Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0102

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/102 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2022 lena leagtar síos foirmeacha chun údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm

    C/2022/366

    IO L 17, 26.1.2022, p. 59–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/102/oj

    26.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 17/59


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/102 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Eanáir 2022

    lena leagtar síos foirmeacha chun údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 38(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2018/1240 bunaíodh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) le haghaidh náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha. Leagadh síos ann na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú.

    (2)

    I gcás go ndéantar iarratas ar údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm tar éis é a phróiseáil de láimh in Aonad Náisiúnta ETIAS, ba cheart fógra a thabhairt don iarratasóir láithreach faoin gcinneadh sin. Chun na críche sin, ba cheart d’Aonaid Náisiúnta ETIAS foirmeacha a úsáid ina bhfuil an t-íosmhéid faisnéise a leagtar amach in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/1240. Chomh maith leis sin, ba cheart a chumhdach sna foirmeacha cásanna ina gcinneann na hiarratasóirí iad féin an t-údarú a chúlghairm (dír-chúlghairm).

    (3)

    Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg.

    (4)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (5)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

    (6)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

    (7)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

    (8)

    A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

    (9)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 15 Aibreán 2021 agus thug sé a thuairim uaidh an 25 Bealtaine 2021.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Foirmeacha a ghiniúint tar éis cinneadh i leith údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm

    1.   Foirmeacha chun fógra a thabhairt faoi chinntí i leith údarú taistil nó údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige (‘údarú taistil’ ina dhiaidh seo) a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm, ginfear iad go huathoibríoch trí bhíthin na mbogearraí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(m) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Beidh na foirmeacha bunaithe ar na teimpléid in Iarscríbhinn I, II nó III.

    2.   Leis na bogearraí, beidh an deis ann na foirmeacha seo a leanas a ghiniúint:

    foirm lena bhféadfar ceann de theangacha oifigiúla na mBallstát a roghnú; agus

    foirm lena bhféadfar Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a roghnú, nó, i gcás a mbaineann leis an iarratasóir i gceist, de rogha an Bhallstáit, lena bhféadfar ceann de theangacha oifigiúla eile an Aontais a roghnú nach ionann agus an teanga a úsáideadh san fhoirm dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

    3.   Aistreoidh na Ballstáit na réimsí dar teideal “Ráiteas ar na fíorais ábhartha agus réasúnaíocht bhreise is cúis leis an gcinneadh” sna foirmeacha in Iarscríbhinn I, II, III agus íocfar na costais as buiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    4.   De thairbhe na mbogearraí beidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach in ann foirm a roghnú de réir an chineáil cinnidh a ghlactar (diúltú, neamhniú nó cúlghairm).

    5.   Ansin cuirfidh na bogearraí liosta úr i láthair agus beidh gá ceann amháin ar a laghad de na forais is infheidhme maidir leis an gcinneadh a roghnú, mar a leagtar amach sna forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2018/1240:

    (a)

    maidir le diúltú, Airteagal 37(1) agus (2);

    (b)

    maidir le neamhniú, Airteagal 37(1) agus (2), dá dtagraítear in Airteagal 40(1);

    (c)

    maidir le cúlghairm, Airteagal 37(1), dá dtagraítear in Airteagal 41(1).

    Beidh an réimse in Iarscríbhinn I, II, III dar teideal ‘Ráiteas ar na fíorais ábhartha agus réasúnaíocht bhreise is cúis leis an gcinneadh’ éigeantach. Go dtí go mbeidh an roinn sin comhlánaithe sna teangacha a roghnaíodh, cuirfidh Córas Faisnéise ETIAS cosc ar ghiniúint na bhfoirmeacha.

