanamh is gá chun sábháilteacht na faisnéise sin a áirithiú chun gur féidir an fhaisnéis phearsanta a phróiseáil go sábháilte.

(ii)

Más rud é go soláthraítear faisnéis phearsanta do thríú páirtí ar an gcoigríoch, féadfaidh sé nach bhfaighfear an leibhéal cosanta ina leith a ráthaítear leis an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta de chuid na Cóiré i ngeall ar dhifríochtaí i gcórais chosanta faisnéise pearsanta tíortha difriúla. Dá réir sin, measfar cásanna den sórt sin ina ‘gcásanna ina bhféadfar míbhuntáistí don ábhar sonraí a chruthú’ a luaitear i Mír 4 d’Airteagal 17 den Acht nó ina ‘gcásanna ina sáraítear leas ábhair sonraí nó tríú páirtí go héagórach’ a luaitear i Mír 2 d’Airteagal 18 den Acht agus in Airteagal 14-2 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht céanna (5). Chun ceanglais na bhforálacha sin a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir faisnéise pearsanta agus don tríú páirtí leibhéal cosanta a áirithiú go sainráite dá bhrí sin arb ionann é go bunúsach agus leibhéal cosanta an Achta, lena n-áirítear ráthú fheidhmiú na gceart ag an ábhar sonraí i ndoiciméid a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de amhail conarthaí, fiú tar éis faisnéis phearsanta a aistriú ar an gcoigríoch.

3.   Fógra le haghaidh na sonraí i gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí (Airteagal 20 den Acht)

<an tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(Acht Uimh. 16930, arna leasú go páirteach an 4 Feabhra 2020)>

Airteagal 20 (Fógra maidir le Foinsí, etc. Faisnéise Pearsanta a Bhailítear ó Thríú Páirtithe) (1) Nuair a phróiseálann rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta a bhailítear ó thríú páirtithe, tabharfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta fógra don ábhar sonraí láithreach faoi na hábhair seo a leanas ar iarraidh ón ábhar sonraí sin:

1.

Foinse na faisnéise pearsanta a bailíodh;

2.

An chríoch a bpróiseáiltear faisnéis phearsanta lena haghaidh;

3.

An fíoras go bhfuil an t-ábhar sonraí i dteideal a éileamh go gcuirfear próiseáil na faisnéise pearsanta ar fionraí, mar a fhorordaítear in Airteagal 37.

(2) D'ainneoin mhír (1), maidir le rialaitheoir faisnéise pearsanta a chomhlíonann na critéir a fhorordaítear le Foraithne ón Uachtarán agus cineálacha agus méid na faisnéise pearsanta á gcur san áireamh, mar aon le líon na bhfostaithe, líon na ndíolachán, etc., nuair a bhailíonn an rialaitheoir sin faisnéis phearsanta ó thríú páirtithe agus nuair a phróiseálann an céanna de bhun Airteagal 17 (1) 1, tabharfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta fógra don ábhar sonraí faoi na hábhair dá dtagraítear i mír (1): Ar Choinníoll, Nach mbeidh feidhm aige sin i gcás nach mbeidh aon fhaisnéis phearsanta san fhaisnéis a bhailíonn an rialaitheoir faisnéise pearsanta, amhail faisnéis teagmhála, trínár féidir fógra a thabhairt don ábhar sonraí.

(3) Maidir le hábhair is gá i ndáil le ham, modh, agus an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt don ábhar sonraí de bhun phríomhabairt mhír (2), forordófar na hábhair sin le Foraithne ón Uachtarán.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír (1) ná ag príomhchlásal mhír (2) maidir le haon cheann de na himthosca seo a leanas: Ar Choinníoll, Gurb amhlaidh sin i gcás inar follasach gur mó é ná cearta na n-ábhar sonraí faoin Acht seo agus sa chás sin amháin:

1.

I gcás ina n-áireofar faisnéis phearsanta, atá faoi réir iarraidh go dtabharfar fógra, sna comhaid faisnéise pearsanta dá dtagraítear in aon cheann d’fhomhíreanna Airteagal 32 (2);

2.

I gcás inar dócha go ndéanfaidh an fógra sin díobháil do shaol nó do chorp aon duine eile, nó damáiste do mhaoin agus do leasanna eile aon duine eile go héagórach.

(i)

Más rud é go bhfaigheann an rialaitheoir faisnéise pearsanta an fhaisnéis phearsanta a aistríodh ón Aontas bunaithe ar a chinneadh leordhóthanachta (6), ní mór dó/di fógra a thabhairt don ábhar sonraí faoin bhfaisnéis seo a leanas ó (1) go (5) gan moill mhíchuí, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 1 mhí ó aistriú na faisnéise.

(1)

Ainm agus faisnéis teagmhála na ndaoine a aistríonn agus a fhaigheann an fhaisnéis phearsanta.

(2)

Ítimí nó catagóirí na faisnéise pearsanta a aistrítear.

(3)

An chríoch maidir leis an bhfaisnéis a bhailiú agus a úsáid (mar a shocraíonn an t-onnmhaireoir sonraí de bhun phointe 1 den Fhógra seo).

(4)

Tréimhse choinneála na faisnéise pearsanta.

(5)

Faisnéis ar chearta an ábhair sonraí maidir le próiseáil na faisnéise pearsanta, an modh agus an nós imeachta maidir leis na cearta a fheidhmiú agus aon mhíbhuntáiste más amhlaidh go mbeidh feidhmiú na gceart sin ina chúis le míbhuntáistí.

(ii)

Freisin, má sholáthraíonn an rialaitheoir faisnéise pearsanta an fhaisnéis phearsanta in (i) do thríú páirtí i bPoblacht na Cóiré nó ar an gcoigríoch, ní mór dó/di fógra faoi fhaisnéis (1) go (5) a thabhairt don ábhar sonraí sula soláthrófar an fhaisnéis phearsanta.

(1)

Ainm agus faisnéis teagmhála na ndaoine a sholáthraíonn agus a fhaigheann an fhaisnéis phearsanta.

(2)

Ítimí nó catagóirí na faisnéise pearsanta a sholáthraítear.

(3)

An tír dá soláthrófar an fhaisnéis phearsanta, an dáta agus an modh atá beartaithe chun í a sholáthar (teoranta do chásanna i gcás ina soláthrófar faisnéis phearsanta do thríú páirtí ar an gcoigríoch).

(4)

Críoch agus bonn dlí sholáthraí na faisnéise pearsanta maidir leis an bhfaisnéis phearsanta a sholáthar.

(5)

Faisnéis ar chearta an ábhair sonraí maidir le próiseáil na faisnéise pearsanta, an modh agus an nós imeachta maidir leis na cearta a fheidhmiú agus aon mhíbhuntáiste más amhlaidh go mbeidh feidhmiú na gceart sin ina chúis le míbhuntáistí.

(iii)

Ní fhéadfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta (i) ná (ii) a chur i bhfeidhm in aon cheann de na cásanna seo a leanas ó (1) go (4).

(1)

Más rud é go n-áirítear an fhaisnéis phearsanta is gá fógra a thabhairt ina leith in aon cheann de na comhaid faisnéise pearsanta seo a leanas a luaitear i Mír 2 d’Airteagal 32 den Acht, a mhéid is follasach gur mó na leasanna a chosnaítear leis an bhforáil sin ná cearta an ábhair sonraí, agus ar choinníoll go mbeadh an fógra ina bhagairt do shaothrú na leasanna atá i gceist agus ar an gcoinníoll sin amháin, mar shampla, imscrúduithe coiriúla atá ar siúl a chur i mbaol nó ina bhagairt don tslándáil náisiúnta.

(2)

Más rud é agus ar choinníoll gur dócha go ndéanfaidh an fógra díobháil do shaol nó do chorp duine eile, nó leasanna maoine duine eile a shárú go héagórach, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraí.

(3)

Más rud é go bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana féin, arb é nó í an t-ábhar sonraí nach mór don rialaitheoir faisnéise pearsanta fógra a thabhairt dó nó di de réir (i) nó (ii).

(4)

Más rud é nach bhfuil aon fhaisnéis teagmhála de chuid an ábhair sonraí ag an rialaitheoir faisnéise pearsanta nó más rud é go mbeidh an iomarca iarrachtaí i gceist chun dul i teagmháil leis an ábhar sonraí, lena n-áirítear i gcomhthéacs na próiseála sna dálaí a leagtar amach i Roinn 3 PIPA. Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu an féidir nó nach féidir dul i dteagmháil leis an ábhar sonraí, nó cibé acu a bhfuil an iomarca iarrachtaí i gceist leis sin a dhéanamh, ba cheart an fhéidearthacht dul i gcomhar leis an onnmhaireoir sonraí san Aontas a chur san áireamh.

4.   Raon feidhme maidir leis an díolúine speisialta a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil na faisnéise faoi ainm bréige (Airteagail 28-2, 28-3, 28-4, 28-5, 28-6 agus 28-7, Airteagal 3, Airteagal 58-2 den Acht)

<an tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(Acht Uimh. 16930, arna leasú go páirteach an 4 Feabhra 2020)>

Caibidil III Próiseáil Faisnéise Pearsanta

ROINN 3 Cásanna Speisialta a bhaineann le Sonraí faoi Ainm Bréige

Airteagal 28-2 (Próiseáil Sonraí faoi Ainm Bréige) (1) Féadfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis faoi ainm bréige a phróiseáil gan toiliú ó ábhair sonraí chun críoch staidrimh, chun críoch taighde eolaíoch, agus chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, etc.

(2) Ní áireoidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis a fhéadfar a úsáid chun duine aonair áirithe a shainaithint nuair atá faisnéis faoi ainm bréige á soláthar do thríú páirtí de réir mhír (1).

Airteagal 28-3 (Srian ar Shonraí faoi Ainm Bréige a Chomhcheangal) (1) D’ainneoin Airteagal 28-2, maidir le faisnéis faoi ainm bréige á próiseáil ag rialaitheoirí faisnéise pearsanta difriúla chun críoch staidrimh, taighde eolaíoch agus chun taifid a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobail, etc., déanfaidh institiúid speisialaithe a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún um Chosaint nó ceannaire na gníomhaireachta riaracháin láir gaolmhaire an phróiseáil sin.

(2) Maidir le rialaitheoir faisnéise pearsanta a bheartaíonn an fhaisnéis chomhcheangailte a scaoileadh lasmuigh den eagraíocht a chomhcheangail an fhaisnéis, gheobhaidh an rialaitheoir formheas ó cheannaire na hinstitiúide speisialaithe tar éis dó/di an fhaisnéis a phróiseáil ina faisnéis faoi ainm bréige nó san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 58-2.

(3) Forordófar le Foraithne ón Uachtarán ábhair is gá lena n-áirítear nósanna imeachta agus modhanna an chomhcheangail de bhun mhír (1), mar aon leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta chun bainistíocht agus maoirseacht institiúide speisialaithe a ainmniú, nó ainmniú na bainistíochta agus na maoirseachta sin a chur ar ceal, agus na caighdeáin agus na nósanna imeachta um onnmhairiú agus um fhormheas de bhun mhír (2).

Airteagal 28-4 (Oibleagáid Bearta Sábháilteachta a Dhéanamh le haghaidh Sonraí Faoi Ainm Bréige) (1) Nuair a bheidh an fhaisnéis faoi ainm bréige á próiseáil, déanfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus fisiciúla sin amhail faisnéis bhreise a stóráil agus a bhainistiú ar leithligh, ar faisnéis í is gá chun an fhaisnéis a athchóiriú go mbeidh sí ina riocht bhunaidh, de réir mar is gá chun an tsábháilteacht a áirithiú mar a fhorordaítear le Foraithne ón Uachtarán chun nach ndéanfar an fhaisnéis phearsanta a chailleadh, a ghoid, a nochtadh, a bhrionnú, a athrú ná a dhamáistiú.

(2) Maidir le rialaitheoir faisnéise pearsanta a bheartaíonn an fhaisnéis faoi ainm bréige a phróiseáil, ullmhóidh agus coimeádfaidh an rialaitheoir taifid a bhaineann le hábhair a fhorordaítear leis an bhForaithne ón Uachtarán lena n-áirítear an chríoch a bpróiseáiltear an faisnéis faoi ainm bréige lena haghaidh, mar aon le faighteoir is tríú páirtí nuair atá faisnéis faoi ainm bréige á soláthar, chun próiseáil na faisnéise faoi ainm bréige a bhainistiú.

Airteagal 28-5 (Gníomhaíochtaí atá faoi Thoirmeasc chun Faisnéis Faoi Ainm Bréige a Phróiseáil) (1) Ní phróiseálfaidh aon duine an fhaisnéis faoi ainm bréige chun duine aonair áirithe a shainaithint.

(2) Nuair a ghintear faisnéis, lena sainaithnítear duine aonair áirithe, le linn phróiseáil na faisnéise faoi ainm bréige, scoirfidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta de phróiseáil na faisnéise, agus aisghabhfaidh agus scriosfaidh sé/sí an fhaisnéis láithreach.

Airteagal 28-6 (Formhuirir Riaracháin a Fhorchur chun an Fhaisnéis Faoi Ainm Bréige a Phróiseáil) (1) Féadfaidh an Coimisiún fíneáil ar cóimhéid le suim is lú ná an trí-chéadú cuid de dhíolacháin iomlána a fhorchur ar rialaitheoir sonraí a phróiseáil sonraí chun duine aonair sonrach a shainaithint de shárú ar Airteagal 28-5 (1): Ar Choinníoll, I gcás nach ann d’aon díolachán nó i gcás ina mbeidh deacracht le hioncaim na ndíolachán a ríomh, féadfaidh an rialaitheoir sonraí a bheith faoi réir fíneáil nach mó ná 400 milliún won nó an trí-chéadú cuid de shuim an chaipitil, cibé suim is mó.

(2) Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 34-2 (3) go (5) maidir le hábhair is gá chun formhuirir riaracháin a fhorchur agus a bhailiú.

Airteagal 28-7 (Raon Feidhme Chur i bhFeidhm) Ní bheidh feidhm ag @Airteagail 20, 21, 27, 34 (1), 35 go 37, 39-3, 39-4, 39-6 go 39-8 maidir leis an bhfaisnéis faoi ainm bréige.

Caibidil I Forálacha Ginearálta

Airteagal 3 (Prionsabail chun Faisnéis Phearsanta a Chosaint) (1) Sonróidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta go sainráite na críocha dá bhfuil faisnéis phearsanta á próiseáil; agus baileoidh an t-íosmhéid faisnéise pearsanta is gá chun na gcríoch sin go dleathach agus go cóir.

(2) Próiseálfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta ar bhealach iomchuí is gá chun na gcríoch a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh, agus ní úsáidfidh sé an fhaisnéis lasmuigh de na críocha sin.

(3) Áiritheoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta go mbeidh faisnéis phearsanta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta a mhéid is gá i ndáil leis na críocha a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh.

(4) Bainisteoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta an fhaisnéis phearsanta go sábháilte de réir na modhanna, na gcineálacha, etc. próiseála faisnéise pearsanta, agus an fhéidearthacht go sárófar cearta an ábhair sonraí á cur san áireamh mar aon le déine na rioscaí ábhartha.

(5) Poibleoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta a bheartas príobháideachais agus ábhair eile a bhaineann le próiseáil faisnéise pearsanta; agus ráthóidh sé cearta an ábhair sonraí, amhail an ceart rochtana ar a fhaisnéis phearsanta nó ar a faisnéis phearsanta.

(6) Próiseálfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta ar bhealach chun an fhéidearthacht go sárófar príobháideachas ábhair sonraí a íoslaghdú.

(7) Más féidir fós na críocha a chomhlíonadh, maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú trí fhaisnéis phearsanta anaithnidithe nó faoi ainm bréige a phróiseáil, féachfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta le faisnéis phearsanta a phróiseáil tríd an anaithnidiú, i gcás inar féidir an t-anaithnidiú, nó tríd an mbréagainmniú, mura féidir na críocha maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú a chomhlíonadh tríd an anaithnidiú.

(8) Féachfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta le hiontaoibh ábhar sonraí a fháil trí na dualgais agus na freagrachtaí sin a urramú agus a fheidhmiú dá bhforáiltear san Acht seo agus i reachtanna gaolmhara eile.

Caibidil IX Forálacha Forlíontacha

Airteagal 58-2 (Díolúine ó Chur i bhFeidhm) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le faisnéis nach sainaithnítear duine aonair áirithe léi a thuilleadh nuair a chomhcheanglaítear an fhaisnéis sin le faisnéis eile, agus am, costas, teicneolaíocht, etc. á gcur san áireamh go réasúnach. <Cuireadh tAirteagal seo Isteach as an Nua le hAcht Uimh. 16930, 4 Feabhra 2020>

(i)

Caibidil III, Roinn 3 Cásanna Speisialta a bhaineann le Sonraí faoi Ainm Bréige (Airt. 28-2 go dtí Airt. 28-7) lena gceadaítear faisnéis faoi ainm bréige a phróiseáil gan toiliú an ábhair sonraí chun staidreamh a thiomsú, taighde eolaíoch a dhéanamh, taifid phoiblí a chaomhnú, etc. (Airteagal 28-2), ach sna cásanna sin, is sainordaitheach coimircí agus toirmisc iomchuí is gá chun cearta ábhar sonraí a chosaint (Airteagail 28-4 agus 28-5), féadfar formhuirir pionóis a fhorchur ar sháraitheoirí (Airteagal 28-6) agus ní bheidh feidhm ag coimircí áirithe atá ar fáil ar bhealach eile faoi PIPA (Airteagal 28-7).

(ii)

Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo maidir le cásanna inar bpróiseálfar faisnéis faoi ainm bréige chun críoch seachas chun staidreamh a thiomsú, taighde eolaíoch a dhéanamh agus taifid phoiblí a chaomhnú, etc. Mar shampla, más rud é maidir le faisnéis phearsanta duine aonair de chuid an Aontais, ar aistríodh an fhaisnéis sin chuig an gCóiré de réir chinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin Eorpaigh, go ndéanfar an fhaisnéis sin a bhréagainmniú chun críoch seachas chun staidreamh a thiomsú, taighde eolaíoch a dhéanamh, taifid phoiblí a chaomhnú, etc., ní bheidh feidhm ag na forálacha speisialta i gCaibidil III, Roinn 3 (7).

(iii)

I gcás ina bpróiseálfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis faoi ainm bréige chun staidreamh a thiomsú, taighde eolaíoch a dhéanamh, taifid phoiblí a chaomhnú, etc. agus más rud é nach éigean an fhaisnéis faoi ainm bréige a scriosadh nuair a bheidh críoch shonrach na próiseála comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 37 den Bhunreacht agus le hAirteagal 3 (Prionsabail chun Faisnéis Phearsanta a Chosaint) den Acht, bréagainmneoidh an rialaitheoir an fhaisnéis d’fhonn a áirithiú nach sainaithneofar duine aonair sonrach leis an bhfaisnéis sin a thuilleadh, ina haonar nó nuair a cheanglaítear an fhaisnéis le faisnéis eile, agus am, costas, teicneolaíocht, etc. á gcur san áireamh go réasúnach, i gcomhréir le hAirteagal 58-2 PIPA.

5.   Bearta ceartaitheacha, etc. (Míreanna 1, 2 agus 4 d’Airteagal 64 den Acht)

<an tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(Acht Uimh. 16930, arna leasú go páirteach an 4 Feabhra 2020)>

Airteagal 64 (Bearta ceartaitheacha) (1) I gcás ina measfaidh an Coimisiún um Chosaint go bhfuil foras substaintiúil ann chun a mheas gur tharla sárú i leith faisnéis phearsanta, agus gur dócha go mbeidh mainneachtain beart a dhéanamh ina cúis le damáiste a bheidh deacair a leigheas, féadfaidh sé ordú do sháraitheoir an Achta sin (gan gníomhaireachtaí riaracháin láir a áireamh, ná rialtais áitiúla, an Tionól Náisiúnta, an Chúirt, an Chúirt Bhunreachtúil, ná an Coimisiún Náisiúnta um Thoghcháin) aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

1.

Sárú i leith faisnéis phearsanta a chur ar fionraí;

2.

Próiseáil faisnéise pearsanta a chur ar fionraí go sealadach;

3.

Bearta eile is gá chun faisnéis phearsanta a chosaint agus chun sárú faisnéise pearsanta a chosc.

(2) I gcás ina measfaidh ceannaire gníomhaireachta riaracháin láir gaolmhaire go bhfuil foras substaintiúil ann chun a mheas gur tharla sárú i leith faisnéis phearsanta, agus gur dócha go mbeidh mainneachtain beart a dhéanamh ina cúis le damáiste a bheidh deacair a leigheas, féadfaidh sé nó sí ordú do rialaitheoir faisnéise pearsanta aon cheann de na bearta dá bhforáiltear i mír (1) a dhéanamh de bhun na reachtanna faoi dhlínse na gníomhaireachta riaracháin láir gaolmhaire sin.

(4) I gcás ina sáróidh gníomhaireacht riaracháin láir, rialtas áitiúil, an Tionól Náisiúnta, an Chúirt, an Chúirt Bhunreachtúil, nó an Coimisiún Náisiúnta um Thoghcháin an tAcht seo, féadfaidh an Coimisiún um Chosaint a mholadh do cheannaire na gníomhaireachta gaolmhaire aon cheann de na bearta dá bhforáiltear i mír (1) a dhéanamh. Sna cásanna sin, ar di an moladh a fháil, comhlíonfaidh an ghníomhaireacht an moladh ach amháin i gcás inarb ann d’imthosca urghnácha.

(i)

Ar dtús, léirmhínítear le fasaigh de chuid na cúirte (8) (9)‘damáiste atá deacair a leigheas’ mar chás a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste do chearta nó do phríobháideachas pearsanta duine aonair.

(ii)

Dá réir sin, ‘go bhfuil foras substaintiúil ann chun a mheas go raibh sárú ann i leith faisnéis phearsanta, agus gur dócha go mbeidh mainneachtain beart a dhéanamh ina cúis le damáiste a bheidh deacair a leigheas’, a fhorordaítear i Míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 64, tagraíonn sé sin do chásanna ina meastar gur dócha go sárófar cearta agus saoirse daoine aonair maidir le faisnéis phearsanta i gcás ina sárófar an dlí. Beidh sin infheidhme tráth ar bith a sárófar aon cheann de na prionsabail, cearta agus dualgais a áirítear sa dlí chun faisnéis phearsanta a chosaint (10).

(iii)

De réir Mhír 4 d’Airteagal 64 den Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta is beart é XXXX i ndáil le ‘sárú ar an Acht seo,’ i.e. gníomhaíocht in aghaidh sárú ar PIPA.

Ní fhéadfaidh gníomhaireacht riaracháin láir etc. mar údarás poiblí atá faoi cheangal smacht reachta, aon dlí a shárú agus tá sí faoi oibleagáid beart ceartaitheach a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht a stopadh láithreach, agus cúiteamh ar son damáistí sa chás urghnách ina ndearnadh gníomhaíocht neamhdhleathach mar sin féin.

Dá réir sin, fiú gan aon idirghabháil ón gCoimisiún um Chosaint de réir Mhír 4 d’Airteagal 64 de PIPA, ní mór do ghníomhaireacht riaracháin láir etc. beart ceartaitheach a dhéanamh in aghaidh sáruithe i gcás ina dtugann sí aon sárú ar an dlí faoi deara.

Go háirithe, i gcás inar mhol an Coimisiún um Chosaint beart ceartaitheach, beidh sé soiléir go hoibiachtúil don ghníomhaireacht riaracháin láir etc. gur sháraigh sí an dlí. Dá réir sin, chun údar a thabhairt lena tuairim nár cheart déanamh de réir moladh ón gCoimisiún um Chosaint, ní mór do ghníomhaireacht riaracháin láir etc. forais shoiléirea chur i láthair atá in ann a chruthú nár sháraigh sí an dlí. Ní mór déanamh de réir an mholta ach amháin i gcás ina gcinneann an Coimisiún um Chosaint nach amhlaidh an cás.

I bhfianaise an mhéid sin, ní mór na ‘himthosca urghnácha’ i Mír 4 d’Airteagal 64 den Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta a bheith teoranta go docht d’imthosca urghnácha ina bhfuil forais shoiléire do ghníomhaireachtaí riaracháin láir etc. a chruthú ‘nár sáraíodh an tAcht seo i ndáiríre,’ amhail ‘cásanna ina bhfuil imthosca urghnácha (fíorasacha nó dlíthiúla)’ nárbh eol don Choimisiún um Chosaint an tráth a ndearna sé a mholadh i dtosach agus cinneann an Coimisiún um Chosaint gur deimhin nach ndearnadh aon sárú.

6.   Cur i bhfeidhm PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta lena n-áirítear imscrúdú sáruithe agus forfheidhmiú i gcomhréir le PIPA (Airteagail 7-8, Airteagail 7-9, Airteagal 58, Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 62 de PIPA)

<an tAcht um Chosaint Faisnéise Pearsanta

(Acht Uimh. 16930, arna leasú go páirteach an 4 Feabhra 2020)>

Airteagal 7-8 (Obair an Choimisiúin um Chosaint) (1) Déanfaidh an Coimisiún um Chosaint an obair a leanas: […]

3.

Ábhair a bhaineann le himscrúdú ar shárú ar cheart ábhar sonraí agus na diúscairtí a leanann as sin;

4.

Láimhseáil gearán nó nósanna imeachta feabhais a bhaineann le próiseáil faisnéise pearsanta agus idirghabháil díospóidí maidir le faisnéis phearsanta;

[…]

Airteagal 7-9 (Ábhair faoi réir Bhreithniú agus Rún an Choimisiúin um Chosaint) (1) Déanfaidh an Coimisiún um Chosaint breithniú agus tabharfaidh sé rún ar na hábhair a leanas: […]

5.

Ábhair maidir le léiriú agus feidhmiú um an dlí a bhaineann le cosaint faisnéise pearsanta;

[…]

Airteagal 58 (Eisiamh Páirteach Cur i bhFeidhm) (1) Caibidlí III go VII – ní bheidh feidhm aige sin maidir le haon chuid den fhaisnéis phearsanta a leanas:

1.

Faisnéis phearsanta a bhailítear de bhun an Achta Staidrimh lena próiseáil ag institiúidí poiblí;

2.

Faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúnta;

3.

Faisnéis phearsanta a phróiseáiltear go sealadach i gcás inar gá í go práinneach le haghaidh sláinte agus sábháilteacht an phobail, sláinte phoiblí, etc.;

4.

Faisnéis phearsanta a bhailítear nó a úsáidtear chun a críocha féin le haghaidh tuairisciú ag an bpreas, gníomhaíochtaí misinéireachta ag eagraíochtaí reiligiúnacha, agus ainmniú iarrthóirí ag páirtithe polaitiúla, faoi seach.

[(2) agus (3) ar lár]

(4) I gcás faisnéis phearsanta a phróiseáil de bhun mhír (1), déanfaidh rialaitheoir faisnéise pearsanta an fhaisnéis phearsanta a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; agus déanfaidh sé na socruithe is gá freisin, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, láimhseáil casaoide aonair agus na bearta eile is gá chun faisnéis phearsanta den sórt sin a bhainistiú go sábháilte agus a phróiseáil go hiomchuí.

Airteagal 3 (Prionsabail chun Faisnéis Phearsanta a Chosaint) (1) Sonróidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta go sainráite na críocha dá bhfuil faisnéis phearsanta á próiseáil; agus baileoidh an t-íosmhéid faisnéise pearsanta is gá chun na gcríoch sin go dleathach agus go cóir.

(2) Próiseálfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta ar bhealach iomchuí is gá chun na gcríoch a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh, agus ní úsáidfidh sé an fhaisnéis lasmuigh de na críocha sin.

(3) Áiritheoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta go mbeidh faisnéis phearsanta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta a mhéid is gá i ndáil leis na críocha a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh.

(4) Bainisteoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta an fhaisnéis phearsanta go sábháilte de réir na modhanna, na gcineálacha, etc. próiseála faisnéise pearsanta, agus an fhéidearthacht go sárófar cearta an ábhair sonraí á cur san áireamh mar aon le déine na rioscaí ábhartha.

(5) Poibleoidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta a bheartas príobháideachais agus ábhair eile a bhaineann le próiseáil faisnéise pearsanta; agus ráthóidh sé cearta an ábhair sonraí, amhail an ceart rochtana ar a fhaisnéis phearsanta nó ar a faisnéis phearsanta.

(6) Próiseálfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta faisnéis phearsanta ar bhealach chun an fhéidearthacht go sárófar príobháideachas ábhair sonraí a íoslaghdú.

(7) Más féidir fós na críocha a chomhlíonadh, maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú trí fhaisnéis phearsanta anaithnidithe nó faoi ainm bréige a phróiseáil, féachfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta le faisnéis phearsanta a phróiseáil tríd an anaithnidiú, i gcás inar féidir an t-anaithnidiú, nó tríd an mbréagainmniú, mura féidir na críocha maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú a chomhlíonadh tríd an anaithnidiú.

(8) Féachfaidh an rialaitheoir faisnéise pearsanta le hiontaoibh ábhar sonraí a fháil trí na dualgais agus na freagrachtaí sin a urramú agus a fheidhmiú dá bhforáiltear san Acht seo agus i reachtanna gaolmhara eile.

Airteagal 4 (Cearta na nÁbhar Sonraí) Tá na cearta a leanas ag ábhar sonraí i ndáil le próiseáil a fhaisnéise pearsanta dhílis nó a faisnéise pearsanta dílse:

1.

An ceart go gcuirfear ar an eolas é nó í go bhfuil sonraí pearsanta den sórt sin á bpróiseáil;

2.

An ceart a chinneadh cibé a thoileoidh nó nach dtoileoidh sé nó sí agus raon feidhme an toilithe maidir le faisnéis phearsanta den sórt sin a phróiseáil;

3.

An ceart a dheimhniú cibé a bhfuil nó nach bhfuil faisnéis phearsanta á próiseáil agus chun rochtain a iarraidh (lena n-áirítear cóipeanna a bheith curtha ar fáil; is amhlaidh an scéal anseo feasta) ar fhaisnéis phearsanta den sórt sin;

4.

An ceart próiseáil faisnéise pearsanta den sórt sin a chur ar fionraí, agus ceartú, scriosadh nó díothú faisnéise pearsanta den sórt sin a iarraidh;

5.

An ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a d’eascródh as próiseáil faisnéise pearsanta den sórt sin trí nós imeachta pras agus cothrom.

Airteagal 62 (Tuairisciú ar Sháruithe) (1) Aon duine a ndéantar sárú ar a chearta/cearta nó ar a leasanna maidir lena fhaisnéis phearsanta nó lena faisnéis phearsanta le linn próiseáil faisnéise pearsanta ag rialaitheoir faisnéise pearsanta, féadfaidh sé nó sí sárú den sórt sin a thuairisciú don Choimisiún um Chosaint.

