This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0419
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/419 of 9 March 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2018/2019 as regards certain plants for planting of Jasminum polyanthum Franchet originating in Israel and adapting Combined Nomenclature codes for Ullucus tuberosus and amending Implementing Regulation (EU) 2020/1213 as regards the phytosanitary measures for the introduction of those plants for planting into the Union territory
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/419 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 maidir le plandaí áirithe a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum Franchet de thionscnamh Iosrael agus lena n-oiriúnaítear cóid Ainmníochta Comhcheangailte le haghaidh Ullucus tuberosus agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin a bhfuiltear lena gcur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/419 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 maidir le plandaí áirithe a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum Franchet de thionscnamh Iosrael agus lena n-oiriúnaítear cóid Ainmníochta Comhcheangailte le haghaidh Ullucus tuberosus agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin a bhfuiltear lena gcur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
C/2021/1484
IO L 83, 10.3.2021, p. 6–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
10.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 83/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/419 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 maidir le plandaí áirithe a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum Franchet de thionscnamh Iosrael agus lena n-oiriúnaítear cóid Ainmníochta Comhcheangailte le haghaidh Ullucus tuberosus agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin a bhfuiltear lena gcur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(3) agus an chéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031. |
(2) |
Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile sin a mbaineann ardriosca leo. |
(3) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 35 phlanda a bhfuiltear lena gcur de thionscnamh gach tríú tír san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo, agus tá an géineas Jasminum L. ar cheann acu. |
(4) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031, má fhaightear ina leith, bunaithe ar mheasúnú riosca, go mbaineann riosca lotnaidí do-ghlactha le planda, táirge planda nó réad eile de thionscnamh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó limistéar sonrach den tríú tír lena mbaineann, ach go bhféadfaí an riosca sin a laghdú go leibhéal inghlactha trí bhearta áirithe a chur i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún an planda, an táirge planda nó an réad eile sin a bhaint den liosta a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus é a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2016/2031. |
(5) |
Ina theannta sin, leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (4) na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais. |
(6) |
An 25 Meán Fómhair 2019, chuir Iosrael iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gearrthóga gan fréamhacha de phlandaí a bhfuiltear lena gcur de chuid Jasminum polynathum Franchet (“na plandaí sonraithe”) a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil lena mbaineann isteach leis. |
(7) |
An 12 Lúnasa 2020, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Jasminum polyanthum a bhfuiltear lena gcur de thionscnamh Iosrael (5). Shainaithin an tÚdarás Scirtothrips dorsalis, Aonidiella orientalis, Milviscutulus mangiferae, Paracoccus marginatus, Pulvinaria psidii agus Colletotrichum siamense (“na lotnaidí sonraithe”) mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin a bhfuiltear lena gcur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis na lotnaidí sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh siad saor ó lotnaidí. |
(8) |
Ar bhonn na tuairime sin, meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach i gcríoch an Aontais laghdaithe go leibhéal inghlactha i dtaca le gearrthóga gan fréamhacha de phlandaí a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum Franchet, de thionscnamh Iosrael, ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm bearta maolaithe iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin a bhfuiltear lena gcur. |
(9) |
Áirithítear leis na bearta sin a glacadh mar cheanglais fíteashláintíochta maidir le hallmhairiú, cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí sonraithe sin inti. Dá bhrí sin, níor cheart gearrthóga gan fréamhacha de phlandaí a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum de thionscnamh Iosrael a mheas a thuilleadh gur plandaí iad a mbaineann ardriosca leo, agus ba cheart iad a bhaint den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