    6.   I gcás ina mbaineann an cinneadh le húdarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a dhiúltú, a neamhniú nó a aisghairm, cuirfidh na bogearraí i láthair, sa bhreis ar an liosta i mír 5, an liosta seo a leanas d’fhorais le roghnú:

    (a)

    forais dhaonnúla nár comhlíonadh/nach gcomhlíontar a thuilleadh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal chuige;

    (b)

    cúiseanna leasa náisiúnta nár comhlíonadh/nach gcomhlíontar a thuilleadh; nó

    (c)

    oibleagáidí idirnáisiúnta nár comhlíonadh/nach gcomhlíontar a thuilleadh.

    7.   I gcás ina mbaineann an cinneadh i leith údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm le duine a dhearbhaigh go dtagann sé faoi raon feidhme Airteagal 2(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2018/1240, ní áireofar sa liosta roghanna dá dtagraítear i mír 5 forais nach bhfuil infheidhme de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus de bhun Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

    8.   Nuair a bheidh na roghanna dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 comhlánaithe ag Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach, ginfidh na bogearraí na dréachtfhoirmeacha ábhartha go huathoibríoch. Beidh an uimhir iarratais chomhfhreagrach sna foirmeacha, agus réamhlíonfar na foirmeacha leis na sonraí dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2018/1240:

    (a)

    a mhéid a bhaineann le diúltú, pointí (a) go (e) in Airteagal 38(2);

    (b)

    a mhéid a bhaineann le neamhniú nó cúlghairm, pointí (a) go (f) in Airteagal 42.

    9.   Sula dtarchuirtear an fhoirm chuig an iarratasóir, de thairbhe na mbogearraí beidh Aonaid Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach in ann na roghanna a rinneadh agus an fhaisnéis sna foirmeacha a dheimhniú.

    10.   Tar éis an deimhnithe de bhun mhír 9, ginfidh na bogearraí na foirmeacha i bhformáid PDF.

    11.   Cuirfear na foirmeacha a ghintear leis an gcomhad iarratais agus tarchuirfear chuig an iarratasóir iad tríd an tseirbhís ríomhphoist dá dtagraítear i bpointe (f) in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Airteagal 2

    Rochtain agus fíordheimhniú chun críche dír-chúlghairme

    1.   Tabharfar an rogha d’iarratasóirí údarú taistil a chúlghairm tríd an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1240.

    2.   Má roghnaíonn an t-iarratasóir an t-údarú taistil a chúlghairm, cuirfear iarraidh roimhe ar fhíordheimhniú a dhéanamh trí úsáid a bhaint as fíorú dhá fhachtóir.

    3.   I dtús cuirfidh an t-iarratasóir isteach na sonraí seo a leanas:

    (a)

    uimhir an iarratais;

    (b)

    uimhir an doiciméid taistil;

    (c)

    an seoladh ríomhphoist a úsáideadh san iarratas ar údarú taistil.

    Iarrfar ar an iarratasóir a dheimhniú go bhfuil rochtain aige ar an seoladh ríomhphoist dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), trí tic a chur i mbosca. Mura bhfuil rochtain aige ar an seoladh sin a thuilleadh, iarrfar air seoladh ríomhphoist nua a chur isteach le go bhfaighidh sé cód uathúil agus deimhniú cúlghairme.

    4.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí a chuirtear isteach de bhun mhír 3 d’údarú taistil bailí, is é a bheidh i gceist leis an gcéad fhíordheimhniú go gcuirfidh an t-iarratasóir isteach na sonraí seo a leanas:

    (a)

    an tír inar eisíodh an doiciméad taistil (le roghnú ó liosta);

    (b)

    dáta eisiúna an doiciméid taistil agus an dáta a rachaidh sé in éag;

    (c)

    céadainmneacha na beirte tuismitheoirí de réir mar a cuireadh isteach san iarratas ar údarú taistil.

    5.   Is é a bheidh i gceist leis an dara fíordheimhniú cód uathúil a bheidh le cur isteach sa leathanach gréasáin cúlghairme nó san aip.