(2) Féadfaidh an Coimisiún um Chosaint institiúid speisialaithe a ainmniú chun glacadh leis na tuairiscí éilimh de bhun mhír (1) agus chun iad a láimhseáil go héifeachtach, mar a fhorordaítear le Foraithne ón Uachtarán. Sna cásanna sin, bunóidh agus reáchtálfaidh an institiúid speisialaithe sin lárionad glaonna um shárú faisnéise pearsanta (dá ngairtear ‘An Lárionad Glaonna um Príobháideachas’ anseo feasta).

(3) Feidhmeoidh an Lárionad Glaonna um Príobháideachas na dualgais a leanas:

1.

Glacadh le tuairiscí éilimh agus comhchomhairleacht i ndáil le próiseáil faisnéise pearsanta a chur ar fáil.

2.

Imscrúdú a dhéanamh ar theagmhais agus iad a dheimhniú, agus éisteacht le tuairimí páirtithe bainteacha;

3.

Dualgais a ghabhann le míreanna 1 agus 2;

(4) Féadfaidh an Coimisiún um Chosaint, más gá, a oifigeach poiblí a sheoladh chuig an institiúid speisialaithe a ainmnítear faoi mhír (2) de bhun Airteagal 32-4 den Acht maidir le hOifigigh Phoiblí Stáit chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar na teagmhais de bhun mhír (3) 2 agus iad a dheimhniú

(i)

Déantar bailiú faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta a rialáil le dlíthe sonracha lena dtugtar cumhacht d’údaráis inniúla (e.g. an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise) teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh nó nochtadh a iarraidh, faoi choinníollacha agus coimircí áirithe (anseo feasta: ‘dlíthe slándála náisiúnta’). Áirítear ar na dlíthe slándála náisiúnta sin, mar shampla, an tAcht um Chosaint Príobháideachais Cumarsáide, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach nó an tAcht um Ghnó Teileachumarsáide. Ina theannta sin, ní mór do bhailiú agus próiseáil bhreise faisnéise pearsanta ceanglais PIPA a chomhlíonadh. Maidir leis sin, déantar foráil in Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA nach mbeidh feidhm ag Caibidlí III go VII le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúnta. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an eisiamh páirteach sin le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.

An tráth céanna, tá feidhm ag Caibidil I (Forálacha ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA le faisnéis phearsanta den sórt sin a phróiseáil. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí).

Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; ina theannta sin, éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.

Ar deireadh, tá feidhm ag na forálacha lena rialaítear cúraimí agus cumhachtaí PIPC (lena n-áirítear Airteagal 60-65 PIPA maidir le gearáin a láimhseáil agus moltaí agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh) chomh maith leis na forálacha maidir le pionóis riaracháin agus choiriúla (Airteagal 70 et seq. PIPA). De réir Airteagal 7-8(1)3,4 agus Airteagal 7-9(1)5 PIPA, maidir leis na cumhachtaí imscrúdaithe agus ceartaitheacha sin, lena n-áirítear le linn dá gcur i bhfeidhm i gcomhthéacs gearáin a láimhseáil, cumhdaíonn siad freisin sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorainneacha agus coimircí i ndáil le faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail na dlíthe slándála náisiúnta. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, agus go bhfuil aon sárú den sórt sin ina shárú freisin ar ‘an Acht seo’, de réir bhrí Airteagail 63 agus 64, rud a cheadaíonn do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh (11). Tá feidhmiú na gcumhachtaí sin ag PIPC mar fhorlíonadh ar chumhachtaí an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an Duine faoin Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine, agus ní thagann siad in ionad na gcumhachtaí sin.

Is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Mar a aithníonn an Chúirt Bhunreachtúil, áirítear leis sin ceart duine aonair (12)‘chun cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é (13), […], arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis’. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).

Dá bhrí sin, le linn dó faisnéis phearsanta a phróiseáil chun críocha slándála náisiúnta, déanfaidh an rialaitheoir (e.g. NIS) na nithe a leanas, inter alia:

(1)

Na críocha a bpróiseáiltear faisnéis phearsanta lena n-aghaidh a shonrú go sainráite agus an t-íosmhéid faisnéise pearsanta is gá chun na gcríoch sin a bhailiú go dleathach agus go cóir (Airteagal 3(1) PIPA); go sonrach, ní bhaileoidh sé an fhaisnéis phearsanta agus ní dhéanfaidh sé próiseáil bhreise uirthi ach amháin chun críche dualgais a chomhlíonadh faoi na reachtanna ábhartha amhail an tAcht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise;

(2)

Faisnéis phearsanta a phróiseáil an t-íosmhéid is gá, agus ar feadh na tréimhse is íosta is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach (Airteagal 58(4) PIPA); ar críoch na próiseála a bhaint amach, déanfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis phearsanta a scriosadh go buan, ach amháin sa chás go sainordófar go sonrach le reacht í a choinneáil tuilleadh, agus sa chás sin déanfar an fhaisnéis phearsanta ábhartha a stóráil agus a bhainistiú ar leithligh ó fhaisnéis phearsanta eile, ní úsáidfear í chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa reacht, agus déanfar í a scriosadh ag deireadh na tréimhse coinneála;

(3)

Faisnéis phearsanta a phróiseáil ar bhealach iomchuí is gá chun na gcríoch a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh, agus ní úsáidfear an fhaisnéis lasmuigh de na críocha sin (Airteagal 3(2) PIPA);

(4)

A áirithiú go mbeidh faisnéis phearsanta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta a mhéid is gá i ndáil leis na críocha a bpróiseáiltear an fhaisnéis phearsanta lena n-aghaidh (Airteagal 3(3) PIPA);

(5)

Faisnéis phearsanta a bhainistiú go sábháilte de réir na modhanna, na gcineálacha, etc. próiseála faisnéise pearsanta, agus an fhéidearthacht go sárófar cearta an ábhair sonraí á cur san áireamh mar aon le déine na rioscaí ábhartha (Airteagal 3(4) PIPA);

(6)

A bheartas príobháideachais agus ábhair eile a bhaineann le próiseáil faisnéise pearsanta a phoibliú (Airteagal 3(5) PIPA);

(7)

Faisnéis phearsanta a phróiseáil ar bhealach chun an fhéidearthacht go sárófar príobháideachas ábhair sonraí a íoslaghdú (Airteagal 3(6) PIPA);

(ii)

I gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA, déanfaidh an rialaitheoir (e.g. údaráis inniúla don tslándáil náisiúnta amhail NIS) na socruithe is gá, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha a chur i bhfeidhm, chun comhlíontacht leis na prionsabail sin agus próiseáil iomchuí faisnéise pearsanta a áirithiú. D'fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, bearta sonracha le sábháilteacht faisnéise pearsanta a áirithiú, amhail srianta ar rochtain ar fhaisnéis phearsanta, rialuithe rochtana, logaí, sainoiliúint i láimhseáil faisnéise pearsanta a chur ar fhostaithe, etc.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagail 3(5) agus 4 PIPA, beidh na cearta a leanas, inter alia, ag ábhair shonraí i ndáil le faisnéis phearsanta a phróiseáiltear chun críocha slándála náisiúnta:

(1)

An ceart chun deimhniú a fháil maidir le cibé a bhfuil nó nach bhfuil a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta á próiseáil, chomh maith le faisnéis faoin bpróiseáil, agus rochtain ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear cóipeanna a bheith curtha ar fáil (Airteagal 4(1), (3) PIPA);

(2)

An ceart chun próiseáil faisnéise pearsanta a chur ar fionraí, agus go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh agus a dhíothú (Airteagal 4(4) PIPA).

(iii)

Féadfaidh ábhar sonraí iarraidh a dhéanamh agus na cearta sin á bhfeidhmiú, go díreach ar an rialaitheoir nó go hindíreach trí bhíthin an Choimisiúin um Chosaint, agus féadfaidh sé nó sí údarás a thabhairt dá ionadaí nó dá hionadaí amhlaidh a dhéanamh. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí iarraidh, deonóidh an rialaitheoir an ceart gan mhoill; ar choinníoll, áfach, go bhféadfaidh sé moill nó teorainn a chur ar an gceart, nó é a dhiúltú i gcás ina ndéantar foráil dó sin go sonrach nó i gcás inar dosheachanta é reachtanna eile a chomhlíonadh a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (mar shampla a mhéid agus a fhad a dhéanfadh deonú an chirt damáiste d’imscrúdú leanúnach nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó sárú nach bhfuil bonn cirt leis ar mhaoin agus ar leasanna eile tríú páirtí. I gcás ina ndiúltaítear an iarraidh nó ina gcuirtear srian uirthi, tabharfaidh sé fógra don ábhar sonraí faoi na cúiseanna leis sin gan mhoill. Ullmhóidh an rialaitheoir an modh agus an nós imeachta lena chur ar chumas na n-ábhar sonraí iarrataí a dhéanamh agus fógróidh go poiblí iad ionas go mbeidh ábhair shonraí ar an eolas fúthu.

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a d’eascródh as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cothrom), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag ábhair shonraí. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú chuig an Lárionad um Shárú Faisnéise Pearsanta a Thuairisciú (i gcomhréir le hAirteagal 62(3) PIPA), chun gearán a dhéanamh le PIPC de bhun Airteagal 62 PIPA faoi aon sárú i ndáil le cearta nó leasanna a bhaineann le faisnéis phearsanta duine aonair, agus chun sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh chinntí nó easpa gníomhaíochta ó PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Ina theannta sin, féadfaidh ábhair shonraí sásamh breithiúnach a fháil faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin i gcás ina ndearnadh sárú ar a gcearta nó ar a leasanna de bharr diúscairt nó neamhghníomh ag an rialaitheoir (e.g. bailiú neamhdhleathach sonraí pearsanta), nó féadfaidh siad cúiteamh as damáistí a fháil i gcomhréir leis an Acht um Chúiteamh Stáit. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sárú féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha a leagann amach na teorainneacha agus na coimircí i ndáil le faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail na dlíthe slándála náisiúnta agus i gcás sárú ar rialacha PIPA.

Féadfaidh duine aonair as an Aontas gearán a chur faoi bhráid PIPC trína údarás nó a húdarás náisiúnta um chosaint sonraí, agus tabharfaidh PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí, tar éis don imscrúdú agus don bheart ceartaitheach (más infheidhme) a bheith tugtha chun críche.


(1)  Le hAirteagal 14 den Acht um Chosaint Sonraí Pearsanta sonraítear údarás Rialtas na Cóiré beartais a bhunú chun feabhas a chur ar leibhéal na cosanta faisnéise pearsanta sa timpeallacht idirnáisiúnta agus sárú chearta na n-ábhar sonraí, i ngeall ar aistriú faisnéise pearsanta trasteorann, a chosc.

(2)  Go dtí deireadh na hidirthréimhse, áirítear leis sin freisin an Ríocht Aontaithe, dá bhforáiltear le hAirteagail 126, 127 agus 132 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2019/C 384 I/01).

(3)  Mar gheall go leagtar amach leis na forálacha seo prionsabail ghinearálta a bhfuil feidhm acu maidir le haon phróiseáil faisnéise pearsanta, lena n-áirítear i gcás ina rialófar an phróiseáil sin go sonrach le hAchtanna eile, tá feidhm ag na soiléirithe sa roinn seo freisin i gcás ina bpróiseálfar sonraí pearsanta ar bhonn dlíthe eile (féach e.g. Airteagal 15(1) den Acht um Fhaisnéis Creidmheasa, lena dtagraítear do na forálacha sin go sonrach).

(4)  Níl soláthraithe seirbhísí cumarsáide faisnéise faoi réir ach Airteagal 18(2) fomhíreanna 1 agus 2 agus faoina réir sin amháin. Is infheidhme fomhíreanna 5 go 9 maidir le hinstitiúidí poiblí agus maidir leo siúd amháin.

(5)  De bhun Airteagal 18(2) lit. 2, PIPA, beidh feidhm aige sin freisin nuair a nochtar faisnéis phearsanta do thríú páirtithe ar an gcoigríoch ar bhonn forálacha in Achtanna eile (amhail e.g. an tAcht um Fhaisnéis Chreidmheasa).

(6)  Maidir leis na hoibleagáidí faoi (i), (ii) agus (iii), tá feidhm chomhionann acu nuair a phróiseálann an rialaitheoir, a fhaigheann faisnéis phearsanta ón Aontas ar bhonn chinneadh na leordhóthanachta, an fhaisnéis sin ar bhonn Achtanna eile, amhail e.g. an tAcht um Fhaisnéis Chreidmheasa.

(7)  Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh feidhm ag eisceacht Airteagal 40-3 den Acht um Fhaisnéis Chreidmheasa ach amháin maidir le próiseáil faisnéise creidmheasa faoi ainm bréige chun staidreamh a thiomsú, taighde eolaíoch a dhéanamh agus taifid phoiblí a chaomhnú.

(8)  (Breithiúnas na Cúirte Uachtaraí 97Da10215,10222 dar dáta an 26 Eanáir 1999) Más rud é go nochtar fíorais choiriúla an chúisí trí na meáin chumarsáide, is dócha go ndéanfar damáiste meabhrach agus fisiciúil do-leigheasta ní hamháin don íospartach i.e. an gearánaí, ach do dhaoine timpeall air/uirthi, lena n-áirítear teaghlaigh.

(9)  (Breithiúnas ó Ard-Chúirt Shúl 2006Na92006 dar dáta an 16 Eanáir 2008) I gcás ina bhfoilsítear alt clúmhillteach, is dócha go mbeidh sé ina chúis le damáiste tromchúiseach neamh-indeisithe don duine lena mbaineann.

(10)  Tá feidhm ag na prionsabail chéanna a leagtar amach i bpointe (ii) maidir le hAirteagal 45-4 den Acht um Fhaisnéis Chreidmheasa.

(11)  A mhéid a bhaineann le bearta ceartaitheacha de bhun Airteagal 64, féach Roinn 5 thuas freisin.

(12)  Breithiúnas ón gCúirt Bhunreachtúil, 99HunMa513, 2004HunMa190, dar dáta an 26 Bealtaine 2005

(13)  Breithiúnas ón gCúirt Bhunreachtúil, 2003HunMa282, dar dáta an 21 Iúil 2005


IARSCRÍBHINN II

An 18 Bealtaine 2021

A Oirirceas an tUasal Didier Reynders, an Coimisinéir um Cheartas, an Coimisiún Eorpach

A Oirirceas,

Cuirim fáilte roimh an bplé cuiditheach idir an Chóiré agus an Coimisiún Eorpach arb é is aidhm leis creat a chruthú chun sonraí pearsanta a aistriú ón Aontas go dtí an Chóiré.

Ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach chuig rialtas na Cóiré, táim ag seoladh doiciméid leis seo ina dtugtar achoimre ar an gcreat dlíthiúil maidir le rochtain ag rialtas na Cóiré ar fhaisnéis.

Baineann an doiciméad sin le go leor aireachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid rialtas na Cóiré, agus maidir le hinneachar an doiciméid, is iad na haireachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha (an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta, an Aireacht Cheartais, an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise, Coimisiúin Náisiúnta na Cóiré um Chearta an Duine, an Lárionad Frithsceimhlitheoireachta Náisiúnta, Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré) atá freagrach as na míreanna laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach. Féach thíos na haireachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha agus na sínithe faoi seach.

Glacann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta le gach fiosrúchán faoin doiciméad sin agus déanfaidh sé na freagairtí is gá a chomhordú i measc na n-aireachtaí agus na ngníomhaireachtaí ábhartha.

Tá súil agam go mbeidh an doiciméad sin ina chuidiú don Choimisiún Eorpach agus cinntí á ndéanamh aige.

Táim buíoch as do rannchuidiú mór go dtí seo maidir leis an ábhar seo.

Is mise le meas,

Image 1L0442022GA110120211217GA0001.00036919022Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear rochtain ag an rialtas anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.1.PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS1.1.An creat bunreachtúilLeagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthúAirteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (an Bunreacht anseo feasta).. Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobailAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirseAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta ag saoránaighCúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.. I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránachCinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis..Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlíAirteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.. Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuíAirteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.. In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidhAirteagal 12(3) den Bhunreacht.. Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúntaAirteagal 6(2) den Bhunreacht.. Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta saoránach, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisinCinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).. Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonnaCinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leisFéach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.. Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach cearta daoine daonna in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblíAirteagal 29(1) den Bhunreacht.. Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt BhunreachtúilAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil..1.2.Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraíTá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.Airteagal 5(1) PIPA.Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúntaAirteagal 58(1) lit. 2 PIPA.. Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sinFógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.. Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).2.ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ2.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlíBunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (CPA anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (TBA anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadhFéach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).. Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (KOFIU anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.2.2.Bunúis dlí agus teorainneachaSoláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.2.2.1.Cuardaigh agus urghabhálacha2.2.1.1.Bunús dlíNí fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcásAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrachAirteagail 106(1), 107 agus 109 CPA..2.2.1.2.Teorainneacha agus coimircíMar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramúAirteagal 198(2) CPA.. Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gáAirteagal 199(1) CPA..Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirtAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháilAirteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.. Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrúAirteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh réAirteagal 113 CPA.. Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhúAirteagail 121 agus 122 CPA..Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlánAirteagal 106(3) CPA.. Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eileAirteagal 106(3) CPA.. Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoillAirteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.. Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair cionaAirteagal 216(3) CPA.. Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoillAirteagal 216(3) CPA.. Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúilAirteagal 216(1) agus (2) CPA.. Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach éAirteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016..Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlacthaAirteagal 308-2 CPA.. Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áititheAirteagal 321 den Acht Cóiriúil.. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.2.2.2.Bailiú faisnéise cumarsáide2.2.2.1.Bunús dlíRialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt MhíleataAirteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.. Cumhdaítear leis an téarma cumarsáid, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáidAirteagal 2(1) CPPA, i.e. fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió.. I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 2(7) agus 3(2) CPPA. agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide.Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear cinsireacht, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le cúléisteacht teileafóin, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáideSainmhínítear Cinsireacht mar ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn cúléisteacht teileafóin inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh (Airteagal 2(7) CPPA).. Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí)Airteagal 2(11) CPPA..Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúlaAirteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann..2.2.2.2.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdúAirteagal 3(2) CPPA.. I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eileAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidirAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleataAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta amaAirteagal 5(2) CPPA..Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadúAirteagal 6(1) CPPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina sealAirteagal 6(2) CPPA.. Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iadAirteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA..I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdúAirteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.. Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iadAirteagal 6(6) CPPA..Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhíAirteagal 6(7) CPPA.. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na beartaAirteagal 6(7) CPPA.. Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.)Airteagal 6(8) CPPA..Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibhAirteagal 9(2) CPPA.. Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaidAirteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an spriocAirteagal 9(3) CPPA.. Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthasAirteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdúAirteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairtAirteagal 9-2(1) CPPA.. Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh airAirteagal 9-2(4) CPPA.. I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh PoiblíAirteagal 9-2(5) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 9-2(6) CPPA..Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas)Airteagal 8(1) CPPA.. In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáthAirteagal 8(2) CPPA.. Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibhAirteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA.. Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA,Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú. chomh maith le doiciméid tacaíochta.I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúilAirteagal 8(5) CPPA.. Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteachAirteagal 8(6)-(7) CPPA.. Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eileAirteagal 12 CPPA..Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíonAirteagal 12-2 CPPA.. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidNí mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.. Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáilAirteagal 12-2(3) CPPA.. Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 láAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachtaAirteagal 4 CPPA.. Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sinAirteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..2.2.2.3.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiúAr bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhúAirteagal 13(1) CPPA.. Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaitheAirteagail 13 agus 6 CPPA.. Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáideAirteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadhAirteagal 13(3) CPPA..Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeádAirteagal 13(5) agus (6) CPPA.. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraíAirteagal 13(7) CPPA..I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáideFéach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.. Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaitheAirteagal 13-3(1) CPPA.. Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárúAirteagal 13-3(2) CPPA.. Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúilAirteagal 13-3(3) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 13-3(4) CPPA..Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiúAirteagal 13-3(5) CPPA.. Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra)Airteagal 13-3(6) CPPA..2.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideLe hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le sonraí cumarsáide ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint)Airteagal 83(3) TBA.. Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na CóiréAirteagal 2(9) TBA.. Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua annAirteagal 83(4) TBA.. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinneAirteagal 83(4) TBA.. Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinnAirteagal 83(5) TBA.. Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFCAirteagal 83(6) TBA..Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réirCinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).2.3.FormhaoirseachtDéantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.2.3.1.Féin-iniúchóireachtI gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamhAirteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sinAirteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta)Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san AchtAirteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachtaAirteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcríchAirteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus CigireachtAirteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáthAirteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac airAirteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duineFéach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp..2.3.2.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtFéadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdúAirteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta).. Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fósAirteagal 2(1) d'Acht BAI.. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsúAirteagal 2(2) d'Acht BAI.. Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAIAirteagal 4(1) d'Acht BAI.. Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 blianaAirteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.. Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlíE.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI. a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmachAirteagal 8 d'Acht BAI.. Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothairAirteagal 9 d'Acht BAI..Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthairFéach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.. Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblíAirteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.. Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.2.3.3.An Tionól NáisiúntaFéadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblíAirteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.. Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthairAirteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana)Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.. Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblíAirteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól NáisiúntaAirteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit..2.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaDéanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamhFéach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta..I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uileAirteagal 63 PIPA.. Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamhAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.. Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathachAirteagail 70-74 PIPA.. Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir)Airteagal 65(1) PIPA..2.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRC anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinnAirteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC anseo feasta). – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr)Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.. Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialtaAirteagal 5(3) d'Acht NHRC.. Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól NáisiúntaAirteagal 5(5) d'Acht NHRC.. Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú)Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.. Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí)Airteagal 10 d'Acht NHRC..Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.. Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliúAirteagal 25(1) d'Acht NHRC.. Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iadAirteagal 25(3) d'Acht NHRC.. Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sinAirteagal 25(4) d'Acht NHRC.. Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.2.4.Sásamh an duine aonair2.4.1.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAMaidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPCAirteagal 35(2) PIPA.. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh)Airteagal 35(4) PIPA. Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamhAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamhAirteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA..A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus SlándáilAirteagal 62 PIPA.. Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis PhearsantaAirteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).2.4.2.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineLáimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblíCé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma cónaíonn. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRCNí mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).. Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhálaAirteagail 42 et seq.d'Acht NHRC..Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.. Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábharthaAirteagal 44 d'Acht NHRC.. Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arísAirteagal 42(4) d'Acht NHRC.. Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadhAirteagal 48 d'Acht NHRC..Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán)Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos)Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.. Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).2.4.3.Sásamh breithiúnachFéadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántasAirteagail 121 agus 219 CPA. Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra gar-ghearáin, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháilAirteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.. Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadhAirteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.. Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le Comhairle Cúitimh speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na CóiréAirteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).. Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéannaAirteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.. Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu..”Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015. Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne)Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta..Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíochtAirteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialtaCinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.. Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta SibhialtaAirteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht RiaracháinAirteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorgAirteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear leas dlíthiúil mar leas a bhfuil cosaint dlí aige, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad)Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.. Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtitheAirteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leoAirteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le cúiseanna inchosanta le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháisCinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.. Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisinAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1)Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil,Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. beidh gearán fós inghlactha má bhíonn cúiseanna inchosanta leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sinAirteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áiritheAirteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.3.ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA3.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúntaTá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an UachtaráinAirteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.. Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh)Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír., faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhracAirteagal 3(1) d'Acht NIS.. Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaintAirteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.. Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól NáisiúntaAirteagal 4(2) d'Acht NIS.. Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 13 d'Acht NIS.. Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sinAirteagal 14 d'Acht NIS.. Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúlaAirteagail 22 agus 23 d'Acht NIS..Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidhAirteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.3.2.Bunúis dlí agus teorainneachaIs le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhmeLe linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.. Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.3.2.1.Bailiú faisnéise cumarsáide3.2.1.1.Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise3.2.1.1.1.Bunús dlíLe CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sinAirteagal 15-2 CPPA.. Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. bearta a chuireann srianta le cumarsáid amhail bearta cúléisteachta nó cinsireachtaAirteagal 2(6) agus (7) CPPA.) agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáideAirteagal 2(11) CPPA..Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéannaFéach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.. Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 13-4 CPPA.. Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc)Airteagal 7(1) CPPA.. Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdúAirteagal 8(2) CPPA.. Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárúAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..3.2.1.1.2.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den ChóiréMaidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-IonchúisitheoraAirteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú)Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.. Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan foraisAirteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA. Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamhAirteagail 7(3) agus 6(6) CPPA..Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúintAirteagal 8 CPPA.. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh réAirteagal 8(1) CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreachAirteagal 8(2) CPPA.. Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí..I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandálaAirteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).. Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.3.2.1.1.3.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iadChun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh réAirteagal 7(1)2 CPPA. Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré,Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre. nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtrachaThairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.. Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamhAirteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).. Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheasAirteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas)Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.. Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leoAirteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..I gcásanna éigeandála,Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA). ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreachAirteagal 8(9) CPPA.. Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.3.2.1.1.4.Teorannuithe agus coimircí ginearáltaAgus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhadAirteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide)Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 blianaAirteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliainAirteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NISAirteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthiAirteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA..Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreachAirteagal 7(2) CPPA.. Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar annAirteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachasAirteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchurAirteagal 9-2(4) CPPA.. Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurthaAirteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA..Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eileAirteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA..3.2.1.2.Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúntaFéadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandálaIs é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA)., is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).3.2.2.Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta3.2.2.1.Bunús dlíCumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachtaAirteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Sainmhínítear amhrastach sceimhlitheoireachta mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta,Sainmhínítear grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachtaSainmhínítear sceimhlitheoireacht in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.)., nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aiciAirteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramúAirteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seachAirteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsantaMar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó. nó ó sholáthraí faisnéise suímhMar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (an tAcht um Fhaisnéis Suímh anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.. Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).3.2.2.2.Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis SuímhNí mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 11(1) d'Acht NIS.. Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúlaAirteagal 19 d'Acht NIS..Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..3.2.2.3.Teorannuithe agus coimircí faoi CPPAAr bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.3.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideAr bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun sonraí cumarsáide ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 83(3) TBA.. Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3)Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain..Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.3.3.FormhaoirseachtDéanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.3.3.1.An tOifigeach um Chosaint Chearta an DuineNuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (HRPO anseo feasta)Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí AirgeadaisAirteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire)Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leoAirteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach)Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmachAirteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta..I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3)Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartúAirteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.. Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhmeAirteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.3.3.2.An Tionól NáisiúntaMar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sinAirteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán)Airteagal 18 d'Acht NIS.. Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoillAirteagal 15(2) den Acht NIS.. Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthuAirteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear rúin stáit mar na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPAAirteagal 15 CPPA.. Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.3.3.3.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtDéanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2)Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS..3.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaA mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh arAirteagal 63 PIPA. sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábharthaAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA..3.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).3.4.Sásamh an duine aonair3.4.1.Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an DuineI leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.3.4.2.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAI leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPAAirteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.. Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPCAirteagail 62 agus 63(2) PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.3.4.3.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).3.4.4.Sásamh breithiúnachMar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta)Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998..Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéiseAirteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.

Yoon Jong In

Cathaoirleach an Choimisiúin um Chosaint Faisnéise Pearsanta

An Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta agus na haireachtaí agus gníomhaireachtaí a leanas lena mbaineann a leag amach an Doiciméad seo.

