Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0172

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 608) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/608

    IO L 28, 9.2.2022, p. 21–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/172/oj

    9.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 28/21


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/172 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Feabhra 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 608)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De ghnáth, táirgí mórmhargaidh nó táirgí iniompartha nó iad araon atá i ngairis ghearr-raoin ar féidir iad a thabhairt agus a úsáid thar theorainneacha. Le difríochtaí i gcoinníollacha rochtana speictrim, féadfar cosc a chur ar a saorghluaiseacht, a gcostais táirgthe a mhéadú agus rioscaí a chruthú maidir le trasnaíocht dhíobhálach le feidhmchláir raidió dhifriúla agus le seirbhísí raidió eile de bharr úsáid neamhúdaraithe. Le Cinneadh 2006/771/CE ón gCoimisiún (2), comhchuibhíodh na coinníollacha teicniúla maidir le speictream a úsáid le haghaidh réimse leathan gaireas gearr-raoin atá, dá thoradh sin, faoi réir córas rialála an-éadrom agus nach bhfuil faoi réir ag níos mó ná údarú ginearálta faoin dlí náisiúnta.

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún (3), comhchuibhíodh na coinníollacha teicniúla maidir le bandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz a úsáid ag réitigh ardteicneolaíocha sainaitheanta radaimhinicíochta (“RFID”) mar aon le feidhmeanna “Idirlíon na Rudaí Nithiúla” atá bunaithe ar ghairis líonraithe ghearr-raoin i líonraí sonraí a úsáid. Sna bandaí minicíochta sin, tá an timpeallacht um chomhroinnt difriúil i gcomparáid leis an gceann is infheidhme faoi Chinneadh 2006/771/CE agus, dá bhrí sin, tá gá le córas rialála sonrach.

    (3)

    Cé nach bhfuil bandaí minicíochta 873-874,4 MHz agus 918-919,4 MHz comhchuibhithe le haghaidh an chórais dhomhanda do chumarsáid mhóibíleach le haghaidh iarnród (“GSM-R”) a úsáid le dlí an Aontais nó le Cinneadh ón gCoiste Cumarsáide Eorpach (“ECC”), féadfar na bandaí minicíochta sin a úsáid chun na críche sin ar bhonn náisiúnta faoi réir cinneadh náisiúnta i gcomhréir le Rialacháin Raidió an Aontais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, i gcás nár leor coinníollacha teicniúla comhchuibhithe chun úsáid na mbandaí sin a chosaint i gcomhair GSM le haghaidh iarnród a leathnú go náisiúnta (“E-GSM-R”), is féidir leis na Ballstáit lena mbaineann úsáid gaireas gearr-raoin a chur faoi réir ceanglais bhreise gan tionchar a imirt ar na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream le haghaidh gairis ghearr-raoin laistigh de na bandaí. Le srianta den sórt sin, i gcás ina bhfuil gá leo i mBallstát ar leith, ba cheart a áirithiú go mbeidh comhordú ann idir úsáideoirí speictrim chun an chomhroinnt gheografach a chumasú idir E-GSM-R ar láimh amháin agus gairis RFID agus gairis líonraithe ghearr-raoin ar an láimh eile.

    (4)

    Maidir le húsáid chomhchuibhithe bhandaí minicíochta péireáilte 874,4-880,0 MHz agus 919,4-925,0 MHz le haghaidh raidió móibíleach iarnróid, ar bandaí minicíochta iad atá cóngarach d’fhobhandaí 874-874,4 MHz agus 917,4-919,4 MHz a chomhchuibhítear le haghaidh gairis ghearr-raoin leis an gCinneadh seo, tá an úsáid sin faoi réir Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1730 ón gCoimisiún (4). An chómhaireachtáil idir gairis ghearr-raoin i mbandaí minicíochta 874-874,4 MHz agus 917,4-919,4 MHz agus raidió móibíleach iarnróid i mbandaí minicíochta cóngaracha 874,4-880,0 MHz agus 919,4-925,0 MHz, rinneadh measúnú uirthi i dTuarascáil 74 Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (“CEPT”).