    Ginfear an cód uathúil go huathoibríoch agus seolfar chuig an iarratasóir é tríd an tseirbhís ríomhphoist dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (f) de Rialachán (AE) 2018/1240, nuair a chuirfear isteach na sonraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4. Is éard a bheidh i seoladh ríomhphoist an fhaighteora an seoladh ríomhphoist a bhfuil rochtain ag an iarratasóir air, mar a dheimhnítear de bhun mhír 3.

    6.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí a chuirtear isteach de bhun mhír 3, cé is moite den seoladh ríomhphoist dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin, do na sonraí san fhoirm iarratais, seolfar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist ar an bhfoirm iarratais ina bhfógraítear iarracht an t-údarú taistil a chúlghairm tríd an suíomh ghréasáin nó tríd an aip.

    Leis an ríomhphost sin beidh an t-iarratasóir in ann a chur in iúl, faoi spriocdháta ar leith, nach é a bhí faoi deara na hiarrata ar chúlghairm. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas faoin gcaoi ar féidir teagmháil a dhéanamh le Láraonad ETIAS más gá. Coinneoidh Láraonad ETIAS taifid de gach ghníomhaíocht leantach.

    7.   An cód uathúil dá dtagraítear i mír 5, nuair a chuirfidh an t-iarratasóir an cód sin isteach ar an leathanach gréasáin cúlghairme nó ar an aip chun an fíordheimhniú a dheimhniú, taispeánfaidh an suíomh gréasáin nó an aip faisnéis maidir leis an tréimhse choinneála 5 bliana i dtaobh comhaid iarratais a bhaineann le húdaruithe taistil cúlghairthe, rud dá dtagraítear in Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240.

    8.   Beidh ar an iarratasóir a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 léite aige agus go n-aontaíonn sé leis, agus beidh air cúlghairm an údaraithe taistil a dheimhniú chun an iarraidh ar chúlghairm a thabhairt chun críche.

    9.   Rachaidh na cóid uathúla a ghintear de bhun mhír 5 in éag tar éis tréimhse ama réasúnta gearr. Nuair a sheolfar cód nua, déanfar neamhbhailiú ar na cóid a tháinig roimhe dá bharr sin. Ní bheidh na cóid inúsáidte ach aon uair amháin.

    10.   Nuair a chlárófar iarraidh ar chúlghairm le seoladh ríomhphoist nach bhfuil mar an gcéanna leis an gceann a úsáideadh san fhoirm iarratais, ní sheolfar an iarraidh chríochnaithe chuig an Aonad Náisiúnta ETIAS le haghaidh próiseála roimh an spriocdháta dá dtagraítear sa dara fhomhír i mír 6. I ngach cás eile, seolfar chuig an Aonad Náisiúnta í gan moill mhíchuí.

    Airteagal 3

    Deimhniú dír-chúlghairme ag Aonad Náisiúnta ETIAS

    1.   Tar éis an iarraidh ar chúlghairm a bheith deimhnithe ag an iarratasóir de bhun Airteagal 2(8) agus, i gcás inarb iomchuí, an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 2(6) a bheith thart, seolfaidh Lárchóras ETIAS fógra faoin iarraidh chuig ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach as an údarú taistil a eisiúint; nó

    (b)

    i gcás gurb é Lárchóras ETIAS a d’eisigh an t-údarú, Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit ina bhfuil an chéad tréimhse fanachta beartaithe.

    2.   Beidh na nithe seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    léiriú go bhfuil iarraidh ar chúlghairm curtha isteach ag sealbhóir an údaraithe;

    (b)

    an dáta ar ar deimhníodh an iarraidh;

    (c)

    an fhaisnéis réamhlíonta dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2018/1240.

    3.   Deimhneoidh an tAonad Náisiúnta ETIAS an chúlghairm agus an fhaisnéis bhreise a cuireadh isteach dá dtagraítear i bpointe (c) i mír 2. Cuirfear an fhaisnéis sin leis an gcomhad iarratais ansin.

