Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1784

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    C/2021/7140

    IO L 359, 11.10.2021, p. 6–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 11/11/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1784/oj

    11.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 359/6


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1784 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Deireadh Fómhair 2021

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    1.1.   Tionscnamh

    (1)

    An 14 Lúnasa 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cothromrollta áirithe alúmanaim, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile (“AFRPanna” nó “an táirge atá faoi imscrúdú”) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“DPS” nó “an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán (2).

    1.2.   Bearta sealadacha

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 15 Márta 2021, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachta sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus faoi na corrlaigh atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Iarradh ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Thug na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte a mbarúlacha (3). Mheas an Coimisiún na barúlacha agus cheartaigh sé earráidí ríomha i gcás inarb iomchuí.

    (3)

    An 12 Aibreán 2021, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán sealadach”).

    1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

    (4)

    Tar éis na fíorais agus breithnithe fíor-riachtanacha a nochtadh ar ina leith sin a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (“nochtadh sealadach”), na gearánaigh, na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, táirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte, roinnt úsáideoirí in earnáil malartóirí teasa gluaisteán agus úsáideoir iartheachtach amháin, úsáideoir amháin in earnáil na scragall, dhá úsáideoir in earnáil toilleoirí leictrealaíocha, úsáideoir amháin in earnáil na bpainéal comhchodach alúmanaim, úsáideoir amháin in earnáil na ndallóg Veinéiseach agus a sholáthróir, tradálaí neamhghaolmhar, allmhaireoir, an Cumann Eorpach Soláthróirí Gluaisteán, Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, rinne siad go léir aighneachtaí i scríbhinn inar chuir siad a dtuairimí in iúl faoi na torthaí sealadacha. D’iarr dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin tuilleadh sonraí maidir le ríomh a gcorrlach díobhála agus tugadh na sonraí sin dóibh.

    (5)

    Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Thionóil an Coimisiún éisteachtaí leis na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, leis na gearánaigh, le Cuideachta B, le dhá úsáideoir in earnáil na malartóirí teasa gluaisteán, le húsáideoir amháin in earnáil na scragall, le húsáideoir amháin in earnáil toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim, le trádálaí neamhghaolmhar, le hallmhaireoir neamhghaolmhar agus le comhlachas dáileoirí neamhspleácha (EURANIMI). Ar iarraidh ón Nanshan Group (“Nanshan”), tionóladh éisteacht idir Nanshan agus an tOifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

    (6)

    Mhol an Coimisiún éisteacht a thionól le páirtithe a bhfuil leasanna díobhálacha acu in earnáil táirgí cothromrollta alúmanaim de mhalartóirí teasa gluaisteán (“AFRPanna AHEX”); i.e. Valeo Systèmes Thermiques SAS agus cuideachtaí gaolmhara (“Valeo”) agus táirgeoir de chuid an Aontais. Níor chomhaontaigh an páirtí réamhluaite, áfach, páirt a ghlacadh ann. Ba chúis aiféala do Valeo iompraíocht an táirgeora de chuid an Aontais agus d’áitigh sé gur cheart luach níos airde a chur le hargóintí Valeo maidir le hacmhainneacht a bheith ar fáil nó gan a bheith ar fáil ar mhargadh an Aontais, an luach sin mar fhianaise, ós rud é nár dhiúltaigh Valeo féin a bheith ag áiteamh le táirgeoir an Aontais i gceist.

    (7)

    Mar a d’admhaigh Valeo, ní féidir éisteacht le páirtithe a bhfuil leasanna díobhálacha acu a eagrú ach amháin nuair a chomhaontaíonn an dá pháirtí leis an éisteacht sin. Mar a fhoráiltear le hAirteagal 6(6), más rud é go ndiúltóidh páirtí páirt a ghlacadh in éisteacht den sórt sin ní dhéanfaidh sin aon dochar dó. Diúltaíodh do mhaíomh Valeo dá bhrí sin.

    (8)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Thionóil an Coimisiún éisteachtai leis na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, dhá úsáideoir in earnáil malartóirí teasa gluaisteán agus allmhaireoir amháin neamhghaolmhar. Reáchtáladh éisteacht freisin idir Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd. (“Jiangsu Alcha”) agus an tOifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála ar iarraidh ón onnmhaireoir seo.

    (9)

    Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí deiridh. Maidir leis seo, mheas sé go raibh an chuideachta Nilo Asia PTE Ltd/Lodec Metall-Handel Niederlassung Bremen der O. Wilms GMBH (“Nilo”), gur rud é go raibh sé ina thrádálaí i bhfírinne in ainneoin gur chuir é féin i láthair mar allmhaireoir neamhghaolmhar. Sa chomhthéacs sin, níor breithníodh freagra sa cheistneoir ón gcuideachta seo maidir leis na torthaí cinntitheacha. Mar sin féin, measadh gur páirtí leasmhar an chuideachta sin go fóill agus lean sí de bheith ag comhoibriú san imscrúdú.

    (10)

    Ós rud é go raibh dóthain ama ag páirtithe leasmhara chun barúlacha a chur ar fáil maidir le barúlacha páirtithe eile agus cé is moite de fhreagraí ar iarrataí ón gCoimisiún, níor mheas an Coimisiún aighneachtaí a comhdaíodh tar éis an 17 Meitheamh 2021 dá thorthaí cinntitheacha.

    (11)

    An 13 Iúil 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ina leith a bhí sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an nochtadh deiridh”). Ina theannta sin, fuair páirtithe leasmhara nochtadh breise an 13 Lúnasa 2021 (“an chéad nochtadh deiridh breise”) agus an 3 Meán Fómhair 2021 (“an dara nochtadh deiridh breise”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis na nochtuithe deiridh agus breise.

    (12)

    Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Airoldi Metalli S.p.a. (“Airoldi”), gur sáraíodh a chearta cosanta ós rud é nach raibh an deis aige a bharúil a thabhairt faoi dhoiciméid a cuireadh leis na gcomhad neamhrúnda lá sular nochtadh na torthaí cinntitheacha, doiciméid a líomhnaíodh a cuireadh san áireamh sa doiciméad nochta ginearálta. Ar an mbonn sin, d’iarr sé go dtarraingeofaí siar an doiciméad ginearálta nochta.

    (13)

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús, mar a luaitear in aithris (10), cé is moite de dhoiciméad t21.004671, níor cuireadh san áireamh gach aighneacht dá ndearna Airoldi tagairt i ndáil leis an doiciméad nochta ginearálta i bhfianaise gur mhíthráthúil a comhdaíodh é. A mhéid a bhaineann leis na maímh a rinneadh i ndoiciméad t21.004671, mar a fheictear in aithris (527), is den chineál céanna iad agus atá na maímh a dhéanann páirtithe leasmhara eile lena n-áirítear Airoldi. Ar an mbonn sin, measadh nár sáraíodh cearta cosanta Airoldi. Ina theannta sin, tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, bhí deis ag Airoldi a bharúil a thabhairt faoi chomhdú míthráthúil na ndoiciméad dá dtagraíonn Airoldi ina aighneacht.

    (14)

    An 28 Iúil 2021, d’iarr an Coimisiún ar tháirgeoirí, ar allmhaireoirí, ar úsáideoirí agus ar a gcomhlachais de chuid an Aontais faisnéis a sholáthar maidir le forbairtí tar éis thréimhse an imscrúdaithe chun gur féidir measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 14(4) in am trátha.

    (15)

    Breithníodh na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus cuireadh san áireamh iad sa Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

    1.4.   Sampláil

    (16)

    In aithris (35) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún tagairt do shampla de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais a bhfuil 35 % de tháirgeacht an Aontais acu. Bhí an céatadán sin bunaithe ar shonraí AE-28.

    (17)

    Mar a fhoráiltear i Roinn 1 9, tá torthaí cinntitheacha an imscrúdaithe seo bunaithe ar shonraí AE-27. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (191), rinneadh táirgí áirithe a eisiamh ó raon feidhme an táirge. Tháirg na trí tháirgeoirí shampláilte de chuid an Aontais thart ar 38 % de tháirgeacht iomlán an Aontais. Dá bhrí sin, bhí an sampla fós ionadaíoch.

    1.5.   Iarraidh ar anaithnideacht

    (18)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, chuir táirgeoir amháin de chuid an Aontais nach bhfuil sa sampla iarraidh ar anaithnideacht isteach. Ba é an t-údar a bhí leis an iarratas sin go bhfuil imní ar an bpáirtí leasmhar sin faoin nochtadh poiblí díreach a dhéanann dochar dá leasanna i dtíortha eile. Ar bhonn na ngnéithe a cuireadh ar fáil san iarraidh íogair, glacadh leis an iarraidh ar anaithnideacht. Ní bhfuarthas aon bharúil.

    1.6.   Scrúdú ar leith

    (19)

    In éagmais barúlacha maidir leis an roinn seo, deimhníodh aithris (43) den Rialachán sealadach.

    1.7.   Cuairteanna fíorúcháin

    (20)

    Chomh maith leis na cros-seiceálacha cianda (“RCCanna”) a luaitear in aithris (48) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún RCC sa bhreis ar an úsáideoir Amcor Flexibles Singen GmbH (“Amcor”) atá bunaithe in Singen na Gearmáine.

    1.8.   Tréimhse an imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

    (21)

    Mhaígh onnmhaireoir amháin, Southwest Aluminium (Group) Co., Ltd (“SWA”) go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar thréimhse an imscrúdaithe (“IP”) agus nach bhféadfaí an tréimhse a chur i gcomparáid leis an tréimhse faoi bhreathnú sna blianta eile.

    (22)

    Rinne an Coimisiún tionchar phaindéim COVID-19 a mheas ina anailís agus thug sé aghaidh ar na barúlacha a fuarthas maidir leis sin i Roinn 5.1.2.2 den Rialachán sealadach agus i Roinn 5.2.2 den Rialachán seo. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (23)

    In éagmais barúlacha eile maidir le tréimhse an imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú, deimhníodh aithris (49) den Rialachán sealadach.

    1.9.   Athrú ar an raon feidhme geografach

    (24)

    Ón 1 Eanáir 2021 i leith, níl Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ina cuid den Aontas a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá an rialachán seo bunaithe ar shonraí a bhaineann leis an Aontas Eorpach gan an Ríocht Aontaithe (“AE-27”). Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar an ngearánach agus ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais codanna áirithe dá gcuid freagraí bunaidh sa cheistneoir a chur isteach le sonraí le haghaidh AE-27 amháin. Chuir an gearánach agus na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais isteach na sonraí a iarradh. Ós rud é gurb é is cúis leis an difríocht idir na táscairí maicreacnamaíocha a fhoilsítear sa Rialachán sealadach agus na sonraí maicreacnamaíocha AE-27 ná na sonraí ó tháirgeoir aonair amháin de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith arna n-eisiamh, cuirtear táblaí áirithe sa Rialachán seo ar fáil ina raonta ionas nach nochtfar faisnéis rúnda a bhaineann leis an bpáirtí leasmhar sin.

    (25)

    I ndáil le dumpáil, ní dhearnadh ach díolacháin onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig AE-27 a mheas chun na corrlaigh dhumpála chinntitheacha a ríomh.

    (26)

    Ar deireadh, chun leas an Aontais a mheas, d’fhiosraigh an Coimisiún tionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar na freagraí sa cheistneoir, ar freagraí iad a chuir allmhaireoirí agus úsáideoirí neamhghaolmhara isteach, eadhon Nova Trading S.A., Airoldi, TitanX Engine Cooling AB (“TitanX”), Multilaque SAS, Valeo, Company A agus Amcor Flexibles Singen GmbH agus fuair sé sonraí nuashonraithe, i gcás inarb infheidhme.

    (27)

    An 12 Eanáir 2021, trí bhíthin nóta a bhí ag gabháil leis an gcomhad (5), chuir an Coimisiún in iúl do chuideachtaí agus do chomhlachais ón Ríocht Aontaithe nach mbeidís cáilithe a thuilleadh mar pháirtithe leasmhara in imeachtaí cosanta trádála. Níor thug aon pháirtí leasmhar freagra ar an nóta seo.

    2.   AN TÁIRGE I dTRÁCHT AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

    2.1.   Raon feidhme an táirge a athrú d’fhonn dhá dhleacht frithdhumpála éagsúla ar an táirge céanna a sheachaint

    (28)

    Léiríodh san imscrúdú go bhfuil forluí beag idir na bearta frithdhumpála maidir le AFRPanna agus na bearta frith-imchéimniúcháin maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2213 ón gCoimisiún (6) ó thaobh shainmhíniú an táirge ar dhá chód TARIC, a thiteann faoi 7607119044 agus 7607119071. Cé go bhfuil an forluí fíorbheag agus nach gcumhdaíonn sé ach cornaí ó 0,03 mm go 0,045 mm nuair a chuirtear ar a laghad dhá shraith iad, bheadh sé mídhleathach dhá dhleacht frithdhumpála éagsúla a chur i bhfeidhm go comhuaineach agus go carnach ar an táirge céanna. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún raon feidhme táirgí na mbeart atá i gceist a cheartú chun an tsaincheist sin a réiteach agus na cornaí a bhaint a raibh tomhas idir 0,03 mm agus 0,045 mm iontu nuair a dhéantar ar a laghad le dhá shraith iad. Níl aon tionchar ábhartha ag an gceartúchán sin ar an anailís ar thorthaí an imscrúdaithe.

    (29)

    Dá bhrí sin, rinneadh táirgí alúmanaim a thagann faoi chóid TARIC 7607119044 agus 7607119071 a eisiamh ó raon feidhme an táirge.

    2.2.   Maímh maidir leis an raon táirge

    (30)

    Mar a léirítear in aithrisí (61) go (105) den Rialachán sealadach, chuir roinnt páirtithe isteach iarrataí ar eisiamh táirgí maidir leis na táirgí seo a leanas: stoc feadán cumhdaithe, pláta cumhdaithe, eití cumhdaithe agus stoc eití neamhchlúdaithe lena n-úsáid chun malartóirí teasa alúmanaim phrásáilte gluaisteán a mhonarú agus chun fuaraitheoirí ceallraí feithiclí leictreacha a mhonarú (“AFRPanna HEX gluaisteán”); cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus painéil chomhchodacha alúmanaim (“ACP”) a tháirgeadh; leatháin liteagrafacha; leatháin ceallraí; scragall tiontaire alúmanaim de thomhas 30 go 60 miocrón (“ACF-30-60”) agus AFRPanna lena n-úsáid chun slinne le haghaidh dallóga veinéiseacha a mhonarú.

    (31)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, thug roinnt páirtithe a mbarúlacha maidir leis na torthaí sealadacha ón gCoimisiún a dtugtar aghaidh orthu sa roinn seo thíos. Ina theannta sin, ceithre úsáideoir eile; i.e. Amcor Flexibles Singen GmbH (“Amcor”), Hitachi ABB Power grids (“Hitachi”), TDK Foil Italy S.p.A. Chuir (“TDK IT”) agus TDK Hungary Components Kft (“TDK HU”) isteach iarrataí breise ar dhíolúine tháirgí maidir leis na táirgí seo a leanas: stoc scragaill, AFRPanna le húsáid i dtáirgeadh claochladán cumhachta agus AFRPanna lena n-úsáid i dtáirgeadh toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim.

    2.2.1.   AFRPanna HEX gluaisteán

    2.2.1.1.   Gnéithe nós imeachta

    (32)

    Mhaígh Valeo gur mhíthráthúil a tíolacadh na haighneachtaí a chuir Comhlachas Alúmanaim na hEorpa (“EA”) agus Cuideachta B isteach de thoradh an nochta shealadaigh seachas doiciméad t21.003825. Ar bhonn Ranna 7.ii agus 8.ii den fhógra tionscnaimh, chuir Valeo in iúl go raibh an spriocdháta chun barúlacha a chur isteach maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile agus chun gnéithe fíorasacha nua a chur isteach i gcomhthráth le chéile agus gur cheart é a bheith socraithe ag an 10 Bealtaine 2021 chomh fada agus a bhaineann lena chuid aighneachtaí. Ar an mbonn sin, mhaígh sé gur cheart neamhaird a thabhairt ar aighneachtaí ó EA agus ó Chuideachta B a comhdaíodh i ndiaidh an dáta sin i gcás na dtorthaí cinntitheacha.

    (33)

    Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. I gcomhréir le Roinn 8, an mhír dheireanach den fhógra tionscnaimh agus Roinn 5.7 den fhógra céanna, an mhír dheireanach, d’iarr an Coimisiún ar EA agus ar Chuideachta B faisnéis bhreise (7) a chur isteach i bhfoirm nuashonruithe ar fhaisnéis a cuireadh isteach cheana nó fianaise thacaíochta maidir le maímh áirithe agus blúiríní faisnéise áirithe. Bhí an fhaisnéis bhreise ag teastáil chun measúnú cuí a dhéanamh ar mhaímh ó pháirtithe eile. A mhéid a bhaineann le huainiú na mbarúlacha a thug EA, bhí síneadh ama tugtha ag an gCoimisiún go dtí an 28 Bealtaine 2021 tar éis dó iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil (8). Mar sin, rinneadh na barúlacha sin a chomhdú laistigh den sprioc-am a iarradh.

    (34)

    An 11 Meitheamh 2021, thug Valeo a bharúil maidir le doiciméid páirtithe eile t21.003825, t21.004224, t21.004298 agus t21.004304. Ós rud é go raibh na doiciméid sin ar fáil in TRON níos mó ná 7 lá roimh chur isteach na haighneachta ó Valeo, mheas an Coimisiún nár comhdaíodh iad go tráthúil.

    (35)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Valeo go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin bréagnaitheach, gan bhunús agus go raibh sé ag sárú chearta cosanta Valeo, is é sin a bharúil a thug Valeo an 11 Meitheamh a mheas gur mhíthráthúil a comhdaíodh an bharúil sin. Go sonrach, d'áitigh sé gur mheas an Coimisiún gur mhíthráthúil a comhdaíodh an aighneacht ach thug an Coimisiún aghaidh fós ar a chuid barúlacha ionas nach bhféadfadh Valeo a mheas an raibh na barúlacha inghlactha ina n-iomláine agus ar chuir an Coimisiún san áireamh iad. Thairis sin, rinne Valeo tagairt do na cineálacha doiciméad a chomhdaigh EA agus Cuideachta B; i.e. “Barúlacha”, “Tuarascáil Éisteachta/Aighneacht”, “Aighneacht” agus “Frisnéisí”. Mhaígh sé, i ndáil leis an spriocdháta 7 lá chun a bharúil a thabhairt faoin bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha a luaitear i bPointe 8.ii den fhógra tionscnaimh, nach raibh feidhm ag an spriocdháta 7 lá sin maidir lena aighneacht ina raibh frisnéisí i leith frisnéisí agus barúlacha faoi fhaisnéis a cuireadh isteach le déanaí.

    (36)

    I ndáil leis an méid sin, mheas an Coimisiún go raibh feidhm ag an spriocdháta 7 lá a luaitear i bPointe 8.ii den fhógra tionscnaimh ar bhonn cothrom maidir leis an dá bharúil faoi aighneachtaí ó pháirtithe eile agus maidir le frisnéis a thabhairt ar bharúlacha a thug páirtithe eile. Maidir leis an méid sin go sonrach, dheimhnigh an Coimisiún nár comhdaíodh an aighneacht ó Valeo go tráthúil. I gcás ar bith, mar a luaitear in aithris (10), mheas an Coimisiún gach aighneacht a fuarthas go dtí an 17 Meitheamh 2021. Ós rud é gur chuir an Coimisiún barúlacha Valeo san áireamh an 11 Meitheamh, agus gur thug sé deis do Valeo a bharúil a thabhairt faoi na torthaí ón gCoimisiúin ina leith sin, níor mheas an Coimisiún gur sáraíodh cearta cosanta Valeo. Dá bhrí sin, diúltaíodh an mhaíomh sin.

    (37)

    D’áitigh Valeo freisin gur líomhnaíodh gur tugadh síneadh ama an-fhlaithiúil agus míréasúnta don spriocdháta le haghaidh Chuideachta B. Maidir leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur cuireadh frisnéisí Chuideachta B isteach laistigh den spriocdháta 7 lá chun barúil a thabhairt faoi thuairimí páirtithe eile nuair a bhí na páirtithe sin ar fáil ar an gcomhad oscailte, agus nár deonaíodh aon síneadh ama. Dá bhrí sin, diúltaíodh an mhaíomh sin.

    (38)

    D’áitigh Valeo freisin gur luaigh an Coimisiún doiciméid áirithe nár foilsíodh ar an taifead agus mhaígh sé gur sárú ar a chearta nós imeachta sa mhéid gur mheas an Coimisiún gur mhíthráthúil a comhdaíodh an aighneacht ó EA (t21.004221) go raibh sé neamh-inghlactha agus dá bhrí sin nárbh fiú fo-fhrisnéis í. Ina theannta sin, rinne Valeo tagairt do Roinn 9 den fhógra tionscnaimh agus mheas sé gur tugadh fabhar do EA ar bhealach treallach idirdhealaitheach nuair a cuireadh síneadh 18 lá leis an spriocdháta chun a bharúil a thabhairt faoi thuairimí ó pháirtithe eile agus gur gnách a thugtar síneadh 7 lá do pháirtithe eile.

    (39)

    Fuarthas amach go raibh maíomh Valeo maidir le doiciméid áirithe a bheith ar fáil dlisteanach toisc nár cuireadh na doiciméid sin ar fáil go neamhaireach do pháirtithe mar chuid den chomhad oscailte tar éis nochtadh cinntitheach. Cuireadh na doiciméid sin leis an gcáschomhad oscailte idir an dá linn. Maidir le maíomh Valeo i ndáil leis na barúlacha a bheith neamh-inghlactha agus i ndáil leis an measúnú a rinne sé ar na barúlacha sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh dóthain ama ag Valeo chun a bharúil a chur in iúl faoi bharúlacha ó pháirtithe eile, lena n-áirítear an aighneacht ó EA, agus gurb amhlaidh a thug Valeo a bharúil faoi aighneachtaí eile a comhdaíodh roinnt laethanta tar éis na haighneachta ó EA. Ina theannta sin, déanann an Coimisiún measúnú ar gach iarraidh ar shíneadh ama ina haonar ós rud é go mbaineann na cúiseanna leis na síntí sin a iarraidh go sonrach le cuideachta ar leith agus mheas an Coimisiún go bhféadfaí cead a thabhairt don iarraidh ar shíneadh a chur leis an sprioc-am mar gheall ar na himthosca a chuir EA ar aghaidh. Go deimhin, níor dhiúltaigh an Coimisiún d’aon iarraidh ar shíneadh ama ó thaobh barúlacha de tar éis nochtadh cinntitheach. I ndáil leis an méid sin, níor mheas an Coimisiún go raibh sé i bhfabhar EA ar bhealach treallach agus idirdhealaitheach. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (40)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’iarr Valeo ar an gCoimisiún a chuid aighneachtaí a mheas a rinneadh idir an 11 Meitheamh agus an 11 Iúil 2021 (9). Chomhaontaigh an Coimisiún agus cuireadh na barúlacha sin san áireamh.

    (41)

    Ar an gcaoi chéanna, tar éis an spriocdháta chun a bharúil a thabhairt faoi fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, mhaígh TitanX gur mhíthráthúil a comhdaíodh na barúlacha a chuir Cuideachta B (10) isteach agus nach bhféadfaí iad a fhíorú. D’iarr sé ar an gCoimisiún a chuid torthaí a bhunú ar an bhfaisnéis a chuir na páirtithe leasmhara isteach go dtí an 10 Bealtaine 2021. Dá mba rud é go mbunódh an Coimisiún a chuid torthaí ar Chuideachta B ag tíolacadh a bharúla go míthráthúil, mhaígh TitanX gur cheart don Choimisiún an fhaisnéis a mheas freisin a chuir TitanX isteach chun argóintí Chuideachta B a fhrisnéis. Ina theannta sin, mhaígh TitanX freisin gur sháraigh an aighneacht ó Chuideachta B cearta cosanta páirtithe leasmhara eile toisc nár aithníodh inti na doiciméid a bhí á bhfrisnéis ná nár aithníodh an chuideachta ar a raibh na barúlacha sin dírithe.

    (42)

    Sa chomhthéacs sin, agus mar a luaitear in aithris (10), níor mheas an Coimisiún aighneachtaí a comhdaíodh tar éis an 17 Meitheamh maidir lena nochtadh cinntitheach. Mar sin féin, chun cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara go léir a áirithiú, cuireadh barúlacha ó TitanX a comhdaíodh an 21 Meitheamh 2021 san áireamh, i gcás inarb iomchuí, mar bharúlacha tar éis an nochta dheiridh. Mar sin, dheimhnigh an Coimisiún gur chuir sé san áireamh na haighneachtaí go léir arna ndéanamh ag páirtithe leasmhara sa Rialachán seo.

    (43)

    A mhéid a bhaineann le cearta cosanta, níor mheas an Coimisiún gur sháraigh aighneacht ó Chuideachta B cearta cosanta páirtithe eile. Os a choinne sin, ós rud é nár sainaithníodh páirtithe leasmhara eile go sonrach, áirithíodh leis an aighneacht ó Chuideachta B nár nochtadh aon rún gnó, a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh d’aon pháirtí ná don dá pháirtí. Chomh maith leis sin, nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon na bpáirtithe san imscrúdú seo atá gníomhach in earnáil AFRP AHEX teoranta agus nuair a mheastar go raibh na barúlacha a chuir Cuideachta B isteach sonrach go leor chun go mbeadh tuiscint réasúnta ag páirtithe eile ar a substaint, níor mheas an Coimisiún gur sháraigh na barúlacha sin cearta cosanta páirtithe leasmhara eile. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    2.2.1.2.   Anailís ar na maímh

    (44)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, fuarthas barúlacha ó thrí úsáideoir, an Cumann Eorpach Soláthróirí Gluaisteán, Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (ACEA), BMW, onnmhaireoir amháin neamhshampláilte, Shanghai Huafon Aluminium Corporation (“Huafon”), agus EA.

    (45)

    Mhaígh páirtithe éagsúla go mbaineann AFRPanna AHEX agus AFRPanna le tráchtearraí eile atá faoi raon feidhme, toisc go bhfuil saintréithe éagsúla acu ó thaobh cóimhiotal, próiseas éagsúil T&F agus bailíochtaithe de. Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Huafon nach n-úsáideann 95 % de HVACR (11) agus feidhmeanna eile prásáil mar theicneolaíocht comhtháthúcháin le haghaidh AFRPanna HEX agus mar thoradh ar phróiseas monaraíochta eile. Mhaígh sé freisin nach n-úsáideann feidhmeanna HEX sa i ndeighleog HVACR agus i ndeighleog eile eití cumhdaithe agus feadán cumhdaithe. Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin céanna gur táirgí caighdeánacha é sciar an-ard de dhíolacháin AFRP san Aontas, táirgí caighdeánacha mar a shainítear sa ghearán nach réitíonn leis an ráiteas ón gCoimisiún in aithris (69) den Rialachán sealadach go bhfuil a gcuid sonraíochtaí féin ag formhór na AFRPanna ag brath ar fheidhm nó ar riachtanais an úsáideora deiridh lena mbaineann. Dúirt Huafon freisin nach raibh na táirgeoirí de chuid an Aontais sásta na táirgí uathúla a onnmhairíonn siad a sholáthar.

    (46)

    Mhaígh na páirtithe sin freisin go mbíonn easpa idirmhalartaithe ann mar gheall ar na difríochtaí sin.

    (47)

    Rinne an Coimisiún tagairt dá mheasúnú tosaigh go bhfuil na buntréithe ceimiceacha, teicniúla agus fisiceacha céanna ag AFRPanna AHEX agus atá ag AFRPanna eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe (féach aithrisí (67) go (68) den Rialachán sealadach). Ina theannta sin, tá na táirgí seo cosúil le AFRPanna HEX, a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe freisin. Úsáidtear iad sin le haghaidh feidhmeanna eile amhail HVACR atá comhdhéanta de chóimhiotail chomhchosúla (bídís cumhdaithe nó ná bíodh) agus a mhonaraítear leis an trealamh táirgthe céanna. Chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithris (73) den Rialachán sealadach agus mar a dheimhnigh EA, ní hiad AFRPanna AHEX na táirgí amháin a dhíoltar le soláthróirí gluaisteán Leibhéal 1 (is é sin an ceann is mó ar an margadh) agus ní mór iad a chur trí phróiseas T&D agus bailíochtaithe dála go leor táirgí.

    (48)

    Ní raibh bunús le maímh Huafon maidir le HVACR. I gcás ar bith, léiríonn an fhianaise sa chomhad go bhfuil na buntréithe ceimiceacha, teicniúla agus fisiceacha céanna ag AFRPanna AHEX agus atá ag AFRPanna agus go ndéantar iad a mhonarú leis an trealamh táirgthe céanna. Ina theannta sin, cuireann foinsí atá ar fáil go poiblí (12) in aghaidh an mhaímh nach n-úsáideann AFRPanna HVACR prásáil mar theicneolaíocht comhtháthúcháin. Chomh maith leis sin, níor chuir Huafon aon fhianaise thacaíochta ar fáil don mhaíomh gur táirgí caighdeánacha é sciar an-ard de dhíolacháin AFRP san Aontas ná nach bhféadfadh tionscal an Aontais a gcuid táirgí a mhonarú ná táirgí eile a chur ina n-ionad.

    (49)

    A mhéid a bhaineann le hidirmhalartacht, rinne an Coimisiún tagairt d’aithris (70) den Rialachán sealadach. Mar an gcéanna le táirgí eile atá faoi raon feidhme, d’fhéadfadh sé nach mbeadh AFRPanna AHEX inmhalartaithe le AFRPanna eile toisc go bhféadfadh sonraíochtaí dá gcuid féin a bheith acu ag brath ar fheidhmeanna nó ar riachtanais an úsáideora deiridh lena mbaineann. Mar sin féin, mar a léirítear le EA, níl siad uathúil iontu féin agus ní thugtar le tuiscint leis nach bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna acu agus atá ag táirgí eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe. I ndáil leis an méid sin, d’áitigh EA freisin go bhfuil AFRPanna AHEX inmhalartaithe le AFRPanna HEX eile toisc go bhfuil siad cosúil le chéile i gcomhdhéanamh ceimiceach agus/nó cosúil le chéile ina gcuid sonraíochtaí laistigh de na lamháltais theicniúla atá ábhartha maidir leis na feidhmeanna sonracha. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (50)

    Mhaígh TitanX agus Valeo, i gcomhréir leis an gcásdlí (13) atá ann cheana, nár cheart don Choimisiún tábhacht chinntitheach a chur i leith buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha an dá aicme táirge a líomhnaítear a bheith ann. Mhaígh na páirtithe céanna freisin gur theip ar an gCoimisiún a mhíniú cé na heilimintí eile atá cinntitheach chun teacht ar an gconclúid gurb ann do na gnéithe bunúsacha céanna idir an dá aicme táirgí.

    (51)

    Ar dtús, ní mór a mheabhrú nach sainmhínítear go díreach leis an mbun-Rialachán coincheap an “táirge lena mbaineann” agus go bhfuil lánrogha ar fad ag an gCoimisiún sa réimse sin, ar an gcoinníoll “nár cheart an ceanglas a eisiamh go hiomlán ó léirmhíniú an bhun-Rialacháin, an ceanglas maidir leis an táirge atá faoi bhreathnú a bheith aonchineálach” (14). Ina theannta sin, luaitear sa chásdlí a raibh na páirtithe leasmhara ag brath air go bhfuil na saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha tábhachtach go nádúrtha ach níor ghá go mbeadh tosaíocht acu. Go deimhin, tá raon fachtóirí ann a mbíonn an Coimisiún ag brath orthu, ach is fachtóirí táscacha iad agus tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an táirge lena mbaineann a chinneadh trí na critéir sin go léir a úsáid. Rud atá tábhachtach, ní foláir go bhféadfar táirgí nach bhfuil comhionann a ghrúpáil le chéile faoin sainmhíniú céanna ar an táirge lena mbaineann, agus go mbeidh an scrúdú ar cibé acu a áiríodh táirge sonrach ar bhealach bailí nó nár áiríodh le bunú ar shaintréithe an táirge lena mbaineann mar atá sainithe ag an gCoimisiún (15). Ina anailís sa chás seo, ní raibh an Coimisiún ag brath ar an bhfíoras, agus ar an bhfíoras sin amháin, go bhfuil na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag AFRPanna AHEX agus atá ag AFRPanna eile. Go deimhin, shuigh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    (1)

    baineann AFRPanna AHEX leis an ngrúpa táirgí de AFRPanna HEX lena n-áirítear ní hamháin HEX gluaisteán ach HEX atá ceaptha le haghaidh HVACR agus feidhmeanna eile agus gur féidir na táirgí sin a bheith cumhdaithe nó gan bheith cumhdaithe;

    (2)

    tá na cineálacha cóimhiotal a úsáidtear le haghaidh AFRPanna AHEX cosúil le chéile nó go bhfuil siad cosúil le cóimhiotail eile a úsáidtear le haghaidh AFRPanna eile atá faoi raon feidhme;

    (3)

    táirgtear AFRPanna AHEX trí úsáid a bhaint as an bpróiseas monaraíochta céanna a thuairiscítear in aithris (56) den Rialachán sealadach agus úsáidtear an trealamh céanna den chuid is mó agus a úsáidtear le AFRPanna eile;

    (4)

    ní táirge nideoige é;

    (5)

    dála AFRPanna eile atá faoi raon feidhme, díoltar é le soláthróirí gluaisteán Leibhéal 1 agus/nó leanann sé próiseas bailíochtaithe; agus

    (6)

    ní raibh a bpraghas i bhfad níos airde ná na táirgí eile laistigh de raon feidhme táirge AFRPanna.

    (52)

    Ar an mbonn sin, diúltaíodh do mhaíomh TitanX agus Valeo.

    (53)

    Mhaígh páirtithe éagsúla go raibh measúnú an Choimisiúin ar acmhainneacht táirgeachta an Aontais bunaithe ar fhíorais mhíchearta agus gan réasúnaíocht. Chuir siad in iúl nár tacaíodh leis na conclúidí trí fhianaise a thaifeadadh nó nach raibh réasúnaithe a dhóthain agus nach raibh páirtithe leasmhara eile in ann a mbarúlacha a thabhairt faoi na sonraí sin.

    (54)

    Mhaígh TitanX agus Valeo nár cheart don Choimisiún a bheith ag brath ar chinneadh AS COMP maidir le héadáil Impexmetal ag Gränges toisc gur glacadh leis sa chinneadh sin gurb ann do pháirtithe soláthair eile lena n-áirítear táirgeoirí Síneacha agus go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an staid ar mhargadh AFRPanna AHEX toisc nach bhfuil an acmhainneacht atá ar fáil ag soláthróirí An Aontais agus nach rogha í an tSín a thuilleadh chun soláthar inmharthana a dhéanamh i ndiaidh bearta AD a fhorchur.

    (55)

    An toradh ón gCoimisiún go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais chun freastal ar an éileamh i láthair na huaire mar a luaitear in aithris (75) den Rialachán sealadach, níl sé bunaithe ar an gcinneadh ón gCoimisiún maidir le cumasc Gränges agus Impexmetal (16), agus ar an gcinneadh sin amháin. Go deimhin, bhí sé ag brath freisin ar fhaisnéis eile (17) a bhí sa chomhad cheana féin nuair a tháinig an Coimisiún ar a chonclúidí sealadacha (agus a deimhníodh leis an gcinneadh thuasluaite ón gCoimisiún). Thairis sin, bhí sé ag brath ar fhaisnéis bhreise a soláthraíodh tar éis an nochta shealadaigh a dheimhnigh agus a thacaigh le measúnú sealadach an Choimisiúin. Ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh deis ag na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis nua sin (18).

    (56)

    Mhaígh Valeo freisin go ndearna an Coimisiún neamhaird den fhaisnéis chuimsitheach inar léiríodh easpa acmhainneachta sa Rialachán sealadach. Chuir Valeo agus TitanX doiciméid bhreise ar fáil freisin a léiríonn go bhfuil na hagaí tionscanta níos faide agus gur ardaíodh saincheisteanna acmhainneachta i bhfoirm sleachta ríomhphoist. I ndáil leis an méid sin, d’áitigh tionscal an Aontais go raibh nasc idir an t-aga tionscanta ar tháinig méadú beag air agus na saincheisteanna maidir le hacmhainneacht shealadach agus téarnamh tobann láidir iar-COVID. Mar thoradh air sin, tháinig méadú foriomlán ar an éileamh. Chuir eilimintí eile, amhail ganntanas coimeádán i nDaon-Phoblacht na Síne, le méadú breise ar an éileamh san Aontas. Mhínigh tionscal an Aontais freisin go ndeachaigh na méideanna arna n-iarraidh thar na méideanna a comhaontaíodh agus, i bhfianaise na staide iar-COVID, nach bhféadfaí an méadú sin ar éileamh a ionsú láithreach gan cur leis an lucht saothair. Chun an méid sin a dhéanamh, mhaígh tionscal an Aontais go raibh gá le infheictheacht sa mheántéarma i bhfoirm conarthaí sínithe, seachas orduithe aonair, chun méideanna ionchasacha agus an lucht saothair riachtanach a chinneadh. Chomh maith leis sin, chuir tionscal an Aontais mínithe sásúla ar fáil a léiríonn go bhféadfadh sé go mbainfí míthuiscint as sleachta ríomhphoist áirithe a chuir úsáideoirí ar fáil lena dtuigfí as go mbeadh easpa struchtúrach acmhainneachta ann ach i bhfírinne baineann sé le ganntanas sealadach.

    (57)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Valeo nach bhféadfaí an milleán a chur airsean maidir le méideanna a iarraidh a théann thar na comhaontuithe conarthacha agus go mhaígh sé go bhfuil gá níos mó le AFRP AHEX mar gheall ar an mborradh atá ag teacht ar éileamh in earnáil na ngluaisteán leictreach. Dúirt Valeo freisin gurbh é an comhartha is soiléire faoi na srianta ollmhóra struchtúracha maidir le hacmhainneacht atá ar thionscal an Aontais nach bhfuil sé in ann oiriúnú go tapa don éileamh atá ag méadú.

    (58)

    I ndáil leis an méid sin, fiú má mheasann an Coimisiún líomhaintí maidir le forbairtí tar éis thréimhse an imscrúdaithe, mheas sé go raibh tionscal an Aontais ag oiriúnú don mhéadú ar an éileamh agus gur shealadach iad na srianta acmhainneachta. Go deimhin, léirigh na líomhaintí sin go raibh úsáideoirí i mbun caibidlíochta maidir le conarthaí nua le tionscal an Aontais. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (59)

    Ina theannta sin, d’áitigh tionscal an Aontais nár chuir príomhúsáideoirí AFRPanna AHEX a mhaíonn easpa acmhainneacht isteach iarrataí ar luachaintí a bhaineann le méideanna breise, sa bhreis ar na méideanna conarthaí a bhí ann cheana, chuig formhór na soláthróirí AFRPanna AHEX. Baineann an maíomh sin an bonn den easpa acmhainneachta atá ar fáil. I gcás ar bith, thug an Coimisiún faoi deara gur dealraitheach ón bhfaisnéis sa chomhad go bhféadfadh úsáideoirí áirithe cainníochtaí breise a fháil ó thionscal an Aontais nó go bhfuil siad ag pleanáil cainníochtaí breise a chruthú. Dá bharr sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh nach bhfuil dóthain acmhainneachta táirgeachta ag tionscal an Aontais.

    (60)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhínigh Valeo go raibh nasc idir an fíoras nár sheol sé iarrataí fhoirmiúla ar luachaintí agus ar an iliomad diúltuithe a fuair sé agus bhí sé ag súil, dá bhrí sin, le freagra diúltach. Thairis sin, d’áitigh Valeo go raibh sé i mbun caibidlíochta le táirgeoir de chuid an Aontais chun AFRPanna AHEX a sholáthar.

    (61)

    Maidir leis sin, mheas an Coimisiún go raibh barúil Valeo amhantrach agus nach bhféadfaí a mheas gur fianaise thacaíochta í a bhaineann le hiarrataí ar luachaintí. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach raibh baint ag an gcaibidlíocht lena mbaineann Valeo le líon breise ach le hathnuachan conartha tar éis thréimhse an imscrúdaithe agus, dá bhrí sin, diúltaíodh do na líomhaintí sin.

    (62)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt faoi fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, mhaígh TitanX nach raibh téarmaí a chonartha nua chomh fabhrach céanna leis na conarthaí a bhí ann roimhe sin agus nár réitigh an conradh nua na fadhbanna a bhain le teacht i bhfeidhm dleachtanna sealadacha frithdhumpála. Chomh maith leis sin, d’áitigh sé nár tugadh aghaidh iomlán sa chonradh nua ar cheist an tsoláthair ós rud é go mbeadh ar TitanX leanúint de bheith ag foinsiú ag praghsanna atá ard go saorga ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar feadh tréimhse áirithe ama.

    (63)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt faoi fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, d’athdhearbhaigh Valeo nach bhfuil an acmhainneacht ag na táirgeoirí de chuid an Aontais freastal ar éileamh iomlán an Aontais ar AFRPanna AHEX agus gur chuir siad doiciméid íogaire ar fáil ina dtugtar tuairisc ar shaincheisteanna acmhainneachta agus iompraíochtaí tráchtála áirithe.

    (64)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh TitanX nár cheart a mheas gur sealadach í ceist na hacmhainneachta atá ag cur as do thionscal an Aontais i bhfianaise a saolré. Thuairiscigh sé saincheisteanna eile le déanaí a raibh tionchar acu ar a shlabhra soláthair agus rinne sé gearán faoi iompraíocht mhórtháirgeoirí áirithe de chuid an Aontais a bhí ag teacht i dtír ar tháirgeoirí eile agus a bhí maslach.

    (65)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Valeo mar gheall ar na cúiseanna a thug an Coimisiún chun maíomh Valeo a bhréagnú maidir le heaspa acmhainneachta (aisghabháil iar-COVID, costais lasta agus amhábhar gan a bheith ar fáil) nár tugadh aghaidh ar an líon mór cásanna a tuairiscíodh ar an taifead ina líomhnaítear go bhfuil saincheisteanna acmhainneachta ainsealacha agus córasacha ag teacht chun cinn do tháirgeoirí an Aontais.

    (66)

    I ndáil leis sin, fiú má bhreithnigh an Coimisiún líomhaintí faoi fhorbairtí tar éis thréimhse an imscrúdaithe, mheas sé nach de chineál sistéamach, ainsealach ná struchtúrach a bhí an staid ar a ndearna TitanX agus Valeo tuairisciú air, ach gur staid shealadach é lena gcuirfí ar chumas thionscal an Aontais dul in oiriúint do staid nua an mhargaidh i gcomhthéacs téarnaimh eacnamaíoch iar-COVID. Tá fianaise air sin freisin i bhfianaise na staide a bhfuil tuairisc uirthi in aithris (61) a léiríonn saincheist shealadach atá nasctha le bearta sealadacha frithdhumpála a fhorchur. Mar sin, dheimhnigh an Coimisiún a chinntí ar bhonn na fianaise le linn thréimhse an imscrúdaithe agus dhiúltaigh sé don mhaíomh sin.

    (67)

    Maidir leis na saincheisteanna eile dá dtagraítear, fiú i gcás ina mbreithneofaí faisnéis faoi fhorbairtí tar éis thréimhse an imscrúdaithe, níor mheas an Coimisiún go bhfreagróidís d’fhorbairtí neamhghnácha maidir le caidreamh gnó go ginearálta ach do chleachtais chaibidlíochta le linn thréimhse teannais ar an margadh. Dá bhrí sin, ní thiocfadh aon athrú ar na torthaí a fuarthas ar bhonn na fianaise le linn thréimhse an imscrúdaithe. I gcás ar bith, mar a luaitear in aithris (552), ba cheart a mheabhrú gurb é cuspóir na mbeart frithdhumpála cothroime agus cothrom na Féinne a thabhairt i gcrích, agus is é an toradh a bhíonn orthu de ghnáth méadú ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais.

    (68)

    Thairis sin, mar a luaitear in aithris (56), níor thug an Coimisiún cúiseanna amhail costais lasta agus gan amhábhair a bheith ar fáil chun maíomh Valeo a bhréagnú maidir le heaspa acmhainneachta. Mar a luaitear in aithris (152), baineadh úsáid as eilimintí den sórt sin chun an méadú ar phraghsanna le déanaí a mhíniú, seachas an easpa acmhainneachta. Os a choinne sin, bhí an Coimisiún ag brath ar théarnamh eacnamaíoch iar-COVID chun staid reatha an mhargaidh a mhíniú. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (69)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Valeo freisin gur theip ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an bhfianaise ar fad atá ar an taifead agus gur theip air réasúnaíocht leordhóthanach agus chomhsheasmhach a thabhairt chun tacú lena thorthaí maidir le hacmhainneacht AFRP AHEX. Dúirt sé freisin go bhfuil an Coimisiún faoi oibleagáid na sonraí contrártha uile ar an taifead a mheas agus a chinneadh cé hiad na sonraí ag a bhfuil an luach is airde fianaise. Go háirithe, rinne Valeo gearán ar dtús faoi na hachoimrí poiblí easnamhacha a líomhnaítear a bheith “an-mhór” ar dhoiciméid áirithe (19) a d' úsáid an Coimisiún dá thorthaí. Maidir leis seo, mheas Valeo gur sárú ar chearta cosanta Valeo a bhí in úsáid na faisnéise sin a cuireadh in eagar. Thairis sin, mhaígh Valeo nach raibh úsáid 54 % na hacmhainneachta táirgeachta a thuairiscigh tionscal an Aontais le haghaidh AFRPanna AHEX in 2020 ag réiteach leis na saincheisteanna líomhnaithe maidir le hacmhainneacht “shealadach” sa chéad chuid de 2021 agus nach bhféadfaí iad a mhíniú leis an “aisghabháil láidir iar-COVID”. I ndáil leis sin, léirigh Valeo díobháil a rinne sé dó féin nuair a líomhnaíodh nach raibh tionscal an Aontais in ann soláthar a dhéanamh in 2021 agus an ráta íseal úsáide sin aige in 2020.

    (70)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún agus mheas sé go ndearna sé an fhianaise ábhartha go léir ar an taifead a chur san áireamh d’fhonn teacht ar chonclúidí téagartha neamhchlaonta ar bhonn réasúnaíocht leordhóthanach chomhsheasmhach. Ar an gcéad dul síos, mheas an Coimisiún go raibh achoimre ar an bhfaisnéis íogair a lig do gach páirtí leasmhar tuiscint réasúnach uirthi sa leagan oscailte de na doiciméid a raibh sé ag brath orthu. Thug an Coimisiún dá aire freisin nár iarr Valeo leagan oscailte athbhreithnithe de na doiciméid sin. I ndáil leis sin, níor mheas an Coimisiún gur sáraíodh cearta cosanta Valeo. A mhéid a bhaineann leis an ráta úsáide acmhainneachta agus le díobháil a líomhnaítear a rinneadh dó féin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús, mar a luaitear in aithris (117), nach raibh an Coimisiún ag brath ar an aighneacht ó EA lena léirítear úsáid acmhainneachta 54 % in 2020 chun measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgeachta ach go raibh sé ag brath go faichilleach ar lastais ó thionscal an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfreagraíonn an chontrárthacht a thuairiscigh Valeo do 2 bhliain éagsúla (2020 vs 2021) ina raibh difríocht shuntasach idir an staid eacnamaíoch agus leibhéil an-éagsúil fáis agus éilimh ar AFRPanna.

    (71)

    Ina theannta sin, chuir TitanX i gcoinne roinnt ráiteas a rinne Cuideachta B maidir le deacrachtaí líomhnaithe chun foinse ó Dhaon-Phoblacht na Síne mar gheall ar fhachtóirí amhail an ganntanas coimeádán nó deacrachtaí soláthair le soláthróirí Síneacha. Chuir sé i gcoinne ráiteas go raibh feabhas tagtha ar staid seachadta Chuideachta B agus nach raibh na roghanna ídithe ag táirgeoirí HEX chun teacht ar fhoinsiú breise ó tháirgeoirí eile de chuid an Aontais nó go mbeadh an méid a iarradh in 2022 níos ísle ná mar a bhí in 2021.

    (72)

    Mheas an Coimisiún gur bhain na líomhaintí bréagnaitheacha gan tacaíocht a rinne Cuideachta B agus frisnéisí ina dhiaidh sin ag TitanX le heilimintí a bhaineann go sonrach le cuideachta laistigh de chaidreamh gnó nach bhféadfadh an Coimisiún a fhíorú.

    (73)

    D’áitigh Valeo freisin gur chuir EA an Coimisiún ar a mhíthreoir maidir leis an acmhainneacht a bhí ar fáil le haighneachtaí bréagacha i ndáil leis sin. Mhaígh EA go raibh líomhaintí Valeo maidir lena chuid aighneachtaí bréagacha agus do-ghlactha. D’áitigh sé freisin nach raibh na maímh sin cuí-réasúnaithe le fianaise ar an gcomhad oscailte. Dheimhnigh an Coimisiún barúil ó EA agus dhiúltaigh sé do mhaíomh Valeo ina leith sin.

    (74)

    Mhaígh páirtithe leasmhara éagsúla nár leor infheistíochtaí thionscal an Aontais chun an méadú réamh-mheasta san éileamh arna spreagadh ag an aistriú ó fheithiclí dócháin inmheánaigh (“ICE”) go feithiclí leictreacha/hibrideacha a shásamh faoi 2026. Sa chomhthéacs céanna, mheas ACEA go gcuirfeadh an méadú ar éileamh leis na saincheisteanna acmhainneacht.

    (75)

    Mhaígh TitanX go bhfuil easpa acmhainneachta ar fáil maidir le soláthar AFRPanna AHEX do mhonarú tuaslagán fuaraithe do ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí tráchtála. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar tháirge den sórt sin in 2021 agus táthar ag súil go leanfaidh an treocht ar aghaidh in 2022.

    (76)

    I ndáil leis sin, chuir Valeo agus tionscal an Aontais a réamh-mheastachán tomhaltais go dtí 2026 ar fáil a mhéid a bhaineann le AFRPanna AHEX. Bhí na réamh-mheastacháin sin bunaithe ar líon na bhfeithiclí éadroma de réir an chineáil innill atá le táirgeadh agus ar an meáchan a bhí ar AFRPanna AHEX do gach cineál innill (dóchán inmheánach, leictreachas, hibrideach iomlán, hibrideach inluchtaithe, hibrideach éadrom, etc.).

    (77)

    Bunaithe ar réamh-mheastachán thionscal an Aontais, meastar go dtiocfaidh méadú ar thomhailt/éileamh AFRP AHEX ó [195-215] (20) míle tona in 2019 go [220-270] míle tona in 2026 a fhreagraíonn do mhéadú 28 % ar an iomlán. Sna ríomhanna mionsonraithe a rinne sé, chuir tionscal an Aontais meáchan AFRP AHEX ar fáil in aghaidh an chairr (bunaithe ar fhaisnéis faoin margadh a chuireann baill den Chomhlachas Eorpach Alúmanaim ar fáil) agus an méid táirgeachta feithiclí a bhfuiltear ag súil léi de réir cineáil innill (bunaithe ar Ducker Frontier/ LMC Automotive (21) Lúnasa 2020) ar bhealach trédhearcach. Ina dhiaidh sin, níor léirigh Valeo a dhath eile ach go mbeadh acmhainneacht iomlán an Aontais a bheadh ar fáil 17 % níos ísle ar an meán ná an t-éileamh thar an tréimhse 2021-2027 gan faisnéis eile a chur ar fáil ar a bhféadfadh páirtithe eile a mbarúlacha a thabhairt.

    (78)

    Mar a luaitear in aithris (34), níor comhdaíodh an aighneacht ó Valeo an 11 Meitheamh 2021 go tráthúil agus bhain cuid de na barúlacha a ardaíodh le doiciméad maidir le hacmhainneacht agus réamh-mheastacháin soláthair (22) a chuir EA leis an gcomhad roimh an nochtadh sealadach, agus a raibh rochtain ag Valeo air cheana féin.

    (79)

    Ina bharúlacha eile, chomhaontaigh Valeo leis an méid tomhaltais don bhliain 2019 agus mheas sé go raibh sé bailí freisin don bhliain 2021. Mheas Valeo, áfach, go raibh an roinnt a rinne EA den acmhainneacht táirgeachta idir ICE agus feithiclí hibrideacha eile (thart ar 50 % i gcomparáid le 50 %) mícheart mar go mbeadh an sciar d’fheithiclí hibrideacha i bhfad níos airde in 2026 (thart ar 73 % i gcomparáid le 27 %). I ndáil leis sin, rinne sé tagairt do IHS Markit, cuideachta faisnéise margaidh a líomhnaítear go ndeachaigh an tionscal go léir i gcomhairle leis agus d’úsáid an tionscal an fhaisnéis sin ina réamh-mheastacháin (23). Níorbh fhéidir a fháil amach, áfach, gurbh í IHS a chuir an fhaisnéis ar fáil. I gcás ar bith, tá ríomhanna Valeo ar sciar na bhfeithiclí ICE in 2026 bunaithe ar réamh-mheastachán ó EA míchruinn. Go deimhin, is é réamh-mheastachán ó EA go mbeidh feithiclí ICE cothrom le 40 % (agus ní 50 %) den táirgeacht. Thairis sin, tá maíomh Valeo go mbeadh réamh-mheastachán táirgeachta iomlán EA thart ar 16 milliún feithicil in 2026 mícheart freisin toisc gur thuairiscigh EA aschur iomlán de thart ar 20 milliún don tréimhse sin.

    (80)

    Agus foinse eile faisnéise á lorg aige, cheadaigh an Coimisiún airteagal a d’fhoilsigh an Boston Consulting Group (“BCG”) (24), a chuir an Cumann Eorpach Soláthróirí Gluaisteán (CLEPA) ar fáil, rud a dhearbhaigh go dtiocfaidh méadú ar an sciar d’fheithiclí nach feithiclí ICE iad sna blianta amach romhainn. De réir na foinse sin, tiocfaidh laghdú ar sciar réamh-mheasta an mhargaidh d’fheithiclí ICE (díosal agus gásailín) go 36 % in 2025; i.e. i bhfad níos gaire d’fhigiúr EA ná d’fhigiúr Valeo. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún gur léirigh réamh-mheastacháin EA níos géire na treochtaí amach anseo sna 5 bliana romhainn, treochtaí ar fhorbairtí margaidh amach anseo maidir le ICE.

    (81)

    Mhaígh Valeo freisin gur mheas EA go bhfuil méid chomhionann de AFRPanna AHEX ag teastáil ó ICE agus ó fheithiclí hibrideacha, a líomhnaítear a bheith contrártha leis an bhfaisnéis a roinntear idir Cuideachta B agus Valeo, rud a léiríonn meáchan níos airde AFRP AHEX agus an gá atá le feithiclí hibrideacha ná le feithiclí ICE.

    (82)

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús go ndearna EA idirdhealú i dtomhaltas AFRPanna AHEX idir ICE agus feithiclí hibrideacha agus mheas sé go mbeadh níos mó AFRPanna AHEX ag teastáil ó fheithiclí hibrideacha ná feithiclí ICE. Ar an dara dul síos, ní féidir a mheas go bhfuil an fhaisnéis a roinntear idir táirgeoir de chuid an Aontais, Cuideachta B agus Valeo ionadaíoch ar an difríocht iarbhír idir feithiclí caighdeánacha ICE agus feithiclí hibrideacha. Go deimhin, ní bhaineann an fhaisnéis seo ach le táirge ar leith a bhaineann úsáid as AFRPanna AHEX (fuaraitheoir) agus níl sna cainníochtaí a luaitear ach cuid an-bheag de mhéid ceannaigh Valeo don bhliain 2019 nó do thréimhse an imscrúdaithe. Chomh maith leis sin, ní fhéadfaí tionchar mhéid an tionscadail ná méadú ionchasach ar líon na bpíosaí arna n-ordú ag an úsáideoir OEM iartheachtach a shuí. Ar an tríú dul síos, léirigh an t-imscrúdú go mbeidh meáchan AFRPanna AHEX in aghaidh na samhla éagsúil ag brath ar an gcineál feithicle hibridí (éadrom-hibrideach/inluchtaithe/lán-hibrideach). Go deimhin, níl ach beagán níos mó AFRP AHEX ag teastáil ó fheithiclí éadroma hibrideacha ná feithiclí ICE agus is sciar mór de na feithiclí nach feithiclí ICE iad suas go dtí 2026 iad amach anseo. Ar an mbonn sin agus in éagmais barúlacha eile maidir le cainníocht AFRPanna AHEX de réir an chineáil feithicle, mheas an Coimisiún go raibh meastachán EA maidir leis an gcóimheas tomhaltais le haghaidh cineálacha éagsúla feithiclí réasúnta.

    (83)

    A mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí acmhainneachta agus le hinfheistíochtaí acmhainneachta breise atá ann cheana, mhaígh roinnt páirtithe nár cheart don Choimisiún sonraí tháirgeoir sampláilte an Aontais, Elval, a eachtarshuí go tionscal iomlán an Aontais. Chomh maith leis sin, mhaígh Valeo, bunaithe ar “sonraí fíorchruinne agus coimeádacha”, nár leor an plean infheistíochta a chuir Cuideachta B i láthair chun freastal ar an éileamh réamh-mheasta ar AFRPanna AHEX idir 2022 agus 2025, bunaithe ar a réamh-mheastachán tomhaltais. Ina dhiaidh sin, mhaígh CLEPA nár thug tionscal an Aontais bunús lena chuid infheistíochtaí chun cur lena acmhainneacht trí fhianaise láidir nó réasúnaíocht leordhóthanach. Mhaígh Valeo freisin nach raibh an ráiteas ó Chuideachta B go bhfuil siad ag druidim le huasacmhainneacht ionaid innealra ag teacht réiteach leis an úsáid acmhainneachta tuairiscithe a tugadh i ndoiciméad t21.004224 ina dtuairiscíonn Cuideachta B réamhaisnéis na [80-88 %] húsáide acmhainneachta le haghaidh 2021.

