This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1922
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1922 of 4 November 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2018/1517 laying down detailed rules implementing certain provisions of Council Regulation (EU) 2018/581 temporarily suspending the autonomous Common Customs Tariff duties on certain goods of a kind to be incorporated in or used for aircraft
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1922 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2018/581 ón gComhairle lena gcuirtear ar fionraí go sealadach na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialacha ar earraí áirithe de chineál atá le hionchorprú in aerárthach nó atá le húsáid lena aghaidh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1922 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2018/581 ón gComhairle lena gcuirtear ar fionraí go sealadach na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialacha ar earraí áirithe de chineál atá le hionchorprú in aerárthach nó atá le húsáid lena aghaidh
C/2021/7709
IO L 391, 5.11.2021, p. 43–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 391/43 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1922 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2018/581 ón gComhairle lena gcuirtear ar fionraí go sealadach na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialacha ar earraí áirithe de chineál atá le hionchorprú in aerárthach nó atá le húsáid lena aghaidh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/581 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 lena gcuirtear ar fionraí go sealadach na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialacha ar earraí áirithe de chineál atá le hionchorprú in aerárthach nó atá le húsáid lena aghaidh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1147/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 2(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/581 cuirtear ar fionraí go sealadach na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialacha ar earraí áirithe de chineál atá le hionchorprú in aerárthach nó atá le húsáid lena aghaidh. |
(2) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 ón gCoimisiún (2) liostaítear na deimhnithe a mheastar a bheith coibhéiseach le Foirm 1 EASA, an deimhniú údaraithe um scaoileadh iarchothabhála is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha an Aontais a úsáid agus earraí á n-allmhairiú acu faoin bhfionraí dleachta agus laistigh de na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2018/581. |
(3) |
Rinneadh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú”) (3), a shíniú thar ceann an Aontais an 29 Nollaig 2020. Bhí feidhm shealadach aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Aibreán 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm go foirmiúil an 1 Bealtaine 2021. |
(4) |
Cumhdaítear leis an gComhaontú cúrsaí sábháilteachta eitlíochta, lena n-áirítear comhar le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe (CAA) a eisíonn deimhnithe údaraithe um scaoileadh iarchothabhála. Is iomchuí, dá bhrí sin, deimhnithe Fhoirm 1 CAA arna n-eisiúint ag CAA a mheas mar dheimhnithe atá coibhéiseach le Foirm 1 EASA, agus iad a áireamh sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 a leasú dá réir. |
(6) |
I gcomhréir le hIarscríbhinn 30 “Deimhniúchán Aeracmhainneachta agus Comhshaoil” a ghabhann leis an gComhaontú, agus go háirithe Airteagal 15, pointe (a), agus Airteagal 21(1) agus (2) de, maidir le deimhnithe Fhoirm 1 CAA arna n-eisiúint ag CAA le haghaidh táirgí a forbraíodh agus a deimhníodh roimh an 31 Nollaig 2020, meastar gur leordhóthanach iad chun go dtairbheoidh na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 den fhionraí dleachta allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2018/581, amhail ón 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe sin chun deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 agus cuirtear an ró seo a leanas leis:
Údarás Eitlíochta |
Deimhniú Údaraithe um Scaoileadh Iarchothabhála |
“Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe |
Foirm 1 CAA (4) |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 98, 18.4.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1517 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2018/581 ón gComhairle lena gcuirtear ar fionraí go sealadach na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialacha ar earraí áirithe de chineál atá le hionchorprú in aerárthach nó atá le húsáid lena aghaidh (IO L 256, 12.10.2018, lch. 58).
(3) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(4) Amhail ón 1.1.2021.”