    4.   I gcás ina bhfuil an t-iarratasóir i láthair ar chríoch Ballstáit nuair a chlárófar an iarraidh sin, tiocfaidh an chúlghairm i bhfeidhm a luaithe a bheidh an t-iarratasóir imithe as an gcríoch agus ón nóiméad a chruthófar an taifead dul isteach/imeachta comhfhreagrach sa chóras dul isteach/imeachta (EES) i gcomhréir le hAirteagail 16(3) agus 17(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 (10).

    I ngach cás eile, tiocfaidh an chúlghairm i bhfeidhm nuair a dheimhneoidh an tAonad Náisiúnta ETIAS í de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

    Airteagal 4

    Giniúint na foirme dír-chúlghairme

    1.   Tar éis don Aonad Náisiúnta ETIAS an chúlghairm a dheimhniú de bhun Airteagal 3(3), ginfear foirm go huathoibríoch le haghaidh dír-chúlghairme ar bhonn Iarscríbhinn IV, trí bhíthin na mbogearraí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(m) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    2.   Cuirfear an fhoirm a ghintear leis an gcomhad iarratais agus tarchuirfear chuig an iarratasóir í tríd an tseirbhís ríomhphoist dá dtagraítear i bpointe (f) in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2018/1240. Beidh na nithe seo a leanas sa teachtaireacht ríomhphoist:

    (a)

    meabhrúchán faoin tréimhse coinneála sonraí 5 bliana is infheidhme maidir le húdaruithe taistil cúlghairthe;

    (b)

    meabhrúchán, i gcás ina dtugtar an dír-chúlghairm chun críche nuair atá an t-iarratasóir i láthair ar chríoch Ballstáit, go dtiocfaidh sí i bhfeidhm a luaithe a bheidh an t-iarratasóir imithe as an gcríoch agus ón nóiméad a chruthófar an taifead dul isteach/imeachta comhfhreagrach in EES i gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    3.   I gcás, de bhun Airteagal 2(3), inar chuir an t-iarratasóir isteach seoladh ríomhphoist nach ionann agus an seoladh a úsáideadh le haghaidh an iarratais, seolfar an fhoirm chuig an seanseoladh ríomhphoist agus chuig an seoladh ríomhphoist nua araon.

    Airteagal 5

    Cumarsáid an tsuímh gréasáin agus na haipe le Lárchóras ETIAS

    1.   Chun críocha Airteagal 2:

    (a)

    Leis an suíomh gréasáin poiblí nó an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha cuirfear Lárchóras ETIAS ar an eolas faoin iarraidh ar dhír-chúlghairm tríd an tseirbhís gréasáin shláin dá dtagraítear i bpointe (l) in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2018/1240; agus

    (b)

    fíoróidh Lárchóras ETIAS an gcomhfhreagraíonn na sonraí a cuireadh isteach d’údarú bailí taistil.

    2.   Tar éis don iarratasóir an dír-chúlghairm a dheimhniú, de bhun Airteagal 2(8):

    (a)

    leis an suíomh gréasáin nó an aip, cuirfear Lárchóras ETIAS agus, i gcás inarb iomchuí, an tAonad Náisiúnta ETIAS a d’eisigh an t-údarú taistil, ar an eolas; agus

    (b)

    i gcás nach bhfuil an t-iarratasóir i láthair ar chríoch Ballstáit, déanfaidh Lárchóras ETIAS an t-údarú a chúlghairm. Mura bhfuil sin i gceist, próiseálfar an chúlghairm nuair a bheidh an t-iarratasóir ag imeacht as an gcríoch agus an taifead dul isteach/imeachta comhfhreagrach á chruthú.

    Airteagal 6

    Formáid teachtaireachta, caighdeáin agus prótacail

    Déanfar an fhormáid teachtaireachta agus na prótacail atá le cur chun feidhme a dhoiciméadú sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Airteagal 7

    Cúinsí slándála sonracha

    1.   Beidh an líon iarracht a fhéadfar a dhéanamh údarú taistil a chúlghairm leis an doiciméad taistil céanna, an uimhir iarratais chéanna nó an cód uathúil céanna faoi réir a theorannaithe. Sa bhreis air sin, déanfar bearta chun an suíomh gréasáin poiblí a chosaint ar rochtain neamhdhaonna.