    (84)

    Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndearna an Coimisiún sonraí Elval a eachtarshuí chuig tionscal an Aontais agus nár bhreithnigh sé an fhaisnéis sin i gcomhair Elval amháin. Ina theannta sin, maidir le sonraí Chuideachta B, bhí Valeo ag brath ar thoimhde mhíchruinn a bhain le leithdháileadh na hacmhainneachta táirgeachta ar AFRPanna AHEX. Go deimhin, mheas sé an leithdháileadh [60-70 %] le haghaidh HEX a bheith infheidhme ach amháin in 2021, don tréimhse 2022-2026 ar fad agus thug Cuideachta B le fios go leithdháilfí an acmhainneacht bhreise suiteáilte ar HEX ag brath ar na coinníollacha tráchtála ach ar a laghad ag fás leis an éileamh. Tríd an méid sin a dhéanamh, rinne Valeo meastachán faoi bhun [30-40 %] ar shuiteáil acmhainneachta breise le haghaidh táirgí HEX.

    (85)

    Mar thoradh ar bharúlacha CLEPA, d’iarr an Coimisiún ar thionscal an Aontais an fhaisnéis íogair atá ar fáil cheana féin i bhfoirm freagraí sa cheistneoir, taispeántais mhisin agus doiciméid íogaire eile a chomhlánú le tuilleadh fianaise atá ar fáil do pháirtithe eile chomh maith le figiúirí áirithe a shoiléiriú agus ceartúcháin áirithe a dhéanamh. Dheimhnigh an fhaisnéis bhreise a chuir EA (25) agus Cuideachta B (26) na torthaí sealadacha ar fáil.

    (86)

    Thairis sin, theip ar an gCoimisiún a fheiceáil go bhfuil contráracht ann idir an réamhaisnéis maidir le húsáid acmhainneachta agus ráiteas ó Chuideachta B. Go deimhin, murab ionann agus maíomh Valeo, ní luann Cuideachta B go bhfuil lánacmhainneacht aici ach luann sí go bhfuil sí ag druidim faoi láthair an úsáid acmhainneacht sin agus baineann an réamhaisnéis úsáid acmhainneachta [80-88]% leis an mbliain 2021 ina hiomláine; i.e. an staid in aon am ar leith (nuair a bhíonn Cuideachta B ag druidim le lánacmhainneacht i láthair na huaire) níor chóir a eachtarshuí agus a chur i gcomparáid le réamhaisnéis a bhaineann le bliain iomlán.

    (87)

    Mar achoimre, thiomsaigh an Coimisiún na réamhaisnéisí éilimh agus soláthair seo a leanas (“FC”) don bhliain 2021 agus don bhliain 2026.

    Tábla 1

    Soláthar agus éileamh ar AFRP AHEX san Aontas (1 000 tona)

     

    2021 FC

    2026 FC gan allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

    2026 FC le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

    2026 FC Valeo gan allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

    2026 FC Valeo le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

    Éileamh

    [200 - 220]

    [265 - 275]

    [265 - 275]

    [295 - 315]

    [295 - 315]

    Allmhairí ón tSín

    [20 - 30]

     

    [20 - 30]

     

    [20 - 30]

    Allmhairí as an Tuirc

    [15 - 25]

    [15 - 25]

    [15 - 25]

    [15 - 25]

    [15 - 25]

    Acmhainneacht an Aontais

    [180-200]

    [180-200]

    [180-200]

    [195-215]

    [180-200]

    Acmhainneacht bhreise

     

    [50 - 70]

    [50 - 70]

    [50 - 70]

    [50 - 70]

    Barrachas (ganntanas)

    [15 - 25]

    [5 - 10]

    [25-35]

    -[10 - 20]

    [5 - 15]

    % den éileamh

    9,5  %

    2,3  %

    11,7  %

    - 5,5  %

    2,7  %

    (88)

    Is iad seo a leanas na foinsí do na luachanna thuas. Maidir leis an tábla thuas, bhí an t-éileamh bunaithe ar réamh-mheastachán tomhaltais EA (27) a cuireadh in oiriúint don roinnt do BCG idir feithiclí ICE agus feithiclí nach feithiclí ICE iad. Tuairiscíodh réamh-mheastachán tomhaltais Valeo (28) mar a cuireadh isteach é.

    (89)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt faoi fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, sholáthair Valeo figiúirí réamhaisnéise athbhreithnithe bunaithe ar thuarascáil mhargaidh Bhealtaine 2021 ón ngnólacht taighde IHS Markit. Ar bhonn na tuarascála sin agus ar bhonn mheáchan réamh-mheasta AFRP AHEX de chuid Valeo in aghaidh chineál an innill cairr, mhaígh Valeo go sroichfeadh an t-éileamh [320-350] míle tona in 2026 tar éis méadú ionchasach i dtáirgeadh gluaisteán agus luathú na treochta leictrithe. Ar an mbonn sin, mhaígh sé go raibh an réamh-mheastachán éilimh a rinne EA níos lú sa todhchaí fós agus d’athdhearbhaigh sé nach bhféadfadh tionscal an Aontais freastal ar an éileamh i láthair na huaire agus malartuithe ríomhphoist a sholáthar ina leith sin. D’athdhearbhaigh Valeo freisin nár leor infheistíochtaí pleanáilte thionscal an Aontais chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo.

    (90)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir Valeo i gcoinne an Coimisiún a bheith ag brath ar alt BCG chun diúltú do réamh-mheastacháin éilimh Valeo ar AFRPanna AHEX amach anseo ar bhonn forais éagsúla agus mheas Valeo go raibh meastachán an Choimisiúin ar an éileamh as dáta agus gur cheart é a athbhreithniú i bhfianaise na réamhaisnéise nua a cuireadh ar fáil. Ina theannta sin, rinne Valeo tagairt don phacáiste reachtaíochta “Oiriúnach do 55” faoin gComhaontú Glas don Eoraip mar fhorbairt thábhachtach nár cuireadh san áireamh i réamhaisnéisí eile agus inar áiríodh go sonrach tograí a arb é is aidhm dóibh glanastaíochtaí gás ceaptha teasa agus meánastaíochtaí gás ceaptha teasa ó charranna nua a laghdú 50 % ó 2030 agus 100 % ó 2035 i gcomparáid le 2021. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh sé go raibh an réamh-mheastachán éilimh i dTábla 1 agus aithris (87) imithe i léig agus go dtiocfadh méadú suntasach ar na réamh-mheastacháin a dhéanfar amach anseo mar thoradh ar an gComhaontú Glas. Sa chomhthéacs sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún réamhaisnéis éilimh Valeo a úsáid bunaithe ar thuarascáil IHS Markit Bhealtaine 2021 inar léiríodh méadú níos tapúla ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar AFRPanna AHEX ná na tuarascálacha a chuir Valeo nó EA ar fáil roimhe seo. Thairis sin, d’áitigh Valeo go raibh IHS Markit ina fhoinse níos fearr ná Ducker agus LMC Automotive (“LMC”), go raibh sí cothrom le dáta níos mó (tráth an churtha isteach) agus go raibh rochtain ag páirtithe eile ar an réamhaisnéis éilimh (trí leaganacha téagartha neamhrúnda nó ar iad a cheannach).

    (91)

    D’athdhearbhaigh Valeo a mhaíomh (féach aithris (89)) gur tugadh aghaidh cheana féin ar thionscal an Aontais in aithrisí (64) go (66) de thairbhe nach bhféadfadh an tionscal an acmhainneacht i láthair na huaire a shásamh.

    (92)

    Mar thoradh ar bharúlacha Valeo maidir le níos mó faisnéise cothrom le dáta a bheith ann, iarradh ar EA réamhaisnéis éilimh nuashonraithe a sholáthar. Bhí réamhaisnéis éilimh EA a cuireadh ar fáil bunaithe ar dhá fhoinse; Réamhaisnéis IHS Markit Light Vehicle Production an 5 Iúil 2021 agus DuckerFrontier (Bealtaine 2021) bunaithe ar LMC Automotive Q1/2021. Bhí sonraí IHS Markit an-mhionsonraithe agus áiríodh iontu na méideanna táirgeachta réamh-mheasta de réir tír tháirgthe, rud a fhágann gur féidir an méid atá le táirgeadh san Aontas a aithint. Ní raibh baint ag tacar sonraí LMC automotive Q1/2021 ach le margadh an Aontais amháin agus coigeartaíodh anuas é ar bhonn réamhaisnéis táirgeachta Markit IHS an 5 Iúil 2021 chun freagairt do AE-27. Ina theannta sin, baineadh úsáid as sonraí LMC Automotive chun an roinnt idir na cineálacha éagsúla innill a shuí. Ar bhonn na staitisticí nuashonraithe sin agus ar bhonn mheáchan AFRP AHEX EA in aghaidh chineál an innill cairr, rinne EA réamh-mheastachán go dtiocfadh méadú ar an éileamh ó [188-195] míle tona in 2019 go [222-263] míle tona in 2026.

    (93)

    Mar thoradh ar an aighneacht ó EA, dúirt Valeo go raibh an íosteorainn le haghaidh 2026 faoi bhun an éilimh arna réamh-mheas ag an gCoimisiún i dTábla 1 agus nach raibh an luach sin loighciúil i bhfianaise an fháis a rabhthas ag súil leis ar an éileamh mar gheall ar leictriú na hearnála gluaisteán.

    (94)

    I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus réamh-mheastacháin ar éileamh roimhe seo, gur bhain an réamh-mheastachán is déanaí ó EA go heisiach le AE-27, inar míníodh an fáth, in ainneoin méadú suntasach a bheith tagtha ar an éileamh, gur thosaigh an réamh-mheastachán ó leibhéal níos ísle. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh meastachán EA loighciúil mar gur léirigh sé méadú ar an éileamh le linn na tréimhse 2019-2026 i gcomhréir le treocht an leictrithe.

    (95)

    Mhaígh Valeo freisin go raibh na foinsí a d’úsáid EA roimh an bhfógra ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” sa Chomhaontú Glas 55 an 14 Iúil 2021 agus go raibh EA ar an eolas faoin bhfógra sin, ach nár chuir EA an eilimint sin san áireamh ina mheastachán ar an éileamh. Ar an mbonn sin, d’áitigh sé nár chomhoibrigh EA ar an mbealach is fearr is féidir leis. Ina theannta sin, d’iarr Valeo ar an gCoimisiún réamh-mheastachán a dhéanamh ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar bhonn thuarascáil Markit IHS dá dtagraítear in aithris (90) tar éis í a thabhairt cothrom le dáta chun tionchar an Chomhaontaithe Ghlais a chur san áireamh nó ar bhonn na staitisticí LMC Automotive a cuireadh isteach go húrnua agus a tugadh cothrom le dáta (29) an 29 Iúil 2021 inar líomhnaíodh go ndearnadh tionchar an Mhargaidh Ghlais a mheas. Ar an mbonn sin, shroich meastachán ar éileamh Valeo do 2026 [340-380] míle tona.

    (96)

    Mheas an Coimisiún gur chomhoibrigh EA chomh fada agus is féidir leis mar gur bhain EA úsáid as staitisticí IHS Markit is déanaí a bhí ar fáil dó. I gcás ar bith, de réir Valeo agus “cumann ceannródaíoch tionscail”, is foinse níos fearr é IHS Markit ná Ducker agus LMC. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis a chuir EA ar fáil le déanaí a bhí sách nua chun réamh-mheastachán a dhéanamh ar an éileamh a bheadh ann amach anseo chomh cruinn agus ab fhéidir. Ina theannta sin, níor chuir Valeo fianaise ar fáil a léiríonn nach raibh coinne ag gnólachtaí taighde, amhail IHS Markit ná LMC, le fógra an Chomhaontaithe Ghlais, go háirithe agus á chur san áireamh go gcuireann siad tuarascálacha den sórt sin i dtoll a chéile ar bhonn rialta agus nach raibh ach fógra an Chomhaontaithe Ghlais bunaithe ar an méid a bhí tuartha ag saineolaithe margaidh cheana féin (30). Ina theannta sin, mar atá léirithe ag Valeo, bheadh réamhaisnéisí beachta don todhchaí faoi réir, ar aon nós, plé lena chustaiméirí OEM chun riachtanais a thiocfaidh chun cinn a chinneadh.

    (97)

    Mheas an Coimisiún freisin gur léiríodh rómheastachán ar na meastacháin is déanaí a sholáthair Valeo ach dhiúltaigh siad dóibh mar léiríodh anailís ar an bhfaisnéis a sholáthair Valeo dá dtagraítear in aithris (89) agus aithris (95), agus a fuair fianaise ó shonraí bunúsacha ina chuid barúlacha maidir le nochtadh cinntitheach, go ndearnadh rómheastachán ar a mheastacháin ar éileamh (bíodh siad bunaithe ar IHS Markit nó ar LMC) toisc nár bhain siad le suiteáil inneall nó táirgeadh carranna san Aontas, ach áiríodh iontu freisin suiteáil inneall nó táirgeadh carranna i dtíortha eile amhail an Ríocht Aontaithe, an Rúis agus an Tuirc. Go deimhin, sna tuarascálacha ó IHS Markit a bhí in úsáid ag Valeo, rinneadh rómheastachán os cionn 18 % ar shuiteáil inneall bhliantúil san Aontas le linn na tréimhse 2021-2026. Cé nár cuireadh síos ar idirdhealú in aghaidh na tíre táirgthe gluaisteán na tuarascálacha ó LMC a cuireadh ar fáil , rinne siad tagairt go soiléir do raon feidhme geografach níos leithne ná an tAontas ós rud é gur áiríodh iontu tíortha CIS agus tíortha eile, amhail an Ríocht Aontaithe agus an Tuirc, ina ndéantar líon suntasach carranna a tháirgeadh. Ar an mbonn sin, measadh go raibh raon feidhme geografach na staitisticí sin róleathan agus nár cheart é a úsáid chun éileamh AFRP AHEX san Aontas a mheasúnú. Sa chomhthéacs sin, mheas an Coimisiún go raibh an t-éileamh réamh-mheasta a sholáthair EA, mar a luaitear in aithris (103), níos oiriúnaí de réir mar a bhaineann sé leis an Aontas amháin agus, bhí sé bunaithe ar thuarascáil IHS Markit a bhí sách nua, a mheasann Valeo, mar a luaitear in aithris (90), gur fearr an fhoinse í ná Ducker agus LMC.

    (98)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh TitanX go raibh an réamhaisnéis éilimh a rinne an Coimisiún imithe i léig agus nár cuireadh feithiclí tráchtála san áireamh. Rinne sé tagairt don Chomhaontú Glas don Eoraip agus do na tograí reachtacha a fógraíodh lena ndírítear ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go ginearálta agus san earnáil gluaisteán go háirithe. Sa chomhthéacs sin, mhaígh sé go méadódh na spriocanna nua astaíochtaí luas an leictrithe i dtionscal na ngluaisteán agus go dtiocfadh méadú ar an éileamh ar AFRPanna AHEX dá bharr. I ndáil leis sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún réamhaisnéis éilimh Valeo a luaitear in aithris (89) agus aithris (104) a mheas.

    (99)

    A mhéid a bhaineann le maíomh TitanX maidir le feithiclí tráchtála, mar a luaitear in aithris (115), níor chuir an Coimisiún san áireamh ach 85 % den mheánmhéid lastais chuig an Aontas a bhí ceaptha lena iompar chun measúnú faichilleach a dhéanamh ar an éileamh ar fheithiclí éadroma amháin. Mar sin, áiríodh leis an 15 % eile na lastais atá ceaptha d’fheithiclí tráchtála. In éagmais aon fhaisnéise a léiríonn conclúidí éagsúla ina leith sin nó fianaise maidir leis an éileamh a bheidh ann amach anseo ar fheithiclí tráchtála, measadh go raibh acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais freastal ar éileamh le haghaidh na hearnála áirithe sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (100)

    Tar éis nochtadh breise a dhéanamh, chuir Valeo agus CLEPA i gcoinne chur chuige an Choimisiúin táirgeadh carranna i dtíortha amhail an Tuirc, an Rúis agus an Ríocht Aontaithe a chur as an áireamh óna ríomhanna. Maidir leis sin, d’áitigh Valeo go bhfuiltear ag cur méideanna onnmhairí suntasacha de chomhpháirteanna HEX chun na Rúise, chun na Tuirce agus chun na Ríochta Aontaithe, a fhianaise sin atá bunaithe ar staitisticí Eurostat agus ar a thaifid féin. Ina theannta sin, d’áitigh sé go bhfuil táirgeadh chomhpháirteanna HEX an-teoranta sna tíortha sin agus go mbraitheann na tíortha sin go mór ar allmhairí ón Aontas. Ina dhiaidh sin, mhaígh CLEPA gur sciar suntasach den táirgeadh ó sholáthróirí mótarfheithiclí san Aontas í an táirgeacht feithiclí lasmuigh den Aontas agus go bhfuil acmhainneacht táirgeachta theoranta ag AHEX lasmuigh den Aontas. Mhaígh CLEPA freisin go raibh sciar suntasach de pháirteanna AE nó de bhreisluach AE i bhfeithiclí a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe, sa Rúis nó sa Tuirc suntasach. Dá bhrí sin, mhaígh CLEPA go nginfidh onnmhairí ioncam suntasach do sholáthróirí gluaisteán an Aontais agus nár cheart táirgeacht soláthróirí gluaisteán a chinneadh trí bhíthin táirgeadh feithiclí san Aontas féin amháin, ach sa réigiún máguaird chomh maith. Ar an mbonn sin, d’áitigh Valeo agus CLEPA gur cheart an t-éileamh ar AFRPanna AHEX a bhunú ar riachtanais iarbhír tháirgeoirí AHEX beag beann ar cheann scríbe a dtáirgí. Ina theannta sin, d’áitigh Valeo nach ndéanfaí anailís cheart ar leas an Aontais mura gcuirfí AHEX atá le honnmhairiú san áireamh.

    (101)

    Mar a luaitear in aithris (145), d’aithin an Coimisiún gurb ann d’onnmhairí páirteanna HEX a bheith á ndéanamh ag táirgeoirí áirithe AHEX. Níor chomhaontaigh an Coimisiún, áfach, leis gur cheart táirgeadh carranna sna tíortha sin a chur san áireamh ina iomláine chun measúnú a dhéanamh ar an éileamh san Aontas. Go deimhin, maidir leis an éileamh go raibh na tíortha sin ag brath go mór ar allmhairí ón Aontas, ní raibh fianaise tacaíochta ann. Mar a d’aithin Valeo, níor bhain staitisticí Eurostat go heisiach le AHEX agus áiríodh táirgí eile iontu. Cé go n-aithníonn Valeo go bhfuil acmhainneacht táirgeachta AHEX ann sna tíortha sin, ní dhearna Valeo acmhainneacht táirgeachta na dtáirgeoirí intíre AHEX a luaigh sé a chainníochtú. Ina theannta sin, níorbh fhéidir a chur as an áireamh nach soláthródh soláthróirí AHEX intíre (31) do na margaí sin seachas iad siúd arna lua ag Valeo nó ag táirgeoirí AHEX nach bhfuil san Aontas. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nár léirigh Valeo go raibh táirgeoirí AHEX atá lonnaithe san Aontas ag soláthar do na tíortha sin i gcoibhneas lena raibh margaí den sórt sin ag brath go mór ar táirgeoirí AHEX de chuid an Aontais. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún nach raibh maímh CLEPA sonrach go leor toisc mar nach raibh baint acu le AHEX go háirithe ach le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin soláthróirí gluaisteán i gcoitinne.

    (102)

    Bunaithe ar na heilimintí atá sa chomhad, d’aithin an Coimisiún go raibh naisc tráchtála áirithe ann idir táirgeoirí AHEX atá lonnaithe san Aontas agus monaróirí carranna i dtíortha amhail an Rúis, an Tuirc agus an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, in éagmais faisnéis shonrach lenar féidir onnmhairí AHEX chuig na tíortha sin a shainaithint, ní fhéadfadh an Coimisiún a thorthaí a bhunú ar an raon feidhme geografach dá dtagraítear ag Valeo ina éileamh réamh-mheasta AFRP AHEX. I gcás ar bith, mheas an Coimisiún gur cheart an t-éileamh ar mhargadh an Aontais a bheith bunaithe go príomha ar tháirgeadh carranna san Aontas, go háirithe i bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais, a bhaineann go heisiach leis an Aontas. Thairis sin, leis an anailís ar éileamh, mar a chuirtear i láthair in aithris (127) agus i soláthar mar a leagtar amach i dTábla 1, bheadh tionscal an Aontais in ann cainníochtaí breise is gá a sholáthar chun AHEX a tháirgeadh atá lena n-onnmhairiú. Thairis sin, is féidir le táirgeoirí AHEX san Aontas iarratas a dhéanamh ar údarú chun AFRPanna a allmhairiú faoin gcóras próiseála isteach, rud a cheadódh dóibh, dá ndeonódh na húdaráis chustaim é i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim, an AHEX a thiocfadh as sin a onnmhairiú gan a bheith faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála. Dá bhrí sin, bheadh an t-ualach agus an tionchar airgeadais ar ghníomhaíochtaí onnmhairiúcháin táirgeoirí AHEX an-teoranta. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do mhaímh Valeo agus CLEPA agus mheas an Coimisiún go ndearnadh measúnú cuí ar leas an Aontais.

    (103)

    An 12 Lúnasa 2021, sholáthair EA réamhaisnéis éilimh AFRP AHEX cothrom le dáta bunaithe ar thuarascáil níos mionsonraithe ó IHS Markit Light Vehicle Production ina sainaithnítear na cineálacha innill. Eisíodh an tuarascáil sin ag an am céanna leis an tuarascáil ar an 5 Iúil 2021 a luaitear in aithris (91) agus bhí na tuarascálacha sin comhsheasmhach. Ar an mbonn sin, mhéadaigh réamhaisnéis bunleibhéil EA ó 222 go 232 mhíle tona. Ba chomhionann fós réamhaisnéis EA bunaithe ar DuckerFrontier/LMC Automotive Q1/2021 ag 263 mhíle tona.

    (104)

    Agus comparáid á déanamh idir IHS Markit an 5 Iúil 2021 agus roinnt LMC 29 Iúil 2021 de réir an chineáil innill, thug an Coimisiún faoi deara go raibh sonraí LMC, a líomhnaítear gur cuireadh an pacáiste “Oiriúnach do 55” san áireamh, go ndearnadh sciar i bhfad níos airde fós do ICE (40 %) don bhliain 2026 a thuar ná sonraí IHS Markit an 5 Iúil (22 %) a foilsíodh roimh fhógra phacáiste reachtaíochta “Oiriúnach do 55” agus a d’úsáid EA dá réamh-mheastachán.

    (105)

    Ar bhonn an mhéid thuas, mheas an Coimisiún go raibh sé deacair foráil a dhéanamh maidir le leibhéal an éilimh ar AFRP AHEX don bhliain 2026 le leibhéal ard cruinnis mar go bhfuil roinnt éiginnteachtaí fós ann maidir leis an bpacáiste reachtach “Oiriúnach do 55” a chur chun feidhme i ndáil le leictriú na ngluaisteán agus maidir le táirgeadh carranna éadroma go háirithe. I gcás ar bith, mheas an Coimisiún go raibh réamhaisnéisí EA ar éileamh, bíodh siad bunaithe ar na sonraí IHS Markit is déanaí atá ar fáil de réir mar a mhol Valeo nó ar luachanna níos airde na sonraí LMC, réasúnta.

    (106)

    I ndiaidh nochtadh breise, dúirt Valeo go raibh barúlacha an Choimisiúin maidir le sonraí LMC an 29 Iúil 2021 mícheart. Chuir Valeo in iúl nach raibh baint ag sonraí LMC le AE-27 amháin, ach gur cuireadh na hiarrachtaí leictrithe gluaisteán a bhí níos moille sa Tuirc agus sa Rúis san áireamh freisin, mar thoradh ar easpa reachtaíochta atá comhionann leis an gComhaontú Glas. Ar an mbonn sin, mhaígh Valeo go raibh sonraí LMC iomlán agus iontaofa, agus gur cheart don Choimisiún iad a chur san áireamh dá bhrí sin. Thairis sin, mhaígh sé nár chuir an Coimisiún sonraí ábhartha i láthair maidir le sciar ICE, feithiclí leictreacha agus feithiclí hibrideacha agus gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar shonraí LMC ina mheasúnú ar an éileamh tuartha AFRPanna AHEX ar na forais, cé gurb é IHS Markit an fhoinse is údarásaí, is iad sonraí LMC an t-aon tacar sonraí ar an taifead lena ndéantar tionchar ag an bhfógra faoin gComhaontú Ghlas a chainníochtú.

    (107)

    In éagmais sonraí LMC atá ar fáil in aghaidh gach tíre táirgthe, ní raibh an Coimisiún in ann barúlacha Valeo a dheimhniú maidir le luas níos moille leictrithe sa Rúis agus sa Tuirc a líomhnaítear gur chuir LMC san áireamh iad. Ar aon chaoi, mar a luaitear in aithris (97) agus aithris (101), mheas an Coimisiún nárbh iomchuí raon feidhme geografach na sonraí LMC d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an éileamh intíre; go raibh an fhaisnéis a chuir EA ar fáil le déanaí sách nua chun an t-éileamh a bheadh ann amach anseo a mheas. agus go bhfuil tásca ann go raibh saineolaithe margaidh ag súil leis an bhfógra faoin gComhaontú Glas. Thairis sin, níor chuir Valeo fianaise ar fáil a léiríonn nach raibh coinne ag gnólachtaí taighde, mar shampla IHS Markit, leis an bhfógra faoin gComhaontú Glas. In éagmais sonraí LMC iomchuí; i.e. Atá teoranta do AE-27, mheas an Coimisiún, dá bhrí sin, gurb é sonraí IHS Markit an 5 Iúil an bonn is déanaí agus is iomchuí chun an t-éileamh ar AFRP AHEX in 2026 a mheas. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire freisin nach féidir le Valeo IHS a mheas go loighciúil mar fhoinse níos údarásaí ná LMC agus ansin a iarraidh ar an gCoimisiún sonraí LMC a úsáid, go háirithe nuair nach leor an raon feidhme geografach atá aige. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (108)

    Tar éis nochtadh breise a dhéanamh, chuir Valeo ionsamhlúcháin nua ar fáil freisin maidir le hacmhainneacht agus réamh-mheastacháin infheistíochta thionscal an Aontais bunaithe ar shonraí LMC an 29 Iúil 2021. Mhaígh Valeo nach bhféadfadh tionscal an Aontais freastal ar éileamh sa tréimhse 2021-2027 fiú dá mbeadh laghdú 18 % tagtha ar mhéideanna táirgthe carranna.

    (109)

    I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh na hionsamhlúcháin nua sin a thíolacadh tar éis an spriocdháta le haghaidh barúlacha maidir leis an nochtadh cinntitheach agus nár bhain an nochtadh breise le hacmhainneacht ná le hinfheistíochtaí an Aontais. Ar an mbonn sin, ní fhéadfaí na heilimintí sin a chur san áireamh. I gcás ar bith, mar a leagtar amach in aithris (107), ní fhéadfaí glacadh le sonraí LMC. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go ndearnadh rómheastachán suntasach ar shonraí LMC, fiú nuair a laghdaigh siad 18 %, éileamh réamh-mheasta AE-27. Go deimhin, ar bhonn na sonraí IHS Markit is déanaí (5 Iúil 2021), bhí an táirgeacht i dtíortha nach bhfuil san Aontas le linn na tréimhse 2021-2027 idir 26,8 agus 30,5 % de tháirgeadh carranna an Aontais, i gcomparáid le 18 %. Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (110)

    Tar éis nochtadh breise a dhéanamh, mhaígh Valeo agus CLEPA go raibh easpa réasúnaíochta ann agus nár thacaigh aon anailís chainníochtúil le conclúid an Choimisiúin go bhféadfaí éileamh an Aontais a ionsú le hacmhainneacht réamh-mheasta thionscal an Aontais agus na hallmhairí réamh-mheasta ó thríú tíortha. Go sonrach, mhaígh Valeo, murab ionann agus an doiciméad nochta ginearálta, nach raibh achoimre choibhéiseach i dTábla 1 sa nochtadh breise, rud nár cheadaigh Valeo a chearta cosanta a fheidhmiú i gceart agus barúil a thabhairt faoin acmhainneacht leordhóthanach san Aontas chun freastal ar éileamh ar AFRPanna AHEX. Ina theannta sin, mhaígh Valeo nár thug an nochtadh breise aghaidh ar “an líon mór ríomhphost agus fianaise eile a chuir Valeo isteach” maidir le diúltú arís agus arís eile ó tháirgeoirí an Aontais cainníochtaí leordhóthanacha AFRPanna AHEX a sholáthar. Ós rud é nach ndearnadh an fhianaise sin a mheasúnú i gceart, mhaígh Valeo gur cuireadh an nochtadh breise ó bhail mar gheall ar réasúnaíocht neamhleor agus trí earráid shoiléir de dheasca na fíorais a mheasúnú.

    (111)

    Maidir leis sin, mheas an Coimisiún go raibh faisnéis sách mionsonraithe sa doiciméad nochta breise maidir leis na haighneachtaí a rinneadh tar éis an doiciméid ghinearálta nochta agus go bhféadfadh páirtithe tagairt éasca a dhéanamh d’aighneachtaí bunaidh na bpáirtithe. Ina theannta sin, sa doiciméad breise maidir le nochtadh, mar a léirítear in aithris (92) agus aithris (98), rinneadh tuairisciú ar an éileamh is déanaí ar AFRP AHEX arna chur isteach ag EA. Bhain an Coimisiún úsáid as faisnéis a bhí ar fáil do pháirtithe agus d’fhéadfadh Valeo an t-éileamh réamh-mheasta, atá i dTábla 1 don bhliain 2026, go díreach a chur in ionad na faisnéise atá sa doiciméad breise nochta, a rinne tagairt freisin do na haighneachtaí ó EA. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an réasúnaíocht agus an anailís chainníochtúil is gá sa nochtadh breise. Maidir le cearta cosanta Valeo, mheas an Coimisiún go raibh an nochtadh breise mionsonraithe go leor chun ligean do Valeo a chearta cosanta a fheidhmiú. Thairis sin, ní raibh aon eilimint nua nach bhfuil ar fáil ar an gcomhad oscailte cheana féin sa nochtadh breise a bhaineann le hacmhainneacht thionscal an Aontais.

    (112)

    Ina theannta sin, mheas an Coimisiún nach raibh an fhianaise arna soláthar ag Valeo maidir le deacrachtaí soláthair ina údar le nochtadh breise toisc nach bhfuil cineál na maíomh sin nua. Tugadh aghaidh ar na maímh sin cheana in aithris (91).

    (113)

    Mhaígh Valeo freisin go raibh torthaí an nochta bhreise neamhloighiciúil agus go raibh réasúnaíocht leordhóthanach in easnamh. Go bunúsach, mhaígh sé, ós rud é gur chinn an Coimisiún nach mbeadh acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais freastal ar éileamh [295-315] (32) míle tona, ní fhéadfadh sé éileamh níos airde a ionsú bunaithe ar réamh-mheastacháin Valeo suas le [340-380] (33) míle tona. Ar an mbonn sin, mhaígh sé go raibh an Coimisiún ag déanamh faillí ar thionchar an Chomhaontaithe Ghlais.

    (114)

    Mar a luaitear in aithris (97), mheas an Coimisiún nach raibh na réamh-mheastacháin éilimh a rinneadh roimhe seo agus na réamh-mheastacháin éilimh is déanaí ó Valeo bunaithe ar raon feidhme geografach iomchuí agus go ndearnadh rómheastachán suntasach ar tháirgeadh carranna san Aontas agus, dá bhrí sin, ar an éileamh ar AFRPanna AHEX san Aontas. Ar bhonn na bhfigiúirí réamh-mheasta is déanaí maidir le táirgeadh carranna agus úsáid á baint as an raon feidhme geografach iomchuí mar a luaitear in aithris (98), mheas an Coimisiún go raibh meastacháin EA idir 232 agus 263 mhíle tona réasúnta. Ar an mbonn sin agus ar bhonn acmhainneacht réamh-mheasta thionscal an Aontais agus allmhairí ó thríú tíortha, chinn an Coimisiún go mbeadh acmhainneacht leordhóthanach ann an méadú ar an éileamh a ionsú, cibé acu a fhanann allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar an margadh nó nach bhfanann, ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (115)

    Bhí allmhairí AFRPanna AHEX ón tSín bunaithe ar an aighneacht ó Valeo. Rinneadh measúnú ar allmhairí ón Tuirc bunaithe ar thaispeántas fíoraithe Uimh. 11 EA ag soláthar lastais san fhormáid chéanna le doiciméad t21.004336. Chun bheith faichilleach, measadh nach raibh i gceist le AFRPanna AHEX a bhí ceaptha d’fheithiclí éadroma ach 85 % den mheánmhéid lastais chuig an Aontas a bhí ceaptha le haghaidh iompair do na blianta 2017-2019 a bheith i gceist.

    (116)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir Valeo a ábhar amhrais in iúl maidir leis na méideanna allmhairí ón Tuirc ach níor shonraigh sé cé na forais a bhí leis an ábhar amhrais ná níor chuir sé isteach aon fhianaise a thacaigh lena mhaímh. Mar a luaitear in aithris (89), rinneadh measúnú faichilleach ar an méid allmhairí sin bunaithe ar lastais ón Tuirc chuig an Aontas mar a tuairiscíodh do EA. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (117)

    Bhí acmhainneacht an Aontais bunaithe ar an aighneacht ó EA a bhaineann le lastais AFRP i gcomhair táirgeadh HEX in earnáil an iompair. Is cur chuige sách faichilleach é seo toisc go bhféadfadh an táirgeacht iarbhír agus an acmhainneacht a bheith i bhfad níos airde ná na lastais. Ar an gcaoi chéanna, measadh nach raibh i gceist le AFRPanna AHEX a bhí ceaptha d’fheithiclí éadroma ach 85 % den mheánmhéid lastais chuig an Aontas a bhí ceaptha le haghaidh iompair do na blianta 2017-2019 a bheith i gceist. Fuarthas figiúr acmhainneachta Valeo san aighneacht chéanna.

    (118)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh EA nár cheart don Choimisiún a bheith ag brath ar shonraí lastais a fhreagraíonn dá dhíolacháin ach ar an acmhainneacht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin dar mhéid [400-450] míle tona le linn thréimhse an imscrúdaithe (34).

    (119)

    Mar fhreagra ar na barúlacha sin, mhaígh Valeo agus TitanX nach raibh an acmhainneacht thuairiscithe le feiceáil ar an gcomhad neamhrúnda, nár féidir leo barúil a thabhairt faoi inneachar na faisnéise sin nuair a comhdaíodh an fhaisnéis go déanach agus nár cuireadh míniú téagartha ann ar an modheolaíocht a úsáideadh ach amháin gur bailíodh an fhaisnéis ó chomhaltaí EA. Ina theannta sin, cheistigh siad an gaol idir an aighneacht a ndearna EA tagairt di agus aighneachtaí áirithe a rinneadh roimhe sin (35). Ina theannta sin, mhaígh siad gur chóir go n-áireofaí ar bhailíochtú na dtáirgeoirí a bhfuil cláir mhóra HEX acu an acmhainneacht thuairiscithe. Ar an mbonn sin, mhaígh sé gur sháraigh easpa mínithe mionsonraithe sa chomhad oscailte a gcearta cosanta. Thairis sin, mhaígh Valeo agus TitanX nach raibh an acmhainneacht thuairiscithe réalaíoch i bhfianaise úsáid íseal acmhainneachta a tuairiscíodh do thréimhse an imscrúdaithe agus i bhfianaise na saincheisteanna acmhainneachta sealadaí a bhí ann ina dhiaidh sin le linn an chéad leath de 2021, as ar eascair, mar a líomhnaíodh, an mhí-úsáid a bhain tionscal an Aontais as an bpraghsáil agus iad ag faire na faille. Ar an mbonn sin, thacaigh Valeo agus TitanX le cur chuige an Choimisiúin maidir le hacmhainneacht.

    (120)

    Maidir leis sin, mheas an Coimisiún nár cuireadh san áireamh san acmhainneacht arna tuairisciú ag EA an acmhainneacht a leithdháiltear de ghnáth ar AFRPanna HEX eile a mhonaraigh tionscal an Aontais nó ar tháirgí eile a monaraíodh leis an trealamh céanna. Ós rud é nach raibh an Coimisiún ag brath ar dhoiciméad t21.004414 dá thorthaí, níor mheas an Coimisiún gur sáraíodh cearta cosanta Valeo nó TitanX, cé gur admhaigh sé nach raibh achoimre théagartha ar a inneachar íogair sa leagan neamhrúnda den doiciméad. Ar an mbonn sin agus d’fhonn an acmhainneacht táirgeachta a thuairisciú go faichilleach, dheimhnigh an Coimisiún a chur chuige agus bhunaigh sé a mheastachán acmhainneachta ar na lastais san Aontas. Dá réir sin, diúltaíodh do mhaíomh EA.

    (121)

    Tar éis nochtadh breise a dhéanamh, d’áitigh Valeo, i gcomhréir le modheolaíocht an Choimisiúin chun éileamh an mhargaidh a mheasúnú, gur cheart AFRPanna AHEX a eisiamh ón measúnú ar acmhainneacht thionscal an Aontais, ar measúnú é a bheadh lena úsáid ar deireadh chun carranna a tháirgeadh i dtíortha nach bhfuil san Aontas.

    (122)

    Mar a mhínítear in aithris (117), rinneadh inniúlacht an Aontais a mheasúnú go faichilleach ar bhonn na lastas atá ceaptha do mhargadh an Aontais. Ós rud é go léiríonn an táscaire seo an chainníocht go fíorchruinn a bhí an tionscal de chuid an Aontais in ann a sheachadadh ar mhargadh an Aontais, níor mheas an Coimisiún gur cheart athbhreithniú anuas a dhéanamh ar an gcainníocht sin chun sciar AHEX a onnmhairíodh chuig tíortha nach bhfuil san Aontas agus a táirgeadh ó AFRPanna arna monarú ag tionscal an Aontais a chur san áireamh. I gcás ar bith, níor thug Valeo cainníocht HEX a monaraíodh san Aontas agus a onnmhairíodh chuig tíortha nach bhfuil san Aontas. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (123)

    I ndáil le hacmhainneacht bhreise réamh-mheasta a chuirfidh tionscal an Aontais leis an acmhainneacht atá ann cheana féin, suíodh í ar bhonn na haighneacht ó Valeo a luaitear in aithris (88), ar an aighneacht ó Chuideachta B maidir leis an ábhar sonrach seo agus a bhfuil fianaise nithiúil ar thionscadail infheistíochta (36) agus faisnéis fhíoraithe an táirgeora shampláilte de chuid an Aontais lena mbaineann ag tacú leis.

    (124)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, bhí amhras ar Valeo maidir leis na hinfheistíochtaí in acmhainneacht bhreise thionscal an Aontais do na blianta 2022 agus 2023 agus mhaígh sé nach mbeadh an acmhainneacht ag feidhmiú go hiomlán roimh 2024 i ngeall ar iarrachtaí trialach, optamú trealaimh agus díscrogallú. Chuir Valeo a ábhar amhrais in iúl freisin maidir le leithdháileadh na hinfheistíochta ar AFRPanna AHEX.

    (125)

    Ní raibh bunús leis na maímh sin, áfach. I gcás ar bith, thug tionscal an Aontais le fios go bhfásfadh a acmhainneacht de réir éileamh an mhargaidh agus go leithdháilfí an acmhainneacht bhreise ar AFRPanna AHEX dá mbeadh dálaí cothroma margaidh ann.

    (126)

    Ar bhonn na réamhaisnéise faichillí thuas, mheas an Coimisiún go raibh dóthain acmhainneachta ag tionscal an Aontais chun freastal ar an éileamh atá ann i láthair na huaire agus go raibh dóthain acmhainneachta spártha ann. A mhéid a bhaineann leis an éileamh a bheidh ann amach anseo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i bhfianaise na hacmhainneachta breise, go mbeadh dóthain soláthair ann chun an méadú ar an éileamh a ionsú, cibé acu a fhanann allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar an margadh nó nach bhfanann. Ar aon chuma, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go leanfadh roinnt allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar phraghsanna neamhdhíobhálacha.

    (127)

    Thug an Coimisiún faoi deara freisin go mbeadh an t-éileamh don bhliain 2026, bunaithe ar shonraí AE-27 IHS Markit an 5 Iúil 2021 agus meastachán inmheánach Valeo maidir le meáchan AFRP AHEX de réir chineál an innill, fós níos ísle ná an t-ábhar a bhí ar fáil ar mhargadh an Aontais, bíodh sé á sholáthar ag tionscal an Aontais nó bíodh sé á fháil ó thríú tíortha.

    (128)

    Agus réamhaisnéis tomhaltais Valeo á meas ag an gCoimisiún, agus ag an am céanna na réamh-mheastacháin bhreise acmhainneachta á gceartú aige mar a mhínítear in aithris (118) thuas, chinn sé go mbeadh ganntanas ábhartha ann dá stadfadh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ina n-iomláine. Mar sin féin, bheadh an ganntanas sin i bhfad níos ísle (5,5 %) ná an easpa a thuar Valeo don tréimhse 2022-2027 (17 %) nó don bhliain 2026 (21,7 %). I gcás ar bith, i gcás ina leanfadh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar aghaidh sna cainníochtaí céanna, d’imeodh an easpa sin. Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh do na maímh a bhaineann le cumas, le hinfheistíochtaí agus le ganntanas ábharach i bhfianaise an éilimh mhéadaithe.

    (129)

    Mhaígh na húsáideoirí agus a gcomhlachas, le tacaíocht ó ACEA, nach ndearna an Coimisiún measúnú ceart ar thionchar na mbeart i bhfianaise easpa acmhainneachta a bheith ann. Mhaígh siad, fiú dá mbeadh acmhainneacht ar fáil, gur bhac gearrthéarmach a bheadh sa bhailíochtú agus nach bhféadfaí soláthar an Aontais a chur in ionad allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne go tapa. Ar an mbonn sin, mhaígh siad freisin go raibh siad neamhchosanta ar riosca suntasach tráchtála agus ar chailliúint deiseanna gnó. I ndáil leis sin, dúirt CLEPA freisin go bhfuil an t-ionchur ábhartha céanna ag teastáil ó thionscadail chustaiméirí domhanda áirithe, i gcás ina dtáirgtear an pháirt chéanna, chun comhsheasmhacht i bhfeidhmíocht an chláir a áirithiú. Níor tugadh fianaise thacaíochta don mhaíomh sin, áfach, maidir le AFRPanna AHEX, rud a d’fhág an maíomh gan bhunús. Maidir leis sin freisin, mhaígh ACEA go dtiocfadh méadú suntasach ar na costais mhonaraíochta le leibhéal na mbeart sealadach.

    (130)

    Thug Valeo le fios nárbh fhéidir ionadú tapa a dhéanamh ós rud é, de réir a réamhaisnéise soláthair AFRPanna AHEX in 2021, nach bhfuil cóimhiotail Shíneacha bailíochtaithe ar fáil ar mhargadh an Aontais agus nach bhfuil aon fhoinsí malartacha ann. Chomh maith leis sin, mhaígh Valeo agus roinnt páirtithe eile gur minic nár ghlac na cliaint le défhoinsiú (arb é an chiall atá leis go gcuireann níos mó ná soláthróir amháin an táirge céanna ar fáil ag an am céanna gan deacracht ar bith).

    (131)

    Thug an Coimisiún faoi deara i gcás roinnt cóimhiotail shonracha a bhfuil sciar tábhachtach de cheannacháin ag Valeo gur aimsigh sé na cóimhiotail sin sna blianta deireanacha ó tháirgeoir de chuid an Aontais agus gur chuir sé táirgí eile ina n-ionad ina dhiaidh sin, sin táirgí a bhfuil na sonraíochtaí teicniúla céanna acu ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Ina theannta sin, bhí fianaise ag an gCoimisiún ar an gcomhad go bhfuil an acmhainneacht is gá ag an táirgeoir de chuid an Aontais lena mbaineann an táirge sonrach sin a sholáthar agus nach mbeadh bailíochtú iomlán nua ag teastáil ón úsáideoir. Ina theannta sin, bhí líomhain Valeo bunaithe ar réamhaisnéis soláthair 2021 agus níor thacaigh an fhaisnéis a soláthraíodh do thréimhse an imscrúdaithe (2019 agus 2020) lena mhaímh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh nach bhféadfaí na cóimhiotail atá i gceist a fháil ó mhargadh an Aontais a thuilleadh.

    (132)

    Léirigh an fhianaise ar comhad go n-éilíonn custaiméirí áirithe défhoinsiú agus go bhfaigheann úsáideoirí áirithe réitigh mhalartacha dá gceannacháin AFRPanna AHEX nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna seachadta. Tá fianaise thacaíochta eile leis sin ó bhunachar sonraí réamhaisnéise soláthair Valeo do na blianta 2019 agus 2020 ina léirítear go raibh an dara foinse bhailíochtaithe san Aontas le linn na mblianta sin ag sciar suntasach den ábhar a soláthraíodh ón tSín. Is fianaise bhreise é an défhoinsiú go bhfuil na cóimhiotail agus na hábhair chéanna bailíochtaithe do sholáthróirí Síneacha agus do sholáthróirí de chuid an Aontais ag an am céanna.

    (133)

    Dheimhnigh EA freisin go raibh an t-aistriú ó aimsiú foinsí sa tSín go dtí aimsiú foinsí san Aontas á dhéanamh cheana féin in 2021, agus roinnt custaiméirí móra á dhéanamh freisin. Thairis sin, thug sé le fios gurb é tionscal an Aontais a sholáthair an chuid is mó den ábhar ón tSín a allmhairíodh faoi láthair sular tháinig soláthróirí ar chostas íseal ina ionad. Is fianaise bhreise é sin gur féidir ionadú a dhéanamh go tapa ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne trí sholáthar ó thionscal an Aontais. Thairis sin, thug EA le fios nach bhfuil sé fadálach ná costasach soláthróirí a aistriú ach gur toradh é ar phróiseas normalaithe praghsála tar éis bearta frithdhumpála a fhorchur.

    (134)

    Thairis sin, a mhéid a bhaineann le cóimhiotail choibhéiseacha, mhaígh Valeo go raibh an chúis leis an neamhréireacht idir 2019/2020 agus 2021 nasctha le foinsiú agus forbairt plátaí fuaraithe ceallraí agus mhaígh sé go bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach don mheasúnú ar thionchar an bhailíochtaithe. A mhéid a bhaineann le défhoinsiú, mhaígh Valeo, in ainneoin choigeartú an Choimisiúin, go raibh an dara foinse san Aontas ag níos lú ná [ÍOGAIR] % de AFRPanna AHEX a fuarthas ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

    (135)

    Maidir le hionadú agus bailíochtú, ba cheart a mheabhrú ar dtús gur cheannaigh úsáideoirí AFRP AHEX an chuid is mó dá AFRPanna san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tar éis na tréimhse sin freisin, de réir na sonraí tar éis na tréimhse imscrúdaithe atá ar fáil don Choimisiún.

    (136)

    Maidir le cóimhiotail choibhéiseacha, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nár cheart neamhaird a thabhairt ar shonraí tar éis thréimhse an imscrúdaithe , gur cheart torthaí an imscrúdaithe seo a bheith bunaithe go príomha ar shonraí a bhaineann leis an tréimhse imscrúdaithe. Léirigh an fhaisnéis a bhaineann le húsáideoir amháin go raibh a gcoibhéis ag formhór mór na gcóimhiotal a ceannaíodh san Aontas do na blianta 2019 agus 2020. Maidir leis an mbliain 2021, thit céatadán na gcóimhiotal a ceannaíodh i nDaon-Phoblacht na Síne a raibh a gcoibhéis san Aontas, mar thoradh ar fhorbairt plátaí fuaraithe ceallraí AFRPanna a tháinig ón tSín, ach ba é sin breis is leath den mhéid fós a ceannaíodh ón tSín. I bhfianaise an taifid stairiúil a bhaineann le tréimhse an imscrúdaithe agus na sonraí is déanaí, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Valeo nach bhfuil “cóimhiotail bhailíochtaithe Shíneacha ar fáil ar mhargadh an Aontais”.

    (137)

    Maidir le défhoinsiú, mheas an Coimisiún go raibh an fhianaise atá ar comhad dá dtagraítear in aithris (132) agus an sciar suntasach de AFRPanna AHEX, a raibh défhoinsiú ann, leordhóthanach araon ina bhfrisnéis maidir leis an maíomh “nár mhinic a ghlac na cliaint le défhoinsiú”.

    (138)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh TitanX go raibh bacainní móra bailíochtaithe ar a chumas AFRPanna AHEX a aimsiú ó tháirgeoirí eile. bacainní nach bhféadfaí a bhaint sa ghearrthéarma. In éagmais eilimintí fianaise nua maidir leis seo nó barúlacha ar thorthaí an Choimisiúin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (139)

    Mhaígh na húsáideoirí agus a gcomhlachas freisin, le tacaíocht ó ACEA, go bhfuil an staid ar mhargadh na Stát Aontaithe éagsúil leis an staid san Aontas Eorpach mar nach bhfuil aon acmhainneacht ar fáil san Aontas ná i dtíortha eile, agus go dtugann próiseas athbhreithnithe riaracháin na Stát Aontaithe níos mó solúbthachta nach ndéantar a mhacasamhlú sa bhun-Rialachán.

    (140)

    Ar an gcéad dul síos, mar a luaitear in aithris (126) agus aithris (127), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais an t-éileamh atá ann i láthair na huaire agus a bheidh ann amach anseo a ionsú ar choinníoll go bhfuil dálaí an mhargaidh i réim.

    (141)

    Ar an dara dul síos, cé go bhfuil difríocht idir dlíthe na Stát Aontaithe agus dlíthe an Aontais Eorpaigh, foráiltear sa bhun-Rialachán go mbeidh athbhreithnithe eatramhacha ann de bhun Airteagal 11(3) lena gceadaítear athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm i gcúinsí áirithe. Foráiltear in Airteagal 11(8) den bhun-Rialachán freisin gur féidir dleachtanna frithdhumpála a aisíoc ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

    (142)

    Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh do na maímh a bhaineann le bailíochtú, ionadú, défhoinsiú agus difríochtaí le margadh na Stát Aontaithe.

    (143)

    Mhaígh na húsáideoirí agus a gcomhlachas freisin go mbeadh tionchar ábhartha ag na dualgais ar a staid airgeadais agus nach bhféadfaidís méadú ar chostais a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála suntasacha nó costais bhailíochtaithe a ionsú i bhfianaise a staide airgeadais. Dúirt an t-úsáideoir MAHLE GmbH (“Mahle”) go raibh dul amú ar an gCoimisiún glacadh leis go raibh an chuideachta brabúsach sa chás réamh-COVID.

    (144)

    Thug EA le fios go raibh leibhéal na mbeart frithdhumpála réasúnta agus go dtabharfaí cothrom na Féinne i gcrích chun gnáthdhálaí iomaíochta a athbhunú.

    (145)

    Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil leibhéal na mbeart cinntitheach níos ísle ná na bearta sealadacha. Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú go raibh úsáideoirí ag foinsiú a gcuid AFRPanna AHEX san Aontas Eorpach den chuid is mó. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nach mbeadh ach tionchar teoranta ag na bearta ar staid airgeadais na n-úsáideoirí. Maidir le Mahle, in éagmais freagra sa cheistneoir, ní raibh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a staid airgeadais. Chomh maith leis sin, bhain easnaimh áirithe leis an bhfaisnéis a roinn Valeo maidir le tionchar na mbeart agus rinneadh rómheastachán ar a dtionchar. Léirigh an t-imscrúdú freisin go ndearnadh sciar suntasach de mhéid na ndíolachán úsáideora ó AFRPanna AHEX a tháinig ó Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú chuig tíortha nach bhfuil san Aontas. Dá bhrí sin, tá sé réasúnta a bheith ag súil leis go bhféadfadh na hallmhairí sin cáiliú faoin gcóras próiseála isteach agus, ar an gcaoi sin, go seachnófaí dleachtanna frithdhumpála a íoc agus go laghdófaí tionchar na gcostas breise lena mbaineann. Chomh maith leis sin, mar a léirítear in aithrisí (130) go (133), d’fhéadfadh úsáideoirí costais bhailíochtaithe a sheachaint trí ábhair a ceannaíodh i nDaon-Phoblacht na Síne i láthair na huaire a athfhoinsiú ó sholáthróirí bailíochtaithe san Aontas nó trí mhéideanna breise a aistriú ó fhoinsí Síneacha go dtí foinsí Eorpacha le haghaidh AFRPanna AHEX a bhfuil défhoinsiú acu. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (146)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh TitanX go raibh an measúnú ar thionchar na mbeart lochtach ós rud é, fiú le dleachtanna níos ísle, go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais ag bearta frithdhumpála ar a oibríochtaí. I ndáil leis sin, chuir sé ríomhanna ar fáil a léiríonn tionchar na mbeart ar a bhrabúsacht.

    (147)

    Tar éis anailís a dhéanamh ar na ríomhanna sin, ba léir nach raibh a mheasúnú tionchair teoranta ag TitanX d'fhorchur na mbeart. Go deimhin, bhí méadú praghsanna ar mhargadh an Aontais curtha san áireamh aige sna ríomhanna a rinne sé don tréimhse imscrúdaithe agus don tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe. Mar sin féin, níor tharla na méaduithe sin ar an bpraghas le linn thréimhse an imscrúdaithe nó níor cheart iad a mheas don tréimhse iomlán tar éis thréimhse an imscrúdaithe. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún go raibh rómheastachán déanta ag TitanX ar thionchar na mbeart. I gcás ar bith, níor measadh tionchar na mbeart agus tionchar an mhéadaithe ar an bpraghas a bheith suntasach.

    (148)

    A mhéid a bhaineann le tionchar na mbeart, ba cheart a mheas gurb é is aidhm do bhearta frithdhumpála cothrom na Féinne a athbhunú lena gceadaítear an trádáil chóir. Chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithris (447) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh forchur na mbeart chun leas na n-úsáideoirí atá gníomhach in earnáil HEX gluaisteán. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh athbhreithniú anuas ar leibhéal na mbeart frithdhumpála sa nochtadh cinntitheach.

    (149)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Valeo nár nocht an Coimisiún na fíorais ar bhunaigh sé a réasúnaíocht orthu chun a mhaíomh go raibh easnaimh áirithe i ríomhanna Valeo agus go raibh rómheastachán á dhéanamh acu ar thionchar na mbeart. Maidir leis sin, chuir sé anailís bhrabúsachta athbhreithnithe ar fáil agus mhaígh sé gur ghá measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar bhrabúsacht do gach láithreán Valeo atá ag monarú AHEX agus nach raibh sé ábhartha breathnú ar bhrabúsacht ghrúpa Valeo.

    (150)

    Dheimhnigh an Coimisiún go raibh na ríomhanna a rinne Valeo ag déanamh rómheastachán ar thionchar na mbeart. Mar shampla, níor chuir siad san áireamh, mar a mhínítear in aithris (145), go bhféadfadh Valeo dul i muinín AFRPanna a allmhairiú faoin nós imeachta próiseála isteach chun tionchar na mbeart frithdhumpála a laghdú. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a mheasúnú faoi mar a luaitear in aithris (145), i.e. nach mbeadh ach tionchar teoranta ag na bearta ar staid airgeadais na n-úsáideoirí.

    (151)

    Mhaígh CLEPA agus Mahle, cé go bhfuil sé contrártha don anailís a rinne an Coimisiún ar an acmhainneacht a bhí ar fáil sa Rialachán sealadach, gur líomhnaíodh gur tháinig 30 % ar leibhéal na bpraghsanna. Mhaígh Mahle freisin go bhfuil éileamh mór ar stoc scragall agus easpa acmhainneachta táirgeachta. I bhfianaise na heaspa acmhainneachta táirgeachta a líomhnaítear atá ann agus i bhfianaise fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála, chuir Mahle a ábhar imní in iúl maidir le méadú struchtúrach ar phraghsanna. Mhaígh roinnt páirtithe freisin go mbeadh tionchar díobhálach ag na dualgais ar an slabhra soláthair. Mhaígh CLEPA go gcuirfeadh úsáid feithiclí leictreacha agus aisghabháil eacnamaíoch leis na heasnaimh acmhainneachta agus go gcuirfí téarnamh agus forbairt tionscail láidir déantúsaíochta carranna san Aontas i mbaol tar éis d'ioncaim agus do chorrlaigh titim le blianta beaga anuas. D’áitigh sé freisin go mbeadh baol ann nach mbeadh monaróirí AHEX in ann a n-oibleagáidí conarthacha lena gcliaint a chomhlíonadh nó go scriosfadh na costais mhéadaithe a gcuid corrlach. Dúirt Valeo freisin nach féidir le tionscal gluaisteán an Aontais iarrachtaí a dhéanamh maidir le leictriú mura ndéanfar ceannacháin thionscal an Aontais a chomhlánú le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne. I gcás Mahle, bheadh an iomaíocht do sholáthróirí gluaisteán an Aontais faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar fhorchur dleachtanna frithdhumpála. Dúirt an chuideachta arís nach féidir léi an t-ardú ar phraghas ionchais a aistriú chuig a gcustaiméirí. Chuir BMW in iúl go gcuirfí as dá slabhra soláthair mar thoradh ar fhorchur na mbeart i bhfianaise na nósanna imeachta bailíochtaithe atá fada agus costasach a chuirfear a gcrích chun aistriú go soláthróirí eile. I ndeireadh na dála, mhaígh ACEA go raibh an tionscal gluaisteán faoi réir bearta éagsúla eile cheana féin, rud a d’fhág go raibh ualaí breise airgeadais ar OEManna, amhail na bearta coimirce cruach, a dhéanann dochar dá n-iomaíochas sna margaí intíre agus sna margaí onnmhairíochta.