(10) |
Na bearta a ndéanann Iosrael tuairisc orthu sa sainchomhad, meastar gur leor iad chun an riosca a laghdú maidir le tabhairt isteach na bplandaí sonraithe i gcríoch an Aontais go leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta arna nglacadh leis an Rialachán sin a bheith bunaithe ar na bearta sin a ndéanann Iosrael cur síos orthu sa sainchomhad. |
(11) |
Tá Scirtothrips dorsalis liostaithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (6). Níl Aonidiella orientalis, Milviscutulus mangiferae, Paracoccus marginatus, Pulvinaria psidii agus Colletotrichum siamense ar liosta lotnaidí coraintín an Aontais de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 fós, ach d’fhéadfaidís na coinníollacha a chomhlíonadh le bheith san áireamh tar éis measúnú riosca iomlán breise a dhéanamh. Ar an gcúis sin, tá gá le bearta fíteashláintíochta i dtaca leis na lotnaidí sin, go dtí go ndéanfar measúnú iomlán. |
(12) |
Ba cheart dá bhrí sin, Iarscríbhinn nua a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, chun na bearta fíteashláintíochta sin a áireamh. |
(13) |
Ba cheart a áireamh inti freisin athliostú na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile lena mbaineann in ord aibítre, chun inléiteacht an liosta sin a éascú. |
(14) |
Léiríodh leis an taithí a fuarthas leis na rialuithe allmhairiúcháin tar éis dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/2019 go bhfuil gá le roinnt cód sa bhreis ón Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (7) a áireamh i bpointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin chun na tráchtearraí uile a thrádáiltear mar phlandaí Ullucus tuberosus a chumhdach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
(15) |
Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le cur i bhfeidhm bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chomhlíonadh, ba cheart go leanfaí ar aghaidh le hallmhairiú na dtráchtearraí sin a luaithe is féidir. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta chun plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).
(5) Painéal EFSA PLH (An Painéal um Shláinte Plandaí de chuid EFSA), Tuairim Eolaíoch ar an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Jasminum polyanthum de thionscnamh Iosrael. [Iris EFSA] 2020;18(8):6225, 78 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6225.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(7) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar a leanas:
(a) |
i bpointe 1, sa dara colún “Tuairisc”, cuirtear na focail “Jasminum L., seachas gearrthóga gan fréamhacha de phlandaí a bhfuiltear lena gcur de Jasminum polyanthum Franchet de thionscnamh Iosrael” in ionad “Jasminum L.”; |
(b) |
i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:
|
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213:
“IARSCRÍBHINN
Liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, de thionscnamh tríú tíortha, agus na bearta comhfhreagracha chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 2
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód AC |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||||||||||||||
Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga, beangaithe nó a bhfuil bachlóga orthu, agus iad ina bplandaí a bhfuiltear lena gcur atá 1 go 3 bliana d’aois |
ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 ex 0602 90 50 |
An Nua-Shéalainn |
|
||||||||||||||||||||||||||
Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga, beangaithe nó a bhfuil bachlóga orthu, agus iad ina bplandaí a bhfuiltear lena gcur atá 1 go 3 bliana d’aois |
ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 ex 0602 90 50 |
An Nua-Shéalainn |
|
||||||||||||||||||||||||||
Albizia julibrissin Durazzini, iad ina bplandaí fréamhloma suanacha beagnaithe a bhfuiltear lena gcur, ag a bhfuil trastomhas uasta 2,5 cm |
ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 |
Iosrael |
|
||||||||||||||||||||||||||
Albizia julibrissin Durazzini, iad ina bplandaí fréamhloma suanacha beagnaithe a bhfuiltear lena gcur, ag a bhfuil trastomhas uasta 2,5 cm |
ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 |
Iosrael |
|
||||||||||||||||||||||||||
Jasminum polyanthum Franchet, iad ina ngearrthóga de phlandaí a bhfuiltear lena gcur |
ex 0602 10 90 |
Iosrael |
|
||||||||||||||||||||||||||
Robinia pseudoacacia, iad ina bplandaí fréamhloma, suanacha beagnaithe a bhfuiltear lena gcur, ag a bhfuil trastomhas uasta 2,5 cm |
ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 |
Iosrael |
|