    2.   Mar chuid den phróiseas cúlghairme beidh bearta lena mbeidh an t-am istigh tar éis tréimhse díomhaointis a shaineofar go cuí.

    3.   Sonraí breise maidir le rúndacht, sláine agus infhaighteacht na sonraí próiseáilte, cumhdófar iad leis na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Airteagal 8

    Logaí gníomhaíochta

    1.   Coinneofar log de ghníomhaíochtaí an iarratasóra. Beidh na nithe seo a leanas ann:

    (a)

    sonraí fíordheimhnithe an iarratasóra, mar aon le léiriú maidir le cé acu ar éirigh nó nár éirigh leis an bhfíordheimhniú;

    (b)

    na dátaí agus na hamanna a rinne an t-iarratasóir rochtain;

    (c)

    deimhniú na dír-chúlghairme.

    2.   Chomh maith leis sin, coinneofar log de ghníomhaíochtaí an Aonaid Náisiúnta ETIAS a dheimhníonn an dír-chúlghairm. Beidh na nithe seo a leanas ann:

    (a)

    Aitheantas an Aonaid Náisiúnta ETIAS i gceist;

    (b)

    na dátaí agus na hamanna a rinne an tAonad Náisiúnta ETIAS rochtain;

    (c)

    deimhniú gur cuireadh isteach na sonraí réamhlíonta dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c).

    3.   Na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, coinneofar iad i gCóras Faisnéise ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240. Ní stórálfar iad ar feadh níos mó ná bliain amháin tar éis na tréimhse coinneála le haghaidh an chomhaid iarratais, mura bhfuil siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin. Tar éis na tréimhse sin nó tar éis a leithéid de nósanna imeachta a bheith críochnaithe, scriosfar iad go huathoibríoch.

    Ní fhéadfar na logaí a úsáid ach chun críocha Airteagal 69(4) de Rialachán (AE) 2018/1240 amháin.

    Airteagal 9

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

    (2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

    (7)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

    (9)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (10)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).


    IARSCRÍBHINN I

    FOIRM CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOI DHIÚLTÚ ÚDARAITHE TAISTIL ETIAS

    i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240

    Uimhir an iarratais: _______________

    A ________________, a chara,

    [I gcás mionaoisigh, tá an duine ag a bhfuil údarás tuismitheora buan nó sealadach, nó an duine ag a bhfuil caomhnóireacht dhlíthiúil le cur isteach freisin: A ________________, a chara,]

    Rinne [ainm Aonad Náisiúnta ETIAS] ag [seoladh Aonad Náisiúnta ETIAS] scrúdú ar iarratas [ainm an iarratasóra [roghnach: sonraí pearsanta breise an iarratasóra] ar [údarú taistil]/[údarú taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta].

    Rinneadh an t-iarratas a dhiúltú ar an bhforas nó ar na forais seo a leanas:

    an doiciméad taistil a úsáideadh, tuairiscíodh in SIS go ndearnadh é a chailleadh nó a ghoideadh nó a mhí-leithghabháil nó a neamhbhailiú in … (léirítear an Ballstát) (Airteagal 37(1)(a)) (*)

    riosca slándála (Airteagal 37(1)(b)) (*)

    riosca inimirce neamhdhleathaí (Airteagal 37(1)(c)) (*)

    ardriosca eipidéime (Airteagal 37(1)(d)) (*)

    foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS (Airteagail 37(1)(e)) (*) ag … (léirítear an Ballstát)

    níor tugadh freagra laistigh de sprioc-am 10 lá ar iarraidh ó ETIAS ar fhaisnéis nó ar dhoiciméadacht bhreise (Airteagal 37(1)(f)) (*)

    níor freastalaíodh ar agallamh arna iarraidh sin don Aonad Náisiúnta ETIAS (Airteagal 37(1)(g)) (*)

    amhrais réasúnta agus thromchúiseacha maidir leis na sonraí/na ráitis agus/nó na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh le haghaidh an iarratais (Airteagal 37(2)) (*) (tabhair sonraí):

    iontaofacht na sonraí a cuireadh isteach

    iontaofacht na ráiteas a rinneadh

    barántúlacht na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach

    fírinneacht ábhar na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach

    sholáthair an Ballstát nó na Ballstáit seo a leanas tuairim neamhfhabhrach maidir le d’iarratas: … [léirítear an Ballstát nó na Ballstáit]

    [Maidir le hiarratas ar údarás taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta:

    ní chomhlíontar an foras nó na forais seo a leanas maidir le húdarú taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta:

    forais dhaonnúla i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal chuige

    cúiseanna leasa náisiúnta

    oibleagáidí idirnáisiúnta]

    Ráiteas ar na fíorais ábhartha agus réasúnaíocht bhreise is cúis leis an gcinneadh:

     

    Ceart achomhairc

    Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh a rinne [ainm an Bhallstáit ina bhfuil Aonad Náisiúnta ETIAS atá freagrach].

    [Nasc chuig faisnéis ar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le taisceadh achomharc in aghaidh an chinnidh arna ghlacadh ag an Aonad Náisiúnta ETIAS atá freagrach, rud dá dtagraítear in Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2018/1240.]

    [I gcás inarb infheidhme: Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh na tuairime neamhfhabhraí maidir le d’iarratas a rinne [ainm an Bhallstáit ina bhfuil Aonad Náisiúnta ETIAS nó Aonaid Náisiúnta ETIAS a d’eisigh tuairim neamhfhabhrach].]

    [I gcás inarb infheidhme: Nasc chuig faisnéis ar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le taisceadh achomharc in aghaidh an chinnidh arna ghlacadh ag an Aonad Náisiúnta ETIAS a d’eisigh tuairim neamhfhabhrach].

    Do chearta i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta

    Tá sé de cheart agat próiseáil na sonraí pearsanta in ETIAS a rochtain, a cheartú, a léirscriosadh agus a shrianadh i gcomhréir le hAirteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679.

    I gcás inar mian leat na cearta sin a fheidhmiú, gheobhaidh tú na sonraí teagmhála ábhartha thíos:

    An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

    An tOifigeach um Chosaint Sonraí [seoladh ríomhphoist]

    An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    [sonraí teagmhála]

    Údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as d’iarratas

    [Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an mBallstát]


    [An dáta agus an áit a ndearnadh an cinneadh]

    [Ainm agus síniú an duine a rinne an cinneadh]


    (*)  de Rialachán (AE) 2018/1240


    IARSCRÍBHINN II

    FOIRM CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOI NEAMHNIÚ ÚDARAITHE TAISTIL ETIAS

    i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240

    Uimhir an iarratais: _______________

    A ________________, a chara,

    [I gcás mionaoisigh, tá an duine ag a bhfuil údarás tuismitheora buan nó sealadach, nó an duine ag a bhfuil caomhnóireacht dhlíthiúil le cur isteach freisin: A ________________, a chara,]