Image 2L0442022GA110120211217GA0001.00036919022Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear rochtain ag an rialtas anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.1.PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS1.1.An creat bunreachtúilLeagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthúAirteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (an Bunreacht anseo feasta).. Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobailAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirseAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta ag saoránaighCúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.. I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránachCinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis..Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlíAirteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.. Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuíAirteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.. In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidhAirteagal 12(3) den Bhunreacht.. Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúntaAirteagal 6(2) den Bhunreacht.. Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta saoránach, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisinCinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).. Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonnaCinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leisFéach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.. Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach cearta daoine daonna in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblíAirteagal 29(1) den Bhunreacht.. Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt BhunreachtúilAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil..1.2.Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraíTá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.Airteagal 5(1) PIPA.Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúntaAirteagal 58(1) lit. 2 PIPA.. Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sinFógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.. Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).2.ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ2.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlíBunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (CPA anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (TBA anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadhFéach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).. Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (KOFIU anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.2.2.Bunúis dlí agus teorainneachaSoláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.2.2.1.Cuardaigh agus urghabhálacha2.2.1.1.Bunús dlíNí fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcásAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrachAirteagail 106(1), 107 agus 109 CPA..2.2.1.2.Teorainneacha agus coimircíMar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramúAirteagal 198(2) CPA.. Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gáAirteagal 199(1) CPA..Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirtAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháilAirteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.. Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrúAirteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh réAirteagal 113 CPA.. Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhúAirteagail 121 agus 122 CPA..Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlánAirteagal 106(3) CPA.. Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eileAirteagal 106(3) CPA.. Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoillAirteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.. Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair cionaAirteagal 216(3) CPA.. Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoillAirteagal 216(3) CPA.. Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúilAirteagal 216(1) agus (2) CPA.. Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach éAirteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016..Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlacthaAirteagal 308-2 CPA.. Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áititheAirteagal 321 den Acht Cóiriúil.. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.2.2.2.Bailiú faisnéise cumarsáide2.2.2.1.Bunús dlíRialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt MhíleataAirteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.. Cumhdaítear leis an téarma cumarsáid, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáidAirteagal 2(1) CPPA, i.e. fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió.. I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 2(7) agus 3(2) CPPA. agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide.Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear cinsireacht, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le cúléisteacht teileafóin, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáideSainmhínítear Cinsireacht mar ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn cúléisteacht teileafóin inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh (Airteagal 2(7) CPPA).. Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí)Airteagal 2(11) CPPA..Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúlaAirteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann..2.2.2.2.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdúAirteagal 3(2) CPPA.. I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eileAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidirAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleataAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta amaAirteagal 5(2) CPPA..Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadúAirteagal 6(1) CPPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina sealAirteagal 6(2) CPPA.. Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iadAirteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA..I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdúAirteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.. Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iadAirteagal 6(6) CPPA..Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhíAirteagal 6(7) CPPA.. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na beartaAirteagal 6(7) CPPA.. Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.)Airteagal 6(8) CPPA..Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibhAirteagal 9(2) CPPA.. Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaidAirteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an spriocAirteagal 9(3) CPPA.. Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthasAirteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdúAirteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairtAirteagal 9-2(1) CPPA.. Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh airAirteagal 9-2(4) CPPA.. I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh PoiblíAirteagal 9-2(5) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 9-2(6) CPPA..Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas)Airteagal 8(1) CPPA.. In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáthAirteagal 8(2) CPPA.. Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibhAirteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA.. Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA,Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú. chomh maith le doiciméid tacaíochta.I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúilAirteagal 8(5) CPPA.. Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteachAirteagal 8(6)-(7) CPPA.. Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eileAirteagal 12 CPPA..Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíonAirteagal 12-2 CPPA.. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidNí mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.. Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáilAirteagal 12-2(3) CPPA.. Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 láAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachtaAirteagal 4 CPPA.. Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sinAirteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..2.2.2.3.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiúAr bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhúAirteagal 13(1) CPPA.. Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaitheAirteagail 13 agus 6 CPPA.. Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáideAirteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadhAirteagal 13(3) CPPA..Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeádAirteagal 13(5) agus (6) CPPA.. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraíAirteagal 13(7) CPPA..I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáideFéach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.. Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaitheAirteagal 13-3(1) CPPA.. Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárúAirteagal 13-3(2) CPPA.. Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúilAirteagal 13-3(3) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 13-3(4) CPPA..Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiúAirteagal 13-3(5) CPPA.. Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra)Airteagal 13-3(6) CPPA..2.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideLe hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le sonraí cumarsáide ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint)Airteagal 83(3) TBA.. Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na CóiréAirteagal 2(9) TBA.. Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua annAirteagal 83(4) TBA.. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinneAirteagal 83(4) TBA.. Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinnAirteagal 83(5) TBA.. Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFCAirteagal 83(6) TBA..Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réirCinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).2.3.FormhaoirseachtDéantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.2.3.1.Féin-iniúchóireachtI gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamhAirteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sinAirteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta)Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san AchtAirteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachtaAirteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcríchAirteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus CigireachtAirteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáthAirteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac airAirteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duineFéach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp..2.3.2.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtFéadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdúAirteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta).. Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fósAirteagal 2(1) d'Acht BAI.. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsúAirteagal 2(2) d'Acht BAI.. Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAIAirteagal 4(1) d'Acht BAI.. Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 blianaAirteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.. Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlíE.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI. a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmachAirteagal 8 d'Acht BAI.. Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothairAirteagal 9 d'Acht BAI..Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthairFéach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.. Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblíAirteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.. Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.2.3.3.An Tionól NáisiúntaFéadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblíAirteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.. Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthairAirteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana)Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.. Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblíAirteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól NáisiúntaAirteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit..2.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaDéanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamhFéach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta..I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uileAirteagal 63 PIPA.. Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamhAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.. Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathachAirteagail 70-74 PIPA.. Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir)Airteagal 65(1) PIPA..2.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRC anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinnAirteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC anseo feasta). – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr)Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.. Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialtaAirteagal 5(3) d'Acht NHRC.. Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól NáisiúntaAirteagal 5(5) d'Acht NHRC.. Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú)Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.. Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí)Airteagal 10 d'Acht NHRC..Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.. Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliúAirteagal 25(1) d'Acht NHRC.. Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iadAirteagal 25(3) d'Acht NHRC.. Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sinAirteagal 25(4) d'Acht NHRC.. Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.2.4.Sásamh an duine aonair2.4.1.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAMaidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPCAirteagal 35(2) PIPA.. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh)Airteagal 35(4) PIPA. Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamhAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamhAirteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA..A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus SlándáilAirteagal 62 PIPA.. Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis PhearsantaAirteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).2.4.2.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineLáimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblíCé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma cónaíonn. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRCNí mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).. Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhálaAirteagail 42 et seq.d'Acht NHRC..Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.. Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábharthaAirteagal 44 d'Acht NHRC.. Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arísAirteagal 42(4) d'Acht NHRC.. Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadhAirteagal 48 d'Acht NHRC..Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán)Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos)Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.. Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).2.4.3.Sásamh breithiúnachFéadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántasAirteagail 121 agus 219 CPA. Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra gar-ghearáin, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháilAirteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.. Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadhAirteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.. Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le Comhairle Cúitimh speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na CóiréAirteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).. Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéannaAirteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.. Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu..”Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015. Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne)Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta..Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíochtAirteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialtaCinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.. Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta SibhialtaAirteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht RiaracháinAirteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorgAirteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear leas dlíthiúil mar leas a bhfuil cosaint dlí aige, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad)Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.. Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtitheAirteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leoAirteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le cúiseanna inchosanta le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháisCinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.. Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisinAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1)Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil,Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. beidh gearán fós inghlactha má bhíonn cúiseanna inchosanta leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sinAirteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áiritheAirteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.3.ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA3.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúntaTá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an UachtaráinAirteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.. Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh)Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír., faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhracAirteagal 3(1) d'Acht NIS.. Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaintAirteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.. Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól NáisiúntaAirteagal 4(2) d'Acht NIS.. Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 13 d'Acht NIS.. Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sinAirteagal 14 d'Acht NIS.. Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúlaAirteagail 22 agus 23 d'Acht NIS..Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidhAirteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.3.2.Bunúis dlí agus teorainneachaIs le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhmeLe linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.. Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.3.2.1.Bailiú faisnéise cumarsáide3.2.1.1.Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise3.2.1.1.1.Bunús dlíLe CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sinAirteagal 15-2 CPPA.. Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. bearta a chuireann srianta le cumarsáid amhail bearta cúléisteachta nó cinsireachtaAirteagal 2(6) agus (7) CPPA.) agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáideAirteagal 2(11) CPPA..Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéannaFéach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.. Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 13-4 CPPA.. Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc)Airteagal 7(1) CPPA.. Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdúAirteagal 8(2) CPPA.. Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárúAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..3.2.1.1.2.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den ChóiréMaidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-IonchúisitheoraAirteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú)Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.. Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan foraisAirteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA. Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamhAirteagail 7(3) agus 6(6) CPPA..Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúintAirteagal 8 CPPA.. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh réAirteagal 8(1) CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreachAirteagal 8(2) CPPA.. Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí..I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandálaAirteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).. Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.3.2.1.1.3.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iadChun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh réAirteagal 7(1)2 CPPA. Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré,Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre. nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtrachaThairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.. Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamhAirteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).. Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheasAirteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas)Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.. Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leoAirteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..I gcásanna éigeandála,Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA). ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreachAirteagal 8(9) CPPA.. Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.3.2.1.1.4.Teorannuithe agus coimircí ginearáltaAgus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhadAirteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide)Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 blianaAirteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliainAirteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NISAirteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthiAirteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA..Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreachAirteagal 7(2) CPPA.. Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar annAirteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachasAirteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchurAirteagal 9-2(4) CPPA.. Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurthaAirteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA..Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eileAirteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA..3.2.1.2.Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúntaFéadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandálaIs é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA)., is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).3.2.2.Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta3.2.2.1.Bunús dlíCumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachtaAirteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Sainmhínítear amhrastach sceimhlitheoireachta mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta,Sainmhínítear grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachtaSainmhínítear sceimhlitheoireacht in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.)., nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aiciAirteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramúAirteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seachAirteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsantaMar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó. nó ó sholáthraí faisnéise suímhMar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (an tAcht um Fhaisnéis Suímh anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.. Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).3.2.2.2.Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis SuímhNí mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 11(1) d'Acht NIS.. Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúlaAirteagal 19 d'Acht NIS..Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..3.2.2.3.Teorannuithe agus coimircí faoi CPPAAr bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.3.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideAr bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun sonraí cumarsáide ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 83(3) TBA.. Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3)Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain..Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.3.3.FormhaoirseachtDéanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.3.3.1.An tOifigeach um Chosaint Chearta an DuineNuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (HRPO anseo feasta)Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí AirgeadaisAirteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire)Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leoAirteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach)Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmachAirteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta..I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3)Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartúAirteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.. Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhmeAirteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.3.3.2.An Tionól NáisiúntaMar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sinAirteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán)Airteagal 18 d'Acht NIS.. Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoillAirteagal 15(2) den Acht NIS.. Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthuAirteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear rúin stáit mar na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPAAirteagal 15 CPPA.. Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.3.3.3.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtDéanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2)Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS..3.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaA mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh arAirteagal 63 PIPA. sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábharthaAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA..3.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).3.4.Sásamh an duine aonair3.4.1.Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an DuineI leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.3.4.2.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAI leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPAAirteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.. Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPCAirteagail 62 agus 63(2) PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.3.4.3.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).3.4.4.Sásamh breithiúnachMar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta)Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998..Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéiseAirteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.

Park Jie Won

Uachtarán (Stiúrthóir), an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise

Image 3L0442022GA110120211217GA0001.00036919022Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear rochtain ag an rialtas anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.1.PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS1.1.An creat bunreachtúilLeagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthúAirteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (an Bunreacht anseo feasta).. Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobailAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirseAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta ag saoránaighCúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.. I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránachCinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis..Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlíAirteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.. Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuíAirteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.. In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidhAirteagal 12(3) den Bhunreacht.. Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúntaAirteagal 6(2) den Bhunreacht.. Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta saoránach, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisinCinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).. Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonnaCinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leisFéach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.. Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach cearta daoine daonna in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblíAirteagal 29(1) den Bhunreacht.. Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt BhunreachtúilAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil..1.2.Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraíTá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.Airteagal 5(1) PIPA.Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúntaAirteagal 58(1) lit. 2 PIPA.. Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sinFógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.. Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).2.ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ2.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlíBunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (CPA anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (TBA anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadhFéach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).. Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (KOFIU anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.2.2.Bunúis dlí agus teorainneachaSoláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.2.2.1.Cuardaigh agus urghabhálacha2.2.1.1.Bunús dlíNí fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcásAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrachAirteagail 106(1), 107 agus 109 CPA..2.2.1.2.Teorainneacha agus coimircíMar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramúAirteagal 198(2) CPA.. Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gáAirteagal 199(1) CPA..Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirtAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháilAirteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.. Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrúAirteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh réAirteagal 113 CPA.. Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhúAirteagail 121 agus 122 CPA..Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlánAirteagal 106(3) CPA.. Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eileAirteagal 106(3) CPA.. Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoillAirteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.. Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair cionaAirteagal 216(3) CPA.. Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoillAirteagal 216(3) CPA.. Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúilAirteagal 216(1) agus (2) CPA.. Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach éAirteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016..Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlacthaAirteagal 308-2 CPA.. Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áititheAirteagal 321 den Acht Cóiriúil.. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.2.2.2.Bailiú faisnéise cumarsáide2.2.2.1.Bunús dlíRialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt MhíleataAirteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.. Cumhdaítear leis an téarma cumarsáid, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáidAirteagal 2(1) CPPA, i.e. fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió.. I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 2(7) agus 3(2) CPPA. agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide.Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear cinsireacht, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le cúléisteacht teileafóin, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáideSainmhínítear Cinsireacht mar ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn cúléisteacht teileafóin inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh (Airteagal 2(7) CPPA).. Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí)Airteagal 2(11) CPPA..Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúlaAirteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann..2.2.2.2.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdúAirteagal 3(2) CPPA.. I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eileAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidirAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleataAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta amaAirteagal 5(2) CPPA..Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadúAirteagal 6(1) CPPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina sealAirteagal 6(2) CPPA.. Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iadAirteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA..I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdúAirteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.. Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iadAirteagal 6(6) CPPA..Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhíAirteagal 6(7) CPPA.. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na beartaAirteagal 6(7) CPPA.. Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.)Airteagal 6(8) CPPA..Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibhAirteagal 9(2) CPPA.. Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaidAirteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an spriocAirteagal 9(3) CPPA.. Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthasAirteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdúAirteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairtAirteagal 9-2(1) CPPA.. Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh airAirteagal 9-2(4) CPPA.. I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh PoiblíAirteagal 9-2(5) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 9-2(6) CPPA..Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas)Airteagal 8(1) CPPA.. In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáthAirteagal 8(2) CPPA.. Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibhAirteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA.. Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA,Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú. chomh maith le doiciméid tacaíochta.I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúilAirteagal 8(5) CPPA.. Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteachAirteagal 8(6)-(7) CPPA.. Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eileAirteagal 12 CPPA..Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíonAirteagal 12-2 CPPA.. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidNí mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.. Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáilAirteagal 12-2(3) CPPA.. Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 láAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachtaAirteagal 4 CPPA.. Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sinAirteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..2.2.2.3.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiúAr bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhúAirteagal 13(1) CPPA.. Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaitheAirteagail 13 agus 6 CPPA.. Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáideAirteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadhAirteagal 13(3) CPPA..Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeádAirteagal 13(5) agus (6) CPPA.. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraíAirteagal 13(7) CPPA..I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáideFéach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.. Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaitheAirteagal 13-3(1) CPPA.. Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárúAirteagal 13-3(2) CPPA.. Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúilAirteagal 13-3(3) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 13-3(4) CPPA..Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiúAirteagal 13-3(5) CPPA.. Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra)Airteagal 13-3(6) CPPA..2.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideLe hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le sonraí cumarsáide ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint)Airteagal 83(3) TBA.. Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na CóiréAirteagal 2(9) TBA.. Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua annAirteagal 83(4) TBA.. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinneAirteagal 83(4) TBA.. Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinnAirteagal 83(5) TBA.. Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFCAirteagal 83(6) TBA..Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réirCinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).2.3.FormhaoirseachtDéantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.2.3.1.Féin-iniúchóireachtI gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamhAirteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sinAirteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta)Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san AchtAirteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachtaAirteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcríchAirteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus CigireachtAirteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáthAirteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac airAirteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duineFéach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp..2.3.2.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtFéadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdúAirteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta).. Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fósAirteagal 2(1) d'Acht BAI.. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsúAirteagal 2(2) d'Acht BAI.. Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAIAirteagal 4(1) d'Acht BAI.. Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 blianaAirteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.. Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlíE.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI. a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmachAirteagal 8 d'Acht BAI.. Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothairAirteagal 9 d'Acht BAI..Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthairFéach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.. Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblíAirteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.. Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.2.3.3.An Tionól NáisiúntaFéadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblíAirteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.. Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthairAirteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana)Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.. Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblíAirteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól NáisiúntaAirteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit..2.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaDéanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamhFéach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta..I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uileAirteagal 63 PIPA.. Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamhAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.. Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathachAirteagail 70-74 PIPA.. Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir)Airteagal 65(1) PIPA..2.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRC anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinnAirteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC anseo feasta). – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr)Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.. Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialtaAirteagal 5(3) d'Acht NHRC.. Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól NáisiúntaAirteagal 5(5) d'Acht NHRC.. Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú)Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.. Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí)Airteagal 10 d'Acht NHRC..Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.. Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliúAirteagal 25(1) d'Acht NHRC.. Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iadAirteagal 25(3) d'Acht NHRC.. Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sinAirteagal 25(4) d'Acht NHRC.. Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.2.4.Sásamh an duine aonair2.4.1.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAMaidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPCAirteagal 35(2) PIPA.. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh)Airteagal 35(4) PIPA. Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamhAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamhAirteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA..A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus SlándáilAirteagal 62 PIPA.. Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis PhearsantaAirteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).2.4.2.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineLáimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblíCé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma cónaíonn. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRCNí mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).. Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhálaAirteagail 42 et seq.d'Acht NHRC..Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.. Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábharthaAirteagal 44 d'Acht NHRC.. Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arísAirteagal 42(4) d'Acht NHRC.. Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadhAirteagal 48 d'Acht NHRC..Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán)Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos)Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.. Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).2.4.3.Sásamh breithiúnachFéadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántasAirteagail 121 agus 219 CPA. Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra gar-ghearáin, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháilAirteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.. Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadhAirteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.. Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le Comhairle Cúitimh speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na CóiréAirteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).. Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéannaAirteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.. Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu..”Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015. Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne)Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta..Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíochtAirteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialtaCinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.. Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta SibhialtaAirteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht RiaracháinAirteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorgAirteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear leas dlíthiúil mar leas a bhfuil cosaint dlí aige, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad)Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.. Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtitheAirteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leoAirteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le cúiseanna inchosanta le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháisCinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.. Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisinAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1)Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil,Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. beidh gearán fós inghlactha má bhíonn cúiseanna inchosanta leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sinAirteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áiritheAirteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.3.ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA3.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúntaTá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an UachtaráinAirteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.. Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh)Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír., faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhracAirteagal 3(1) d'Acht NIS.. Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaintAirteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.. Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól NáisiúntaAirteagal 4(2) d'Acht NIS.. Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 13 d'Acht NIS.. Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sinAirteagal 14 d'Acht NIS.. Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúlaAirteagail 22 agus 23 d'Acht NIS..Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidhAirteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.3.2.Bunúis dlí agus teorainneachaIs le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhmeLe linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.. Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.3.2.1.Bailiú faisnéise cumarsáide3.2.1.1.Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise3.2.1.1.1.Bunús dlíLe CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sinAirteagal 15-2 CPPA.. Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. bearta a chuireann srianta le cumarsáid amhail bearta cúléisteachta nó cinsireachtaAirteagal 2(6) agus (7) CPPA.) agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáideAirteagal 2(11) CPPA..Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéannaFéach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.. Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 13-4 CPPA.. Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc)Airteagal 7(1) CPPA.. Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdúAirteagal 8(2) CPPA.. Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárúAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..3.2.1.1.2.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den ChóiréMaidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-IonchúisitheoraAirteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú)Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.. Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan foraisAirteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA. Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamhAirteagail 7(3) agus 6(6) CPPA..Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúintAirteagal 8 CPPA.. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh réAirteagal 8(1) CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreachAirteagal 8(2) CPPA.. Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí..I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandálaAirteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).. Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.3.2.1.1.3.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iadChun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh réAirteagal 7(1)2 CPPA. Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré,Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre. nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtrachaThairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.. Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamhAirteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).. Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheasAirteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas)Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.. Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leoAirteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..I gcásanna éigeandála,Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA). ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreachAirteagal 8(9) CPPA.. Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.3.2.1.1.4.Teorannuithe agus coimircí ginearáltaAgus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhadAirteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide)Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 blianaAirteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliainAirteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NISAirteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthiAirteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA..Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreachAirteagal 7(2) CPPA.. Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar annAirteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachasAirteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchurAirteagal 9-2(4) CPPA.. Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurthaAirteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA..Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eileAirteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA..3.2.1.2.Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúntaFéadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandálaIs é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA)., is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).3.2.2.Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta3.2.2.1.Bunús dlíCumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachtaAirteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Sainmhínítear amhrastach sceimhlitheoireachta mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta,Sainmhínítear grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachtaSainmhínítear sceimhlitheoireacht in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.)., nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aiciAirteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramúAirteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seachAirteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsantaMar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó. nó ó sholáthraí faisnéise suímhMar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (an tAcht um Fhaisnéis Suímh anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.. Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).3.2.2.2.Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis SuímhNí mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 11(1) d'Acht NIS.. Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúlaAirteagal 19 d'Acht NIS..Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..3.2.2.3.Teorannuithe agus coimircí faoi CPPAAr bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.3.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideAr bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun sonraí cumarsáide ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 83(3) TBA.. Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3)Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain..Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.3.3.FormhaoirseachtDéanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.3.3.1.An tOifigeach um Chosaint Chearta an DuineNuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (HRPO anseo feasta)Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí AirgeadaisAirteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire)Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leoAirteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach)Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmachAirteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta..I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3)Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartúAirteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.. Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhmeAirteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.3.3.2.An Tionól NáisiúntaMar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sinAirteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán)Airteagal 18 d'Acht NIS.. Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoillAirteagal 15(2) den Acht NIS.. Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthuAirteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear rúin stáit mar na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPAAirteagal 15 CPPA.. Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.3.3.3.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtDéanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2)Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS..3.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaA mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh arAirteagal 63 PIPA. sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábharthaAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA..3.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).3.4.Sásamh an duine aonair3.4.1.Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an DuineI leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.3.4.2.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAI leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPAAirteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.. Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPCAirteagail 62 agus 63(2) PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.3.4.3.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).3.4.4.Sásamh breithiúnachMar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta)Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998..Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéiseAirteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.

Lee Jung Soo

Ard-Stiúrthóir, an Aireacht Cheartais

Image 4L0442022GA110120211217GA0001.00036919022Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear rochtain ag an rialtas anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.1.PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS1.1.An creat bunreachtúilLeagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthúAirteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (an Bunreacht anseo feasta).. Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobailAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirseAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta ag saoránaighCúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.. I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránachCinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis..Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlíAirteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.. Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuíAirteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.. In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidhAirteagal 12(3) den Bhunreacht.. Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúntaAirteagal 6(2) den Bhunreacht.. Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta saoránach, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisinCinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).. Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonnaCinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leisFéach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.. Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach cearta daoine daonna in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblíAirteagal 29(1) den Bhunreacht.. Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt BhunreachtúilAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil..1.2.Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraíTá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.Airteagal 5(1) PIPA.Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúntaAirteagal 58(1) lit. 2 PIPA.. Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sinFógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.. Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).2.ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ2.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlíBunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (CPA anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (TBA anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadhFéach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).. Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (KOFIU anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.2.2.Bunúis dlí agus teorainneachaSoláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.2.2.1.Cuardaigh agus urghabhálacha2.2.1.1.Bunús dlíNí fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcásAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrachAirteagail 106(1), 107 agus 109 CPA..2.2.1.2.Teorainneacha agus coimircíMar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramúAirteagal 198(2) CPA.. Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gáAirteagal 199(1) CPA..Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirtAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháilAirteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.. Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrúAirteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh réAirteagal 113 CPA.. Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhúAirteagail 121 agus 122 CPA..Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlánAirteagal 106(3) CPA.. Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eileAirteagal 106(3) CPA.. Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoillAirteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.. Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair cionaAirteagal 216(3) CPA.. Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoillAirteagal 216(3) CPA.. Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúilAirteagal 216(1) agus (2) CPA.. Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach éAirteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016..Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlacthaAirteagal 308-2 CPA.. Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áititheAirteagal 321 den Acht Cóiriúil.. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.2.2.2.Bailiú faisnéise cumarsáide2.2.2.1.Bunús dlíRialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt MhíleataAirteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.. Cumhdaítear leis an téarma cumarsáid, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáidAirteagal 2(1) CPPA, i.e. fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió.. I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 2(7) agus 3(2) CPPA. agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide.Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear cinsireacht, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le cúléisteacht teileafóin, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáideSainmhínítear Cinsireacht mar ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn cúléisteacht teileafóin inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh (Airteagal 2(7) CPPA).. Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí)Airteagal 2(11) CPPA..Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúlaAirteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann..2.2.2.2.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdúAirteagal 3(2) CPPA.. I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eileAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidirAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleataAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta amaAirteagal 5(2) CPPA..Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadúAirteagal 6(1) CPPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina sealAirteagal 6(2) CPPA.. Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iadAirteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA..I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdúAirteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.. Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iadAirteagal 6(6) CPPA..Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhíAirteagal 6(7) CPPA.. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na beartaAirteagal 6(7) CPPA.. Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.)Airteagal 6(8) CPPA..Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibhAirteagal 9(2) CPPA.. Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaidAirteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an spriocAirteagal 9(3) CPPA.. Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthasAirteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdúAirteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairtAirteagal 9-2(1) CPPA.. Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh airAirteagal 9-2(4) CPPA.. I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh PoiblíAirteagal 9-2(5) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 9-2(6) CPPA..Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas)Airteagal 8(1) CPPA.. In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáthAirteagal 8(2) CPPA.. Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibhAirteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA.. Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA,Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú. chomh maith le doiciméid tacaíochta.I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúilAirteagal 8(5) CPPA.. Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteachAirteagal 8(6)-(7) CPPA.. Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eileAirteagal 12 CPPA..Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíonAirteagal 12-2 CPPA.. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidNí mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.. Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáilAirteagal 12-2(3) CPPA.. Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 láAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachtaAirteagal 4 CPPA.. Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sinAirteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..2.2.2.3.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiúAr bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhúAirteagal 13(1) CPPA.. Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaitheAirteagail 13 agus 6 CPPA.. Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáideAirteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadhAirteagal 13(3) CPPA..Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeádAirteagal 13(5) agus (6) CPPA.. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraíAirteagal 13(7) CPPA..I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáideFéach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.. Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaitheAirteagal 13-3(1) CPPA.. Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárúAirteagal 13-3(2) CPPA.. Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúilAirteagal 13-3(3) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 13-3(4) CPPA..Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiúAirteagal 13-3(5) CPPA.. Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra)Airteagal 13-3(6) CPPA..2.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideLe hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le sonraí cumarsáide ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint)Airteagal 83(3) TBA.. Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na CóiréAirteagal 2(9) TBA.. Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua annAirteagal 83(4) TBA.. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinneAirteagal 83(4) TBA.. Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinnAirteagal 83(5) TBA.. Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFCAirteagal 83(6) TBA..Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réirCinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).2.3.FormhaoirseachtDéantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.2.3.1.Féin-iniúchóireachtI gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamhAirteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sinAirteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta)Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san AchtAirteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachtaAirteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcríchAirteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus CigireachtAirteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáthAirteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac airAirteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duineFéach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp..2.3.2.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtFéadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdúAirteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta).. Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fósAirteagal 2(1) d'Acht BAI.. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsúAirteagal 2(2) d'Acht BAI.. Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAIAirteagal 4(1) d'Acht BAI.. Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 blianaAirteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.. Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlíE.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI. a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmachAirteagal 8 d'Acht BAI.. Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothairAirteagal 9 d'Acht BAI..Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthairFéach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.. Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblíAirteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.. Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.2.3.3.An Tionól NáisiúntaFéadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblíAirteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.. Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthairAirteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana)Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.. Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblíAirteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól NáisiúntaAirteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit..2.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaDéanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamhFéach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta..I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uileAirteagal 63 PIPA.. Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamhAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.. Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathachAirteagail 70-74 PIPA.. Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir)Airteagal 65(1) PIPA..2.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRC anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinnAirteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC anseo feasta). – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr)Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.. Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialtaAirteagal 5(3) d'Acht NHRC.. Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól NáisiúntaAirteagal 5(5) d'Acht NHRC.. Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú)Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.. Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí)Airteagal 10 d'Acht NHRC..Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.. Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliúAirteagal 25(1) d'Acht NHRC.. Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iadAirteagal 25(3) d'Acht NHRC.. Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sinAirteagal 25(4) d'Acht NHRC.. Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.2.4.Sásamh an duine aonair2.4.1.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAMaidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPCAirteagal 35(2) PIPA.. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh)Airteagal 35(4) PIPA. Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamhAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamhAirteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA..A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus SlándáilAirteagal 62 PIPA.. Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis PhearsantaAirteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).2.4.2.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineLáimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblíCé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma cónaíonn. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRCNí mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).. Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhálaAirteagail 42 et seq.d'Acht NHRC..Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.. Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábharthaAirteagal 44 d'Acht NHRC.. Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arísAirteagal 42(4) d'Acht NHRC.. Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadhAirteagal 48 d'Acht NHRC..Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán)Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos)Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.. Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).2.4.3.Sásamh breithiúnachFéadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántasAirteagail 121 agus 219 CPA. Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra gar-ghearáin, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháilAirteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.. Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadhAirteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.. Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le Comhairle Cúitimh speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na CóiréAirteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).. Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéannaAirteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.. Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu..”Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015. Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne)Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta..Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíochtAirteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialtaCinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.. Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta SibhialtaAirteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht RiaracháinAirteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorgAirteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear leas dlíthiúil mar leas a bhfuil cosaint dlí aige, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad)Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.. Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtitheAirteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leoAirteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le cúiseanna inchosanta le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháisCinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.. Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisinAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1)Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil,Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. beidh gearán fós inghlactha má bhíonn cúiseanna inchosanta leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sinAirteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áiritheAirteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.3.ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA3.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúntaTá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an UachtaráinAirteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.. Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh)Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír., faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhracAirteagal 3(1) d'Acht NIS.. Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaintAirteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.. Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól NáisiúntaAirteagal 4(2) d'Acht NIS.. Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 13 d'Acht NIS.. Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sinAirteagal 14 d'Acht NIS.. Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúlaAirteagail 22 agus 23 d'Acht NIS..Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidhAirteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.3.2.Bunúis dlí agus teorainneachaIs le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhmeLe linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.. Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.3.2.1.Bailiú faisnéise cumarsáide3.2.1.1.Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise3.2.1.1.1.Bunús dlíLe CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sinAirteagal 15-2 CPPA.. Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. bearta a chuireann srianta le cumarsáid amhail bearta cúléisteachta nó cinsireachtaAirteagal 2(6) agus (7) CPPA.) agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáideAirteagal 2(11) CPPA..Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéannaFéach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.. Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 13-4 CPPA.. Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc)Airteagal 7(1) CPPA.. Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdúAirteagal 8(2) CPPA.. Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárúAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..3.2.1.1.2.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den ChóiréMaidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-IonchúisitheoraAirteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú)Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.. Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan foraisAirteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA. Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamhAirteagail 7(3) agus 6(6) CPPA..Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúintAirteagal 8 CPPA.. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh réAirteagal 8(1) CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreachAirteagal 8(2) CPPA.. Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí..I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandálaAirteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).. Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.3.2.1.1.3.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iadChun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh réAirteagal 7(1)2 CPPA. Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré,Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre. nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtrachaThairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.. Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamhAirteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).. Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheasAirteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas)Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.. Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leoAirteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..I gcásanna éigeandála,Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA). ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreachAirteagal 8(9) CPPA.. Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.3.2.1.1.4.Teorannuithe agus coimircí ginearáltaAgus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhadAirteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide)Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 blianaAirteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliainAirteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NISAirteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthiAirteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA..Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreachAirteagal 7(2) CPPA.. Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar annAirteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachasAirteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchurAirteagal 9-2(4) CPPA.. Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurthaAirteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA..Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eileAirteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA..3.2.1.2.Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúntaFéadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandálaIs é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA)., is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).3.2.2.Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta3.2.2.1.Bunús dlíCumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachtaAirteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Sainmhínítear amhrastach sceimhlitheoireachta mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta,Sainmhínítear grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachtaSainmhínítear sceimhlitheoireacht in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.)., nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aiciAirteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramúAirteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seachAirteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsantaMar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó. nó ó sholáthraí faisnéise suímhMar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (an tAcht um Fhaisnéis Suímh anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.. Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).3.2.2.2.Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis SuímhNí mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 11(1) d'Acht NIS.. Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúlaAirteagal 19 d'Acht NIS..Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..3.2.2.3.Teorannuithe agus coimircí faoi CPPAAr bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.3.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideAr bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun sonraí cumarsáide ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 83(3) TBA.. Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3)Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain..Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.3.3.FormhaoirseachtDéanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.3.3.1.An tOifigeach um Chosaint Chearta an DuineNuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (HRPO anseo feasta)Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí AirgeadaisAirteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire)Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leoAirteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach)Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmachAirteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta..I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3)Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartúAirteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.. Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhmeAirteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.3.3.2.An Tionól NáisiúntaMar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sinAirteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán)Airteagal 18 d'Acht NIS.. Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoillAirteagal 15(2) den Acht NIS.. Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthuAirteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear rúin stáit mar na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPAAirteagal 15 CPPA.. Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.3.3.3.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtDéanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2)Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS..3.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaA mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh arAirteagal 63 PIPA. sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábharthaAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA..3.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).3.4.Sásamh an duine aonair3.4.1.Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an DuineI leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.3.4.2.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAI leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPAAirteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.. Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPCAirteagail 62 agus 63(2) PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.3.4.3.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).3.4.4.Sásamh breithiúnachMar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta)Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998..Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéiseAirteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.

