This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1311
Commission Implementing Decision (EU) 2021/1311 of 30 July 2021 on the recognition of the Hrvatski Registar Brodova (Croatian Register of Shipping) as a classification society for inland waterway vessels in accordance with Directive (EU) 2016/1629 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1311 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 maidir le Hrvatski Registar Brodova (Longchlár na Cróite) a aithint mar chumann aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1311 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 maidir le Hrvatski Registar Brodova (Longchlár na Cróite) a aithint mar chumann aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2021/5558
IO L 284, 9.8.2021, p. 17–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
9.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1311 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2021
maidir le Hrvatski Registar Brodova (Longchlár na Cróite) a aithint mar chumann aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (1), agus go háirithe Airteagal 21(1) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Threoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gCróit maidir le Hrvatski Registar Brodova (dá ngairtear ‘HRB’ anseo feasta) a aithint mar chumann aicmiúcháin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629. |
(2) |
Tá an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá curtha isteach ag an gCróit freisin le go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil go bhfuil na critéir maidir le haitheantas á gcomhlíonadh. |
(3) |
Ós rud é go bhfuil mórchuid saineolais gnóthaithe ag an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le riachtanais theicniúla a fhorbairt agus a nuashonrú i ndáil le soithí loingseoireachta intíre, agus chun forbairt ceanglas aonfhoirmeach sa réimse seo a chothú, d’iarr an Coimisiún ar Rúnaíocht an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin tuarascáil a chur ar fáil a bheadh dírithe ar anailís theicniúil na sonraí a bhaineann leis an HRB a éascú. |
(4) |
Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas ar aitheantas, ar ina leith a chuir sé san áireamh an tuarascáil a d’ullmhaigh Rúnaíocht an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin, chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an HRB na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aithnítear Hrvatski Registar Brodova mar chumann aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN