Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0037

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2020/8386

    IO L 14, 18.1.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/37/oj

    18.1.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 14/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/37 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Nollaig 2020

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ní mór don Aontas a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar shláine agus ar fheidhmiú cuí a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Foráiltear le Treoir (AE) 2015/849 gur cheart don Choimisiún tíortha a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (“AML/CFT”) ar bagairtí suntasacha iad ar chóras airgeadais an Aontais.

    (2)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún (2) sainaithnítear tríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu. Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú i gcás inarb iomchuí i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag na tríú tíortha ardriosca sin i ndáil le deireadh a chur leis na heasnaimh straitéiseacha ina gcóras maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart don Choimisiún faisnéis nua ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó cheannródaithe caighdeán, amhail na cinn sin arna n-eisiúint ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chur san áireamh ina chuid measúnuithe.

    (3)

    I bhfianaise leibhéal ard an chomhtháthaithe sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, an dlúthnaisc idir oibreoirí margaidh, líon ard na n-idirbheart trasteorann chuig an Aontas nó ón Aontas, chomh maith le hoscailteacht an mhargaidh, meastar, dá bhrí sin, gur bagairt ar chóras airgeadais an Aontais í aon bhagairt AML/CFT ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta.

    (4)

    I gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil, go háirithe Ráitis Phoiblí FATF a rinneadh le déanaí, doiciméid FATF “Feabhas a chur ar Chomhlíonadh Domhanda AML/CFT: Ráiteas maidir le Próiseas Leanúnach”, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta maidir leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849.

    (5)

    I mí Dheireadh Fómhair 2019, shainaithin FATF an Mhongóil mar dhlínse a raibh easnaimh straitéiseacha AML/CFT aici, ar easnaimh iad a raibh plean gníomhaíochta forbartha ag an Mongóil le FATF ina leith. Ar an mbonn sin agus i gcomhréir leis an bhfaisnéis ábhartha is déanaí, de réir mheasúnú an Choimisiúin i mí na Bealtaine 2020 ba cheart an Mhongóil a mheas mar dhlínse tríú tír a raibh easnaimh straitéiseacha aici ina córas AML/CFT, easnaimh a bhí ina mbagairtí suntasacha ar chóras airgeadais an Aontais, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849. Tugadh faoi deara freisin go raibh gealltanais pholaitiúla ardleibhéil i scríbhinn curtha ar fáil ag an Mongóil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus go raibh plean gníomhaíochta forbartha aici le FATF.

    (6)

    Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún faireachán buan ar thríú tíortha agus go ndéanfadh sé measúnú ar fhorbairtí ina gcreataí dlíthiúla agus institiúideacha, ar chumhachtaí agus nósanna imeachta na n-údarás inniúil, agus ar éifeachtacht a gcóras AML/CFT, d'fhonn an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a thabhairt cothrom le dáta.

    (7)

    Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn suntasach a rinne an Mhongóil maidir le feabhas a chur ar a córas AML/CFT agus thug sé dá aire gur bhunaigh an tír sin an creat dlíthiúil agus rialála chun na gealltanais ina plean gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a bhí sainaitheanta ag FATF. Dá bhrí sin, níl an tír sin faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh mar chuid dá phróiseas leanúnach comhlíontachta AML/CFT ar an leibhéal domhanda. Leanfaidh an tír sin de bheith ag obair le Comhlachtaí Réigiúnacha de chineál FATF chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh.

    (8)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an dul chun cinn atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha na Mongóile.

    (9)

    De réir mheasúnú an Choimisiúin, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, níl easnaimh straitéiseacha ag an Mongóil a thuilleadh ina córas AML/CFT. Tá éifeachtacht a córais AML/CFT neartaithe ag an Mongóil agus tá aghaidh tugtha aici ar easnaimh theicniúla ghaolmhara chun na gealltanais ina plean gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a bhí sainaitheanta ag FATF. Tá na bearta sin cuimsitheach go leor agus comhlíonann siad na ceanglais is gá chun go measfar gur tugadh aghaidh ar easnaimh straitéiseacha a sainaithníodh faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, sa tábla faoi phointe “I. Tríú tíortha ardriosca a thug gealltanas polaitiúil ardleibhéil i scríbhinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus a bhfuil plean gníomhaíochta forbartha acu le FATF”, scriostar an líne seo a leanas:

    10

    An Mhongóil

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1).


    Top