Choi Young Ae

Cathaoirleach, Coimisiún Náisiúnta na Cóiré um Chearta an Duine

Image 5L0442022GA110120211217GA0001.00036919022Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear rochtain ag an rialtas anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.1.PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS1.1.An creat bunreachtúilLeagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthúAirteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (an Bunreacht anseo feasta).. Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobailAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirseAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta ag saoránaighCúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.. I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránachCinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis..Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlíAirteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.. Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuíAirteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.. In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidhAirteagal 12(3) den Bhunreacht.. Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúntaAirteagal 6(2) den Bhunreacht.. Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta saoránach, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisinCinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).. Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonnaCinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leisFéach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.. Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach cearta daoine daonna in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblíAirteagal 29(1) den Bhunreacht.. Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt BhunreachtúilAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil..1.2.Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraíTá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.Airteagal 5(1) PIPA.Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúntaAirteagal 58(1) lit. 2 PIPA.. Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sinFógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.. Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).2.ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ2.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlíBunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (CPA anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (TBA anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadhFéach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).. Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (KOFIU anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.2.2.Bunúis dlí agus teorainneachaSoláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.2.2.1.Cuardaigh agus urghabhálacha2.2.1.1.Bunús dlíNí fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcásAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrachAirteagail 106(1), 107 agus 109 CPA..2.2.1.2.Teorainneacha agus coimircíMar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramúAirteagal 198(2) CPA.. Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gáAirteagal 199(1) CPA..Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirtAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháilAirteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.. Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrúAirteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh réAirteagal 113 CPA.. Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhúAirteagail 121 agus 122 CPA..Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlánAirteagal 106(3) CPA.. Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eileAirteagal 106(3) CPA.. Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoillAirteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.. Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair cionaAirteagal 216(3) CPA.. Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoillAirteagal 216(3) CPA.. Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúilAirteagal 216(1) agus (2) CPA.. Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach éAirteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016..Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlacthaAirteagal 308-2 CPA.. Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áititheAirteagal 321 den Acht Cóiriúil.. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.2.2.2.Bailiú faisnéise cumarsáide2.2.2.1.Bunús dlíRialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt MhíleataAirteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.. Cumhdaítear leis an téarma cumarsáid, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáidAirteagal 2(1) CPPA, i.e. fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió.. I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 2(7) agus 3(2) CPPA. agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide.Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear cinsireacht, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le cúléisteacht teileafóin, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáideSainmhínítear Cinsireacht mar ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn cúléisteacht teileafóin inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh (Airteagal 2(7) CPPA).. Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí)Airteagal 2(11) CPPA..Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúlaAirteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann..2.2.2.2.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdúAirteagal 3(2) CPPA.. I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eileAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidirAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleataAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta amaAirteagal 5(2) CPPA..Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadúAirteagal 6(1) CPPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina sealAirteagal 6(2) CPPA.. Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iadAirteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA..I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdúAirteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.. Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iadAirteagal 6(6) CPPA..Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhíAirteagal 6(7) CPPA.. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na beartaAirteagal 6(7) CPPA.. Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.)Airteagal 6(8) CPPA..Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibhAirteagal 9(2) CPPA.. Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaidAirteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an spriocAirteagal 9(3) CPPA.. Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthasAirteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdúAirteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairtAirteagal 9-2(1) CPPA.. Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh airAirteagal 9-2(4) CPPA.. I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh PoiblíAirteagal 9-2(5) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 9-2(6) CPPA..Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas)Airteagal 8(1) CPPA.. In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáthAirteagal 8(2) CPPA.. Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibhAirteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA.. Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA,Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú. chomh maith le doiciméid tacaíochta.I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúilAirteagal 8(5) CPPA.. Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteachAirteagal 8(6)-(7) CPPA.. Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eileAirteagal 12 CPPA..Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíonAirteagal 12-2 CPPA.. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidNí mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.. Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáilAirteagal 12-2(3) CPPA.. Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 láAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachtaAirteagal 4 CPPA.. Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sinAirteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..2.2.2.3.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiúAr bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhúAirteagal 13(1) CPPA.. Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaitheAirteagail 13 agus 6 CPPA.. Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáideAirteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadhAirteagal 13(3) CPPA..Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeádAirteagal 13(5) agus (6) CPPA.. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraíAirteagal 13(7) CPPA..I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáideFéach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.. Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaitheAirteagal 13-3(1) CPPA.. Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárúAirteagal 13-3(2) CPPA.. Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúilAirteagal 13-3(3) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 13-3(4) CPPA..Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiúAirteagal 13-3(5) CPPA.. Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra)Airteagal 13-3(6) CPPA..2.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideLe hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le sonraí cumarsáide ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint)Airteagal 83(3) TBA.. Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na CóiréAirteagal 2(9) TBA.. Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua annAirteagal 83(4) TBA.. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinneAirteagal 83(4) TBA.. Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinnAirteagal 83(5) TBA.. Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFCAirteagal 83(6) TBA..Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réirCinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).2.3.FormhaoirseachtDéantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.2.3.1.Féin-iniúchóireachtI gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamhAirteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sinAirteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta)Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san AchtAirteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachtaAirteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcríchAirteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus CigireachtAirteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáthAirteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac airAirteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duineFéach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp..2.3.2.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtFéadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdúAirteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta).. Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fósAirteagal 2(1) d'Acht BAI.. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsúAirteagal 2(2) d'Acht BAI.. Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAIAirteagal 4(1) d'Acht BAI.. Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 blianaAirteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.. Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlíE.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI. a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmachAirteagal 8 d'Acht BAI.. Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothairAirteagal 9 d'Acht BAI..Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthairFéach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.. Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblíAirteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.. Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.2.3.3.An Tionól NáisiúntaFéadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblíAirteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.. Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthairAirteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana)Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.. Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblíAirteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól NáisiúntaAirteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit..2.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaDéanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamhFéach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta..I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uileAirteagal 63 PIPA.. Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamhAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.. Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathachAirteagail 70-74 PIPA.. Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir)Airteagal 65(1) PIPA..2.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRC anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinnAirteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC anseo feasta). – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr)Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.. Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialtaAirteagal 5(3) d'Acht NHRC.. Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól NáisiúntaAirteagal 5(5) d'Acht NHRC.. Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú)Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.. Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí)Airteagal 10 d'Acht NHRC..Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.. Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliúAirteagal 25(1) d'Acht NHRC.. Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iadAirteagal 25(3) d'Acht NHRC.. Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sinAirteagal 25(4) d'Acht NHRC.. Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.2.4.Sásamh an duine aonair2.4.1.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAMaidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPCAirteagal 35(2) PIPA.. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh)Airteagal 35(4) PIPA. Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamhAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamhAirteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA..A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus SlándáilAirteagal 62 PIPA.. Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis PhearsantaAirteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).2.4.2.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineLáimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblíCé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma cónaíonn. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRCNí mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).. Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhálaAirteagail 42 et seq.d'Acht NHRC..Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.. Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábharthaAirteagal 44 d'Acht NHRC.. Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arísAirteagal 42(4) d'Acht NHRC.. Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadhAirteagal 48 d'Acht NHRC..Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán)Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos)Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.. Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).2.4.3.Sásamh breithiúnachFéadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántasAirteagail 121 agus 219 CPA. Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra gar-ghearáin, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháilAirteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.. Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadhAirteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.. Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le Comhairle Cúitimh speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na CóiréAirteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).. Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéannaAirteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.. Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu..”Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015. Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne)Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta..Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíochtAirteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialtaCinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.. Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta SibhialtaAirteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht RiaracháinAirteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorgAirteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear leas dlíthiúil mar leas a bhfuil cosaint dlí aige, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad)Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.. Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtitheAirteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leoAirteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le cúiseanna inchosanta le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháisCinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.. Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisinAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1)Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil,Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. beidh gearán fós inghlactha má bhíonn cúiseanna inchosanta leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sinAirteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áiritheAirteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.3.ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA3.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúntaTá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an UachtaráinAirteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.. Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh)Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír., faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhracAirteagal 3(1) d'Acht NIS.. Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaintAirteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.. Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól NáisiúntaAirteagal 4(2) d'Acht NIS.. Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 13 d'Acht NIS.. Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sinAirteagal 14 d'Acht NIS.. Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúlaAirteagail 22 agus 23 d'Acht NIS..Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidhAirteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.3.2.Bunúis dlí agus teorainneachaIs le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhmeLe linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.. Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.3.2.1.Bailiú faisnéise cumarsáide3.2.1.1.Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise3.2.1.1.1.Bunús dlíLe CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sinAirteagal 15-2 CPPA.. Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. bearta a chuireann srianta le cumarsáid amhail bearta cúléisteachta nó cinsireachtaAirteagal 2(6) agus (7) CPPA.) agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáideAirteagal 2(11) CPPA..Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéannaFéach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.. Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 13-4 CPPA.. Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc)Airteagal 7(1) CPPA.. Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdúAirteagal 8(2) CPPA.. Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárúAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..3.2.1.1.2.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den ChóiréMaidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-IonchúisitheoraAirteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú)Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.. Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan foraisAirteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA. Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamhAirteagail 7(3) agus 6(6) CPPA..Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúintAirteagal 8 CPPA.. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh réAirteagal 8(1) CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreachAirteagal 8(2) CPPA.. Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí..I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandálaAirteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).. Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.3.2.1.1.3.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iadChun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh réAirteagal 7(1)2 CPPA. Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré,Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre. nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtrachaThairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.. Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamhAirteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).. Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheasAirteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas)Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.. Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leoAirteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..I gcásanna éigeandála,Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA). ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreachAirteagal 8(9) CPPA.. Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.3.2.1.1.4.Teorannuithe agus coimircí ginearáltaAgus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhadAirteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide)Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 blianaAirteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliainAirteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NISAirteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthiAirteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA..Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreachAirteagal 7(2) CPPA.. Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar annAirteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachasAirteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchurAirteagal 9-2(4) CPPA.. Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurthaAirteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA..Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eileAirteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA..3.2.1.2.Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúntaFéadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandálaIs é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA)., is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).3.2.2.Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta3.2.2.1.Bunús dlíCumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachtaAirteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Sainmhínítear amhrastach sceimhlitheoireachta mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta,Sainmhínítear grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachtaSainmhínítear sceimhlitheoireacht in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.)., nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aiciAirteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramúAirteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seachAirteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsantaMar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó. nó ó sholáthraí faisnéise suímhMar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (an tAcht um Fhaisnéis Suímh anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.. Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).3.2.2.2.Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis SuímhNí mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 11(1) d'Acht NIS.. Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúlaAirteagal 19 d'Acht NIS..Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..3.2.2.3.Teorannuithe agus coimircí faoi CPPAAr bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.3.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideAr bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun sonraí cumarsáide ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 83(3) TBA.. Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3)Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain..Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.3.3.FormhaoirseachtDéanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.3.3.1.An tOifigeach um Chosaint Chearta an DuineNuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (HRPO anseo feasta)Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí AirgeadaisAirteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire)Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leoAirteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach)Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmachAirteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta..I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3)Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartúAirteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.. Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhmeAirteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.3.3.2.An Tionól NáisiúntaMar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sinAirteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán)Airteagal 18 d'Acht NIS.. Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoillAirteagal 15(2) den Acht NIS.. Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthuAirteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear rúin stáit mar na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPAAirteagal 15 CPPA.. Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.3.3.3.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtDéanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2)Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS..3.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaA mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh arAirteagal 63 PIPA. sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábharthaAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA..3.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).3.4.Sásamh an duine aonair3.4.1.Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an DuineI leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.3.4.2.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAI leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPAAirteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.. Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPCAirteagail 62 agus 63(2) PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.3.4.3.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).3.4.4.Sásamh breithiúnachMar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta)Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998..Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéiseAirteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.

Kim Hyuck Soo

Stiúrthóir, an Lárionad Frithsceimhlitheoireachta Náisiúnta

Image 6L0442022GA110120211217GA0001.00036919022Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear rochtain ag an rialtas anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.1.PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS1.1.An creat bunreachtúilLeagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthúAirteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (an Bunreacht anseo feasta).. Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobailAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirseAirteagal 37(2) den Bhunreacht.. Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta ag saoránaighCúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.. I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránachCinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis..Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlíAirteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.. Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuíAirteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.. In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidhAirteagal 12(3) den Bhunreacht.. Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúntaAirteagal 6(2) den Bhunreacht.. Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta saoránach, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisinCinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).. Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonnaCinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leisFéach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.. Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach cearta daoine daonna in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblíAirteagal 29(1) den Bhunreacht.. Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt BhunreachtúilAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil..1.2.Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraíTá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPA anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.Airteagal 5(1) PIPA.Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúntaAirteagal 58(1) lit. 2 PIPA.. Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sinFógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.. Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).2.ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ2.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlíBunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (CPA anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (CPPA anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (TBA anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (NIS anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadhFéach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).. Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (ARUSFTI anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (KOFIU anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.2.2.Bunúis dlí agus teorainneachaSoláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.2.2.1.Cuardaigh agus urghabhálacha2.2.1.1.Bunús dlíNí fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcásAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrachAirteagail 106(1), 107 agus 109 CPA..2.2.1.2.Teorainneacha agus coimircíMar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramúAirteagal 198(2) CPA.. Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gáAirteagal 199(1) CPA..Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirtAirteagal 215(1) agus (2) CPA.. Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháilAirteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.. Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrúAirteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh réAirteagal 113 CPA.. Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhúAirteagail 121 agus 122 CPA..Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlánAirteagal 106(3) CPA.. Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eileAirteagal 106(3) CPA.. Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoillAirteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.. Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair cionaAirteagal 216(3) CPA.. Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoillAirteagal 216(3) CPA.. Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúilAirteagal 216(1) agus (2) CPA.. Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach éAirteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016..Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlacthaAirteagal 308-2 CPA.. Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áititheAirteagal 321 den Acht Cóiriúil.. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.2.2.2.Bailiú faisnéise cumarsáide2.2.2.1.Bunús dlíRialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt MhíleataAirteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.. Cumhdaítear leis an téarma cumarsáid, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáidAirteagal 2(1) CPPA, i.e. fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió.. I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 2(7) agus 3(2) CPPA. agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide.Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear cinsireacht, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le cúléisteacht teileafóin, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáideSainmhínítear Cinsireacht mar ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn cúléisteacht teileafóin inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh (Airteagal 2(7) CPPA).. Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí)Airteagal 2(11) CPPA..Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúlaAirteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann..2.2.2.2.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdúAirteagal 3(2) CPPA.. I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eileAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidirAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleataAirteagal 5(1) CPPA.. Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta amaAirteagal 5(2) CPPA..Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadúAirteagal 6(1) CPPA.. Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina sealAirteagal 6(2) CPPA.. Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iadAirteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA..I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdúAirteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.. Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iadAirteagal 6(6) CPPA..Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhíAirteagal 6(7) CPPA.. Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na beartaAirteagal 6(7) CPPA.. Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.)Airteagal 6(8) CPPA..Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibhAirteagal 9(2) CPPA.. Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaidAirteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an spriocAirteagal 9(3) CPPA.. Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthasAirteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdúAirteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairtAirteagal 9-2(1) CPPA.. Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh airAirteagal 9-2(4) CPPA.. I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh PoiblíAirteagal 9-2(5) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 9-2(6) CPPA..Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas)Airteagal 8(1) CPPA.. In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáthAirteagal 8(2) CPPA.. Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibhAirteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.. Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA.. Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA,Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú. chomh maith le doiciméid tacaíochta.I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúilAirteagal 8(5) CPPA.. Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteachAirteagal 8(6)-(7) CPPA.. Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eileAirteagal 12 CPPA..Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíonAirteagal 12-2 CPPA.. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidNí mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.. Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáilAirteagal 12-2(3) CPPA.. Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáidAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 láAirteagal 12-2(5) CPPA.. I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachtaAirteagal 4 CPPA.. Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sinAirteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..2.2.2.3.Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiúAr bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhúAirteagal 13(1) CPPA.. Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaitheAirteagail 13 agus 6 CPPA.. Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáideAirteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadhAirteagal 13(3) CPPA..Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeádAirteagal 13(5) agus (6) CPPA.. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraíAirteagal 13(7) CPPA..I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáideFéach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.. Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaitheAirteagal 13-3(1) CPPA.. Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárúAirteagal 13-3(2) CPPA.. Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúilAirteagal 13-3(3) CPPA.. Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sinAirteagal 13-3(4) CPPA..Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiúAirteagal 13-3(5) CPPA.. Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra)Airteagal 13-3(6) CPPA..2.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideLe hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le sonraí cumarsáide ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint)Airteagal 83(3) TBA.. Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na CóiréAirteagal 2(9) TBA.. Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua annAirteagal 83(4) TBA.. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinneAirteagal 83(4) TBA.. Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinnAirteagal 83(5) TBA.. Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFCAirteagal 83(6) TBA..Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réirCinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).2.3.FormhaoirseachtDéantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.2.3.1.Féin-iniúchóireachtI gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamhAirteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sinAirteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta)Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san AchtAirteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachtaAirteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcríchAirteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus CigireachtAirteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáthAirteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac airAirteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.. I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duineFéach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp..2.3.2.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtFéadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (BAI anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdúAirteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (Acht BAI anseo feasta).. Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fósAirteagal 2(1) d'Acht BAI.. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsúAirteagal 2(2) d'Acht BAI.. Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAIAirteagal 4(1) d'Acht BAI.. Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 blianaAirteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.. Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlíE.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI. a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmachAirteagal 8 d'Acht BAI.. Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothairAirteagal 9 d'Acht BAI..Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthairFéach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.. Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblíAirteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.. Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.2.3.3.An Tionól NáisiúntaFéadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblíAirteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.. Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthairAirteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana)Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.. Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblíAirteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól NáisiúntaAirteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit..2.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaDéanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (PIPC anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamhFéach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta..I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uileAirteagal 63 PIPA.. Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamhAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.. Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathachAirteagail 70-74 PIPA.. Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir)Airteagal 65(1) PIPA..2.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRC anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinnAirteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (Acht NHRC anseo feasta). – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr)Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.. Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialtaAirteagal 5(3) d'Acht NHRC.. Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól NáisiúntaAirteagal 5(5) d'Acht NHRC.. Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú)Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.. Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí)Airteagal 10 d'Acht NHRC..Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.. Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliúAirteagal 25(1) d'Acht NHRC.. Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iadAirteagal 25(3) d'Acht NHRC.. Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sinAirteagal 25(4) d'Acht NHRC.. Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.2.4.Sásamh an duine aonair2.4.1.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAMaidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPCAirteagal 35(2) PIPA.. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh)Airteagal 35(4) PIPA. Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamhAirteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamhAirteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA..A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus SlándáilAirteagal 62 PIPA.. Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis PhearsantaAirteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).2.4.2.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineLáimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblíCé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma cónaíonn. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRCNí mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).. Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhálaAirteagail 42 et seq.d'Acht NHRC..Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairtAirteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.. Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábharthaAirteagal 44 d'Acht NHRC.. Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arísAirteagal 42(4) d'Acht NHRC.. Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadhAirteagal 48 d'Acht NHRC..Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán)Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos)Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.. Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).2.4.3.Sásamh breithiúnachFéadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántasAirteagail 121 agus 219 CPA. Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra gar-ghearáin, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháilAirteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.. Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadhAirteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.. Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le Comhairle Cúitimh speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na CóiréAirteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).. Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéannaAirteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.. Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu..”Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015. Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne)Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta..Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíochtAirteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialtaCinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.. Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta SibhialtaAirteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht RiaracháinAirteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorgAirteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear leas dlíthiúil mar leas a bhfuil cosaint dlí aige, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad)Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.. Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtitheAirteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leoAirteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.. De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le cúiseanna inchosanta le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháisCinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.. Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisinAirteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1)Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.. Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil,Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil. beidh gearán fós inghlactha má bhíonn cúiseanna inchosanta leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sinAirteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áiritheAirteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.. Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.3.ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA3.1.Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúntaTá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (Acht NIS anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an UachtaráinAirteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.. Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh)Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír., faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhracAirteagal 3(1) d'Acht NIS.. Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaintAirteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.. Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól NáisiúntaAirteagal 4(2) d'Acht NIS.. Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 13 d'Acht NIS.. Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sinAirteagal 14 d'Acht NIS.. Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúlaAirteagail 22 agus 23 d'Acht NIS..Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidhAirteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.3.2.Bunúis dlí agus teorainneachaIs le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (An tAcht Frithsceimhlitheoireachta anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhmeLe linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.. Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.3.2.1.Bailiú faisnéise cumarsáide3.2.1.1.Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise3.2.1.1.1.Bunús dlíLe CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sinAirteagal 15-2 CPPA.. Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. bearta a chuireann srianta le cumarsáid amhail bearta cúléisteachta nó cinsireachtaAirteagal 2(6) agus (7) CPPA.) agus bailiú sonraí deimhnithe cumarsáideAirteagal 2(11) CPPA..Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéannaFéach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.. Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 13-4 CPPA.. Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc)Airteagal 7(1) CPPA.. Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdúAirteagal 8(2) CPPA.. Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárúAirteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..3.2.1.1.2.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den ChóiréMaidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-IonchúisitheoraAirteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú)Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.. Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-ChúirteAirteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan foraisAirteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA. Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamhAirteagail 7(3) agus 6(6) CPPA..Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúintAirteagal 8 CPPA.. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh réAirteagal 8(1) CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreachAirteagal 8(2) CPPA.. Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandálaAirteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí..I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandálaAirteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).. Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.3.2.1.1.3.Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iadChun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh réAirteagal 7(1)2 CPPA. Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré,Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre. nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtrachaThairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.. Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamhAirteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).. Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheasAirteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas)Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.. Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leoAirteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..I gcásanna éigeandála,Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA). ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreachAirteagal 8(9) CPPA.. Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.3.2.1.1.4.Teorannuithe agus coimircí ginearáltaAgus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhadAirteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadhAirteagal 9(4) CPPA..Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide)Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 blianaAirteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliainAirteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NISAirteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.. Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthiAirteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA..Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreachAirteagal 7(2) CPPA.. Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar annAirteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA..Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachasAirteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.. Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchurAirteagal 9-2(4) CPPA.. Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurthaAirteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA..Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eileAirteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA..3.2.1.2.Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúntaFéadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandálaIs é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA)., is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).3.2.2.Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta3.2.2.1.Bunús dlíCumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachtaAirteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Sainmhínítear amhrastach sceimhlitheoireachta mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta,Sainmhínítear grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta). duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachtaSainmhínítear sceimhlitheoireacht in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.)., nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aiciAirteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramúAirteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seachAirteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsantaMar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó. nó ó sholáthraí faisnéise suímhMar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (an tAcht um Fhaisnéis Suímh anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.. Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).3.2.2.2.Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis SuímhNí mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúilAirteagal 11(1) d'Acht NIS.. Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúlaAirteagal 19 d'Acht NIS..Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórachAirteagal 18(2) PIPA. Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraíFógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii)..3.2.2.3.Teorannuithe agus coimircí faoi CPPAAr bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.3.2.3.Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáideAr bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun sonraí cumarsáide ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a choscAirteagal 83(3) TBA.. Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2))Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta. mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3)Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain..Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.3.3.FormhaoirseachtDéanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.3.3.1.An tOifigeach um Chosaint Chearta an DuineNuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (HRPO anseo feasta)Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí AirgeadaisAirteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire)Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta..Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leoAirteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.. Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach)Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmachAirteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta..I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3)Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartúAirteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.. Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhmeAirteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.3.3.2.An Tionól NáisiúntaMar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sinAirteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.. Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán)Airteagal 18 d'Acht NIS.. Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoillAirteagal 15(2) den Acht NIS.. Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthuAirteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear rúin stáit mar na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánachaAirteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPAAirteagal 15 CPPA.. Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.3.3.3.An Bord um Iniúchadh agus CigireachtDéanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2)Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS..3.3.4.An Coimisiún um Chosaint Faisnéise PearsantaA mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh arAirteagal 63 PIPA. sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábharthaAirteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA..3.3.5.An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).3.4.Sásamh an duine aonair3.4.1.Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an DuineI leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachtaAirteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.. Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.3.4.2.Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPAI leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPAAirteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.. Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPCAirteagail 62 agus 63(2) PIPA.. Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.3.4.3.Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an DuineTá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).3.4.4.Sásamh breithiúnachMar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta)Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998..Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéiseAirteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin..Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.

Kim, Jeong Kag

Coimisinéir, Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré


Creat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus slándála náisiúnta.

Soláthraítear achoimre sa doiciméad a leanas ar an gcreat dlíthiúil maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí na Cóiré chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus slándála náisiúnta. (dá ngairtear “rochtain ag an rialtas” anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na bunúis dlí, na coinníollacha (teorainneacha) is infheidhme agus coimircí atá ar fáil, chomh maith le féidearthachtaí maidir le formhaoirseacht neamhspleách agus sásamh aonair.

1.   PRIONSABAIL DHLÍTHIÚLA GHINEARÁLTA ÁBHARTHA MAIDIR LE ROCHTAIN AG AN RIALTAS

1.1.   An creat bunreachtúil

Leagtar síos i mBunreacht Phoblacht na Cóiré an ceart chun príobháideachais go ginearálta (Airteagal 17) agus an ceart chun príobháideachais comhfhreagrais go háirithe (Airteagal 18). Is é dualgas an Stáit é na cearta bunúsacha sin a ráthú (1). Thairis sin, ordaítear sa Bhunreacht nach féidir cearta agus saoirsí na saoránach a shrianadh ach amháin leis an dlí agus nuair is gá sin le haghaidh na slándála náisiúnta nó chun an dlí agus an t-ord poiblí a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobail (2). Fiú amháin nuair a chuirtear srianta den sórt sin i bhfeidhm, ní fhéadfaidh siad difear a dhéanamh d’éirim an chirt ná na saoirse (3). Tá na forálacha sin curtha i bhfeidhm ag cúirteanna na Cóiré i gcásanna a bhaineann leis an rialtas a bheith ag cur isteach ar phríobháideachas. Mar shampla, fuair an Chúirt Uachtarach gur sháraigh faireachán ar shaoránaigh an ceart bunúsach chun príobháideachais, agus chuir i dtábhacht go bhfuil “an ceart chun féinchinntiúcháin maidir le faisnéis phearsanta” ag saoránaigh (4). I gcás eile, mheas an Chúirt Bhunreachtúil gur ceart bunúsach é príobháideachas a sholáthraíonn cosaint ar idirghabháil agus breathnóireacht stáit i saol príobháideach saoránach (5).

Thairis sin, tá ráthaíocht i mBunreacht na Cóiré nach ndéanfar aon duine a ghabháil, a choinneáil, a chuardach ná a dhiancheistiú, ná ní dhéanfar nithe a urghabháil, ach amháin mar a fhoráiltear leis an dlí (6). Thairis sin, maidir le cuardaigh agus urghabhálacha, ní féidir iad a dhéanamh ach ar bhonn barántais atá eisithe ag breitheamh, ar iarratas ionchúisitheora, agus ag urramú na próise cuí (7). In imthosca eisceachtúla, i.e. i gcás ina ngabhtar amhrastach coiriúil agus coir á déanamh aige nó aici (flagrante delicto), nó i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh duine, atá faoi amhras coire a ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó mar phionós leis, éalú nó fianaise a dhíothú, féadfaidh údaráis imscrúdaitheacha cuardach nó urghabháil gan barántas a dhéanamh, agus sa chás sin ní mór dóibh barántas ex post a iarraidh (8). Tá tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta sin i ndlíthe sonracha a phléann le nós imeachta coiriúil agus cosaint na cumarsáide (féach thíos chun achoimre mhionsonraithe a fháil).

Maidir le náisiúnaigh eachtracha, ordaítear sa Bhunreacht go ráthaítear a stádas mar a fhorordaítear leis an dlí agus le conarthaí idirnáisiúnta (9). Ráthaítear an ceart chun príobháideachais i gcomhaontuithe éagsúla a bhfuil an Chóiré ina páirtí iontu, amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (Airteagal 17), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (Airteagal 22) agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (Airteagal 16). Ina theannta sin, cé go ndéantar tagairt i bprionsabal sa Bhunreacht do chearta “saoránach”, rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil cearta bunúsacha ag náisiúnaigh eachtracha freisin (10). Go háirithe, maidir le cosaint dhínit agus luach an duine mar dhuine daonna agus chomh maith leis sin maidir leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chinn an Chúirt nach ag na saoránaigh amháin atá na cearta sin ach ag gach duine daonna (11). Shoiléirigh an Chúirt freisin go meastar gur ceart bunúsach ag duine é an ceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis dhílis a rialú, arb é an ceart chun dínite, dul ar thóir an tsonais agus an ceart chun saol príobháideach a bheith aige nó aici is bunús leis (12). Cé nár dhéileáil an cásdlí go sonrach go fóill leis an gceart chun príobháideachais i gcás náisiúnach nach náisiúnaigh na Cóiré iad, glactar leis dá bhrí sin i measc scoláirí go leagtar amach “cearta daoine daonna” in Airteagail 12-22 den Bhunreacht (ina n-áirítear an ceart chun príobháideachais chomh maith le saoirse phearsanta).

Ar deireadh, déantar foráil sa Bhunreacht do cheart chun cúiteamh cóir a éileamh ó na húdaráis phoiblí (13). Thairis sin, ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha arna ráthú ag an mBunreacht a shárú de dheasca feidhmiú cumhachta rialtais (seachas breithiúnais na gcúirteanna), féadfaidh sé/sí gearán bunreachtúil a dhéanamh chuig an gCúirt Bhunreachtúil (14).

1.2.   Rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraí

Tá feidhm ag an dlí ginearálta maidir le cosaint sonraí i bPoblacht na Cóiré agus ag an Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (“PIPA” anseo feasta), maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon. Maidir le húdaráis phoiblí, déantar tagairt shonrach in PIPA don oibleagáid atá orthu beartais a fhorbairt chun cosc a chur le “drochúsáid agus mí-úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta, faireachas agus tóir neamhscoite a dhéanamh, etc. agus chun dínit daoine daonna agus an príobháideachas aonair a fheabhsú.” (15)

Tá próiseáil sonraí pearsanta chun críocha forfheidhmithe an dlí faoi réir ag ceanglais PIPA uile. Ciallaíonn sin mar shampla nach mór d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil na hoibleagáidí maidir le próiseáil dhleathach a chomhlíonadh, i.e. brath ar cheann de na bunúis dlí a liostaítear in PIPA chun faisnéis phearsanta a bhailiú, a úsáid nó a sholáthar (Airteagail 15-18 PIPA), chomh maith leis na prionsabail maidir le teorannú cuspóra (Airteagal 3(1), (2) PIPA), comhréireacht/íoslaghdú sonraí (Airteagal 3(1), (6) PIPA), coinneáil theoranta sonraí (Airteagal 21 PIPA), slándáil sonraí, lena n-áirítear fógra a thabhairt faoi shárú sonraí (Airteagail 3(4), 29 agus 34 PIPA), agus trédhearcacht (Airteagail 3(1), (5), 20, 30 agus 32 PIPA). Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le faisnéis íogair (Airteagal 23 PIPA). Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus 4 PIPA, chomh maith le hAirteagail 35 go 39-2 PIPA, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a léirscriosadh agus a chur ar fionraí vis-à-vis údaráis um fhorfheidhmiú an dlí.

Cé go bhfuil feidhm iomlán ag PIPA, dá bhrí sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, tá eisceacht ann i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta. De réir Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA, níl feidhm ag Airteagail 15-50 PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailítear nó a iarrtar go gcuirfí ar fáil í chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúnta (16). Os a choinne sin, tá feidhm i gcónaí ag Caibidil I (Forálacha Ginearálta), Caibidil II (Beartais um chosaint faisnéise pearsanta a bhunú, etc.), Caibidil VIII (Cás dlí caingne aicmí maidir le sárú sonraí), Caibidil IX (Forálacha forlíontacha) agus Caibidil X (Forálacha pionóis) de chuid PIPA. Áirítear leis sin na prionsabail ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail maidir le cosaint faisnéise pearsanta) agus na cearta aonair a ráthaítear le hAirteagal 4 PIPA (Ceart na n-ábhar sonraí). Ciallaíonn sin go ráthaítear na príomhphrionsabail agus na príomhchearta freisin sa réimse sin. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 58(4) PIPA nach mór faisnéis den sórt sin a phróiseáil an t-íosmhéid is gá chun an chríoch a beartaíodh a bhaint amach ar feadh na tréimhse is íosta is féidir; éilíonn sé ar an rialaitheoir faisnéise pearsanta freisin na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistíocht shábháilte sonraí agus próiseáil iomchuí a áirithiú, amhail coimircí teicniúla, bainistíochta agus fisiceacha, chomh maith le bearta chun casaoidí aonair a láimhseáil go hiomchuí.

I bhFógra Uimh. 2021-1 faoi rialacha forlíontacha maidir le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, tá soiléiriú breise tugtha ag an gCoimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (“PIPC” anseo feasta) faoin tslí a bhfuil feidhm ag PIPA maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála náisiúnta, i bhfianaise na heisceachta páirtí sin (17). Áirítear leis sin go háirithe cearta daoine aonair (rochtain, ceartú, cur ar fionraí agus scriosadh) agus na forais chomh maith leis na teorainneacha maidir le srianta féideartha ina leith. De réir an Fhógra, is léiriú é cur i bhfeidhm chroíphrionsabail, chearta agus oibleagáidí PIPA maidir le próiseáil faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta ar na ráthaíochtaí a chumhdaítear sa Bhunreacht maidir le ceart an duine aonair chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú. Chun aon srianadh a chur ar an gceart sin, mar shampla nuair is gá sin chun slándáil náisiúnta a chosaint, éilítear cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus leasanna an duine aonair in aghaidh an leasa phoiblí ábhartha agus ní fhéadfaidh sé difear a dhéanamh d’éirim an chirt (Airteagal 37(2) den Bhunreacht).