    (152)

    Chuir EA in iúl go raibh ardú tagtha ar phraghsanna le déanaí mar gheall ar roinnt fachtóirí amhail an méadú ar phraghsanna amhábhar do chóimhiotail agus do leaca, ganntanas coimeádán le haghaidh na loingseoireachta idirnáisiúnta, méadú ar chostais lasta agus an méadú tobann láidir iar-COVID ar an éileamh sna hearnálacha tionsclaíocha uile. Ina theannta sin, cé gur dócha go raibh tionchar ag forchur na mbeart sealadach ar phraghsanna, is éard a mheas EA gur cosúil nach féidir an t-ardú ar phraghsanna a nascadh le heaspa acmhainneachta ach nár cheart é a mheas mar shaincheist struchtúrach ach mar staid shealadach a bhfuiltear ag súil léi go rachaidh sí i léig nuair a dhéanfar an t-éileamh agus an soláthar a normalú tar éis na tréimhse tosaigh teannais ar an margadh. Sa chomhthéacs sin, thug EA le fios freisin go raibh leibhéal na mbeart frithdhumpála beartaithe chun cothrom na Féinne a thabhairt i gcrích agus gnáthdhálaí iomaíochta a athbhunú. Ina theannta sin, mhaígh EA nach mbeadh acmhainneacht ina saincheist a mhéid a bhaineann le tacú le forbairt an leictrithe carranna chomh fada agus a bhaineann sé le AFRPanna AHEX ós rud é gur tugadh acmhainneacht breise áirithe isteach cheana nó go raibh sé á tabhairt isteach de réir a chéile ionas go bhféadfadh tionscal an Aontais freastal ar an éileamh atá ag méadú i rith an ama.

    (153)

    Ba é ba chonclúid an Choimisiúin nach mbeadh ach tionchar teoranta ag na bearta cinntitheacha ar staid airgeadais na n-úsáideoirí. Chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithrisí (131) go (133), is féidir allmhairí ón tSín a ionadú go measartha gasta trí sholáthar ó thionscal an Aontais ós rud é go raibh táirgeoirí áirithe bailíochtaithe de chuid an Aontais ag soláthar AFRPanna AHEX san am a chuaigh thart agus ós rud é gurb ann don défhoinsiú san Aontas. Thairis sin, mar a ndearnadh anailís orthu in aithrisí (87) go (127), is dócha gur leor an acmhainneacht i láthair na huaire agus acmhainneacht thionscal an Aontais amach anseo chun freastal ar éileamh atá ag dul i méid. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nach raibh aon chúis láidir ann chun AFRPanna AHEX a eisiamh ar fhorais leasa an Aontais.

    (154)

    Mhaígh EA go raibh úsáideoirí áirithe ag úsáid AFRPanna ar phraghas íseal ón tSín chun dul san iomaíocht le táirgeoirí eile a úsáideann ábhar Eorpach, rud a bhí ina chúis le creimeadh praghsanna ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, níor thuig EA conas is féidir le húsáideoir a mhaíomh go bhfuil easpa acmhainneachta ann, nuair nach bhfuair ach fíorbheagán táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh, de réir an tsuirbhé a rinne EA le déanaí, chun luachan a thabhairt ar mhéideanna breise in 2021 seachas na méideanna a urraíodh sna conarthaí atá ann cheana. Luaitear freisin mar gheall ar an easnamh acmhainneachta amach anseo a líomhnaítear i bhfianaise an éilimh mhéadaithigh go ndéantar neamhshuim de mhéaduithe acmhainneachta breise a rinne 2 tháirgeoirí eile de chuid an Aontais, méaduithe a tugadh i gcrích nó a fógraíodh.

    (155)

    Maidir leis sin, mhaígh Valeo nach raibh maíomh EA i gceart go raibh úsáideoirí AFRPanna AHEX, lena n-áirítear Valeo, ag cur le praghsanna arna gcreimeadh ag soláthróirí Síneacha. Mar thaca lena mhaíomh, thug Valeo sliocht as an bhforbairt stairiúil a tháinig ar phraghsanna agus ar mhéideanna AFRPanna AHEX a sholáthair táirgeoirí an Aontais do Valeo don tréimhse 2017-2022. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh Valeo go raibh gá le comhaontuithe fadtéarmacha chun soláthar rianúil a áirithiú le OEManna gluaisteán agus gur d'aon ghnó nach raibh táirgeoirí an Aontais toilteanach soláthar a dhéanamh ná nach raibh an acmhainneacht is gá acu. Tharraing Valeo aird freisin ar mhoilleanna soláthair le déanaí maidir le táirgeoir amháin de chuid an Aontais.

    (156)

    Mhaígh EA freisin go mbeadh nasc idir aon ghanntanas acmhainneachta agus cleachtais dumpála a chuir cosc ar tháirgeoirí an Aontais acmhainneacht a leithdháileadh ar tháirgeadh AFRPanna AHEX. A mhéid a bhaineann le moilleanna soláthair a bhí ann le déanaí, déantar tagairt d’aithris (56) inar thug EA míniú ar mhoilleanna den sórt sin.

    (157)

    Maidir le creimeadh praghsanna, fuarthas go raibh an fhianaise a chuir Valeo ar fáil chun tacú lena fhrisnéis bearnach agus dá bhrí sin neamhchonclúideach. Go deimhin, tá anailís Valeo bunaithe ar líon teoranta soláthróirí de chuid an Aontais, tá na conclúidí bunaithe ar thréimhse a rachaidh thar an tréimhse faoi bhreathnú dar críoch mí an Mheithimh 2020 agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag an imscrúdú sin orthu (tionscnamh, bearta sealadacha a fhorchur). Ina theannta sin, ní chuirtear forbairt an éilimh san áireamh. A mhalairt ar fad, léiríonn freagra Valeo sa cheistneoir gur mhéadaigh an sciar coibhneasta de cheannacháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe. Ina theannta sin, mar a luaitear i Roinn 7.1, suíodh corrlaigh shuntasacha gearrdhíola lena ndeimhnítear go bhfuil creimeadh praghsanna ann. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do mhaíomh Valeo.

    (158)

    Maidir le spriocanna i leith astaíochtaí ceaptha teasa, mhaígh CLEPA go gcuirfeadh bearta teorainn le hinfheistíochtaí sa nuálaíocht le gnóthú na spriocanna digiteacha agus glasa arna leagan síos ag an Aontas Eorpach agus le forbairt shlabhra soláthair ceallraí mótarfheithiclí san Eoraip go háirithe.

    (159)

    Mar a luaitear in aithris (145), meastar nach mbeidh ach tionchar teoranta ag bearta ar úsáideoirí i bhfianaise an sciar de AFRPanna AHEX a fuarthas ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus leibhéal na mbeart. Ar an bhforas sin, ba cheart go mbeadh tionchar teoranta acu ar na hinfheistíochtaí a thuairiscítear.

    (160)

    Sa chomhthéacs céanna, chuir an EA in iúl go gcabhródh ceannach AFRPanna de chuid an Aontais le tionscail na ngluaisteán agus na gcarranna ó thaobh a lorg carbóin a ísliú agus dá dtagraítear in aithris (78), aithris (451) agus aithris (452) den Rialachán sealadach inar thángthas ar an gconclúid shealadach go raibh tionscal an Aontais ag rannchuidiú le spriocanna astaíochtaí an Aontais a bhaint amach trí úsáid mhéadaithe ábhar athchúrsáilte a bhaint amach agus trí CO2 beagnach trí huaire níos lú a ghiniúint ar an meán ná mar atá i nDaon-Phoblacht na Síne agus AFRPanna á dtáirgeadh.

    (161)

    Cheistigh EA freisin an réasúnaíocht a bhí le húsáideoirí áirithe AFRP AHEX ag aimsiú táirgí i nDaon-Phoblacht na Síne ar na forais go raibh sé contrártha le huaillmhian an Aontais sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach i bhfianaise an lorg carbóin níos ísle i ndiaidh an táirgthe alúmanaim phríomhúil san Aontas. Rinne sé tagairt freisin don taithí roimhe seo in earnáil na ngrianphainéal, ar bhain díobháil di de dheasca allmhairí dumpáilte tar éis bheith faoi phribhléid “straitéis soláthair Shíneach” seachas slabhra luacha folláin a choinneáil ar bun san Aontas.

    (162)

    Maidir leis seo, mhaígh Valeo nach raibh sé ag ceannach ach cainníochtaí teoranta ábhar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus nach raibh sé ag ceannach AFRPanna AHEX saora agus truaillithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Ina theannta sin, d’áitigh Valeo, i gcomhréir lena straitéis, go raibh sé ag tacú le leictriú réabhlóideach na ngluaisteán agus ag cabhrú le cuspóirí comhshaoil an Aontais chomh maith.

    (163)

    Mar sin féin, níor chuir Valeo aon fhianaise ar fáil maidir le lorg carbóin a sholáthróirí nó aon mhír fianaise eile atá contrártha le measúnú an Choimisiúin ina leith sin. Ina theannta sin, cé gur féidir le Valeo méid teoranta AFRPanna AHEX a cheannach ón tír lena mbaineann, tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an sciar dá cheannacháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

    (164)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh TitanX go raibh bonn cirt le heisiamh AFRPanna AHEX ar fhorais leasa an Aontais de thairbhe spriocanna nua astaíochtaí an Choimisiúin agus an róil a bheadh ag tionscal gluaisteán an Aontais.

    (165)

    Maidir leis sin, déantar tagairt d’aithris (160) agus d’aithris (161) lena ndearbhaítear go gcabhródh ceannach AFRPanna san Aontas leis na tionscail gluaisteán agus carranna ó thaobh a lorg carbóin a ísliú.

    (166)

    I bhfianaise na mionanailíse sin, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí sealadacha mar a leagtar amach i roinn 2.3.1 den Rialachán sealadach iad agus níor eisiadh AFRPanna AHEX ó raon feidhme an imscrúdaithe sin.

    2.2.2.   Cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh

    (167)

    Mar a leagtar síos i roinn 2.3.2 den Rialachán sealadach, bhí cornaí alúmanaim eisiata ag an gCoimisiún ó raon feidhme an táirge i dtaca le cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh. Mhaígh EA nach raibh an sainmhíniú ar an táirge atá díolmhaithe go sealadach sách sonrach. De réir a thuairime, níor chuir an t-úsáideoir A faisnéis theicniúil mhionsonraithe ar fáil a lig do pháirtithe eile barúlacha téagartha a sholáthar, rud a chuir teorainn lena gcearta cosanta.

    (168)

    D’fhreagair cuideachta A go raibh an sainmhíniú a tugadh sonrach go leor agus chuir sé fianaise ar fáil nach raibh táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais in ann táirgí a tháirgeadh leis na sonraíochtaí sin. Ar an mbonn sin, ba é an chonclúid a rinne sí go mbíonn táirge an-sonrach mar thoradh ar na saintréithe teicniúla. Mheas an Coimisiún go raibh na haighneachtaí ó EA agus ó Chuideachta A araon téagartha, agus cheadaigh sé tuiscint réasúnta a bheith ann don fhaisnéis íogair agus cearta cosanta an dá pháirtí a urramú.

    (169)

    Mhaígh EA thairis sin nach ndearna Cuideachta A a hiarraidh a chomhdú go tráthúil. Thug an Coimisiún faoi deara go ndearna Cuideachta A an iarraidh ag céim an-luath de na himeachtaí. Tugadh bunús cuí leis freisin agus rinneadh é a chomhdú in am trátha ionas go raibh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile a bhailiú d’fhonn teacht ar chonclúidí téagartha.

    (170)

    Chuir EA i gcoinne an chinnidh shealadaigh freisin nach mbeadh sé an acmhainneacht ag tionscal an Aontais na méideanna is gá den táirge díolmhaithe a tháirgeadh leis na caighdeáin cháilíochta agus theicniúla a iarradh. Chuir sé ráitis ar fáil ó chúig tháirgeoir de chuid an Aontais agus mhaígh sé go bhfuil an trealamh ábhartha acu chun an táirge atá díolmhaithe go sealadach agus, den chuid is mó, a bhfuil srian amháin ar leithead a mhonarú, agus dúirt sé freisin gur féidir le táirgeoirí eile an táirge atá díolmhaithe go sealadach a tháirgeadh san Aontas. Ina theannta sin, chuir an EA ráitis ó cheithre tháirgeoir ACP ar fáil gur féidir leo cainníochtaí leordhóthanacha den ábhar díolmhaithe a fháil agus, dá bhrí sin, nach bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna céanna agus atá ar Chuideachta A.

    (171)

    Ghlac cuideachta A leis go bhfuil táirgeoirí áirithe san Aontas in ann an táirge díolmhaithe a mhonarú. Mar sin féin, chuir sí in iúl go láidir nach féidir léi é a aimsiú i gcainníochtaí leordhóthanacha san Aontas. Bhí gá le méideanna áirithe den táirge díolmhaithe a aimsiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne i ngeall ar an easpa soláthair agus dá bharr sin na hagaí tionscanta níos faide san Aontas agus i dtíortha eile. Thug sí bunús lena mhaímh mar aon le fianaise thacaíochta bhreise agus rinne sí tagairt don fhianaise a soláthraíodh cheana lena léirítear nach bhfuil táirgeoirí áirithe in ann an táirge díolmhaithe a mhonarú de bharr srianta teicniúla nó toisc nach bhfuil siad in ann an táirge díolmhaithe a aimsiú i gcainníochtaí leordhóthanacha.

    (172)

    Ina theannta sin, d’áitigh Cuideachta A freisin go raibh roinnt de na ráitis a rinne na táirgeoirí de chuid an Aontais míchruinn ós rud é nach féidir leo an táirge atá díolmhaithe go sealadach a sholáthar nó go bhfuil siad speisialaithe i dtáirgí eile. De réir a tuairime, dearbhaítear leis na ráitis sin nach bhfuil aon phlean ag táirgeoirí Eorpacha infheistiú in acmhainneacht bhreise.

    (173)

    Chuir EA in aghaidh Chuideachta A, á rá go bhfuil dóthain acmhainneachta ar mhargadh an Aontais. Mhaígh sé freisin go mbaineann seachadtaí moillithe le horduithe a théann thar na comhaontuithe a tugadh i gcrích. Chomh fada agus a bhaineann sé le moilleanna, thug an Coimisiún dá aire gur dheimhnigh an fhianaise a bhí ar comhad go raibh ar tháirgeoir/tháirgeoirí áirithe de chuid an Aontais Cuideachta A a aisíoc as lastais neamhchomhlíontacha, is iad sin na táirgeoirí nach raibh in ann riachtanais theicniúla Chuideachta A a chomhlíonadh agus dá bhrí sin nach féidir leo soláthar do Cuideachta A. Mar sin, ní raibh aon rogha ag Cuideachta A ach cainníochtaí breise a iarraidh ar sholáthróirí eile.

    (174)

    D’fhreagair Cuideachta A go bhfuil foinse soláthair ráthaithe ag ceithre cinn as cúig tháirgeoir ACP mar gheall ar chúiseanna stairiúla, geografacha, conarthacha nó scairshealbhóireachta/úinéireachta agus go bhfuil leas dílsithe acu maidir le teorainn a chur le hiomaíocht ó tháirgeoir ACP eile san Aontas. D’áitigh cuideachta A freisin gur comhaltaí de EA iad na naoi gcuideachta a sholáthair ráitis, tá ionadaíocht á déanamh thar ceann cuid acu i gcoiste feidhmiúcháin EA, rud a fhágann nach bhfuil ach fíorbheagán amhrais ann maidir lena seasamh ar an iarraidh ar eisiamh.

    (175)

    Mhaígh Cuideachta A freisin gur cheart na ráitis a chuir táirgeoirí ACP ar fáil a dhiúltú ar na forais nach páirtithe leasmhara cláraithe iad, nár chomhoibrigh siad leis an imscrúdú agus nár thug siad bunús lena gcuid ráiteas le fianaise thacaíochta.

    (176)

    Dheimhnigh an Coimisiún nach raibh fianaise leordhóthanach ann chun tacú leis na ráitis ó tháirgeoirí áirithe AFRP. Fuarthas amach freisin nár léirigh siad a n-acmhainneacht theicniúil ina hiomláine. Cé gur féidir le roinnt táirgeoirí AFRP an táirge díolmhaithe a mhonarú, ní fhéadfadh roinnt táirgeoirí eile bunús a thabhairt lena ráitis ina bhfuil eilimintí breise sa chomhad. A mhalairt ar fad, ní féidir leis na táirgeoirí seo riachtanais sonraíochta Chuideachta A a chomhlíonadh ná AFRPanna soláthartha a bhfuil saintréithe éagsúla acu ón táirge díolmhaithe.

    (177)

    Mhaígh EA go gcumhdaíonn an táirge díolmhaithe a bheag nó a mhór an raon iomlán do stoc péinte agus gurb é an méid i bhfad níos mó ná an 2 % dá dtagraítear sa Rialachán sealadach agus [300 000-600 000] (37) tona é an méid a chumhdaítear leis an táirge atá díolmhaithe faoi Airteagal 2.2 den Rialachán sealadach. Tar éis nochtadh sealadach, chuir EA meastachán isteach maidir le tomhaltas corna alúmanaim lena úsáid i dtáirgeadh cornaí brataithe nuair a úsáidtear ina dhiaidh é chun ACPanna a tháirgeadh. Is é [52 000-68 000] (38) tona é an meastachán sin; i.e. gar do mheastachán an Choimisiúin in aithris (87) den Rialachán sealadach. Dúirt cuideachta A nach bhfreagraíonn meastachán tomhaltais an Choimisiúin don táirge díolmhaithe a úsáidtear chun ACPanna a tháirgeadh ós rud é go bhfuil gnéithe teicniúla sonracha an táirge sin an-dian agus go n-úsáideann roinnt táirgeoirí ACP AFRPanna atá brataithe. Ag an am céanna, luaigh Cuideachta A go raibh a tomhaltas do tháirgeadh ACPanna níos ísle ná an meastachán is déanaí a sholáthair EA. Ós rud é nach bhfuil an tomhaltas san Aontas teoranta do na ceannacháin a rinne Cuideachta A amháin, mheas an Coimisiún go léiríonn an meastachán dá bhforáiltear in aithris (87) den Rialachán sealadach tomhaltas AFRPanna chun ACPanna a tháirgeadh i gcoitinne.

    (178)

    De bhreis ar mhaíomh Chuideachta A maidir le ganntanas acmhainneachta foriomlán, d’áitigh EA nach bhfuil aon ghanntanas acmhainneachta struchtúrach san Aontas mar a léirítear leis an ráta úsáide acmhainneachta a thuairiscítear sa Rialachán sealadach agus go bhfuil na deacrachtaí soláthair atá ann faoi láthair nasctha le paindéim COVID-19.

    (179)

    Dúirt cuideachta A freisin, i bhfianaise easpa soláthair ar mhargadh an Aontais, go ndéanfadh dleachtanna frithdhumpála dochar dá cuid gníomhaíochta agus go gcuirfeadh sé as dá hinmharthanacht.

    (180)

    Rinne an Coimisiún é sin a fhíorú go raibh deacrachtaí suntasacha soláthair ag Cuideachta A leis an táirge a bhí díolmhaithe go sealadach. Mar a thug Cuideachta A bunús lena maíomh, tá teorainneacha cáilíochta agus teicniúla ann maidir leis an méid is féidir le tionscal an Aontais a mhonarú. Ina theannta sin, tá táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais (a tháirgeann AFRP, cornaí brataithe agus ACP araon) ag iarraidh a soláthar a theorannú do Chuideachta A ar mhaithe le hiomaíocht agus/nó le comhtháthú ingearach. Cuireann an dá phríomhfhachtóir sin teorainn leis na táirgí díolmhaithe a bheith le fáil ar mhargadh an Aontais. Chomh maith leis sin, léiríonn an fhaisnéis ar comhad nach bhfuil rogha leordhóthanach eile ó thaobh méideanna nó cáilíochta de le fáil ó fhoinsí nach foinsí san Aontas iad. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin é nach féidir le Cuideachta A an táirge atá díolmhaithe go sealadach a aimsiú i gcainníochtaí leordhóthanacha ar mhargadh an Aontais ná ó fhoinsí eile.

    (181)

    Foráiltear le hAirteagal 2(2) den Rialachán sealadach gur cheart an táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1) a dhíolmhú ó dhleacht frithdhumpála shealadach más rud é go n-allmhairítear é lena úsáid i dtáirgeadh cornaí brataithe agus painéal chomhchodach alúmanaim. Maidir leis sin, níor chuir Cuideachta A ná aon úsáideoir eile ar an margadh dóthain fianaise ar fáil go raibh baint dhíreach aige le hallmhairiú ARFPanna chun cornaí brataithe a tháirgeadh le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ina theannta sin, léiríodh san imscrúdú go raibh tomhaltas AFRPanna in earnáil na gcornaí brataithe i bhfad níos suntasaí ná sin in earnáil ACP. Dá bhrí sin, tá an baol ann gur gnáth-shaintréithe teicniúla san earnáil a bheidh i saintréithe teicniúla an táirge atá díolmhaithe go sealadach amach anseo agus go ndéanfaí iad a allmhairiú i gcainníochtaí méadaithe, rud a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais. Ina theannta sin, cé go bhfuil deacrachtaí ag Cuideachta A ARFPanna a aimsiú chun cornaí brataithe a tháirgeadh i gcainníochtaí leordhóthanacha, is féidir léi cuid shuntasach den méid a theastaíonn uaithi a aimsiú san Aontas.

    (182)

    Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú go bhfuil difríocht idir saintréithe teicniúla an táirge atá díolmhaithe go sealadach ag brath ar an úsáid; is é sin, táirgeadh cornaí brataithe nó táirgeadh painéal comhchodach alúmanaim.

    (183)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt ar fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, d’athdhearbhaigh EA a mhaíomh maidir le hinfhaighteacht an táirge atá i gceist san Aontas agus rinne sé tagairt do shonraí maicreacnamaíocha a cuireadh isteach de bhreis ar an iarraidh ón gCoimisiún a líomhnaítear gur léiríodh go bhfuil dóthain acmhainneachta ar mhargadh an Aontais. Thairis sin, mhaigh sé go bhfuil an tuairisc ar an táirge céanna ag AFRPanna lena n-úsáid in ACPanna agus AFRPanna lena n-úsáid i gcornaí brataithe agus go raibh forluí agus mearbhall idir an dá tháirge de bharr na tuairisce sealadaí ar an táirge. D’athdhearbhaigh sé a mhaíomh freisin maidir le méid an mhargaidh corn brataithe dá dtagraítear cheana in aithris (177) agus chuir sé in iúl go raibh an táirge i gceist á cheannach ag Cuideachta A le blianta fada san Aontas agus gur thagair sé do na ráitis ó tháirgeoirí ACP eile dá dtagraítear cheana in aithris (170) agus a dtugtar aghaidh orthu in aithris (175)(176). Chomh maith leis sin, thagair EA d’fhoinsí eile soláthair gan na foinsí sin a shonrú.

    (184)

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús go bhfuarthas amach go raibh na sonraí maicreacnamaíocha a sholáthair EA míchruinn agus gur choigeartaigh an Coimisiún iad agus táscairí cinntitheacha díobhála á suí aige i gcomhréir leis an bhfaisnéis i dtaobh an chomhaid maidir lena n-acmhainneacht theicniúil.

    (185)

    Níor cuireadh an tuairisc táirge is déanaí dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) san áireamh nuair a mhaígh EA go ndéantar tagairt don difríocht idir AFRPanna lena n-úsáid in ACPanna agus AFRPanna i gcornaí brataithe. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil iarraidh ar eisiamh ó Chuideachta A bunaithe ar nós imeachta custaim na húsáide deiridh de réir Airteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) (“Cód Custaim an Aontais”), measadh nach mbeadh an tuairisc chéanna ag na táirgí sin. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (186)

    Ós rud é go bhfuil an táirge i gceist á cheannach ag Cuideachta A san Aontas le blianta fada, níorbh ann don tuairim go raibh sé ar neamhréir le measúnú an Choimisiúin nach raibh an táirge i gceist ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha ar mhargadh an Aontais. In éagmais faisnéis níos beaichte maidir le foinsí eile soláthair, diúltaíodh don mhaíomh sin freisin.

    (187)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Cuideachta A go raibh feidhm ag an tsaincheist infhaighteachta a bhain le AFRPanna a úsáideadh chun cornaí brataithe a tháirgeadh chomh maith le ACPanna a tháirgeadh agus d’athdhearbhaigh sé a iarraidh gur cheart AFRPanna a úsáideadh chun cornaí brataithe a tháirgeadh a dhíolmhú ó bhailiú dleachtanna frithdhumpála. Thairis sin, d’athdhearbhaigh sé nach bhféadfadh soláthróirí áirithe de chuid an Aontais na cainníochtaí a comhaontaíodh a sholáthar nó go raibh fadhbanna cáilíochta acu maidir leis na AFRPanna díolmhaithe.

    (188)

    Cé gur ghlac an Coimisiún leis go raibh feidhm ag an tsaincheist infhaighteachta maidir leis an dá iarratas, shoiléirigh an Coimisiún cheana féin in aithris (181) cén fáth nár cheart feidhm a bheith ag an díolúine maidir le AFRPanna a úsáidtear chun cornaí brataithe a tháirgeadh. In éagmais barúlacha eile maidir leis sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (189)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, bhí amhras ar EA faoi chinneadh an Choimisiúin laghdú a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgeachta arna tuairisciú ag táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais maidir leis an táirge díolmhaithe agus mhaígh sé nach dtacaíonn teorainneacha áirithe a bhaineann le leithead an raoin fhorimeallaigh le laghduithe den acmhainneacht táirgeachta sin. Thairis sin, mhaígh EA gur leor fiú an acmhainneacht táirgeachta laghdaithe atá ceartaithe ag an gCoimisiún chun na cainníochtaí riachtanacha a sholáthar do mhargadh an Aontais. Mhaígh EA freisin nár tacaíodh le heaspa foinsí malartacha nach bhfuil san Aontas le fianaise ar comhad a bhí ar fáil do pháirtithe eile agus gur cheart neamhaird a dhéanamh de i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den bhun-Rialachán. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh EA a mhaoímh go bhfuil sé dearbhaithe ag gach táirgeoir ACP eile san Aontas go bhfuil sé in ann na cainníochtaí riachtanacha a aimsiú san Aontas.

    (190)

    Tar éis do EA barúil a dhéanamh, dheimhnigh Cuideachta A cruinneas mheasúnú an Choimisiúin ar acmhainneacht thionscal an Aontais maidir le AFRPanna a úsáidtear i dtáirgeadh ACPanna beag beann ar na teorainneacha ar leithead an raoin fhorimeallaigh agus rinne sí tagairt arís d’fhadhbanna cáilíochta. Mar a míníodh sa nochtadh sonrach a cuireadh chuig EA, ceartaíodh an fhaisnéis a bhaineann leis an táirge díolmhaithe a chuir EA isteach ar bhonn aighneachtaí ó pháirtithe eile lena bhfianaítear nach bhféadfadh na táirgeoirí sin na sonraíochtaí riachtanacha a chomhlíonadh nó nach ndearna siad an táirge i gceist a tháirgeadh. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (174) go haithris (180), cé nach ndiúltaítear go deimhin do tháirgeoirí áirithe AFRP an táirge díolmhaithe a mhonarú, is mian le táirgeoirí áirithe comhtháite de chuid an Aontais (a tháirgeann gach AFRP, cornaí brataithe agus ACP) a soláthar a theorannú do Chuideachta A ar mhaithe le hiomaíocht agus/nó comhtháthú ingearach, rud a fhágann nach bhfuil fáil leordhóthanach ar mhargadh an Aontais. A mhéid a bhaineann le foinsí nach bhfuil san Aontas, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhféadfaí achoimre a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa chomhad i leagan neamhrúnda gan rúin ghnó a nochtadh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do na páirtithe lena mbaineann. I gcás ar bith, níor thug EA fianaise a léiríonn gurb ann don acmhainneacht atá ar fáil i dtíortha nach bhfuil san Aontas. I ndeireadh na dála, toisc go raibh táirgeoirí ACP eile in ann a AFRPanna a aimsiú san Aontas, níorbh ann don tuairim go raibh sin ar neamhréir le torthaí an Choimisiúin, rud a léiríonn nach bhfuil an táirge i gceist le fáil go leordhóthanach agus na riachtanais cháilíochta a bhaineann leis. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do mhaímh EA.

    (191)

    Ar an mbonn sin, dhearbhaigh an Coimisiún a thorthaí sealadacha go raibh sé chun leasa an Aontais an táirge i dtrácht a dhíolmhú ó dhleachtanna frithdhumpála a bhailiú, ach an díolúine a theorannú do AFRPanna amháin a úsáidtear i dtáirgeadh painéal comhchodach alúmanaim.

    2.2.3.   Leatháin liteagrafacha agus scragall ceallraí

    (192)

    Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, rinne Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd. (“Xiamen Xiashun”) agóid i gcoinne dhiúltú a iarrata a dtugtar aghaidh uirthi in aithrisí (89)-(92) den Rialachán sealadach gur cheart leatháin liteagrafacha agus scragall ceallraí a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Mhaígh sé nach bhfuil na táirgí sin éagsúil ó na táirgí a liostaítear in aithris (57) den Rialachán sealadach agus a eisiadh ó raon feidhme an imscrúdaithe cheana san Fhógra Tionscnaimh. Tá na tréithe ceimiceacha céanna ag na táirgí a eisiadh cheana, ós rud é go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’alúmanam íon ar an gcaoi chéanna le AFRPanna eile.

    (193)

    D’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun na maímh in aithris (89) den Rialachán sealadach freisin maidir le saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha, leithead, próiseas táirgthe agus feidhm.

    (194)

    Dheimhnigh EA go dtagann leatháin liteagrafacha agus scragaill ceallraí faoin sainmhíniú táirge agus go bhfuil na buntréithe ceimiceacha céanna acu agus atá ag AFRPanna eile, ós rud é go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’alúmanam íon ar an gcaoi chéanna le AFRPanna eile. Is toradh iad sin den phróiseas táirgeachta céanna agus a bhíonn i gceist le AFRPanna eile. Mhaígh EA freisin gur cuireadh san áireamh iad sa ghearán toisc gur tháirg roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais Eorpaigh iad, táirgeoirí a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar phraghsanna dumpáilte díobhálacha ísle ón tSín.

    (195)

    I ndáil leis sin, thug an Coimisiún ar aird gur shainmhínigh na gearánaithe i gceart raon feidhme táirge an imscrúdaithe seo toisc gur chumhdaigh sé táirgí faoina raibh fianaise leordhóthanach ar allmhairí dumpáilte, rud ba chúis le díobháil do thionscal an Aontais. Ar an mbonn sin agus in éagmais eilimintí nua, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (196)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun na maímh a cuireadh isteach ag céim an tionscnaimh. In éagmais eilimintí nua agus ó tharla gur tugadh aghaidh ar na maímh sin in aithrisí (89) go (92) den Rialachán sealadach, agus gur tugadh aghaidh ar mhaímh bhreise Xiamen Xiashun in aithris (195), diúltaíodh do na maímh sin.

    (197)

    In éagmais aon bharúil eile, deimhníodh gach conclúid eile a leagtar amach i Roinn 2.3.3 den Rialachán sealadach.

    2.2.4.   ACF-30-60

    (198)

    Tugadh aghaidh in aithrisí (93) go (102) den Rialachán sealadach ar iarraidh tosaigh Nanshan chun ACF-30-60 a eisiamh. Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Nanshan a mhaíomh go bhfuil an táirge faoi imscrúdú agus ACF-30-60 éagsúil bunaithe ar líon fachtóirí amhail saintréithe teicniúla agus fisiceacha riachtanacha, úsáid deiridh agus feidhm, próiseas táirgthe agus bealaí dáileacháin. D’áitigh sé arís nach bhfuil na táirgí sin idirmhalartaithe agus nach bhfuil siad in iomaíocht le chéile. Rinne sé an argóint, de réir casdlí socair (40) nach bhfuil aon fhachtóir níos cinntithí ná fachtóirí eile agus measúnú á dhéanamh an bhfuil táirge éagsúil le táirgí eile a chumhdaítear le raon feidhme an imscrúdaithe. Chuir sé in iúl chomh maith go bhfuil margadh ACF an Aontais an-teoranta agus fáil theoranta ar tháirgeoirí an Aontais sna míonna romhainn.

    (199)

    Mar fhreagairt ar bharúlacha Nanshan, mhaígh EA AFRPanna atá i gceist a tháirgtear nó gur féidir iad a tháirgeadh laistigh den Aontas, tagann siad faoi thuairisc an táirge.

    (200)

    Maidir le hiomaíocht idir ACF-30-60 agus na táirgí eile a chumhdaítear le raon feidhme an imscrúdaithe, ar dtús, ba cheart a mheabhrú go dtagann ACF-30-60 faoi shainmhíniú raon feidhme an táirge mar a sainítear in aithrisí (55) go (58) den Rialachán sealadach. Ar dtús, tá na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag ACF-30-60 agus ag táirgí eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe, tagann an táirge faoi raon feidhme an imscrúdaithe. Thairis sin, ina mheasúnú sealadach níor chuir an Coimisiún teorainn leis ionas go ndéanfar measúnú ar gach fachtóir seachas ar fhachtóir ar leith toisc gur bhraith sé ar roinnt fachtóirí amhail buntréithe, feidhm, próiseas táirgthe, agus úsáid deiridh chun measúnú a dhéanamh an dtagann ACF-30-60 faoi raon feidhme an imscrúdaithe. Níl bunús a bhfuil dóthain fianaise tacaíochta aige leis an maíomh a bhaineann le fáil theoranta ar ACF-30-60 ar mhargadh an Aontais.

    (201)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Nanshan an maíomh a léiríodh ag an gcéim shealadach. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil saintréithe an dá thaobh den táirge éagsúil ag an táirge atá i gceist, rud a fhágann go bhfuil próiseas táirgthe éagsúil ann le haghaidh trealamh úrscothach agus a fhágann úsáid deiridh éagsúil. Thairis sin, mhaígh Nanshan go mbeadh tionchar díobhálach ag bearta frithdhumpála a thabhairt isteach ar úsáideoirí mar gheall ar ghanntanas mór soláthair san Aontas. Thacaigh Nanshan leis an maíomh sin le ráitis ó úsáideoirí a thuairiscíonn deacrachtaí foinsithe le roinnt míonna anuas (tar éis thréimhse an imscrúdaithe) agus sna míonna amach romhainn. I ndáil leis sin, léirigh sé freisin gur éirigh táirgeoir amháin de chuid an Aontais as táirgeadh an táirge atá i gceist chun díriú ar tháirgí eile. In éagmais foinsí malartacha soláthair, mhaígh Nanshan go raibh allmhairí na Síne ríthábhachtach d’úsáideoirí neamh-chomhtháite.

    (202)

    I ndáil leis sin, déantar tagairt d’aithrisí (93) go (102) den Rialachán sealadach agus d’aithris (200) thuas i gcás inar tugadh aghaidh ar mhaímh thosaigh Nanshan. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach é ACF-30-60 an t-aon táirge a chumhdaítear faoi raon feidhme an imeachta seo a bhfuil taobhanna le saintréithe éagsúla aige, toisc go bhfuil gné den sórt sin ag AFRPanna HEX.

    (203)

    Fiú agus gnéithe iar-thréimhse an imscrúdaithe á gcur san áireamh, mheas an Coimisiún nár léiríodh easpa struchtúrach acmhainneachta sa chás ar thug Nanshan agus dhá úsáideoir tuairisc air, ach léiríodh staid shealadach mar gheall ar an téarnamh eacnamaíoch ginearálta iar-COVID i gcás inar tháinig méadú suntasach ar an éileamh laistigh de thréimhse ghearr ama ionas gur gá do thionscal an Aontais dul in oiriúint do staid nua an mhargaidh. Sa chomhthéacs sin, níor measadh go raibh tionchar díobhálach ag tabhairt isteach bearta frithdhumpála ar úsáideoirí deiridh. In aon chás, na húsáideoirí a thug na barúlacha, níor chuir siad freagra sa cheistneoir ar fáil. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir measúnú a dhéanamh ar a mhéid a dhéanfadh na bearta difear dóibh. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh sin.

    (204)

    Dheimhnigh an Coimisiún, dá bhrí sin, na conclúidí uaidh i Roinn 2.3.4 den Rialachán sealadach.

    2.2.5.   AFRPanna lena n-úsáid chun lataí a mhonarú le haghaidh dallóga Veinéiseacha

    (205)

    Tugadh aghaidh in aithrisí (103) go (104) den Rialachán sealadach ar iarraidh tosaigh OPL System AB (“OPL”) chun slinne le haghaidh dallóga veinéiseacha a eisiamh.

    (206)

    D’athdhearbhaigh OPL nach dtáirgeann tionscal an Aontais AFRPanna de réir shonraíochtaí OPL agus nach bhfuil sé in ann iad a tháirgeadh. Chuir sé i dtábhacht go ndéanfadh úsáid táirge de cháilíocht níos ísle dochar dá threalamh agus nach mbeadh na táirgí críochnaithe ag freagairt do riachtanais a chustaiméirí.

    (207)

    Rinne OPL tagairt d’agóidí i gcoinne a tharaif-chuóta 2016 ó 4 tháirgeoirí éagsúla de chuid an Aontais, táirgeoirí a bhfuil sé líomhainte nach dtáirgeann siad AFRPanna de réir shonraíochtaí OPL agus nach bhfuil siad in ann iad a tháirgeadh. I ndáil leis sin, mhaígh sé gur d’ainneoin malartuithe tráchtála le roinnt de na ceithre cuideachta, níor chuir cuideachta ar bith samplaí ar fáil do OPL. Níor thacaigh fianaise thacaíochta, áfach, ach le ceann amháin de na cuideachtaí maidir leis na maímh sin. An tráth céanna, rinne OPL an argóint nach bhféadfadh aon cheann de na táirgeoirí de chuid an Aontais an táirge i gceist a tháirgeadh. Seachas táirgeoir amháin mar eisceacht, áfach, níor thug OPL bunús leis an maíomh gur iarr sé soláthairtí nó gur dhiúltaigh táirgeoirí de chuid an Aontais soláthar agus / nó gur chuir sé in iúl nach raibh siad in ann an táirge i gceist a tháirgeadh, laistigh den spriocdháta le haghaidh barúlacha maidir leis an nochtadh sealadach nó an spriocdháta le haghaidh barúlacha faoi bharúlacha páirtithe eile tar éis an nochta shealadaigh.

    (208)

    D'athdhearbhaigh EA go bhfuil tionscal an Aontais in ann AFRPanna a tháirgeadh de réir shonraíochtaí OPL agus chuir sé isteach ráitis go bhféadfadh táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais an táirge i gceist a sholáthar. Cheistigh sé freisin an maíomh go ndeachaigh OPL i dteagmháil le roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais, rud a thug le fios nach bhfuair tionscal an Aontais aon iarraidh ar luachan le déanaí, nó go raibh an plé ar siúl.

    (209)

    Cé gur féidir ráitis táirgeora amháin de chuid an Aontais a cheistiú, shuigh an Coimisiún go bhfuil táirgeoir amháin de chuid an Aontais ar a laghad in ann AFRPanna a tháirgeadh de réir shonraíochtaí OPL.

    (210)

    Maidir leis an bhfianaise a chuir OPL ar fáil laistigh de na spriocdhátaí forordaithe maidir le cumas thionscal an Aontais chun táirgeadh, agus toisc go ndeachaigh sé i dteagmháil leis na táirgeoirí de chuid an Aontais, tá sé teoranta do tháirgeoir amháin de chuid an Aontais, agus ní thugtar bunús le maímh OPL le fianaise tacaíochta den chuid is mó. Thairis sin, cumhdaíodh tréimhse tar éis bearta sealadacha a fhorchur leis an bhfianaise a cuireadh ar fáil don táirgeoir lena mbaineann. I bhfianaise na héifeachta a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sealadacha sin ar iompar na ngníomhaithe margaidh, níor mheas an Coimisiún gur cruthúnas iontaofa a dhóthain é an píosa fianaise sin gur dhiúltaigh an táirgeoir sin chun táirgeadh nó soláthar a luaithe a fhorchuirfear na bearta cinntitheacha agus nuair a thugtar gnáthdhálaí an mhargaidh ar ais go hiomlán. Go deimhin, tráth a fhorchuireann an Coimisiún bearta sealadacha, tá sé réasúnta a bheith ag súil go bhféadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais cinneadh a dhéanamh dul i mbun caidreamh conarthach fadtéarmach a chur siar go dtí go mbeidh sé soiléir an bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha agus an leibhéal ar a ngearrfar iad. Ina theannta sin, cé go raibh maímh sna haighneachtaí nár theastaigh ó tháirgeoirí eile de chuid an Aontais a sholáthar do OPL nó nach raibh siad in ann a sholáthar do OPL, níor thacaigh fianaise ar bith leis na maímh sin. In aon chás, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go leanfaidh na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne i bhfianaise leibhéal na mbeart cinntitheach.

    (211)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, chuir OPL roinnt malartuithe ríomhphoist ar fáil le táirgeoirí de chuid an Aontais a iarradh chun a dhearbhú an bhféadfaidís AFPRanna a mhonarú de réir shonraíochtaí OPL. Ar an mbonn sin, mhaígh OPL, le heisceacht de tháirgeoir amháin de chuid an Aontais atá toilteanach AFRPanna trialacha a sholáthar, nach raibh aon cheann de na táirgeoirí de chuid an Aontais in ann AFRPanna a mhonarú de réir a shonraíochtaí.

    (212)

    Léiríodh san imscrúdú nár thacaigh fianaise leis an gconclúid a bhain OPL as nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann AFRPanna a mhonarú de réir a shonraíochtaí toisc gur léirigh na malartuithe ríomhphoist go raibh táirgeoirí áirithe toilteanach páirt a ghlacadh i gcaidreamh gnó le OPL. Thairis sin, ba léir go raibh na sonraíochtaí a d’iarr OPL i ndáil le comhdhéanamh ceimiceach níos déine ná na sonraíochtaí a soláthraíodh ina iarraidh ar eisiamh. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don maíomh sin.

    (213)

    Ar an mbonn sin, diúltaíodh d’iarraidh OPL ar eisiamh agus dhearbhaigh an Coimisiún a chonclúidí ar thángthas orthu i roinn 2.3.5 den Rialachán sealadach.

    2.2.6.   AFRPanna le húsáid i gclaochladáin

    (214)

    Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh Hitachi go raibh tionchar díobhálach ag forchur na mbeart frithdhumpála ar an earnáil leictreachais i gcoitinne san Aontas. Mhaígh sé go raibh ganntanas acmhainneachta ag roinnt de na soláthróirí AFRPanna, rud a fhágann ganntanas ábhair ar mhargadh an Aontais. Thug Hitachi le fios freisin gur tharla an fhorbairt sin i gcomhthráth le forchur beart sealadach frithdhumpála ar AFPRanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Dá réir sin, mhaígh sé go raibh moill ar a tháirgeadh, moill a dhéanfadh difear go luath dá seachadtaí. Thairis sin, mhaígh sé go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar AFRPanna in earnáil an chlaochladáin cumhachta mar thoradh ar fhorbairt an chreata rialála san earnáil sin (41). Ar an mbonn sin, d’iarr sé ar dhíolúine ó na bearta frithdhumpála do thionscal an chlaochladáin. Mhaígh sé freisin gur deonaíodh díolúintí den sórt sin cheana féin do mhonaróirí cannaí dí, carranna agus aerárthaí Rinne sé an argóint freisin gur cheart díolúine den chineál céanna a dheonú d’earnáil an chlaochladáin bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an sciar de AFRPanna atá ina dtáirgí deiridh á chur san áireamh.

    (215)

    Mhaígh EA nach raibh baint ag na saincheisteanna reatha maidir le hacmhainneacht agus seachadtaí le bearta frithdhumpála a fhorchur ós rud é go bhfuil siad nasctha go díreach leis an téarnamh eacnamaíoch ollmhór iar-COVID. Mhaígh sé freisin gur feiniméan domhanda a bhí ann a raibh tionchar aige ar go leor tionscal nach bhfuil faoi réir dleachtanna frithdhumpála fiú. Luaigh sé freisin nach bhfuil saincheisteanna soláthair ag úsáideoirí AFRPanna san Aontas a fuair méideanna ó tháirgeoirí Eorpacha trí chonarthaí fadtéarmacha.

    (216)

    Thug an Coimisiún faoi deara nár tugadh bunús le haon cheann de na maímh a rinne Hitachi le fianaise thacaíochta seachas an t-athrú ar an gcreat rialála. Thairis sin, agus an iarraidh ar eisiamh agus an maíomh maidir le neamh-idirdhealú á meas, thug an Coimisiún faoi deara nár áiríodh monaróirí cannaí dí, carranna agus aerárthaí riamh i raon feidhme an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, níor deonaíodh aon díolúine do na táirgí sin. Dá bhrí sin, ní léir don Choimisiún conas a d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh ar Hitachi. I gcás ar bith, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go leanfaidh na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne i bhfianaise leibhéal na mbeart cinntitheach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh.

    2.2.7.   AFRPanna le húsáid i dtoilleoirí leictrealaíocha alúmanaim

    (217)

    Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, rinne na húsáideoirí TDK IT agus TDK HU barúlacha a chomhdú ag iarraidh alúmanam anóide ísealvoltais agus alúmanam anóide ardvoltais, scragall cluaisín agus scragall alúmanaim catóide atá le húsáid i dtáirgeadh toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim, ó raon feidhme an imscrúdaithe. Mhaígh siad go bhfuil saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha ar leith ag na AFRPanna sin (íonacht, cóimhiotail, criostalstruchtúr agus airíonna ocsaíde), go bhfuil teicneolaíocht táirgeachta shonrach (gan leá) de dhíth orthu agus nach bhfuil acmhainneacht táirgeachta ag tionscal an Aontais don táirge sin. Thairis sin, mhaígh siad freisin nach mbaintear úsáid as na táirgí sin ach chun toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim a tháirgeadh, go bhfuil praghsanna níos airde acu agus gur cuid bheag de thomhaltas AFRP an Aontais na méideanna allmhairithe. De réir a thuairime, ní dhéanfadh eisiamh na dtáirgí sin díobháil do thionscal an Aontais agus bheadh tionchar diúltach ag na bearta frithdhumpála ar a fheidhmíocht airgeadais.

    (218)

    Mhaígh EA gur féidir AFRPanna atá i gceist a tháirgeadh laistigh den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) agus go dtagann siad faoin tuairisc ar an táirge. Luaigh sé freisin gur monaraíodh táirgí den sórt sin san Aontas agus go bhfuil sé beartaithe ag táirgeoirí áirithe tús a chur le táirgeadh arís.

    (219)

    Mar fhreagra ar an aighneacht ó EA, chuir TDK IT ina choinne go bhfuil AFRPanna atá i gceist ar fáil san Aontas Eorpach. Mhaígh sé freisin nach raibh na táirgí sonracha sin ar fáil a thuilleadh ón dara leath de 2018 agus rinne sé tagairt do ráiteas ó tháirgeoir de chuid an Aontais. Mhaígh sé freisin go raibh AFRPanna a sheachaid tionscal an Aontais san am a chuaigh thart ar chaighdeán íseal den cháilíocht inghlactha agus go dteastaíonn táirgí de ghrád níos airde ó chustaiméirí, táirgí nach bhféadfadh an táirgeoir sin a mhonarú nuair a stop sé a tháirgeadh. Dúirt sé, i gcás ina dtosódh an táirgeadh arís, go mbeadh ar an ábhar dul trí phróiseas bailíochtaithe fada dúbailte (le TDK agus a chuid custaiméirí) sula bhféadfaí úsáid a bhaint as arís.

    (220)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt ar fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, d’athdhearbhaigh EA a mhaíomh maidir le hinfhaighteacht an táirge atá i gceist san Aontas nó sa LEE. Luaigh sé freisin go raibh ar thionscal an Aontais scor de na táirgí atá i gceist a tháirgeadh san Aontas mar gheall ar iomaíocht éagórach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Dá mbeadh iomaíocht chóir i réim, dúirt sé go mbeadh roinnt táirgeoirí san Aontas in ann na táirgí sin a sholáthar ar mhargadh an Aontais. Ar an mbonn sin, tháinig sé ar an gconclúid go mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais na táirgí sin de thionscnamh na Síne a dhíolmhú, toisc go mbuanódh díolúine den sórt sin cás míchothrom agus go mbainfí an bonn go mór d’iarrachtaí a rinne tháirgeoirí de chuid an Aontais le déanaí na táirgí sin a tháirgeadh san Aontas.

    (221)

    Maidir le barúlacha EA a cuireadh isteach tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt ar fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, chuir TDK HU in iúl go raibh na táirgí a d’allmhairigh sé éagsúil ó na táirgí a d’allmhairigh TDK IT i dtéarmaí próiseála agus cáilíochta, luacha, cóid custaim agus úsáide deiridh. Mhaígh sé freisin nach táirgí comhchosúla iad an dá tháirge ós rud é gur scragall amh alúmanaim atá le próiseáil é an táirge a d’allmhairigh ag TDK IT agus go bhfuil próiseáil déanta cheana féin ar an táirge a d’allmhairigh TDK HU agus go bhfuil sé le tógáil i dtoilleoirí leictrealaíocha alúmanaim gan tuilleadh próiseála.

    (222)

    Thairis sin, dúirt sé freisin nach mbaineann barúlacha EA ach le scragall ardíonachta alúmanaim a mbaintear úsáid as chun anóid ardvoltais agus scragall cluaisín a tháirgeadh le haghaidh toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim agus nach mbaineann siad le scragall alúmanaim agus le scragall alúmanaim anóide ísealvoltais/ardvoltais a d’allmhairigh TDK HU, agus nár sholáthair EA aon fhianaise théagartha chuí-réasúnaithe maidir le hinfhaighteacht reatha nó infhaighteacht amach anseo an táirge deiridh sin a d’allmhairigh TDK HU.

    (223)

    Luaigh TDK HU freisin nach gcomhfhreagraíonn an táirge ar féidir le tionscal an Aontais é a tháirgeadh nó ar féidir é a tháirgeadh sa LEE don táirge a mbaineann sé úsáid as, i bhfianaise a shaintréithe.

    (224)

    Maidir le barúlacha EA a léirítear in aithris (220), chuir TDK IT in iúl nár chomhlíon na táirgeoirí a líomhnaítear go bhfuil siad in ann na táirgí atá i gceist a mhonarú na caighdeáin cháilíochta is gá nó nár mhonaraigh siad an táirge atá faoi imscrúdú ach mhonaraigh siad leaca; i.e. táirge leathmhonaraithe a mbaintear úsáid as chun an táirge atá faoi imscrúdú a mhonarú.

    (225)

    Mhaígh TDK IT freisin go raibh barúlacha EA maidir le hiomaíocht éagórach doiléir agus nach raibh fianaise ag tacú leo agus nach raibh an margadh ábhartha bunaithe ar phraghsanna ach ar cháilíocht. Thairis sin, chuir sé i gcoinne barúlacha EA a bhaineann le leas an Aontais, ar fhorais easpa foinse soláthair éifeachtach agus chobhsaí ar mhargadh an Aontais. D’fhágfadh sin go mbeadh costais mhéadaithe ann agus bhainfeadh sé an bonn d’éifeachtúlacht úsáideoirí iartheachtacha.

    (226)

    Tar éis an spriocdháta chun barúil a thabhairt ar fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha, thacaigh Comhlachas Mhonaróirí Leictreacha agus Leictreonacha na Gearmáine (“ZVEI”) leis na maímh ó TDK HU agus TDK IT maidir leis an easpa táirgí a bheith ar fáil san Aontas agus d’áitigh sé gur gá soláthar seasmhach a áirithiú dá gcustaiméirí i dtionscal na gluaisteán agus sa tionscal leictreonaice tionsclaíoch agus maidir leis an tionchar diúltach a bheadh ag bearta ar a n-iomaíochas i leith soláthróirí nach bhfuil san Aontas. Seachas an tSín, d’aithin ZVEI an tSeapáin mar fhoinse eile soláthair do na táirgí atá i gceist.

    (227)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh TDK HU nach ndearna an Coimisiún scrúdú a mhaímh maidir le hinfhaighteacht na dtáirgí a bhí ag teastáil uaidh le linn na céime sealadaí. D’athdhearbhaigh sé nár táirgeadh na táirgí atá in úsáid aige san Aontas le thart ar 5 bliana anuas. Go sonrach, mhaígh sé nach dtáirgtear scragaill alúmanaim catóide ná scragaill alúmanaim anóide ísealvoltais san Aontas Eorpach agus, cé go dtáirgtear scragaill alúmanaim anóide ardvoltais laistigh den Aontas Eorpach, ní chomhlíonann na táirgí sin a shonraíochtaí fisiceacha, ceimiceacha nó teicniúla. Thairis sin, mhaígh sé go mbeadh gá le hinfheistíocht shuntasach (i dtéarmaí ama agus airgeadais araon) chun tús a chur arís leis an táirgeadh san Aontas.

    (228)

    Rinne TDK HU an argóint freisin nár chuir táirgeoirí an Aontais i gcoinne a iarraidh ar eisiamh ar bhonn agóidí téagartha a bhfuil bunús maith leo. Rinne sé an argóint gur mheasc EA na táirgí a d’allmhairigh TDK IT agus TDK HU le chéile, ar táirgí iad a líomhnaítear a bheith difriúil, agus nár chuir sé fianaise ar fáil go bhfuil táirgeadh na dtáirgí a éilíonn TDK HU ann nó go dtáirgfear go luath iad. Ar an mbonn sin, mhaígh sé nár mheas an Coimisiún na haighneachtaí ó TDK HU agus ó EA ar bhealach mionsonraithe go leor agus, dá bhrí sin, nár láimhseáil sé a iarraidh go neamhchlaonta ná go cothrom le linn na céime sealadaí.

    (229)

    Thairis sin, mhaígh TDK HU nach ndearna an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht nós imeachta custaim na húsáide deiridh a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais. De réir thuairim TDK HU, ní bheadh dochar ar bith ann do thionscal an Aontais dá gcuirfí nós imeachta custaim mar sin i bhfeidhm agus i bhfírinne bheadh sin ag freastal ar tháirgeoirí toilleora atá lonnaithe san Aontas.

    (230)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh TDK IT go dteastaíonn ardleibhéal íonachta ón táirge a mbaineann sé úsáid as, rud a fhágann go bhfuil an táirge uathúil ó thaobh airíonna teicniúla de agus nach bhfuil sé inchomparáide le táirgí cothromrollta alúmanaim eile. I ndáil leis sin, thagair sé d’fhoinse tríú páirtí (42). Thairis sin, mhaígh TDK IT nach leor an scragall ard íonachta alúmanaim a táirgeadh san Aontas nó nach raibh sé ann sa chaoi go gcuirfeadh forchur dleachtanna frithdhumpála isteach ar sholáthar scragall ard íonachta alúmanaim agus go gcruthódh sé suaitheadh ar mhargadh an Aontais toisc gur fhág táirgeoir aonair an Aontais an margadh in 2018 mar gheall ar dhroch-cháilíocht a tháirgí agus go dtógfadh sé 2 bhliain go 3 bliana chun tús a chur leis an táirgeadh arís. Ar deireadh, mhaígh TDK IT freisin go n-oibreodh táirgeoir aonair an Aontais a tháirgeann scragall ardíonachta alúmanaim faoi chonradh dolaphróiseála agus, dá bhrí sin, ní leis an táirge ar bhain TDK IT úsáid as.

    (231)

    Ar bhonn na faisnéise atá ar comhad, shuigh an Coimisiún go dtagann AFRPanna atá i gceist faoi raon feidhme an táirge mar a shainítear san Fhógra Tionscnaimh agus in aithrisí (55) go (58) den Rialachán sealadach. Tá na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna acu agus atá ag AFRPanna eile ós rud é go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’alúmanam íon ar an gcaoi céanna le AFRPanna eile. Ina theannta sin, tá a sonraíochtaí féin ag formhór na AFRPanna ag brath ar fheidhm nó ar riachtanais an úsáideora deiridh lena mbaineann. Os rud é go bhfuil leibhéal íonachta áirithe ag AFRPanna atá i gceist, go ndéantar as cóimhiotail iad, go bhfuil criostalstruchtúr acu nó airíonna ocsaíde áirithe acu, ní chiallaíonn sé nach bhfuil na buntréithe ceimiceacha, teicniúla agus fisiceacha céanna acu agus atá ag AFRPanna eile.

    (232)

    A mhéid a bhaineann leis an bpróiseas monaraíochta, shuigh an Coimisiún gurb ionann an próiseas monaraíochta le haghaidh AFRPanna atá i gceist den chuid is mó agus próiseas monaraíochta a thuairiscítear in aithris (56) den Rialachán sealadach agus go mbaintear úsáid an trealamh monaraíochta céanna den chuid is mó agus a mbaintear úsáid as le haghaidh AFRPanna eile. Níl sé neamhghnách go mbaineann AFRPanna atá i gceist úsáid as trealamh ar leith mar d’fhéadfadh trealamh tiomnaithe ar leith a bheith ag AFRPanna eile (amhail stáisiún cumhdaigh nó trealamh slisnithe), AFRPanna eile atá mar chuid de raon feidhme an táirge.

    (233)

    Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh tuairimí éagsúla ann maidir leis an táirge seo a bheith ar fáil ar mhargadh an Aontais agus nach raibh sé cinnte dearfa de na heilimintí sa chomhad go raibh riosca struchtúrach fadtéarmach ann go mbeadh ganntanas soláthair ann. I gcás ar bith, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go leanfaidh na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne i bhfianaise leibhéal na mbeart cinntitheach.