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, coinníonn na Ballstáit an ceart chun a speictream raidió a eagrú agus a úsáid chun críoch oird phoiblí agus slándála poiblí agus le haghaidh cosanta, agus tá sé de shaoirse acu, sa chomhthéacs sin, úsáid bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz agus úsáid bandaí cóngaracha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chosaint chun críoch míleata agus chun críoch slándála poiblí agus oird phoiblí eile agus, san am céanna, an aidhm á saothrú maidir leis na croíbhandaí comhchuibhithe íosta a chur ar fáil le haghaidh gairis líonraithe ghearr-raoin i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a shainítear sa Chinneadh seo agus i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais go háirithe.

    (6)

    Chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh i réimse na ngaireas gearr-raoin a chur san áireamh, eisíodh sainordú buan i mí Iúil 2006 do CEPT de bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, chun an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/771/CE a thabhairt cothrom le dáta. Maidir leis an obair a rinneadh ar bhonn an tsainordaithe bhuain (an seachtú timthriall nuashonraithe), ba í sin an bunús freisin maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 lenar cuireadh ar fáil speictream breise le haghaidh gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz.

    (7)

    An 16 Iúil 2019, d’eisigh an Coimisiún a threoirlitir maidir le hochtú timthriall nuashonraithe Chinneadh 2006/771/CE. Mar fhreagairt ar an sainordú buan agus i gcomhréir leis an treoraíocht sin, chuir CEPT a Thuarascáil 77 faoi bhráid an Choimisiúin an 5 Márta 2021 ina bhfuil roinnt tograí chun Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 a leasú. Áirítear leo sin leasú a dhéanamh ar shainmhínithe i ndáil le gairis ghearr-raoin, chun débhríocht a sheachaint agus comhsheasmhacht le Cinneadh 2006/771/CE a áirithiú. Moltar leo freisin athmheasúnú a dhéanamh ar roinnt paraiméadair theicniúla maidir le catagóirí gaireas gearr-raoin a chumhdaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538. Is é Tuarascáil 77 CEPT an bunús teicniúil don Chinneadh seo.

    (8)

    Na gairis ghearr-raoin a oibríonn laistigh de na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, ba cheart dóibh Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chomhlíonadh freisin.

    (9)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 a leasú.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an Speictream Raidió,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (1)

    Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    “Airteagal 2

    Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘gaireas gearr-raoin’ gaireas raidió lena soláthraítear cumarsáid aontreoch nó cumarsáid dhéthreoch agus lena bhfaightear agus/nó lena dtarchuirtear thar achar gearr ar ísealchumhacht;

    (2)

    ciallaíonn ‘bunús neamhthrasnaíochta agus neamhchosanta’ nach bhféadfar trasnaíocht dhíobhálach a dhéanamh ar aon seirbhís cumarsáide raidió agus nach bhféadfar aon éileamh a dhéanamh i leith chosaint na ngaireas sin ar thrasnaíocht a chruthaítear de bharr seirbhísí cumarsáide raidió;

    (3)

    ciallaíonn ‘catagóir gaireas gearr-raoin’ grúpa gaireas gearr-raoin nó grúpa gaireas líonraithe gearr-raoin a úsáideann speictream le sásraí teicniúla rochtana speictrim nó a bhunaítear ar chásanna úsáide coiteanna;”;

    (2)

    cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

    Airteagal 2

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Feabhra 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thierry BRETON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 1.

    (2)  IO L 312, 11.11.2006, lch. 66.

    (3)  IO L 257, 15.10.2018, lch. 57.

    (4)  IO L 346, 30.9.2021, lch. 1.

    (5)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).


    IARSCRÍBHINN

    Bandaí minicíochta ag a bhfuil coinníollacha teicniúla comhchuibhithe comhfhreagracha agus spriocdhátaí cur chun feidhme comhfhreagracha le haghaidh gaireas gearr-raoin

    Sonraítear sa tábla seo a leanas cónaisc dhifriúla bandaí minicíochta agus catagóirí gaireas gearr-raoin (mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6)), agus na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream agus na spriocdhátaí cur chun feidhme is infheidhme a ghabhann leo.