2.   ROCHTAIN AG AN RIALTAS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ

2.1.   Údaráis phoiblí inniúla i réimse fhorfheidhmiú an dlí

Bunaithe ar an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil (“CPA” anseo feasta), ar an Acht um Phríobháideacht Cumarsáide a Chosaint (“CPPA” anseo feasta) agus ar an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (“TBA” anseo feasta), féadfaidh na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna sonraí pearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil. A mhéid a thugann an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise an chumhacht sin don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (“NIS” anseo feasta) freisin, caithfidh sé na hAchtanna réamhluaite a chomhlíonadh (18). Ar deireadh, leis an Acht um Fhaisnéis Shonrach Airgeadais a Thuairisciú agus a Úsáid (“ARUSFTI” anseo feasta), soláthraítear bunús dlí d’institiúidí airgeadais chun faisnéis a nochtadh d’Aonad Faisnéise Airgeadais na Cóiré (“KOFIU” anseo feasta) chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Féadfaidh an ghníomhaireacht speisialaithe sin, ina seal, faisnéis den sórt sin a sholáthar d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, níl feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le nochtadh ach amháin maidir le rialaitheoirí sonraí a phróiseálann faisnéis chreidmheasa phearsanta de bhun an Achta um Fhaisnéis Chreidmheasa agus tá siad faoi réir ag formhaoirseacht an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais. Ós rud é go bhfuil próiseáil faisnéise creidmheasa pearsanta ag rialaitheoirí den sórt sin eisiata ó raon feidhme an chinnte leordhóthanachta, níl tuairisc níos mionsonraithe ar na teorainneacha ná na coimircí a bhfuil feidhm leo faoi ARUSFTI sa doiciméad seo.

2.2.   Bunúis dlí agus teorainneacha

Soláthraítear bunúis dlí le CPA (féach 2.2.1), CPPA (féach 2.2.2) agus leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide (féach 2.2.3) chun faisnéis phearsanta a bhailiú chun críche fhorfheidhmiú an dlí agus leagtar amach iontu na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme.

2.2.1.   Cuardaigh agus urghabhálacha

2.2.1.1.   Bunús dlí

Ní fhéadfaidh ionchúisitheoirí agus oifigigh shinsearacha de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagail a iniúchadh, daoine a chuardach ná airteagail a urghabháil ach amháin (1) i gcás ina bhfuil amhras maidir le duine aonair a rinne coir (amhrastach coiriúil), (2) i gcás ina bhfuil gá leis don imscrúdú agus (3) i gcás ina meastar go bhfuil na hairteagail atá le hiniúchadh, na daoine atá le cuardach agus aon airteagal a urghabhtar, nasctha leis an gcás (19). Ar an mbealach céanna, féadfaidh cúirteanna cuardaigh a dhéanamh agus aon ní atá le húsáid mar fhianaise nó atá faoi dhliteanas coigistithe a urghabháil, fad a mheastar go bhfuil na hairteagail nó na daoine sin nasctha le cás sonrach (20).

2.2.1.2.   Teorainneacha agus coimircí

Mar oibleagáid ghinearálta, ní mór d’ionchúisitheoirí agus d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha cearta daonna an amhrastaigh choiriúil agus cearta daonna aon duine eile lena mbaineann a urramú (21). Ina theannta sin, ní féidir bearta éigeantacha chun cuspóir an imscrúdaithe sin a bhaint amach a dhéanamh ach i gcás ina ndéantar foráil go sainráite ina leith in CPA agus a mhéid is íosta is gá (22).

Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha ag oifigigh de chuid na bpóilíní ná ag ionchúisitheoirí a dhéanamh mar chuid d’imscrúdú coiriúil ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt (23). Ní mór don údarás a bhfuil barántas á iarraidh aige ábhair a chur ar aghaidh ina dtaispeántar na forais a bhfuil amhras ann go ndearna duine aonair coir, go bhfuil gá leis an gcuardach, iniúchadh nó urghabháil, agus gurb ann do na hairteagail ábhartha atá le hurghabháil (24). Maidir leis an mbarántas, ní mór dó, i measc gnéithe eile, ainmneacha an amhrastaigh choiriúil agus an cion; an áit, na duine nó na hairteagail atá le cuardach, nó na hairteagail atá le hurghabháil; an dáta eisiúna; agus an tréimhse chur i bhfeidhm éifeachtach a shonrú (25). Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar cuardaigh agus urghabhálacha mar chuid d’imeachtaí leanúnacha Cúirte, seachas i gcúirt oscailte, ní mór barántas a d’eisigh cúirt a fháil roimh ré (26). Tugtar fógra roimh re don duine aonair lena mbaineann agus dá abhcóide nó dá habhcóide cosanta faoin gcuardach nó faoin urghabháil agus féadfaidh sé nó sí a bheith i láthair le linn don bharántas a bheith á fhorghníomhú (27).

Agus cuardaigh nó urghabhálacha á ndéanamh agus i gcás inarb é diosca ríomhaire nó meán stórála sonraí eile an t-airteagal atá le cuardach, i bprionsabal ní dhéanfaí ach na sonraí dílse (agus iad cóipeáilte nó priontáilte amach) a urghabháil seachas an meán iomlán (28). Ní féidir an meán stórála sonraí féin a urghabháil ach i gcás ina meastar é a bheith dodhéanta go substaintiúil na sonraí a phriontáil amach nó a chóipeáil ar leithligh, nó i gcás ina meastar nach praiticiúil é go substaintiúil cuspóir an chuardaigh a bhaint amach ar aon bhealach eile (29). Ní mór fógra faoin urghabháil a thabhairt don duine lena mbaineann gan mhoill (30). Níl aon eisceacht ar an gceanglas sin maidir le fógra faoi CPA.

Ní féidir cuardaigh, iniúchtaí ná urghabhálacha gan bharántas a dhéanamh ach amháin i gcásanna teoranta. Ar an gcéad dul síos, is é sin i gcás a bhfuil sé dodhéanta barántas a fháil mar gheall ar phráinn ag láthair ciona (31). Mar sin féin, ní mór barántas a fháil ina dhiaidh sin gan mhoill (32). Ar an dara dul síos, is féidir cuardaigh agus iniúchtaí gan barántas a dhéanamh in loco i gcás ina ngabhtar nó ina gcoinnítear amhrastach coiriúil (33). Ar deireadh, féadfaidh ionchúisitheoir nó oifigeach sinsearach de chuid na bpóilíní breithiúnacha airteagal a urghabháil i gcás inar chaith amhrastach coiriúil nó tríú páirtí an t-airteagal amach nó i gcás inar soláthraíodh go saorálach é (34).

Measfar fianaise a fhaightear de shárú ar CPA a bheith neamh-inghlactha (35). Thairis sin, ordaítear leis an Acht um Nós Imeachta Cóiriúil go ngabhann príosúnacht ar feadh uastréimhse 3 bliana le cuardaigh neamhdhleathacha ar dhaoine nó ar áit chónaithe duine, ar fhoirgneamh faoi ghardáil, ar ghluaisteán, ar long, aerárthach nó seomra áitithe (36). Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin, dá bhrí sin, maidir le cásanna ina n-urghabhtar rudaí, amhail gairis stórála sonraí, i rith cuardach neamhdhleathach.

2.2.2.   Bailiú faisnéise cumarsáide

2.2.2.1.   Bunús dlí

Rialaítear bailiú faisnéise cumarsáide le hAcht sonrach, CPPA. Go háirithe, ordaíonn CPPA toirmeasc ar aon duine cinsireacht a dhéanamh ar aon phost, cúléisteacht a dhéanamh ar aon teileachumarsáid, sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar, nó aon chomhrá idir daoine eile nach gcuirtear ar fáil don phobal a thaifeadadh, ná éisteacht leis, seachas ar bhonn CPA, CPPA nó an Achta um an gCúirt Mhíleata (37). Cumhdaítear leis an téarma “cumarsáid”, de réir bhrí CPPA, an gnáthphost agus an teileachumarsáid (38). I ndáil leis sin, déanann CPPA idirdhealú idir “bearta a chuireann srianta le cumarsáid” (39) agus bailiú “sonraí deimhnithe cumarsáide”.

Leis an gcoincheap de bhearta a chuireann srianta le cumarsáid, cumhdaítear “cinsireacht”, i.e. inneachar an phoist thraidisiúnta a bhailiú, chomh maith le “cúléisteacht teileafóin”, i.e. idircheapadh díreach (fáil nó taifeadadh) ar inneachar teileachumarsáide (40). Leis an gcoincheap de shonraí deimhnithe cumarsáide, cumhdaítear “sonraí faoi na taifid ar theileachumarsáid”, a n-áirítear leis sin dáta na teileachumarsáide, am tosaithe agus am críochnaithe, an líon glaonna amach agus ag teacht isteach chomh maith le huimhir síntiúsóra an pháirtí eile, an mhinicíocht úsáide, comhaid loga maidir le húsáid na seirbhísí teileachumarsáide agus faisnéis suímh (cuir i gcás, ó thúir tarchuir i gcás ina bhfaightear comharthaí) (41).

Leagtar amach in CPPA na teorainneacha agus na coimircí chun an dá chineál sonraí a bhailiú, agus tá neamhchomhlíonadh roinnt de na ceanglais sin faoi réir ag pionóis choiriúla (42).

2.2.2.2.   Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú inneachair cumarsáide (bearta a chuireann srianta le cumarsáid)

Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdú (43). I gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil sé deacair coir a chosc, coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú ar aon bhealach eile (44). Ní mór do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a bhailíonn inneachar cumarsáide scor de amhlaidh a dhéanamh chomh luath agus nach meastar a thuilleadh go bhfuil gá le rochtain leanúnach ar an gcumarsáid, le háirithiú go bhfuil an sárú ar phríobháideacht cumarsáide a theoranta agus is féidir (45).

Thairis sin, ní féidir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil cúis substaintiúil le bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe a liostaítear go sonrach in CPPA beartaithe, nó go bhfuil siad ag tarlú, nó gur tharla siad. Áirítear leo sin coireanna amhail éirí amach, coireanna a bhaineann le drugaí nó coireanna a bhaineann le pléascáin, chomh maith le coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta, caidreamh taidhleoireachta, nó bunáiteanna agus suiteálacha míleata (46). Ní mór do sprioc birt a chuireann srianta le cumarsáid a bheith ina míreanna poist nó cumarsáide sonracha a sheol nó a fuair an t-amhrastach, nó míreanna poist nó teileachumarsáide a sheol nó a fuair an t-amhrastach le linn tréimhse sheasta ama (47).

Fiú amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais sin, ní féidir sonraí inneachair a bhailiú ach amháin ar bhonn barántais a d’eisigh cúirt. Go háirithe, féadfaidh ionchúisitheoir iarraidh ar an gcúirt bailiú sonraí inneachair maidir leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú a cheadú (48). Ar an mbealach céanna, féadfaidh oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha iarratas a dhéanamh ar údarú chuig ionchúisitheoir, a fhéadfaidh barántas a iarraidh ar an gcúirt, ina sheal nó ina seal (49). Ní mór iarratas ar bharántas a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór gnéithe sonracha a bheith ann. Go háirithe, ní mór dó an méid a leanas a leagan amach: (1) na cúiseanna substaintiúla le bheith in amhras go bhfuil ceann de na coireanna a liostaítear beartaithe, ag tarlú nó gur tharla sé chomh maith le haon ábhar a bhunódh cás prima facie amhrasta; (2) na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chomh maith leis an sprioc, an raon feidhme, an cuspóir agus an tréimhse éifeachtach a ghabhann leo; agus (3) an áit ina ndéanfaí na bearta agus an tslí a gcuirfí i gcrích iad (50).

I gcás ina sásaítear na ceanglais dlíthiúla, féadfaidh an chúirt cead i scríbhinn a dheonú chun bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh i ndáil leis an amhrastach nó an duine faoi imscrúdú (51). Sonraítear sa bharántas sin na cineálacha beart chomh maith leis an sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach a ghabhann leo, an áit agus an tslí a ndéanfar iad (52).

Ní fhéadtar bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh ach go ceann tréimhse 2 mhí (53). Má bhaintear cuspóir na mbeart amach níos luaithe laistigh den tréimhse sin, ní mór éirí as na bearta láithreach bonn. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil na coinníollacha a éilítear á gcomhlíonadh fós, féadtar iarratas ar shíneadh a chur le tréimhse éifeachtach na mbeart a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh laistigh den teorainn ama 2 mhí. Ní mór go n-áireofaí in iarratas den sórt sin ábhair a bhunódh cás prima facie chun síneadh a chur leis na bearta (54). Ní fhéadfaidh an tréimhse sínithe a bheith níos faide ná 1 bhliain amháin ar an iomlán, nó 3 bliana ar an iomlán i gcás coireanna tromchúiseacha (amhail coireanna a bhaineann le héirí amach, ionsaí eachtrach, slándáil náisiúnta, etc.) (55).

Féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iallach a chur ar oibreoirí cumarsáide cúnamh a thabhairt trí bhíthin cead i scríbhinn ón gcúirt a sholáthar dóibh (56). Éilítear ar oibreoirí cumarsáide comhoibriú agus an cead a fuair siad a choimeád ina gcomhaid (57). Féadfaidh siad diúltú comhoibriú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis maidir leis an duine aonair mar a shonraítear sa chead i scríbhinn ón gcúirt (mar shampla uimhir theileafóin an duine aonair) mícheart. Thairis sin, tá toirmeasc orthu, faoi na himthosca uile, pasfhocail a úsáidtear le haghaidh teileachumarsáide a nochtadh (58).

Aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid nó a iarrtar orthu comhoibriú, ní mór dóibh taifid a choimeád ina sonraítear cuspóirí na mbeart, a gcur i bhfeidhm, an dáta a soláthraíodh comhoibriú agus an sprioc (59). Maidir le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid chun feidhme, ní mór dóibh taifid a choimeád, ina leagtar amach mionsonraí agus torthaí a fuarthas (60). Ní mór d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha an fhaisnéis sin a sholáthar trí thuairisc chuig an ionchúisitheoir nuair a dhúnann siad imscrúdú (61).

Nuair a eisíonn ionchúisitheoir díotáil i ndáil le cás inar úsáideadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, nó nuair a eisíonn ionchúisitheoir diúscairt gan an duine ábhartha a dhíotáil nó a ghabháil (i.e. ní bac ar ionchúiseamh agus sin amháin), ní mór don ionchúisitheoir fógra a thabhairt don duine atá faoi réir ag na bearta a chuireann srianta le cumarsáid go ndearnadh bearta a chuireann srianta le cumarsáid, faoin ngníomhaireacht a rinne iad agus faoin tréimhse a raibh siad i bhfeidhm. Ní mór fógra den sórt sin a thabhairt i scríbhinn laistigh de 30 lá ón diúscairt (62). Féadfar an fógra a iarchur i gcás inar dócha go gcuirfeadh sé slándáil náisiúnta i mbaol mór nó go gcuirfeadh sé isteach ar shábháilteacht agus ord poiblí, nó i gcás inar dócha go mbeadh dochar ábhartha ar shaolta agus coirp daoine eile mar thoradh air (63). I gcás ina mbeartaíonn sé nó sí fógra a iarchur, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha formheas a fháil ó cheann Oifig Dhúiche an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (64). Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sin (65).

Leagann CPPA nós imeachta sonrach amach freisin maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála. Go háirithe, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí inneachar cumarsáide a bhailiú i gcás ina bhfuil pleanáil nó cur i gcrích coireachta eagraithe nó coireachta tromchúisí eile a bheadh ina gcúis le bás nó gortú tromchúiseach ar tí tarlúint, agus go bhfuil éigeandáil ann faoina bhfuil sé dodhéanta dul tríd an ngnáthnós imeachta (mar a leagtar amach thuas) (66). In éigeandáil den sórt sin, féadfaidh oifigeach de chuid na póilíní nó ionchúisitheoir bearta a chuireann srianta le cumarsáid a dhéanamh gan chead a fháil ón gcúirt roimh ré ach ní mór dóibh cead a lorg ón gcúirt go díreach i ndiaidh iad a dhéanamh. I gcás ina mainníonn an ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí cead cúirte a fháil laistigh de 36 uair an chloig ón tráth a rinneadh na bearta éigeandála sin, ní mór éirí as an mbailiúchán láithreach, agus dhéanfaí an fhaisnéis a bailíodh a scriosadh ina dhiaidh sin, de ghnáth (67). Maidir le hoifigigh de chuid na bpóilíní a dhéanann faireachas éigeandála, déanann siad sin faoi rialú ionchúisitheora, nó, i gcás inar dodhéanta é treoracha ionchúisitheora a fháil roimh ré mar gheall gur ghá gníomhú go práinneach, ní mór do na póilíní formheas ionchúisitheora a fháil láithreach bonn ar tús a chur le faireachas dóibh (68). Tá feidhm ag na rialacha faoi fhógra a thabhairt don duine aonair mar a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le hinneachar cumarsáide a bhailiú i gcásanna éigeandála.

Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le “ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála” i gcónaí agus ní mór don údarás a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandála (69). Ní mór go mbeadh doiciméad i scríbhinn ag gabháil leis an iarratas ar an gcúirt chun cead a dheonú maidir le bearta éigeandála, doiciméad ina dtabharfaí na bearta a chuireann srianta le cumarsáid is gá, an sprioc, an t-ábhar, an raon feidhme, an tréimhse ama, an áit agus an modh a ndéanfar iad, agus míniú ar an tslí a gcomhlíonann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid Airteagal 5(1) CPPA, (70) chomh maith le doiciméid tacaíochta.

I gcásanna ina dtugtar na bearta éigeandála chun críche laistigh de thréimhse ghearr, rud a chuirfeadh cead cúirte as an áireamh (e.g. má ghabhtar an t-amhrastach go díreach i ndiaidh tús a chur leis an idircheapadh, a scoirtear de dá bhrí sin), tugann ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí inniúil fógra um beart éigeandála don chúirt inniúil (71). Ní mór cuspóir, sprioc, raon feidhme, tréimhse, an áit feidhmithe agus an modh bailithe a leagan amach san fhógra, chomh maith leis na forais a bhaineann le gan iarraidh ar chead chúirte a chur isteach (72). Tugann an fógra sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe agus ní mór é a iontráil i gclár fógraí um bearta éigeandála.

Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar inneachar cumarsáide a fhaightear trí bhearta a chuireann srianta le cumarsáid a fheidhmiú ar bhonn CPPA ach amháin chun na coireanna sonracha a liostaítear thuas a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a chosc, in imeachtaí araíonachta le haghaidh na gcoireanna céanna, i gcás éileamh ar dhamáistí ó pháirtí sa chumarsáid nó i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe eile (73).

Tá feidhm ag coimircí sonracha i gcás ina mbailítear teileachumarsáid a tharchuirtear ar an idirlíon (74). Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a úsáid ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna tromchúiseacha a liostaítear in Airteagal 5(1) CPPA. Chun an fhaisnéis a choinneáil, ní mór formheas a fháil ón gcúirt a thug údarú maidir leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáid (75). Ní mór go mbeadh faisnéis ar na bearta a chuireann srianta le cumarsáid, achoimre ar thorthaí na mbeart, na cúiseanna le coinneáil (in éineacht le hábhair tacaíochta) agus an teileachumarsáid atá le choinneáil a bheith mar chuid d’iarraidh ar choinneáil (76). Cheal iarraidh den sórt sin, ní mór an teileachumarsáid a fuarthas a scriosadh laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a chuireann srianta le cumarsáid (77). I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh, ní mór an teileachumarsáid a scriosadh laistigh de 7 lá (78). I gcás ina scriostar teileachumarsáid, ní mór tuarascáil a chur chuig an gcúirt a thug údarú do na bearta a chuireann srianta le cumarsáid laistigh de 7 lá, ina leagtar amach na cúiseanna leis an scriosadh, chomh maith le mionsonraí agus uainiú ina leith.

Níos ginearálta, i gcás go bhfuarthas faisnéis go neamhdhleathach trí bhíthin bearta a chuireann srianta le cumarsáid, ní ghlacfar léi mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ná araíonachta (79). Chomh maith leis sin, cuireann CPPA toirmeasc ar aon duine a dhéanann bearta a chuireann srianta le cumarsáid faisnéis rúnda a fuarthas agus bearta den sórt sin á gcur chun feidhme a nochtadh, agus an fhaisnéis a fuarthas a úsáid chun damáiste a dhéanamh do cháil na ndaoine sin a bhí faoi réir na mbeart sin (80).

2.2.2.3.   Teorainneacha agus coimircí is infheidhme maidir le faisnéis deimhnithe cumarsáide a bhailiú

Ar bhonn CPPA, féadfaidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí iarraidh ar oibreoirí teileachumarsáide sonraí deimhnithe cumarsáide a sholáthar nuair is gá chun imscrúdú coiriúil a dhéanamh nó chun pionós a fhorghníomhú (81). Murab ionann agus bailiúchán sonraí inneachair, níl an fhéidearthacht sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú teoranta do choireanna sonracha áirithe. Mar sin féin, mar is ionann maidir le sonraí inneachair, éilítear cead i scríbhinn ó chúirt roimh ré chun sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú, faoi réir ag na coinníollacha céanna ar tugadh tuairisc orthu níos luaithe (82). Nuair a fhágann forais práinne gur dodhéanta é cead cúirte a fháil, féadtar sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú gan bharántas, agus sa chás sin ní mór an cead a fháil díreach i ndiaidh na sonraí a iarraidh agus ní mór iad a chur in iúl don soláthraí teileachumarsáide (83). I gcás nach bhfuarthas aon chead ina dhiaidh sin, ní mór an fhaisnéis a bailíodh a léirscriosadh (84).

Ní mór d’ionchúisitheoir, d’oifigigh de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus do chúirteanna taifid ar iarrataí ar shonraí deimhnithe cumarsáide a choimeád (85). Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar shonraí deimhnithe cumarsáide a nochtadh don Aire Eolaíochta agus TFC, agus ní mór dóibh taifid ina leith a choimeád ar feadh 7 mbliana ón dáta a nochtadh sonraí (86).

I bprionsabal, tugtar fógra do dhaoine aonair faoin bhfíoras gur bailíodh sonraí deimhnithe cumarsáide (87). Braitheann an t-uainiú le haghaidh fógra den sórt sin ar imthosca an imscrúdaithe (88). Chomh luath agus a dhéantar cinneadh (gan) ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear díotáil ar fionraí, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis cinneadh den sórt sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá i ndiaidh 1 bhliain amháin tar éis an fhaisnéis a bhailiú.

Is féidir an fógra a iarchur sa chás gur dócha (1) go gcuirfí slándáil náisiúnta, slándáil agus ord poiblí i mbaol, (2) go mbeadh sé ina chúis le bás nó gortú coirp, (3) go gcuirfí cosc ar imeachtaí breithiúnacha cothroma (e.g. as a leanfadh scriosadh fianaise nó finnéithe a bhagairt), nó (4) go bhféadfadh sé an t-amhrastach, an t-íospartach nó daoine eile a bhaineann leis an gcás a chlúmhilleadh nó a bpríobháideachas a shárú (89). Chun fógra faoi cheann de na forais réamhluaite a thabhairt, éilítear údarú ó stiúrthóir ar oifig dhúiche ionchúisitheora phoiblí inniúil (90). Chomh luath agus a thagann deireadh leis na forais iarchurtha, ní mór fógra a sholáthar laistigh de 30 lá ón tráth sin (91).

Féadfaidh daoine dá dtugtar fógra iarraidh i scríbhinn a chur ar aghaidh chuig an ionchúisitheoir nó chuig an oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha faoi na cúiseanna le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhailiú (92). Sa chás sin, ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha na cúiseanna a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá i ndiaidh an iarraidh a fháil, ach amháin sa chás go bhfuil feidhm le ceann de na forais thuasluaite (eisceachtaí le hiarchur fógra) (93).

2.2.3.   Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide

Le hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le “sonraí cumarsáide” a nochtadh. I gcomhthéacs TBA, cumhdaítear le “sonraí cumarsáide” ainm, cláruimhir chónaitheach, seoladh agus uimhir theileafóin úsáideoirí, na dátaí a chláraigh úsáideoirí nó a chuirfidh siad deireadh lena síntiús chomh maith le cód aitheantais úsáideoirí (i.e. cóid a úsáidtear chun úsáideoir dlisteanach córas ríomhaire nó líonraí cumarsáide a aithint) (94). Chun críche TBA, ní mheastar mar úsáideoirí ach daoine aonair a dhéanann conradh díreach le haghaidh seirbhísí le soláthraí teileachumarsáide de chuid na Cóiré (95). Mar thoradh air sin, maidir le cásanna ina measfaí mar úsáideoirí faoi TBA daoine aonair as an Aontas ar aistríodh a gcuid sonraí chuig Poblacht na Cóiré, is dócha go mbeadh na cásanna sin an-teoranta, mar gheall nach ndéanfadh na daoine aonair sin conradh díreach le hoibreoir teileachumarsáide de chuid na Cóiré, de ghnáth.

Ní mór iarrataí chun sonraí cumarsáide a fháil ar bhonn TBA a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh, an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na sonraí ar iarradh a lua ann (96). I gcás ina bhfuil sé dodhéanta iarraidh i scríbhinn a sholáthar mar gheall ar phráinn, ní mór an iarraidh i scríbhinn a sholáthar a luaithe a imíonn an chúis práinne (97). Ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide a chomhlíonann iarrataí chun sonraí cumarsáide a nochtadh mórleabhair a choimeád ina bhfuil taifid a thugann le fios gur soláthraíodh sonraí cumarsáide, chomh maith leis na hábhair ábhartha, amhail an iarraidh i scríbhinn (98). Thairis sin, ní mór d’oibreoirí gnó teileachumarsáide tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar sholáthar sonraí deimhnithe cumarsáide don Aire Eolaíochta agus TFC (99).

Níl aon oibleagáid ar oibreoirí gnó teileachumarsáide iarrataí a chomhlíonadh maidir le sonraí cumarsáide a nochtadh ar bhonn TBA. Dá bhrí sin, ní mór don oibreoir measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh i bhfianaise na gceanglas cosanta sonraí is infheidhme faoi PIPA. Go háirithe, ní mór d’oibreoir gnó teileachumarsáide leasanna an ábhair sonraí a chur san áireamh agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó tríú páirtí go héagórach (100). Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraí (101).

Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach in 2016 nach sárú ar cheart úsáideoir na seirbhíse cumarsáide chun féinchinntiúcháin faisnéise ann féin é sonraí cumarsáide a bheith á soláthar go saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide gan bharántas ar bhonn TBA. An tráth céanna, shoiléirigh an Chúirt go mbeadh sárú den sórt sin ann más follasach gur cosúil gur bhain an ghníomhaireacht iarrthach mí-úsáid as a húdarás chun nochtadh sonraí teileachumarsáide a iarraidh, agus leasanna an duine aonair lena mbaineann nó ag tríú páirtí á sárú dá réir (102). Ar bhonn níos ginearálta, ní mór aon iarraidh a dhéanann údarás forfheidhmithe dlí ar nochtadh saorálach prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)).

2.3.   Formhaoirseacht

Déantar formhaoirseacht ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil trí shásraí éagsúla, go hinmheánach agus ag comhlachtaí seachtracha araon.

2.3.1.   Féin-iniúchóireacht

I gcomhréir leis an Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí, moltar d’údaráis phoiblí comhlacht inmheánach a bhunú le haghaidh na féin-iniúchóireachta, comhlacht a mbeidh sé de chúram air, i measc nithe eile, rialú dlíthiúlachta a dhéanamh (103). Ní mór a ráthú go mbeidh a oiread neamhspleáchais agus is féidir ag ceannairí na gcomhlachtaí iniúchóireachta sin (104). Ar dhóigh níos sonraí, ceaptar ó lasmuigh den údarás ábhartha iad (e.g. iarbhreithiúna, ollúna) ar feadh tréimhse 2 bhliain go 5 bliana agus ní féidir iad a chur as oifig ach ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo (e.g. nuair nach mbeidh ar a gcumas dualgais a chomhlíonadh de dheasca neamhord sláinte meabhraí nó fisiciúla, nuair bhíonn siad faoi réir gníomhaíocht araíonachta) (105). Ar an mbealach céanna, ceaptar iniúchóirí ar bhonn coinníollacha sonracha a leagtar síos san Acht (106). Féadfar moltaí nó iarrataí ar chúiteamh nó ar cheartú a áireamh i dtuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le hiomarduithe agus moltaí nó iarrataí ar ghníomhaíocht araíonachta (107). Tugtar fógra fúthu do cheannaire an údaráis phoiblí atá faoi réir an iniúchta, agus don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht freisin (féach roinn 2.3.2) laistigh de 60 lá ón tráth a thugtar an t-iniúchadh i gcrích (108). Ní mór don údarás lena mbaineann na bearta a cheanglaítear a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú don Bhord um Iniúchadh agus Cigireacht (109). Ina theannta sin, cuirtear torthaí iniúchóireachta ar fáil don phobal de ghnáth (110). Beifear faoi réir fíneálacha riaracháin má dhiúltaítear d’fhéin-iniúchadh nó má chuirtear bac air (111). I réimse fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, chun an reachtaíocht réamhluaite a chomhlíonadh, oibríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Póilíníneachta córas Ardchigire chun iniúchtaí inmheánacha a láimhseáil, lena n-áirítear i leith sáruithe féideartha ar chearta an duine (112).

2.3.2.   An Bord um Iniúchadh agus Cigireacht

Féadfaidh an Bord um Iniúchadh agus Cigireacht (“BAI” anseo feasta) cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus, ar bhonn na gcigireachtaí sin, moltaí a eisiúint, gníomhaíochtaí araíonachta a iarraidh nó gearán coiriúil a chomhdú (113). Bunaítear BAI faoi Uachtarán Phoblacht na Cóiré ach tá stádas neamhspleách aige féin i leith a chuid dualgas fós (114). Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Acht lena mbunaítear BAI go dtabharfar a mhéid neamhspleáchais is féidir dó i leith a fhoireann a cheapadh, a dhífhostú agus a eagrú, mar aon lena bhuiséad a thiomsú (115). Is é an tUachtarán, le toiliú an Tionóil Náisiúnta, a cheapann Cathaoirleach BAI (116). Ceapann an tUachtarán an seisear Coimisinéirí eile, ar mholadh ón gCathaoirleach, ar feadh téarma 4 bliana (117). Ní mór do Choimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) cáilíochtaí sonracha a leagtar síos le dlí (118) a chomhlíonadh agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás táinsimh, téarma príosúnachta á ghearradh orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil fhadtéarmach (119). Thairis sin, toirmeasctar ar Choimisinéirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, agus a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i ngníomhaireachtaí riaracháin nó in eagraíochtaí atá faoi réir iniúchadh agus cigireachta ag BAI nó in aon oifig nó aon phost eile dá n-íoctar luach saothair (120).