    (234)

    Is cúis aiféala don Choimisiún é nár thug TDK IT agus TDK HU freagraí sa cheistneoir mar úsáideoirí agus nár chláraigh siad mar pháirtithe leasmhara go dtí tar éis an nochta shealadaigh a bheith déanta. Sa chomhthéacs sin, ní fhéadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar mhaíomh ná ar staid na gcuideachtaí sin ach ar bhonn na faisnéise neamhiomláine a chuir siad ar fáil mar chuid dá mbarúlacha faoin nochtadh sealadach agus ar an mbonn sin amháin. Dá bhrí sin, ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra sa cheistneoir ná faisnéis leordhóthanach thráthúil go bhféadfadh sé a fhíorú agus, dá bhrí sin, ní raibh sé in ann measúnú a dhéanamh ar an sciar de AFRPanna i gcostas táirgthe iomlán an dá chuideachta agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta frithdhumpála ar a ngnólacht agus ar a mbrabúsacht.

    (235)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir TDK HU i gcoinne an fhíorais nach raibh faisnéis leordhóthanach thráthúil faighte ag an gCoimisiún agus nach raibh sé in ann measúnú a dhéanamh ar a mhaíomh ná ar a chás ar an bhforas gur chuir sé barúlacha i scríbhinn ar fáil don Choimisiún maidir leis an nochtadh sealadach laistigh den sprioc-am a bhí ceangailte agus laistigh de thrí aighneacht ina dhiaidh sin, agus faisnéis théagartha faoina chuid gníomhaíochtaí curtha ar fáil aige iontu. Ar an gcaoi chéanna, ba chúis aiféala do TDK HU, cé gur iarr sé air é sin a dhéanamh, nach ndearna an Coimisiún teagmháil leis chun tuilleadh faisnéise/údaraithe a iarraidh chun measúnú a dhéanamh ar a iarraidh agus chun teacht ar réiteach ar chontrárthachtaí.

    (236)

    Mar a fhoráiltear i bpointe 5.5 den Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara uile faisnéis a chur ar fáil maidir leis an measúnú ar leas an Aontais laistigh de 37 lá ó dháta tionscnaimh an imeachta sin i bhformáid shaor nó trí cheistneoir a líonadh isteach a bheidh ar fáil do na páirtithe uile ó dháta an tionscnaimh. Sonraítear i bpointe 5.5 den fhógra tionscnaimh freisin nach gcuirfear an fhaisnéis a chuirfear isteach san áireamh ach amháin má thacaíonn fianaise fhíorasach léi tráth an tíolactha.

    (237)

    Sa chaoi sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús nár chuir ceachtar den dá chuideachta faisnéis ar fáil maidir le measúnú ar leas an Aontais laistigh den spriocdháta de 37 lá. Ar an dara dul síos, níor chuir TDK HU ná TDK IT freagra sa cheistneoir úsáideoirí isteach a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin an fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach a bhailiú in am trátha, faisnéis bhreise a iarraidh más gá, an fhaisnéis a fuarthas a fhíorú agus na maímh a mheas ar bhonn faisnéise fíoraithe. Sa chás i dtrácht, ní raibh ag an gCoimisiún ach faisnéis neamhfhíoraithe ilroinnte nár cuireadh isteach go tráthúil, faisnéis a bhí éagsúil go mór leis an tsraith chaighdeánach sonraí a iarradh sa fhreagra sa cheistneoir. Leis an bhfaisnéis sin, ní dhearnadh measúnú cuí ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta frithdhumpála ar ghníomhaíochtaí TDK HU nó TDK IT. In éagmais freagra sa cheistneoir a chomhdaíodh go tráthúil, mheas an Coimisiún gur ar na cuideachtaí a chuir iarrataí isteach tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh a thit an dualgas cruthúnais, agus nár thit sé ar an gCoimisiún a thug cuireadh do na páirtithe páirt a ghlacadh san imscrúdú ón tús mar a fhoráiltear i bPointe 5.5 den Fhógra tionscnaimh.

    (238)

    Dá réir sin, ní raibh an fhaisnéis fíor-riachtanach ag an gCoimisiún maidir le hinfhaighteacht na dtáirgí atá i gceist laistigh agus lasmuigh den Aontas agus ní fhéadfadh sé a mheas an ó thíortha eile cheana féin a tháinig na táirgí atá i gceist nó an bhféadfaí iad a aimsiú. Dá réir sin, ní fhéadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht nós imeachta custaim na húsáide deiridh a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais ach oiread.

    (239)

    Ar an iomlán, agus ag tagairt do mhaímh TDK HU agus TDK IT atá léirithe in aithrisí (227) go (228), mheas an Coimisiún mar gheall nach raibh aon fhreagra sa cheistneoir ann ina mbeadh faisnéis, de ghnáth, maidir le heilimintí amhail foinsí soláthair; ceannacháin; díolacháin laistigh agus lasmuigh den Aontas; agus sciar den táirge atá faoi imscrúdú mar chuid den chostas iomlán agus de bhrabúsacht; ní raibh an Coimisiún in ann measúnú téagartha a dhéanamh ar mhaímh TDK HU agus TDK IT ar bhonn tacar caighdeánach d’fhaisnéis a comhdaíodh go tráthúil. Sa chomhthéacs sin, mheas an Coimisiún gur ghníomhaigh sé go dícheallach agus go neamhchlaonta trí aghaidh a thabhairt ar na maímh agus ar na barúlacha go léir a raibh dóthain faisnéise aige ina leith. Baineann an loighic chéanna le maíomh TDK HU a luaitear in aithris (229).

    (240)

    Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh do mhaímh TDK HU agus TDK IT.

    2.2.8.   Stoc scragaill

    (241)

    Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, chuir an t-úsáideoir Amcor barúlacha isteach agus d’iarr sé díolúine úsáide deiridh maidir le stoc scragaill ar fhorais leasa an Aontais. Mhaígh sé go bhfuil deacrachtaí aici stoc scragaill a fháil mar gheall ar chumas teoranta líomhnaithe an amhábhair san Aontas agus ar fud an domhain. Thacaigh Xiamen Xiashun le hiarraidh Amcor. Ina theannta sin, mhaígh sé freisin gur táirgí éagsúla iad an stoc scragaill agus na AFRPanna eile toisc go bhfuil saintréithe fisiceacha agus teicniúla, próisis táirgthe, úsáid deiridh agus feidhmeanna difriúla acu.

    (242)

    D’fhreagair EA nach bhfuair Amcor méideanna san Eoraip luath go leor agus nach bhfuil sa staid atá os a chomhair ach rud gearrthéarmach ós rud é nár thuar an margadh an t-éileamh ard atá ann faoi láthair a bhaineann leis an téarnamh eacnamaíoch iar-COVID. Mhaígh sé freisin nár cheart cás Amcor a chur i gcomparáid le táirgeoirí scragaill eile toisc gurb é príomhghnó Amcor táirgeadh pacáistithe, agus ní hé rolláil scragaill.

    (243)

    Maidir leis an gCoimisiún, níor thug fianaise thacaíochta bunús do na maímh a bhain le saintréithe fisiceacha agus teicniúla, próisis táirgthe, úsáid deiridh agus feidhmeanna. Thairis sin, d'ainneoin gur fógraíodh na bearta, níor iarr Amcor méadú ar an méid conarthach lena sholáthraithe de chuid an Aontais agus ní raibh iarracht déanta aige conradh meántéarmach a shíniú le soláthróirí ionchasacha eile de chuid an Aontais. Thairis sin, tá na dleachtanna cinntitheacha níos ísle ná na cinn shealadacha, agus bheadh an t-eintiteas dlíthiúil “Amcor Singen Rolling GmbH” fós brabúsach fiú dá bhforchuirfí bearta frithdhumpála. Go deimhin, bhain sé leibhéil leordhóthanacha brabúis amach le linn agus roimh thréimhse an imscrúdaithe; tá comharthaí láidre ann go bhféadfadh sé cuid den chostas nó costas iomlán na dleachta a aistriú chuig a chustaiméir; agus tá gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin iartheachtacha suntasacha aige lena gceadaítear allmhairiú an táirge lena mbaineann faoin gcóras próiseála isteach. Ina theannta sin, forchuireadh dleachtanna frithdhumpála sealadacha le déanaí ar allmhairí scragall tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (43) ar cuid dá punann táirgí iartheachtacha iad. Ar deiridh, cé go bhfuil go leor cuideachtaí eile gníomhach san earnáil scragaill, ba é Amcor an t-aon chuideachta a chláraigh mar pháirtí leasmhar, a thug barúlacha agus a d’iarr díolúine maidir le húsáid deiridh. Dá bhrí sin, dhealraigh sé nach raibh ábhair imní Amcor ag úsáideoirí eile san earnáil. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don iarraidh sin.

    (244)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, rinne Amcor gearán nár thug an Coimisiún aghaidh ar a iarraidh stoc scragaill a eisiamh ó raon feidhme táirge an nochta sin. Sa tacar céanna barúlacha, tharraing Amcor a iarraidh siar go ndéanfaí stoc scragaill a eisiamh ó raon feidhme an táirge agus go ndéanfaí an úsáid deiridh a dhíolmhú. Thairis sin, mhaígh Amcor, d’ainneoin toradh an Choimisiúin, go ndeachaigh sé i dteagmháil le táirgeoirí an Aontais chun stoc scragaill a fháil uathu.

    (245)

    I bhfianaise bharúlacha Amcor agus go háirithe, tarraingt siar a iarraidh, níor mheas an Coimisiún gur ghá measúnú a dhéanamh ar iarraidh Amcor ar tháirgí a eisiamh. Maidir leis an teagmháil a bhí ag Amcor le táirgeoirí an Aontais, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go ndeachaigh Amcor i dteagmháil le táirgeoirí an Aontais, ba líon beag táirgeoirí a bhí ann a ndeachaigh sé i dteagmháil leo. Dá bhrí sin, níor chuathas i dteagmháil le formhór mór tháirgeoirí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse soláthair mhalartach bhailí. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do mhaímh Amcor.

    (246)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Xiamen Xiashun nár tugadh aghaidh a dhóthain ar an ábhar a chuir sé isteach maidir leis na difríochtaí i dtréithe an stoic scragaill in aithrisí (303) agus (306) den Rialachán sealadach a ndearna an Coimisiún tagairt dóibh. Go sonrach, rinne Xiamen Xiashun tagairt do dhifríochtaí i gcóimhiotal, comhdhéanamh ceimiceach, agus sonraíochtaí teicniúla amhail tomhas agus faghartha agus próisis táirgthe. Thairis sin, mhaígh an t-onnmhaireoir céanna gur breithníodh tosca eile amhail grúpa táirge, cineál cóimhiotal agus próiseas monaraíochta agus measúnú á dhéanamh ar an iarraidh ar eisiamh a bhaineann le AFRPanna AHEX agus gur cheart measúnú a dhéanamh ar an stoc scragaill sin i bhfianaise na bhfachtóirí céanna.

    (247)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Níor thug na heilimintí a cuireadh ar aghaidh in aithrisí (303) go (306) den Rialachán sealadach aghaidh ar mhaíomh Xiamen Xiashun agus rinneadh tagairt go beacht dóibh “go bhfuil siad déanta as na cóimhiotail chéanna nó as cóimhiotail chomhchosúla agus go bhfuil an bailchríochnú, meon agus tiús céanna nó comhchosúil acu le AFRPanna eile”. Ina theannta sin, is toradh é an stoc scragaill ar an bpróiseas táirgthe céanna, dá dtagraítear in aithris (56) den Rialachán sealadach, a mbaintear úsáid as le haghaidh AFRPanna eile.

    (248)

    I bhfianaise go dtiteann dualgas cruthúnais ar na páirtithe atá ag iarraidh eisiaimh, ba cheart a thabhairt faoi deara, neamhchosúil le cás AFRPanna AHEX, nár chuir Xiamen Xiashun maímh sonracha isteach a bhaineann le gnéithe amhail an grúpa táirgí. Ar an mbonn sin, ní dhearna an Coimisiún measúnú ar na gnéithe sin d’iarraidh Xiamen Xiashun maidir le stoc scragaill. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    2.3.   Maímh a bhaineann leis an uimhir rialaithe táirgí (“PCN”)

    (249)

    Rinne Xiamen Xiashun an argóint nár cheadaigh an struchtúr PCN ar baineadh úsáid as san imscrúdú seo an stoc scragaill a aithint ar leithligh ó na táirgí eile a bhfuil saintréithe éagsúla acu agus úsáidí an-difriúil go sonrach ó stoc scragall. De réir a thuairime, má bhaintear úsáid as struchtúr PCN chun an gnáthluach a chinneadh, chun praghsanna tháirgeoirí an Aontais a chinneadh maidir le sladghearradh praghais agus gearrdhíol praghais agus comparáid dá bharr sin le samhlacha onnmhairithe, bheadh comparáid atá míchruinn ó thaobh raon de ann. Go háirithe, mhaígh sé gur chuir sé fianaise prima facie ar fáil maidir le difríocht sa phraghas a líomhnaítear a bheith idir uasteorainn PP scragaill agus stoc scragaill agus d’áitigh sé ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh i dtaobh na ndifríochtaí praghais líomhnaithe sin a bheith ann. Thairis sin, d’fhiosraigh sé freisin ar cuireadh ceann de na samhlacha a d’onnmhairigh sé i gcomparáid le teas-sciatha mótarfheithiclí.

    (250)

    Mheabhraigh an Coimisiún go raibh lánrogha mhór aige maidir le conas uimhreacha rialaithe táirgí a ríomh d’fhonn comparáid chothrom a dhéanamh idir na táirgí a onnmhairíodh agus na táirgí a rinne tionscal an Aontais. Agus an PCN á ríomh sa chás seo, áirithíodh comparáid chothrom den sórt sin go hiomlán.

    (251)

    Ar an gcéad dul síos, thángthas ar an gconclúid sa Rialachán sealadach (44) go bhfuil na buntréithe ceimiceacha, teicniúla agus fisiceacha céanna ag an stoc scragaill agus atá ag AFRPanna eile agus go dtagann sé faoi shainmhíniú raon feidhme an táirge. Ar an dara dul síos, dhíol táirgeoirí sampláilte an Aontais stoc scragaill i gcainníochtaí suntasacha ar leibhéal praghais atá cosúil le uasteorainn PP scragaill le linn thréimhse an imscrúdaithe, agus, dá bhrí sin, dearbhaítear nach bhfuil difríocht shuntasach praghais ann idir an dá tháirge sin. Dearbhaíodh san imscrúdú freisin nár cuireadh na teas-sciatha mótarfheithiclí AFRPanna i gcomparáid leis an tsamhail a d’onnmhairigh Xiamen Xiashun.

    (252)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, rinne an t-onnmhaireoir céanna gearán nár bhailigh an Coimisiún sonraí faoi na praghsanna ar stoc scragaill a dhíol ó na táirgeoirí de chuid an Aontais chun iad sin a chur i gcomparáid lena phraghsanna onnmhairiúcháin. I ndáil leis sin, thug sé le fios nár bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar an bhforas nár chuir Xiamen Xiashun fianaise ar fáil ar an difríocht sa phraghas a líomhnaíodh. Thairis sin, thug sé le fios go mba cheart don Choimisiún an t-ábhar sin a imscrúdú d’fhonn comparáid oibiachtúil agus chothrom a áirithiú agus d’iarr sé ar an gCoimisiún raon na bpraghsanna a nochtadh d’uasteorainn PP scragaill arna dhíol ag tionscal an Aontais mar thaca lena ráiteas. Anuas air sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún a dheimhniú nár cuireadh stoc scragaill Xiamen Xiashun i gcomparáid le haon chineál eile AFRP chun críche na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola praghais.

    (253)

    Ar dtús, ba cheart a shoiléiriú gur bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach ar bhonn a chleachtais chaighdeánaigh, eadhon trí iarraidh a dhéanamh, sa chás seo, ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais chun ceistneoir na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a líonadh isteach, ceistneoir a éilíonn ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais chun liostú díolacháin idirbheart ar idirbheart a chur ar fáil lena n-aithnítear na cineálacha táirgí atá ag baint úsáide as struchtúr PCN ar leith, faoina bhféadfaí stoc scragaill a aicmiú. I measc na faisnéise a bailíodh ó thionscal an Aontais bhí díolacháin stoic scragaill. Dá bhrí sin, níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh nár bhailigh sé sonraí maidir leis na praghsanna díola stoc scragaill ó na táirgeoirí de chuid an Aontais.

    (254)

    Ar an dara dul síos, mar a luaitear in aithris (333) den Rialachán sealadach, níor chuir Xiamen Xiashun fianaise ar fáil maidir leis an difríocht sa phraghas a líomhnaítear a bheith idir na feidhmeanna éagsúla (stoc eití, uasteorainn PP agus bileog liteagrafaíoch) agus a mhaíomh á chur isteach nó ag céim níos déanaí den imeacht. I gcás ar bith, mar a luaitear in aithris (251), rinne an Coimisiún imscrúdú ar an ábhar agus dhearbhaigh sé nach raibh aon difríocht shuntasach idir praghsanna an dá tháirge sin.

    (255)

    De réir mar a iarrann Xiamen Xiashun sonraí breise, ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh an difríocht idir an praghas idir uasteorainn PP agus stoc scragaill a ghearr tionscal an Aontais idir 0 agus 10 % ag brath ar an gcustaiméir stoc scragall agus go raibh sé níos ísle ná [2-6] (45) % ar an meán. A mhéid a bhaineann le hiarraidh Xiamen Xiashun maidir leis an úsáid deiridh, níor chuir Xiamen Xiashun aon fhianaise prima facie ar fáil go dtagann praghsanna éagsúla suntasacha as úsáidí deiridh sonracha i gcás PCNanna sonracha. Sa chomhthéacs sin, mheas an Coimisiún gur léirigh an PCN saintréithe ábhartha AFRPanna i gceart chun comparáid chothrom a áirithiú agus dhiúltaigh sé maímh Xiamen Xiashun.

    (256)

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, gur léirigh struchtúr PCN saintréithe an stoic scragaill i gceart, rud a fhágann gur féidir an táirge seo a chur i gcomparáid go cothrom le táirgí eile a bhfuil an struchtúr PCN céanna acu. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don maíomh sin.

    2.4.   Conclúid

    (257)

    Dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (60) go (105) den Rialachán sealadach, mar a athbhreithnítear in aithris (191) thuas.

    3.   DUMPÁIL

    (258)

    Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, thug an gearánaí, Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte agus Airoldi barúil ar na torthaí sealadacha dumpála.

    3.1.   Gnáthluach

    3.1.1.   Saobhadh suntasach

    (259)

    Thug Rialtas na Síne agus Xiamen Xiashun barúil ar cheist an tsaofa shuntasaigh sa tSín.

    (260)

    An chéad rud, dúirt Rialtas na Síne go raibh fabhtanna tromchúiseacha fíorasacha agus dlíthiúla in ábhar thuarascáil na Síne agus sna bealaí a raibh úsáid á baint as. De réir Rialtas na Síne, bhí mífhaisnéis ag baint leis an ábhar, bhí sé leataobhach, agus scoite amach ón bhfírinne. Chaith an doiciméad oibre le tairbhí iomaíocha dlisteanacha chuideachtaí na Síne agus na gnáthdhifríochtaí institiúide idir an tSín agus an Eoraip mar bhonn leis an saobhadh suntasach sa mhargadh a chinneadh. Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Síne trí ghlacadh leis an iarratas imscrúdaithe a chuir na tionscail intíre isteach bunaithe ar an tuarascáil ar an tír, gur chuir an Coimisiún a thionscal faoi bhuntáiste a bhí éagórach, a bhí cothrom le breithiúnais a dhéanamh roimh thriail. Sa breis air sin, mhaígh Rialtas na Síne má dhéantar tuarascálacha in ionad imscrúduithe nach raibh sé sin ag comhlíonadh spiorad dlíthiúil na cothroime ná an chirt.

    (261)

    Mar fhreagra ar an maíomh maidir le fabhtanna fíorasacha a bheith i dtuarascáil na tíre, luaigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é tuarascáil na tíre atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. Staon Rialtas na Síne ó aon fhrisnéis nó barúil den sórt sin a sholáthar maidir leis an ábhar agus leis an bhfianaise atá sa tuarascáil ó eisíodh í i mí na Nollag 2017.

    (262)

    Maidir le hargóint Rialtas na Síne ag moladh go ndearnadh eisiúint thuarascáil tíre in ionad an imscrúdaithe, mheabhraigh an Coimisiún, de réir Airteagal 2(6a)(e), má mheasann an Coimisiún gur leordhóthanach an fhianaise a chuir an gearánach isteach maidir leis an saobhadh suntasach, gur féidir leis imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Ach, is ag am an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh mar thoradh ar imscrúdú a dhéantar an cinneadh an ann don saobhadh suntasach agus a thionchar sin agus an úsáid ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a cheanglaítear le hAirteagal 2(6a)(a). Ní dheimhnítear láithreacht ná tionchar an tsaofa shuntasaigh ag céim an tionscnaimh mar a mhaíonn Rialtas na Síne, ach tar éis imscrúdú domhain amháin, agus dá bhrí sin, diúltaítear don argóint sin.

    (263)

    An dara rud, luaigh Rialtas na Síne nár eisigh an Coimisiún doiciméid oibre inmheánacha ach le haghaidh líon beag tíortha roghnaithe, rud ba leor chun imní a ardú maidir le cóir na náisiún barrfhabhair agus cóir náisiúnta (“NT”). Sa bhreis air sin, mhaígh Rialtas na Síne nár fhoilsigh an Coimisiún caighdeán follasach agus intuartha chun tíortha nó earnálacha a roghnú chun tuarascálacha a fhoilsiú.

    (264)

    Mheabhraigh an Coimisiún, dá bhforáiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, go ndéanfar tuarascáil tíre do thír ar bith i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ar fhormheas fhorálacha nua Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i mí na Nollag 2017, bhí léirithe den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach don tSín. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin ar shaobhadh sa Rúis agus ní eisíonn sé nach leanfaidh tuarascálacha eile. Ó tharla go mbaineann formhór na gcásanna imscrúdaithe cosanta trádála (“TDI”) leis an tSín, agus ó tharla go raibh tásca tromchúiseacha de shaobhadh sa tír sin, ba í an chéad tír ar dhréachtaigh an Coimisiún tuarascáil lena haghaidh. Is í an Rúis an tír ina bhfuil an dara líon is mó de chásanna TDI, agus dá bhrí sin bhí cúiseanna oibiachtúla don Choimisiún chun tuarascálacha a ullmhú don dá thír sin san ord sin.

    (265)

    Ina theannta sin, mar a luaitear thuas, níl na tuarascálacha éigeantach chun Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm. Tugtar tuairisc in Airteagal 2(6a)(c) ar na coinníollacha maidir leis an gCoimisiún a bheith ag eisiúint tuarascálacha de réir tíre, ach de réir Airteagal 2(6a)(d) níl aon dualgas ar ghearánaigh an tuarascáil a úsáid ná, de réir Airteagal 2(6a)(e), ní coinníoll é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a). Go deimhin, de réir Airteagal 2(6a)(e), is leor fianaise leordhóthanach a chruthaíonn go bhfuil saobhadh suntasach i dtír ar bith arna tabhairt ag na gearánaigh ag comhlíonadh na gcritéar in Airteagal 2(6a)(b) chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le saobhadh suntasach a bhaineann le tír ar leith do gach tír gan aon idirdhealú, beag beann ar an tuarascáil a bheith déanta ar an tír. Dá bhrí sin, ní sháraíonn na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre cóir na náisiún barrfhabhair de réir an tsainmhínithe sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

    (266)

    An tríú rud, luaigh Rialtas na Síne freisin maidir leis an gcóir náisiúnta, nárbh ann don choincheap maidir le saobhadh margaidh nó caighdeáin chomhfhreagracha i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le margadh inmheánach nó iomaíocht seachas ó na bun-Rialacháin. Dá bhrí sin, rinne Rialtas na Síne an argóint nach raibh údarás ar bith ag an gCoimisiún ó thaobh dlí idirnáisiúnta de nó aon reachtaíocht agus cleachtais faoina inniúlacht eisiach sa mhargadh inmheánach nó rialachán iomaíochta chun saobhadh sa tSín a imscrúdú.

    (267)

    Bhunaigh an Coimisiún a mhodheolaíocht san imscrúdú seo ar fhoráil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Níl sé ábhartha ó thaobh an dlí de nach mbaintear úsáid as coincheap an tsaofa shuntasaigh i ndlíthe Eorpacha, ós rud é go mbaineann sé go sonrach le réimse an fhrithdhumpála, rud a rialaítear leis na rialacha faoi Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála. Agus gníomh á dhéanamh i gcoinne allmhairí, níl aon cheanglas faoin gComhaontú Frithdhumpála measúnú a dhéanamh ar dhálaí an mhargaidh intíre thar an anailís fhorordaithe ar dhíobháil. In aon chás, tá timpeallacht margaidh saoir atá an-iomaíoch ina shaintréith de mhargadh an Aontais, go háirithe a bhuí le dlíthe diana an Aontais maidir le státchabhair agus iomaíocht. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (268)

    Ina theannta sin, luaigh Rialtas na Síne gur chuir an Coimisiún rialacha agus caighdeáin idirdhealaitheacha i bhfeidhm in aghaidh cuideachtaí na Síne nuair a bhí siad i gcásanna comhchosúla le cuideachtaí an Aontais, lena n-áirítear caighdeáin éagóracha fianaise agus an dualgas a chruthú, ach gan a bheith teoranta dóibh. Ag an am céanna, ní dhearna an Coimisiún meastóireacht le fáil amach an raibh saobhadh margaidh ag an Aontas Eorpach nó ag na Ballstáit. Chuaigh an tsraith chleachtas seo i bhfeidhm go tromchúiseach ar iontaofacht agus ar dhlisteanacht anailís agus chonclúidí an Choimisiúin ar na príomhcheisteanna in imscrúduithe frithdhumpála maidir le dumpáil agus díobháil a ríomh. Dá réir sin, is leor ábhar imní a léiriú maidir le sárú féideartha oibleagáidí córa náisiúnta faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

    (269)

    Níor sholáthair Rialtas na Síne aon fhianaise a léirigh go mbeadh cuideachtaí an Aontais Eorpaigh faoi réir saofa atá inchomparáide leo siúd de chuid a n-iomaitheoirí sa tSín agus go mbeidís i gcás comhchosúil leis dá réir sin. In aon chás, tá an coincheap maidir le saobhadh suntasach ábhartha sa chomhthéacs chun an gnáthluach a chinneadh chun dumpáil a chinneadh, ach tá an coincheap neamhábhartha ó thaobh dlí de don tionscal de chuid an Aontais i gcomhthéacs sonrach na n-imscrúduithe frithdhumpála. Dá bhrí sin, measadh an maíomh seo a bheith gan bhunús agus neamhábhartha ó thaobh dlí de.

    (270)

    An ceathrú rud, thug Rialtas na Síne ar aird nach raibh forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán comhsheasmhach le hAirteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, a sholáthraíonn liosta uileghabhálach de chásanna inar féidir an gnáthluach a ríomh agus nach gcuirtear saobhadh suntasach san áireamh iontu. Mhaígh Rialtas na Síne freisin nach raibh úsáid na sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ná praghsanna idirnáisiúnta chun gnáthluach a ríomh de réir Airteagal 2(6a) comhsheasmhach le hAirteagal 6.1(b) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil agus Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, go háirithe Airteagal 2.2.1.1. Rinne Rialtas na Síne an argóint freisin gur éiligh rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála go n-úsáidfí costas na táirgeachta sa tír thionscnaimh móide méid réasúnta le haghaidh costas riaracháin, díolacháin agus costas ginearálta agus le haghaidh brabús nuair atá gnáthluach á ríomh. Ach, rinne Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán raon feidhme fhoinse na sonraí a leathnú chun costais táirgeachta agus díolacháin a chur san áireamh i dtír ionadaíoch iomchuí, nó praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta. Bhí sé seo lasmuigh de raon feidhme rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála de réir Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, cibé acu atá bhun-Rialachán 2(5) an Aontais Eorpaigh ag teacht le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála nó nach bhfuil, níor cheart don Choimisiún gnáthluach a ríomh nuair atá “saobhadh margaidh” mar a thugtar air, bunaithe ar údarú Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    (271)

    Measann an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála de chuid an Aontais Eorpaigh. Is é tuairim an Choimisiúin, i gcomhréir le soiléirithe Bhuanchomhlacht Achomhairc in DS473 EU-Biodiesel (an Airgintín), go gceadaíonn forálacha an bhun-Rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta leo maidir le gach Ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, go háirithe Airteagal 2(5), an dara fomhír, úsáid na sonraí ó thríú tír, arna gcoigeartú go cuí nuair atá coigeartú den sórt sin riachtanach agus nuair atá bunús leo. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

    (272)

    Chuir Rialtas na Síne argóint isteach, sa chás seo, go ndearna an Coimisiún neamhaird dhíreach de thaifid onnmhaireoirí na Síne, a bhí ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála. Rinne Rialtas na Síne an argóint gur dhearbhaigh an Buanchomhlacht Achomhairc in EU-Biodiesel (an Airgintín) (DS473) agus an painéal in EU-Cost Adjustment Methodologies II (an Rúis) (DS494) de réir Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála, fad is a bhí na taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú ar aon dul - laistigh de theorainneacha inghlactha - ar bhealach cruinn agus iontaofa, leis na costais arna dtabhú ag an táirgeoir nó onnmhaireoir áirithe don táirge faoi imscrúdú, gur cheart don údarás imscrúdaithe na taifid sin a úsáid chun costas táirgeachta na dtáirgeoirí faoi imscrúdú a chinneadh.

    (273)

    Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain díospóidí DS473 ná DS494 le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, atá mar bunús dlí ábhartha chun gnáthluach an imscrúdaithe seo a chinneadh. Bhain cásanna fíorasacha éagsúla leis na díospóidí seo sa bhreis ar an gcás fíorasach maidir leis an saobhadh suntasach a bheith ann. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (274)

    Ar deireadh, thug Rialtas na Síne ar aird go raibh caighdeáin dhúbailte sa chás seo ag baint leis an imscrúdú a rinne an Coimisiún bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. De réir thuairim Rialtas na Síne, dhiúltaigh an Coimisiún glacadh le sonraí costais onnmhaireoirí na Síne ar na forais go raibh saobhadh suntasach margaidh i margadh na Síne, ach ghlac sé le sonraí na tíre ionadaíche agus bhain sé úsáid astu le cur in ionad sonraí táirgeoirí na Síne gan aon mheastóireacht ar shaobhadh margaidh a bheith i bhfeidhm ar na sonraí ionadacha sin. Is fianaise é sin, de réir thuairim Rialtas na Síne, ar “chaighdeáin dhúbailte”. Thug Rialtas na Síne ar aird gur theip ar an gcur chuige seo iontaofacht na gcostas áirithe a áirithiú sa tír ionadaíoch roghnaithe. Thairis sin, bhí sé dodhéanta costas na dtáirgeoirí sa tír thionscnaimh a léiriú le fírinne.

    (275)

    Thairis sin, dúirt Rialtas na Síne freisin go raibh, de réir Rialtas na Síne, tionscnaimh forbartha laistigh den Aontas agus de na Ballstáit atá cosúil le pleananna 5 bliana na Síne, amhail an Straitéis Tionsclaíochta Nua agus Tionscal na Gearmáine 4.0 etc. Dar le foinsí oifigiúla, bhain tionscal alúmanaim an Aontais tairbhe as breis agus 200 beart státchabhrach éagsúla, ina mhargadh inmheánach 2017-2020, a chuir Ballstáit an Aontais ar fáil agus a d’údaraigh an Coimisiún.

    (276)

    Mheabhraigh an Coimisiún gur bhreithnigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe cibé an bhfuil gnéithe ar taifead a léiríonn go bhfuil saobhadh sna tíortha ionadaíocha, freisin eadhon maidir leis na príomh-amhábhair arna n-úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh, mar shampla má tá siad faoi réir srianta onnmhairiúcháin. Ina theannta sin, le linn an imscrúdaithe bíonn neart deiseanna ann do gach páirtí barúil a thabhairt maidir le hoiriúnacht na dtíortha ionadaíocha féideartha arna meas ag an gCoimisiún. Go sonrach, foilsíonn an Coimisiún dhá nóta leis an gcomhad maidir le hoiriúnacht na dtíortha ionadaíocha féideartha agus maidir le tír iomchuí a roghnú go sealadach le haghaidh an imscrúdaithe. Cuirtear na nótaí seo ar fáil do gach páirtí le haghaidh a mbarúlacha. Sa chás seo freisin, bhí an fhéidearthacht ag Rialtas na Síne agus ag gach páirtí eile a chruthú go ndearna saobhadh suntasach difear do na tíortha ionadaíocha féideartha arna meas agus dá bhrí sin nach raibh siad oiriúnach don imscrúdú.

    (277)

    Tugann an Coimisiún dá aire de réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán gur maidir le praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a dhéantar anailís ar thionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin de na heilimintí saofa nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin. Níl tábhacht ar bith i gcomhthéacs an nós imeachta seo leis an struchtúr costais ná na sásraí praghas-mhúnlaithe i margaí eile, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le tacaíocht airgeadais ginearálta agus gan chruthú, amhail an tacaíocht ghinearálta agus gan chruthú líomhnaithe arna deonú san Aontas Eorpach (fiú dá mba rud é go mbeadh siad ann, quod non (46)). Dá bhrí sin, bhí an maíomh seo gan bhunús agus diúltaíodh é.

    (278)

    Chuir Xiamen Xiashun sraith barúlacha isteach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann.

    (279)

    Ar an gcéad dul síos, thug Xiamen Xiashun faoi deara in aithris (142) den Rialachán sealadach go ndearnadh tagairt d’alt idirlín ina ndeirtear go gcuireann Xiamen Xiashun go gníomhach obair neartaithe an pháirtí agus obair ceardchumann saothair chun cinn. Dúirt Xiamen Xiashun gur cheart an t-airteagal seo a léiriú ar an mbealach a chiallaíonn ach go n-éascaíonn Xiamen Xiashun amháin an fhéidearthacht dá oibrithe i ceardchumainn saothair cibé más comhaltaí páirtí iad nó mura comhaltaí páirtí iad a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh den chuideachta. Chuir Xiamen Xiashun i dtábhacht, áfach, nach gciallaíonn an fhoclaíocht “cinnteoireacht” go bhfuil páirt ar bith ag comhaltaí an pháirtí ná ag an gceardchumann saothair a dtuairimí a nochtadh maidir le bainistiú agus rialú na cuideachta, nó maidir le socrú praghsála ceannacháin amhábhar nó díolacháin táirgí. Dá thoradh sin, níor cheart aon rialú rialtais ná saobhadh margaidh a thabhairt i gcrích bunaithe ar na foclaíochtaí sin.

    (280)

    Ina theannta sin, chuir Xiamen Xiashun i gcoinne na dtorthaí a rinne an Coimisiún in aithris (142) den Rialachán sealadach, agus mhínigh sé nach gciallaíonn an fhíric go bhfuil comhaltaí an pháirtí sa chuideachta go bhfuil an chuideachta á rialú acu. Thug Xiamen Xiashun faoi deara go bhfuil sé d’oibleagáid air de réir an dlí cead a thabhairt do chomhaltaí an pháirtí gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtí a eagrú, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil aon tionchar ag comhaltaí an pháirtí ar an gcuideachta. Dúirt sé freisin go gceadaítear do gach duine a bheith ina gcomhaltaí de reiligiún nó de pháirtí polaitíochta dá rogha féin agus nach bhfuil aon tionchar aige ar chinnteoireacht na cuideachta. Thairis sin, chuir sé i dtábhacht go láidir nach gciallaíonn gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtí a bheith eagraithe sa chuideachta go bhfuil comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne i measc lucht bainistíochta na cuideachta. Ar deireadh, mhínigh Xiamen Xiashun go bhfuil aistriúchán an Choimisiúin ar “neartú an pháirtí” mícheart agus gurb iad gníomhaíochtaí chomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne laistigh den chuideachta na gníomhaíochtaí a bhaineann den chuid is mó le staidéar a dhéanamh ar bheartais rialtais, a dtuairim agus a gcomhairle dá n-eagraíocht pháirtí a thabhairt, nó uaireanta fiú roinnt gníomhaíochtaí siamsaíochta. Dúirt sé freisin nach raibh aon rud sa taifead a thugann le fios go bhfuil na cuideachtaí is freagróirí á rialú ag Páirtí Cumannach na Síne. Thug Xiamen Xiashun arís eile na barúlacha sin tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh.

    (281)

    Thug an Coimisiún faoi deara ar dtús, go dtugtar go soiléir “cinnteoireacht” san airteagal a luaitear in aithris (142) den Rialachán sealadach ar ghníomhaíochtaí choiste an pháirtí atá gníomhach laistigh de Xiamen Xiashun. Ní dhéanann an t-airteagal anailís ná ní léirmhíníonn sé go mion cad atá i gceist leis an “gcinnteoireacht” sin. Meabhraíonn an Coimisiún, áfach, de réir Airteagal 2(6a), an chéad agus an dara fleasc, gurb iad an dá ghné a léiríonn go bhfuil saobhadh ann i dtír: “an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair atá faoi úinéireacht údaráis na tíre is onnmhaireoir nó a oibríonn faoina smacht, faoina maoirseacht beartais nó faoina stiúir” agus “láithreacht stát i ngnólachtaí, rud a cheadaíonn don stát cur isteach ar phraghsanna nó ar costais”. Tagann rannpháirtíocht choiste an pháirtí i “gcinnteoireacht” in Xiamen Xiashun faoin dá chritéar. Ní chiallaíonn an ceanglas go gcuireann láithreacht an stáit sa chuideachta isteach ar na praghsanna agus na costais go socraíonn an Stát go díreach praghsanna na n-earraí a dhíoltar ach de bharr láithreacht agus rannpháirtíocht chomhaltaí an pháirtí sa chuideachta, is féidir leis an gcuideachta a bheith ag súil le cóireáil agus tacaíocht níos fabhraí ó na húdaráis, rud a bhfuil tionchar indíreach aige ar a chostais agus ar a praghsanna. Thairis sin, is táscaire soiléir é láithreacht chomhaltaí Pháirtí Cumannach na Síne (“PCS”) sa chuideachta agus go n-éascaíonn an chuideachta gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtí agus rannpháirtíocht na bpáirtithe sin i “gcinnteoireacht”, agus ní tuairimíocht é mar atá curtha isteach ag Xiamen Xiashun tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, nach bhfuil an chuideachta neamhspleách ar an stát, agus go bhfuil sé faoi dhliteanas a bheith ag gníomhú i gcomhréir le beartas Pháirtí Cumannach na Síne seachas fórsaí an mhargaidh. Diúltaítear, dá bhrí sin, don argóint.

    (282)

    Cé go bhfuil sé de cheart ag gach fostaí a bheith páirteach sa reiligiún nó sa pháirtí polaitíochta dá rogha féin, tá an staid éagsúil sa tSín toisc gur stát páirtí amháin í an tSín agus gurb ionann Pháirtí Cumannach na Síne agus an Stát agus a rialtas (47). Dá bhrí sin, is láithreacht an stáit sa chuideachta é láithreacht chomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachta a eagraíonn gníomhaíochtaí rialta “neartaithe an pháirtí” agus a bhfuil cearta “cinnteoireachta” acu, mar a phléitear in aithris (279) agus aithris (281) thuas. Maidir le gníomhaíochtaí choiste an pháirtí, ba mhaith leis an gCoimisiún a mhíniú ar dtús go mbaineann an Coimisiún úsáid as na gníomhaíochtaí “neartaithe an pháirtí” sa chiall “gníomhaíochtaí chun spiorad an pháirtí a neartú sa chuideachta”, nó “gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bpáirtí a fhorbairt chun ceannaireacht foriomlán an pháirtí a áirithiú” i gcomhréir leis na treoirlínte oifigiúla (48). Meabhraíonn an Coimisiún, mar a mhínítear cheana in aithris (281) thuas, go bhfuil ar a laghad éifeacht indíreach, bíodh sé ina éifeacht a bhféadfadh éifeacht saofa a bheith aige, ag coistí an pháirtí a bhfuil láithreacht acu sa chuideachta mar gheall ar an dlúth-idirnascacht idir an stát agus Pháirtí Cumannach na Síne.

    (283)

    Ar an dara dul síos, chuir Xiamen Xiashun i gcoinne chonclúid an Choimisiúin in aithris (209) den Rialachán sealadach go bhfuil Xiamen Xiashun faoi réir saobhadh ar fud na tíre maidir le saothar. D’áitigh Xiamen Xiashun go raibh a phá i bhfad níos airde ná pá a iomaitheoirí. Thairis sin, thug Xiamen Xiashun faoi deara go bhfuil an dualgas cruthúnais a cuireadh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin chun an toimhde líomhnaithe de facto go bhfuil “saobhadh suntasach” ann a fhrisnéis chomh deacair sin nach féidir le haon chuideachta aonair é a chomhlíonadh. Thug Xiamen Xiashun faoi deara sa chleachtas gur seo a leanas atá i gceist leis sin: i) tá sé go hiomlán doiléir conas a d’fhéadfadh cuideachta aonair an toimhde go ndéantar a hítimí costais, amhail costais saothair, a shaobhadh, agus trí bhíthin cibé fianaise, a fhrisnéis; agus ii) fiú má chuirtear fianaise shonrach fhíorasach ar fáil lena léirítear go bhfuil difríochtaí suntasacha idir costais idir táirgeoirí onnmhairiúcháin, ní fhágfaidh sé sin go gcuirfidh an Coimisiún amhras ar a chinneadh prima facie maidir le “saobhadh suntasach” a bheith ann.

    (284)

    Mheabhraigh an Coimisiún, mar atá le fáil i roinn 3.3.1.7 den Rialachán sealadach, go ndéantar an pá sa tSín a shaobhadh inter alia i ngeall ar shrianta ar shoghluaisteacht i ngeall ar shrianta ar chóras cláraithe teaghlaigh, mar aon le ganntanas ceardchumann neamhspleách agus easpa cómhargála. Ós rud é go dtugann torthaí an Choimisiúin le fios i roinn 3.3.1.7 go bhfuil saobhadh cothrománach ar fud na tíre i margadh saothair na Síne, thángthas ar an gconclúid mar gheall ar a thromchúisí atá an saobhadh sin nach bhfuil an pá sa tSín iontaofa. Níl aon eilimint sa chomhad arbh fhéidir a shuí go dearfach ar a mbonn nach raibh tionchar ag saobhadh ar mhargadh an tsaothair ar chostais pá intíre an táirgeora onnmhairiúcháin sin. Ar an gcéad dul síos, níor chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin sin aon fhianaise isteach ar an gcaoi nach ndéanann an saobhadh cothrománach seo difear dá chostais saothair, mar shampla trína chruthú nach raibh tionchar ag an gcóras cláraithe teaghlaigh ar a phearsanra, go raibh ceardchumainn neamhspleácha ann agus go raibh cómhargáil ann. Thairis sin, ní raibh aon fhianaise ann go raibh a phá níos airde ná pá a cuid iomaitheoirí, toisc nár chuir sé aon sonraí isteach ina leith sin.

    (285)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir Xiamen Xiashun in iúl gur áitigh sé go raibh a phá i bhfad níos airde ná pá a iomaitheoirí. Ba ábhar iontais don chuideachta dá dtagraítear i ráiteas ó dhuine d’fhíoraitheoirí an Choimisiúin le linn na cros-seiceála cianda go raibh pá Xiamen Xiashun ard. Dá thoradh sin, iarradh tuilleadh faisnéise maidir leis na leibhéil phá, i ndiaidh do Xiamen Xiashun faisnéis ar fáil chun sástachta na bhfíoraitheoirí. Dá bhrí sin, mhaígh an chuideachta go raibh na sonraí go léir is gá ag an gCoimisiún chun leibhéil phá Xiamen Xiashun a chinneadh agus a chur i gcomparáid. Athdhearbhaíonn an Coimisiún gur faisnéis rúnda é leibhéal pá gach táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch. In aon chás, ní dhéanann an maíomh sin athrú ar an gconclúid atá luaite cheana sa nochtadh cinntitheach nach dtugtar le fios le leibhéal áirithe pá i gcomparáid le pá iomaitheoirí sa ghnó céanna per se nach ndéanfadh an saobhadh cothrománach ar fud na tíre atá i margadh an tsaothair i nDaon-Phoblacht na Síne difear do leibhéal phá an táirgeora onnmhairiúcháin sin. I bhfocail eile, fiú dá mbeadh an pá an táirgeora onnmhairiúcháin sin níos airde ná pá a chuid iomaitheoirí, ní léiríonn sé sin nach ndéanann saobhadh ar mhargadh an tsaothair i nDaon-Phoblacht na Síne difear don leibhéal pá sin.

    (286)

    Maidir leis an maíomh nach féidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin toimhde líomhnaithe de facto go bhfuil saobhadh suntasach ann a fhrisnéis, athdhearbhú tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, ní chomhaontaíonn an Coimisiún ar dhóigh ar bith leis an dearbhú sin atá gan bhunús. Ar an gcéad dul síos, níl aon toimhde de facto airbheartaithe ann toisc go ndéanann an Coimisiún measúnú mionsonraithe i ngach imscrúdú ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear don táirge atá faoi imscrúdú agus do na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann, agus an fhianaise go léir atá ar fáil sa chomhad á cur san áireamh ar bhealach cothrom. Thairis sin, má tá maímh ann nach ndéanann saobhadh cothrománach difear do chostais intíre áirithe faoi Airteagal 2(6a)(a), an tríú fleasc, déanann an Coimisiún mionanailís orthu toisc go léirítear go soiléir le fad na n-anailísí san imscrúdú seo agus le gach imscrúdú eile a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne. Má tá fianaise sa chomhad nach raibh tionchar ag an saobhadh ar fud na tíre a bhí ar mhargadh saothair na Síne ar Xiamen Xiashun, is cinnte go mbainfeadh an Coimisiún úsáid as costas saothair na cuideachta féin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) an tríú fleasc den bhun-Rialachán.

    (287)

    Ar an tríú dul síos, dúirt Xiamen Xiashun, agus d’athdhearbhaigh sé arís tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, go dtugann an Coimisiún neamhaird go córasach ar chostais saothair tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, is cruthúnas é sin nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag luí le hAirteagal 2.2, Airteagal 2.2.1.1. agus Airteagal 2.2.2. de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is amhlaidh atá toisc go bhforáiltear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ndéanfar neamhaird chórasach ar chostais agus ar phraghsanna gan scrúdú a dhéanamh ar cibé atá na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála á gcomhlíonadh.

    (288)

    Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil an deis ag na páirtithe uile i ngach imscrúdú fianaise a chur ar fáil maidir leis na heilimintí ábhartha uile, lena n-áirítear an líomhain nach bhfuil fachtóirí áirithe táirgthe saofa, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), an tríú fleasc, den bhun-Rialachán. Mar a mhínítear in aithris (284) agus aithris (286) thuas, ní dhiúltaíonn an Coimisiún go córasach do chostais saothair tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ach déanann sé anailís mhionsonraithe ar na sonraí i ngach cás ina maíonn páirtí go bhfuil easpa saofa ann chun a sheiceáil an ndéanann an saobhadh suntasach difear do tháirgeoir onnmhairiúcháin. Baineann an cur chuige céanna le costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le brabúis. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (289)

    Ar an gceathrú dul síos, thug Xiamen Xiashun faoi deara gur thug an Coimisiún le fios in aithris (198) den Rialachán sealadach go bhfuair Xiamen Xiashun duaiseanna nó aitheantais fhoirmiúla áirithe, rud a chiallaíonn go raibh gá leis ceanglais incháilitheachta a chomhlíonadh d’fhonn iad a ghlacadh, lena n-áirítear cloí le seasamh oifigiúil Rialtas na Síne agus na straitéisí agus na beartais oifigiúla rialtais a chomhlíonadh. Chuir Xiamen Xiashun in iúl nach bhfuil sna haitheantais seo ach onóracha a fuair an chuideachta agus cé nach mór don chuideachta roinnt ceanglas a chomhlíonadh, ní raibh sé faoi rialú an rialtais. Dúirt Xiamen Xiashun freisin nach raibh aon fhianaise ar an taifead a léiríonn go bhfaigheann sé treoir ón rialtas chun praghas ceannaigh amhábhar nó a phraghas díola táirge a shocrú ar phraghas atá contrártha le coinníollacha an mhargaidh. Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, dúirt Xiamen Xiashun nach léiríonn an Coimisiún an chaoi ar lean Xiamen Xiashun seasamh an rialtais go docht nó fiú ar bhain sé tairbhe as tacaíocht rialtais dhíreach nó indíreach a ghabhann leis na haitheantais sin. Ó thaobh Xiamen Xiashun de, maidir leis na sonraí a cuireadh isteach nó fíorú oifigigh an Choimisiúin, ní raibh aon rud ann gur féidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid gur chloígh an chuideachta go docht le seasamh an rialtais ná go bhfuair sé aon sochair ghaolmhara.

    (290)

    Mar a mhínigh an Coimisiún cheana in aithris (198) den Rialachán sealadach, ní hamháin go n-aithníonn na luaíochtaí agus na teidil a fuair Xiamen Xiashun éachtaí na cuideachta sin, ach éilíonn siad go soiléir go mbeidh sé ailínithe le beartas oifigiúil an rialtais. Mar a léirítear leis na luachaintí in aithris (198) den Rialachán sealadach, tá na cuideachtaí a leanann líne an rialtais go docht, agus iad sin amháin, i dteideal luaíochtaí a fháil ó Xiamen Xiashun, amhail an teideal Fujian Backbone Enterprise. Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, níor sholáthair Xiamen Xiashun aon fhianaise a bhí contrártha leis na conclúidí sin.

    (291)

    Ar an gcúigiú dul síos, dúirt Xiamen Xiashun gur thug an Coimisiún le fios in aithris (205) den Rialachán sealadach gur bhunaigh Xiamen Xiashun comhfhiontar le fiontar faoi úinéireacht stáit, agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh sé ag comhoibriú go dlúth leis an Stát Síneach agus go mbaineann an saobhadh ar fud na tíre lena sholáthróirí freisin. Dúirt Xiamen Xiashun go bhfuil sé an-choitianta ar fud an domhain go dtéann cuideachtaí príobháideacha i mbun gnó le fiontair faoi úinéireacht Stáit nó le gníomhaireachtaí rialtais, agus nach gciallaíonn sé go gcuirtear iallach ar an bpáirtí eile rialú na gnólachta a thabhairt don rialtais. I gcás Xiamen Xiashun, ní dhéantar an comhfhiontar leis an fiontar faoi úinéireacht stáit a oibriú ach amháin faoi Airteagail Chomhlachais agus Dlí Chuideachtaí na Síne. Chuir Xiamen Xiashun i dtábhacht nach raibh aon fhianaise ar an taifead a thugann le tuiscint go rialaíonn an rialtas socrú praghsanna táirgí, soláthar agus éileamh amhábhar nó go mbíonn siad faoina stiúir, mar aon le hoibriú laethúil an chomhfhiontair.

    (292)

    Cé go n-aontaíonn an Coimisiún go bhfuil comhfhiontair idir fiontair phríobháideacha agus fiontair faoi úinéireacht Stáit an-choitianta ar fud an domhain, tá ról an-sonrach ag na fiontair faoi úinéireacht stáit sa tSín, mar a thuairiscítear i roinn 3.3.1.3 den Rialachán sealadach. Is léiriú ábhartha breise ar éifeacht shaofa na bhfiontar faoi úinéireacht stáit sa tSín ar phraghsanna agus ar chostais í an luachan ó alt a foilsíodh ar leathanach oifigiúil stát na Síne, a deir: “Chuaigh forbairt ar mórscála na bhfiontar faoi úinéireacht stáit i bpríomhtheicneolaíocht agus i dtionscail straitéiseacha chun tairbhe fiontair phríobháideacha agus thacaigh sí leo ar go leor bealaí, amhail cuimsitheacht praghsanna, aistriú tallainne, iarmhairt theicneolaíoch agus tarrtháil a dhéanamh ar chuideachta mar gheall ar easpa caipitil” (49). Léiríonn an “tairbhe”, “tacaíocht”, “cuimsitheacht praghsanna” agus “tarrtháil a dhéanamh ar chuideachta mar gheall ar easpa caipitil” a luaitear san airteagal go soiléir go bhfuil saobhadh suntasach idir fiontair faoi úinéireacht stáit agus fiontair phríobháideacha ar mhargadh na Síne. Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun a chuid barúlacha ach níor sholáthair sé aon fhianaise lena mbréagnaítear conclúidí an Choimisiúin.

    (293)

    Chuir Airoldi barúil isteach maidir leis an Tuarascáil. Thug Airoldi ar aird gur leag Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán an ceanglas síos nach mór don doiciméad a bheidh i gceist a bheith ina tuarascáil agus nach mór don Coimisiún Eorpach í a ghlacadh go foirmiúil. Rinne Airoldi an argóint freisin go gcaithfí an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus go dtabharfaí cothrom le dáta í. Dá bhrí sin, de réir thuairim Airoldi, maidir leis an doiciméad a rabhthas ag brath air san imscrúdú reatha agus a foilsíodh ar Shuíomh Idirlín Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, níor tugadh cothrom le dáta é, ní raibh ann ach doiciméad simplí inmheánach oibre an Choimisiúin, bhí easpa saintréithe foirmiúla agus substaintiúla ann lena mheas mar thuarascáil fhoirmiúil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Thairis sin, mar ábhar dlí Institiúide an Aontais Eorpaigh, bheadh gá lena leithéid de thuarascáil a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, d’iarr Airoldi go gcuirfeadh Ard-Stiúrthóireacht na Trádála leagan Iodáilise den doiciméad seo ar fáil dóibh agus an t-eagrán d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh inar foilsíodh é. Ag an am céanna, luaigh Airoldi gur foilsíodh tuarascáil na Síne ar Shuíomh Idirlín Ard-Stiúrthóireacht na Trádála i mBéarla amháin. Dá bhrí sin, bhí tuarascáil na Síne neamhdhleathach agus is gá neamhaird a thabhairt air.

    (294)

    Luaigh Airoldi roinnt cúiseanna ar cheart rochtain a thabhairt dó ar an Tuarascáil in Iodáilis. Ar an gcéad dul síos, mhaígh Airoldi go dtugann Rialachán CEE Uimh. 1 1958 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha a mbainfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa úsáid astu an ceart do chuideachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa cóip de dhoiciméad den sórt sin a fháil nó rochtain a fháil air ina dteangacha oifigiúla náisiúnta ar teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh iad freisin. Ar an dara dul síos, rinne Airoldi an argóint go bhfuil an Tuarascáil nasctha le hAirteagal 2 den bhun-Rialachán agus go bhfuil sé luaite go sonrach ann. Dá bhrí sin, is doiciméad é lena gcuirtear chun feidhme forálacha substainteacha an Airteagail seo den bhun-Rialachán agus, dá bhrí sin, is gá é a fhoilsiú i dteangacha Oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Ar an tríú dul síos, mhaígh Airoldi gur sárú ar Rialachán Uimh. 1/1958 arna léamh in éineacht le hAirteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha nach bhfuil leagan Iodáilise den Tuarascáil ann, tuarascáil ar príomhphíosa fianaise sa chás seo é. Thairis sin, de réir Airoldi, tá an ceart aige rochtain a fháil ar an Tuarascáil in Iodáilis bunaithe ar na forálacha dlíthiúla seo a leanas: Le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leagtar an-bhéim ar urramú chearta an duine agus ar an neamh-idirdhealú; Le hAirteagal 3 CAE, deirtear “go n-urramóidh an tAontas Eorpach saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga”; Le hAirteagal 165(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagtar béim ar an bhfíoras gurb é is “aidhm do ghníomhaíocht an Aontais éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt go háirithe trí theangacha na mBallstát a theagasc agus a leathadh”, agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú aige go hiomlán (Airteagal 165(1) CFAE). Ar deireadh, rinne Airoldi an argóint go gcuirtear cosc le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar idirdhealú ar fhorais teanga (Airteagal 21) agus cuirtear oibleagáid ar an Aontas urraim a thabhairt don éagsúlacht teanga (Airteagal 22). Leasaíodh an chéad rialachán, ó 1958, lenar cinneadh na teangacha a bheadh le húsáid ag iar-Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, tar éis gach aontachais le AE, agus sainítear teangacha oifigiúla an Aontais leis, in éineacht le hAirteagal 55(1) CAE.

    (295)

    Luaigh an Coimisiún nach ndéanann Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán formáid shonrach a fhorordú do na tuarascálacha maidir le saobhadh suntasach, ná ní shainmhíníonn an fhoráil sin modh foilseacháin. Mheabhraigh an Coimisiún gur doiciméad teicniúil é seo bunaithe ar fhíorais a úsáidtear i gcomhthéacs imscrúduithe cosanta trádála amháin. Déantar an tuarascáil a eisiúint go cuí dá bhrí sin mar dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin mar tá sé tuairisciúil amháin agus ní léiríonn sé aon tuairim pholaitiúil, fabhair ná breithiúnais. Ní dhéanann sé seo difear dá ábhar, eadhon foinsí oibiachtúla faisnéise maidir le saobhadh suntasach a bheith i ngeilleagar na Síne atá ábhartha chun críoch chur i bhfeidhm Airteagal 2 (6a)(c) den bhun-Rialachán.

    (296)

    Ós rud é nach bhforordaítear le forálacha Airteagal 2(6a)(c) formáid shonrach inar gá tuarascáil tíre a fhoilsiú, ná modh foilseacháin na tuarascála sin, comhlíonann foilsiú thuarascáil na Síne mar dhoiciméad inmheánach oibre, ar cineál doiciméid é nach gá a aistriú go gach teanga Eorpach, ná nach gá é a fhoilsiú go foirmiúil san Iris Oifigiúil, na rialacha ábhartha. In aon chás, níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an argóint gur cuireadh isteach ar chearta cosanta Airoldi sa chás seo nuair nach bhfuair sé aistriúchán Iodáilise den Tuarascáil. Go deimhin, níor tharraing Airoldi an t-ábhar seo anuas ach ag céim an-mhall den imscrúdú, agus bhí Béarla in úsáid ag Airoldi agus ag a dhlíodóirí araon gan dua go dtí sin, i dteachtaireachtaí i scríbhinn agus ó bhéal araon. Mheabhraigh an Coimisiún cineál an doiciméid sin dóibh, nach Rialachán cur chun feidhme é, agus dhearbhaigh sé a sheasamh.