    Coinníollacha teicniúla ginearálta is infheidhme maidir le gach banda agus gach gaireas gearr-raoin a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo:

    Ní mór do na Ballstáit úsáid speictrim a cheadú suas leis an gcumhacht tarchuir, an neart réimse nó an dlús cumhachta a thugtar sa tábla seo. I gcomhréir le hAirteagal 3(3), féadfaidh siad coinníollacha is lú srian a fhorchur, i.e. úsáid speictrim le cumhacht tarchuir, neart réimse nó dlús cumhachta níos airde a cheadú, ar choinníoll nach laghdófar nó nach gcuirfear an chómhaireachtáil iomchuí idir gairis ghearr-raoin i mbandaí a chomhchuibhítear leis an gCinneadh seo i mbaol dá bharr sin;

    Ní fhéadfaidh na Ballstáit paraiméadair bhreise a fhorchur ach amháin na “paraiméadair bhreise (cainéalú agus/nó rochtain ar chainéil agus rialacha áitíochta)” a shainaithnítear sa tábla, agus ní chuirfidh siad paraiméadair eile nó rochtain ar speictream agus ceanglais mhaolúcháin leo. Le coinníollacha is lú srian de réir bhrí Airteagal 3(3), fágann sé go bhféadfaidh na Ballstáit “paraiméadair bhreise (cainéalú agus/nó rochtain ar chainéil agus rialacha áitíochta)” a fhágáil ar lár ina n-iomláine i gcill ar leith nó go bhféadfaidh siad luachanna níos airde a cheadú, ar choinníoll nach gcuirfear an timpeallacht iomchuí um chomhroinnt sa bhanda comhchuibhithe i mbaol.

    Ní fhéadfaidh na Ballstáit srianta úsáide a fhorchur ach amháin na “srianta úsáide eile” a shainaithnítear sa tábla agus ní chuirfidh siad srianta úsáide breise leo ach amháin má tá feidhm ag na coinníollacha a luaitear in Airteagal 3(2). Ós rud é go bhféadfar coinníollacha is lú srian a thabhairt isteach de réir bhrí Airteagal 3(3), féadfaidh na Ballstáit ceann amháin de na coinníollacha sin nó iad ar fad a fhágáil ar lár, ar choinníoll nach gcuirfear an timpeallacht iomchuí um chomhroinnt sa bhanda comhchuibhithe i mbaol.

    Téarmaí a úsáidtear:

    Sainmhínítear “timthriall úsáide” mar an cóimheas Σ(Ton)/(Tobs), arna shloinneadh mar chéatadán, i gcás inarb é Ton an méid ama a bhíonn gaireas tarchuradóra aonair “ar siúl” agus inarb é Tobs an tréimhse bhreathnóireachta. Tomhaistear Ton i mbanda minicíochta breathnóireachta (Fobs). Mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn theicniúil seo, is tréimhse leanúnach 1 uair an chloig é Tobs agus is é Fobs an banda minicíochta is infheidhme san Iarscríbhinn seo. Le coinníollacha is lú srian de réir bhrí Airteagal 3(3), fágann sé go bhféadfaidh na Ballstáit luach níos airde a cheadú maidir le “timthriall úsáide”.

    Uimhir an bhanda

    Banda minicíochta

    Catagóir gaireas gearr-raoin

    Teorainn cumhachta tarchuir/teorainn nirt réimse/teorainn dlúis cumhachta

    Paraiméadair bhreise (cainéalú agus/nó rochtain ar chainéil agus rialacha áitíochta)

    Srianta úsáide eile

    Spriocdháta cur chun feidhme

    1

    874-874,4 MHz  ([8])

    Gairis ghearr-raoin neamhshonracha  ([1])

    500 mW e.r.p.

    Tá gá le Rialú Cumhachta Oiriúnaitheach (APC), de rogha air sin teicnící maolúcháin eile lena mbaintear amach leibhéal coibhéiseach comhoiriúnachta speictrim ar a laghad

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. Má thugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi Threoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis na teicnící sin.