Déanann BAI iniúchadh ginearálta ar bhonn bliantúil ach féadfaidh sé iniúchtaí sonracha a dhéanamh freisin ar nithe is údar spéise ar leith iad. Féadfaidh BAI a iarraidh go gcuirfear doiciméid faoina bhráid i gcaitheamh cigireachta agus ar dhaoine aonair teacht ina láthair (121). Mar chuid d’iniúchadh, déanann BAI scrúdú ar ioncam agus ar chaiteachas an Stáit, ach déanann sé formhaoirseacht freisin ar chomhlíontacht na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach poiblí lena ndualgais i gcoitinne d’fhonn feabhas a chur ar oibriú an riaracháin phoiblí (122). Tá gné den rialú dlíthiúlachta ag baint lena chuid formhaoirseachta dá bhrí sin, seachas gnéithe buiséadacha amháin.

2.3.3.   An Tionól Náisiúnta

Féadfaidh an Tionól Náisiúnta imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh ar údaráis phoiblí (123). Le linn imscrúdaithe nó cigireachta, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarraidh go nochtfar doiciméid agus iallach a chur ar fhinnéithe teacht ina láthair (124). Beidh aon duine a thugann mionnú éithigh le linn imscrúdú de chuid an Tionóil Náisiúnta faoi réir pionóis choiriúla (téarma príosúnachta suas le 10 mbliana) (125). Féadfar próiseas agus torthaí na gcigireachtaí a chur ar fáil go poiblí (126). Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánacha (127). Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta (128).

2.3.4.   An Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta

Déanann an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta (“PIPC” anseo feasta) formhaoirseacht ar an bpróiseáil a dhéanann údaráis um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir le PIPA. Ina theannta sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus Airteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha ar na rialacha freisin lena leagtar amach teorannuithe agus coimircí i leith bailiú faisnéise pearsanta, lena n-áirítear iad siúd atá sna dlíthe sonracha lena rialaítear bailiú fianaise (leictreonaí) chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (féach roinn 2.2). I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú dlíthiúil cóir na faisnéise pearsanta, tá aon sárú den sórt sin ina shárú ar PIPA freisin, rud lena gceadaítear do PIPC imscrúdú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh (129).

I bhfeidhmiú na feidhme formhaoirseachta aige, tá rochtain ag PIPC ar an bhfaisnéis ábhartha uile (130). Féadfaidh PIPC comhairle a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar leibhéal cosanta faisnéise pearsanta a ngníomhaíochtaí próiseála, bearta ceartaitheacha a fhorchur (e.g. próiseáil sonraí a chur ar fionraí nó na bearta is gá a dhéanamh chun faisnéis phearsanta a chosaint) nó comhairliú don údarás gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh (131). Ar deireadh, is intuartha pionóis choiriúla le haghaidh sáruithe áirithe PIPA, amhail faisnéis phearsanta a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach do thríú páirtithe nó faisnéis íogair a phróiseáil go neamhdhleathach (132). Ina leith sin, féadfaidh PIPC an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht imscrúdúcháin inniúil (lena n-áirítear ionchúisitheoir) (133).

2.3.5.   An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (“NHRC” anseo feasta) – ar comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé curtha de chúram air cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn (134) – imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagail 10–22 den Bhunreacht agus na sáruithe sin a leigheas, sáruithe lena n-áirítear na cearta chun príobháideachais agus príobháideachais chomhfhreagrais. Tá 11 Choimisinéir in NHRC a cheaptar ar ainmniú ag an Tionól Náisiúnta dóibh (ceathrar), ag an Uachtarán (ceathrar) agus ag Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí (triúr) (135). Chun go gceapfar Coimisinéir, ní mór dó nó di a bheith (1) tar éis seirbhís a thabhairt mar ollamh comhlach, ar a laghad, ar feadh 10 mbliana ar a laghad in ollscoil nó in institiúid údaraithe taighde; (2) tar éis seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad; (3) tar éis a bheith ag gabháil, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine (e.g. le haghaidh eagraíocht neamhbhrabúsach, neamhrialtasach nó eagraíocht idirnáisiúnta); nó (4) a bheith molta ag grúpaí sochaí sibhialta (136). Ceapann an tUachtarán an Cathaoirleach as measc na gCoimisinéirí agus ní mór dó a bheith deimhnithe ag an Tionól Náisiúnta (137). Ceaptar Coimisinéirí (lena n-áirítear an Cathaoirleach) ar feadh téarma 3 bliana is féidir a athnuachan agus ní fhéadfar iad a dhífhostú ach i gcás ina ngearrfar téarma príosúnachta orthu nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh de dheasca laige mheabhrach nó fhisiciúil ar feadh i bhfad (agus, sa chás sin, ní mór do dhá thrian de na Coimisinéirí aontú leis an dífhostú) (138). Toirmeasctar ar Choimisinéirí NHRC a bheith in oifig i gcomhthráth sa Tionól Náisiúnta, i gcomhairlí áitiúla nó in aon rialtas áitiúil nó Stáit (mar oifigeach poiblí) (139).

Féadfaidh NHRC tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn achainí ó dhuine aonair. Mar chuid dá imscrúdú, féadfaidh NHRC a iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, cigireachtaí a dhéanamh agus toghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairt (140). Tar éis imscrúdaithe, féadfaidh NHRC moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar bhearta sonracha nó ar chleachtais shonracha, nó chun iad a cheartú, agus féadfaidh sé iad sin a phoibliú (141). Ní mór d’údaráis phoiblí fógra a thabhairt do NHRC faoi phlean chun na moltaí sin a chur chun feidhme laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear iad (142). Thairis sin, i gcás ina mainneofar moltaí a chur chun feidhme, ní mór don údarás lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin (143). Féadfaidh NHRC an mhainneachtain sin a nochtadh don Tionól Náisiúnta, faoi seach, agus/nó í a phoibliú. Comhlíonann údaráis phoiblí moltaí NGRC i gcoitinne bíonn spreagadh láidir acu amhlaidh a dhéanamh óir rinneadh measúnú ar chur chun feidhme na moltaí sin mar chuid den mheastóireacht ghinearálta a rinne an Oifig um Chomhordú Beartas Rialtais, faoi údarás Oifig an Phríomh-Aire.

2.4.   Sásamh an duine aonair

2.4.1.   Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPA

Maidir le faisnéis phearsanta arna próiseáil ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA. Féadfar rochtain a iarraidh ar an údarás ábhartha go díreach, nó go hindíreach trí PIPC (144). Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil teorainn a chur le rochtain nó diúltú do rochtain ach amháin i gcás ina bhforálfar maidir leis sin leis an dlí, i gcás inar dhócha go ndéanfadh sé damáiste do shaol nó do chorp tríú páirtí, nó i gcás inar dhócha go dtiocfadh sárú gan bonn cirt ar mhaoin agus ar leasanna eile duine eile as an rochtain, (i.e. i gcás inar mhó leasanna an duine eile ná leasanna an duine aonair a rinne an iarraidh) (145). Más rud é go ndiúltaítear d’iarraidh ar rochtain, ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin agus faoin mbealach chun achomharc a dhéanamh (146). Ar an gcaoi chéanna, féadfar diúltú d’iarraidh ar cheartúchán nó ar léirscriosadh i gcás ina bhforálfar maidir leis sin le dlíthe eile, agus sa chás sin ní mór an duine aonair a chur ar an eolas faoi na bunchúiseanna atá leis agus faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamh (147).

A mhéid a bhaineann le sásamh, féadfaidh daoine aonair gearán a thaisceadh le PIPC, lena n-áirítear tríd an Lárionad Glaonna um Príobháideachais atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil (148). Ina theannta sin, féadfaidh duine aonair idirghabháil a fháil tríd an gCoiste um Idirghabháil i nDíospóidí maidir le Faisnéis Phearsanta (149). Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú (roinn 2.2) agus i gcás PIPA araon. Ina theannta sin, féadfaidh daoine aonair dúshlán a thabhairt do chinntí nó d’easpa gníomhaíochta PIPC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3).

2.4.2.   Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an Duine

Láimhseálann NHRC gearáin ó dhaoine aonair (idir náisiúnaigh na Cóiré agus dhaoine nach náisiúnaigh iad) a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine arna ndéanamh ag údaráis phoiblí (150). Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le NHRC (151). Dá thoradh sin, láimhseálfaidh NHRC gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs bailiú sonraí pearsanta chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, ní cheanglófaí ar dhuine aonair a léiriú dá bhrí sin go bhfuair údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain iarbhír ar a c(h)uid faisnéise pearsanta chun go mbeadh an gearán inghlactha os comhair NHRC. Féadfaidh duine aonair a iarraidh freisin go réiteofaí an gearán trí bhíthin idirghabhála (152).

Chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, féadfaidh NHRC úsáid a bhaint as a chumhachtaí imscrúdúcháin, lena n-áirítear trí iarraidh go gcuirfear ábhair ábhartha faoina bhráid, trí chigireachtaí a dhéanamh agus trí thoghairm a chur ar dhaoine aonair fianaise a thabhairt (153). Má léirítear leis an imscrúdú gur tharla sárú ar dhlíthe ábhartha, féadfaidh NHRC a mholadh go gcuirfear leigheasanna chun feidhme nó go ndéanfar ceartúchán nó go gcuirfear feabhas ar aon reacht, aon institiúid, aon bheartas nó aon chleachtas ábhartha (154). Leis na leigheasanna beartaithe sin, féadfar idirghabháil a áireamh mar aon le scor den sárú ar chearta an duine, cúiteamh as damáistí agus bearta chun nach dtarlóidh an sárú céanna nó sáruithe comhchosúla arís (155). Sa chás inar bailíodh faisnéis phearsanta go neamhdhleathach faoi rialacha is infheidhme, féadfar scriosadh na faisnéise pearsanta a bailíodh a áireamh leis na bearta leighis. Más rud é go meastar gur rídhócha go bhfuil an sárú fós ar siúl agus go meastar gur dócha go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas, mura dtabharfaí aghaidh air, féadfaidh NHRC bearta faoisimh práinneacha a ghlacadh (156).

Cé nach bhfuil aon chumhacht ag NHRC iallach a chur, is féidir dúshlán a thabhairt dá chinntí (e.g. cinneadh gan leanúint d’imscrúdú ar ghearán) (157) agus dá mholtaí os comhair chúirteanna na Cóiré faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (féach roinn 2.4.3 thíos) (158). Ina theannta sin, má léirítear le torthaí NHRC gur bhailigh údarás poiblí sonraí pearsanta go neamhdhleathach, d’fhéadfadh duine aonair tuilleadh sásaimh a iarraidh os comhair chúirteanna na Cóiré in aghaidh an údaráis phoiblí sin, e.g. trí dhúshlán a thabhairt do bhailiú na sonraí sin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin, trí ghearán bunreachtúil a chomhdú faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, nó trí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí faoin Acht um Chúiteamh Stáit (féach roinn 2.4.3 thíos).

2.4.3.   Sásamh breithiúnach

Féadfaidh daoine aonair na teorannuithe agus na coimircí ar ar tugadh tuairisc sna ranna roimhe seo a agairt chun sásamh a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré ar bhealaí éagsúla.

Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le CPA, féadfaidh an duine aonair lena mbaineann agus a d(h)líodóir a bheith i láthair agus barántas cuardaigh nó urghabhála á fhorghníomhú agus agóid a dhéanamh dá bhrí sin an tráth a fhorghníomhaítear an barántas (159). Ina theannta sin, déanann CPA foráil maidir le rud ar a dtugtar sásra “gar-ghearáin”, lena dtugtar caoi do dhaoine aonair achainí a dhéanamh ar an gcúirt inniúil á iarraidh go gcuirfí diúscairt ar ceal nó go n-athrófaí diúscairt arna déanamh ag ionchúisitheoir nó ag póilín maidir le hurghabháil (160). Tugtar caoi leis sin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do na bearta a dhéantar chun barántas urghabhála a fhorghníomhú.

Thairis sin, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil os comhair chúirteanna na Cóiré. Ar bhonn an Achta um Chúiteamh Stáit, féadfaidh daoine aonair iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as damáistí a rinne oifigigh phoiblí de shárú ar an dlí le linn dóibh a ndualgais oifigiúla a chomhlíonadh (161). Féadfar éileamh faoin Acht um Chúiteamh Stáit a dhéanamh le “Comhairle Cúitimh” speisialaithe nó go díreach le cúirteanna na Cóiré (162). Más duine nach náisiúnach é nó í an t-íospartach, beidh feidhm ag an Acht um Chúiteamh Stáit fad a áirithíonn tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin cúiteamh stáit do náisiúnaigh na Cóiré mar an gcéanna (163). Dé réir an chásdlí, comhlíontar an coinníoll sin “mura bhfuil éagothroime shuntasach idir an Chóiré agus an tír eile” ó thaobh na gceanglas chun cúiteamh a iarraidh sa tír eile agus “murar doichte iad i gcoitinne ná na ceanglais arna gcinneadh ag an gCóiré, gan aon difríocht ábhartha shubstainteach eatarthu.”.” (164) Is leis an Acht Sibhialta a rialaítear dliteanas an stáit i leith cúitimh agus, dá thoradh sin, cumhdaítear le dliteanas stáit damáistí nach damáistí maoine iad freisin (e.g. fulaingt intinne) (165).

Foráiltear maidir le leigheas dlí breise faoi PIPA le haghaidh sáruithe ar na rialacha cosanta sonraí. De réir Airteagal 39 PIPA, maidir le haon duine aonair a fhulaingíonn díobháil de thoradh sárú ar PIPA nó de thoradh chailleadh, ghoid, nochtadh, bhrionnú, athrú na faisnéise pearsanta aige/aici, nó damáiste di, féadfaidh sé/sí cúiteamh as damáistí a fháil os comhair na gcúirteanna. Níl aon cheanglas cómhalartachta comhchosúil ann mar atá faoin Acht um Chúiteamh Stáit.

I dteannta cúiteamh as damáistí, féadfar sásamh riaracháin a fháil in aghaidh ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí riaracháin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Féadfaidh aon duine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairt (i.e. feidhmiú cumhachta poiblí i gcás sonrach, nó diúltú dá feidhmiú) nó do neamhghníomhaíocht (mainneachtain ar feadh i bhfad ag gníomhaireacht riaracháin diúscairt áirithe a dhéanamh i gcontrárthacht lena hoibleagáid dhlíthiúil amhlaidh a dhéanamh), as a bhféadfaidh na nithe seo a leanas teacht: cúlghairm/athrú ar dhiúscairt neamhdhleathach, toradh lena suitear go bhfuil neamhniú ann (i.e. toradh lena suitear nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag an diúscairt nó nach ann di sa dlíchóras) nó toradh lena suitear gur neamhdhleathach í neamhghníomhaíocht (166). Chun go mbeifear in ann dúshlán a thabhairt do dhiúscairt riaracháin, ní mór tionchar díreach a bheith ag an diúscairt ar chearta agus ar dhualgais shibhialta (167). Áirítear leis sin bearta chun sonraí pearsanta a bhailiú, bíodh sin go díreach (e.g. teachtaireachtaí cumarsáide a idircheapadh) nó trí bhíthin iarrata ar nochtadh (e.g. do sholáthraí seirbhíse).

Féadfar na héilimh réamhluaite a thabhairt os comhair coimisiúin achomharc riaracháin ar dtús a bhunaítear faoi údaráis phoiblí áirithe (e.g. NIS, NHRC) nó os comhair an Lárchoimisiúin um Achomhairc Riaracháin a bunaíodh faoin gCoimisiún Frith-Éillithe agus um Chearta Sibhialta (168). Bealach malartach, nó bealach níos neamhfhoirmiúla, is ea achomharc riaracháin den sórt sin chun dúshlán a thabhairt do dhiúscairt nó do neamhghníomhaíocht údaráis phoiblí. Féadfar éileamh a thabhairt go díreach os comhair chúirteanna na Cóiré freisin, áfach, faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

Maidir le haon duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i gcúlghairm na diúscartha nó in athrú na diúscartha a lorg, nó in athbhunú na gceart aige/aici trí bhíthin na cúlghairme/an athraithe i gcás nach mbeidh feidhm ag an diúscairt a thuilleadh, féadfaidh sé/sí iarraidh a dhéanamh ar chúlghairm/athrú diúscartha faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin (169). Ar an gcaoi chéanna, maidir le dlíthíocht chun neamhniú a dhearbhú, féadfaidh duine ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú den sórt sin dlíthíocht a thionscnamh, agus maidir le dlíthíocht chun neamhdhleathacht neamhghníomhaíocht a dhearbhú, féadfaidh aon duine dlíthíocht a thionscnamh ag a bhfuil iarraidh ar dhiúscairt déanta agus ag a bhfuil leas dlíthiúil i ndearbhú neamhdhleathacht na neamhghníomhaíochta sin a lorg (170). De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, léirmhínítear “leas dlíthiúil” mar “leas a bhfuil cosaint dlí aige”, i.e. sainleas díreach atá cosanta le dlíthe agus le rialacháin ar a bhfuil diúscairtí riaracháin bunaithe (i.e. leasanna nach leasanna ginearálta indíreacha teibí an phobail iad) (171). Dá bhrí sin, tá leas dlíthiúil ag daoine aonair i gcás aon sáraithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí i leith bhailiú na sonraí pearsanta dá (c)huid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil (faoi dhlíthe sonracha nó PIPA). Tá breithiúnas críochnaitheach faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin ceangailteach ar na páirtithe (172).

Ní mór iarraidh ar chúlghairm/athrú diúscartha agus iarraidh ar dhearbhú neamhdhleathachta neamhghníomhaíochta a chomhdú laistigh de 90 lá ón dáta a thagann an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin diúscairt/neamhghníomhaíocht agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ó dháta eisiúna na diúscartha/tarlaithe na neamhghníomhaíochta, mura bhfuil cúiseanna inchosanta ann leo (173). De réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, tá an coincheap maidir le “cúiseanna inchosanta” le léirmhíniú go leathan agus ní mór a mheasúnú a dhéanamh ar cibé a bhfuil sé inghlactha go sóisialta gearán moillithe a cheadú nó nach bhfuil, i bhfianaise imthosca uile an cháis (174). Áirítear leo sin (gan a bheith teoranta dóibh), mar shampla, cúiseanna moille nach bhféadfar a bhreithniú ina leith go bhfuil an páirtí lena mbaineann freagrach astu (i.e. staideanna nach bhfuil neart ag an ngearánach orthu, mar shampla i gcás nach mbeidh fógra tugtha dó/di faoi bhailiú na faisnéise pearsanta aici) nó force majeure (e.g. tubaiste nádúrtha, cogadh).

Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhunreachtúil freisin (175). Ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil, maidir le haon duine a ndéantar sárú ar a c(h)earta bunúsacha, arna ráthú leis an mBunreacht, i ngeall ar fheidhmiú nó ar neamhfheidhmiú cumhachta rialtais (gan breithiúnais na gcúirteanna a áireamh), féadfaidh an duine sin breithniú ar ghearán bunreachtúil a iarraidh. Má tá réitigh eile le fáil, ní mór iad sin a ídiú ar dtús. De réir chásdlí na Cúirte Bunreachtúla, féadfaidh daoine nach náisiúnach iad gearán bunreachtúil a chomhdú a mhéid a aithnítear a gcearta bunúsacha faoi Bhunreacht na Cóiré (féach na mínithe i roinn 1.1) (176). Ní mór gearáin bhunreachtúla a chomhdú laistigh de 90 lá ón tráth a thiocfaidh an duine aonair chun bheith ar an eolas faoin sárú, agus laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó tarlú. Ós rud é go gcuirtear nós imeachta an Achta um Dhlíthíocht Riaracháin i bhfeidhm maidir le dlíthíocht faoin Acht um an gCúirt Bhunreachtúil, (177) beidh gearán fós inghlactha má bhíonn “cúiseanna inchosanta” leis an ngearán, mar a léirmhínítear i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Uachtaraí ar a dtugtar tuairisc thuas.

Más gá leigheasanna eile a ídiú ar dtús, ní mór gearán bunreachtúil a chomhdú laistigh de 30 lá ón tráth a dhéantar an cinneadh críochnaitheach maidir le leigheas den sórt sin (178). Féadfaidh an Chúirt Bhunreachtúil a shuí gur neamhbhailí é an feidhmiú cumhachta rialtais ba shiocair leis an sárú nó a dheimhniú gur míbhunreachtúil é neamhghníomhaíocht áirithe (179). Sa chás sin, ceanglaítear ar an údarás ábhartha bearta a dhéanamh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh.

3.   ROCHTAIN RIALTAIS CHUN CRÍOCH SLÁNDÁLA NÁISIÚNTA

3.1.   Údaráis phoiblí inniúla i réimse na slándála náisiúnta

Tá dhá ghníomhaireacht thiomanta faisnéise ag Poblacht na Cóiré: NIS agus an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta. Thairis sin, féadfaidh na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh faisnéis phearsanta a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta.

Is leis an Acht um an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise (“Acht NIS” anseo feasta) atá NIS bunaithe agus oibríonn sé faoi dhlínse agus faoi mhaoirseacht dhíreach an Uachtaráin (180). Go háirithe, bailíonn, tiomsaíonn agus dáileann NIS faisnéis maidir le tíortha eachtracha (agus maidir leis an gCóiré Thuaidh) (181), faisnéis a bhaineann le cúram an chomhraic in aghaidh na spiaireachta (lena n-áirítear an spiaireacht mhíleata agus thionsclaíoch), cúram na frithsceimhlitheoireachta agus cúram an chomhraic in aghaidh ghníomhaíochtaí na gcairtéal coiriúil idirnáisiúnta, faisnéis maidir le cineálacha áirithe coireachta a dhírítear in aghaidh na slándála poiblí agus náisiúnta (e.g. éirí amach intíre, ionsaí eachtrach) agus faisnéis a bhaineann leis an gcúram go n-áiritheofar an chibearshlándáil agus go ndéanfar cibirionsaithe agus bagairtí a chosc nó a chomhrac (182). Le hAcht NIS, lena mbunaítear NIS agus lena leagtar amach a chuid cúraimí, foráiltear prionsabail ghinearálta freisin atá ina gcreat dá chuid gníomhaíochtaí uile. Mar phrionsabal ginearálta, ní mór do NIS fanacht neodrach i dtaobh na polaitíochta de agus saoirse agus cearta daoine aonair a chosaint (183). Cuirtear ar iontaoibh Uachtarán NIS treoirlínte ginearálta a fhorbairt lena leagtar amach na prionsabail, an raon feidhme agus na nósanna imeachta maidir le comhlíonadh dhualgais NIS i ndáil le bailiú agus le úsáid faisnéise, agus ní mór dó tuairisciú ina dtaobh don Tionól Náisiúnta (184). Féadfaidh an Tionól Náisiúnta (trína Choiste Faisnéise) a cheangal go gceartófar nó go bhforlíonfar na treoirlínte má mheasann sé iad a bheith neamhdhleathach nó éagórach. Ar bhonn níos ginearálta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir ná pearsanra NIS, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht ná duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú a c(h)uid ceart ag aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúil (185). Ina theannta sin, ní mór dóibh CPPA, an tAcht um Fhaisnéis Suímh nó CPA a chomhlíonadh agus aon chinsireacht á déanamh acu ar an bpost, teachtaireachtaí teileachumarsáide á n-idircheapadh, sonraí faisnéise suímh á bailiú, sonraí deimhnithe cumarsáide á bailiú nó cumarsáidí príobháideacha á dtaifeadadh acu nó iad ag cúléisteacht leis na cumarsáidí sin (186). Beidh aon mhí-úsáid cumhachta nó bailiú faisnéise de shárú ar na rialacha sin faoi réir pionóis choiriúla (187).

Is gníomhaireacht faisnéise míleata í an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta, a bunaíodh faoin Aireacht Cosanta. Tá sí freagrach as ábhair slándála laistigh den arm, imscrúduithe coiriúla míleata (faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata) agus faisnéis mhíleata. Go ginearálta, ní dhéanann an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faireachas ar shibhialtaigh mura bhfuil gá leis sin chun a cuid feidhmeanna míleata a chomhlíonadh. Ar na daoine a bhféadfar imscrúdú a dhéanamh orthu tá pearsanra míleata, fostaithe sibhialta de chuid an airm, daoine faoi oiliúint mhíleata, daoine i bhfórsa cúltaca míleata nó i seirbhís earcaíochta míleata agus príosúnaigh chogaidh (188). Agus í ag bailiú faisnéis cumarsáide chun críocha slándála náisiúnta, tá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Cosanta faoi réir na dteorainneacha agus na gcoimircí a leagtar síos le CPPA agus lena Fhoraithne um Fhorfheidhmiú.

3.2.   Bunúis dlí agus teorainneacha

Is le CPPA, an tAcht um Chomhrac in aghaidh na Sceimhlitheoireachta ar mhaithe le Cosaint Saoránach agus leis an tSlándáil Phoiblí (“An tAcht Frithsceimhlitheoireachta” anseo feasta), agus le TBA a fhoráiltear bunúis dlí maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus is leo a leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí is infheidhme (189). Áirithítear leis na teorannuithe agus leis na coimircí sin, ar a dtugtar tuairisc sna chéad ranna eile, go dteorannaítear bailiú agus próiseáil na faisnéise don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach. Eisiatar leis sin aon ollbhailiú neamh-idirdhealaitheach faisnéise pearsanta chun críocha slándála náisiúnta.

3.2.1.   Bailiú faisnéise cumarsáide

3.2.1.1.   Bailiú faisnéise cumarsáide ag gníomhaireachtaí faisnéise

3.2.1.1.1.   Bunús dlí

Le CPPA, cumhachtaítear gníomhaireachtaí faisnéise chun sonraí cumarsáide a bhailiú agus ceanglaítear ar sholáthraithe cumarsáide oibriú i gcomhar le hiarrataí ó na gníomhaireachtaí sin (190). Déanann CPPA idirdhealú, ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.2.2.1, idir bailiú inneachair chumarsáide (i.e. “bearta a chuireann srianta le cumarsáid” amhail bearta “cúléisteachta” nó “cinsireachta” (191)) agus bailiú “sonraí deimhnithe cumarsáide” (192).

Ní hionann an tairseach a bhaineann le bailiú an dá chineál faisnéise sin, ach tá na nósanna imeachta agus na coimircí is infheidhme ina leith mórán mar an gcéanna (193). Féadfar sonraí deimhnithe cumarsáide (nó meiteashonraí) a bhailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc (194). Tá feidhm ag tairseach níos airde maidir le feidhmiú na mbeart lena gcuirtear srianta ar chumarsáid (i.e. chun inneachar cumarsáide a bhailiú), nach bhféadfar a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbeidh coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór agus go bhfuil gá le bailiú faisnéise chun an chontúirt sin a chosc (i.e. má bhíonn baol mór ann don tslándáil náisiúnta agus más gá an bailiú sin lena chosc) (195). Thairis sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar inneachar na cumarsáide ach mar rogha dheireanach chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun an sárú ar phríobháideachas cumarsáide a íoslaghdú (196). Fiú má tá an formheas/cead iomchuí faighte ina leith, ní mór stad a chur láithreach le bearta den sórt sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon sárú ar rúin chumarsáide an duine aonair teoranta don íosmhéid de shárú (197).

3.2.1.1.2.   Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide a bhaineann le náisiúnach amháin ar a laghad den Chóiré

Maidir le faisnéis cumarsáide (idir inneachar agus mheiteashonraí) i gcás inar náisiúnach (ina náisiúnaigh) den Chóiré duine amháin nó an bheirt acu atá páirteach sa chumarsáid, ní fhéadfar sin a bhailiú ach le cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-Chúirte (198). Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig ionchúisitheoir nó chuig Oifig an Ard-Ionchúisitheora (199). Ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú san iarraidh (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena shuitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a ndéanfar an bailiú) (200). Ar a sheal, iarrann an t-ionchúisitheoir/Oifig an Ard-Ionchúisitheora cead ó Phríomh-Bhreitheamh sinsearach de chuid na hArd-Chúirte (201). Ní fhéadfaidh an Príomh-Bhreitheamh cead i scríbhinn a dheonú ach amháin nuair a mheasann sé/sí go bhfuil údar leis an iarratas agus diúltóidh sé/sí di nuair a mheasann sé/sí an iarraidh a bheith gan forais (202). Sonraítear leis an mbarántas cineál, cuspóir, sprioc, raon feidhme agus tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon le mionsonraí ar an mbealach agus ar an áit a bhféadfar é a dhéanamh (203).

Beidh feidhm ag rialacha sonracha i gcás ina mbeidh sé d’aidhm ag an mbeart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar nach féidir na nósanna imeachta réamhluaite a leanúint (204). Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise bearta faireachais a dhéanamh gan formheas ón gcúirt roimh ré (205). Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise cead a iarraidh ón gcúirt, áfach, go díreach tar éis di na bearta éigeandála a fheidhmiú. Mura bhfaighfear cead laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar na bearta, ní mór scor díobh láithreach (206). Ní mór an bailiú faisnéise i gcásanna éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le “ráiteas cinsireachta/cúléisteachta éigeandála” i gcónaí agus ní mór don ghníomhaireacht faisnéise a dhéanann an bailiú clár a choimeád d’aon bheart éigeandála (207).

I gcásanna ina gcuirfear an faireachas i gcrích laistigh de thréimhse ghearr, rud lena gcuirfear cead cúirte as an áireamh, ní mór do cheannaire Oifig inniúil an Ard-Ionchúisitheora fógra maidir le beart éigeandála, arna ullmhú ag an ngníomhaireacht faisnéise, a sheoladh chuig ceannaire na cúirte inniúla, a choinníonn clár na mbeart éigeandála (208). Tugann sin caoi don chúirt scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhailithe.

3.2.1.1.3.   Teorannuithe agus coimircí is infheidhme maidir le bailiú faisnéise cumarsáide nach mbaineann ach amháin le náisiúnaigh nach den Chóiré iad

Chun faisnéis a bhailiú maidir le cumarsáid idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu sin amháin, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise formheas i scríbhinn a fháil ón Uachtarán roimh ré (209). Ní bhaileofar cumarsáid den sórt sin ach amháin chun críocha slándála náisiúnta má thagann an chumarsáid faoi cheann amháin de roinnt catagóirí liostaithe, i.e. cumarsáid idir oifigigh rialtais nó daoine aonair eile de thíortha atá naimhdeach le Poblacht na Cóiré, gníomhaireachtaí eachtracha, grúpaí nó náisiúnaigh a bhfuil amhras ina leith go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí in aghaidh na Cóiré, (210) nó baill de ghrúpaí laistigh de Leithinis na Cóiré atá lasmuigh de cheannasacht Phoblacht na Cóiré go héifeachtach agus dá scáthghrúpaí a bhfuil a mbunáit i dtíortha eachtracha (211). Os a choinne sin, más náisiúnach den Chóiré é páirtí amháin sa chumarsáid agus más náisiúnach nach den Chóiré é an páirtí eile, beidh gá le formheas na cúirte i gcomhréir leis an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1.2.