    (297)

    Maidir leis an argóint i dtaca leis an Tuarascáil a bheith as dáta, meabhraíonn an Coimisiún nár soláthraíodh aon fhianaise go dtí seo lena léirítear go bhfuil an Tuarascáil as dáta. A mhalairt air sin, thug an Coimisiún dá aire gurbh ábhartha fós le linn thréimhse an imscrúdaithe iad na príomhdhoiciméid bheartais agus an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, lena n-áirítear na pleananna 5 bliana ábhartha agus an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an táirge faoi imscrúdú, agus níor chruthaigh Airoldi ná aon pháirtí eile nárbh amhlaidh an cás.

    3.1.2.   An tír ionadaíoch

    (298)

    Sa Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún an Tuirc mar an tír ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an modheolaíocht ar baineadh úsáid aisti don roghnú sa Chéad nóta agus sa Dara nóta a cuireadh ar fáil do na páirtithe sa chomhad oscailte an 5 Deireadh Fómhair 2020 agus an 25 Samhain 2020 (“An Chéad Nóta” agus “an Dara Nóta”), agus in aithrisí (225) go (267) den Rialachán sealadach.

    (299)

    Mheas Airoldi gur sáraíodh a chearta cosanta. De réir a thuairime, níorbh fhéidir leis an bhfaisnéis a chuir an Coimisiún ar fáil ag an gcéim shealadach tuiscint a fháil ar na sonraí, an chonclúid ná an mhodheolaíocht a ndearnadh iad a eachtarshuí ón imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim, agus ag cén chéim den nós imeachta a rinneadh é sin.

    (300)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a thuairiscítear in aithris (226) den Rialachán sealadach, tugadh sainiú ar an modheolaíocht chun an tír ionadaíoch a roghnú go mion sa Chéad Nóta agus sa Dara Nóta a cuireadh ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir. Thairis sin, mhínigh an Coimisiún na cúiseanna leis an Tuirc a roghnú mar an tír iomchuí, agus cad iad na tagarmharcanna a mbaineadh úsáid astu chun an gnáthluach a ríomh in aithrisí (225) go (267) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur lig an fhaisnéis a cuireadh ar fáil do pháirtithe do pháirtithe tuiscint a fháil ar na mionsonraí ar fad, lena n-áirítear na sonraí, an chonclúid agus an mhodheolaíocht a ndearnadh iad a eachtarshuí ón imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim. Dhiúltaigh sé, dá bhrí sin, don mhaíomh.

    (301)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, dúirt Airoldi go raibh an gaol idir an dá himscrúdú (an ceann reatha agus an ceann ar easbhrúnna alúmanaim) ina ábhar do thorthaí sonracha an Oifigigh Éisteachta a shoiléirigh i scríbhinn nach féidir sonraí imscrúdaithe amháin a chur i gcomparáid le himscrúdú eile agus nach féidir úsáid a bhaint astu in imscrúdú eile. Dá bhrí sin, sháraigh úsáid sonraí faoi easbhrúnna alúmanaim ionchais dhlisteanacha Airoldi agus a chearta cosanta. Ar an mbonn sin, d’iarr Airoldi nach mbeifí ag brath ar na sonraí ón imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim san imscrúdú reatha ar tháirgí cothromrollta alúmanaim. D’iarr Airoldi freisin go ndéanfaí nochtadh breise ar an modheolaíocht maidir le conas a “allmhairíodh” sonraí ón imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim.

    (302)

    Thug an Coimisiún dá aire go luaitear i dtuarascáil an Oifigigh Éisteachta nach bhfuil an “dá imscrúdú ar siúl ag an am céanna” agus “nach bhfuil aon chosúlacht idir an dá chás”. Thagair sé seo don fhíric gur thosaigh an t-imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim roinnt míonna roimhe sin. Mar gheall air sin, bhí an nochtadh deiridh an 22 Nollaig 2020 roimh an gcomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Dá réir sin, ba ar shonraí AE-28 a bunaíodh an anailís shealadach ar ghortuithe i gcás easbhrúnna alúmanaim, cé nach raibh an t-imscrúdú maidir le táirgí cothrom-rollta alúmanaim ag brath ach ar shonraí AE-27 ón tús. Dá bhrí sin, níor chuir an tOifigeach Éisteachta ina choinne nach féidir úsáid a bhaint as sonraí ó chás amháin riamh i gcás eile nó níor thacaigh sé leis.

    (303)

    Thug an Coimisiún dá aire freisin gur bhain na sonraí ó easbhrúnna alúmanaim a mbaintear úsáid astu freisin san imeacht seo leis an leibhéal brabúis agus le leibhéal chostais SGA tháirgeoirí easbhrúnna alúmanaim amháin sa tír ionadaíoch a roghnaíodh sa dá imeacht, is é sin, an Tuirc. Tá na sonraí sin “ar fáil go héasca” de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, is é sin, go bhfuil siad ar fáil san fhearann poiblí, seachas sonraí sonracha a fuarthas de réir bhrí Airteagal 19(6) den bhun-Rialachán. Thairis sin, i gcás an nochta chinntithigh, rinne an Coimisiún seiceáil agus nuashonrú breise ar na sonraí a bhí ar fáil do tháirgeoirí easbhrúnna alúmanaim sa tír ionadaíoch lena áirithiú go raibh siad forluiteach den chuid is mó le tréimhse an imscrúdaithe don imeacht seo.

    (304)

    Mhínigh an Coimisiún go mion sa Rialachán sealadach gur in éagmais sonraí atá ar fáil go héasca ó tháirgeoirí an táirge lena mbaineann sa tír ionadaíoch, an Tuirc, bhí an Coimisiún i dteideal brath ar shonraí ó earnáil atá an-chosúil leis a raibh faisnéis maidir le costais SGA agus brabús ar fáil di. Thairis sin, d’ainneoin dhearbhú Airoldi, mar a mhínítear in aithris (300), chuir an Coimisiún míniú mionsonraithe ar fáil maidir lena mhodheolaíocht chun “allmhairiú” agus próiseáil na sonraí ábhartha sa Chéad Nóta agus sa Dara Nóta a chomhdú, agus sa rialachán sealadach chomh maith. Le leibhéal na mionsonraí agus na faisnéise, bhí na páirtithe go léir in ann na cúiseanna bunúsacha a thuiscint ba chúis leis an gconclúid gurbh iad sonraí chostais SGA agus brabús cuideachtaí in earnáil an easbhrúite alúmanaim an tagarmharc is oiriúnaí sna imthosca áirithe. Mheas an Coimisiún nach raibh gá le nochtadh breise agus gur dhiúltaigh sé dá bhrí sin don mhaíomh.

    (305)

    Mhaígh Airoldi freisin go ndearna an Coimisiún botún an Tuirc a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí. De réir a thuairime, ó tharla go bhfuil Aontas Custaim ann idir an Tuirc agus an tAontas Eorpach, d’imir sé sin tionchar ar an measúnú ar dhumpáil atá le déanamh faoin mbun-Rialachán. Mheas Airoldi freisin nár chomhlíon an Tuirc caighdeáin chosanta sóisialta agus eacnamaíocha.

    (306)

    Cinneadh gurb í an Tuirc an tír ionadaíoch is iomchuí ar bhonn infhaighteacht agus cháilíocht na sonraí. Níor bhain Aontas Custaim leis an Tuirc an bonn d’oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch chun críche praghsanna agus costais neamhshaofa a shuí. I bhfianaise thorthaí an Choimisiúin in aithrisí (229) go (243) den Rialachán sealadach, agus in éagmais aon mhaíomh a d’fhágfadh neamhbhailiú an chinnidh sin, níor ghá anailís a dhéanamh ar chaighdeáin chosanta sóisialta agus eacnamaíocha.

    (307)

    Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, chuir Xiamen Xiashun, an Nanshan Group agus Airoldi i gcoinne rogha an Choimisiúin úsáid a bhaint as sonraí cuideachtaí a tháirgeann easbhrúnna alúmanaim mar thagarmharc do chostais dhíolacháin, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) agus do bhrabús. De réir a dtuairime, ní raibh easbhrúnna alúmanaim cosúil le AFRPanna agus bhí difríochtaí suntasacha idir an dá tháirge ó thaobh a n-úsáide, a gcostas táirgthe agus na bhfachtóirí táirgthe. Rinne Xiashun Xiamen an argóint freisin go raibh tionchar ag na difríochtaí ar bhrabús agus ar chostais SGA na gcuideachtaí agus, dá bhrí sin nár chóir úsáid a bhaint as brabús agus costas SGA cuideachtaí a tháirgeann easbhrúnna alúmanaim chun an gnáthluach a chinneadh. Nuair a bhí an nochtadh cinntitheach déanta, sin é ba mhaíomh don Nanshan Group agus do Xiamen Xiashun arís. Go háirithe, luaigh Xiamen Xiashun Rialachán ón gCoimisiún inar bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar earnáil chomhchosúil ar chosúlachtaí sa phróiseas táirgthe, ar thosca táirgthe, agus ar chostais táirgthe (50). Rinne sé an argóint freisin nach raibh ról ag an bhfíric gur tháirg na cuideachtaí céanna an dá tháirge.

    (308)

    In éagmais sonraí a léiríonn leibhéal réasúnta chostais SGA agus bhrabús tháirgeoirí an táirge lena mbaineann i dtír/ i dtíortha ionadaíocha ionchasacha de réir Airteagal 2(6a)(a), an fhomhír deiridh den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún a mheas freisin, más gá, táirgeoirí a mhonaraíonn táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna den táirge atá faoi imscrúdú. Sna cásanna sin, cé nach ionann saintréithe, úsáidí deiridh, próisis táirgthe agus costais táirgthe, ní mór a mheas gur gnéithe iomlána iad na gnéithe sin chun a chinneadh an bhfuil táirge nó earnáil sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna den táirge atá faoi imscrúdú. Deimhnítear sa chás alcóil pholaivinile a luaigh na páirtithe sin go ndearna an Coimisiún na heilimintí ábhartha go léir a bhaineann leis an táirge lena mbaineann agus na táirgí réamhtheachtacha agus iartheachtacha is gaire a mheá freisin, agus gur roghnaigh sé an táirge is gaire ar an mbonn sin. In aon chás, mheabhraigh an Coimisiún nach gceanglaíonn Airteagal 2(6a)(a) ach ar an gCoimisiún costais chomhfhreagracha táirgthe agus díolacháin a shuí, chomh maith le leibhéal réasúnta de chostais SGA agus de bhrabúis, i dtír ionadaíoch iomchuí, gan sainordú a thabhairt úsáid a bhaint as na cuideachtaí a tháirgeann an táirge ceannann céanna leis an táirge lena mbaineann.

    (309)

    Mheas an Coimisiún cé go gcuirtear ar fáil i gcruthanna éagsúla iad, agus in ainneoin difríochtaí eile a léirigh Xiamen Xiashun, táirgtear táirgí cothromrollta alúmanaim agus easbhrúnna alúmanaim leis an amhábhar bunúsach céanna, is é sin, alúmanam Thairis sin, meastar gur táirgí alúmanaim leathchríochnaithe iad easbhrúnna, mar aon le táirgí cothrom-rollta alúmanaim, agus dá bhrí sin, meastar go mbaineann siad leis an gcatagóir ghinearálta chéanna táirgí. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (239) den Rialachán sealadach, táirgeadh easbhrúnna alúmanaim agus táirgí cothromrollta araon laistigh den chuideachta chéanna i gcásanna áirithe, nó laistigh den ghrúpa céanna. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, an Nanshan Group.

    (310)

    Thairis sin, maidir le heasbhrúnna alúmanaim agus táirgí cothromrollta alúmanaim, tagann siad araon faoin gcatagóir ghinearálta chéanna “monarú miotal bunúsach” agus aicmítear iad faoin gcód NACE (cód NACE 24) céanna, catagóir táirgí lena n-áirítear, faoi chóid 24.42 agus 24.53, táirgí cothrom-rollta agus táirgí easbhrúite araon (51). Baintear úsáid as an gcatagóir seo freisin chun tagarmharc a shuí maidir le costais saothair (féach aithris (260) den Rialachán sealadach).

    (311)

    Níos tábhachtaí fós, cé gur cháin siad an rogha easbhrúnna alúmanaim, theip ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin aon rogha táirge comhchosúil malartach eile agus/nó an earnáil a mholadh do tháirgeoirí AFRPanna le sonraí airgeadais atá ar fáil agus brabús réasúnach ó thír ionadaíoch nó ó thíortha ionadaíocha iomchuí. De réir thuairim an Choimisiúin, bhí na cuideachtaí ar baineadh úsáid astu san imscrúdú seo ionadaíoch do ghrúpa táirgí alúmanaim níos leithne a raibh naisc shoiléire aige leis an táirge i gceist, lena n-áirítear táirgí rollta. Mar a mhínítear in aithris (310), tháirg cuideachtaí a mheastar a bheith oiriúnach i gcomhthéacs Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán níos mó ná táirge amháin. Sa chás sin, ní raibh sonraí airgeadais na dtáirgeoirí easbhrúnna a sainaithníodh ar fáil ach amháin ar leibhéal comhiomlán. Dá bhrí sin, tá na sonraí airgeadais atá ar fáil le haghaidh cuideachtaí easbhrúnna alúmanaim ionadaíoch ní hamháin don staid sa mhargadh easbhrúnna amháin, ach freisin don mhargadh do ghrúpa níos leithne táirgí, lena n-áirítear táirgí rollta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin agus sheas sé lena thuairim gur tagarmharc cuí a bhí sna sonraí ar chostais SGA agus ar bhrabús cuideachtaí in earnáil na n-easbhrúnna alúmanaim.

    3.1.3.   Foinsí a úsáidtear chun costais neamhshaofa le haghaidh fachtóirí táirgeachta a shuí

    (312)

    Leag an Coimisiún amach na mionsonraí maidir leis na foinsí ar baineadh úsáid astu chun an gnáthluach a shuí in aithrisí (244) go (267) den Rialachán sealadach. Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, rinne roinnt páirtithe maímh maidir leis na foinsí éagsúla ar baineadh úsáid astu chun an gnáthluach a chinneadh.

    3.1.3.1.   Amhábhar

    (313)

    Mhaígh Jiangsu Alcha gur bhain an Coimisiún úsáid as an ngnáthluach sreang carbóin tíotáiniam a bhí níos costasaí chun gnáthluach ceann dá fhachtóirí táirgthe, sreang alúmanaim, a shuí.

    (314)

    Mheabhraigh an Coimisiún gur chuir an chuideachta féin cód HS don fhachtóir táirgthe sin (HS 7605) ar fáil. Thug sé ar aird freisin go ndearnadh tagairt don sreang carbóin tíotáiniam sa tuairisc chomhfhreagrach ar an gcód HS sa sliocht as bunachar sonraí GTA a nochtadh do pháirtithe mar aon leis an Nóta an 5 Deireadh Fómhair 2020. De réir na hAinmníochta Comhcheangailte (52), áfach, chomhfhreagair an cód HS do shreang alúmanaim, nó do shreang inarb é alúmanam an chomhpháirt is tábhachtaí. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid mar sin gur in ainneoin na tuairisce neamhchruinn ar an gcód i mbunachar sonraí GTA, i gcás an cód HS agus an luach ionadach comhfhreagrach ar baineadh úsáid as chun an gnáthluach a ríomh do Jiangsu Alcha a bhaineann leis an sreang alúmanaim, go raibh sé i gceart.

    (315)

    Mheas an Nanshan Group go raibh cur chuige an Choimisiúin maidir le húsáid a bhaint as bunachar sonraí GTA míchuí, ós rud é go raibh luachanna ionadacha níos beaichte ar fáil go poiblí. Mheas siad gur cheart don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, úsáid a bhaint as “praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa” mar luachanna ionadacha. Chuir an Nanshan Group in aghaidh luachanna GTA go háirithe i gcás gual gaile, púdar alúmana, corna teorollta agus fuar-rollta agus pláta teorollta. Mhol sé úsáid a bhaint as praghsanna tagarmhairc malartacha bunaithe ar thuarascáil IHS ar ghual gaile (53) (le haghaidh gual gaile), as praghsanna socraíochta alúmana LME (54) (le haghaidh púdar alúmana), agus as tuarascáil CRU (le haghaidh corn agus pláta fuar-rollta/teorollta).

    (316)

    Mar fhreagra ar bharúlacha a rinne an Nanshan Group, bhí an gearánach i gcoinne úsáid a bhaint as na praghsanna malartacha tagarmhairc mar a mhol an Nanshan Group. Chinn sé, d’ainneoin praghsanna sa GTA, nár léirigh na foinsí a mhol an Nanshan Group an méid a d’íocfadh táirgeoir sa Tuirc i bhfírinne as an táirgeadh. De réir a thuairime, ba mharcóirí iad na sonraí sna trí fhoinse (i gcás thuarascáil an IHS ar ghual gaile), innéacsanna (i gcás phraghsanna LME) nó praghsanna tagarmhairc (i gcás thuarascáil CRU) a léiríonn dinimic an mhargaidh. Thairis sin, ní raibh préimheanna difriúla i measc na marcóirí, innéacsanna ná na bpraghsanna sin agus d’fhéadfadh páirtithe a chur sa bhreis ar na praghsanna sin.

    (317)

    Maidir le gual gaile, d’athdhearbhaigh Nanshan gur ó dhá thír amháin a tháinig an chainníocht a allmhairíodh sa GTA. Dá bhrí sin, bhí an t-ábhar sonraí diomaibhseach agus níor cheadaigh sé inneachar calarach an ghuail a chinneadh. De réir a thuairime, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as sonraí ón tuarascáil IHS ar ghual gaile. Rinne an Nanshan Group an maíomh céanna tar éis nochtadh na dtorthaí cinntitheacha.

    (318)

    Sheas an Coimisiún lena thuairim ar dtús nach raibh aon fhianaise láidir ann lena cheapadh nach raibh an praghas i mbunachar sonraí GTA ionadaíoch ar phraghas an mhargaidh nó ar chineál áirithe guail, nó go mbeadh an praghas sa bhunachar sonraí difriúil go mór dá mbeadh méid na n-allmhairí níos airde. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a thorthaí in aithris (258) agus aithris (259) den Rialachán sealadach gur praghas tagarmhairc iomchuí do ghual gaile an praghas allmhairíochta guail go dtí an Tuirc bunaithe ar bhunachar sonraí GTA.

    (319)

    Maidir le púdar alúmanaim, mheas an Nanshan Group gur áiríodh go príomha ar an mbunachar sonraí GTA allmhairí d’alúmana neamh-mhiotalóireachta ós rud é gur allmhairíodh go dtí an Tuirc é ó thíortha nach táirgeoirí alúmana miotalóireachta iad (55). De réir a thuairime, mar thoradh ar na difríochtaí suntasacha sna praghsanna idir na cineálacha éagsúla alúmana agus an cineál alúmana tuairiscíodh sa GTA bhí luach ionadach as cuimse. Ina ionad sin, mhol an Nanshan Group úsáid a bhaint as praghas socraíochta alúmana LME.

    (320)

    Rinne an Coimisiún anailís ar an maíomh, agus is éard a chinn sé go raibh údar maith leis. I bhfianaise na gcúiseanna a chuir an Nanshan Group in iúl, mheas an Coimisiún nach raibh praghas púdair alúmana a allmhairíodh go dtí an Tuirc ionadaíoch do fhachtóir an táirgthe ar bhain an Nanshan Group úsáid aisti.

    (321)

    Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid leis an bhfianaise sa chomhad agus leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe isteach gurb iad an praghas margaidh neamhshaofa iad praghsanna LME i bhfírinne. De réir thuairim an Nanshan Group, léirigh an praghas LME luach margaidh an phúdar alúmana agus mheas an gearánach nach raibh sna praghsanna sin ach innéacsanna lena gcuireann páirtithe préimheanna éagsúla. Dá bhrí sin, cé nach gcuirtear LME i leataobh go ginearálta mar fhoinse chun tagarmharc iomchuí a shuí, chinn an Coimisiún, i bhfianaise an amhrais ar leith sa chás seo a thuairiscítear in aithris (317), tagarmharc púdair alúmana a chinneadh bunaithe ar luach tagarmhairc leacht alúmanaim trí na costais phróiseála a thabhaigh Nanshan i bhfírinne a asbhaint. In aon chás, ní raibh difríocht shuntasach sa luach idir an luach ar baineadh úsáid as agus praghas LME.

    (322)

    Dúirt an Nanshan Group a ráiteas arís maidir le húsáid a bhaint as tagarmharcanna le haghaidh corn fuar-rollta, corn teorollta, agus pláta teorollta. De réir a thuairime, áiríodh ar allmhairí na dtáirgí sin go dtí an Tuirc táirgí arna n-úsáid le haghaidh páirteanna aerárthaí agus i dtionscal na mótarfheithiclí, táirgí a eisiadh ó raon feidhme an táirge. De réir a thuairime, bhí na luachanna tagarmhairc a d’eascair as sin go míréasúnta ard. Mar mhalairt air sin, mhol an Nanshan Group go mbainfí úsáid as praghsanna ar mhargadh an Aontais i gcás roinnt tíortha de chuid an Aontais a léiríodh i dtuarascáil CRU. D’allmhairigh an Tuirc cainníochtaí suntasacha de na táirgí rollta ón Aontas, agus dá bhrí sin, bhí tionchar mór ag na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm san Aontas ar na praghsanna sa Tuirc. Dá thoradh sin, bhí praghsanna intíre na Tuirce ag teacht le praghsanna an Aontais agus ba thagarmharc ionadaíoch a bheadh sna praghsanna i dtuarascáil CRU, de réir a thuairime, chun úsáid a bhaint astu chun an gnáthluach a ríomh.

    (323)

    Ghlac an Coimisiún leis an maíomh gur tagarmharc iomchuí a bheadh sna praghsanna san Aontas le haghaidh na bhfachtóirí sonracha táirgthe sin sa chás seo. Mheas sé, áfach, nach bhféadfadh sé úsáid a bhaint as na luachanna a luaitear i dtuarascáil CRU. Níor sonraíodh go soiléir na catagóirí táirgí ar baineadh úsáid astu sa tuarascáil agus níor léir go raibh praghsanna sa tuarascáil a bhaineann le corna teorollta. Bhí easpa faisnéise ag an gCoimisiún freisin i dtaobh an gcuireann páirtithe préimheanna leis na praghsanna sin agus cad iad na préimheanna a chuireann siad leo. Ar an gcúis sin, chinn an Coimisiún, ina ionad sin, brath ar na sonraí iarbhír agus fíoraithe maidir le praghas díolacháin le haghaidh cornaí teorollta, cornaí fuar-rollta agus plátaí teorollta a fuair sé ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais san imscrúdú reatha. Is éard atá ann sna sonraí sin, sonraí ionadaíocha agus an-chruinn a bhaineann le díolacháin na táirgí seo le linn thréimhse an imscrúdaithe san Aontas. Shuigh an Coimisiún, dá bhrí sin, an tagarmharc ábhartha bunaithe ar phraghsanna fíoraithe thionscal an Aontais ar leibhéal díreach ón monarcha maidir le gach ceann de na fachtóirí táirgthe sin.

    (324)

    Tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh an Nanshan Group go bhféadfadh an Coimisiún úsáid a bhaint as na praghsanna i dtuarascáil CRU, ós rud é gur bhunaigh siad praghsanna idirbheart, préimheanna san áireamh. D’áitigh siad go luaitear sa tuarascáil praghas an amhábhair chun na cornaí fuar-rollta a tháirgeadh. Ós rud é gur corna teorollta an t-amhábhar chun an corn fuar-rollta a tháirgeadh, ba cheart go nglacfadh an Coimisiún praghas an amhábhair sin mar luach tagarmhairc don chorna teorollta. Thairis sin, ba fhoinse iontaofa faisnéise a bhí sa tuarascáil, de réir a thuairime, ó tharla go ndearnadh tagairt di i ndlínsí eile, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

    (325)

    Mheabhraigh an Coimisiún nár dhiúltaigh sé d’úsáid a bhaint as tuarascáil CRU agus gur ghlac sé freisin leis an maíomh gur tagarmharc ionadaíoch a bhí i bpraghsanna an Aontais. Bhí na sonraí iarbhír agus fíoraithe maidir le praghas díolacháin ag an gCoimisiún do na trí chatagóir de na tosca táirgthe (cornaí teorollta, cornaí fuar-rollta agus plátaí teorollta), áfach, sonraí a bhí comhdhéanta de shonraí ionadaíocha agus cruinne a bhain le díolachán na dtáirgí sin le linn thréimhse an imscrúdaithe san Aontas. Dá bhrí sin, ba thagarmharc níos iomchuí a bhí in úsáid a bhaint as na sonraí sin ina tuairim ná úsáid a bhaint as na praghsanna a luaitear i dtuarascáil CRU.

    (326)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún freisin go mbeadh praghsanna na gcorna teorollta ar fáil go díreach ón tuarascáil. Níor thagair an tuarascáil ach don amhábhar le haghaidh corna fuar-rollta, gan an chéim den phróiseas táirgthe agus an t-amhábhar dá dtagraítear inti a shonrú (56). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé níos beaichte úsáid a bhaint as praghsanna fíoraithe thionscal an Aontais mar thagarmharc ar leibhéal díreach ón monarcha le haghaidh gach ceann de na tosca táirgthe sin, ós rud é go raibh an praghas a bhí le húsáid mar thagarmharc bainteach go soiléir leis an toisc ceart táirgthe. Dhiúltaigh sé, dá bhrí sin, don mhaíomh.

    (327)

    Níor ghlac an Nanshan Group freisin leis an tagarmharc don fhuíoll. De réir a thuairime, ba cheart praghas tagarmhairc an fhuíll a chinneadh trí úsáid a bhaint as an tagarmharc do thinní alúmanaim mar bhonn. Nuair a bhí an nochtadh cinntitheach déanta, sin é ba mhaíomh don Ghrúpa arís.

    (328)

    Sa Rialachán sealadach, mhínigh an Coimisiún a mhodheolaíocht agus an fáth ar chinn sé úsáid a bhaint as an luach tagarmhairc ó bhunachar sonraí GTA seachas úsáid a bhaint as an luach tagarmhairc le haghaidh tinne alúmanaim. Ós rud é nár chuir an Nanshan Group aon fhianaise nua ar fáil maidir leis an gcúis nach bhféadfadh an Coimisiún úsáid a bhaint as an luach i mbunachar sonraí GTA, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus sheas sé lena thorthaí mar a luaitear in aithrisí (254) go (255) den Rialachán sealadach.

    (329)

    D’áitigh an Nanshan Group agus Xiamen Xiashun freisin gur mheas an Coimisiún go sainráite sa Rialachán sealadach go bhfuarthas amach go raibh praghas ceann de na príomh-amhábhair, tinne alúmanaim, neamhshaofa chun críoch Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, agus gur luaigh sé nach raibh an praghas ceannaigh ar thinní a d’íoc na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte “go mór faoi bhun an phraghais tagarmhairc idirnáisiúnta ionadaíoch” (57). Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, de réir a thuairime, úsáid a bhaint as an bpraghas a d’íoc táirgeoir onnmhairiúcháin as an tinne in ionad úsáid a bhaint as luach ionadach (tagarmharc).

    (330)

    Mheabhraigh an Coimisiún go raibh ríomh an ghnáthluacha agus an mheasúnaithe a bhaineann le cur i bhfeidhm riail na dleachta is lú mar anailísí difriúla bunaithe ar airteagail éagsúla den bhun-Rialachán. Cinneadh an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. I gcomhréir leis an Airteagal sin, chinn an Coimisiún go raibh saobhadh suntasach in earnáil alúmanaim Dhaon-Phoblacht na Síne (aithrisí (223) go (224) den Rialachán sealadach), agus dá bhrí sin, bhí an gnáthluach le ríomh ar bhonn an chostais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa.

    (331)

    Ar an taobh eile, faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, d’fhiosraigh an Coimisiún “ar leor dleacht níos lú ná an corrlach dumpála chun díobháil a bhaint”. D’fhiosraigh an Coimisiún, faoin Airteagal seo, i measc pointí eile, an raibh praghas an amhábhair (sa chás seo, an praghas ar thinne) “go mór níos ísle i gcomparáid le praghsanna margaí idirnáisiúnta ionadaíocha”. Cé go raibh na conclúidí a thángthas orthu faoi Airteagal 2(6)(a) bunaithe ar an staid i dtír ar leith agus gur cuireadh roinnt tosca san áireamh, tá an imscrúdú faoi Airteagal 7(2a) níos teoranta agus rinneadh é i gcomhthéacs infheidhmeacht riail na dleachta is lú a chinneadh. Dá bhrí sin, ní raibh tionchar ag toradh an scrúdaithe faoi Airteagal 7(2a) ar chonclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu in aithrisí (223) go (224) den Rialachán sealadach. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh seo dá réir sin.

    (332)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, rinne Nanshan Group a mhaíomh a athrá. D’áitigh sé, de bhun Airteagal 2(6a)(a), gur cheart saobhadh a shuí go dearfach, agus go ndéanfar an measúnú ar leithligh maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin. Ceanglaítear leis sin fianaise a bheith ann go gceannaítear tinní alúmanaim ag praghsanna nach léiríonn an praghas tagarmhairc. Chuir an Nanshan Group in iúl go bhfuil a phraghas ceannaigh os cionn an phraghais LME, agus dá bhrí sin, is féidir a shuíomh go dearfach, de réir a thuairime, nach raibh an praghas saofa.

    (333)

    D’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun, más rud é mar gheall ar shaobhadh suntasach, nach féidir úsáid a bhaint as praghsanna agus costais intíre, go ndéanann an tAirteagal céanna tagairt do chostais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí nó do “phraghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa”. D’áitigh sé freisin gur aithin an Coimisiún go raibh praghsanna intíre na Síne ar thinní alúmanaim cosúil leis na praghsanna sna margaí idirnáisiúnta ionadaíocha, agus, mar sin, go gciallaíonn sé sin freisin nach ndearna aon saobhadh suntasach difear do leibhéal praghsanna na dtinní. Dá réir sin, ní raibh aon chúis praghsanna allmhairíochta go dtí an Tuirc a chur in ionad na bpraghsanna socraithe ag Xiamen Xiashun.

    (334)

    Mheabhraigh an Coimisiún go raibh na conclúidí ar thángthas orthu faoi Airteagal 2(6)(a) bunaithe ar roinnt tosca. Áirítear orthu sin measúnú ar an tionchar a d‘fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí a liostaítear faoi Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar shampla, beartais phoiblí, údaráis phoiblí ag cur isteach ar na margaí, láithreacht stáit i ngnólachtaí etc. D’fhéadfaí an comhthéacs ginearálta agus an staid sa tír a chur san áireamh sa mheasúnú foriomlán ar shaobhadh a bheith ann. I gcodarsnacht leis sin, faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, ní dhéanann an Coimisiún ach measúnú ar leibhéal praghsanna ionchuir shonraigh sa mhargadh intíre agus an bhfuil leibhéal praghsanna an ionchuir sin “go suntasach níos ísle” ar bhonn intíre i gcomparáid le tagarmharc idirnáisiúnta le nach gá riail na dleachta níos lú a chur i bhfeidhm. Tá cuspóir agus comhthéacs difriúil ag an gcomparáid seo idir praghsanna intíre agus praghsanna idirnáisiúnta faoi Airteagal 7(2a) ná an gnáthluach a ríomh bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní raibh aon fhianaise ann ar comhad a thacaíonn le toradh go raibh bunaíocht dhearfach ann faoi Airteagal 2(6a)(a), an tríú fleasc, nach raibh tionchar ag an saobhadh suntasach ar phraghas na dtinní alúmanaim a cheannaigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin nó níos mó agus, dá bhrí sin, bhí gá úsáid a bhaint as praghsanna tinne intíre sa chomhthéacs sin. Maidir le foinse phraghas neamhshaofa na dtosca táirgthe, deirtear sa bhun-Rialachán gur féidir é sin a dhéanamh i dtír ionadaíoch iomchuí faoi Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, nó a bheith socraithe de réir tagairt do phraghsanna, chostais nó do thagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa faoi Airteagal 2(6a)(a), an dara fleasc. Níl aon fhianaise ar comhad ná cúis láidir eile chun úsáid a bhaint as an dara ceann thar an gcéad cheann i gcomhthéacs gnáthluach a ríomh. Dá bhrí sin, sheas an Coimisiún lena thuairim nach raibh tionchar ag toradh an scrúdaithe faoi Airteagal 7(2a) ar na conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu faoi Airteagal 2(6)(a), agus gur bhraith an Coimisiún i gceart ar phraghsanna i dtír ionadaíoch iomchuí. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh dá réir sin.

    (335)

    D’áitigh an Nanshan Group agus Xiamen Xiashun freisin nár cheart don Choimisiún dleachtanna ar allmhairí a chur i bhfeidhm i ndáil le hábhair a dtáirgeann na táirgeoirí onnmhairiúcháin iad féin, nó a cheannaíonn siad i nDaon-Phoblacht na Síne. De réir a thuairime, bhí cur i bhfeidhm na dleachta ar allmhairí i gcoinne réasúnaíocht Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun na costais a d’iompródh cuideachta theoiriciúil i dtír ina bhfuil geilleagar neamhshaofa a athchruthú. Ceanglaítear leis an tríú mír den fhoráil sin go ndéanfar “measúnú ar leithligh ar gach onnmhaireoir agus táirgeoir”. Is é atá i gceist leis sin, de réir thuairim an Nanshan Group, nach féidir an gnáthluach a ríomh go teibí, ach ní mór é a bheith bunaithe ar staid nithiúil na gcuideachtaí a imscrúdaíodh. Rinne an Nanshan Group tagairt do Rialachán (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh inar luaigh an Coimisiún gurb é cuspóir an Airteagail seo “teacht ar na tosca táirgthe comhfhreagracha neamhshaofa uile nó a mhéid is féidir a mbaineann táirgeoirí comhoibríocha na Síne astu agus méideanna neamhshaofa i gcás forchostas monaraíochta, costais SGA agus brabúis i dtír ionadaíoch fhéideartha” (58). Dá réir sin, mheas an Nanshan Group nach bhféadfaí a mheas gur réasúnach de réir bhrí (agus réasúnaíocht) na forála seo dleachtanna ar allmhairí a chur san áireamh le haghaidh amhábhar a cheannaíonn cuideachtaí Síneacha ina dtír dhúchais. D’áitigh Xiamen Xiashun freisin gurbh é a bhí i gceist leis an dleacht ar allmhairí CBL nach ngearrann na tíortha is onnmhaireoirí a fhritháireamh ionas go mbeadh an praghas onnmhairiúcháin inchomparáide leis an bpraghas intíre, praghas ar a gcuirtear CBL i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níor cheart dleacht ar allmhairí a chur leis agus an gnáthluach á ríomh.

    (336)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, dúirt Xiamen Xiashun arís nár cheart don Choimisiún an dleacht allmhairiúcháin a chur san áireamh agus an luach tagarmhairc á ríomh aige. D’áitigh sé freisin nár chuir údarás imscrúdaithe na Stát Aontaithe dleachtanna ar allmhairí isteach. Chuir sé in iúl nach mór gurb ionann na costais sa tír ionadaíoch agus na costais a fhreagraíonn do na costais eilimintí a tabhaíodh sa tSín, i gcás nach dtabhaítear aon dleacht ar allmhairí i leith earraí a tháirgtear go háitiúil. Dá bhrí sin, níor cheart dleachtanna allmhairiúcháin a chur san áireamh.

    (337)

    Mheabhraigh an Coimisiún go gceadaítear don Choimisiún le hAirteagal 2(6a) an gnáthluach a shuí ar bhonn costas agus praghsanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch, an Tuirc sa chás sin. In éagmais sonraí maidir le praghsanna intíre a bheith ar fáil sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch (sa chás seo an Tuirc), cuirtear i bhfeidhm sonraí ar phraghsanna allmhairiúcháin atá ar fáil go héasca don Choimisiún. D’fhonn teacht ar athróg réasúnta a léiríonn praghas intíre neamhshaofa i margadh intíre na tíre ionadaíche roghnaithe, is gá na praghsanna allmhairiúcháin atá aitheanta a choigeartú trí bhíthin na dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha a chur leo, toisc go mbíonn tionchar acu sin ar an bpraghas ar an margadh intíre. Níl cleachtas údarás imscrúdaithe na Stát Aontaithe ábhartha maidir leis na torthaí faoin mbun-Rialachán toisc go bhfuil na creataí dlíthiúla agus na cleachtais dhlíthiúla faoi seach éagsúil. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh dá réir sin.

    3.1.3.2.   Saothar

    (338)

    Mhaígh Jiangsu Alcha go raibh an costas tagarmhairc do shaothar a mbaintear úsáid as chun an gnáthluach a shuí ag an gcéim shealadach (60,08 RMB/uair an chloig) ar neamhréir leis an luach 42,21 RMB/uair an chloig a luaitear in aithris (248) den Rialachán sealadach.

    (339)

    Shoiléirigh an Coimisiún gur earráid chléireachais a bhí sa luach 42,21 RMB/uair an chloig a luaitear in aithris (248) den Rialachán sealadach. Ba é 60,08 RMB/uair an chloig an tagarmharc ceart do chostais saothair ar baineadh úsáid as ag céim na ríomhanna sealadacha nuair a bhí an gnáthluach á ríomh. Dá bhrí sin, bhí an ríomh corrlaigh dumpála sealadaí ceart.

    (340)

    Tar éis an nochtadh sealadach agus cinntitheach a dhéanamh, chuir an Nanshan Group i gcoinne rogha an Choimisiúin na costais saothair a chinneadh bunaithe ar chód NACE le haghaidh ghníomhaíocht eacnamaíoch C.24 – bun-mhiotal a mhonarú. De réir a thuairime, i gcás trí chuideachta de chuid an Ghrúpa a oibríonn go réamhtheachtach ó tháirgeadh an táirge lena mbaineann, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na costais saothair faoi chód C25.50 - gaibhniú, fáisceán, stampáil agus rollfhoirmiú miotail, miotalóireacht phúdair (59), ós rud é gurb é an chéim rollta an chéim is tábhachtaí i bpróiseas monaraíochta an táirge atá faoi imscrúdú.

    (341)

    Thug an Coimisiún faoi deara ar dtús go raibh difríocht idir gníomhaíochtaí táirgeoirí onnmhairiúcháin (chomh maith leis na táirgeoirí de chuid an Aontais) ag brath ar a leibhéal comhtháthaithe – chuir roinnt cuideachtaí, amhail an Nanshan Group, tús leis an bpróiseas táirgthe ó phúdar alúmana agus bhí roinnt cuideachtaí eile, mar shampla Jiangsu Alcha, uaireanta ag ceannach cornaí fuar-rollta chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, bhí éagsúlacht ann maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí idir cuideachtaí.

    (342)

    Ar an dara dul síos, áiríodh leis an gcód NACE C.24 gníomhaíochtaí chun miotal a bheachtú ina dtinní (60), cód ar bhain an Coimisiún úsáid as chun na costais saothair a shuí. Thairis sin, is éard a bhí go sonrach san áireamh i gcód NACE C24.42 táirgeadh alúmanaim, lena n-áirítear táirgeadh scragaill alúmanaim (61) (lena n-áirítear céim na rollála). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé níos cruinne úsáid a bhaint as Cód NACE C24 chun an tagarmharc a shuí le haghaidh na gcostas saothair. Dhiúltaigh sé, dá bhrí sin, don mhaíomh.

    (343)

    D’áitigh an Nanshan Group freisin go raibh an ráta malairte ar bhain an Coimisiún úsáid as éagsúil leis na rátaí a sholáthair an Coimisiún féin don táirgeoir onnmhairiúcháin mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gceistneoir a bhí le húsáid chun críche an imscrúdaithe, agus go raibh na luachanna tagarmhairc teannta dá bhrí sin. Rinne an Coimisiún anailís ar an maíomh, agus is éard a chinn sé go raibh údar maith leis. Dá bhrí sin, athríomh sé na luachanna trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte a soláthraíodh sa cheistneoir. Is é an luach tagarmhairc nua 59,97 RMB/uair an chloig.

    3.1.3.3.   Leictreachas

    (344)

    Mhaígh an Nanshan Group gur cheart don Choimisiún, chun an tagarmharc don leictreachas a shuí, úsáid a bhaint as sonraí ó Eurostat, sonraí a bhí níos cruinne ina thuairim ná sonraí náisiúnta na Tuirce a ar bhain an Coimisiún úsáid astu ós rud é go n-eisiatar CBL agus cánacha inghnóthaithe eile leis.

    (345)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus chinn sé go raibh na sonraí ó Eurostat a bhaineann leis an Tuirc bunaithe ar shonraí a fuarthas ó staidreamh náisiúnta na Tuirce cé gur ar bhealaí éagsúla a tíolacadh iad. D’ainneoin na sonraí a bhí ar fáil ó staidreamh náisiúnta na Tuirce, áfach, cumhdaíodh tréimhse an imscrúdaithe ar fad sna sonraí a bhí ar fáil go poiblí ó Eurostat. Dá bhrí sin, ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus shuigh sé an tagarmharc le haghaidh leictreachais ar bhonn sonraí atá ar fáil go poiblí ó Eurostat.

    (346)

    Rinne an Nanshan Group an argóint freisin gur bhreithnigh an Coimisiún banda aonair tomhaltais do chuideachtaí uile an Nanshan Group agus bhí difríochtaí idir na toirteanna leictreachais arna dtomhailt ag gach cuideachta sa ghrúpa. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus rinne sé an gnáthluach a athríomh trí úsáid a bhaint as an luach tagarmhairc ábhartha a chomhfhreagraíonn do thomhaltas gach ceann de na cuideachtaí sa Ghrúpa.

    3.1.3.4.   Gás

    (347)

    Mhaígh Nanshan Group gur cheart don Choimisiún, chun an tagarmharc don ghás a shuí, úsáid a bhaint as sonraí ó Eurostat, sonraí a bhí níos cruinne ina thuairim ná sonraí náisiúnta na Tuirce a ar bhain an Coimisiún úsáid astu ós rud é go n-eisiatar CBL agus cánacha inghnóthaithe eile leis.

    (348)

    Mheas an Coimisiún nach raibh aon bhunús ann lena mheas nach mbeadh sonraí náisiúnta na Tuirce cruinn. Sholáthair údaráis na Tuirce na sonraí sin go díreach, sonraí a chumhdaigh tréimhse an imscrúdaithe ar fad, agus, i gcodarsnacht leis na sonraí ó Eurostat, bhí faisnéis agus praghsanna san aonad riachtanach (m3) iontu freisin. Níor cuireadh cánacha den sórt sin, amhail CBL, san áireamh sna sonraí sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

    (349)

    Rinne Nanshan Group an argóint freisin gur bhreithnigh an Coimisiún banda aonair tomhaltais do chuideachtaí uile Nanshan Group. Bhí na toirteanna gáis a thomhlaíonn gach cuideachta sa ghrúpa éagsúil, áfach. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus rinne sé an gnáthluach a athríomh trí úsáid a bhaint as an luach tagarmhairc ábhartha a chomhfhreagraíonn do thomhaltas gach ceann de na cuideachtaí sa Ghrúpa.

    3.1.3.5.   Uisce

    (350)

    D’áitigh Nanshan Group gur cheart don Choimisiún costais an uisce i réigiún Iostanbúl a eisiamh chun an tagarmharc le haghaidh uisce a shuí. Thug sé le fios nach raibh aon cheann de na cuideachtaí ar baineadh úsáid as a gcuid sonraí chun costais neamhshaofa de chostais SGA agus de bhrabús a shuí lonnaithe sa réigiún seo.

    (351)

    Rinne an Coimisiún athmheasúnú ar na sonraí a bhí ar fáil go poiblí ar bhain sé úsáid astu ar dtús chun an tagarmharc a shuí (62). Chinn sé, d’ainneoin maíomh Nanshan Group, nár bhain aon cheann de na taraifí ar baineadh úsáid astu chun meánchostas a shuí le haghaidh uisce go sonrach le réigiún Iostanbúl. Níos cruinne fós, ba é ceann de na taraifí a bhí ar fáil go poiblí le haghaidh uisce taraif a d’íoc an tionscal sa tír ar fad, agus ba tharaifí sonracha iad an dá cheann eile le haghaidh dhá cheann (as go leor) de na criosanna tionsclaíocha sa Tuirc. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iad an taraif iomchuí a bheadh le húsáid mar thagarmharc chun costais uisce an tionscail a shuí na taraifí a bhaineann le meán na dtaraifí tionsclaíocha sa Tuirc agus na taraifí is infheidhme sa dá chrios tionsclaíocha a eisiamh.

    3.1.3.6.   Costais SGA agus brabúis

    (352)

    Sna barúlacha a chuir an Nanshan Group leis na torthaí sealadacha, mhaígh sé gur cheart don Choimisiún ceann de na cuideachtaí a bhí luaite aige féin a roghnú, cuideachtaí a bhí ag táirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú, in ionad cuideachtaí ó earnáil an easbhrúite alúmanaim, ar mhaithe le tagarmharc a shuí le haghaidh chostais SGA gan saobhadh. Mheas sé fós gurbh fhaisnéis sheanchaite ó 2018 a bhí in úsáid ag an gCoimisiún.

    (353)

    Níor aimsigh an Coimisiún sonraí airgeadais a bhí ar fáil go poiblí le déanaí d’aon cheann de na sé chuideachta a chuir an Nanshan Group in iúl. Ina theannta sin, ar na cúiseanna a míníodh in aithrisí (307) go (311), agus de cheal malairt sonraí airgeadais, is é tuairim an Choimisiúin é gur tagarmharc iomchuí atá i sonraí cuideachtaí atá gníomhach in earnáil an easbhrúite alúmanaim.

    (354)

    Nuair a bhí an nochtadh sealadach agus an nochtadh cinntitheach déanta, chuir Xiamen Xiashun agus an Nanshan Group in aghaidh cinneadh eile de chuid an Choimisiúin chomh maith, is é sin neamhaird a dhéanamh de shonraí táirgeoir táirgí cothromrollta alúmanaim de chuid na Tuirce, “PMS Metal” (63), mar ba bheag idir an brabús a bhí déanta aige agus an pointe meá ar mheá. De réir a thuairime, chuir sin in aghaidh an chur chuige an Choimisiúin san imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim, imscrúdú inar chuir an Coimisiún san áireamh, agus luach réasúnta á shuí aige le haghaidh chostais SGA agus brabúis, gach cuideachta brabúsach beag beann ar a leibhéal brabúis, chomh fada nach caillteanas a bhí á dhéanamh acu (64). Nuair a bhí an nochtadh cinntitheach déanta, sin é ba mhaíomh do Xiamen Xiashun arís. De réir thuairim Xiamen Xiashun, ní leor gan ach brabús an-íseal a bheith ag cuideachta lena cur as an áireamh. Tuilleadh den argóint a bhí aige nach raibh aon bhunús ann le ceapadh gur fearr an léargas ar an scéal an meánbhrabús a bheadh ag cuideachtaí éagsúla thar na sonraí a bhain le haon chuideachta amháin. Ina theannta sin, ba chuid den argóint a rinne sé gur sheanfhaisnéis ó 2018 a d’úsáid an Coimisiún, ach san am céanna dhiúltaigh sé sonraí PMS Metal a úsáid, sonraí a raibh forluí idir iad agus tréimhse an imscrúdaithe.

    (355)

    Mheabhraigh an Coimisiún gurbh é an táirgeoir Turcach atá le haithint sa Chéad Nóta sa chomhad an t-aon chuideachta a raibh sonraí ina leith ar fáil go poiblí ag an am. Chomh maith leis sin, ní ráitis airgeadais iomlána iad na sonraí a bhí ar fáil, agus ní raibh ach forluí páirteach iontu le tréimhse an imscrúdaithe. Bunaithe ar na heilimintí sin go léir le chéile agus ar an bhfíric go raibh brabús na cuideachta seo an-ghar don phointe meá ar mheá, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí a mheas go bhfuil na sonraí sin ionadaíoch ar an earnáil.

    (356)

    Maidir leis sin, thug an Coimisiún dá aire fós, mar a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go “áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnta le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús”. Brabús atá gar don phointe meá ar mheá, is é sin do thairseach ghlanta na gcostas, ní féidir a mheas gur brabús réasúnta é. Úsáid na sonraí airgeadais comhthiomsaithe agus ualaithe atá ag rogha cuideachtaí, sin rud is sásúla i bprionsabal ná scrúdú ar fheidhmíocht táirgeora amháin le méid réasúnta a aimsiú le haghaidh chostais SGA agus brabúis. Dá bhrí sin, eisiamh a dhéanamh ar chuideachtaí aonair, de réir thuairim an Choimisiúin nach rud é sin a bhí ar neamhréir leis an gcur chuige a chleacht sé le meán ualaithe a ríomh ó chuideachtaí éagsúla a tháirgeann easbhrúnna alúmanaim, cuideachtaí a thug le fios gur éirigh leo brabús a dhéanamh. Rud atá i gcodarsnacht leis sin, ós léiriú iad na sonraí ar staid airgeadais roinnt cuideachtaí éagsúla, measadh go bhfuil an meán ualaithe atá acu ionadaíoch ar chuideachtaí atá gníomhach san earnáil. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún an mhaíomh.

    (357)

    Nuair a bhí an nochtadh cinntitheach déanta, ba thuilleadh den argóint a bhí ag an Nanshan Group go bhféadfadh an Coimisiún sonraí Asaş Aluminyum a úsáid, sonraí a bhí le fáil san fhiosrúchán eile a bhí ar bun i leith scragall tiontaire alúmanaim. Rud eile a chuir an Nanshan Group in iúl arís gur ar na sonraí is nua ba cheart don Choimisiún a chuid torthaí a bhunú.

    (358)

    Mheabhraigh an Coimisiún nár chuir an Coimisiún sonraí Asaş Aluminyum san áireamh san fhiosrúchán luaite arae in 2019 bhí brabús na cuideachta gar don phointe meá ar mheá (65). Ar na cúiseanna a mhínítear in aithris (357), is é an tuairim an Choimisiún é nach bhféadfaí cuideachtaí a bhfuil a gcuid brabúis gar don phointe meá ar mheá a mheas mar thagarmharc iomchuí.

    (359)

    Bhí an leibhéal comhcheangailte DGR agus brabús arna úsáid sa Rialachán Sealadach bunaithe ar shonraí le haghaidh na bliana 2018. Sheiceáil an Coimisiún infhaighteacht sonraí is déanaí ná sin do chostais SGA, mar aon le brabús sa tír ionadaíoch le haghaidh 2019. Ní raibh na sonraí sin ar fáil ach i gcás triúr de na cúig chuideachta a roghnaíodh go sealadach, agus is éard a léirigh siad nár tháinig ach méadú an-bheag ar an iomlán ar leibhéal na gcostas SGA agus ar na brabúis in 2019. Ní bheadh tionchar suntasach aige sin ar an ngnáthluach ríofa. Ina fhianaise seo, agus in éagmais aon bharúla ó pháirtithe leasmhara maidir le forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus leibhéil bhrabúis a liostaítear sa Rialachán Sealadach, choinnigh an Coimisiún na leibhéil sin.

    3.1.4.   Tosca táirgeachta agus foinsí faisnéise

    (360)

    I bhfianaise na faisnéise uile a thíolaic na páirtithe leasmhara, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí maidir leis an Tuirc chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

    Tábla 2

    Fachtóirí táirgeachta agus foinsí faisnéise

    Amhábhair

    Cóid tráchtearraí sa Tuirc

    Luach

    Aonaid

    Foinse na faisnéise

    Cóimhiotail alúmanaim

    760120800000

    14,01

    CNY/kg

    GTA

    Púdar alúmana

    Ní bhaineann le hábhar

    2,38

    CNY/kg

    Sonraí GTA/cuideachta

    Tinne alúmanaim

    760110

    12,73

    CNY/kg

    GTA

    Alúmanam leachtach

    760110000000 – costais phróiseála

    12,20

    CNY/kg

    Sonraí GTA/cuideachta

    Fluairíd alúmanaim

    282612

    10,37

    CNY/kg

    GTA

    Fuíoll alúmanaim

    760200190000

    11,01

    CNY/kg

    GTA

    Leac alúmanaim

    760120200000

    13,91

    CNY/kg

    GTA

    Copar catóide

    740329

    39,47

    CNY/kg

    GTA

    Corna fuar-rollta

    Ní bhaineann le hábhar

    18,40

    CNY/kg

    Tionscal an Aontais

    Corna teorollta

    Ní bhaineann le hábhar

    18,15

    CNY/kg

    Tionscal an Aontais

    Pláta teorollta

    Ní bhaineann le hábhar

    20,31

    CNY/kg

    Tionscal an Aontais

    Tinne maignéisiam

    810411

    19,50

    CNY/kg

    GTA

    Oibreán leá copair

    740329

    39,47

    CNY/kg

    GTA

    Oibreán leá Ferro

    720299300000

    720299800000

    10,88

    CNY/kg

    GTA

    Oibreán leá mangainéise

    811100

    15,59

    CNY/kg

    GTA

    Cóc peitriliam

    271311

    0,42

    CNY/kg

    GTA

    Pic

    270810

    3,82

    CNY/kg

    GTA

    Ola rollta

    271012110000

    3,17

    CNY/kg

    GTA

    Gual gaile

    270119000000

    0,59

    CNY/kg

    GTA

    Sreang carbóin tíotáiniam

    760521

    21,77

    CNY/kg

    GTA

    Tinne since

    790111

    15,93

    CNY/kg

    GTA

    Oibreán sileacain um leá tapa

    280469

    18,38

    CNY/kg

    GTA

    Oibreán iarainn

    732690

    37,13

    CNY/kg

    GTA

    Oibreán cróimiam

    811221

    54,20

    CNY/kg

    GTA

    Slaigí alúmanaim

    262040

    7,59

    CNY/kg

    GTA

    Drámh-ola

    340399

    33,3

    CNY/kg

    GTA

    Saothar

     

    Saothar

    Ní bhaineann le hábhar

    59,97

    CNY/uair an chloig

    Sonraí Náisiúnta na Tuirce

    Fuinneamh

     

    Leictreachas

    Ní bhaineann le hábhar

    0,48 – 0,59  (66)

    CNY/Kwh

    Eurostat

    Gás

    Ní bhaineann le hábhar

    1,93 – 2,00  (67)

    CNY/m3

    Sonraí Náisiúnta na Tuirce

    Uisce

    Ní bhaineann le hábhar

    13,89

    CNY/m3

    Sonraí Náisiúnta na Tuirce

    Fotháirge/dramhaíl

     

    Fuíoll alúmanaim

    760200190000

    11,01

    CNY/kg

    GTA

    3.1.5.   An gnáthluach a ríomh

    (361)

    Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (268) go (276) den Rialachán sealadach.

    (362)

    Is amhlaidh a d’áitigh an Nanshan Group arís gur cheart gnáthluach an Ghrúpa a ríomh ar bhealach comhdhlúite i.e. níor cheart don Choimisiún ach breithniú a dhéanamh ar phraghsanna tagarmhairc a bhí le cur in ionad phraghsanna na bhfachtóirí táirgeachta, a bhí á gceannach ag an nGrúpa ag tús an phróisis táirgthe ó pháirtí neamhghaolmhar. Mheas an chuideachta go bhfuil cuideachtaí an Ghrúpa ina gcuid d’aonad amháin ó thaobh na heacnamaíochta de, in ainneoin iad a bheith leithleach go dlíthiúil, ós rud é (i) go bhfuil siad faoi rialú an aonáin chéanna agus go bhfuil forluí suntasach laistigh den ghrúpa i dtéarmaí an dá bhord stiúrthóirí agus ar an leibhéal bainistíochta, (ii) tá siad go léir lonnaithe in aon pháirc thionsclaíoch amháin agus (iii) tá an próiseas táirgthe an-chomhtháite, leis an aschur ó chuideachta amháin a chomhdhéanann an t-ionchur don chuideachta eile. Ina theannta sin, dealraíonn sé do na custaiméirí gur aon eintiteas amháin atá sna cuideachtaí aonair, óir is aon suíomh gréasáin amháin, aon bhranda amháin, agus aon ionad teagmhála amháin atá acu. Mhaígh Nanshan nach raibh an coincheap teoranta do dhlí cosanta trádála, agus rinne sé tagairt do chásanna éagsúla Cúirte ina ndearnadh tuilleadh forbartha ar choincheap an eintitis eacnamaíoch aonair. De réir a thuairime, bíonn leatrom á dhéanamh i dtorthaí an Choimisiúin ós rud é go ndéanann siad neamhaird de na difríochtaí i measc onnmhaireoirí sampláilte. Sampla a thug sé is ea cuideachta Xiamen Xiashun atá faoi réir an chorrlaigh dumpála íosta. De réir an Nanshan Group, níl d’údar leis sin ach an táirge atá á faoi imscrúdú a bheith á tháirgeadh ag Xiamen Xiashun as tinní alúmanaim faoin eintiteas dlíthiúil céanna.

    (363)

    De réir thuairim Nanshan, sháraigh an mhodheolaíocht freisin forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ina dtagraítear do “na costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí”. De réir thuairim Nanshan, níor chostais táirgthe na costais táirgthe a ghabhann le hamhábhair idirmheánacha, ach na chéad amhábhair sa slabhra táirgthe alúmanaim, eadhon báicsít agus gual. Níor údaraíodh leis an bhforáil de réir thuairim Nanshan ach don Choimisiún neamhaird a dhéanamh de chostais an ábhair ó sholáthróirí neamhghaolmhara.

