Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0781

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas agus astaíochtaí tagartha CO2 de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2019 (Tugtar fógra faoi dhoiciméad C(2021) 3109) (Is iad na téacsanna san Ollainnis, i mBéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus sa tSualainnis atá barántúil agus iad sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3109

IO L 167, 12.5.2021, p. 47–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/781/oj

12.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 167/47


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/781 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2021

maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas agus astaíochtaí tagartha CO2 de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2019

(Tugtar fógra faoi dhoiciméad C(2021) 3109)

(Is iad na téacsanna san Ollainnis, i mBéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus sa tSualainnis atá barántúil agus iad sin amháin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) agus an dara fomhír de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí de bhun Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le feithiclí an mhonaróra sin.

(2)

Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas a bhunú ar na sonraí arna dtuairisciú maidir le feithiclí ó gach monaróir.

(3)

Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle le haghaidh gach monaróra a chinneadh agus na feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tuairiscithe tromshaothair astaíochtaí ísle arna dtuairisciú amhlaidh á gcur san áireamh.

(4)

Ba cheart an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra a chinneadh ar bhonn líon na bhfeithiclí nua tromshaothair seachas feithiclí seirbhíse arna dtuairisciú amhlaidh.

(5)

Ba cheart astaíochtaí tagartha CO2 a bhunú ar na sonraí arna dtuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/956 de réir an fhoghrúpa agus seachas feithiclí seirbhíse.

(6)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún na sonraí a fhoilsítear anseo a thabhairt cothrom le dáta, má fhaigheann sé sonraí breise a dhéanfadh difear do na ríomhanna sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra

Maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2019, léirítear iad sa dara colún den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra

An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2019, léirítear é sa tríú colún den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra

An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2019, léirítear iad sa cheathrú agus sa chúigiú colún, faoi seach, den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair

Is é seo a leanas meánastaíochtaí sonracha CO2feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas i dtréimhse tuairiscithe 2019, a ríomhadh tríd an bhfoirmle in Iarscríbhinn I, pointe 2.7 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242 agus na feithiclí nua tromshaothair atá ag gach monaróir á gcur san áireamh: 52,75 g/tkm.

Airteagal 5

Astaíochtaí tagartha CO2

Maidir le hastaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear in Airteagal 1, an dara mír de Rialachán (AE) 2019/1242, le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020, léirítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 6

Is chuig na monaróirí seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:

(1)

DAIMLER TRUCK AG

Mercedesstr.120

70372 Stuttgart

An Ghearmáin

(2)

DAF NV

Bosca poist 90065

5602 PT Eindhoven

An Ísiltír

(3)

Ford Otomotiv Sanayi AS

Akpinar Mah. Hasan Basri Cad No 2

34885 Sancaktepe Istanbul

An Tuirc

(4)

Iveco Magirus-AG

Nicolaus-Otto-Straße 27

89079 Ulm

An Ghearmáin

(5)

IVECO SPA

Via Puglia 35

10156 Torino

An Iodáil

(6)

MAN TRUCK AND BUS SE

Dachauer Str 667

80995 Munich

An Ghearmáin

(7)

RENAULT TRUCK SA

99 Route de Lyon

69802 Saint Priest

An Fhrainc

(8)

SCANIA CV AB

Vagnmakarvagen 1

15187 Södertälje

An tSualainn

(9)

VOLVO TRUCK CORPORATION

40508 Göteborg

An tSualainn

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 202.

(2)  Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Le gach iontráil, tagraítear do thréimhse tuairiscithe 2019 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2019/1242.

Monaróir

Meánastaíochtaí sonracha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm

Fachtóir astaíochtaí nialasacha agus fachtóir astaíochtaí ísle, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242

Conair laghdaithe astaíochtaí CO2, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm

Creidmheasanna astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm

DAIMLER TRUCK AG

53,97

1,000

53,16

-

DAF NV

53,38

0,999

53,64

8 154

IVECO MAGIRUS-AG

53,43

1,000

51,87

-

IVECO SPA

33,91

0,998

31,16

-

FORD OTOMOTIV SANAYI AS

53,06

1,000

49,40

-

MAN TRUCK AND BUS SE

51,58

0,999

51,49

-

RENAULT TRUCK SA

52,19

1,000

50,72

-

SCANIA CV AB

51,02

1,000

53,54

77 096

VOLVO TRUCK CORPORATION

54,38

1,000

53,89

-


IARSCRÍBHINN II

Astaíochtaí tagartha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 1, an dara mír, de Rialachán (AE) 2019/1242:

Foghrúpa sg

rCO2sg in g/tkm

4-UD

307,23

4-RD

197,16

4-LH

105,96

5-RD

84,00

5-LH

56,60

9-RD

110,98

9-LH

65,16

10-RD

83,26

10-LH

58,26


Top