Ní mór do cheannaire gníomhaireachta faisnéise plean a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS le haghaidh na mbeart a bheartaítear a dhéanamh (212). Is é Stiúrthóir NIS a dhéanann athbhreithniú ar an bplean féachaint an iomchuí é agus, más amhlaidh atá, a chuireann an plean faoi bhráid an Uachtaráin é lena fhormheas (213). Is ionann an fhaisnéis nach mór a áireamh sa phlean agus an fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh iarratas ar chead cúirte chun faisnéis, a bhaineann le náisiúnaigh den Chóiré, a bhailiú (ar a dtugtar tuairisc thuas) (214). Go háirithe, ní mór na cúiseanna atá leis an mbailiú a shonrú ann (i.e. go bhfuil coinne leis go mbeidh an tslándáil náisiúnta i gcontúirt mhór, nó go bhfuil gá leis an mbailiú chun bagairtí ar an tslándáil náisiúnta a chosc), mar aon leis na príomhfhorais amhrais, in éineacht leis na hábhair a thacaíonn leis na cúiseanna sin agus lena suitear cás prima facie, mar aon le mionsonraí na hiarrata (i.e. na cuspóirí, an duine (na daoine) aonair ar a ndírítear leis an mbailiú, raon feidhme, tréimhse éifeachtach an bhailithe, mar aon leis an mbealach agus an áit a ndéanfar an bailiú). I gcás ina n-iarrfar roinnt ceadanna an tráth céanna, an cuspóir agus na forais atá leo (215).

I gcásanna éigeandála, (216) ní mór formheas a fháil roimh ré ón Aire lena mbaineann an ghníomhaireacht faisnéise ábhartha. Sa chás sin, áfach, ní mór don ghníomhaireacht faisnéise formheas a iarraidh ón Uachtarán go díreach tar éis do na bearta éigeandála a bheith déanta. Mura bhfaigheann gníomhaireacht faisnéise formheas laistigh de 36 huaire an chloig ón am a dhéantar an t-iarratas, ní mór scor den bhailiú láithreach (217). Sna cásanna sin, scriosfar an fhaisnéis a bailíodh i gcónaí.

3.2.1.1.4.   Teorannuithe agus coimircí ginearálta

Agus comhar á iarraidh ar eintitis phríobháideacha, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise an barántas cúirte/cead uachtaráin nó cóip den chlúdach ar ráiteas cinsireachta éigeandála a sholáthar dóibh, agus ní mór don eintiteas ar a gcuirtear iallach é sin a choimeád ina gcuid comhad (218). Maidir le heintitis a n-iarrtar orthu faisnéis a nochtadh do ghníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn CPPA, féadfaidh siad diúltú amhlaidh a dhéanamh má thagraíonn an t-údarú nó an ráiteas cinsireachta éigeandála don aitheantóir mícheart (e.g. uimhir theileafóin ar le duine aonair éagsúil í seachas an duine a shainaithnítear). Thairis sin, i nach cás, ní fhéadfar pasfhocail a úsáidtear le haghaidh cumarsáide a nochtadh (219).

Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise cur chun feidhme beart a chuireann srianta le cumarsáid nó bailiú faisnéis deimhnithe cumarsáide a chur ar iontaoibh oifige poist nó sholáthraí seirbhíse teileachumarsáide (mar a shainítear leis an Acht um Ghnó Teileachumarsáide) (220). Ní mór don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha agus don soláthraí a fhaigheann iarratas ar chomhar araon cláir a choimeád ina sonraítear an chríoch maidir leis na bearta a iarraidh, dáta an fheidhmiúcháin nó an chomhair, agus cuspóir na mbeart (e.g. post, teileafón, ríomhphost) ar feadh 3 bliana (221). Ní mór do sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide a sholáthraíonn sonraí deimhnithe cumarsáide faisnéis maidir le minicíocht an bhailithe a choimeád ina gcuid comhad ar feadh 7 mbliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Eolaíochta agus ICT faoi dhó sa bhliain (222).

Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh siad agus toradh na gníomhaíochta faireachais a chur faoi bhráid Stiúrthóir NIS (223). Maidir le bailiú sonraí deimhnithe cumarsáide, ní mór taifid a choimeád den iarraidh a rinneadh ar na sonraí sin, mar aon leis iarraidh scríofa féin agus taifead den institiúid a bhí ag brath uirthi (224).

Ní fhéadfar leanúint de bhailiú inneachair chumarsáide ná sonraí deimhnithe cumarsáide ach ar feadh uastréimhse 4 mhí agus, má ghnóthaítear san idirlinn an cuspóir a saothraíodh, ní mór scor den bhailiú sin láithreach (225). Más ann fós do na coinníollacha le haghaidh an cheada, féadfar síneadh suas le 4 mhí a chur leis an tréimhse, le cead na cúirte nó le formheas an Uachtaráin. Maidir leis an iarratas ar fhormheas a fháil chun síneadh a chur leis na bearta faireachais, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn, na cúiseanna atá leis an síneadh a bhfuiltear a lorg a lua ann agus ábhair tacaíochta a sholáthar ann (226).

Go ginearálta, tugtar fógra do dhaoine aonair nuair a bhailítear a gcuid teachtaireachtaí cumarsáide, ag brath ar an mbunús dlí atá lena mbailiú. Go háirithe, gan beann ar cibé acu an le hinneachar na cumarsáide nó le sonraí deimhnithe cumarsáide a bhaineann an fhaisnéis a bailíodh nó nach mbaineann, agus gan beann ar cibé acu is tríd an ngnáthnós imeachta nó trí chás éigeandála a fuarthas an fhaisnéis nó nach ea, ní mór do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise fógra faoin mbeart faireachais a thabhairt i scríbhinn don duine aonair lena mbaineann laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh deireadh leis an bhfaireachas (227). Ní mór a áireamh san fhógra (1) an fíoras gur bailíodh an fhaisnéis, (2) an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin agus (3) an tréimhse forfheidhmiúcháin. Ach, más rud é gur dócha go gcuirfeadh an fógra slándáil náisiúnta i mbaol nó go ndéanfadh sé díobháil do shaol agus do shábháilteacht fhisiciúil daoine, féadfar an fógra a iarchur (228). Ní mór fógra a thabhairt laistigh de 30 lá tráth nach ann a thuilleadh do na forais le haghaidh an iarchurtha (229).

Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le fógra áfach ach le bailiú faisnéise i gcás inar náisiúnach den Chóiré é duine amháin ar a laghad de na páirtithe. Dá thoradh sin, ní thabharfar fógra do náisiúnaigh nach den Chóiré iad ach amháin nuair a bhailítear a gcumarsáidí le náisiúnaigh den Chóiré. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ann maidir le fógra nuair a bhailítear cumarsáidí, a dhéantar idir náisiúnaigh nach den Chóiré iad, agus eatarthu siúd amháin.

Ní féidir inneachar aon chumarsáidí mar aon le sonraí deimhnithe cumarsáide a fhaightear trí fhaireachas ar bhonn CPPA a úsáid ach amháin (1) le haghaidh imscrúdú, ionchúiseamh nó cosc coireanna áirithe, (2) le haghaidh imeachtaí araíonachta, (3) le haghaidh imeachtaí breithiúnacha i gcás ina mbeidh páirtí a bhaineann leis an gcumarsáid ag brath orthu in éileamh ar dhamáistí nó (4) ar bhonn dlíthe eile (230).

3.2.1.2.   Bailiú faisnéise cumarsáide ag na póilíní/ag ionchúisitheoirí chun críocha slándála náisiúnta

Féadfaidh na póilíní/an t-ionchúisitheoir faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon) chun críocha slándála náisiúnta faoi na coinníollacha céanna ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1.1. I gcás ina mbeifear ag gníomhú i gcásanna éigeandála (231), is é an nós imeachta is infheidhme an nós imeachta ar ar tugadh tuairisc níos luaithe i leith bhailiú inneachar na cumarsáide chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i gcásanna éigeandála (i.e. Airteagal 8 CPPA).

3.2.2.   Bailiú faisnéise maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta

3.2.2.1.   Bunús dlí

Cumhachtaíonn an tAcht Frithsceimhlitheoireachta Stiúrthóir NIS chun faisnéis a bhailiú maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta (232). Sainmhínítear “amhrastach sceimhlitheoireachta” mar chomhalta de ghrúpa sceimhlitheoireachta, (233) duine a d’fhorleath grúpa sceimhlitheoireachta (trí smaointe nó taicticí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn agus a scaipeadh), a thiomsaigh nó a ranníoc cistí le haghaidh na sceimhlitheoireachta (234), nó a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile ullmhúcháin, comhcheilge, bolscaireachta, nó tionscnaimh sceimhlitheoireachta, nó duine a bhfuil forais mhaithe ann go mbeadh amhras ina leith go bhfuil na gníomhaíochtaí sin déanta aige nó aici (235). Mar riail ghinearálta, ní mór d’aon oifigeach poiblí ag a bhfuil an tAcht Frithsceimhlitheoireachta á fhorfheidhmiú na bunchearta a chumhdaítear i mBunreacht na Cóiré a urramú (236).

Ní leagtar amach san Acht Frithsceimhlitheoireachta féin cumhachtaí, teorannuithe agus coimircí sonracha chun faisnéis a bhailiú ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta, ach déantar tagairt ann do na nósanna imeachta i reachtanna eile. I dtosach, ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, féadfaidh Stiúrthóir NIS (1) faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig Poblacht na Cóiré agus le himeacht uaithi, (2) faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais agus (3) faisnéis maidir le cumarsáidí. Ag brath ar an gcineál faisnéise a lorgaítear, déantar foráil maidir le ceanglais na nósanna imeachta ábhartha san Acht Imirce agus san Acht Custaim, in ARUSFTI nó in CPPA, faoi seach (237). Chun faisnéis a bhailiú maidir le teacht isteach chuig an gCóiré agus le himeacht uaithi, déantar tagairt san Acht Frithsceimhlitheoireachta do na nósanna imeachta a leagtar amach san Acht Imirce agus san Acht Custaim. Ach, ní dhéantar foráil sna hachtanna sin faoi láthair maidir le cumhachtaí den sórt sin. Chun faisnéis cumarsáide agus faisnéis maidir le hidirbhearta airgeadais a bhailiú, déantar tagairt leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta do na teorannuithe agus do na coimircí in CPPA (a dtugtar mionsonraí breise orthu thíos) agus in ARUSFTI (nach bhfuil, mar a mhínítear i roinn 2.1, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh leordhóthanachta).

Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 9(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta go bhféadfaidh Stiúrthóir NIS faisnéis phearsanta nó faisnéis suímh amhrastaigh sceimhlitheoireachta a iarradh ó rialaitheoir faisnéise pearsanta (238) nó ó sholáthraí faisnéise suímh (239). Tá an fhéidearthacht sin teoranta d’iarrataí ar nochtadh saorálach, nach gceanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh freagairt dóibh, agus in aon chás ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh (féach roinn 3.2.2.2 thíos).

3.2.2.2.   Teorannuithe agus coimircí a bhaineann le nochtadh saorálach faoi PIPA agus faoin Acht um Fhaisnéis Suímh

Ní mór iarrataí ar chomhar saorálach faoin Acht Frithsceimhlitheoireachta a bheith teoranta d’fhaisnéis ar amhrastaigh sceimhlitheoireachta (féach roinn 3.2.2.1 thuas). Maidir le haon iarraidh ó NIS, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)) (240) mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Sonraítear thairis sin le hAcht NIS nach bhféadfaidh NIS iallach a chur ar aon institiúid, eagraíocht nó duine aonair aon rud a dhéanamh nach bhfuil oibleagáid orthu a dhéanamh, ná bac a chur ar fheidhmiú ceart aon duine, trí mhí-úsáid a bhaint as a n-údarás oifigiúil (241). Féadfaidh sárú an toirmisc sin a bheith faoi réir smachtbhannaí coiriúla (242).

Ní cheanglaítear ar rialaitheoirí faisnéise pearsanta ná ar sholáthraithe faisnéise suímh a fhaigheann iarrataí ó NIS ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta iarrataí a chomhlíonadh. Féadfaidh siad iarrataí a chomhlíonadh ar bhonn saorálach, ach ní cheadaítear dóibh amhlaidh a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le PIPA agus leis an Acht um Fhaisnéis Suímh.. Maidir le PIPA a chomhlíonadh, ní mór don rialaitheoir a chur san áireamh go háirithe leasanna an ábhair sonraí agus ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis a nochtadh dá mba dhócha go sáródh sé leas an duine aonair nó leas tríú páirtí go héagórach (243). Ina theannta sin, i gcomhréir le Fógra Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, ní mór fógra faoin nochtadh a thabhairt don duine aonair lena mbaineann. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraí (244).

3.2.2.3.   Teorannuithe agus coimircí faoi CPPA

Ar bhonn an Achta Frithsceimhlitheoireachta, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis cumarsáide a bhailiú (inneachar na cumarsáide agus na sonraí deimhnithe cumarsáide araon) ach amháin i gcás inar gá i gcomhair gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, i.e. gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc na sceimhlitheoireachta agus le frithbhearta ina haghaidh. Tá feidhm ag nósanna imeachta CPPA ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.2.1 maidir le bailiú faisnéise cumarsáide chun críoch frithsceimhlitheoireachta.

3.2.3.   Nochtadh saorálach ag oibreoirí gnó teileachumarsáide

Ar bhonn TBA, féadfaidh oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh chun “sonraí cumarsáide” ó ghníomhaireacht faisnéise a nochtadh, ar faisnéis iad a bheartaíonn an ghníomhaireacht sin a bhailiú chun bagairt don tslándáil náisiúnta a chosc (245). Maidir le haon iarraidh den sórt sin, ní mór di prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na Cóiré (Airteagail 12(1) agus 37(2)) (246) mar aon le ceanglais PIPA maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú (Airteagal 3(1) PIPA, féach roinn 1.2 thuas). Thairis sin, tá feidhm leis na teorannuithe agus na coimircí céanna i leith nochtuithe saorálacha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí (féach roinn 2.2.3) (247).

Ní cheanglaítear ar oibreoirí gnó teileachumarsáide an iarraidh a chomhlíonadh, ach féadfar amhlaidh a dhéanamh ar bhonn saorálach agus i gcomhréir le PIPA agus ar an mbonn sin amháin. Ina leith sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna, lena n-áirítear fógra a thabhairt don duine aonair, maidir le hoibreoirí gnó teileachumarsáide agus is amhlaidh nuair a fhaigheann siad iarrataí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chóiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2.2.3.

3.3.   Formhaoirseacht

Déanann comhlachtaí éagsúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise na Cóiré. Déanann an Aireacht Cosanta Náisiúnta formhaoirseacht ar an gCeannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta, de bhun Threoir an hAireachta maidir le Cur chun Feidhme an Iniúchta Inmheánaigh. Tá NIS faoi réir formhaoirseachta ón bhfeidhmeannas, ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe thíos.

3.3.1.   An tOifigeach um Chosaint Chearta an Duine

Nuair a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise faisnéis maidir le hamhrastaigh sceimhlitheoireachta, déantar foráil san Acht Frithsceimhlitheoireachta maidir le formhaoirseacht ag an gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta agus ag an Oifigeach um Chosaint Chearta an Duine (“HRPO” anseo feasta) (248).

Forbraíonn an Coimisiún Frithsceimhlitheoireachta inter alia beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus déanann sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart frithsceimhlitheoireachta mar aon le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil éagsúil i réimse na frithsceimhlitheoireachta (249). Is é an Príomh-Aire cathaoirleach an Choimisiúin, lena gcuimsítear roinnt airí agus ceannairí gníomhaireachtaí rialtasacha, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Dlí agus Cirt, an tAire um Chosaint Náisiúnta, agus an tAire Gnóthaí Intíre agus Sábháilteachta, Stiúrthóir an NIS, Ard-Choimisinéir na Gníomhaireachta Náisiúnta Póilíneachta agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Sheirbhísí Airgeadais (250). Agus imscrúduithe frithsceimhlitheoireachta á ndéanamh agus amhrastaigh sceimhlitheoireachta á rianú chun faisnéis nó ábhair a bhailiú is gá le haghaidh gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, is gá do Stiúrthóir NIS tuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta (i.e. an Príomh-Aire) (251).

Bunaítear HRPO thairis leis an Acht Frithsceimhlitheoireachta d’fhonn cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint in aghaidh sáruithe arb iad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta is cúis leo (252). Is é Cathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta a cheapann HRPO as measc daoine a chomhlíonann na cáilíochtaí a liostaítear i bhForaithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta (i.e. aon duine atá cáilithe mar aturnae ag a bhfuil 10 mbliana taithí oibre ar a laghad, nó ag a bhfuil saineolas i réimse chearta an duine agus atá ag tabhairt seirbhíse nó a thug seirbhís (ar a laghad) mar ollamh comhlach ar feadh 10 mbliana ar a laghad, nó a thug seirbhís mar ardoifigeach poiblí i ngníomhaireachtaí stáit nó i rialtais áitiúla, nó ag a bhfuil taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse chearta an duine, e.g. in eagraíocht neamhrialtasach) (253). Ceaptar HRPO ar feadh 2 bhliain (agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite) agus ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a p(h)ost ach ar fhorais shonracha, theoranta agus ar dhea-chúis, e.g. nuair a dhíotáiltear i gcás coiriúil a bhaineann lena d(h)ualgais é nó í, nuair a scaoiltear faisnéis rúnda, nó mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil fadtéarmach (254).

I dtéarmaí cumhachtaí, féadfaidh HRPO moltaí a eisiúint chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine ag gníomhaireachtaí atá bainteach le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, agus achainíocha sibhialta a phróiseáil (féach roinn 3.4.3) (255). I gcás inar féidir a shuíomh go réasúnta gurb ann do shárú ar chearta an duine i bhfeidhmiú dualgas oifigiúil, féadfaidh HRPO ceannaire na gníomhaireachta atá freagrach a mholadh chun sárú den sórt sin a cheartú (256). Dá réir sin, ní mór don ghníomhaireacht freagrach fógra a thabhairt do HRPO faoin ngníomh a rinneadh chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme (257). Dá mainneodh gníomhaireacht moladh HRPO a chur chun feidhme, thabharfaí an cheist aníos chuig leibhéal an Choimisiúin, lena n-áirítear a Chathaoirleach, an Príomh-Aire. Go nuige seo, ní raibh aon chás ann nár cuireadh chun feidhme moltaí ó HPRO ina leith.

3.3.2.   An Tionól Náisiúnta

Mar a thuairiscítear air i roinn 2.3.2, féadfaidh an Tionól Náisiúnta údaráis phoiblí a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus sa chomhthéacs sin, nochtadh doiciméad a iarraidh agus iallach a chur ar fhinnéithe a bheith i láthair. I leith ábhar a thagann faoi dhlínse NIS, is é Coiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta a dhéanann an fhormhaoirseacht pharlaiminteach sin (258). Déanann Stiúrthóir NIS formhaoirseacht ar fheidhmiú na ndualgas ag an ngníomhaireacht agus tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Faisnéise (mar aon leis an Uachtarán) (259). Féadfaidh an Coiste Faisnéise féin tuarascáil a iarradh ar ábhar sonrach freisin, agus ceanglaítear ar Stiúrthóir NIS freagairt gan mhoill (260). Ní fhéadfaidh sé/sí diúltú freagairt nó fianaise a thabhairt os comhair an Choiste Faisnéise ach amháin i ndáil le rúin stáit a bhaineann le saincheisteanna míleata, taidhleoireachta nó i ndáil leis an gCóiré Thuaidh a mbeadh tionchar tromchúiseach ar chinniúint na tíre acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (261). Sa chás sin, féadfaidh an Coiste Faisnéise míniúchán a iarradh ar an bPríomh-Aire. Mura gcuirtear míniúchán den sórt sin faoi bhráid an Choiste laistigh de 7 lá ón iarraidh a dhéanamh, ní féidir an fhreagairt nó fianaise a dhiúltú a thuilleadh.

Más rud é go suíonn an Tionól Náisiúnta go raibh gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhíchuí ann, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás poiblí ábhartha bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear cúiteamh a dheonú, gníomhaíocht araíonachta a dhéanamh, agus feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánacha (262). Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ní mór don údarás gníomhú gan mhoill agus an toradh a thuairisciú don Tionól Náisiúnta. Is ann do rialacha sonracha maidir le formhaoirseacht pharlaiminteach i leith bearta a chuireann srianta le cumarsáid (i.e. bailiú inneachar na cumarsáide) faoi CCPA (263). Maidir leis an gceann deiridh, féadfaidh an Tionól Náisiúnta iarradh ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise tuarascáil a sholáthar ar aon bheart sonrach a chuireann srianta le cumarsáid. Ina theannta sin, féadfaidh sé iniúchtaí ar an toirt a dhéanamh ar threalamh cúléisteachta. Ar deireadh, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise a bhailigh inneachar faisnéise agus oibreoirí a nochtaigh inneachar faisnéise chun críocha slándála náisiúnta nochtadh den sórt sin a thuairisciú ar iarraidh a fháil ón Tionól Náisiúnta.

3.3.3.   An Bord um Iniúchadh agus Cigireacht

Déanann BAI na feidhmeanna formhaoirseachta céanna i ndáil le gníomhaireachtaí faisnéise agus a dhéanann sa réimse um fhorfheidhmiú an dlí coiriúil (féach roinn 2.3.2) (264).

3.3.4.   An Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta

A mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí chun críocha slándála náisiúnta, lena n-áirítear céim an bhailithe, déanann PIPC formhaoirseacht bhreise. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 1.2, áirítear leis sin na prionsabail agus na hoibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 58(4) PIPA mar aon le feidhmiú na gceart aonair a ráthaítear in Airteagal 4 PIPA. Thairis sin, de réir Airteagal 7-8(3), (4) agus le hAirteagal 7-9(5) PIPA, cumhdaítear le formhaoirseacht PIPC sáruithe féideartha freisin ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus coimircí i leith faisnéis phearsanta a bhailiú, amhail CPPA, an tAcht Frithsceimhlitheoireachta agus TBA. I bhfianaise na gceanglas in Airteagal 3(1) PIPA maidir le bailiú faisnéise pearsanta ar bhealach dlíthiúil cóir, tá aon sárú ar na hAchtanna sin ina shárú ar PIPA. Dá réir sin tá sé de chumhacht ag PIPA imscrúdú a dhéanamh ar (265) sháruithe ar na dlíthe lena rialaítear rochtain ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta mar aon le próiseáil rialacha in PIPA, agus comhairle a eisiúint le haghaidh feabhsúcháin, bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, gníomhaíocht araíonachta a mholadh agus cionta féideartha a chur faoi bhráid na n-údarás imscrúdaithe ábhartha (266).

3.3.5.   An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine

Tá feidhm ar an mbealach céanna ag formhaoirseacht NRHC maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis rialtais eile (féach roinn 2.3.2).

3.4.   Sásamh an duine aonair

3.4.1.   Sásamh os comhair an Oifigigh um Chosaint Chearta an Duine

I leith faisnéis phearsanta a bhailiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, cuireann HRPO bealach sásaimh sonrach ar fáil, arna bhunú faoin gCoimisiún Frithsceimhlitheoireachta. Láimhseálann HRPO achainíocha sibhialta a bhaineann le sárú chearta an duine mar iarmhairt ar ghníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta (267). Féadfaidh sé/sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh agus ní mór don ghníomhaireacht ábhartha aon bheart a dhéantar chun moladh den sórt sin a chur chun feidhme a thuairisciú don Oifigeach. Níl aon cheanglas seasta ar dhaoine aonair gearán a thaisceadh le HRPO. Dá thoradh sin, próiseálfaidh HRPO gearán fiú murar féidir leis an duine aonair lena mbaineann díobháil iarbhír a léiriú ag an gcéim inghlacthachta.

3.4.2.   Sásraí sásaimh atá ar fáil faoi PIPA

I leith faisnéis phearsanta arna próiseáil chun críocha slándála náisiúnta, féadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus chun go ndéanfaí í a cheartú, a scriosadh nó a chur ar fionraí faoi PIPA (268). Is féidir iarrataí chun na cearta sin a fheidhmiú a chomhdú go díreach leis an ngníomhaireacht faisnéise, nó go hindíreach trí PIPC. Féadfaidh an ghníomhaireacht faisnéise moill nó teorainn a chur le feidhmiú an chirt nó diúltú don fheidhmiú sin a mhéid is gá agus a fhad is gá agus go comhréireach chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail a chosaint (e.g. a mhéid agus a fhad a chuirfeadh deonú an chirt imscrúdú leanúnach i mbaol nó a bhagródh sé don tslándáil náisiúnta), nó i gcás ina bhféadfadh deonú an chirt a bheith ina chúis le damáiste do bheatha nó do chorp tríú páirtí. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh nó ina teorainn srian léi, ní mór fógra a thabhairt don duine aonair faoi na cúiseanna leis gan mhoill.

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) PIPA (ceanglas maidir le láimhseáil iomchuí casaoidí aonair a áirithiú) agus le hAirteagal 4(5) PIPA (an ceart chun sásaimh iomchuí a fháil maidir le haon damáiste a eascraíonn as próiseáil faisnéise pearsanta, trí nós imeachta pras agus cóir), beidh an ceart chun sásaimh a fháil ag daoine aonair. Áirítear leis sin an ceart chun sárú líomhnaithe a thuairisciú don Lárionad Glaonna um Príobháideachas atá á oibriú ag Gníomhaireacht na Cóiré um an Idirlíon agus Slándáil agus gearán a chomhdú le PIPC (269). Tá na bealaí sásaimh sin ar fáil i gcás sáruithe féideartha ar na rialacha atá i ndlíthe sonracha lena leagtar amach na teorannuithe agus na coimircí i leith faisnéis pearsanta a bhailiú chun críocha slándála náisiúnta agus i gcás PIPA araon. Mar a míníodh i bhFógra Uimh. 2021-1, féadfaidh duine aonair den Aontas gearán a chur isteach chuig PIPC trína (h)údarás náisiúnta um chosaint sonraí. Sa chás sin, tabharfaidh an PIPC fógra don duine aonair tríd an údarás náisiúnta um chosaint sonraí nuair a bheidh an t-imscrúdú tugtha i gcrích (lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, faisnéis faoi na bearta ceartaitheacha a fhorchuirtear). Féadfar achomharc eile a dhéanamh ar chinntí nó ar easpa gníomhaíochta PIPC os comhair chúirteanna na Cóiré freisin faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

3.4.3.   Sásamh os comhair an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an Duine

Tá feidhm ar an mbealach céanna, ag an bhféidearthacht chun sásamh aonair a fháil os comhair NRHC, maidir le gníomhaireachtaí faisnéise agus is amhlaidh maidir le húdaráis eile rialtais (féach roinn 2.4.2).

3.4.4.   Sásamh breithiúnach

Mar is amhlaidh i leith ghníomhaíochtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí cóiriúil, féadfaidh daoine aonair sásamh breithiúnach a fháil in aghaidh gníomhaireachtaí faisnéise i leith sáruithe ar na teorannuithe agus ar na coimircí thuasluaite trí bhealaí difriúla.

Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair cúiteamh as damáistí a fháil faoin Acht um Chúiteamh Stáit. Mar shampla, i gcás amháin, deonaíodh cúiteamh i leith faireachas neamhdhleathach ag an gCeannasaíocht um Thacaíocht Chosanta (réamhtheachtaí na Ceannasaíochta um Thacaíocht Slándála Cosanta) (270).

Ar an dara dul síos, ceadaítear leis an Acht um Dhlíthíocht Riaracháin do dhaoine aonair dúshlán a thabhairt do dhiúscairtí agus do neamhghníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí riaracháin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí faisnéise (271).

Ar deireadh, féadfaidh daoine aonair gearán bunreachtúil a thaisceadh leis an gCúirt Bhunreachtúil in aghaidh bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí faisnéise ar bhonn an Achta um an gCúirt Bhunreachtúil.


(1)  Airteagal 10 de Bhunreacht Phoblacht na Cóiré, arna Fhógairt an 17 Iúil 1948 (‘an Bunreacht’ anseo feasta).

(2)  Airteagal 37(2) den Bhunreacht.

(3)  Airteagal 37(2) den Bhunreacht.

(4)  Cúirt Uachtarach na Cóiré, Cinneadh Uimh. 96DA42789, an 24 Iúil 1998.

(5)  Cinneadh Uimh. 2002Hun-Ma51, ón gCúirt Bhunreachtúil, an 30 Deireadh Fómhair 2003. Ar an gcaoi chéanna, i gCinneadh 99Hun-Ma513 agus i gCinneadh 2004Hun-Ma190 (chomhdhlúite), an 26 Bealtaine 2005, shoiléirigh an Chúirt Bhunreachtúil maidir leis an ‘gceart chun a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta dhílis a rialú, gur ceart ábhar na faisnéise sin é cinneadh pearsanta a dhéanamh maidir leis an am a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, cé dó a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, nó cén duine a nochtfaidh nó a úsáidfidh a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta, agus a mhéid a nochtfar nó a úsáidfear a fhaisnéis nó a faisnéis phearsanta. Is ceart bunúsach é, cé nach sonraítear é sa Bhunreacht, arb ann dó chun an tsaoirse phearsanta chun cinneadh a dhéanamh a chosaint ar an riosca arb é méadú ar fheidhmeanna stáit agus ar an teicneolaíocht cumarsáide faisnéise is cúis leis.’

(6)  Airteagal 12(1), an chéad abairt den Bhunreacht.

(7)  Airteagal 16 agus Airteagal 12(3) den Bhunreacht.

(8)  Airteagal 12(3) den Bhunreacht.

(9)  Airteagal 6(2) den Bhunreacht.

(10)  Cinneadh Uimh. 93 Hun-MA120 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Nollaig 1994. Féach freisin mar shampla Cinneadh Uimh. 2014Hun-Ma346 ón gCúirt Bhunreachtúil (31 Bealtaine 2018), ina bhfuair an Chúirt go ndearnadh sárú ar cheart bunreachtúil náisiúnach de chuid na Súdáine chun cúnamh comhairle dlí a fháil nuair a coinníodh an náisiúnach sin ag an aerfort. I gcás eile, fuair an Chúirt Bhunreachtúil go bhfuil saoirse duine chun a ionad nó a hionad oibre a roghnú bainteach go dlúth leis an gceart chun dul ar thóir an tsonais, chomh maith le dínit agus luach an duine dhaonna, agus dá bhrí sin nach gcoimeádtar é do shaoránaigh amháin ach gur féidir ráthaíocht ina leith a thabhairt d’eachtrannaigh atá fostaithe go dlíthiúil i bPoblacht na Cóiré (Cinneadh Uimh. 2007Hun-Ma1083 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Meán Fómhair 2011).

(11)  Cinneadh Uimh. 99HeonMa494 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.

(12)  Féach mar shampla Cinneadh Uimh. 99HunMa513 ón gCúirt Bhunreachtúil.

(13)  Airteagal 29(1) den Bhunreacht.

(14)  Airteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(15)  Airteagal 5(1) PIPA.

(16)  Airteagal 58(1) lit. 2 PIPA.

(17)  Fógra Uimh. 2021-1 de PIPC faoi Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 6.