    (364)

    Rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an éileamh agus ar an bhfianaise ar comhad. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (272) den Rialachán sealadach, is é modh seanbhunaithe an Choimisiúin gnáthluach (maille le corrlach dumpála) a bhunú do gach eintiteas a ndearnadh imscrúdú air thar ceann táirgeora onnmhairiúcháin ar leithligh. Más eintiteas eacnamaíoch aonair iad na cuideachtaí éagsúla i nGrúpa nó murab ea, níl siad ábhartha de réir thuairim an Choimisiúin chun an gnáthluach a shuí faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán de réir modh difriúil. Más fios go bhfuil praghsanna agus costais saofa sa tSín maidir leis an táirge lena mbaineann chomh maith lena ionchuir, bheadh tionchar ag na torthaí sin ar an ionchur a dhéanann an chuideachta ghaolmhar laistigh den Ghrúpa. Dá bhrí sin, ba cheart na hionchuir sin, is cuma más ó sholáthróir gaolmhar a fhaightear iad, a choigeartú sa chomhthéacs sin. Ina theannta sin, níor mheas an Coimisiún go raibh an modh idirdhealaitheach – de réir a thuairime, léirigh sé bunú iarbhír an Ghrúpa, sin agus gur eintitis dhlíthiúla ar leith iad na cuideachtaí laistigh den Ghrúpa. Dá bhrí sin, de réir thuairim an Choimisiúin, ba iad na costais táirgthe “comhfhreagracha” a luaitear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán na costais a bhí le híoc ag gach ceann de na heintitis dhlíthiúla ina n-aonar agus a raibh tionchar ag an saobhadh suntasach orthu. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

    (365)

    Ar an mbonn sin, dheimhnigh an Coimisiún a chuid torthaí sealadacha mar aon leis an modh oibre leis an ngnáthluach a ríomh mar a leagtar amach in aithrisí (268) go (276) an Rialacháin shealadaigh.

    (366)

    I ndiaidh an nochta dheiridh d’áitigh an Nanshan Group athuair gur cheart don Choimisiún coincheap an eintitis eacnamaíoch aonair a úsáid nuair a bhí gnáthluach chuideachtaí an Ghrúpa a ríomh aige. Ba chuid den argóint a rinne sé gur thosaigh an Coimisiún ag úsáid an choincheapa sin nuair a bhí an gnáthluach á thabhairt chun cruinnis aige i gcásanna eile cheana. Thar aon ní, rinne sé tagairt do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/957 ón gCoimisiún (68). Ina theannta sin, is éard a mheas an Nanshan Group féin go raibh na critéir ábhartha ar fad comhlíonta ag an nGrúpa. Is é an tuairim a bhí aige, nuair nach gcuirtear san áireamh ach na fachtóirí táirgeachta a ceannaíodh ó pháirtithe neamhghaolmhara, ní hionann agus an díolachán faoi chuing, sin bealach a gclúdódh an Coimisiún na fachtóirí saofa ar fad atá ag gabháil le táirgeacht a cheannaigh an Grúpa. Ar deireadh, dúirt an Nanshan Group athuair gur idirdhealaitheach an modh oibre atá ag an gCoimisiún de réir a thuairime óir d’éignigh sé prionsabal an chaithimh chomhionainn nuair nár chuir sé san áireamh gur Grúpa é atá comhtháite go hingearach.

    (367)

    Is é a mheas an Coimisiún nach fasach ábhartha atá sa Chinneadh sin ón gCoimisiún a luaitear thuas. Ar an gcéad dul síos, thug sé dá aire maidir leis an maíomh i gCinneadh ón gCoimisiún, maíomh faoi choincheap an eintitis eacnamaíocht aonair, gur maíomh é a diúltaíodh de dheasca easpa fiúntais. Ina theannta sin, bhí difríocht idir an creat dlíthiúil agus na cúinsí fíriciúla. In Aigéad Teireaphtailíteach, is maíomh é a bhain le soláthróir amhábhair, agus d’iarr an táirgeoir onnmhairiúcháin go mbainfí amach brabús an tsoláthróra leis an ngnáthluach a ríomh. Mar sin féin, sa chás áirithe seo, cuideachtaí an Nanshan Group atá ag iarraidh go gcaithfí leo mar eintiteas eacnamaíocht aonair, is cuideachtaí iad a tháirgeann an táirge atá i gceist, táirge a gcaithfidh an Coimisiún corrlaigh dhumpála a shuí ina leith ceann ar cheann. Mar a mhínítear in aithris (272) den Rialachán sealadach, déanann an Choimisiúin gnáthluach (maille le corrlach dumpála) a shuí do gach eintiteas a ndearnadh imscrúdú air thar ceann táirgeora onnmhairiúcháin ar leithligh. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an gnáthluach ríofa a bhunú ar na fachtóirí táirgeachta a cheannaigh na heintitis dlíthiúla éagsúla den Nanshan Group iad féin ceann ar cheann.

    3.2.   Praghas onnmhairiúcháin

    (368)

    Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithris (277) agus aithris (279) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúla maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

    3.3.   Comparáid

    (369)

    Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (280) go (283) den Rialachán sealadach.

    (370)

    Thíolaic Xiamen Xiashun gur cheart don Choimisiún na costais chreidmheasa iarbhír a tabhaíodh a chur san áireamh, ní ríomh na gcostas sin a bhunú ar na téarmaí íocaíochta comhaontaithe, ar mhaithe leis an bpraghas onnmhairiúcháin a shocrú le haghaidh ceann dá chuid custaiméirí. Ba chuid den argóint a rinne sé gur rud faoi réir conartha lena bhanc a bhí sa chaidreamh leis an gcustaiméir seo, ní hionann agus le custaiméirí eile, agus faoi chreat an chaidrimh seo nár ghearr an banc de chostais ar an gcuideachta ach na costais chreidmheasa iarbhír a thabhaigh sé.

    (371)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar an éileamh. Bhí na costais chreidmheasa ar cheann de na gnéithe a pléadh sa chaibidlíocht praghsanna, agus socraíodh an praghas (onnmhairiú) nuair a caibidlíodh na téarmaí. Dá bhrí sin, is iad na coinníollacha caibidlithe, lena n-áirítear na téarmaí íocaíochta, a rinne difear do shocrú leibhéal an phraghais, agus dá bhrí sin, do chinneadh an phraghais onnmhairiúcháin. Ina theannta sin, ní athrófaí an praghas go haisghníomhach dá mbeadh difríocht ann, i gcás idirbhirt ar leith, idir na téarmaí íocaíochta idirbheartaithe agus na téarmaí iarbhír íocaíochta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

    (372)

    Mhaígh Jiangsu Alcha go raibh a ríomh corrlaigh dumpála bunaithe ar struchtúr mícheart PCN agus go raibh earráidí móra ann. Tá seo ann go háirithe; ag an réamhnochtadh, thíolaic Jiangsu Alcha an fhaisnéis sin chun an dumpáil agus an corrlach gearrdhíola a ríomh, d’úsáid an Coimisiún faisnéis arna soláthar ag Jiangsu Alcha bunaithe ar struchtúr PCN atá as dáta, agus ní ar an struchtúr PCN (ceartaithe) a cuireadh in iúl do pháirtithe leis an Nóta a ghabhann le comhad an 9 Meán Fómhair 2020. Mhaígh Jiangsu Alcha gur cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar an earráid tar éis an réamhnochta, agus na ríomhanna a cheartú sular foilsíodh na bearta sealadacha. Is é a thuairim go sáraíonn mainneachtain an Choimisiúin ríomhanna ceartaithe a sholáthar Airteagal 19ú(1) den bhun-Rialachán.

    (373)

    Chloígh an Coimisiún leis an tuairim a cuireadh in iúl don chuideachta tar éis réamhnochtadh go raibh an fhéidearthacht ríomhanna a cheartú ag an réamhnochtadh i gcomhréir le hAirteagal 19ú teoranta do chruinneas na ríomhanna, agus earráidí cléireachais sa bhreis, dealú, nó feidhm uimhríochtúil eile, earráid a bhí mar thoradh ar chóipeáil míchruinn, dúbailt, cur i bhfeidhm aonad neamhréireach rátaí tomhais nó claochlúcháin agus aon chineál earráidí cléireachais eile den chineál céanna. Theastaigh seiceáil bhreise ar shonraí easpórtála na cuideachta chun fíorú a dhéanamh ar struchtúr ceart PCN na cuideachta agus dá bhrí sin ní raibh baint aige le cruinneas ríomhanna agus cineál na n-earráidí a d’fhéadfaí a cheartú tar éis réamhnochtadh.

    (374)

    Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún an maíomh mar aon leis na maímh eile tar éis an Rialacháin shealadaigh. Dheimhnigh sé nach raibh aicmiú tosaigh Jiangsu Alcha de chineálacha táirge ceart. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún cóid chearta in ionad na gcód PCN mícheart. Ní raibh tionchar ag an athrú ar ríomh an chorrlaigh dumpála. Mar sin féin, ceartaigh an Coimisiún na ríomhanna corrlaigh gearrdhíola dá réir (féach aithrisí (564) go (566)).

    (375)

    Mheas an Nanshan Group freisin go raibh liúntais amhail iompar agus árachas ar áireamh i gcostais SGA agus san áireamh i mbrabús na gcuideachtaí Turcacha. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán agus d’fhonn comparáid chothrom a áirithiú, ba cheart don Choimisiún coigeartuithe a dhéanamh.

    (376)

    Ar an gcéad dul síos, mheas an Coimisiún nach raibh aon eilimint sa chomhad lena gceadaítear dó a chinneadh go raibh iompar agus árachas san áireamh i gcostais SGA agus brabúis chuideachtaí na Tuirce, agus dá bhrí sin go raibh costais éagsúla san áireamh sna luachanna seachas na luachanna a cuireadh san áireamh i gcás tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Dá bhrí sin, ní raibh aon bhunús ag an gCoimisiún chun aon choigeartú den sórt sin a dhéanamh. In éagmais fianaise i leith na ndifríochtaí, mheas an Coimisiún go raibh na luachanna ar chostais SGA agus ar bhrabús na gcuideachtaí Turcacha agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha araon ag an leibhéal céanna, sin agus gur cheadaigh sé comparáid chothrom.

    3.4.   Corrlaigh dhumpála

    (377)

    Ós rud é gur ghlac an Coimisiún le roinnt barúlacha ó na páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis an nochta shealadaigh, rinne sé na corrlaigh dumpála a athríomh dá réir.

    (378)

    Mar a mhínítear in aithris (289) den Rialachán sealadach, tá leibhéal an chomhair íseal sa chás seo. Tar éis na n-athruithe ar mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann mar a mhínítear i Roinn 4.5 thíos, deimhníodh an chonclúid sin ós rud é nach raibh in onnmhairí na dtáirgeoirí comhoibríocha onnmhairiúcháin ach thart ar 65 % d’iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gurb iomchuí an corrlach dumpála ar fud na tíre is infheidhme maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch eile a shuí ar leibhéal an chorrlaigh is airde a shuitear do chineálacha táirgí a dhíoltar i gcainníochtaí ionadaíocha ar bhonn shonraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ba é 88 % an corrlach dumpála a suíodh dá réir sin.

    (379)

    Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

    Cuideachta

    Corrlach dumpála cinntitheach

    Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

    72,1  %

    Nanshan Group

    55,5  %

    Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

    23,7  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    44,5  %

    Gach cuideachta eile

    88,0  %

    (380)

    Nochtadh na ríomhanna ar na corrlaigh dumpála aonair, lena n-áirítear ceartúcháin agus coigeartuithe a rinneadh tar éis barúlacha a thug na páirtithe leasmhara tar éis nochtadh sealadach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

    4.   DÍOBHÁIL

    4.1.   Réamhbharúil

    (381)

    Mar a léirítear in aithrisí (291) go (293) den Rialachán sealadach, is ar bhonn AE-28 a suíodh na torthaí sealadacha, cé is moite de ríomh an chorrlaigh shladghearrtha. Mar sin féin, bunaíodh torthaí críochnaitheacha an imscrúdaithe sin ar shonraí AE-27 (féach Roinn 1.9 thuas). Mar a luaitear in aithris (292) den Rialachán sealadach, bhí aon táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais a dhéanann an táirge agus atá faoi imscrúdú gníomhach sa Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus baineadh úsáid as na sonraí a bhí ann chun macratháscairí sealadacha a chinneadh ar bhonn AE-28. Dá bhrí sin, agus chun rúndacht shonraí an táirgeora sin a áirithiú, cuireadh roinnt macratháscairí i láthair agus úsáid á baint as raonta le haghaidh torthaí críochnaitheacha.

    (382)

    Ina theannta sin, tar éis na gconclúidí maidir le raon feidhme an táirge, rinneadh na sonraí a bhaineann le AFRPanna lena n-úsáid i dtáirgeadh ACPanna, mar a thuairiscítear in Airteagal 2(2) thíos, a eisiamh ón anailís ar ghortú.

    4.2.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

    (383)

    Maidir le táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe, suíodh é ag thart ar 1 792 606 tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn shonraí táirgthe an Aontais maidir le EA, a ndearnadh cros-seiceáil air maidir le hiontaofacht agus iomláine le faisnéis arna soláthar ag táirgeoirí an Aontais lena n-áirítear sonraí faoi tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Mar a léirítear in aithris (35) den Rialachán sealadach agus den aithris, roghnaíodh trí tháirgeoir ón Aontas sa sampla is ionann agus thart ar 38 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

    (384)

    In éagmais aon bharúla maidir leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus athruithe eile i ndáil le táirgeadh thionscal an Aontais, deimhníodh na conclúidí in aithris (294) agus aithris (295) den Rialachán sealadach.

    4.3.   Margadh ábhartha an Aontais a Chinneadh

    (385)

    Tar éis nochtadh sealadach, d’athdhearbhaigh TitanX agus Valeo a maímh go bhfuil anailís díobhála ar leith dlite do na AFRPanna AHEX toisc nach bhfuil na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag baint leis na táirgí sin. Mhaígh siad freisin gur cheart do EA micreatháscairí agus macratháscairí ar leith a chur ar fáil don earnáil sin. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Huafong gur chóir don Choimisiún anailís dheighleog-shonrach a dhéanamh le haghaidh AFRPanna AHEX mar gheall ar an difríocht sa phraghas a líomhnaítear idir AFRPanna HEX agus táirgí eile.

    (386)

    In éagmais eilimintí nua agus ós rud é gur tugadh aghaidh ar na maímh sin sa Rialachán sealadach, déantar tagairt d’aithrisí (300) go (302). Dá bhrí sin, diúltaíodh an mhaíomh sin.

    (387)

    Tar éis nochtadh sealadach, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun gur gá an difríocht praghas líomhnaithe idir scragall uasteorainn PP agus stoc scragaill a dhéanamh ar anailís deighleog-sonrach agus a tharchur arís chuig an tuarascáil Comhlacht Achomhairc ar HP-SSST (69).

    (388)

    Mar a léirítear in aithris (251) thuas shuigh an Coimisiún nach bhfuil, i gcodarsnacht le maíomh Xiamen Xiashun, aon difríocht shuntasach idir praghas scragall uasteorainn PP agus stoc scragaill. Ar an mbonn sin dearbhaíodh na torthaí a fuarthas in aithris (306) den Rialachán sealadach nach raibh údar le hanailís a dhéanamh ar dheighleog-shonrach.

    (389)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun gur táirge sonrach é stoc scragaill nár cheart a mheascadh le AFRPanna eile. Chuir sé barúlacha breise ar fáil freisin maidir leis an Rialachán sealadach inar maíodh gur chóir scrúdú níos críochnúla a dhéanamh, de bharr gan ainm Xiamen Xiashun a bheith ar liosta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, féachaint an raibh sé i gceist i ndáiríre leis an ngearánach díriú ar stoc scragaill, agus mhaígh sé gur aithin an gearánach an táirge seo mar chatagóir táirge speisialta sa ghearán.

    (390)

    Dúirt an t-onnmhaireoir céanna fós, sa chás go ndéanfaí a chuid táirgí féin a chomparáid le táirgí aon AFRP eile, agus mura mbeadh fianaise ann i leith difríocht mhór sa phraghas, rud dá dtagraítear in aithris (390), b’ionann sin agus bréagnú ar thásc an Choimisiúin in aithris (306) den Rialachán sealadach “i gcodarsnacht le Tuarascáil an Chomhlachta Achomhairc ar HP-SSST, sa chás reatha, níl aon difríocht mhór idir praghas stoc scragaill agus AFRPanna eile, difríocht a d’fhágfadh go mbeadh an táirge sin so-aitheanta i measc AFRPanna eile”. Mhaígh Xiamen Xiashun fós, i gcontrárthacht le conclúid shealadach an Choimisiúin, gur iarr an tuarascáil chéanna ón gComhlacht Achomhairc anailíse de réir deighleog sa chás go mbíonn difríocht mhór idir praghsanna dhá dheighleog.

    (391)

    Ina theannta sin, chuir Xiamen Xiashun rud leis sin, i gcontrárthacht le AFRPanna eile a athraíonn mar gheall ar fhachtóirí maímh, is é sin nach athraíonn praghas stoc scragaill mórán ach amháin i gcás thionchar an LME. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh an t-onnmhaireoir sin a mhaíomh maidir le stoc scragaill a bheith ina amhábhar le haghaidh rolladh scragaill; i.e. nach táirge úsáide deiridh é, agus go bhfuil an stoc scragaill éagsúil ó aon leathán agus plátaí coitianta eile atá faoi réir an imscrúdaithe seo.

    (392)

    Tugadh aghaidh cheana in aithris (304) den Rialachán sealadach ar an maíomh maidir le hainm Xiamen Xiashun ón ngearán a bheith in easnamh, agus níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an ráiteas nár scrúdaigh sé maíomh Xiamen Xiashun go críochnúil. Tugadh aghaidh ar ghnéithe éagsúla an éilimh, agus rinne an Coimisiún obair imscrúdaithe bhreise maidir le gníomhaíochtaí custaiméirí thionscal an Aontais a cheannaíonn na PCNanna céanna agus a d’onnmhairigh Xiamen Xiashun, mar a luaitear in aithris (251) agus aithris (390). Ina theannta sin, ní catagóir táirgí speisialta a bhí sa stoc scragaill sa ghearán. Ní hea ach a mhalairt: bhí sé liostaithe mar cheann de na príomhchineálacha táirgí a chumhdaítear leis an ngearán ar an leibhéal céanna le bileoga agus cornaí, plátaí nó stoc eití.

    (393)

    Maidir leis an tagairt don tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc i leith HP-SSST, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús gur cuireadh táirgí Xiamen Xiashun i gcomparáid le táirgí eile nach mbaineann le hábhar, toisc nár léirigh Xiamen Xiashun go raibh na táirgí sin ina ndeighleog táirgí gan amhras difriúil (féach aithrisí (303) go (306) den Rialachán sealadach), nó go raibh difríochtaí suntasacha ann idir stoc scragaill agus AFRPanna eile atá aicmithe faoi chódú táirgí céanna. Déanta na fírinne, níor chuir Xiamen Xiashun tacú fianaise lena mhaíomh, ach léirigh an t-imscrúdú nach raibh aon difríocht mhór praghsanna idir stoc scragaill agus AFRPanna eile atá san aicme a bhaineann úsáid as an táirge códaithe céanna. Ar an dara dul síos, níl an difríocht i bpraghsanna dá dtagraítear in aithris (255) inchomparáide leis an difríocht ba léir i gcás HP-SSST, áit ar shroich na difríochtaí i bpraghsanna 100 nó 200 %, mar a luaitear in aithris (302) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, ag cur san áireamh go bhfuil na himthosca difriúil; i.e. ní bhaineann stoc scragaill le deighleog táirgí eile agus níl aon difríocht mhór ann ó thaobh praghsanna de, níor ghníomhaigh an Coimisiún i gcoinne an chur chuige a leanadh sa tuarascáil HP-SSST ón gComhlacht Achomhairc.

    (394)

    Maidir le luaineacht na bpraghsanna, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús nár chuir Xiamen Xiashun tacú fianaise leis an maíomh a bhí á dhéanamh aige. I gcás ar bith, léirigh an t-imscrúdú, mar an gcéanna le AFRPanna eile amhail AFRPanna AHEX nó AFRPanna lena n-úsáid i dtáirgeadh ACPanna, gur gnách go ndíoltar stoc scragaill faoi chonarthaí meántéarmacha nó fadtéarmacha nuair nach n-athraíonn an praghas claochlúcháin mórán, más ar chor ar bith é. Mar sin féin, léiríonn an fhianaise atá sa chomhad go mbeidh an tionchar céanna ag athruithe ar dhálaí an mhargaidh ar stoc scragaill agus ar AFPRanna eile a chumhdaítear faoi raon feidhme an imscrúdaithe sin nuair a dhéanfar conarthaí a athnuachan. A mhéid a bhaineann leis an maíomh maidir le stoc scragaill ar amhábhar é, déantar tagairt d’aithris (306) den Rialachán sealadach i gcás inar díríodh ar an maíomh sin cheana féin. Maidir leis an gcomparáid le leatháin agus le plátaí coiteanna, measadh gur cheadaigh PCN idirdhealú idir táirgí den sórt sin agus stoc scragaill mar eilimintí a d’aithin an PCN amhail tiús agus foirm AFRP.

    (395)

    Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh do na maímh sin.

    (396)

    Nuair a bhí an nochtadh cinntitheach déanta, rinne Xiamen Xiashun trácht ar an dul chun cinn atá tagtha ar mhacratháscairí áirithe le haghaidh stoc scragaill AFRPanna dá bhforáiltear i dtionscal an Aontais. Ós rud é nach raibh an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis sin chun torthaí críochnaitheacha a fháil, níor féachadh na barúlacha sin.

    (397)

    Nuair a bhí nochtadh sealadach déanta, d’athdhearbhaigh Airoldi gur iarr sé anailís a bheadh sainiúil do dheighleog lena gceadófaí idirdhealú a dhéanamh idir táirgí teaschóireáilte (cóimhiotail chrua) agus táirgí neamhthéite cóireáilte (cóimhiotail bhog), agus chuir sé in iúl freisin go bhfuil leithead plátaí agus leathán ríthábhachtach chun staid an mhargaidh a shainmhíniú. Sa chomhthéacs sin, mhaígh sé go bhfuil teorainneacha ann do tháirgeoirí an Aontais maidir le leithead an phláta/leatháin agus dúirt freisin go raibh easpa acmhainneachta táirgeachta agus ganntanas amhábhar do phlátaí alúmanaim teaschóireáilte san Aontas ionas gur allmhairíodh na táirgí sin i gcainníochtaí suntasacha in 2019 ó Dhaon-Phoblacht na Síne, ón Éigipt agus ón Iorua.

    (398)

    In éagmais aon ghné nua a bhainfeadh leis an iarraidh ar anailís a bhaineann go sonrach le deighleog ar leith idir cóimhiotail chrua agus bhog, dearbhaíodh na conclúidí sealadacha a bhí in aithris (308) den Rialachán sealadach. Maidir le leithead na leathán/na bplátaí, níor chuir Airoldi aon fhianaise ar fáil go raibh ganntanas soláthair i gcomhair leathán/plátaí os cionn 1 500 mm. Ina dhiaidh sin sa chomhad, deirtear go bhfuil an trealamh ábhartha ag dhá tháirgeoir de chuid an Aontais ar a laghad chun leatháin/plátaí ar leithead níos airde ná 1 500 mm nó fiú 2 000 mm a tháirgeadh. Fiú mura bhféadfadh an tAontas a dhóthain den táirge atá faoi chaibidil a mhonarú, tá táirgeoirí sna tríú tíortha eile, an Tuirce mar shampla, arb acmhainn dóibh táirge dá leithéid a mhonarú agus a sholáthar don Aontas. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (399)

    In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (296) go (308) den Rialachán sealadach.

    4.4.   Tomhaltas an Aontais

    4.4.1.   Tomhaltas ar an margadh saor san Aontas

    (400)

    Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar shonraí Eorpacha Alúmanaim le haghaidh díolacháin ar mhargadh an Aontais móide sonraí allmhairiúcháin ó Eurostat mar a leagtar amach i Roinn 4.5.1 thíos.

    (401)

    In AE-27, tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

    Tábla 3

    Tomhaltas an Aontais (tonaí)

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Tomhaltas iomlán an Aontais

    2,35 – 2,5  milliún

    2,4 – 2,5  milliún

    2,3 – 2,35  milliún

    2,1 – 2,2  milliún

    Innéacs

    100

    102

    97

    90

    Margadh faoi chuing

    19 347

    29 987

    34 953

    33 204

    Innéacs

    100

    155

    181

    172

    An Margadh Saor

    2,35 – 2,45  milliún

    2,35 – 2,45  milliún

    2,25 – 2,35  milliún

    2,05 – 2,2  milliún

    Innéacs

    100

    101

    97

    89

    Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus Eurostat

    (402)

    Tháinig laghdú 11 % ar an tomhaltas ar an margadh saor san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ó 2017 go 2018 tháinig méadú 1 % ar mhargadh an Aontais ó thart ar 2,35 milliún tona go 2,45 milliún tona sular tháinig laghdú 4 phointe céatadáin air in 2019 agus gur laghdaíodh é tuilleadh go - 2,2 milliún tona le linn thréimhse an imscrúdaithe. Tháinig treocht chomhchosúil ar thomhaltas iomlán an Aontais, tháinig méadú air in 2018 agus laghdú ina dhiaidh sin in 2019, laghdú a lean ar aghaidh le linn thréimhse an imscrúdaithe de dheasca phaindéim COVID-19, rud a d’fhág gur laghdú 10 % a tharla san iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, tar éis na n-athruithe ar na staitisticí allmhairiúcháin, deimhníodh na torthaí maidir leis na treochtaí tomhaltais i Roinn 4.4 den Rialachán sealadach, agus tá an titim beagán níos measa.

    (403)

    Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Airoldi go raibh an tomhaltas arna ghannmheas agus gurbh ionann táirgeacht AE agus 5,6-5,8 milliún tona agus nach bhféadfadh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a bheith chomh hard le 10 %.

    (404)

    Níor thug Airoldi tacú fianaise tacaíochta lena mhaímh áfach. I gcás ar bith, is cosúil gur ar raon níos leithne táirgí a bhunaigh Airoldi an t-éileamh a bhí aige maidir le táirgeadh; i.e. lena n-áirítear táirgí nach gcumhdaítear leis an imscrúdú seo. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (405)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir SWA in aghaidh fhigiúirí tomhaltais an Aontais, figiúirí a tuairiscíodh i dTábla 3, agus mhaígh sé go raibh an “margadh tagartha” níos mó ná 3,6 milliún tona. Thacaigh Airoldi leis an tuairim sin.

    (406)

    In éagmais fianaise tacaíochta nó ríomhanna, diúltaíodh don éileamh sin.

    (407)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’iarr Xiamen Xiashun ar an gCoimisiún a mhíniú an amhlaidh a cuireadh na staitisticí allmhairiúcháin athbhreithnithe san áireamh, agus conas a rinneadh tomhaltas an táirge atá faoi imscrúdú a ríomh. Lorg sé soiléiriú ar an athrú ar fhigiúirí tomhaltais an Aontais idir an nochtadh sealadach agus an nochtadh cinntitheach. Chuir Xiamen Xiashun an cheist freisin conas a bhí na sonraí faoin margadh faoi chuing fós gan athrú.

    (408)

    I ndáil leis sin, déantar tagairt d’aithris (383) agus aithris (384) ina luaitear gur bhunaigh an Coimisiún a chinntí cinntitheacha ar shonraí AE-27 agus gur eisiadh AFRPanna áirithe le húsáid i dtáirgeadh ACPanna ón raon feidhme. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na barúlacha ó Xiamen Xiashun mar a luaitear in aithris (390) san áireamh chomh maith. Ina theannta sin, déantar tagairt d’aithris (413) a bhaineann le próiseáil isteach. Ina theannta sin fós, tugtar faoi deara go dtagraítear go hearráideach don nochtadh cinntitheach do Roinn 4.2 in ionad Roinn 4.5.1 i ndáil leis sin.

    (409)

    Ní dhearna na hathruithe dá dtagraítear in aithris (383) agus in aithris (384) difear don fhaisnéis a bhaineann leis an margadh faoi chuing.

    4.5.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

    4.5.1.   Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

    (410)

    Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Xiamen Xiashun nach ndearna an Coimisiún measúnú cruinn ar mhéideanna ná ar phraghsanna na n-allmhairí toisc nach n-eisiann an mhodheolaíocht táirgí a thagann faoi na cóid ex nach gcumhdaítear leis an imscrúdú.

    (411)

    Mar a léirítear in aithris (320) den Rialachán sealadach, lean an Coimisiún dá imscrúdú maidir le hallmhairí faoin gcóras próiseála isteach agus cód AC 7606 11 99 go háirithe. Léiríodh san imscrúdú nár bhain cuid mhór de na hallmhairí sin leis an táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, eisiadh na hallmhairí sin ó ríomh na staitisticí allmhairiúcháin.

    (412)

    Ina theannta sin, i bhfianaise na mbarúlacha a fuair an Coimisiún, rinneadh athmheasúnú ar an staidreamh allmhairiúcháin agus shuigh sé méid na n-allmhairí bunaithe ar shonraí coigeartaithe Eurostat ag baint úsáide as an modheolaíocht a míníodh do na páirtithe leasmhara agus atá ar fáil sa chomhad (70). Sa chomhthéacs sin, eisiatar freisin allmhairí táirgí atá díolmhaithe ón dleacht chinntitheach frithdhumpála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2). Rinne an Coimisiún seiceáil agus deimhnigh sé meastacháin an ghearánaigh maidir le cion an táirge i gceist i méideanna a allmhairíodh faoi na cóid AC a luaitear san Fhógra Tionscnaimh, agus a leasaíodh dá éis sin san Fhógra lena leasaítear an Fógra tionscnaimh (71).

    (413)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’iarr Xiamen Xiashun soiléiriú ar conas a sheiceáil an Coimisiún cruinneas na sonraí staidrimh a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar allmhairí ón tír lena mbaineann agus go háirithe ar chruinneas fhaisnéis an mhargaidh atá in úsáid ag EA. Ina theannta sin, cheistigh sé conas a d’fhéadfadh EA rochtain a fháil ar fhaisnéis ar allmhairí ar leibhéal TARIC agus rinneadh gearán faoin rúndacht atá á maíomh ar bhealaí go leor. Tríd is tríd, chuir Xiamen Xiashun in iúl nach bhféadfadh sé trácht a dhéanamh ar a chearta cosanta ná a chearta cosanta a fheidhmiú bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa chomhad. Ina theannta sin, luaigh Xiamen Xiashun gur cuireadh isteach an fhaisnéis go déanach.

    (414)

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur ceadmhach don Choimisiún a dhiscréid féin a chleachtadh sa chaoi a ndéanann sé measúnú ar chruinneas na faisnéise a fhaigheann sé. I gcás ar bith, mar is léir ón gcomhad oscailte, de thoradh iarratais ón gCoimisiún (72), chuir EA staitisticí iompórtála isteach den chéad uair (73). Tar éis an méid sin a chur isteach, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a fuair sé trí mheasúnú a dhéanamh ar réasúntacht na dtoimhdí agus na gcoigeartuithe a rinne EA i gcás gach cód AC agus d’áirithigh sé go mbaineann an fhaisnéis a tíolacadh go heisiach le raon feidhme an imscrúdaithe mar a shainítear sna cóid TARIC éagsúla a cruthaíodh i dtús ama agus le linn an imeachta. Mar thoradh ar bharúlacha an Choimisiúin (74), sholáthair EA an chéad leagan íogair athbhreithnithe dá staidreamh iompórtála (75). Mar thoradh ar bharúlacha íogaire breise ón gCoimisiún (76), chuir EA staitisticí allmhairiúcháin athbhreithnithe ar fáil agus barúlacha an Choimisiúin san áireamh. Cuireadh na staitisticí sin leis an gcomhad cáis mar aon le nótaí míniúcháin a bhaineann leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm. Úsáideadh na sonraí sin dá dtagraítear in aithris (414) ina dhiaidh sin chun allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú a shuí. Ar bhonn an mhéid thuas, mheas an Coimisiún go ndearna sé measúnú ar na staitisticí allmhairiúcháin arna soláthar ag EA leis an dúthracht ba ghá. Fuair EA an fhaisnéis ar leibhéal an chóid TARIC tar éis iarraidh réasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den bhun-Rialachán (77).

    (415)

    A mhéid a bhaineann le feidhmiú na gceart cosanta, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis a chuir EA ar fáil mionsonraithe go leor chun tuiscint réasúnta a fháil ar an bhfaisnéis íogair agus ar an modheolaíocht atá á cur i bhfeidhm (78). Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún dá aire nár luaigh aon pháirtí leasmhar cáilíocht an leagain neamhrúnda den fhaisnéis a tíolacadh sular úsáideadh é mar bhonn chun méid na n-allmhairí agus chun na praghsanna allmhairiúcháin a shuí. A mhéid a bhaineann leis na líomhaintí gur cuireadh an fhaisnéis isteach go déanach, déantar tagairt d’aithris (416) ina sonraítear seicheamh na hiarrata agus na n-aighneachtaí faisnéise, agus léirítear inti gur chuir EA an fhaisnéis faoi bhráid na hiarrata ón gCoimisiún. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (416)

    Sa bhreis ar an anailís ar allmhairí foriomlána, rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar allmhairí atá faoi phróiseáil isteach, i bhfianaise sciar suntasach na n-allmhairí sin sa chás i dtrácht.

    (417)

    Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann isteach in AE-27:

    Tábla 4

    Méid na n-allmhairí agus sciar den mhargadh

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (tonaí)

    100 888

    172 249

    201 928

    171 240

    Innéacs

    100

    171

    200

    170

    Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann faoi chóras próiseála isteach (tonaí)

    14 855

    29 254

    26 099

    22 162

    Innéacs

    100

    197

    176

    149

    Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann seachas an córas próiseála isteach (tonaí)

    86 033

    142 995

    175 829

    149 078

    Innéacs

    100

    166

    204

    173

    Sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann gan próiseáil isteach a áireamh ar an margadh saor (%)

    4,1 – 4,5  %

    7 – 7,4 %

    8,7 – 8,9  %

    8,0 – 8,4  %

    Innéacs

    100

    168

    207

    190

    Sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann faoi chóras próiseála isteach ar an margadh saor (%)

    0,4 – 0,8  %

    1 – 1,4  %

    0,9 – 1,3  %

    0,9 – 1,3  %

    Innéacs

    100

    194

    182

    167

    Sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann seachas an córas próiseála isteach (%)

    3,5 – 3,9  %

    5,8 – 6,2  %

    7,5 – 7,9  %

    6,9 – 7,3  %

    Innéacs

    100

    164

    212

    194

    Foinse: EA, freagraí sa cheistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus Eurostat

    (418)

    Tháinig méadú dhá oiread ar allmhairí ón tír lena mbaineann idir 2017 agus 2019 agus shroich siad 201 928 tona sular tháinig laghdú 15,2 % orthu idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe. Tháinig méadú 70 % ar allmhairí AFRPanna foriomlána ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh.

    (419)

    Tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tír lena mbaineann atá faoi phróiseáil isteach in 2018, agus shroich siad 29 254 tona sular tháinig laghdú beag orthu in 2019 agus i gcion níos mó le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar an iomlán, is méadú 49 % a tháinig ar allmhairí AFRPanna ón tSín faoi chóras próiseála isteach le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (420)

    Tháinig méadú mór ar allmhairí ón tír lena mbaineann, gan próiseáil isteach a áireamh, idir 2017 agus 2019 ó 86 033 tona go dtí 175 829. Le linn thréimhse an imscrúdaithe, tháinig laghdú 26 751 tona uirthi. Tháinig méadú 73 % ar allmhairí foriomlána den sórt sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (421)

    D’ardaigh sciar an mhargaidh d’allmhairí ón tír lena mbaineann den chéad uair ó 4,1-4,5 % in 2017 go dtí 8,7- 9,1 % in 2019 agus dá bhrí is malairt treo a bhí ann seachas méadú ar thomhaltas le linn na tréimhse céanna. Le linn thréimhse an imscrúdaithe, laghdaigh an sciar den mhargadh de bheagán go dtí 8-8,4 %. Ar an iomlán, tháinig méadú 3,9 pointe céatadáin ar sciar den mhargadh maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud arb ionann é agus méadú 90 %.

    (422)

    Tháinig méadú ar an sciar de mhargadh na n-allmhairí faoi chóras próiseála isteach ón tír lena mbaineann ó 0,4 go 0,8 % in 2017 agus ó 0,9 – 1,3 % sular laghdaigh sé go 1,3 % le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    (423)

    Tháinig méadú ar an sciar de mhargadh na n-allmhairí gan próiseáil isteach a áireamh ón tír lena mbaineann ó 3,5 % - 3,9 % in 2017 go 7,5 – 7,9 % in 2019. Le linn thréimhse an imscrúdaithe, anuas ar laghdú ar allmhairí den sórt sin agus ar thomhaltas freisin, tháinig laghdú go pointe níos mó go 6,9 – 7,3 % ar sciar an mhargaidh d’allmhairí gan próiseáil isteach a chur san áireamh. Ar an iomlán, tháinig méadú 94 % ar sciar den mhargadh den sórt sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (424)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Airoldi nach ndearna an Coimisiún idirdhealú i measc na n-allmhairí atá faoin bpróiseáil isteach idir na roghanna éagsúla de phróiseáil isteach agus mhaígh sé nár cheart ach allmhairí a onnmhairíodh ina dhiaidh sin a mheas sa staidreamh maidir le hallmhairí agus sna ríomhanna díobhála.

    (425)

    I ndáil leis sin, measadh gur cheart gach allmhaire faoi phróiseáil isteach a chur san áireamh gan beann ar “rogha na próiseála isteach”. Go deimhin, mar a luaitear in aithris (491), tá tionchar ag allmhairí den sórt sin ar staid thionscal an Aontais sa mhéid go bhfuil méid caillte i gceist leo i dtéarmaí díolacháin agus táirgthe araon. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    4.5.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghsanna

    (426)

    Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat, agus an mhodheolaíocht dá dtagraítear in aithris (414) á húsáid.

    (427)

    Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe allmhairí ón tír lena mbaineann isteach in AE-27:

    Tábla 5

    Praghsanna allmhairí ón tír lena mbaineann (EUR/tona)

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Na hallmhairí uile

    2 426

    2 370

    2 266

    2 235

    Innéacs

    100

    98

    93

    92

    Próiseáil isteach

    2 313

    2 303

    2 275

    2 182

    Innéacs

    100

    100

    98

    94

    Allmhairí gan próiseáil isteach san áireamh

    2 445

    2 384

    2 265

    2 243

    Innéacs

    100

    98

    93

    92

    LME Alúmanam 3 Mhí – Ask (EUR/tona) (79)

    1 752

    1 791

    1 617

    1 535

    Innéacs

    100

    102

    92

    88

    Praghas iompórtála (uile) glan de LME Alúmanam 3 Mhí – Ask (EUR/tona)

    673

    579

    649

    700

    Innéacs

    100

    86

    96

    104

    Foinse: Eurostat, LME

    (428)

    Tháinig laghdú 8 % ar mheánphraghsanna allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 2 426 go EUR 2 235 in aghaidh an tona. D’fhan na praghsanna sin go mór faoi bhun phraghsanna díolacháin an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear i dTábla 9.

    (429)

    Tháinig laghdú leanúnach ar phraghas na n-allmhairí faoin bpróiseáil isteach, agus tháinig laghdú 6 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (430)

    Tháinig laghdú ar phraghas na n-allmhairí, gan an phróiseáil isteach a chur san áireamh, treocht eile den chineál céanna, ag tosú ar EUR 2 445 in aghaidh an tona ar bhonn leanúnach in 2017 agus ag sroicheadh EUR 2 243 le linn thréimhse an imscrúdaithe (- 8 %).

    (431)

    In 2018, ní hionann agus éabhlóid phraghas alúmanaim na FBManna (+ 2 %), tháinig laghdú 2 % ar phraghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann. Sin í an tréimhse chéanna inar tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tír lena mbaineann. Tháinig an chéad laghdú 14 % in 2019 ar phraghas alúmanaim LME ón tír lena mbaineann gur tháinig méadú air in 2018 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe, chun méadú 4 % a bhaint amach.

    (432)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, chuir Jiangsu Alcha tuairimí ar fáil maidir lena chorrlach gearrdhíola a ríomh mar léirítear in aithris (374). Mar aon leis na barúlacha sin agus le mionathruithe a bhaineann leis an leibhéal brabúis a bhain allmhaireoirí neamhghaolmhara san Aontas amach, barúlacha a úsáideadh chun an praghas onnmhairiúcháin a shuí chun críocha Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, rinneadh athbhreithniú ar an meánchorrlach sladghearrtha ualaithe do tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte comhoibríocha agus anois is raon 4,4 % go 9,3 % atá leis i gcás na n-allmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Ba é 7 % an meán ualaithe sladghearrtha a aimsíodh.

    4.6.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

    4.6.1.   Barúlacha ginearálta

    (433)

    Mar a fhoráiltear faoi Roinn 1.9, b’éigean raon feidhme geografach an imscrúdaithe sin a leasú. Dá bhrí sin, rinne an gearánach agus táirgeoirí sampláilte an Aontais codanna áirithe dá gcuid freagraí bunaidh sa cheistneoir a chur isteach le sonraí le haghaidh AE-27 amháin. Ina theannta sin, i bhfianaise díolúine shealadach ó AFRPanna áirithe le húsáid i dtáirgeadh ACPanna, iarradh ar an ngearánach agus ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais sonraí a sholáthar faoina ndéantar AFRPanna atá le húsáid i dtáirgeadh ACPanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) a chur i láthair ar leithligh.

    (434)

    Dá bhrí sin, is ar bhonn AE-27 a bhunaigh an Coimisiún a chuid cinntí cinntitheacha maidir le díobháil tar éis dó sonraí a bhaineann le AFRPanna atá le húsáid i dtáirgeadh ACPanna a eisiamh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2).

    (435)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Airoldi nár fíoraíodh go críochnúil an fhaisnéis a bhí sa ghearán a chuir EA isteach agus nach raibh sí ceart.

    (436)

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a léirítear i bpointe 5.2 den Fhógra Tionscnaimh, go ndeachaigh an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an ngearán in éag 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh seo mar gheall gur mhíthráthúil a comhdaíodh é. Pé ar domhan é, ní hé cruinneas agus leordhóthanacht na fianaise atá i gceist leis an gcritéar dlíthiúil faoi Airteagal 5(3) den bhun-Rialachán, ach leordhóthanacht na fianaise chun an t-imscrúdú a thionscnamh (80). I ndeireadh ama, theip ar Airoldi fianaise a sholáthar a bhréagnódh cinneadh an Choimisiúin go raibh dóthain fianaise sa ghearán chun an t-imscrúdú a thionscnamh.

    4.6.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

    4.6.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

    (437)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 6

    Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    An méid táirgeachta (tonaí)

    2 – 2,1  milliún

    2 – 2,1  milliún

    1,9 – 2 milliún

    1,7 – 1,8  milliún

    Innéacs

    100

    100

    98

    89

    An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

    2,2 – 2,25  milliún

    2,25 – 2,3  milliún

    2,23 – 2,28  milliún

    2,23 – 2,28  milliún

    Innéacs

    100

    103

    102

    102

    Úsáid acmhainneachta

    91,3  %

    88,7  %

    87,4  %

    79,8  %

    Innéacs

    100

    97

    96

    87

    Foinse: EA agus freagraí sa cheistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

    (438)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 11 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais, agus tháinig méadú 2 % ar an acmhainneacht táirgeachta. Dá bhrí sin, tháinig laghdú 13 % ar úsáid na hacmhainneachta, ó 91,3 % in 2017 go 79,8 % le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    (439)

    Chuir Xiamen Xiashun in iúl gurb é an laghdú ar úsáid acmhainneachta an laghdú ba shuntasaí le linn thréimhse an imscrúdaithe, agus bhain sé le laghdú ar mhéid na n-onnmhairí a rinne tionscal an Aontais i rith na tréimhse céanna. Murach an titim i líon na n-onnmhairí, is éard a mhaígh sé go mbeadh 78 % úsáid acmhainneachta ann. Mhaígh Xiamen Xiashun go raibh an laghdú acmhainneachta nasctha le laghdú ar mhéid na n-onnmhairí.

    (440)

    Mar is léir i dTábla 6, tháinig laghdú ar úsáid acmhainneachta ó 91,3 % go 79,8 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Fiú dá ndéanfaí neodrú ar an tionchar a bheadh ag an laghdú ar mhéid na n-onnmhairí; i.e. is amhlaidh a d’fhanfadh na honnmhairí ar an leibhéal céanna le linn thréimhse an imscrúdaithe, agus bheadh laghdú fós ar an úsáid acmhainneachta go 82,7 %, nó 9 %, rud ba lú ná 2017. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (441)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’iarr Xiamen Xiashun soiléiriú maidir leis an difríocht idir na sonraí a chuirtear i láthair sa Rialachán sealadach agus an nochtadh cinntitheach maidir le Tábla 6 – Táirgeacht, cumas táirgeachta agus úsáid acmhainneachta – agus cheistigh sé fíric a deir nach mbaineann na difríochtaí ach leis na coigeartuithe a luaitear in aithris (435) agus aithris (436).

    (442)

    I ndáil leis sin, dhearbhaigh an Coimisiún gur leis na coigeartuithe thuasluaite a bhaineann na difríochtaí, sin agus leis an gceartú a rinneadh ar mhacratháscairí EA dá dtagraítear in aithris (190). I gcás ar bith, is é an fhorbairt chéanna atá á leanúint ag na treochtaí a léirítear sa dá dhoiciméad.

    4.6.2.2.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

    (443)

    Tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

    Tábla 7

    An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais – idir úsáid shaor agus úsáid faoi chuing (tonaí)

    1,55 – 1,6  milliún

    1,52 – 1,56  milliún

    1,48 – 1,52  milliún

    1,38 – 1,42  milliún

    Innéacs

    100

    98

    95

    88

    Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh saor an Aontais (tonaí)

    1,55 – 1,6  milliún

    1,52 – 1,56  milliún

    1,47 – 1,51  milliún

    1,35 – 1,39  milliún

    Innéacs

    100

    98

    95

    88

    Díolacháin agus úsáid an mhargaidh faoi chuing

    18 000 -20 000

    28 000 – 30 000

    34 000 – 36 000

    32 000 – 34 000

    Innéacs

    100

    155

    181

    172

    Díolacháin agus úsáid an mhargaidh faoi chuing mar % de dhíolacháin iomlána an mhargaidh

    0,6 - 1 %

    1 – 1,4  %

    1,3 – 1,7  %

    1,4 – 1,8  %

    Innéacs

    100

    152

    186

    191

    Díolacháin an mhargaidh shaoir

    1,56 – 1,58  milliún

    1,52 – 1,54  milliún

    1,46 – 1,48  milliún

    1,34 – 1,36  milliún

    Innéacs

    100

    97

    94

    86

    An sciar den mhargadh ar an margadh saor (%)

    66,6 - 67 %

    63,8 – 64,2  %

    64,4 – 64,8  %

    64,6 - 65 %

    Innéacs

    100

    96

    97

    97

    Foinse: EA, freagraí sa cheistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus Eurostat

    (444)

    Ar an iomlán, is laghdú a tháinig ar an díolachán san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú (- 12 %) agus bhí laghdú 5 % tagtha air cheana féin in 2019.

    (445)

    Mar a luaitear in aithris (298) den Rialachán Sealadach, bhí cuid an-bheag de tháirgeacht iomlán tháirgeoirí an Aontais ceaptha don mhargadh faoi chuing. B’ionann an chuid sin agus rud nár mhó ná 1,6 % de thomhaltas an Aontais.

    (446)

    Tháinig laghdú os cionn 200 000 tona ar dhíolacháin iomlána ar an margadh saor i dtionscal an Aontais le linn tréimhse faoi bhreathnú. Cé go bhfuil méadú tagtha ar thomhaltas go dtí an leibhéal is airde in 2018 (+ 2 %), léirigh na díolacháin sin treocht anuas (- 2 %) cheana féin, treocht a lean ar aghaidh in 2019 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe. Tháinig laghdú 14 % ar dhíolacháin fhoriomlána ar mhargadh saor an Aontais.

    (447)

    Tháinig laghdú ar sciar an mhargaidh shaoir de dhíolachán thionscal an Aontais ó 66,6 - 67 % in 2017 go 64,6 - 65 % le linn thréimhse an imscrúdaithe. Tar éis titim 4 % in 2018, rinne sé beagán bisigh ina dhiaidh sin agus is laghdú foriomlán 3 % a tháinig ar sciar an mhargaidh.

    4.6.2.3.   Fás

    (448)

    I gcomhthéacs tomhaltas laghdaitheach, ní hamháin gur chaill tionscal an Aontais méideanna díolacháin san Aontas, ach cailleann sé sciar den mhargadh ar an margadh saor freisin.

    4.6.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

    (449)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 8

    An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Líon na bhfostaithe (coibhéis lánaimseartha (“FTE”))

    8 800 – 9 000

    8 300 – 8 500

    8 400 – 8 600

    8 000 – 8 200

    Innéacs

    100

    97

    98

    93

    Táirgiúlacht (tonaí in aghaidh an FTE)

    233

    238

    232

    222

    Innéacs

    100

    102

    100

    95

    Foinse: Eurofer agus táirgeoirí sampláilte de chuid Aontais

    (450)

    Tháinig laghdú 7 % ar fhostaíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar rinne tionscal an Aontais iarracht a hinbhuanaitheacht a áirithiú agus í a ailíniú leis na dálaí ar an margadh intíre.

    (451)

    Dá bhrí sin, tháinig beagán feabhais ar tháirgiúlacht na hearnála sin den chéad uair in 2018 ó 222 go 238 tona/FTE sular tháinig laghdú air de dheasca laghdú ar an méid an táirgeachta. Ar an iomlán, is laghdú 5 % a tháinig ar an táirgeacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    4.6.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana

    (452)

    Tá gach corrlach dumpála cuid mhór níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

    (453)

    Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na dumpála a d’fhéadfadh a bheith ann san am a chuaigh thart.

    4.6.3.   Táscairí micreacnamaíocha

    4.6.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

    (454)

    Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas agus ar a gcuid costas táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 9

    Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse imscrúdaithe

    LME Alúmanam 3 Mhí – Ask

    1 752

    1 791

    1 617

    1 535

    Innéacs

    100

    102

    92

    88

    An meánphraghas díola aonaid ar an margadh saor (EUR/tona)

    2 812

    2 912

    2 776

    2 703

    Innéacs

    100

    104

    99

    96

    Praghas claochlúcháin (meán praghas díolacháin aonad lúide LME Alúmanam 3 Mhí – Ask (EUR/tona)

    1 060

    1 121

    1 159

    1 168

    Innéacs

    100

    106

    109

    110

    Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

    2 726

    2 872

    2 782

    2 750

    Innéacs

    100

    105

    102

    101

    Costas claochlúcháin an táirgthe (EUR/tona)

    974

    1 081

    1 165

    1 216

    Innéacs

    100

    111

    120

    125

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus LME

    (455)

    D’ardaigh praghsanna díolacháin ar mhargadh an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara (an margadh saor) den chéad uair ó 2 812 go EUR 2 912 in aghaidh an tona in 2018. Ansin, tháinig laghdú 5 phointe céatadáin air in 2019 sular thit sé go EUR 2 703 in aghaidh an tona le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    (456)

    Lean an costas aonaid comhfhreagrach táirgthe treocht chomhchosúil inar mhéadaigh sé den chéad uair le 5 % go EUR 2 872/tona sular thit sé de réir a chéile go dtí EUR 2 750/tona le linn thréimhse an imscrúdaithe maille le méadú 1 % ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (457)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh Xiamen Xiashun gur mhéadaigh praghas allmhairiúcháin na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne glan ar phraghas tagartha 3 Mhí LME Alúmanam (“Praghas claochlúcháin na Síne”) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, áit ar tháinig méadú tairiseach ar phraghas díola thionscal an Aontais an LME Alúmanam 3 (“praghas claochlúcháin UI”), ionas gur cealaíodh torthaí an Choimisiúin is é sin gur treocht anuas a bhí praghsanna thionscal an Aontais a leanúint i gcomhréir le héabhlóid phraghas an LME Alúmanam.

    (458)

    Léiríonn Tábla 9 gur tháinig méadú 10 % ar phraghas claochlúcháin thionscal an Aontais i rith na tréimhse faoi bhreathnú. Is cinneadh é sin atá i gcomhréir leis na conclúidí a baineadh amach in aithris (355) den Rialachán sealadach lena léirítear gur oiriúnaigh tionscal an Aontais an meascán táirgí atá aige chun díolachán a chuid táirgí ard-bhreisluacha a mhéadú. I bhfianaise na forbartha sin agus mar a luaitear in aithris (356) den Rialachán sealadach, tháinig méadú freisin ar chostas táirgthe thionscal an Aontais a fheictear i dTábla 9 den Rialachán sealadach agus i dTábla 9 thuas. Sa tábla seo, is léir gur tháinig méadú de réir a chéile ar chostas claochlúcháin thionscal an Aontais (is é sin costas táirgthe glan phraghas an LME Aluminium) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, sin méadú 25 % san iomlán. Mar a luaitear cheana in aithris (371) den Rialachán sealadach, léirítear sa mhéadú 25 % ar chostais claochlúcháin agus an méadú 10 % ar phraghsanna claochlúcháin nach raibh sé ar chumas thionscal an Aontais praghsanna a ardú oiread agus a bhí na costais ag méadú mar gheall ar chúngú na bpraghsanna de bharr allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon) a chuir brú anuas ar phraghsanna thionscal an Aontais.

    (459)

    Léiríonn an méadú atá tagtha ar phraghas claochlúcháin na Síne go bhfuil táirgeoirí Síneacha tar éis níos mó táirgí breisluacha a onnmhairiú de réir a chéile chuig an Aontas Eorpach, táirgí a bhí in iomaíocht láidir le tionscal an Aontais. Mar a luaitear in aithris (434), tuigeadh faoi na hallmhairí sin go ndearna siad díobháil 7 % ar phraghsanna thionscal an Aontais ar an meán le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (460)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh Xiamen Xiashun nach raibh aon fhoras leis an argóint maidir le cúngú na bpraghsanna a suíodh sa Rialachán sealadach i bhfianaise an mhéadaithe theoranta ar chostas an táirgthe (+ 1 % i rith na tréimhse faoi bhreathnú agus i bhfianaise an mhéadaithe chomhthreomhair ar phraghas claochlúcháin thionscal an Aontais (+ 10 %).

    (461)

    Maidir leis an éileamh sin, ba cheart praghas claochlúcháin thionscal an Aontais a chur i gcomparáid le costas comhfhreagrach; i.e. costas claochlúcháin thionscal an Aontais atá glan freisin as praghas alúmanaim LME. Mar a luaitear in aithris (460), léirítear leis an gcomparáid sin nach raibh tionscal an Aontais in ann an méadú ar an bpraghas a rabhthas ag súil leis a bhaint amach i ndáil leis na táirgí is mó breisluach, táirgí a raibh sé ag athrú ina dtreo, de bharr cúngú praghsanna a tharla faoi thionchar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon). Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    4.6.3.2.   Costais saothair

    (462)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair de tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 10

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

     

    2016

    2017

    2018

    Tréimhse imscrúdaithe

    (EUR)

    70 384

    72 541

    72 670

    73 567

    Innéacs

    100

    103

    103

    105

    Foinse: Freagraí sa cheistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

    (463)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 5 % ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí.

    4.6.3.3.   Fardail

    (464)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic atá ag táirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 11

    Fardail

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse imscrúdaithe

    Stoic dheiridh (tonaí)

    63 184

    66 711

    65 132

    65 386

    Innéacs

    100

    106

    103

    103

    Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

    8,1  %

    8,5  %

    8,3  %

    8,5  %

    Innéacs

    100

    105

    108

    113

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (465)

    D’fhan na stoic deiridh ag leibhéal réasúnta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ós rud é go n-oibríonn tionscal na AFRPanna ar bhonn táirgeacht ar ordú de ghnáth, tá tábhacht níos lú ag baint leis an táscaire sin san anailís fhoriomlán ar dhíobháil.

    (466)

    Léiríonn céatadán na stoc deiridh arna sloinneadh ar tháirgeadh méadú foriomlán arb é an laghdú ar an méid táirgeachta is cúis leis sin den chuid is mó.

    4.6.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú

    (467)

    Brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais, an sreabhadh airgid atá acu, a gcuid infheistíochtaí, agus an toradh atá siad a fháil ar a gcuid infheistíochtaí, is rudaí iad sin ar tháinig forbairt orthu le linn tinn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

    Tábla 12

    An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse imscrúdaithe

    Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

    3,1  %

    1,4  %

    - 0,2  %

    - 1,8  %

    Innéacs

    100

    45

    - 7

    - 58

    An sreabhadh airgid (EUR)

    98 921 097

    84 961 572

    92 987 311

    45 112 501

    Innéacs

    100

    86

    94

    46

    Infheistíochtaí (EUR)

    63 432 410

    73 035 666

    155 492 227

    137 829 861

    Innéacs

    100

    115

    245

    217

    Toradh ar infheistíochtaí

    12,4  %

    7,6  %

    4,1  %

    - 2,5  %

    Innéacs

    100

    61

    33

    - 20

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (468)

    Is treocht anuas a tháinig sa bhrabúsacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus is amhlaidh a laghdaigh sé ó 3,1 % in 2017 go - 1,8 % le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    (469)

    Mar a mhínítear in aithris (457), aithris (458) agus aithris (460), tháinig méadú níos mó ar chostais na dtáirgeoirí de chuid an Aontais ná ar a bpraghsanna, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú chomh mór céanna agus a bhí na costais ag méadú i ngeall ar chúngú na bpraghsanna de dheasca allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon). Go deimhin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí praghsanna Síneacha íseal go comhsheasmhach agus go mór faoi bhun phraghsanna agus chostais thionscal an Aontais (féach táblaí 5 agus 9), rud a chuirfeadh teorainn le méaduithe ar phraghsanna a mbeifí ag súil leo i gcomhthéacs athruithe ar mheascán táirgí (táirgí ab airde breisluach). Mar thoradh air sin bhí cúngach praghsanna agus brabúsacht laghdaitheach. Le linn thréimhse an imscrúdaithe, lean cúngach praghsanna ar aghaidh. Go deimhin, cé gur tháinig méadú beag ar phraghsanna na Síne, d’fhan siad i bhfad faoi bhun leibhéal na bpraghsanna a bhain tionscal an Aontais amach. Léirítear seo go maith le corrlaigh sladghearrtha shuntasacha a luaitear in aithris (434).