    Rinne [ainm Aonad Náisiúnta ETIAS] ag [seoladh Aonad Náisiúnta ETIAS] athscrúdú ar na coinníollacha faoinar eisíodh údarú taistil [ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta] do [ainm an iarratasóra [roghnach: sonraí pearsanta breise an iarratasóra]] i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Rinneadh an t-údarú taistil a neamhniú ar an bhforas nó ar na forais seo a leanas:

    an doiciméad taistil a úsáideadh, tuairiscíodh in SIS go ndearnadh é a chailleadh nó a ghoideadh nó a mhí-leithghabháil nó a neamhbhailiú in … (léirítear an Ballstát) (Airteagal 37(1)(a)) (*1)

    riosca slándála (Airteagal 37(1)(b)) (*1)

    riosca inimirce neamhdhleathaí (Airteagal 37(1)(c)) (*1)

    ardriosca eipidéime (Airteagal 37(1)(d)) (*1)

    foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS (Airteagail 37(1)(e)) (*1)

    amhrais réasúnta agus thromchúiseacha maidir leis na sonraí/na ráitis agus/nó na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh le haghaidh an iarratais (Airteagal 37(2)) (*1)

    iontaofacht na sonraí a cuireadh isteach

    iontaofacht na ráiteas a rinneadh

    barántúlacht na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach

    fírinneacht ábhar na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach

    [Maidir le hiarratas ar údarás taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta:

    ní chomhlíontar an foras nó na forais seo a leanas a thuilleadh maidir le húdarú taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta:

    forais dhaonnúla i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal chuige

    cúiseanna leasa náisiúnta

    oibleagáidí idirnáisiúnta]

    Ráiteas ar na fíorais ábhartha agus réasúnaíocht bhreise is cúis leis an gcinneadh:

     

    Faisnéis bhreise

    Tabhair do d’aire go bhfuil údarú taistil bailí ETIAS ag teastáil le haghaidh tréimhse iomlán aon ghearrfhanachta i Limistéar Schengen.

    Ceart achomhairc

    Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh a rinne [Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach].

    [nasc chuig faisnéis ar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le taisceadh achomharc in aghaidh an chinnidh arna ghlacadh ag an Aonad Náisiúnta ETIAS, rud dá dtagraítear in Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2018/1240]

    Do chearta i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta

    Mar eolas, tá sé de cheart agat próiseáil na sonraí pearsanta in ETIAS a rochtain, a cheartú, a léirscriosadh agus a shrianadh i gcomhréir le hAirteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679.

    I gcás inar mian leat na cearta sin a fheidhmiú, gheobhaidh tú na sonraí teagmhála ábhartha thíos:

    An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

    An tOifigeach um Chosaint Sonraí [seoladh ríomhphoist]

    An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    [sonraí teagmhála]

    Údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as d’iarratas

    [Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an mBallstát]


    [An dáta agus an áit a ndearnadh an cinneadh]

    [Ainm agus síniú an duine a rinne an cinneadh]


    (*1)  de Rialachán (AE) 2018/1240


    IARSCRÍBHINN III

    FOIRM A CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOI CHÚLGHAIRM ÚDARAITHE TAISTIL ETIAS

    i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240

    Uimhir an iarratais: _______________

    A ________________, a chara,

    [I gcás mionaoisigh, tá an duine ag a bhfuil údarás tuismitheora buan nó sealadach, nó an duine ag a bhfuil caomhnóireacht dhlíthiúil le cur isteach freisin: A ________________, a chara,]

    Rinne [ainm Aonad Náisiúnta ETIAS] ag [seoladh Aonad Náisiúnta ETIAS] athscrúdú ar na coinníollacha faoinar eisíodh údarú taistil [ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta] do [ainm an iarratasóra [roghnach: sonraí pearsanta breise an iarratasóra]], i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Rinneadh an t-údarás taistil a chúlghairm ar an bhforas nó ar na forais seo a leanas:

    an doiciméad taistil a úsáideadh, tuairiscíodh in SIS go ndearnadh é a chailleadh nó a ghoideadh nó a mhí-leithghabháil nó a neamhbhailiú in … (léirítear an Ballstát) (Airteagal 37(1)(a)) (*)

    riosca slándála (Airteagal 37(1)(b)) (*)

    riosca inimirce neamhdhleathaí (Airteagal 37(1)(c)) (*)

    ardriosca eipidéime (Airteagal 37(1)(d)) (*)

    foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS (Airteagail 37(1)(e)) (*)