(18)  Féach Airteagal 3 d’Acht NIS (Acht Uimh. 12948), ina ndéantar tagairt d’imscrúduithe coiriúla ar choireanna áirithe, amhail éirí amach, reibiliún agus coireanna a bhaineann le slándáil náisiúnta (e.g. spiaireacht). Bheadh feidhm ag nósanna imeachta CPA maidir le cuardaigh agus urghabhálacha i gcomhthéacs den sórt sin, agus dhéanfadh CPPA rialáil ar bhailiú sonraí cumarsáide (féach cuid 3 faoi na forálacha a phléann le rochtain ar chumarsáid chun críocha slándála náisiúnta).

(19)  Airteagal 215(1) agus (2) CPA.

(20)  Airteagail 106(1), 107 agus 109 CPA.

(21)  Airteagal 198(2) CPA.

(22)  Airteagal 199(1) CPA.

(23)  Airteagal 215(1) agus (2) CPA.

(24)  Airteagal 108(1) Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiriúil.

(25)  Airteagal 114(1) CPA i gcomhar le hAirteagal 219 CPA.

(26)  Airteagal 113 CPA.

(27)  Airteagail 121 agus 122 CPA.

(28)  Airteagal 106(3) CPA.

(29)  Airteagal 106(3) CPA.

(30)  Airteagal 219 CPA i gcomhar le hAirteagal 106(4) CPA.

(31)  Airteagal 216(3) CPA.

(32)  Airteagal 216(3) CPA.

(33)  Airteagal 216(1) agus (2) CPA.

(34)  Airteagal 218 CPA. A mhéid a bhaineann le faisnéis phearsanta, ní chumhdaítear leis sin ach soláthar saorálach ag an duine lena mbaineann é féin nó í féin, ní faisnéis den sórt sin a bheith i seilbh rialaitheora faisnéise pearsanta (rud a d’éileofaí bunús dlí sonrach ina leith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta). Ní ghlactar le hairteagail a sholáthraítear go saorálach mar fhianaise in imeachtaí cúirte ach amháin mura bhfuil ann d'aon amhras réasúnach maidir le cineál saorálach an nochta, rud nach mór don ionchúisitheoir a thaispeáint. Cinneadh 2013Do11233 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.

(35)  Airteagal 308-2 CPA.

(36)  Airteagal 321 den Acht Cóiriúil.

(37)  Airteagal 3 CPPA. I bprionsabal, rialaíonn an Acht um an gCúirt Mhíleata bailiú faisnéise ar phearsanra míleata agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ar shaoránaigh ach amháin i líon teoranta cásanna (e.g. dá ndéanfadh pearsanra míleata agus saoránaigh cion in éineacht lena chéile, nó má dhéanann duine aonair cion in aghaidh an airm, d’fhéadfaí imeachtaí a thionscain os comhair cúirt mhíleata, féach Airteagal 2 den Acht um an gCúirt Mhíleata). Tá na forálacha ginearálta lena rialaítear cuardaigh agus urghabhálacha cosúil le CPA, féach mar shampla Airteagail 146-149 agus Airteagail 153-156 den Acht um an gCúirt Mhíleata. Mar shampla, ní féidir post a bhailiú ach amháin nuair is gá sin le haghaidh imscrúdú agus ar bhonn barántais ón gCúirt Mhíleata. A mhéid a mbaileofaí cumarsáid leictreonach, bheadh feidhm ag teorainneacha agus ag coimircí CPPA.

(38)  Airteagal 2(1) CPPA, i.e. ‘fuaimeanna de gach cineál, focail, siombailí nó íomhánna a tharchur nó a ghlacadh trí bhíthin córas sreinge, gan sreang, cábla snáthoptaice nó córas leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear teileafón, ríomhphost, seirbhís faisnéise do chomhaltaí, facsamhail agus glaoireacht raidió’.

(39)  Airteagal 2(7) agus 3(2) CPPA.

(40)  Sainmhínítear ‘Cinsireacht’ mar ‘ag oscailt poist gan toiliú an pháirtí lena mbaineann a fháil nó eolas a fháil ar inneachar an phoist, taifead a dhéanamh air nó an t-inneachar a choinneáil siar trí aon mheán eile’ (Airteagal 2(6) CPPA). Ciallaíonn ‘cúléisteacht teileafóin’‘inneachar teileachumarsáide a fháil nó a thaifeadadh trí éisteacht le fuaimeanna, focail, siombailí nó íomhánna na cumarsáide, nó trína léamh go comhchoiteann, trí ghairis leictreonacha agus mheicniúla gan toiliú ón bpáirtí lena mbaineann, nó cur isteach ar a dtarchur agus a nglacadh’ (Airteagal 2(7) CPPA).

(41)  Airteagal 2(11) CPPA.

(42)  Airteagail 16 agus 17 CPPA. Tá feidhm aige sin mar shampla maidir le bailiúchán gan bharántas, mainneachtain taifid a choimeád, mainneachtain scor den bhailiúchán nuair a thagann deireadh le héigeandáil, nó mainneachtain fógra a thabhairt don duine lena mbaineann.

(43)  Airteagal 3(2) CPPA.

(44)  Airteagal 5(1) CPPA.

(45)  Airteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(46)  Airteagal 5(1) CPPA.

(47)  Airteagal 5(2) CPPA.

(48)  Airteagal 6(1) CPPA.

(49)  Airteagal 6(2) CPPA.

(50)  Airteagal 6(4) CPPA agus Airteagal 4(1) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.

(51)  Airteagail 6(5) agus 6(8) CPPA.

(52)  Airteagal 6(6) CPPA.

(53)  Airteagal 6(7) CPPA.

(54)  Airteagal 6(7) CPPA.

(55)  Airteagal 6(8) CPPA.

(56)  Airteagal 9(2) CPPA.

(57)  Airteagal 15-2 CPPA agus Airteagal 12 den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.

(58)  Airteagal 9(4) CPPA.

(59)  Airteagal 9(3) CPPA.

(60)  Airteagal 18(1) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(61)  Airteagal 18(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(62)  Airteagal 9-2(1) CPPA.

(63)  Airteagal 9-2(4) CPPA.

(64)  Airteagal 9-2(5) CPPA.

(65)  Airteagal 9-2(6) CPPA.

(66)  Airteagal 8(1) CPPA.

(67)  Airteagal 8(2) CPPA.

(68)  Airteagal 8(3) CPPA agus Airteagal 16(3) den Fhoraithne maidir le Forfheidhmiú CPPA.

(69)  Airteagal 8(4) CPPA.

(70)  Is é sin, gur ann do chúis shubstaintiúil a bheith in amhras go bhfuil coireanna tromchúiseacha áirithe á mbeartú nó ag tarlú, nó gur tharla siad, agus nach praiticiúil é ar aon bhealach eile coir a chosc, an coirpeach a ghabháil, nó fianaise a bhailiú.

(71)  Airteagal 8(5) CPPA.

(72)  Airteagal 8(6)-(7) CPPA.

(73)  Airteagal 12 CPPA.

(74)  Airteagal 12-2 CPPA.

(75)  Ní mór don ionchúisitheoir nó don oifigeach de chuid na bpóilíní a dhéanann na bearta a chuireann srianta le cumarsáid an teileachumarsáid atá le coinneáil laistigh de 14 lá tar éis a thagann deireadh leis na bearta a roghnú agus iarraidh ar fhormheas na cúirte (i gcás oifigeach de chuid na bpóilíní, ní mór an t-iarratas a dhéanamh le hionchúisitheoir, agus cuireann an t-ionchúisitheoir sin an iarraidh faoi bhráid na cúirte ansin), féach Airteagal 12-2(1) agus (2) CPPA.

(76)  Airteagal 12-2(3) CPPA.

(77)  Airteagal 12-2(5) CPPA.

(78)  Airteagal 12-2(5) CPPA.

(79)  Airteagal 4 CPPA.

(80)  Airteagal 11(2) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(81)  Airteagal 13(1) CPPA.

(82)  Airteagail 13 agus 6 CPPA.

(83)  Airteagal 13(2) CPPA. Mar atá i gceist i gcás bearta práinneacha a chuireann srianta le cumarsáid, ní mór doiciméad a chruthú ina leagtar amach mionsonraí an cháis (an t-amhrastach, na bearta le déanamh, an choir amhrasta, chomh maith leis an bpráinn). Féach Airteagal 37(5) den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(84)  Airteagal 13(3) CPPA.

(85)  Airteagal 13(5) agus (6) CPPA.

(86)  Airteagal 13(7) CPPA.

(87)  Féach Airteagal 13-3(7), i gcomhar le hAirteagal 9-2 CPPA.

(88)  Airteagal 13-3(1) CPPA.

(89)  Airteagal 13-3(2) CPPA.

(90)  Airteagal 13-3(3) CPPA.

(91)  Airteagal 13-3(4) CPPA.

(92)  Airteagal 13-3(5) CPPA.

(93)  Airteagal 13-3(6) CPPA.

(94)  Airteagal 83(3) TBA.

(95)  Airteagal 2(9) TBA.

(96)  Airteagal 83(4) TBA.

(97)  Airteagal 83(4) TBA.

(98)  Airteagal 83(5) TBA.

(99)  Airteagal 83(6) TBA.

(100)  Airteagal 18(2) PIPA

(101)  Fógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii).

(102)  Cinneadh Uimh. 2012Da10548210 ón gCúirt Uachtarach, an 10 Márta 2016.

(103)  Airteagail 3 agus 5 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(104)  Airteagal 7 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(105)  Airteagail 8-11 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(106)  Airteagail 16 et seq. den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(107)  Airteagal 23(2) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(108)  Airteagal 23(1) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(109)  Airteagal 23(3) den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(110)  Airteagal 26 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(111)  Airteagal 41 den Acht um Iniúchtaí san Earnáil Phoiblí.

(112)  Féach go háirithe na ranna faoin Ard-Stiúrthóir um Iniúchadh agus Cigireacht: https://www.police.go.kr/eng/knpa/org/org01.jsp.

(113)  Airteagail 24 agus 31-35 den Acht um an mBord um Iniúchadh agus Cigireacht (‘Acht BAI’ anseo feasta).

(114)  Airteagal 2(1) d'Acht BAI.

(115)  Airteagal 2(2) d'Acht BAI.

(116)  Airteagal 4(1) d'Acht BAI.

(117)  Airteagail 5(1) agus 6 d'Acht BAI.

(118)  E.g. tar éis don duine seirbhís a thabhairt mar bhreitheamh, ionchúisitheoir poiblí nó aturnae ar feadh 10 mbliana ar a laghad, oibriú mar sheirbhíseach poiblí, nó ollamh nó i bpost níos sinsearaí ná sin ag ollscoil ar feadh 8 mbliana ar a laghad, nó oibriú ar feadh 10 mbliana ar a laghad (agus mar oifigeach feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana díobh sin ar a laghad) i gcomhlacht corpraithe a liostaítear ar stocmhalartán nó in institiúid a bhfuil infheistíocht rialtais inti, féach Airteagal 7 d'Acht BAI.

(119)  Airteagal 8 d'Acht BAI.

(120)  Airteagal 9 d'Acht BAI.

(121)  Féach e.g. Airteagal 27 d'Acht BAI.

(122)  Airteagail 20 agus 24 d'Acht BAI.

(123)  Airteagal 128 den Acht um an Tionól Náisiúnta agus Airteagaill 2, 3 agus 15 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Áirítear leis sin cigireachtaí bliantúla ar ghnóthaí rialtais ina iomláine agus imscrúduithe ar ábhair shonracha.

(124)  Airteagal 10(1) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit. Féach freisin Airteagail 128 agus 129 den Acht um an Tionól Náisiúnta.

(125)  Airteagal 14 den Acht um Fhianaise, Breithmheas, etc. os comhair an Tionóil Náisiúnta.

(126)  Airteagal 12-2 den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(127)  Airteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(128)  Airteagal 16(3) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(129)  Féach Fógra PIPC Uimh. 2021-1 i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta.

(130)  Airteagal 63 PIPA.

(131)  Airteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.

(132)  Airteagail 70-74 PIPA.

(133)  Airteagal 65(1) PIPA.

(134)  Airteagal 1 den Acht um an gCoimisiún um Chearta an Duine (‘Acht NHRC’ anseo feasta).

(135)  Airteagail 5(1) agus 2 d'Acht NHRC.

(136)  Airteagal 5(3) d'Acht NHRC.

(137)  Airteagal 5(5) d'Acht NHRC.

(138)  Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 d'Acht NHRC.

(139)  Airteagal 10 d'Acht NHRC.

(140)  Airteagal 36 d'Acht NHRC. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ó cheannaire na gníomhaireachta ábhartha (nach mór dó an iarraidh sin a chomhlíonadh de mheon macánta) i gcás inar gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an diúltú chun an fhaisnéis a sholáthar.

(141)  Airteagal 25(1) d'Acht NHRC.

(142)  Airteagal 25(3) d'Acht NHRC.

(143)  Airteagal 25(4) d'Acht NHRC.

(144)  Airteagal 35(2) PIPA.

(145)  Airteagal 35(4) PIPA

(146)  Airteagal 42(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(147)  Airteagal 36(1)-(2) PIPA agus Airteagal 43(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(148)  Airteagal 62 PIPA.

(149)  Airteagail 40-50 PIPA agus Airteagail 48-2 go 57 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú PIPA.

(150)  Cé go dtagraítear in Airteagal 4 d'Acht NHRC do shaoránaigh agus d’eachtrannaigh a chónaíonn i bPoblacht na Cóiré, is coincheap dlínse seachas críche atá i gceist leis an téarma ‘cónaíonn’. Dá bhrí sin, má dhéanann institiúidí náisiúnta laistigh den Chóiré sárú ar chearta bunúsacha eachtrannaigh lasmuigh den Chóiré, féadfaidh an duine aonair sin gearán a chomhdú le NHRC. Féach mar shampla an cheist chomhfhreagrach ar leathanach Ceisteanna Coitianta NHRC, le fáil ag https://www.humanrights.go.kr/site/program/board/basicboard/list?boardtypeid=7025&menuid=002004005001&pagesize=10&currentpage=2. B’amhlaidh an cás dá bhfaigheadh údaráis phoiblí de chuid na Cóiré rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta eachtrannaigh arna n-aistriú chun na Cóiré.

(151)  Ní mór gearán a chomhdú i bprionsabal laistigh de 1 bhliain amháin ón sárú, ach féadfaidh NHRC a chinneadh fós imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a thaisctear i ndiaidh na tréimhse sin fad nach mbeidh reacht na dtréimhsí faoin dlí choiriúil nó sibhialta dulta in éag (Airteagal 32(1) lit. 4 Acht NHRC).

(152)  Airteagail 42 et seq.d'Acht NHRC.

(153)  Airteagail 36 agus 37 d'Acht NHRC.

(154)  Airteagal 44 d'Acht NHRC.

(155)  Airteagal 42(4) d'Acht NHRC.

(156)  Airteagal 48 d'Acht NHRC.

(157)  Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC. Sa chás sin, d’fhéadfadh an duine aonair dúshlán a thabhairt do chinneadh NHRC faoin Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(158)  Féach e.g. Cinneadh 2007Nu27259 ó Ard-Chúirt Shúl, an 18 Aibreán 2008, arna dheimhniú le Cinneadh 2008Du7854 ón gCúirt Uachtarach an 9 Deireadh Fómhair 2008; Cinneadh 2017Nu69382 ó Ard-Chúirt Shúl, an 2 Feabhra 2018.

(159)  Airteagail 121 agus 219 CPA

(160)  Airteagal 417 CPA i gcomhar le hAirteagal 414(2) CPA. Féach freisin Cinneadh Uimh. 97Mo66 ón gCúirt Uachtarach, an 29 Meán Fómhair 1997.

(161)  Airteagal 2(1) den Acht um Chúiteamh Stáit.

(162)  Airteagail 9 agus 12 den Acht um Chúiteamh Stáit. Leis an Acht, bunaítear Comhairlí Ceantair (faoi chathaoirleacht leas-ionchúisitheoir oifig an ionchúisitheora comhfhreagraigh), Comhairle Lárnach (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Ceartais) agus Comhairle Speisialta (faoi chathaoirleacht an Leas-Aire Cosanta Náisiúnta agus i gceannas ar éilimh ar chúiteamh as damáistí arna ndéanamh ag pearsanra míleata nó ag fostaithe sibhialta den arm). Is iad na Comhairlí Ceantair a láimhseálann éilimh ar chúiteamh i bprionsabal, nach mór dóibh cásanna a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Lárnach/Speisialta in imthosca áirithe, e.g. más mó an cúiteamh ná méid áirithe nó i gcás ina ndéanfaidh duine aonair iarratas ar athphlé. Comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Ceartais atá i ngach Comhairle (e.g. as measc oifigigh phoiblí de chuid na hAireachta Ceartais, oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí agus daoine ag a bhfuil saineolas i ndáil le cúiteamh stáit) agus bíonn na comhaltaí faoi réir rialacha sonracha maidir le coinbhleacht leasa (féach Airteagal 7 den Fhoraithne um Fhorfheidhmiú a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh Stáit).

(163)  Airteagal 7 den Acht um Chúiteamh Stáit.

(164)  Cinneadh Uimh. 2013Da208388 ón gCúirt Uachtarach an 11 Meitheamh 2015.

(165)  Féach Airteagal 8 den Acht um Chúiteamh Stáit, mar aon le hAirteagal 751 den Acht Sibhialta.

(166)  Airteagail 2 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(167)  Cinneadh 98Du18435 ón gCúirt Uachtarach, an 22 Deireadh Fómhair 1999, Cinneadh 99Du1113 ón gCúirt Uachtarach, an 8 Meán Fómhair 2000, agus Cinneadh 2010Du3541 ón gCúirt Uachtarach, an 27 Meán Fómhair 2012.

(168)  Airteagal 6 den Acht um Achomhairc Riaracháin agus Airteagal 18(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(169)  Airteagal 12 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(170)  Airteagail 35 agus 36 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(171)  Cinneadh Uimh. 2006Du330 ón gCúirt Uachtarach, an 26 Márta 2006.

(172)  Airteagal 30(1) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(173)  Airteagal 20 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin. Tá feidhm ag an teorainn ama sin freisin maidir le héileamh go ndearbhófaí neamhdhleathacht neamhghníomhaíochta, féach Airteagal 38(2) den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.

(174)  Cinneadh 90Nu6521 ón gCúirt Uachtarach, an 28 Meitheamh 1991.

(175)  Airteagal 68(1) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(176)  Cinneadh Uimh. 99HeonMa194 ón gCúirt Bhunreachtúil, an 29 Samhain 2001.

(177)  Airteagal 40 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(178)  Airteagal 69 den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(179)  Airteagal 75(3) den Acht um an gCúirt Bhunreachtúil.

(180)  Airteagail 2 agus 4(2) d'Acht NIS.

(181)  Ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin faisnéis maidir le daoine aonair; ach cumhdaítear leis faisnéis ghinearálta maidir le tíortha eachtracha (treochtaí, forbairtí) agus maidir le gníomhaíochtaí ghníomhaithe Stáit is tríú tír.

(182)  Airteagal 3(1) d'Acht NIS.

(183)  Airteagail 3(1), 6(2), 11, 21. Féach freisin na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, go háirithe Airteagail 10, 12.

(184)  Airteagal 4(2) d'Acht NIS.

(185)  Airteagal 13 d'Acht NIS.

(186)  Airteagal 14 d'Acht NIS.

(187)  Airteagail 22 agus 23 d'Acht NIS.

(188)  Airteagal 1 den Acht um an gCúirt Mhíleata

(189)  Le linn dóibh imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gníomhóidh na Póilíní agus NIS ar bhonn CPA, ach is faoi réir an Achta um an gCúirt Mhíleata atá an Cheannasaíocht um Thacaíocht Slándála Náisiúnta.

(190)  Airteagal 15-2 CPPA.

(191)  Airteagal 2(6) agus (7) CPPA.

(192)  Airteagal 2(11) CPPA.

(193)  Féach freisin Airteagal 13-4(2) CPPA agus Airteagal 37(4) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, lena sonraítear, i dtaca leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bailiú inneachair chumarsáide, go bhfuil feidhm mutatis mutandis acu maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide.

(194)  Airteagal 13-4 CPPA.

(195)  Airteagal 7(1) CPPA.

(196)  Airteagal 8(2) CPPA.

(197)  Airteagal 2 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(198)  Airteagal 7(1)1 CPPA. Is í an ard-chúirt an chúirt inniúil ag a bhfuil dlínse maidir le háit sainchónaithe nó suíomh pháirtí amháin, nó an dá pháirtí, atá faoi réir an fhaireachais.

(199)  Airteagal 7(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(200)  Airteagail 7(3) agus 6(4) CPPA.

(201)  Airteagal 7(4) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Ní mór, in iarraidh an ionchúisitheora chuig an gcúirt, na príomhfhorais amhrais atá ann agus, a mhéid a iarrtar roinnt ceadanna an tráth céanna, an t-údar atá leis na ceadanna sin, a leagan amach (féach Airteagal 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).

(202)  Airteagail 7(3), 6(5) agus 6(9) CPPA

(203)  Airteagail 7(3) agus 6(6) CPPA.

(204)  Airteagal 8 CPPA.

(205)  Airteagal 8(1) CPPA.

(206)  Airteagal 8(2) CPPA.

(207)  Airteagal 8(4) CPPA. Féach roinn 2.2.2.2 thuas maidir le bearta éigeandála i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí.

(208)  Airteagal 8(5) agus (7) CPPA. Ní mór a shonrú san fhógra sin an cuspóir, sprioc, raon feidhme, áit feidhmithe agus modh faireachais, mar aon leis na forais nach ndearnadh iarraidh a chomhdú sula ndearnadh an beart (Airteagal 8(6) CPPA).

(209)  Airteagal 7(1)2 CPPA

(210)  Tagraítear leis sin do ghníomhaíochtaí atá ina mbagairt ar an náisiún a bheith ann agus ar a shábháilteacht, ar an ord daonlathach nó ar mharthanas agus ar shaoirse mhuintir na tíre.

(211)  Thairis sin, más duine ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7(1)2 CPPA é páirtí amháin agus murab eol nó mura féidir a shonrú cé hé an duine eile, beidh feidhm ag an nós imeachta a fhorordaítear le hAirteagal 7(1)2.

(212)  Airteagal 8(1) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Is é an tUachtarán a cheapann Stiúrthóir NIS tar éis dheimhniú an Stiúrthóra ag an bParlaimint (Airteagal 7 d'Acht NIS).

(213)  Airteagal 8(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(214)  Airteagal 8(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA, i gcomhar le hAirteagal 6(4) CPPA.

(215)  Airteagail 8(3) agus 4 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(216)  Is é sin, i gcásanna ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn ar an tslándáil náisiúnta, ní bheidh am leordhóthanach ann chun formheas a fháil ón Uachtarán agus d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh don tslándáil náisiúnta mura nglacfaí bearta éigeandála (Airteagal 8(8) CPPA).

(217)  Airteagal 8(9) CPPA.

(218)  Airteagal 9(2) CPPA agus Airteagal 12 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(219)  Airteagal 9(4) CPPA.

(220)  Airteagal 13 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(221)  Airteagal 9(3) CPPA agus Airteagal 17(2) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA. Níl feidhm ag an tréimhse ama sin maidir le sonraí deimhnithe cumarsáide (féach Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA).

(222)  Airteagal 13(7) CPPA agus Airteagal 39 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(223)  Airteagal 18(3) d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(224)  Airteagal 13(5) agus 13-4(3) CPPA.

(225)  Airteagal 7(2) CPPA.

(226)  Airteagal 7(2) CPPA agus Airteagal 5 d'Fhoraithne um Fhorfheidhmiú CPPA.

(227)  Airteagal 9-2(3) CPPA. I gcomhréir le hAirteagal 13-4 CPPA, tá feidhm aige sin maidir le bailiú inneachar na cumarsáide agus sonraí deimhnithe cumarsáide araon.

(228)  Airteagal 9-2(4) CPPA.

(229)  Airteagal 13-4(2) agus 9-2(6) CPPA.

(230)  Airteagal 5(1)-(2), Airteagal 12 agus Airteagal 13-5 CPPA.

(231)  Is é sin, i gcás ina ndíreofar leis an mbeart ar ghníomhaíocht chomhcheilge a bhagraíonn an tslándáil náisiúnta agus inarb ann d’éigeandáil lena bhfágfar gur dodhéanta na gnáthnósanna imeachta a leanúint maidir le formheas (Airteagal 8(1) CPPA).

(232)  Airteagal 9 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(233)  Sainmhínítear ‘grúpa sceimhlitheoireachta’ mar ghrúpa sceimhlitheoirí arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe (Airteagal 2(2) den Acht Frithsceimhlitheoireachta).

(234)  Sainmhínítear ‘sceimhlitheoireacht’ in Airteagal 2(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta mar iompar a dhéantar chun bac a chur ar fheidhmiú údarás an Stáit, rialtais áitiúil nó rialtais eachtraigh (lena n-áirítear rialtais áitiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta), nó chun a chur faoi deara go ndéanfadh sé aon ghnó nach bhfuil éigeantach dóibh, nó a bhagraíonn an pobal. Áirítear leis sin (a) duine a mharú nó saol duine a chur i mbaol trí bheith ina chúis le gortú coirp nó trí dhuine a ghabháil, a choinneáil, a fhuadach, nó a ghabháil mar ghialla; (b) cineálacha áirithe iompair lena ndírítear ar aerárthach (e.g. aerárthach a thuairteáil, a fhuadach nó a dhamáistiú i mbun eitilte dó); (c) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le long (e.g. long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a urghabháil, long nó struchtúr muirí atá ag feidhmiú a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh a mhéid lena gcuirtear a sábháilteacht i mbaol, lena n-áirítear damáiste a dhéanamh don lastas atá ar long nó do struchtúr muirí atá ag feidhmiú); (d) arm nó gaireas bithcheimiceach, pléasctha, nó loiscneach a chur, a mhadhmadh, nó a úsáid ar aon bhealach eile agus é de rún a bheith ina chúis báis, gortaithe tromchúisigh, nó damáiste ábhartha tromchúisigh nó éifeacht den sórt sin a bheith ar chineálacha áirithe feithiclí nó saoráidí (e.g. traenacha, tramanna, mótarfheithiclí, páirceanna poiblí agus stáisiúin, saoráidí chun leictreachas, gás agus teileachumarsáid a sholáthar etc.); (e) cineálacha áirithe iompair a bhaineann le hábhair núicléacha, ábhair radaighníomhacha, nó saoráidí núicléacha (e.g. díobháil a dhéanamh do bheatha, corp nó maoin daoine, nó cur isteach ar an tsábháilteacht phoiblí ar bhealach eile ar trí imoibreoir núicléach a scriosadh nó ábhair radaighníomhacha a ionramháil go héagórach, etc.).

(235)  Airteagal 2(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(236)  Airteagal 3(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(237)  Airteagal 9(1) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(238)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 2 PIPA, i.e. institiúid phoiblí, duine dlítheanach, eagraíocht, duine aonair, etc., a phróiseálann faisnéis phearsanta go díreach nó go hindíreach chun comhaid faisnéise pearsanta a oibriú chun críoch oifigiúil nó gnó.

(239)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 den Acht um Chosaint, Úsáid, etc d’Fhaisnéis Suímh (‘an tAcht um Fhaisnéis Suímh’ anseo feasta), i.e. aon duine a fuair cead ó Choimisiún Cumarsáide na Cóiré chun dul i mbun gnó faisnéise suímh.

(240)  Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(241)  Airteagal 11(1) d'Acht NIS.

(242)  Airteagal 19 d'Acht NIS.

(243)  Airteagal 18(2) PIPA

(244)  Fógra Uimh. 2021-1 ó PIPC i dtaca le Rialacha forlíontacha maidir le léiriú agus le cur i bhfeidhm an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta, Roinn III, 2, (iii).

(245)  Airteagal 83(3) TBA.

(246)  Féach freisin Airteagal 3(2) agus (3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(247)  Go háirithe, ní mór don iarraidh a bheith i scríbhinn agus na cúiseanna leis an iarraidh a lua, mar aon leis an nasc leis an úsáideoir ábhartha agus raon feidhme na faisnéise ar iarrtar, agus ní mór don soláthraí gnó teileachumarsáide taifid a choimeád agus tuairisciú don Aire Eolaíochta agus TFC faoi dhó sa bhliain.

(248)  Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(249)  Airteagal 5(3) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(250)  Airteagal 3(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(251)  Airteagal 9(4) den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(252)  Airteagal 7 den Acht Frithsceimhlitheoireachta.

(253)  Airteagal 7(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(254)  Airteagal 7(3) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(255)  Airteagal 8(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(256)  Airteagal 9(1) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta. Déanann HPRO cinneadh go neamhspleách maidir le moltaí a ghlacadh, ach ceanglaítear air na moltaí sin a thuairisciú do Chathaoirleach an Choimisiúin Frithsceimhlitheoireachta.

(257)  Airteagal 9(2) d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(258)  Airteagal 36 agus Airteagal 37(1)16 den Acht um an Tionól Náisiúnta.

(259)  Airteagal 18 d'Acht NIS.

(260)  Airteagal 15(2) den Acht NIS.

(261)  Airteagal 17(2) den Acht NIS. Sainítear ‘rúin stáit’ mar ‘na fíorais, na hearraí nó an t-eolas atá rúnaicmithe mar rúin stáit, nach gceadaítear rochtain orthu ach do raon teoranta daoine agus nach nochtfar d’aon tír ná eagraíocht eile, d’fhonn aon mhíbhuntáiste tromchúiseach don tsábháilteacht náisiúnta a sheachaint’, féach Airteagal 13(4) d’Acht NIS.

(262)  Airteagal 16(2) den Acht um Chigireacht agus Imscrúdú ar an Riarachán Stáit.

(263)  Airteagal 15 CPPA.

(264)  Mar is amhlaidh i leith Choiste Faisnéise an Tionóil Náisiúnta, ní fhéadfaidh Stiúrthóir NIS diúltú BAI a fhreagairt ach amháin maidir le cúrsaí ar rúin stáit iad agus a mbeadh tionchar tromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta acu dá mbeadh an pobal ar an eolas fúthu (Airteagal 13(1) d’Acht NIS.

(265)  Airteagal 63 PIPA.

(266)  Airteagail 61(2), 65(1), 65(2) agus 64(4) PIPA.

(267)  Airteagal 8(1) lit 2 d’Fhoraithne um Fhorfheidhmiú an Achta Frithsceimhlitheoireachta.

(268)  Airteagal 3(5) agus Airteagal 4(1), (3) agus (4) PIPA.

(269)  Airteagail 62 agus 63(2) PIPA.

(270)  Cinneadh Uimh. 96DA42789 ón gCúirt Uachtarach, an 24 Iúil 1998.

(271)  Airteagail 3 agus 4 den Acht um Dhlíthíocht Riaracháin.


Top