    (470)

    D’fhorbair an treocht i sreabhadh airgid glan go diúltach i rith na tréimhse faoi bhreathnú i gcomhréir le héabhlóid na brabúsachta. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 54 % ar an sreabhadh airgid.

    (471)

    Tháinig méadú 117 % ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Spreagadh iad mar thoradh ar na pleananna infheistíochta a nocht dhá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Rinneadh na hinfheistíochtaí chun gnóthachain éifeachtúlachta a dhéanamh agus chun na gnólachtaí a bhogadh i dtreo táirgí ard-bhreisluacha agus fócas custaiméirí. Measadh go raibh sé sin ríthábhachtach do na táirgeoirí sampláilte chun iomaíochas a choinneáil sa mhargadh agus a bheith in ann na forbairtí is déanaí maidir le táirgí a leanúint agus táirgí d’ardchaighdeán a thairiscint.

    (472)

    Rinne Nilo tagairt d’aithris (415) den Rialachán sealadach, mhaígh gur theip air an fhianaise a fheiceáil, agus mheabhraigh go bhfuil tionscal an Aontais dinimiciúil agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar a chuid infheistíochtaí. Chuir sé i dtásc freisin maidir leis na hinfheistíochtaí atá léirithe ag muilte AE gur infheistíochtaí iad a bhaineann le cothabháil seachas le saoráidí táirgthe nua, áit a bhfuil táirgeoirí alúmanaim Síneacha tar éis infheistiú i dtoilleadh breise trí úsáid trealaimh ón Eoraip.

    (473)

    I ndáil leis sin, tá tagairt do Thábla 12 den Rialachán sealadach agus do Thábla 12 thuas ina léirítear go ndearna tionscal an Aontais méideanna suntasacha a infheistiú sa táirge atá faoi imscrúdú. Mar a léirítear in aithris (473), ní hamháin gur infheistigh tionscal an Aontais sa chothabháil ach chomh maith leis sin i ngnóthú éifeachtúlachta, i dtáirgí breisluacha ardluacha agus i bhfócas custaiméirí. Tá fianaise faoi sin freisin i dteachtaireachtaí na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontais a dhéanann infheistíochtaí den sórt sin (81).

    (474)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh SWA gur EBITDA dearfach a bhí ag na táirgeoirí de chuid an Aontais go córasach le blianta anuas agus nach ndearna allmhairí Síneacha dochar dóibh. Thacaigh Airoldi leis an tuairim sin.

    (475)

    In éagmais fianaise thacaíochta den sórt sin ar leibhéil EBITDA agus an nasc atá acu le díolachán an táirge atá faoi imscrúdú le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, is é diúltú an éilimh ab éigean a dhéanamh.

    (476)

    Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús ina chéatadán de ghlanluach infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig forbairt dhiúltach chun cinn le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 12,4 % in 2017 go - 2,5 % le linn thréimhse an imscrúdaithe. Tá an fhorbairt sin ag leanúint bhrabúsacht laghdaitheach thionscal an Aontais.

    4.7.   Conclúid faoi dhíobháil

    (477)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú suntasach ar allmhairí AFRPanna ón tSín i dtéarmaí iomlána (+ 70 %) agus i dtéarmaí coibhneasta (+ 3,9 pointe céatadáin sa sciar den mhargadh) agus tháinig laghdú 10 % ar thomhaltas san Aontas. An méadú ar allmhairí atá i gceist, is le hallmhairí atá faoi phróiseáil isteach a bhaineann sé, allmhairí gan phróiseáil san áireamh. Bhí praghsanna allmhairiúcháin na Síne íseal ar bhonn comhsheasmhach agus bhí siad go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn thréimhse an imscrúdaithe, shladghearr praghsanna allmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte praghsanna an Aontais de 7 % ar an meán. Beag beann ar an sladghearradh sonrach a fuair sé maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, thug an Coimisiún faoi deara freisin go raibh praghsanna na Síne íseal go comhsheasmhach agus go raibh siad go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad (féach Táblaí 4 agus 8). Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna claochlúcháin a ardú chomh ard céanna agus a bhí na costais claochlúcháin ag méadú i ngeall ar an mbrú anuas a bhí ann mar gheall ar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon).

    (478)

    Léirigh formhór na dtáscairí maicreacnamaíocha treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, amhail táirgeadh, úsáid acmhainneachta, méid díolacháin i margadh an Aontais, sciar den mhargadh, fostaíocht agus táirgiúlacht. An acmhainneacht agus an díolachán / úsáid faoi chuing, sin iad an t-aon dá rud a raibh treocht dhearfach leo. Ar an gcaoi chéanna, is treocht dhiúltach a léirigh formhór na dtáscairí micreacnamaíocha le linn na tréimhse faoi bhreathnú, amhail praghsanna díolacháin ar mhargadh saor an Aontais, costas táirgeachta, costais saothair, brabúsacht, sreabhadh airgid agus an toradh ar infheistíochtaí. Níor léirigh ach infheistíochtaí treocht dhearfach tar éis do na táirgeoirí sampláilte infheistíochtaí a dhéanamh chun iomaíochas a chothabháil agus na forbairtí is déanaí maidir le táirgí a leanúint. Ina theannta sin, cé is moite den táirgeacht, is forbairt dhiúltach a tháinig ar na táscairí díobhála céanna freisin agus iad ag féachaint ar an tréimhse 2017-2019, is é sin, roimh thús phaindéim COVID-19.

    (479)

    Chuir tionscal an Aontais a mheascán táirgí in oiriúint chun corrlaigh níos fearr ar tháirgí breisluacha níos airde a bhaint amach i rith an tréimhse faoi bhreathnú agus méid leordhóthanach a choinneáil chun a chostais shocraithe a chaolú. Sa chomhthéacs sin, tháinig méadú nádúrtha ar chostais thionscal an Aontais. Ina theannta sin, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais tairbhe a bhaint as an méadú ar thomhaltas in 2018 agus b’éigean dó costais shocraithe a chaolú ar mhéid táirgeachta níos ísle (- 11 %), rud ba chuid den chúis le méadú foriomlán ar chostais táirgeachta (+ 1 %) agus bhí laghdú tagtha ar phraghas alúmanaim 3 mhí LME (- 12 %). A mhéid a bhaineann le praghsanna díolacháin, bhí ar thionscal an Aontais dul i ngleic freisin le hiomaíocht ghéar ar na margaí breisluacha níos airde agus ní fhéadfadh sé a phraghsanna a mhéadú go dtí an leibhéal a rabhthas ag súil leis (- 4 %). I bhfianaise na bhforbairtí ó thaobh costais agus praghsanna de, tháinig meath ar an mbrabúsacht de réir a chéile agus d’iompaigh sé chuig staid na gcaillteanas cheana féin in 2019 sula ndeachaigh an cás chun donais le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    (480)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, d’áitigh ACEA ar an gCoimisiún éabhlóid an phraghais alúmanaim tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe a chur san áireamh sa mheasúnú ar dhíobháil do thionscal an Aontais.

    (481)

    Ós rud é an anailís ar an staid díobhála atá teoranta don tréimhse a luaitear in aithris (49) den Rialachán sealadach, measadh nach raibh an t-éileamh sin bailí agus dá bhrí sin is amhlaidh a diúltaíodh dó.

    (482)

    Mar a mínítear i Roinn 1.9, is éard a bhí i gceist le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach athbhreithniú ar tháscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha agus roinnt bheag sonraí eile. Chomh maith leis sin, táirgí áirithe atá díolmhaithe ón dleacht chinntitheach frithdhumpála arna sainiú in Airteagal 2(2), rinneadh a n-eisiamh ón anailís. Mar sin féin, na difríochtaí idir táblaí 3-12 den Rialachán sealadach agus táblaí 2-11 den Rialachán seo, ní difríochtaí móra iad i dtéarmaí aonad ná i dtéarmaí treochtaí. Bhí leibhéil shuntasacha ann maidir leis an sladghearradh i gcaitheamh an ama. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach n-athróidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus eisiamh táirgí áirithe an chonclúid maidir le díobháil sa Rialachán sealadach.

    (483)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Airoldi nach raibh táscairí díobhála amhail táirgeadh agus brabúsacht ag teacht leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil go poiblí agus a bhaineann le táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais.

    (484)

    I ndáil leis sin, an fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, faisnéis a ndearna Airoldi tagairt di, tugtar faoi deara nár bhain sí le feidhmíocht thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais maidir leis na táirgí lena mbaineann an t-imscrúdú sin, ach le raon táirgí i bhfad níos mó, agus freisin le margaí eile seachas an tAontas Eorpach amháin. Ar ócáidí áirithe, bhain an fhaisnéis freisin le feidhmíocht an ghrúpa lenar bhain táirgeoir an Aontais, ar an leibhéal domhanda. I bhfianaise na difríochta idir raon feidhme an táirge agus an raon feidhme geografach, diúltaíodh an t-éileamh seo.

    (485)

    Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

    5.   CÚISÍOCHT

    5.1.   Tionchair na n-allmhairí dumpáilte

    (486)

    Mhaígh Rialtas na Síne nár cheart lagfheidhmíocht thionscal an Aontais i gcás roinnt de na táscairí a chur i leith allmhairí ón tSín ar mhéadaigh a sciar den mhargadh, mar a shuitear sa Rialachán sealadach, ó 5,5 % go 8,5 %, rud a d’fhan faoi bhun 10 % i gcás allmhairí faoi phróiseáil isteach a eisiamh, ach ar chostais arda táirgthe agus éileamh mall laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

    (487)

    Mheabhraigh an Coimisiún gur ar mheasúnú iomlánaíoch ar na táscairí uile atá an anailís ar dhíobháil bunaithe. Mar a mhínítear in aithris (423), tháinig méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, i dtéarmaí absalóideacha agus i dtéarmaí coibhneasta araon, le linn tréimhse ina raibh laghdú ag teacht ar an tomhaltas ar mhargadh an Aontais. Dá réir sin níor lean allmhairí ón tír lena mbaineann treocht an tomhaltais le linn tréimhse ina raibh an t-éileamh ag laghdú, agus ar an gcaoi sin chuir siad leis an mbrú a bhí ar thionscal an Aontais. Ina theannta sin, is ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh na hallmhairí sin, mar is léir ó leibhéal na gcorrlach sladghearrtha a aimsíodh, leibhéil ba chúis le cúngú na bpraghsanna. Maidir leis na costais táirgthe, mar a mhínítear in aithrisí (458) go (460), mhéadaigh siad mar thoradh ar aistriú thionscal an Aontais go táirgí breisluacha níos airde, sin agus i ngeall ar mhéid na ndíolachán a cailleadh, rud atá nasctha leis an méadú in allmhairí ón tír lena mbaineann, rud is cúis le méadú ar costais réitigh thionscal an Aontais in aghaidh an aonaid. I bhfianaise na n-eilimintí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (488)

    Mhaígh Xiamen Xiashun gur mheas an Coimisiún go ndearnadh díobháil de dheasca allmhairí faoin gcóras próiseála isteach, ach níor thug sé aon fhianaise ina leith sin. Mhaígh sé freisin go raibh forbairt fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais i gcomhréir le forbairt na n-allmhairí faoin gcóras próiseála isteach.

    (489)

    Ba cheart a thabhairt faoi deara ar an gcéad rud, mar a thuairiscítear i dTábla 4, go bhfuil méid na n-allmhairí atá faoi phróiseáil isteach athbhreithnithe anuas, sin agus nach bhfuil iontu feasta ach sciar teoranta de na hallmhairí ón tír lena mbaineann ann. Ar an dara rud, tháinig méadú ar na hallmhairí faoi chóras próiseála isteach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus rinneadh iad ar phraghsanna ab ísle ná an praghas ar a ndíolann tionscal an Aontais iad le custaiméirí neamhghaolmhara. I gcás ar bith, bhí tionchar ag allmhairí den sórt sin ar staid thionscal an Aontais sa mhéid go bhfuil méid caillte i gceist leo i dtéarmaí díolacháin agus táirgthe araon. Dá réir sin, chuirfeadh na méideanna breise sin ar a chumas do thionscal an Aontais a chuid chostas seasta a thanú ar mhéid a bheadh ní ba mhó, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar scéal na gcostas agus an bhrabúis. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (490)

    Cé go raibh feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais a léirítear i dTábla 14 ag leanúint treochta cosúil le hallmhairí ón tír lena mbaineann atá faoi phróiseáil isteach, ní féidir an méadú absalóideach idir 2017 agus 2019, ná an laghdú ar thréimhse an imscrúdaithe, a chur i gcomparáid le héabhlóid na n-allmhairí faoi phróiseáil isteach le linn na tréimhse céanna. Go deimhin, na hathruithe ar an méid onnmhairithe, is athruithe iad atá i bhfad níos suntasaí ná sin. Ina theannta sin, ní hionann AFRPanna áirithe a bheith á n-allmhairiú faoi phróiseáil isteach agus an táirge onnmhairithe féin a bheith faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (491)

    Eolas a chuir Xiamen Xiashun isteach gur lean allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ag laghdú tar éis thréimhse an imscrúdaithe, agus gur lean praghsanna allmhairiúcháin treocht aníos sa tréimhse chéanna.

    (492)

    Maidir leis an anailís ar an staid díobhála, ós anailís í atá teoranta don tréimhse a luaitear in aithris (49) den Rialachán sealadach, is amhlaidh a diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (493)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh SWA gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le taighde margaidh arna soláthar ag Harbour nó CRU, agus gurbh é conclúid a bhainfí as go raibh na margaí ag feidhmiú i lániomaíocht le chéile agus i gcomhréir leis na rialacha le breis agus 10 mbliana anuas. Thacaigh Airoldi leis an tuairim sin.

    (494)

    Ós rud é gur dhoiléir an maíomh a bhí ansin, agus nuair a bhí an t-eolas taighde margaidh dár tagraíodh in easnamh, diúltaíodh dó.

    5.2.   Tionchair na bhfachtóirí eile

    5.2.1.   Laghdú ar éileamh

    (495)

    Tar éis nochtadh sealadach, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun a mhaíomh gur rud é an laghdú táirgeachta agus díolacháin i gcás na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a raibh baint aige leis an laghdú ar thomhaltas, go háirithe le linn thréimhse an imscrúdaithe. Mhaígh Xiamen Xiashun freisin gur ar fhorbairt in 2019 a dhírigh an Coimisiún, agus go ndearna sé neamhaird den fhorbairt a tharla le linn thréimhse an imscrúdaithe (IP), go háirithe i gcás allmhairí ó thíortha eile, agus measúnú á dhéanamh aige ar fhorás sciar an mhargaidh de dhíolachán thionscal an Aontais ar an margadh saor.

    (496)

    Mar a luaitear cheana in aithris (390) agus aithris (391) den Rialachán sealadach, rud atá deimhnithe ag na staitisticí nuashonraithe i dtaca le hallmhairí, meabhraítear go ndearnadh na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a dhúbailt agus tuilleadh thar mar a tharla idir 2017 agus 2019. Ina theannta sin, cé gur tháinig laghdú ar thomhaltas in 2019, lean allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne orthu ag méadú, rud a d’fhág go raibh tionchar diúltach aige sin ar staid thionscal an Aontais mar a léiríonn táscairí go leor. Áit ar tháinig beagán laghdú in 2019 ar sciar allmhairithe an mhargaidh ó Dhaon-Phoblacht na Síne 8,7 – 9,1 % go 8 – 8,4 % le linn na tréimhse imscrúdaithe, ar an iomlán is méadú 70 % a tháinig ar na honnmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus le linn na tréimhse imscrúdaithe, d’fhan siad ar leibhéal suntasach. Rud eile, fiú más ar phraghas ní b’airde a bhí allmhairiú á dhéanamh ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse an imscrúdaithe, praghsanna mar iad is amhlaidh a tuigeadh gur sladghearradh 7 % ar an meán a bhí siad a dhéanamh ar phraghsanna an Aontais. Ní féidir a shéanadh gur tháinig laghdú ar an tomhaltas le linn thréimhse an imscrúdaithe agus go ndearnadh difear do staid thionscal an Aontais, ach mar sin féin ní féidir leis an ngné sin an nasc cúise a bhriseadh nuair a thuigtear gur ag dul i méid atá allmhairí ón tír lena mbaineann ag teacht isteach i margadh an Aontais, agus iad ag sladghearradh go suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais, agus ar an tionchar a bhí ag allmhairí den sórt sin ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse 2017-2019 agus thréimhse an imscrúdaithe.

    (497)

    A mhéid a bhaineann le hallmhairí ó thríú tíortha, cé go bhfuair siad sciar den mhargadh le linn thréimhse an imscrúdaithe, is treocht anuas a léiríonn siad le linn na tréimhse faoi bhreathnú (- 1,9 pointe céatadáin). Ina theannta sin, mar a léirítear in aithris (505), bhí meánphraghas na n-allmhairí sin i bhfad os cionn an mheánphraghais allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann. Ar an mbonn sin, measadh nach mbriseann allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúise.

    (498)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Xiamen Xiashun nach raibh laghdú suntasach ar an táirgeadh, ar an úsáid acmhainneachta, ná ar an díolachán, ach amháin má bhíonn laghdú mór ar an tomhaltas; i.e. le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar a bhonn sin, is éard a measadh maidir leis an laghdú sa tomhaltas gur leor é leis an nasc cúise idir allmhairí ón tSín agus táscairí eacnamaíocha Thionscal an Aontais a lagú.

    (499)

    Mar a luaitear in aithris (498), rinneadh allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a dhúbailt agus tuilleadh thar mar a tharla idir 2017 agus 2019, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar fhormhór mór na dtáscairí díobhála lena n-áirítear an táirgeadh, úsáid acmhainneachta agus díolachán, ach freisin ar tháscairí eile amhail brabúsacht, sreabhadh airgid agus costas saothair. An tionchar sin is rud é a tharla sular tháinig laghdú ar an tomhaltas le linn thréimhse imscrúdaithe. Ar a bhonn sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (500)

    In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (386) go (391) den Rialachán sealadach.

    5.2.2.   Paindéim COVID-19

    (501)

    In éagmais barúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (392) go (395) den Rialachán sealadach.

    5.2.3.   Allmhairí ó thríú tíortha

    (502)

    Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 13

    Allmhairí ó thríú tíortha

    Tír

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Iomlán na dtríú tíortha seachas an tír lena mbaineann

    Méid (tonaí)

    681 508

    686 669

    602 672

    567 027

    Innéacs

    100

    101

    88

    83

    An sciar den mhargadh

    28,7 -29,1  %

    28,5 -28,9  %

    26,3 -26,7  %

    26,8 -27,2  %

    Innéacs

    100

    99

    92

    93

    Meánphraghas (EUR/tona)

    3 002

    3 028

    2 894

    2 846

    Innéacs

    100

    101

    96

    95

    Ar díobh sin an Eilvéis

    Méid (tonaí)

    123 024

    115 185

    109 955

    95 944

    Innéacs

    100

    94

    89

    78

    An sciar den mhargadh

    5 – 5,4  %

    4,6 - 5 %

    4,6 - 5 %

    4,4 – 4,8  %

    Innéacs

    100

    92

    92

    88

    Meánphraghas (EUR/tona)

    3 016

    3 130

    2 873

    2 891

    Innéacs

    100

    104

    95

    96

    Ón Tuirc

    Méid (tonaí)

    116 677

    117 864

    130 681

    128 634

    Innéacs

    100

    101

    112

    110

    An sciar den mhargadh

    4,8 -5,2  %

    4,7 – 5,1  %

    5,5 – 5,9  %

    5,9 – 6,3  %

    Innéacs

    100

    100

    116

    124

    Meánphraghas (EUR/tona)

    2 552

    2 642

    2 432

    2 361

    Innéacs

    100

    104

    95

    93

    Foinse: Eurostat

    (503)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 17 % ar allmhairí ó thíortha seachas ón tír lena mbaineann; tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh atá acu ó 28,7 – 29,1 % go 26,8 – 27,2 %. Bhí meánphraghas na n-allmhairí sin i bhfad os cionn an mheánphraghais allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann.

    (504)

    Tháinig laghdú 32 % ar allmhairí ón Eilvéis le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is treocht anuas a lean a sciar san den mhargadh freisin (- 0,6 %). Laghdaigh meánphraghas na n-allmhairí ón Eilvéis, ach d’fhan sé i bhfad os cionn phraghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

    (505)

    Tháinig méadú 10 % ar allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is treocht aníos a lean a sciar san den mhargadh freisin (+1,2 %). Laghdaigh meánphraghas na n-allmhairí ón Tuirc chomh maith, ach fós féin bhí sé cuid mhaith níos airde ná praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

    (506)

    In éagmais barúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (396) go (402) den Rialachán sealadach.

    5.2.4.   Straitéis tráchtála thionscal an Aontais

    (507)

    In éagmais barúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (403) go (407) den Rialachán sealadach.

    5.2.5.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

    (508)

    Tháinig forbairt ar mhéid agus praghsanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais chuig páirtithe neamhghaolmhara le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

    Tábla 14

    Feidhmíocht onnmhairiúcháin

     

    2017

    2018

    2019

    Tréimhse an imscrúdaithe

    An méid onnmhairí (1 000  tona)

    350 - 360

    380 - 390

    400 - 410

    340 - 350

    Innéacs

    100

    109

    114

    96

    Meánphraghas (EUR/tona)

    2 819

    2 956

    2 860

    2 758

    Innéacs

    100

    105

    101

    98

    Foinse: Eurofer (méideanna) agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a (meánphraghsanna)

    (509)

    Mhéadaigh táirgeoirí an Aontais méideanna na n-onnmhairí ó 2017 go 2019 sular tháinig laghdú suntasach orthu le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 4 % ar mhéid na n-onnmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus d’fhan sé faoi bhun 2 milliún tona in 2019. Ar an iomlán, b’ionann na méideanna a d’onnmhairigh tionscal an Aontais agus níos lú ná 6 % dá mhéid díolacháin ar mhargadh saor an Aontais.

    (510)

    Mar a thugtar le fios in aithris (413) den Rialachán sealadach, i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le táirgeadh iomlán agus le díolacháin iomlána thionscal an Aontais, agus aird á tabhairt ar an bpraghas ard a onnmhairíonn tionscal an Aontais chuig tríú tíortha agus ar a méid cobhsaí, is é conclúid shealadach atá ann nach raibh an fheidhmíocht onnmhairiúcháin ina rannchuidiú leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

    (511)

    In éagmais barúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (408) go (413) den Rialachán sealadach.

    5.2.6.   Éifeachtúlacht thionscal an Aontais

    (512)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Xiamen Xiashun gur theip ar an gCoimisiún a mheas go bhféadfadh fachtóirí seachas allmhairí ón tSín amhail trealamh táirgthe a bhí as dáta agus línte neamhéifeachtúla táirgeachta a bheith ciontach leis an méadú ar an bpraghas tiontaithe a bhí ag táirgeoirí sampláilte an Aontais faoi bhun an mhéadaithe ar chostas claochlúcháin an táirgthe. I ndáil leis sin, dúirt sé freisin nár lig na hinfheistíochtaí déanacha i ngnóthachain éifeachtúlachta don tionscal dul i ngleic le laghdú suntasach ar thomhaltas.

    (513)

    Rinne an Coimisiún breithniú ar ghnéithe den sórt sin agus thug sé aghaidh ar bharúlacha ina leith sin in aithrisí (414) go (421) den Rialachán sealadach. A mhéid a bhaineann leis an éileamh ar infheistíochtaí, mheas an Coimisiún go bhféadfadh na hinfheistíochtaí i ngnóthachain éifeachtúlachta agus i dtáirgí breisluacha níos airde mar atá tuairiscithe i dTábla 12 agus aithris (473) teorainn a chur leis an damáiste arna dhéanamh ag na hallmhairí dumpáilte ach nach bhféadfadh sé cur i gcoinne an mhéadaithe fhoriomláin ar allmhairí agus sciar an mhargaidh atá ag allmhairí Síneacha i rith na tréimhse faoi bhreathnú.

    (514)

    In éagmais barúlacha breise i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (414) go (421) den Rialachán sealadach.

    5.2.7.   Allmhairí ag tionscal an Aontais

    (515)

    In éagmais barúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (422) go (423) den Rialachán sealadach.

    5.2.8.   Praghas alúmanaim LME

    (516)

    In éagmais barúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (424) go (426) den Rialachán sealadach.

    5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

    (517)

    Ar bhonn an mhéid thuas agus in éagmais aon bharúla eile, na fachtóirí a ndearnadh anailís orthu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh aon cheann de na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais sa tslí nach fíor-nasc substaintiúil a bheadh ann a thuilleadh, rud a dhearbhaíonn an chonclúid in aithrisí (427) go (428) den Rialachán sealadach.

    6.   LEAS AN AONTAIS

    6.1.   Leas thionscal an Aontais

    (518)

    Níor chuir aon pháirtí ina choinne gur chun leas an Aontais a bheadh na bearta. Na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (429) go (433) den Rialachán sealadach, rinneadh iad a dhearbhú dá bhrí sin.

    6.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

    (519)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh an t-allmhaireoir Airoldi, in ainneoin sciar den mhargadh idir 80 agus 85 % i gcás na dtáirgeoirí de chuid an Aontais, agus i bhfianaise sciar den mhargadh atá níos mó nó níos lú ná 4-5 % i gcás na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, go raibh tionscal an Aontais ag brath ar ionstraimí cosanta trádála chun a seasamh ar an margadh a threisiú. D’iarr Airoldi freisin go ndéanfaí anailís ar an staid iomaíoch ar mhargadh AE i bhfianaise líon íseal na n-oibreoirí ar mhargadh AE a líomhnaítear a bheith ann agus i bhfianaise na líomhaintí go bhfuil allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne eisiata ón margadh. Tharraing Airoldi aird freisin ar roinnt argóintí a bhain le táirgí easbhrúite.

    (520)

    I ndáil leis sin, tháinig sé chun follais le linn an imscrúdaithe, murab ionann agus ráite an allmhaireora neamhábhartha seo, agus mar a luaitear i dTábla 7, go raibh sciar an Aontais den mhargadh i bhfad faoi bhun an 80-85 % a maíodh, agus le fírinne nach raibh ann ach 64,6 - 65 % le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar an gcaoi chéanna, an sciar den mhargadh a bhí sna hallmhairí ón tír lena mbaineann, is sciar é a bhí i bhfad níos airde ná an 4-5 % a dúradh, sciar a mhéadaigh ó 4,1 – 4,5 % in 2017 go 8,0 – 8,4 % le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ina theannta sin, mar a thaispeántar in aithris (458) den Rialachán sealadach, ní aon tásc ar an gcomhad faoi nósanna frithiomaíocha a bheith ann cheana ná arís, sin ná forlámhas éagórach a bheith á chleachtadh ag tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, níor shainaithin an Coimisiún aon leas sáraitheach chun anailís den sórt sin a dhéanamh.

    (521)

    Ina theannta sin, cé go dtarlódh éifeacht mhór ag bearta frithdhumpála ar an margadh, ní thugann siad le tuiscint nach féidir le táirge áirithe dul isteach i margadh an Aontais a thuilleadh. Ní hé is cuspóir do chur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála allmhairí ón tír lena mbaineann a eisiamh, ach cothrom iomaíochta a chur i réim arís go cóir. Ós rud é nach mbaineann an t-imscrúdú seo le táirgí easbhrúite, níor tugadh aghaidh ar na maímh a bhaineann leis na táirgí sin sa Rialachán seo.

    (522)

    Mhaígh an trádálaí Nilo agus an t-úsáideoir Airoldi freisin go raibh an staid iar-IP ina saintréith de mhéadú ar phraghsanna agus ganntanas sealadach ábhair, nár leas é ach do bheagán tairgeoirí, agus gur bhris sé cuideachtaí eile san Aontas amhail allmhaireoirí agus dáileoirí lasmuigh as an margadh. Níor chuir na páirtithe sin fianaise ar fáil, áfach, i leith allmhaireoirí agus dáileoirí a bheith á mbriseadh as an margadh. Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh do na maímh sin.

    (523)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Airoldi, murab ionann agus toradh an Choimisiúin, gur chuir sé liosta mionsonraithe praghsanna ar fáil don Choimisiún mar aon le forbhreathnú mionsonraithe ar dhinimic mhargadh an alúmanaim.

    (524)

    Cé nach cúis díospóide faisnéis faoi phraghsanna a bheith curtha ar fáil ag Airoldi, is doiléir an fhianaise a bhi ar an gcomhad faoi allmhaireoirí agus dáileoirí a bheith á mbriseadh as an margadh, agus ní raibh sé ag brath ar fhianaise thacaíochta a léiríonn go raibh athrú suntasach tagtha ar dhinimic an mhargaidh alúmanaim agus, mar shampla, bhí athrú suntasach tagtha ar an sciar den mhargadh nó ar leibhéal gníomhaíochta na n-allmhaireoirí/na n-ionad seirbhíse. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (525)

    Rinne an trádálaí Nilo, an t-allmhaireoir Airoldi agus an t-úsáideoir Overland srl (“Overland”) tagairt don shuaitheadh sa mhargadh is cúis le heaspa soláthair, moilleanna móra ar an soláthar agus méaduithe neamhghnácha ar phraghsanna (LME agus praghsanna próiseála) atá le hionsú ag úsáideoirí. Thagair an t-onnmhaireoir Henan Xindatong Tionscal Aluminum Co., Ltd. (“Xindatong”) do mhéaduithe suntasacha ar phraghsanna tar éis thréimhse an imscrúdaithe freisin. Thug Airoldi le fios go raibh baint ag Airoldi le gnéithe éagsúla (méadú ar thomhaltas alúmanaim le 20 bliain anuas, brú aníos ar phraghsanna a chuir táirgeoirí Eorpacha alúmanaim phríomhúil i bhfeidhm, tús le trí cinn d’imeachtaí frithdhumpála ar leith maidir le táirgí alúmanaim in 2019-2020 a chumhdaíonn thart ar 1 000 000 tona de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne) lena n-áirítear bearta sealadacha a fhorchur agus an easpa acmhainneacht táirgeachta san Aontas. Thug Airoldi agus Nilo le fios freisin go raibh margadh an Aontais ag brath ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus go raibh easpa acmhainneachta san Aontas agus i dtíortha eile (an Tuirc, an Afraic Theas agus an Eilvéis) a bhí ag cur moille ar an téarnaimh agus ar an bhfás san Aontas. Thagair an t-onnmhaireoir Xindatong freisin don easpa acmhainneachta a bhí i dtríú tíortha. Dúirt Airoldi freisin go raibh stadanna táirgeachta mar thoradh ar an nganntanas drámatúil sa mhargadh, agus go raibh baol suntasach ann go gcuirfí bac ar an margadh agus nach bhféadfaí gannmheas a dhéanamh uirthi. Mhaígh sé gur cheart cabhrú go cothrom le gach cuideachta san Eoraip agus iad ag teacht chucu féin ó ghéarchéim COVID-19. Ar na forais sin, mhaígh Airoldi gur cheart an t-imscrúdú a chur ar fionraí, sin nó deireadh a chur leis ar fad.

    (526)

    I ndáil leis sin, áiríodh an méadú praghais, an t-aga isteach beagán níos faide, sin agus na saincheisteanna maidir le hacmhainneacht shealadach. Mhínigh sé gur mar gheall ar an gcomhthéacs eacnamaíoch iar-COVID go ginearálta a bhí an staid sin ann; i.e. bhí úsáideoirí sásta anois AFRPanna a cheannach ní hamháin chun freastal ar an éileamh méadaithe reatha ach freisin chun a gcuid stoc a thabhairt ar ais go dtí gnáthleibhéal tar éis a laghdaithe. Thagair EA do roinnt fachtóirí eile freisin, amhail an méadú ar phraghsanna amhábhair cóimhiotal agus leacacha, ganntanas coimeádán, méadú ar chostais lasta, éifeacht laghdaithe praghsanna SHFE (82) níos airde vs LME móide préimheanna, méadú ar bhacainní trádála ar allmhairí Síneacha AFPRanna ar fud an domhain, mar aon leis an méadú tobann láidir iar-COVID ar an éileamh i ngach earnáil thionsclaíoch. Ina theannta sin, cé gur dócha go raibh tionchar ag forchur na mbeart sealadach ar phraghsanna, is éard a mheas EA nach de thoradh easpa struchtúrach acmhainneachta ach mar gheall ar éagothroime shealadach idir éileamh agus soláthar a tharla méadú na bpraghsanna, rud a bhfuil súil go rachaidh sé in éag nuair a bheidh normalú ann tar éis na tréimhse tosaigh teannais ar an margadh, teannas lenar rannchuidigh an t-imscrúdú sin. Chuir EA in iúl freisin nach mbaineann an staid sin go sonrach le hearnáil an alúmanaim, ná le margadh an Aontais go heisiach, agus go raibh deacrachtaí soláthair sealadacha agus méaduithe ar phraghsanna i ndán d’earnálacha eile amhail leathsheoltóirí, sliseanna, cruach, péint agus adhmad. I ndáil leis sin, chuir EA in iúl go bhféadfaí bearta frithdhumpála a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

    (527)

    Ar bhonn an mhéid thuas, fiú agus líomhaintí faoi chúrsaí iar-IP á meas, is éard a shíl an Coimisiún nár léirigh an staid a ndearna Nilo, Airoldi agus Overland cur síos air easpa struchtúrach cumais ach staid shealadach iar-COVID arb é is príomhthréith di téarnamh láidir eacnamaíoch agus éileamh láidir a mbeadh fo-éifeachtaí éagsúla ag gabháil leis (méadú praghsanna d’amhábhar agus d’iompar), a mbeadh tionchar aige ar phraghsanna. Níorbh fhéidir an téarnamh a thuar agus theastaigh roinnt ama leis an margadh a oiriúnú go dtí go ndéanfadh an téarnamh eacnamaíoch normalú agus go ndéanfaí an t-éileamh agus an soláthar a normalú agus a chothromú arís. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann leis an spleáchas ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, meabhraítear, mar a léirítear in aithris (523), nach é an cuspóir atá le dleachtanna frithdhumpála a chur i bhfeidhm allmhairí ón tír lena mbaineann a eisiamh ach cothrom iomaíochta a chur i réim arís go cóir. Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh don mhaíomh go raibh nasc idir an staid reatha agus easpa struchtúrach acmhainneachta.

    (528)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Nilo go bhfuil margadh an Aontais ag streachailt le ganntanas ábhair, seachadtaí moillithe agus méaduithe praghais a bhfuil tionchar acu ar an tionscal iartheachtach.

    (529)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Airoldi go raibh ganntanas ábhair, seachadtaí moillithe agus méaduithe ar phraghsanna ó dheireadh thréimhse an imscrúdaithe mar thoradh ar an acmhainneacht táirgeachta neamhleor atá ag tionscal an Aontais mar aon leis an aisghabháil láidir iar-COVID. Ar an mbonn sin, mhaígh Airoldi nach mbeadh sé chun leasa an tionscail iartheachtach bearta frithdhumpála a fhorchur toisc go gcuirfeadh sé staid an tsoláthair chun donais ar na húsáideoirí agus toisc go mbainfeadh tionscal an Aontais tairbhe as dleachtanna, ganntanas, moill agus méadú ar phraghsanna agus ar bhrabús chun aimhleas chóras tionsclaíoch an Aontais ina iomláine.

    (530)

    In éagmais eilimintí nua a bhaineann leis an dá éileamh sin, déantar tagairt d’aithris (529) inar aithin an Coimisiún go bhfuil ganntanas agus méadú praghais ábhartha ann ach níor den chonclúid a rinne sé go raibh easpa struchtúrach acmhainneachta ann. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (531)

    In éagmais aon bharúil eile maidir le leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (434) go (437) den Rialachán sealadach.

    6.3.   Leas na n-úsáideoirí

    (532)

    Na barúlacha maidir le húsáideoirí a thug Rialtas na Tuirce tar éis an nochta shealadaigh, is barúlacha iad a bhí ar aon dul leis an barúlacha a bhain le hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus tugadh aghaidh orthu cheana féin i roinn 6.2.

    (533)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh SWA nach raibh “rialú iomlán tugtha ag an imscrúdú ach do bheagán soláthróirí amhábhair”, agus go raibh damáiste á dhéanamh aige don tionscal iartheachtach agus do na “milliúin oibrithe”. Mhaígh sé freisin go raibh ganntanas ábhair ann agus go raibh méadú 75-140 % tagtha ar na praghsanna claochlúcháin. Thairis sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar an tréimhse iar-IP chun teacht ar chonclúid maidir leis na dleachtanna frithdhumpála atá i gceist a chur ar fionraí. Thacaigh Airoldi leis an tuairim sin.

    (534)

    In éagmais fianaise tacaíochta ón onnmhaireoir sin, diúltaíodh don éileamh sin. Mar a luaitear in aithris (14), d’iarr an Coimisiún faisnéis tar éis thréimhse an imscrúdaithe d‘fhonn imscrúdú a dhéanamh in am trátha ar na bearta a d’fhéadfaí a chur ar fionraí.

    6.3.1.   Foirgníocht agus tógáil

    (535)

    Thug Cuideachta A barúlacha maidir lena hiarraidh i leith díolúine ó tháirgí. Tugtar aghaidh air sin i Roinn 2.2.2.

    (536)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Cuideachta A go raibh deacrachtaí soláthair aici fós laistigh den Aontas agus lasmuigh de i gcás na AFRPanna díolmhaithe mar iarracht ar a cuid soláthairtí a áirithiú don bhliain 2022 agus go raibh tionchar an-diúltach ag an méadú mór ar phraghsanna de dheasca easpa soláthair AE ar a chuid gníomhaíochtaí ACP agus brataithe cornaí. Thagair Cuideachta A freisin don fhógra a thug an Rúis le déanaí go gcuirfidh sí taraif nua (83) chun feidhme ar a cuid onnmhairí alúmanaim. I bhfianaise a mhéid den alúmanam príomhúil de thionscnamh na Rúise a allmhairítear isteach san Aontas, mhaígh Cuideachta A go mbeadh deacrachtaí soláthair roimh tháirgeoirí an Aontais agus go dtiocfadh méadú ar na costais agus méadú breise ar an bpraghas dá réir.

    (537)

    A mhéid a bhaineann le deacrachtaí soláthair, déantar tagairt do Roinn 2.2.2 inar tugadh aghaidh ar iarratas ar dhíolúine a rinne Cuideachta A. Maidir le cur chun feidhme taraife easpórtála nua ag an Rúis, mheas an Coimisiún go bhféadfadh méadú breise ar an bpraghas a bheith mar thoradh ar eilimint den sórt sin. Mheas an Coimisiún freisin, áfach, gur rud de chineál ginearálta a bheadh san eilimint sin agus go gcuirfeadh sí isteach ar oibreoirí eacnamaíocha ar fud an domhain i bhfianaise an sciar mhóir d’onnmhairiúcháin ábhair phríomha ón Rúis chuig tíortha an Aontais agus chuig tíortha nach bhfuil san Aontas. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (538)

    Ainneoin go ndearnadh iarraidh agus iarraidh eile, níor thug SAS freagra ar litir easnaimh an Choimisiúin. Ar an mbonn sin, níorbh fhéidir freagra sa cheistneoir a úsáid.

    6.3.2.   Stoc scragaill

    (539)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh Xiamen Xiashun go ndearna an Coimisiún neamhaird de leasanna na ndaoine a úsáideann stoc scragaill. Bíodh sin mar atá, níor thug sé aon nod faoi argóintí sonracha a bhí ag úsáideoirí san earnáil seo. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (540)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, chuir Amcor iarraidh isteach ar dhíolúine ó tháirge, iarraidh a ndéantar anailís uirthi i Roinn 2.2.8.

    6.3.3.   Malartóirí teasa alúmanaim (AHEX AFRPanna)

    (541)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh TitanX, Valeo agus CLEPA nach ndearna an Coimisiún measúnú ar an tsuim a chuir úsáideoirí AFRPanna AHEX in iúl go hiomchuí ós rud é gurb ionann an comhlachas Eorpach de sholáthróirí gluaisteán agus úsáideoirí AFRPanna AHEX agus 50 % de thomhaltas an táirge sin, ós mó oibrithe a fhostaíonn úsáideoirí AFRPanna AHEX ná tionscal an Aontais, agus d’fhágfadh neamh-eisiamh AFRPanna AHEX go gcuirfí bacainn ar aistriú leictreach na feithiclí tráchtála i dtionscal na ngluaisteán. I ndáil leis sin, dúirt Valeo freisin go raibh tacaíocht léirithe ag Cumann Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (“ACEA”) agus BMW chun AFRPanna AHEX a eisiamh ó raon feidhme na mbeart.

    (542)

    Cé gur ghlac CLEPA páirt san imscrúdú trí bharúlacha a chur ar fáil agus trí thacú le maímh TitanX agus Valeo maidir le raon feidhme an táirge, ba iad TitanX agus Valeo an t-aon dá úsáideoir san earnáil sin a chomhoibrigh go hiomlán leis an imscrúdú trí fhreagraí agus tuairimí sa cheistneoir a chur ar fáil. I gcás ar bith, na barúlacha a d’ardaigh na páirtithe a luaitear in aithris (543), is barúlacha iad a dtugtar aghaidh orthu i Roinn 2.2.1 thuas.

    (543)

    Thug TitanX freagra athbhreithnithe sa cheistneoir tar éis litir easnaimh an Choimisiúin. Sa fhreagra sa cheistneoir seo, níor léirigh sé seasamh maidir le bearta a fhorchur, agus d’athdhearbhaigh sé a iarraidh ar AFRPanna AHEX a eisiamh ó raon feidhme na mbeart. Tá anailís ar an iarraidh sin i Roinn 2.3.1 den Rialachán sealadach. Tugtar aghaidh ar bharúlacha a bhaineann leis an táirge seo i Roinn 2.2.1 thuas.

    (544)

    Is éard a mhaígh Mahle nach ndearnadh meastóireacht iomlán ar chonclúid an Choimisiúin maidir le táirgeoirí HEX atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, agus mhaígh sé fós go raibh soláthróir Síneach ag soláthar HEX do mhonarchana gluaisteán san Aontas. I ndáil leis sin, mhaígh CLEPA go bhfuil monaróirí malartóirí teasa ann atá san iomaíocht go díreach le táirgeoirí eile sa réigiún; i.e. Maracó agus an Úcráin. Ní raibh fianaise thacaíochta ag gabháil leis na maímh sin, áfach, agus diúltaíodh dóibh dá bhrí sin.

    (545)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Valeo go gcuireann úsáideoirí AFRP AHEX le fostaíocht níos mó ná a chuireann tionscal alúmanaim an Aontais, agus go mbeidh ról lárnach aige i leictriú na hearnála mótarfheithiclí san Aontas. Ar an mbonn sin, mhaígh sé nach chun leasa an Aontais gan AFRPanna AHEX a eisiamh.

    (546)

    I ndáil leis sin, mar a luaitear in aithris (145), is éard a mheas an Coimisiún nach mbeadh ach tionchar teoranta ag na bearta ar staid airgeadais na n-úsáideoirí. Dá bhrí sin, agus aird á tabhairt freisin ar na conclúidí ar thángthas orthu maidir le leas thionscal an Aontais, fiú má thugann úsáideoirí AFRPanna AHEX níos mó fostaíochta i dtionscal an Aontais, níor mheas an Coimisiún gur chun leas an Aontais gan AFRPanna AHEX a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe sin. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    6.3.4.   Tionscail eile

    (547)

    Ní bhfuarthas aon bharúil ó úsáideoirí atá gníomhach i dtionscail eile tar éis an nochta shealadaigh.

    6.3.5.   Conclúid maidir le leas na n-úsáideoirí

    (548)

    In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar atá leagtha amach in aithris (449) den Rialachán sealadach.

    6.4.   Leasanna eile

    (549)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh Rialtas na Síne go raibh na cásanna frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a tosaíodh le déanaí maidir le hallmhairiú táirgí alúmanaim de thionscnamh na Síne ag teacht salach ar an straitéis thionsclaíoch nua agus mhol sé spriocanna nua maidir le claochlú glas agus digiteach. Chuir Rialtas na Síne in iúl freisin nach bhféadfaí forbairt inbhuanaithe thionscail an Aontais a ráthú agus an comhar idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe eacnamaíocha agus trádála a dhoimhniú ach le trádáil chóir agus saorthrádáil. I ndeireadh na dála, mhaígh Rialtas na Síne go gcabhraíonn allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne le caomhnú agus nuálaíocht fuinnimh a chur chun cinn i dtionscail ábhartha an Aontais a théann chun tairbhe do sprioc an Aontais maidir leis an gclaochlú glas.

    (550)

    Mheabhraigh an Coimisiún gurb é cuspóir na n-imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais gan allmhairí ó mhargadh an Aontais ó thír ar leith a eisiamh, ach, ar acht go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla ábhartha, cothrom na Féinne a athbhunú a cheadaíonn trádáil chóir idir comhpháirtithe eacnamaíocha. Chomh maith leis sin, rinneadh athbhreithniú anuas ar leibhéal na mbeart agus ní mheastar go bhfuil toirmeasc iontu. Ar an mbonn sin, níor measadh go rachadh forchur na mbeart i gcoinne na straitéise tionsclaíochta nua, agus moladh spriocanna nua maidir leis an gclaochlú glas digiteach toisc gur féidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne dul isteach ar mhargadh an Aontais fós agus cur leis na spriocanna nua maidir leis an claochlú céanna.

    (551)

    Tugtar aghaidh ar mhaímh eile maidir leis na spriocanna nua le haghaidh an chlaochlaithe ghlais dhigitigh i bhforoinn 2.2.1 thuas.

    6.5.   Conclúid maidir le leas an Aontais

    (552)

    I bhfianaise an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithris (459) den Rialachán sealadach i bhfianaise leibhéal athbhreithnithe na mbeart.

    7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

    7.1.   Leibhéal díchuir na díobhála

    (553)

    Faoi Airteagal 9(4), an tríú mír, den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún measúnú ar fhorbairt na méideanna allmhairí le linn na tréimhse réamhnochta a thuairiscítear in aithris (2) thuas d’fhonn an díobháil bhreise a léiriú i gcás ina mbeadh ardú suntasach breise ar allmhairithe faoi réir an imscrúdaithe i rith na tréimhse sin. De réir na mbunachar sonraí Eurostat agus Surveillance 2, léiríodh le comparáid idir méideanna allmhairí an táirge lena mbaineann le linn thréimhse an imscrúdaithe agus méideanna na tréimhse réamhnochta nach raibh aon mhéadú suntasach breise ar na hallmhairí. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh na ceanglais maidir le méadú ar an gcorrlach díobhála a chinneadh faoi Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán ná ní dhearnadh aon choigeartú ar an gcorrlach díobhála.

    (554)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir Xiamen Xiashun in aghaidh costais chomhshaoil an Choimisiúin sa todhchaí a bheith á gcur le spriocphraghas thionscal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. D’áitigh an chuideachta go mbeidh Xiamen Xiashun, ach oiread leis an Aontas, faoi réir Scéim Trádála Astaíochtaí na Síne (“ETS”) ón mbliain 2022. Mhaígh sé freisin go bhfuair sé deimhniú Aluminium Stewardship Initiative’s Performance Standard (“PS”). Dá bhrí sin, líomhnaítear gur thabhaigh sé costais chomhlíonta a d’eascair as Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus as na gealltanais a tugadh i gComhaontú Pháras. Dá bhrí sin, mhaígh Xiamen Xiashun gur thabhaigh sé costais chomhlíonta comhshaoil choibhéiseacha i gcomparáid leis na táirgeoirí de chuid an Aontais, costais a léireofar i bpraghsanna onnmhairiúcháin isteach san Aontas agus níor cheart, dá bhrí sin, na costais chomhshaoil a bheidh ann amach anseo a chur leis an bpraghas neamhdhíobhálach.

    (555)

    Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. Cuirfidh an tSín a cuid ETS féin i bhfeidhm agus beidh costais chomhlíonta comhshaoil á dtabhú ag Xiamen Xiashun, ach sin dhá ní nach bhfuil ábhartha maidir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, Rialachán a gcaithfear costais chomhshaoil, inter alia, a chur san áireamh san am atá le teacht chun spriocphraghas Thionscal an Aontais a shuí.

    (556)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Nanshan nach léiríonn an spriocbhrabús 6 % a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm brabús is féidir leis an tionscal seo a bhaint amach go réasúnta, agus thagair sé don chorrlach brabúis 5,2 % a bhain tionscal an Aontais amach in 2016 (84). Thairis sin, mhaígh Nanshan nár cheart an spriocbhrabús a chur i bhfeidhm ar chostas an ionchuir ach amháin ar an gcostas próiseála ar an bhforas nach ndéanann an ceannaitheoir agus an díoltóir an praghas LME a chaibidil le chéile toisc go gcuireann an díoltóir an costas ar an gceannaitheoir. I ndáil leis sin, mhaígh sé gur rud é an idirbheartaíocht atá teoranta don chostas próiseála.

    (557)

    I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire gur chun críche na ríomhanna gearrdhíola a socraíodh an spriocbhrabús a úsáideadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2c). Fad a bhaineann leis na heilimintí ar gá an spriocbhrabús a chur i bhfeidhm ina leith, tagraítear go soiléir in Airteagal 7(2)c don leibhéal brabúis is gá chun costais iomlána agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach. Dá bhrí sin, ba cheart an spriocbhrabús a chur i bhfeidhm ar gach eilimint de na costais agus ní hamháin ar na costais phróiseála. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (558)

    Ar a bhonn sin agus in éagmais aon bharúil eile maidir le díchur leibhéal na díobhála, is amhlaidh a deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (462) go (475) den Rialachán sealadach.

    7.2.   Saobhadh amhábhair

    (559)

    In éagmais barúlacha maidir leis an roinn seo, deimhníodh aithrisí (476)-(480) den Rialachán sealadach.

    7.3.   Bearta cinntitheacha

    (560)

    I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann. Ar na cúiseanna a leagtar amach sa roinn seo, ba cheart dleachtanna frithdhumpála a shocrú i gcomhréir le riail na dleachta is lú.

    (561)

    Chinn an Coimisiún an leibhéal díchuir díobhála agus comparáid á déanamh idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, mar a shuitear do na praghsanna a dhéanann na ríomhanna a shladghearradh, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais ar mhargadh an Aontais (AE-27) le linn thréimhse an imscrúdaithe. Rinneadh an difríocht a tháinig chun cinn ón gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán de mheánluach ualaithe allmhairí CAL.

    (562)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, mhaígh Jiangsu Alcha go raibh nochtadh na gcorrlach gearrdhíola agus sladghearrtha easnamhach mar spriocphraghsanna agus mar chainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais, i gcás gach PCN ach ceann amháin, gur lipéadaíodh mar rud faoi rún é ionas nár fhéad sé a chearta cosanta a fheidhmiú. D’iarr sé freisin faisnéis bhreise maidir leis na coigeartuithe a rinneadh chun inchomparáideacht a áirithiú. Mhaígh Jiangsu Alcha nár áirithíodh go leor inchomparáideacht PCN leis an struchtúr PCN a úsáideadh chun leibhéal na mbeart sealadach a ríomh agus mhaígh sé gur cheistigh sé na coinníollacha iomaíochta is infheidhme san Aontas. Mar a luaitear in aithris (374), thíolaic Jiangsu Alcha gur bhain an Coimisiún úsáid as faisnéis a sholáthair Jiangsu Alcha bunaithe ar struchtúr PCN atá as dáta chun an corrlach gearrdhíola a ríomh.

    (563)

    Tar éis do Jiangsu Alcha a iarraidh, chuir an Coimisiún raonta ar fáil don chorrlach gearrdhíola agus do spriocphraghsanna thionscal an Aontais a úsáidtear chun na corrlaigh ghearrdhíola a ríomh, mínithe breise maidir leis na coigeartuithe a rinneadh mar aon le liosta iomlán PCNanna de chuid thionscal an Aontais. Mar sin féin, chuir Jiangsu Alcha in iúl go raibh an fhaisnéis bhreise imithe i léig mar gheall gur líomhnaíodh go raibh sí bunaithe ar na fíricí míchearta agus mar gheall nár cuireadh a chuid barúlacha maidir le struchtúr PCN san áireamh.

    (564)

    Mar aon le barúlacha Jiangsu Alcha maidir leis an PCN, scrúdaigh an Coimisiún an maíomh mar aon leis na maímh eile a fuair siad tar éis nochtadh sealadach. Dheimhnigh sé nach raibh aicmiú tosaigh Jiangsu Alcha de chineálacha táirge i gceart. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún cóid chearta in ionad na gcód PCN mícheart, agus rinne sé leibhéal an chorrlaigh gearrdhíola i gcás an onnmhaireora sin a athríomh.

    (565)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Jiangsu Alcha nár nocht an Coimisiún sonraí leordhóthanacha a bhain le figiúirí an tionscail de chuid an Aontais toisc gur nocht sé sonraí iomlána maidir leis na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola i gcás PCN amháin. I gcás PCNanna eile, rinne sé gearán gur bhain an Coimisiún úsáid as raonta leathana don spriocphraghas agus do chorrlaigh gearrdhíola agus nach bhféadfaí a mheas gur nochtadh téagartha iad. Ina theannta sin, dúirt Jiangsu Alcha nach bhféadfadh sé trácht ar chothroime an ríofa mura mbeadh rochtain aige ar chainníochtaí díolacháin de tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar leibhéal PCN. I ndáil leis sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún líon na dtáirgeoirí a shainaithint i gcás gach PCN. Ina theannta sin, thagair Jiangsu Alcha freisin do dhifríocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa leibhéal trádála, coimisiúin agus costais díola eile. Ar an mbonn sin, mhaígh sé gur sáraíodh a chearta cosanta, agus d’iarr sé go ndéanfaí nochtadh breise níos téagartha lena ráthófaí comparáid chothrom.

    (566)

    Is i gcomhréir le cleachtas caighdeánach an Choimisiúin a rinneadh an nochtadh cinntitheach chun rúndacht na sonraí a sholáthraíonn tionscal an Aontais a áirithiú. I ndáil leis sin, i bhfianaise an mhéid a bhí sa sampla, ní fhéadfaí na sonraí a bhaineann le PCNanna arna monarú agus arna ndíol ag táirgeoir amháin nó dhá tháirgeoir de chuid an Aontais a nochtadh gan nochtadh indíreach sonraí íogaire a bheith mar thoradh air sin. Ar na cúiseanna céanna, ní féidir leis an gCoimisiún líon na dtáirgeoirí a dhíolann PCN ar leith a nochtadh do Jiangsu Alcha. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún ach an spriocphraghas agus na corrlaigh gearrdhíola a nochtadh trí úsáid raonta. Ba cheart a mheabhrú gur chloígh an Coimisiún leis an modheolaíocht sin cheana sa nochtadh sealadach tar éis iarraidh Jiangsu Alcha ar nochtadh breise, mar a luaitear in aithris (565). I ndáil leis sin, ní raibh trácht déanta ag Jiangsu Alcha ar leibhéal na mionsonraí maidir le nochtadh sealadach breise a chuid ríomhanna díobhála.

    (567)

    A mhéid a bhaineann le gnéithe eile de na ríomhanna (an leibhéal trádála, an coimisiún, na costais díola), tugtar faoi deara gur cuireadh coimisiúin agus costais díola san áireamh cheana féin sna ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola. Ag féachaint do na cineálacha táirgí a onnmhairíonn Jiangsu Alcha chuig an Aontas; i.e. AFRPanna AHEX le haghaidh soláthróirí mótarfheithiclí, ní raibh údar maith leis an trácht a bhaineann leis an leibhéal trádála. Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    (568)

    Ina theannta sin, d’iarr Jiangsu Alcha faisnéis bhreise maidir le tógáil na raonta agus go háirithe maidir leis an údar a bhí leis na raonta.

    (569)

    Is ar bhonn na faisnéise íogaire a úsáidtear le haghaidh na ríomhanna gearrdhíola a bhunaigh an Coimisiún na raonta a cuireadh i láthair sa nochtadh cinntitheach; i.e. is ar an spriocphraghas atá siad bunaithe agus ar an gcorrlach gearrdhíola a ríomhtar i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear in aithrisí (462) go (473) den Rialachán sealadach.

    (570)

    Mhaígh Jiangsu Alcha gur líon teoranta táirgeoirí de chuid an Aontais a mhonaraigh na PCNanna, agus go bhféadfadh sonraí táirgeora amháin de chuid an Aontais a líomhnaítear a bheith neamhéifeachtúil spriocphraghas thionscal an Aontais a shaobhadh agus an corrlach gearrdhíola a bhoilsciú go héagórach. I ndáil leis sin, chuir sé ríomhanna corrlaigh shladghearrtha ar fáil mar aon le ríomhanna gearrdhíola malartacha a bhí bunaithe ar mheán simplí (neamh-ualaithe) i.e. an méid sladghearrtha agus gearrdhíola in aghaidh an aonaid, agus d’iarr sé ar an gCoimisiún na ríomhanna gearrdhíola a athsheoladh ar an mbonn sin chun deireadh a chur leis an éagóir líomhnaithe a eascraíonn as cainníochtaí an-éagsúla a dhíolann Jiangsu Alcha agus táirgeoirí sampláilte an Aontais. Chuir sé ríomh gearrdhíola ar fáil freisin a bhí bunaithe ar luachanna uachtaracha an raoin, agus d’iarr sé soiléirithe maidir leis an raon a úsáidtear.