    Bandaleithead: ≤ 200 kHz

    Timthriall úsáide: ≤ 10 % le haghaidh pointí rochtana líonra  ([4])

    Timthriall úsáide: 2,5 % murach sin

    Is le haghaidh líonraí sonraí amháin atá an tacar coinníollacha úsáide seo ar fáil

    Rialófar gach gaireas fánaíochta agus móibíleach laistigh den líonra sonraí le máistir-phointe rochtana líonra  ([4]),  ([5]),  ([6]),  ([7])

    An 1 Iúil 2022

    2

    917,4-919,4 MHz  ([9])

    Gairis tarchuir sonraí leathanbhanda  ([3])

    25 mW e.r.p

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. Má thugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi Threoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis na teicnící sin.

    Bandaleithead: > 600 kHz agus ≤ 1 MHz

    Timthriall úsáide: ≤ 10 % le haghaidh pointí rochtana líonra  ([4])

    Timthriall úsáide: ≤ 2,8 % murach sin

    Is le haghaidh gairis ghearr-raoin leathanbhanda i líonraí sonraí amháin atá an tacar coinníollacha úsáide seo

    Rialófar gach gaireas fánaíochta agus móibíleach laistigh den líonra sonraí le máistir-phointe rochtana líonra  ([4]),  ([5]),  ([6])

    An 1 Iúil 2022

    3

    916,1-918,9 MHz  ([10])

    Gairis sainaitheanta radaimhinicíochta (RFID)  ([2])

    Tarchuir cheistiúcháin ag 4 W e.r.p. a cheadaítear ag lármhinicíochtaí 916,3 MHz, 917,5 MHz, 918,7 MHz amháin

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. Má thugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi Threoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis na teicnící sin.

    Bandaleithead: ≤ 400 kHz

     ([5]),  ([6]),  ([7])

    An 1 Iúil 2022

    4

    917,3-918,9 MHz

    Gairis ghearr-raoin neamhshonracha  ([1])

    500 mW e.r.p.

    Tarchuir a cheadaítear laistigh de raonta minicíochta 917,3-917,7 MHz, 918,5-918,9 MHz

    Tá gá le Rialú Cumhachta Oiriúnaitheach (APC), de rogha air sin teicnící maolúcháin eile lena mbaintear amach leibhéal coibhéiseach comhoiriúnachta speictrim ar a laghad

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. Má thugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi Threoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis na teicnící sin.

    Bandaleithead: ≤ 200 kHz

    Timthriall úsáide: ≤ 10 % le haghaidh pointí rochtana líonra  ([4])

    Timthriall úsáide: ≤ 2,5 % murach sin

    Is le haghaidh líonraí sonraí amháin atá an tacar coinníollacha úsáide seo ar fáil

    Rialófar gach gaireas fánaíochta agus móibíleach laistigh den líonra sonraí le máistir-phointe rochtana líonra

     ([4]),  ([5]),  ([6]),  ([7])

    An 1 Iúil 2022

    5

    917,4-919,4 MHz  ([9])

    Gairis ghearr-raoin neamhshonracha  ([1])

    25 mW e.r.p.

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. Má thugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi Threoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis na teicnící sin.

    Bandaleithead: ≤ 600 kHz

    Timthriall úsáide: ≤ 1 %,

    Is le haghaidh gairis ghearr-raoin i líonraí sonraí amháin atá an tacar coinníollacha úsáide seo ar fáil

    Rialófar gach gaireas fánaíochta agus móibíleach laistigh den líonra sonraí le máistir-phointe rochtana líonra  ([4]),  ([5]),  ([6])

    An 1 Iúil 2022


    ([1])  Le catagóir na ngaireas gearr-raoin neamhshonrach, cumhdaítear gach cineál gaireas raidió atá i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla mar a shonraítear le haghaidh banda minicíochta ar leith, gan beann ar chur i bhfeidhm nó úsáid an ghairis. I measc na ngnáth-úsáidí tá teiliméadracht, teileachumarsáid, aláraim, tarchuir sonraí i gcoitinne agus feidhmchláir eile.