    [Maidir le hiarratas ar údarás taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta:

    ní chomhlíontar an foras nó na forais seo a leanas a thuilleadh maidir le húdarú taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta:

    forais dhaonnúla i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal chuige

    cúiseanna leasa náisiúnta

    oibleagáidí idirnáisiúnta]

    Ráiteas ar na fíorais ábhartha agus réasúnaíocht bhreise is cúis leis an gcinneadh:

     

    Faisnéis bhreise

    Tabhair do d’aire go bhfuil údarú taistil bailí ETIAS ag teastáil le haghaidh tréimhse iomlán aon ghearrfhanachta i Limistéar Schengen.

    Ceart achomhairc

    Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh a rinne [Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach].

    [nasc chuig faisnéis ar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le taisceadh achomharc in aghaidh an chinnidh arna ghlacadh ag an Aonad Náisiúnta ETIAS, rud dá dtagraítear in Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2018/1240]

    Do chearta i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta

    Mar eolas, tá sé de cheart agat próiseáil na sonraí pearsanta in ETIAS a rochtain, a cheartú, a léirscriosadh agus a shrianadh i gcomhréir le hAirteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679.

    I gcás inar mian leat na cearta sin a fheidhmiú, gheobhaidh tú na sonraí teagmhála ábhartha thíos:

    An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

    An tOifigeach um Chosaint Sonraí [seoladh ríomhphoist]

    An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    [sonraí teagmhála]

    Údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as d’iarratas

    [Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an mBallstát]


    [An dáta agus an áit a ndearnadh an cinneadh]

    [Ainm agus síniú an duine a rinne an cinneadh]


    (*)  de Rialachán (AE) 2018/1240


    IARSCRÍBHINN IV

    FOIRM B CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOI CHÚLGHAIRM ÚDARAITHE TAISTIL ETIAS (dír-chúlghairm)

    i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240

    Uimhir an iarratais: _______________

    A ________________, a chara,

    [I gcás mionaoisigh, tá an duine ag a bhfuil údarás tuismitheora buan nó sealadach, nó an duine ag a bhfuil caomhnóireacht dhlíthiúil le cur isteach freisin: A ________________, a chara,]

    Fuair [ainm Aonad Náisiúnta ETIAS] ag [seoladh Aonad Náisiúnta ETIAS] iarraidh ó [ainm an iarratasóra [roghnach: sonraí pearsanta breise an iarratasóra]] ar údarú taistil [ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta] a chúlghairm.

    Rinneadh an t-údarás taistil a chúlghairm, i gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Faisnéis bhreise

    Tabhair do d’aire go bhfuil údarú taistil bailí ETIAS ag teastáil le haghaidh tréimhse iomlán aon ghearrfhanachta i Limistéar Schengen.

    I gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Rialachán (AE) 2018/1240:

    Más rud é go ndearna tú údarás taistil a chúlghairm le linn d’fhanachta i Limistéar Schengen, ní thiocfaidh an chúlghairm i bhfeidhm go dtí go n-imeoidh tú as Limistéar Schengen;

    ní féidir aon achomharc a dhéanamh in aghaidh cúlghairm a rinneadh ar iarraidh an iarratasóra.

    Do chearta i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta

    Mar eolas, tá sé de cheart agat próiseáil na sonraí pearsanta in ETIAS a rochtain, a cheartú, a léirscriosadh agus a shrianadh i gcomhréir le hAirteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679.

    I gcás inar mian leat na cearta sin a fheidhmiú, gheobhaidh tú na sonraí teagmhála ábhartha thíos:

    An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

    An tOifigeach um Chosaint Sonraí [seoladh ríomhphoist]

    An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    [sonraí teagmhála]

    Údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as d’iarratas

    [Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an mBallstát]


    [An dáta agus an áit a ndearnadh an cinneadh]

    [Ainm agus síniú an duine a rinne an cinneadh]


    Top