    (571)

    I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur ar shampla de tháirgeoirí an Aontais a bhí ríomh na gcorrlach gearrdhíola agus sladghearrtha bunaithe. I ndáil leis sin, níor chuir Jiangsu Alcha aon bharúil isteach maidir leis an sampla nó fianaise maidir le neamhéifeachtúlacht líomhnaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Tugtar faoi deara freisin, ach amháin i gcás dhá PCN, go bhféadfaí gach ceann de na PCNanna a d’onnmhairigh Jiangsu a mheaitseáil le PCN comhfhreagrach a dhíolann táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais ar a laghad ina chainníochtaí móra. Is í an mheánmhodheolaíocht shimplí a cuireadh i bhfeidhm, rud a mhol Jiangsu Alcha, ach measadh í a bheith earráideach toisc nár cuireadh méid na n-onnmhairí san áireamh léi, agus dá bhrí sin ní raibh léargas cruinn ann ar a chuid nósanna onnmhairiúcháin. Níor measadh go raibh an modh eile a bhfuil cur síos air ag Jiangsu Alcha (uasluachanna an raoin) oiriúnach ach oiread toisc go ndéanann sé neamhaird de luachanna níos ísle agus toisc nach mbeadh léargas cruinn ann ar a chuid nósanna onnmhairiúcháin. I bhfianaise a íogaire atá na figiúirí a chuirtear ar fáil i raonta, ní fhéadfadh an Coimisiún an soiléiriú a iarradh a sholáthar. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (572)

    Maidir leis sin, mhaígh CLEPA nach raibh údar le leibhéal na mbeart sealadach de bharr na difríochta praghsanna idir AFRPanna AHEX allmhairithe agus cinn a táirgeadh san Aontas. Na coigeartuithe a rinne an Coimisiún maidir leis an gcineál cornaí, is éard a mhaígh Valeo gur choigeartaithe neamhréalaíocha iad agus gur thorthaí neamhréasúnacha an toradh a bhí orthu.

    (573)

    Chuir an Coimisiún barúlacha maidir le honnmhairiú AFRPanna AHEX san áireamh, i gcás ina bhfuil údar leis, agus rinne sé coigeartú dá réir ar an gcorrlach gearrdhíola.

    (574)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’iarr EA soiléiriú maidir leis an laghdú ar an gcorrlach gearrdhíola i gcás Jiangsu Alcha. An laghdú suntasach a tháinig ar an gcorrlach gearrdhíola, murab ionann agus leibhéal an chorrlaigh dumpála a bhí fós ar leibhéal comhchosúil, sin rud eile a cheistigh sé. Chomh maith leis sin, thagair sé do bharúlacha CLEPA agus Valeo maidir le leibhéal an chorrlaigh dhíola, agus cheistigh sé conas a cuireadh sin san áireamh nuair a bhí an corrlach gearrdhíola á shuí.

    (575)

    I ndáil leis sin, tugtar faoi deara go ndearna ionadú na PCNanna míchearta difear freisin do bhunú an phraghais onnmhairiúcháin agus do shuí an ghnáthluacha ionas nach ndearnadh difear don chorrlach dumpála comhfhreagrach i ndáil leis sin. A mhéid a bhaineann leis an gcorrlach díobhála, ní bhaineann an tsaincheist PCN ach le Jiangsu Alcha, agus ní le tionscal an Aontais, rud a fhágann gur tháinig athrú suntasach ar leibhéal an chorrlaigh gearrdhíola i gcás an táirgeora onnmhairiúcháin sin de bharr ceartú PCN. Barúlacha CLEPA agus Valeo ar leibhéal an chorrlaigh gearrdhíola, is barúlacha iad a bhí gan tionchar ar leibhéal an chorrlaigh gearrdhíola.

    (576)

    Is é toradh a bhí ar bharúlacha EA maidir le nochtadh cinntitheach gur dheimhnigh Jiangsu Alcha soiléiriú an Choimisiúin.

    (577)

    I dtaca le hiarraidh Xiamen Xiashun, chuir an Coimisiún raonta ar fáil don chorrlach gearrdhíola agus do spriocphraghsanna thionscal an Aontais a úsáidtear chun ríomhanna corrlaigh ghearrdhíola a ríomh, mar aon le mínithe breise ar na coigeartuithe a rinneadh, sin agus liosta iomlán na PCNanna i dtionscal an Aontais.

    (578)

    Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, d’iarr Nanshan go nochtfaí faisnéis bhreise i bhfoirm spriocphraghsanna thionscal an Aontais, rud a úsáidtear chun corrlaigh ghearrdhíola a ríomh, mar aon le mínithe breise ar na coigeartuithe a rinneadh, sin agus liosta iomlán na PCNanna i dtionscal an Aontais. Thairis sin, d’iarr sé go nochtfaí an ríomh corrlaigh gearrdhíola a bhí aige gan Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán ná luach raoin don chorrlach gearrdhíola in aghaidh an PCN a chur i bhfeidhm.

    (579)

    Is é freagairt a rinne an Coimisiún ar an iarraidh sin raonta a chur ar fáil don chorrlach gearrdhíola agus do spriocphraghsanna thionscal an Aontais a úsáidtear chun corrlaigh ghearrdhíola a ríomh, mínithe breise maidir leis na coigeartuithe a rinneadh, mar aon le liosta iomlán PCNanna de chuid thionscal an Aontais. An dara ríomh corrlaigh gearrdhíola a bhí ann, is é sin gan Airteagal 2(9) a chur i bhfeidhm, is ríomh é nár soláthraíodh, óir níor chuid den fhaisnéis sin an fhaisnéis a raibh an Coimisiún ag brath uirthi lena chuid torthaí a bhunú. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an sciar den díolachán trí eintitis ghaolmhara an-íseal ionas nach mbeadh ag cur i bhfeidhm an choigeartaithe faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán ach tionchar an-bheag ar a mhéid.

    (580)

    Ainneoin na faisnéise breise a roinneadh, agus i ndáil leis an gcoigeartú dá dtagraítear in aithrisí (592) go (597), mhaígh Nanshan gur cheart go bhfaigheadh sé an spriocphraghas do PCNanna eile nach bhfuil éagsúil ach ó thaobh cóimhiotail de chun barúlacha téagartha a sholáthar maidir leis an gcoigeartú a rinneadh.

    (581)

    I gcomhréir le hAirteagal 19(4) den bhun-Rialachán, áit nach nochtfaidh an Coimisiún ach an fhianaise ar a bhfuiltear ag brath chun a chonclúid a dhéanamh, níor mheas an Coimisiún gur cheart an fhaisnéis sin a nochtadh. I gcás ar bith, measadh go bhfuair Nanshan an fhaisnéis ar a raibh an Coimisiún ag brath chun a chinntí cinntitheacha a dhéanamh.

    (582)

    Tar éis an nochtadh shealadach a dhéanamh, mhaígh Nanshan go ndearna an Coimisiún an leibhéal díchuir díobhála a ríomh go hearráideach toisc go raibh sé ag brath ar Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán chun praghsanna allmhairiúcháin Nanshan a chinneadh. Go háirithe, rinne an comhlacht tagairt do mhíreanna sonracha de bhreithiúnais T-383/17 (85) agus T-301/16 (86) ón gCúirt Ghinearálta. D’áitigh sé gur chinn an Chúirt Ghinearálta go ndearna an Coimisiún earráid trí chinneadh a dhéanamh costais SGA agus corrlach brabúis i gcás an táirge lena mbaineann agus é athdhíol ag [eintiteas gaolmhar an Iarratasóra san Aontas] le custaiméirí neamhspleácha, ar mhaithe le praghas onnmhairiúcháin an táirge sin a shuí i gcomhthéacs an díobháil a chinneadh.

    (583)

    Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil na torthaí ar thagair Nanshan dóibh in T-383/17 ábhartha don chás i dtrácht toisc nach mbaineann siad ach leis na ríomhanna sladghearrtha a rinneadh san imscrúdú a bhí faoi réir an bhreithiúnais sin (87). Maidir le T-301/16, cé go ndearna Nanshan tagairt do na cinntí ón gCúirt Ghinearálta maidir le sladghearradh (mír 188 de), chinn an Chúirt freisin (i mír 194) go bhféadfadh tionchar a bheith ag na ríomhanna sladghearrtha ar an gcorrlach díobhála freisin. I gcodarsnacht leis an imscrúdú atá faoi réir rialú na Cúirte sin, áfach, sa chás atá idir lámha, is ar mhodheolaíocht dhifriúil a bhunaigh an Coimisiún a ríomhanna gearrdhíola chun praghas neamhdhíobhálach an Aontais a shuí. Cé gur áiríodh sa phraghas neamhdhíobhálach in T-301/16 na costais arna dtabhú ag eintitis díolacháin ghaolmhara tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, sa chás atá idir lámha, bunaíodh an praghas neamhdhíobhálach ar chostas táirgthe na dtáirgeoirí de chuid an Aontais móide spriocbhrabús, agus ar an gcaoi sin eisiadh costais arna dtabhú ag a n-eintitis díolacháin ghaolmhara. Dá bhrí sin, murab ionann agus na cinntí ón gCúirt in T-301/16, sa chás atá idir lámha, níl aon neamhshiméadracht idir na praghsanna allmhairiúcháin a suíodh i gcás Nanshan ina ndearnadh costais SGA agus brabús an allmhaireora ghaolmhair san Aontas a asbhaint de réir Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán agus an spriocphraghas suite i gcás tháirgeoirí sampláilte an Aontais nach n-áirítear leis costais SGA ná brabús a n-eintiteas díolacháin gaolmhar. Ina theannta sin, i gcodarsnacht leis an staid fhíorasach in T-301/16 inar ndearnadh nach mór díolacháin uile an onnmhaireora i dtrácht trí allmhaireoirí gaolmhara, sa chás atá idir lámha, níor bhain an coigeartú faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán ach le [25-35] % de mhéideanna onnmhairiúcháin Nanshan (88) agus rinneadh níos lú ná 20 % de dhíolacháin uile tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí eintitis ghaolmhara. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (584)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Nanshan a mhaíomh agus chuir sé in iúl nach raibh na díolacháin a rinneadh le hallmhaireoirí gaolmhara an-íseal agus nach bhféadfadh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar chásdlí na Cúirte Ginearálta mar a bhunaítear in T-107/08 (89), T-383/17 agus T-301/16 ós rud é nach mbeadh ach tionchar beag ar a shárú, de réir cosúlachta. Is ar Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar phrionsabal an smachta reachta i ndlíchóras an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 263 CFAE a bhunaigh Nanshan a réasúnú.

    (585)

    I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nár thug an Coimisiún neamhaird ar chásdlí na Cúirte Ginearálta ar na forais go mbeadh tionchar an-bheag ag an gcoigeartú. Ina ionad sin, dhiúltaigh an Coimisiún an fhaisnéis a iarradh in aithris (580) a chur ar fáil ar an bhforas nach raibh an fhaisnéis sin mar chuid den fhaisnéis ar a raibh a chuid thorthaí bunaithe agus go mbeadh tionchar an-bheag ag an gcoigeartú sin, dá mb’ann dó.

    (586)

    Thagair Nanshan freisin do mhír 199 de T-383/17 agus mhaígh sé “nach ndéantar idirdhealú sa chás sin idir na corrlaigh sladghearrtha agus gearrdhíola” agus gur loighciúil an méid sin toisc gurb é is aidhm don chorrlach gearrdhíola measúnú a dhéanamh ar phraghsáil thionscal an Aontais “faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta, in éagmais na n-allmhairí dumpáilte” de réir rialuithe cúirte eile (90). Chuir sé in iúl freisin gurb é an corrlach gearrdhíola an bealach uimhríochtúil arna roghnú ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar spealadh agus cúngach praghsanna agus, dá bhrí sin, chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a rinne allmhairí dumpáilte an táirgeora onnmhairiúcháin chuig tionscal an Aontais (91).

    (587)

    Ar an gcéad dul síos, tá an breithiúnas seo faoi achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais (92). Dá bhrí sin, torthaí an bhreithiúnais maidir leis an tsaincheist atá faoi réir an mhaímh a rinne Hansol, ní torthaí críochnaitheacha iad. Chomh maith leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an mhír luaite do “praghsanna arna gcaibidliú idir gnóthas agus na custaiméirí seachas praghsanna ag céim idirmheánach”. Ós rud é nach féidir na spriocphraghsanna féin a úsáidtear sna ríomhanna gearrdhíola a chaibidliú, ach go bhfreagraíonn siad i bhfírinne don phraghas samhailteach a bheadh tionscal an Aontais in ann a ghearradh in éagmais allmhairí dumpáilte, ní féidir an spriocphraghas a mheas mar phraghas caibidlithe. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (588)

    Is éard a mhaígh Nanshan freisin, nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar cibé ar thug an Coimisiún neamhaird ar chásdlí na Cúirte Ginearálta ina ríomhanna gearrdhíola, nach mbaineann sé le hábhar nár cuireadh san áireamh costais arna dtabhú ag na heintitis díolacháin ghaolmhara chun an spriocphraghas a ríomh, toisc nár cheart na costais sin a chur san áireamh agus an spriocphraghas á ríomh. Go sonrach, thug sé le fios gur ríomh an Coimisiún an spriocphraghas ar bhonn “glanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas in 2016” agus gur léirigh an spriocphraghas sin an praghas idéalach a ghearrfaidh tionscal an Aontais ar a chéad chustaiméirí neamhspleácha agus go raibh gach comhpháirt praghsála chomh fada leis na chéad cheannaitheoirí neamhspleácha sin san áireamh ann. Chuir Nanshan in iúl freisin nár cheart, dá bhrí sin, na costais arna dtabhú ag eintitis díolacháin ghaolmhara tháirgeoirí sampláilte an Aontais a chur san áireamh.

    (589)

    I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús, murab ionann agus maíomh Nanshan agus mar a luaitear in aithris (467) den Rialachán sealadach, gur shuigh an Coimisiún an spriocbhrabús i gcomhréir le forálacha Airteagal 7(2c), ní ar bhonn an bhrabúis a bhain tionscal an Aontais amach in 2016. Ina theannta sin, ríomhadh an spriocphraghas tríd an spriocbhrabús a chur i bhfeidhm ar chostas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais, costas nach raibh aon chostas a thabhaigh eintitis díolacháin ghaolmhara san áireamh ann. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (590)

    Thairis sin, mhaígh Nanshan nach bhfuil aon oibleagáid ar an gCoimisiún comparáid a dhéanamh lena gcumhdaítear formhór na ndíolachán a dhéanann an táirgeoir onnmhairiúcháin ina ríomhanna maidir le corrlach sladghearrtha agus gearrdhíola. Luaigh sé freisin go mbeadh an comhoiriúnú idir táirgí onnmhairithe Nanshan agus na táirgí sin a dhíolann tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais fós chomh hard le 65 % de dhíolacháin Nanshan gan comparáid a dhéanamh ar PCN ar ghá coigeartú a dhéanamh air. Rinne Nanshan tagairt freisin don Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, China – GOES (93), agus don Tuarascáil Painéil China – Autos (US) (94), ag maíomh gur cheart don Choimisiún a chomparáid a theorannú do tháirgí atá inchomparáide. Chuir sé in iúl freisin nach féidir le díolacháin onnmhairiúcháin PCN nach ndíolann tionscal an Aontais gearradh faoi thionscal an Aontais ná díobháil a dhéanamh dó. Chuir sé in iúl freisin nár scrúdaigh an Coimisiún go cúramach agus go neamhchlaonta gach gné ábhartha den chás aonair i gcomhréir le prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais (95) agus luaigh sé Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán ina sonraítear: “beidh cinneadh go bhfuil díobháil ann bunaithe ar fhianaise dheimhneach agus beidh scrúdú oibiachtúil i gceist leis”.

    (591)

    Foráiltear le dlí-eolaíocht luaite na hEagraíochta Domhanda Trádála go bhfuil oibleagáid ar an údarás imscrúdúcháin inchomparáideacht praghsanna a áirithiú idir allmhairí atá i gceist agus an táirge comhchosúil intíre. Ní éilíonn an dlí-eolaíocht sin, áfach, gur gá táirgí “comhionann” nó “idir-idirmhalartaithe” a chur i gcomparáid agus na táirgí sin amháin. Ina theannta sin, ní chuirtear as an áireamh le dlí-eolaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála an fhéidearthacht coigeartuithe a dhéanamh chun comparáid chruinn bhailí a áirithiú.

    (592)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, rinne Nanshan tagairt do phainéil eile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (96) ag maíomh nár cheadaigh an cásdlí d’údarás praghsanna neamh-inchomparáide a chur i gcomparáid le chéile ina chinneadh maidir le díobháil tar éis na praghsanna sin a choigeartú chun iad a dhéanamh inchomparáide. Chuir sé in iúl freisin, a mhéid a bhaineann le táirgí nach bhfuil in iomaíocht le chéile a chur i gcomparáid le chéile, nach gcomhlíonadh é an méid sin ar cheanglas an údaráis imscrúdúcháin maidir le scrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar fhianaise dheimhneach agus d’áitigh sé go raibh úsáidí deiridh éagsúla ag táirge thionscail an Aontais a úsáideadh sa sladghearradh praghsanna ón táirge arna onnmhairiú ag Nanshan a ndearnadh comparáid leis.

    (593)

    Mheas an Coimisiún go raibh léamh Nanshan ar na painéil luaite de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála míchruinn agus gur fhág sé codanna tábhachtacha de na tuarascálacha ar lár. Go deimhin, luaitear sa tuarascáil painéil China – X-Ray Equipment i mír 7.51: “nuair a dhéantar comparáidí praghsanna mar chuid d’anailís ar shladghearradh praghsanna [...] is gá d’údarás imscrúdúcháin a mheas an inchomparáide iad na praghsanna i bhfírinne [...] bealach chun difríochtaí a chur san áireamh sna táirgí atá á gcur i gcomparáid le chéile ab ea coigeartuithe ábhartha a dhéanamh. […] in go leor cásanna, cinnteoidh coigeartuithe ábhartha inchomparáideacht praghsanna faoi Airteagal 3.2 go héifeachtach”. Dheimhnigh sé seo modheolaíocht an Choimisiúin maidir le coigeartuithe a dhéanamh chun inchomparáideacht praghsanna a áirithiú. Deimhníodh é seo freisin in China – Broiler Products i mír 7.479: “ní mór inchomparáideacht praghsanna a scrúdú tráth ar bith a dhéantar comparáid praghsanna i gcomhthéacs anailíse ar shladghearradh praghsanna, ach a aithint freisin go mbíonn an gá atá le coigeartuithe ag brath ar chúinsí fíorasacha an cháis agus ar an bhfianaise atá os comhair an údaráis.” Ina theannta sin, foráiltear i mír 7.483 “nach mór don údarás coigeartuithe a dhéanamh chun difríochtaí ábhartha i saintréithe fisiceacha nó saintréithe eile an táirge a rialú agus coigeartú a dhéanamh dóibh.” Ar an mbonn sin, measadh gur ghníomhaigh an Coimisiún i gcomhréir le cásdlí na hEagraíochta Domhanda Slándála agus coigeartuithe ábhartha á ndéanamh aige chun na difríochtaí fisiceacha a chur san áireamh agus chun inchomparáideacht praghsanna a áirithiú. Go deimhin, tríd an gcoigeartú praghais 2,7 % a chur i gcrích sa chás seo, d’áirithigh an Coimisiún go ndéanfaí comparáid bhailí chruinn idir táirgí thionscal an Aontais agus an táirge arna onnmhairiú ag Nanshan. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (594)

    Maidir leis na céatadáin chomhoiriúnacha, mheas an Coimisiún na PCNanna a raibh an méid onnmhairiúcháin ab airde acu chun a áirithiú go raibh iompar onnmhairiúcháin Nanshan á léiriú go cruinn i leibhéal a chorrlaigh ghearrdhíola. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ríomh sé corrlach gearrdhíola le haghaidh PCN a raibh coigeartú ag teastáil ina leith. I gcomhréir leis an Tuarascáil Painéil China - GOES (97), d’áirithigh an Coimisiún gurbh inchomparáide mar is ceart iad na praghsanna a bhí in úsáid aige sa chomparáid agus chuaigh sé ar aghaidh le coigeartú iomchuí a dhéanamh mar a thuairiscítear thíos. Sa chomhthéacs sin, measadh go ndearna an Coimisiún measúnú cúramach oibiachtúil ar an gcás idir lámha ar bhonn fianaise dheimhneach.

    (595)

    Ina theannta sin, mhaígh Nanshan freisin nár leor an coigeartú praghais 2,7 % a rinneadh chun comparáid a dhéanamh idir PCN amháin arna onnmhairiú ag Nanshan chuig an Aontas (corna fuar-rollta) agus PCN arna dhíol ag tionscal an Aontais (cornán teorollta). I ndáil leis an méid sin, rinne sé tagairt do thuarascáil CRU a líomhnaítear a bheith ann ina gcuirtear in iúl difríocht 25 % idir cornaí fuar-rollta agus cornaí teorollta. Chuir sé in iúl freisin nach raibh an corrlach gearrdhíola arna ríomh le haghaidh an PCN sin i gcomhréir leis an meánchorrlach gearrdhíola le haghaidh na PCNanna comhoiriúnacha. Ar an mbonn sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal an choigeartaithe agus ar an ríomh comhfhreagrach i dtaca le sladghearradh agus gearrdhíol. Sa chomhthéacs céanna, chuir Nanshan in iúl gur cheart don Choimisiún an coigeartú sin a bhunú ar PCNanna nach bhfuil difriúil ach amháin i dtéarmaí an chóimhiotail a úsáideadh seachas an coigeartú a bhunú ar PCNanna atá difriúil ó thaobh tiúis de, ós rud é go bhfuil an tiús ar cheann de na príomhfhachtóirí lena gcinntear praghas an táirge faoi imscrúdú.

    (596)

    Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an mhodheolaíocht a úsáideadh i gcomhréir lena chleachtas caighdeánach. Ar an dara dul síos, ní fhéadfadh sé an difríocht 25 % idir praghas táirgí teorollta agus táirgí fuar-rollta a luaigh Nanshan a dheimhniú trí thagairt a dhéanamh do thuarascáil CRU. Go deimhin, cé gur bhain an tagairt don phraghas i gcás cornaí fuar-rollta le meánluachan praghsanna CRU le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe, níorbh fhéidir an fhoinse a líomhnaítear a bheith ag CRU le haghaidh cornaí teorollta a shuí. Go deimhin, murab ionann agus maíomh Nanshan, níorbh ann don tagairt don phraghas ann féin mar a líomhnaíodh dó a bheith ann agus bhí sé mar thoradh ar roinnt coigeartuithe agus toimhdí nach bhféadfaí a fhíorú agus nár bhain ach go neamh-bheacht le comhfhogasú ar phraghas tagartha le haghaidh cornaí teorollta. Chomh maith leis sin, ní raibh sé soiléir gur thagair an praghas ríofa teorollta don chineál céanna cóimhiotail. Ar an tríú dul síos, níor dheimhnigh taifid inmheánacha Nanshan an difríocht sa phraghas a líomhnaíodh a bheith ann idir cornaí teorollta agus fuar-rollta. Ina theannta sin, fiú nuair a bhí an coigeartú á bhunú ar an modh a mhol Nanshan (difríocht i gcóimhiotail), rinneadh amach go raibh leibhéal an chéatadáin corrlaigh ghearrdhíola sa raon céanna; i.e. 3 phointe céatadáin níos ísle nó níos airde ná an céatadán ríofa, rud a dheimhnigh ar an gcaoi sin go raibh leibhéal an ghearrdhíola a fuarthas don PCN áirithe sin trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an Choimisiúin, go raibh sé ionadaíoch don difríocht sna praghsanna. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gurbh é an praghas onnmhairiúcháin a suíodh i gcás an PCN sin an praghas ab ísle de na PCNanna go léir a d’onnmhairigh Nanshan chuig an Aontas agus go raibh sé ar an meán [10-20] % ní b’ísle ná meánphraghas onnmhairiúcháin Nanshan. Sin an fáth a raibh an corrlach gearrdhíola a fuarthas don PCN sin ní b’airde ná na PCNanna comhoiriúnacha eile. Ar bhonn an mhéid thuas, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (597)

    Ba cheart a thabhairt faoi deara gur thacaigh Xindatong le barúlacha Nanshan maidir leis an nochtadh sealadach tar éis an spriocdháta chun barúil a tabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha.

    (598)

    Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Nanshan nár leor an coigeartú 2,7 % a cuireadh i bhfeidhm ar an spriocphraghas. Thagair Nanshan do chomparáid idir na gnáthluachanna arna ríomh ag an gCoimisiún i gcás táirgí teorollta agus fuar-rollta; do comparáid ar praghas onnmhairiúcháin Nanshan i gcás táirgí teorollta agus fuar-rollta den chineál céanna; don tuarascáil CRU a líomhnaítear a bheith ann; agus do thuarascáil US ITC. Maidir leis na coigeartuithe atá bunaithe ar an modh a mhol Nanshan, mhaígh sé nár mhínigh an Coimisiún an chaoi a d’athraigh an Coimisiún praghas na PCNanna sin agus chuir sé in iúl nach raibh aon luach ag baint leis na ríomhanna sin dó dá bhrí sin. Ar deireadh, mhaígh Nanshan gurbh é praghas onnmhairiúcháin an PCN sin an praghas ab ísle toisc gurbh é Nanshan Europe amháin a dhíol an PCN sin agus, dá bhrí sin, go ndearna cur i bhfeidhm neamhdhleathach líomhnaithe Airteagal 2(9) difear dó.

    (599)

    I ndáil leis an méid sin, mheas an Coimisiún gur cheart an coigeartú atá le déanamh ar spriocphraghas thionscal an Aontais a bheith bunaithe ar na difríochtaí i bpraghsanna a thugtar faoi dearadh ar mhargadh an Aontais toisc gur cheart don spriocphraghas, go bunúsach, léiriú a thabhairt ar an bpraghas ba cheart do thionscal an Aontais a bhaint amach in éagmais allmhairí dumpáilte ar a mhargadh intíre. Dá bhrí sin, measadh nárbh iontaofa an tagairt do dhifríochtaí sa ghnáthluach is infheidhme sa tír lena mbaineann. Chomh maith leis sin, mar atá luaite i Roinn 3.4, rinneadh amach go ndearnadh praghsanna onnmhairiúcháin Nanshan a dhumpáil. Dá bhrí sin, measadh nárbh iontaofa ach oiread an tagairt do dhifríochtaí i bpraghsanna onnmhairiúcháin dumpáilte.

    (600)

    In éagmais eilimintí nua nó frisnéisí maidir leis an tuarascáil CRU a líomhnaítear a bheith ann, deimhníodh torthaí an Choimisiúin. Chomh fada agus a bhaineann leis an tagairt don tuarascáil ó ITC, cé go bhfuil an chaoi ar ríomh Nanshan an difríocht sna praghsanna doiléir toisc nach raibh aon fhoirmle sna ríomhanna a lig don Choimisiún an chaoi a ndearnadh an chomparáid a thuiscint, thug an Coimisiún dá aire go raibh baint ag na sonraí dá dtagraítear leis an tréimhse 2011-2015, tréimhse a raibh difríochtaí suntasacha ann i gcomparáid le tréimhse an imscrúdaithe nó leis an tréimhse faoi bhreathnú. Maidir leis an modh a mhol Nanshan, ba chóir a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh a d’úsáid an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna chun an coigeartú a ríomh i gcomhréir leis an moladh a rinne Nanshan ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach. I ndáil leis an méid sin, níor mheas an Coimisiún nach raibh aon luach ar na ríomhanna sin. Ina ionad sin, dheimhnigh siad cinneadh an Choimisiúin maidir le leibhéal na gearrdhíola i gcás an PCN áirithe sin. A mhéid a bhaineann le praghas onnmhairiúcháin an PCN atá i gceist, ba cheart a thabhairt faoi deara, fiú mura gcuirfí coigeartú Airteagal 2(9) i bhfeidhm, go bhfanfadh praghas onnmhairiúcháin an PCN sin faoi i bhfad faoi bhun mheánphraghas onnmhairiúcháin PCNanna eile arna n-onnmhairiú ag Nanshan, beag beann ar an gcainéal díolacháin a úsáidtear, agus freisin faoi bhun mheánphraghas onnmhairiúcháin PCNanna a onnmhairítear go heisiach trí Nanshan Europe. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (601)

    Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Nanshan gur cheart go mbeadh leibhéal coigeartaithe trádála déanta ag an gCoimisiún mar go raibh [95-100] % dá dhíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ceaptha do dháileoirí a ngearrann sé praghsanna níos ísle orthu ná ar úsáideoirí deiridh. Chun tacú fianaise a chur lena mhaíomh, rinne Nanshan comparáid ar an bpraghas aonaid CAL atá ar an PCN céanna a dhíoltar le dáileoirí agus le húsáideoirí deiridh. Mhaígh Nanshan gur dhíol tionscal an Aontais an táirge faoi imscrúdú le húsáideoirí deiridh den chuid is mó.

    (602)

    I ndáil leis an méid sin, thug an Coimisiún dá aire nach raibh na cainníochtaí a dhíol Nanshan le dáileoirí agus le húsáideoirí deiridh i gcás an PCN áirithe sin inchomparáide ós rud é go bhfuil líon an-bheag i gceist leis na díolacháin le húsáideoirí deiridh agus nach bhféadfaí brath orthu dá bhrí sin chun comparáid fhiúntach a dhéanamh. Thairis sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(10)(d), níor chuir Nanshan fianaise ar fáil a thacaíonn le difríochtaí comhsheasmhacha sainiúla i bhfeidhmeanna agus i bpraghsanna an díoltóra le haghaidh na leibhéal trádála éagsúla. Mar shampla, níor chuir Nanshan fianaise ar fáil gur thabhaigh sé costais bhreise dá dhíolacháin le húsáideoirí deiridh, amhail costais mhargaíochta nó costais seirbhíse do chustaiméirí, rud a thabharfadh bonn cirt do phraghas díola níos airde le húsáideoirí deiridh. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    (603)

    Mhaígh Airoldi, i bhfianaise an mhéadaithe ar phraghsanna LME agus ar phraghsanna iompair, go rachadh praghsanna Síneacha ar AFRPanna os cionn na bpraghsanna Eorpacha atá ann i láthair na huaire mar thoradh ar dhleachtanna a fhorchur ar bhonn ad valorem agus go gcruthófaí éagothroime i gcomhthéacs na heaspa a líomhnaítear a bheith ann san acmhainneacht táirgeachta.

    (604)

    Mheas an Coimisiún gurbh í dleacht ad valorem an cineál dleachta is iomchuí chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe agus rinne sé tagairt arís dá chonclúid maidir le cothromaíocht na leasanna in aithris (554).

    (605)

    Maidir leis an gcorrlach iarmharach, mar a mhínítear in aithris (380) thuas, dearbhaíodh na torthaí in aithris (289) agus aithris (473) den Rialachán sealadach, is é sin go bhfuil leibhéal an chomhair íseal. Dá bhrí sin, shocraigh an Coimisiún an corrlach iarmharach ar leibhéal an chorrlaigh ghearrdhíola is airde a suíodh i gcás cineál táirge arna dhíol i gcainníochtaí ionadaíocha in AE-27 ag táirgeoir onnmhairiúcháin leis an gcorrlach gearrdhíola is airde a aimsítear. Ar an mbonn sin, agus barúlacha á gcur san áireamh maidir leis na ríomhanna gearrdhíola i gcás ina bhfuil údar cuí leis, socraíodh an corrlach gearrdhíola iarmharach ar leibhéal 24,6 %.

    Cuideachta

    Corrlach dumpála cinntitheach

    Corrlach gearrdhíola cinntitheach

    Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

    72,1  %

    14,3  %

    Nanshan Group

    Shandong Nanshan Aluminium Co., Ltd.,

    Yantai Nanshan Aluminum New Material Co., Ltd.,

    Longkou Nanshan Aluminum Rolling New Material Co., Ltd.,

    Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

    55,5  %

    19,1  %

    Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

    23,7  %

    21,4  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    44,5  %

    19,0  %

    Gach cuideachta eile

    88,0  %

    24,6  %

    (606)

    Ar bhonn an mhéid thuas, is mar a leanas a shocraítear na rátaí ar a bhforchuirfear na dleachtanna sin:

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála chinntitheach

    Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

    14,3  %

    Nanshan Group

    Shandong Nanshan Aluminium Co., Ltd.,

    Yantai Nanshan Aluminum New Material Co., Ltd.,

    Longkou Nanshan Aluminum Rolling New Material Co., Ltd., Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

    19,1  %

    Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

    21,4  %

    Cuideachtaí comhoibríocha eile

    19,0  %

    Gach cuideachta eile

    24,6  %

    (607)

    Is ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe sin a suíodh na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe a mhéid a bhaineann leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

    (608)

    Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí dá éis sin ainm a heintitis. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (98). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar Rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (609)

    Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a sholáthar d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

    (610)

    Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

    (611)

    Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é an méadú sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

    (612)

    Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála “gach cuideachta eile” ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe.

    7.4.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

    (613)

    De réir Airteagal 10(3) den bhun-Rialachán, i gcás ina mbeadh na rátaí dleachta cinntitheacha ní b’ísle ná na rátaí dleachta sealadacha, ba cheart, de ghnáth, na méideanna a urraítear de bhreis ar na rátaí dleachta frithdhumpála cinntitheacha a scaoileadh.

    (614)

    Faoi Airteagal 10(2), áfach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin gan dleachtanna sealadacha a bhailiú ar chor ar bith i gcúinsí áirithe. Sa chás seo, ar na cúiseanna céanna as ar tháinig an fhionraí shealadach (féach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1788 ón gCoimisiún (99), “an Cinneadh maidir le fionraí”), chruthódh bailiú na ndleachtanna sealadacha ualach breise gan bonn cirt leis, go háirithe ar allmhaireoirí agus úsáideoirí an Aontais gan faoiseamh breise a thabhairt do thionscal an Aontais. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, nár cheart na méideanna a urraíodh leis an dleacht frithdhumpála shealadach arna forchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach.

    (615)

    Tar éis an dara nochtadh deiridh breise, chuir trádálaí agus ceathrar úsáideoirí in iúl go dtacaíonn siad le rún an Choimisiúin gan dleachtanna sealadacha a bhailiú, agus chuir EA agus Elval ina choinne.

    (616)

    Ar an gcéad dul síos, maidir leis an sprioc-am 1 lá oibre amháin chun barúil a thabhairt ar an tsaincheist sin, dhearbhaigh EA gur sháraigh an sprioc-am a chearta cosanta. Ar an dara dul síos, theip air a thuiscint conas is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-aisíocfaidh sé na dleachtanna frithdhumpála sealadacha tráth nach bhfuair sé barúlacha ó thionscal an Aontais fiú faoina rún na bearta a chur ar fionraí. Ar an tríú dul síos, ós rud é go bhfuil an Cinneadh maidir le fionraí féin curtha ó bhail ag earráidí follasacha measúnaithe agus sárú ar chearta nós imeachta, bhí an rún gan dleachtanna sealadacha a bhailiú neamhdhleathach freisin. Thacaigh Elval leis an tríú barúil freisin.

    (617)

    Maidir leis an gcéad phointe, thug an Coimisiún faoi deara nach sonraítear sa bhun-Rialachán ná i gCuid 6 den Fhógra Tionscnaimh sprioc-am sonrach le haghaidh nochtuithe deiridh breise ach go bhfágann sé an rogha don Choimisiún an sprioc-am a shocrú. I bhfianaise na contrártha ama a bhí ag an imscrúdú agus an t-inneachar íosta a bhfuil barúil le tabhairt faoi (dhá aithris ar níos lú ná leathanach amháin), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an sprioc-am 1 lá amháin fós réasúnach. Go deimhin, bhí na páirtithe leasmhara uile in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an bpointe simplí sin laistigh den sprioc-am atá leagtha síos. Dá bhrí sin, níor sáraíodh na cearta cosanta.

    (618)

    Ar an dara pointe, thug an Coimisiún faoi deara nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ann fanacht ar bharúlacha na bpáirtithe leasmhara i ndáil leis an gCinneadh maidir le fionraí roimh an rún a nochtadh gan dleachtanna sealadacha a bhailiú. Go deimhin, nochtadh a rúin gan na dleachtanna sealadacha a bhailiú go cinntitheach, ní dhéanann sin réamhbhreith ar chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin maidir leis an ábhar seo ná maidir leis na bearta a chur ar fionraí. Nochtadh an dá dhréachtghníomh dlí i gceart agus d’fhéadfaí iad a mhodhnú tar éis barúlacha a fháil má bhíonn údar cuí leis.

    (619)

    Ar an tríú pointe, thug an Coimisiún faoi deara nár chuir EA in aghaidh an rúin gan dleachtanna sealadacha a bhailiú ann féin ach díreach in aghaidh an naisc a rinneadh leis an dréacht-Chinneadh maidir le fionraí. Toisc gur tháinig sé ar an gconclúid sa Chinneadh ar leith maidir le fionraí go dtéann na heilimintí ar fad atá ar fáil dó i bhfabhar na fionraí sin, agus na barúlacha uile a fuarthas á gcur san áireamh, tá an tríú maíomh gan agóid.

    (620)

    Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh éifeacht athchomhairleach ag forchur na mbeart sealadach ar leibhéal na n-allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. I bhfianaise an leibhéil laghdaithe sin, mheas an Coimisiún nach ndéanfadh neamhbhailiú na ndleachtanna sealadacha dochar do thionscal an Aontais ná nach mbainfeadh sé an bonn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart cinntitheach.

    8.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    (621)

    I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (100), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ar an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

    (622)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Gan dochar d’Airteagal 2, forchuirtear leis seo dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí alúmanaim, cothrom-rollta, bídís cóimhiotalaithe nó ná bíodh, bídís saoirsithe thairis sin seachas cothrom-rollta nó ná bíodh, gan taca, gan sraitheanna inmheánacha d’ábhar eile,

    i gcornaí nó i stiallacha corntha, i leatháin gearrtha go fad, nó i bhfoirm chiorcal; atá 0,2 mm nó níos mó ach nach mó ná 6 mm, ar tiús,

    i bplátaí, ar mó ná 6 mm ar tiús,

    i gcornaí nó i stiallacha corntha, nach lú ná 0,03 mm ach ar lú ná 0,2 mm ar tiús,

    a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7606 11 10 (cóid TARIC 7606111025, 7606111086), ex 7606 11 91 (cóid TARIC 7606119125, 7606119186), ex 7606 11 93 (cóid TARIC 7606119325, 7606119386), ex 7606 11 99 (cóid TARIC 7606119925, 7606119986), ex 7606 12 20 (cóid TARIC 7606122025, 7606122088), ex 7606 12 92 (cóid TARIC 7606129225, 7606129293), ex 7606 12 93 (cóid TARIC 7606129386), ex 7606 12 99 (cóid TARIC 7606129925 agus 7606129986), ex 7606 91 00 (cóid TARIC 7606910025, 7606910086), ex 7606 92 00 (cóid TARIC 7606920025, 7606920092), ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607119048, 7607119051, 7607119053, 7607119065, 7607119073, 7607119075, 7607119077, 7607119091, 7607119093) agus ex 7607 19 90 (cóid TARIC 7607199075, 7607199094) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Sine iad.

    2.   Rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:

    Cuideachta

    Ráta dleachta frithdhumpála cinntithí (%)

    Cód breise TARIC

    Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

    14,3  %

    C610

    Nanshan Group

    Shandong Nanshan Aluminium Co., Ltd.,

    Yantai Nanshan Aluminum New Material Co., Ltd.,

    Longkou Nanshan Aluminum Rolling New Material Co., Ltd.,

    Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

    19,1  %

    C611

    Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

    21,4  %

    C612

    Cuideachtaí comhoibríocha eile (Iarscríbhinn)

    19,0  %

     

    Gach cuideachta eile

    24,6  %

    C999

    3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a bheith curtha faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dearbhú a bheith air arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, ar oifigeach é a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, agus ní mór an dearbhú a dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é [sa tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo”. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

    4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

    Airteagal 2

    1.   Eisiafar na táirgí seo a leanas ón táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1):

    Stoc coirp canna dí alúmanaim, stoc deiridh agus stoc cluaisín.

    Táirgí a thagann faoi láthair faoi chóid TARIC 7607119044 agus 7607119071.

    Táirgí alúmanaim, cóimhiotalaithe, nach lú ná 0,2 mm agus nach mó ná 6 mm ar tiús, lena n-úsáid mar phainéil choirp i dtionscal na gcarranna.

    Táirgí alúmanaim, cóimhiotalaithe, nach lú ná 0,8 mm ar tiús, lena n-úsáid chun páirteanna aerárthaí a mhonarú.

    2.   Beidh an táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1) díolmhaithe ó dhleacht frithdhumpála chinntitheach má allmhairítear é lena úsáid i dtáirgeadh painéal comhchodach alúmanaim agus má chomhlíonann sé na saintréithe teicniúla seo a leanas

    Cornaí alúmanaim leibhéalta teannais

    Corna teorollta

    Bailchríoch mhuilleáilte

    Leithead: ó 800 mm suas go 2 050 mm

    Tiús: 0,20 mm suas go 0,5 mm

    Lamháltas ar thiús: +/- 0,01 mm

    Lamháltas ar leithead: + 1,50/- 0,00 mm

    Cóimhiotail: 5005, 3105

    Faghairt: h14, h16, h24, h26

    Uastonnairde: uasmhéid 3 in 1 000 mm

    3.   Beidh na heisiaimh faoi mhír 1, fleasc 3 agus fleasc 4 agus an díolúine faoi mhír 2 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha custaim an Aontais maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh, go háirithe Airteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (101) (Cód Custaim an Aontais).

    Airteagal 3

    Ní bhaileofar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582.

    Airteagal 4

    D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    ní dhearna sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn thréimhse an imscrúdaithe (an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020);

    (b)

    níl baint aige le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

    (c)

    tá an táirge lena mbaineann onnmhairithe aige i bhfírinne nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  IO C 268, 14.8.2020, lch. 5.

    (3)  Féacha aithrisí (488) go (489) den Rialachán sealadach.

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 124, 12.4.2021, lch. 40).

    (5)  t21.000389.

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2213 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 ón gCoimisiún lena leathnaítear an dleacht fhrithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá modhnaithe beagán (IO L 316, 1.12.2017, lch. 17).

    (7)  Féach doiciméid t21.004505 agus t21.004607.

    (8)  Féach doiciméad t21.004606.

    (9)  Doiciméid t21.004496, t21.004676, t21.005226, t21.005296.

    (10)  Doiciméad t21.004304 an 2 Meitheamh 2021.

    (11)  Cuisniúchán Aerchóirithe le haghaidh Aeráil Téimh (HVACR).

    (12)  http://www.eurofoil.com/our_products/automotive_industrial.html

    (13)  Photo USA Electronic Graphic v An Chomhairle, Cás T-394/13, EU:T:2014:964, mír. 41.

    (14)  Portmeirion Group UK, Cás C-232/14, EU:C2016:180, míreanna. 40-47.

    (15)  Yingli Energy (China) v An Chomhairle, Cás T-160/14, EU:T:2017:125, míreanna. 111-114.

    (16)  Cás M.9560 – Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Gränges/Impexmetal de bhun Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc AE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1) agus Airteagal 57 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (23.9.2020 C(2020) 6652 final), ar fail ag: https://ec.europa.eu/ competition/mergers/cases1/202050/m9560_488_3.pdf

    (17)  Féach doiciméad t21.000866.

    (18)  Féach doiciméad t21.004336.

    (19)  t21.000866 agus t21.004336.

    (20)  Mar gheall ar íogaireacht roinnt figiúirí, cuireadh i láthair iad ag baint úsáid as raonta.

    (21)  Sainmhíníonn LMC é féin gurb é is mó is féidir an réamhaisnéis dhomhanda neamhspleách atá dírithe go heisiach ar gluaisteáin a thabhairt agus dá réir gurb é soláthróir seirbhíse faisnéise margaidh maidir le díolacháin mótarfheithiclí, táirgeadh, gléasra cumhachta agus leictriú.

    (22)  Féach doiciméad t21.001354.

    (23)  Foinse IHS - 2020M06.

    (24)  https://www.bcg.com/publications/2021/why-evs-need-to-accelerate-their-market-penetration

    (25)  Féach doiciméad T21.004336.

    (26)  Féach doiciméad t21.004298.

    (27)  Féach doiciméad t21.001354.

    (28)  Féach doiciméad t21.003632.

    (29)  Féach doiciméad T21.005701.

    (30)  Ducker, The Electrification Trend’s Impact on the Aluminum Industry, https://ducker.com/the-electrification-trends-impact-on-the-aluminum-industry/

    (31)  Shainaithin an Coimisiún na monaróirí AHEX seo a leanas sa Tuirc, sa Rúis agus sa Ríocht Aontaithe: www.yetsan.com.tr, https://www.denso.com/tr/en/about-us/company-information/dntr/, https://www.akg-turkey.com/en/akg-group/about-akg-turkey/, https://www.oris.com.tr/, https://www.hanonsystems.com/En/Company/Network#tab1-3 agus https://karyergroup.com/ (An Tuirc); https://www.ugmk.com/en/activities/radiators/, http://www.trm-nn.ru/ru/produktciya/ agus https://luzar.ru/en/about/ (An Rúis); agus https://www.mahle.com/en/about-mahle/locations/great-britain.jsp; https://www.denso.com/uk/en/about-us/company-information/dmuk/ agus https://www.alutec.co.uk/ (RA)

    (32)  Féach Tábla 1, an colún leathdheireanach.

    (33)  Féach Aithris 99..

    (34)  Féach doiciméad t21.004414.

    (35)  T21.000610, t21.000866 agus t21.004336.

    (36)  Féach doiciméad t21.004298.

    (37)  Faisnéis rúnda arna soláthar ag an bpáirtí leasmhar sin ag baint úsáide as raonta.

    (38)  Faisnéis rúnda arna soláthar ag an bpáirtí leasmhar sin ag baint úsáide as raonta.

    (39)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (40)  JingAo Solar Co. Ltd, Cásanna Uamtha T-158/14, T-161/14 agus T-163/14, EU:T:2017:126, mír 93.

    (41)  Rialachán Éicidhearthóireachta 2019/1783 (IO L 272, 25.10.2019, lch. 107).

    (42)  Nagata, Toilleoirí Leictrealaíocha Alúmanaim a bhfuil Catóidí Leachtacha Leictrilíte acu, lgh. 120-137.

    (43)  IO L 216, 18.6.2021, lch. 142.

    (44)  Aithrisí (303) go (306).

    (45)  An raon a mbaintear úsáid as chun rúndacht na faisnéise a áirithiú.

    (46)  Féach e.g. breithiúnas an 28 Feabhra 2018 i gCás C-301/16 P, An Coimisiún v Xinyi PV Products (Anhui), ECLI:EU:C:2018:132, mír 56.

    (47)  De réir alt ar shuíomh gréasáin an Lár-Choimisiúin um Smacht agus Cigireacht: “Sa traidisiún stairiúil Síneach, is coincheap leathan i gcónaí é ‘rialtas’ a bhfuil freagrachtaí neamhtheoranta air. Faoi cheannaireacht an Pháirtí, ní roinneann an Páirtí agus an rialtas ach an obair, agus níl aon scaradh idir an Páirtí agus an rialtas. Beag beann ar cibé acu Comhdháil Náisiúnta an Phobail, Comhdháil Chomhairleach Pholaitiúil an Phobail Síneach, nó an ‘rialtas amháin agus dhá theach’, ní mór dóibh go léir cinntí agus socruithe Choiste Lárnach an Pháirtí a chur chun feidhm, a bheith freagrach do na daoine agus a bheith faoi réir a maoirseacht. Baineann na comhlachtaí uile a fheidhmíonn cumhacht an stáit faoi cheannaireacht aonair an Pháirtí le catagóir an rialtais ghinearálta.” ar fáil ag: https://www.ccdi.gov.cn/special/zmsjd/zm19da_zm19da/201802/t20180201_163113.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 16 Meitheamh 2021).

    (48)  Féach sampla Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua, an 15 Meán Fómhair 2020. Roinn II.4: “Ní mór dúinn cumas foriomlán an Pháirtí a mhéadú chun bheith i gceannas ar obair Aontach na hearnála príobháidí agus dlús a chur go héifeachtach leis an obair sa réimse seo”, Roinn III.6: “Ní mór dúinn dlús breise a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus cur ar chumas chealla na bPáirtithe a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus cur ar chumas do chomhaltaí an Pháirtí a gcuid rólanna a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaí”, Roinn VII.26: “Institiúidí agus sásraí ceannaireachta a fheabhsú. Ní mór do choistí an pháirtí ar gach leibhéal a bheith ag brath ar an obair a dhéanann grúpaí stiúrtha United Front chun grúpaí a chur ar bun agus feabhas a chur ar na sásraí chun comhordú a dhéanamh ar an obair sin san earnáil phríobháideach, agus staidéar, pleanáil agus cur chun cinn rialta a dhéanamh ar an obair ar bhealach comhordaithe. Ní mór dúinn a chur ar chumas ranna oibre Fhronta Aontaithe Choistí an Pháirtí a róil cheannródaíocha agus chomhordúcháin a fheidhmiú go hiomlán agus cur ar chumas cónaidhmeanna tionscail agus tráchtála a gcuid rólanna nasctha agus cuidithe a dhéanamh in obair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach.” Ar fáil ag: http://www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm

    (49)  Féach an t-airteagal “Níl comhshamhail ról na bhfiontar faoi úinéireacht stáit le fáil”, a foilsíodh an 29 Samhain 2018, ar fáil ag: http://www.gov.cn/xinwen/2018-11/29/content_5344296.htm

    (50)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála críochnaitheacha ar allmhairí earraí áirithe d’alcóil pholaivinile ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1), aithris (190).

    (51)  https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3859598/5902521/KS-RA-07-015-EN.PDF.pdf/dd5443f5-b886-40e4-920d-9df03590ff91?t=1414781457000

    (52)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L:2020:361:FULL&from=EN

    (53)  Cuireadh isteach mar Iarscríbhinn 1 a ghabhann le barúlacha an Nanshan Group ar an gCéad nóta i gcomhad (t.20.0006989).

    (54)  Malartán Miotail Londan: Sonraí stairiúla le haghaidh todhchaí airgeadsocraithe (lme.com).

    (55)  Is alúmana miotalóireachta an alúmana ar baineadh úsáid as chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh.

    (56)  D’fhéadfadh tinní alúmanaim a bheith mar amhábhair na céime próiseála roimh corna teorollta freisin.

    (57)  Aithris (479) den Rialachán sealadach.

    (58)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i ndiaidh athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 63), aithris (122).

    (59)  Europa - RAMON - Liosta Mionsonraí Aicmiúcháin.

    (60)  Europa - RAMON - Radharc Ainmníochta Mionsonraithe.

    (61)  Europa - RAMON - Radharc Ainmníochta Mionsonraithe.

    (62)  Cost of Doing Business - Invest in Turkey.

    (63)  P.M.S. Metal Profil Aluminyum Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi (Iarscríbhinn IIIa den Nóta ar chomhad an 5 Deireadh Fómhair 2020).

    (64)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 336, 13.10.2020, lch. 8), aithris (171).

    (65)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí den scragall tiontaire alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 216, 18.6.2021, lch. 142), aithris (182).

    (66)  Ag brath ar an tomhailt.

    (67)  Ag brath ar an tomhailt.

    (68)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/957 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2017 lena bhfoirceanntar na himeachtaí frithdhumpála ar allmhairí den aigéad teireaphtailíteach agus na salainn a ghabhann leis dar tionscnamh Poblacht na Coiré (IO L 144, 6.6.2017, lch. 21), aithrisí (37)-(41).

    (69)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, An tSín – Bearta lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar fheadáin chruach dhosmálta gan uaim ardfheidhmíochta (“HP-SSST”) ón tSeapáin agus ón tSín – Bearta lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar fheadáin chruach dhosmálta gan uaim ardfheidhmíochta (“HP-SSST”) ón Aontas Eorpach, WT/DS454/AB/R; WT/DS460/AB/R, mír 5.5212.

    (70)  Doiciméad t21.004724 an 22 Meitheamh 2021.

    (71)  IO C 36, 2.2.2021, lch. 18.

    (72)  Doiciméad t21.005709 an 20 Bealtaine 2021 agus t21.004937 an 25 Bealtaine 2021.

    (73)  Doiciméad t21.004414 an 9 Meitheamh 2021.

    (74)  Doiciméad t21.005708 ina bhfuil malartuithe ríomhphoist an 9 agus an 10 Meitheamh 2021.

    (75)  Doiciméad t21.005704 an 12 Meitheamh 2021.

    (76)  Doiciméad t21.005705 an 15 Meitheamh 2021.

    (77)  Doiciméad t21.005708 ina bhfuil malartuithe ríomhphoist an 9 agus an 10 Meitheamh 2021.

    (78)  Féach doiciméad t21.004724 an 22 Meitheamh 2021.

    (79)  Mar a mhínítear an scéal in aithris (329) den Rialachán sealadach, is minic a úsáidtear praghas reatha 3 mhí LME (“LME”) (EUR/tona) mar phointe tagartha chun praghas deiridh ARFPanna a chaibidliú, rud a léiríonn praghas an alúmanaim mar amhábhar.

    (80)  Breithiúnas an 11 Iúil 2017 , Viraj Profiles, T-67/14, ECLI:EU:T:2017:481, mír 99.

    (81)  https://www.elval.com/en/media-elvals-new-tandem-mill-has-successfully-initiated-operations; https://aludium.com/aludium-alicante-invests-in-the-future/; arna rochtain an 20 Meitheamh 2021.

    (82)  Shanghai Futures Exchange.

    (83)  P. Desai, “Russia's aluminium export tax fuels price surge on spot marke”, Reuters, 7 Iúil 2021, ar fáil anseo: https://www.reuters.com/article/us-metals-aluminium-russia-graphic/russiasaluminium-export-tax-fuels-price-surge-on-spot-market-idUSKCN2ED10H arna bhreathnú air an 30 Iúil 2021

    (84)  Féach an gearán, lch. 30.

    (85)  Cás T-383/17, Hansol Paper Co. Ltd v European Commission [Hansol Paper Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach], Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 2 Aibreán 2020, EU:T:2020:139, míreanna 196, 199, 201, 203 agus 205.

    (86)  Cás T-301/16, Jindal Saw Ltd and Jindal Saw Italia SpA v European Commission [Jindal Saw Ltd agus Jindal Saw Italia SpA v an Coimisiún Eorpach], Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 10 Aibreán 2019, EU:T:2019:234, mír 188.

    (87)  Is léir an méid sin ó mhíreanna 164-169 den bhreithiúnas sin ina luaitear go mbaineann na hargóintí a thug an t-iarratasóir chun cinn le díobháil agus nasc cúisíoch a bheith ann (Airteagal 1 agus Airteagal 3 den bhun-Rialachán) agus ní leis an oiread a bhí an corrlach díobhála faoin gcorrlach dumpála nó leis an gcaoi ar ríomhadh an corrlach gearrdhíola.

    (88)  Bhí líon ní b’airde allmhairí ag Nanshan trí eintitis ghaolmhara (thart ar [30-50] %) ach níor úsáideadh i bhfírinne ach [25-35] % d’iomlán na n-allmhairí chun na ríomhanna gearrdhíola a dhéanamh toisc nach raibh an chuid eile ag teacht leis na cineálacha táirgí a dhíolann tionscal an Aontais.

    (89)  Cás T-107/08, Transnational Company “Kazchrome” AO and ENRC Marketing AG v Council and Commission [Transnational Company “Kazchrome” AO agus ENRC Marketing AG v an Chomhairle agus an Coimisiún], EU:T:2011:704.

    (90)  Cás T-443/11, Gold East Paper (Jiangsu) Co. Ltd and Gold Huasheng Paper (Suzhou Industrial Park) Co. Ltd v Council [Gold East Paper (Jiangsu) Co. Ltd agus Gold Huasheng Paper (Suzhou Industrial Park) Co. Ltd v an Chomhairle], EU:T:2014:774, mír 245; Cás T-210/95, European Fertilizer Manufacturers’ Association (EFMA) v Council [Comhlachas Eorpach na Monaróirí Leasacháin (EFMA) v an Chomhairle], EU:T:1999:273, mír 60.

    (91)  Tuarascáil Painéil, Russia – Commercial Vehicles, WT/DS479/R, mír 7.61.

    (92)  Cás T-383/17, Hansol Paper Co. Ltd v European Commission [Hansol Paper Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach], Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 2 Aibreán 2020, EU:T:2020:139.

    (93)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, China – GOES, WT/DS414/AB/R an 18 Deireadh Fómhair 2012, mír 200.

    (94)  Tuarascáil Painéil, China – Autos, WT/DS339/R, WT/DS340/R, WT/DS342/R, an 18 Iúil 2008, mír 7 227.

    (95)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Márta 2020, Cás T-835/17, Eurofer, EU:T:2020:96, mír 143.

    (96)  Tuarascálacha Painéil , China – X-Ray Equipment, WT/DS425/R, mír 7 50, agus China – Broiler Products, WT/DS427/R, mír 7 476.

    (97)  Tuarascáil Painéil, China – Goes (DS414), WT/DS414/R an 15 Meitheamh 2012, mír 7 530.

    (98)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht H, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.

    (99)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1788 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair lena gcuirtear ar fionraí dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (Féach leathanach 105 den Iris Oifigiúil seo).

    (100)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (101)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha nach ndearnadh a shampláil

    Ainm

    Cód breise TARIC

    Southwest Aluminium (Group) Co., Ltd

    C613

    Jiangsu Dingsheng New Materials Joint-Stock Co., Ltd

    C614

    Shanghai Huafon Aluminium Corporation

    C615

    Alnan Aluminium Inc.

    C616

    Yinbang Clad Material Co., Ltd.

    C617

    Jiangsu Metcoplus Industry Intl. Co., Ltd.

    C618

    Dalishen Aluminum CO., Ltd

    C619

    Binzhou Hongbo Aluminium Foil Technology Co., Ltd.

    C620

    Yong Jie New Material Co., Ltd.

    C621

    Chalco Ruimin Co., Ltd.

    C622

    Luoyang Wanji Aluminium Processing Co., Ltd.

    C623

    Jiangyin Dolphin Pack Limited Company

    C624

    Henan Xindatong Aluminum Industry Co., Ltd.

    C625

    Zhejiang Yongjie Aluminum Co., Ltd.

    C626

    Jiangsu Zhongji Lamination Materials Co., Ltd.

    C627

    Zhengzhou Guandong Aluminum Industry Co., Ltd.

    C628


    Top