    ([2])  Le catagóir na ngaireas sainaitheanta radaimhinicíochta (RFID), cumhdaítear córais cumarsáide raidió atá bunaithe ar chlibeanna nó ar cheistitheoirí, ina bhfuil gairis raidió (clibeanna) ceangailte le hítimí beo nó neamhbheo agus aonaid tarchuradóra/ghlacadóra (ceistitheoirí) lena ngníomhachtaítear na clibeanna agus lena nglactar sonraí ar ais. I measc na ngnáth-úsáidí tá rianú agus sainaithint ítimí, amhail le haghaidh faireachas leictreonach earraí (EAS), mar aon le bailiú agus tarchur sonraí a bhaineann leis na hítimí lena bhfuil clibeanna ceangailte, clibeanna a d’fhéadfadh a bheith gan cheallra, ceallra-chuidithe nó faoi chumhacht ceallra. Bailíochtaítear na freagraí ó chlib lena ceistitheoir agus cuirtear ar aghaidh chuig a córas óstach iad.

    ([3])  Le catagóir na ngaireas tarchuir sonraí leathanbhanda, cumhdaítear gairis raidió a úsáideann teicnící modhnúcháin leathanbhanda chun rochtain a fháil ar an speictream. I measc na ngnáth-úsáidí tá córais rochtana gan sreang amhail líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) nó gairis ghearr-raoin leathanbhanda i líonraí sonraí.

    ([4])  Is gaireas gearr-raoin trastíre seasta é pointe rochtana líonra i líonra sonraí a fheidhmíonn mar phointe nasctha le haghaidh na ngaireas gearr-raoin eile sa líonra sonraí chun seirbhís a chur ar fáil d’ardáin atá lonnaithe lasmuigh den líonra sonraí sin. Tagraíonn an téarma “líonra sonraí” do roinnt gaireas gearr-raoin, lena n-áirítear an pointe rochtana líonra, mar chomhpháirteanna líonra agus do na naisc gan sreang atá eatarthu.

    ([5])  De réir Airteagal 3(1), is ar bhonn neamheisiach agus comhroinnte a ainmneofar na bandaí minicíochta agus a chuirfear ar fáil iad. Leis na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe, beifear in ann an chuid is mó de ghairis ghearr-raoin i bhformhór na mBallstát a oibriú faoi réir córas údaraithe ginearálta faoin dlí náisiúnta. Tá an méid sin gan dochar d’Airteagal 46 agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2018/1972 agus d’Airteagal 3(2) agus Airteagal 7 de Threoir 2014/53/AE. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le húsáid na hiontrála seo ionas nach ndéanfaidh ach úsáideoirí gairmiúla an tsuiteáil agus an t-oibriú agus féadfaidh siad údarú aonair a mheas, e.g. chun comhroinnt gheografach agus/nó cur i bhfeidhm teicnící maolúcháin a riar chun cosaint seirbhísí raidió a áirithiú.

    ([6])  Sna Ballstáit ina n-úsáidtear codanna den raon minicíochta seo nó an raon minicíochta ina iomláine chun críoch oird phoiblí agus slándála poiblí agus le haghaidh cosanta agus nach féidir comhordú a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an iontráil seo a chur chun feidhme go páirteach nó ina hiomláine, i gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Chinneadh 676/2002/CE agus Airteagal 3(2) den Chinneadh seo.

    ([7])  Rialacha náisiúnta, amhail comhordú logánta, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá leo chun trasnaíocht ar sheirbhísí raidió a oibríonn sna bandaí cóngaracha a sheachaint, mar shampla de bharr idirmhodhnúcháin nó blocála.

    ([8])  Is é banda minicíochta 874-874,4 MHz an croíbhanda comhchuibhithe íosta.

    ([9])  Is é banda minicíochta 917,4-919,4 MHz an croíbhanda comhchuibhithe íosta.

    ([10])  Tugtar freagra ó chlibeanna RFID ar leibhéal cumhachta an-íseal (- 10 dBm e.r.p.) i mbanda minicíochta thart ar chainéil an cheistitheora RFID agus ní mór iad a bheith i gcomhréir le ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE.


    Top