This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0778
Council Decision (EU) 2021/778 of 6 May 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union during the 103rd session of the Maritime Safety Committee of the International Maritime Organization and the 76th session of the Marine Environment Protection Committee of the International Maritime Organization, on the adoption of amendments to the International Convention on Standards of Training, Certification and Watchkeeping for Seafarers, the International Code on the Enhanced Programme of Inspections during Surveys of Bulk Carriers and Oil Tankers, the International Code for Fire Safety Systems and the International Convention on the Control of Harmful Anti-fouling Systems on Ships
Cinneadh (AE) 2021/778 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an 103ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus an 76ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar le linn Suirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú
Cinneadh (AE) 2021/778 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an 103ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus an 76ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar le linn Suirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú
ST/7527/2021/INIT
IO L 167, 12.5.2021, p. 40–42
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
12.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 167/40 |
CINNEADH (AE) 2021/778 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Bealtaine 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an 103ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus an 76ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar le linn Suirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint. |
(2) |
Meastar go ndéanfaidh Coiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (“IMO”), le linn a 103ú seisiún (“MSC 103”) ón 5 go dtí an 14 Bealtaine 2021, leasuithe a ghlacadh ar Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (“Coinbhinsiún STCW”), ar Chód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar le linn Suirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, 2011 (“Cód ESP 2011”) agus ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (“Cód FSS”). |
(3) |
Meastar go ndéanfaidh Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO, le linn a 76ú seisiún (“MEPC 76”) ón 10 go dtí an 17 Meitheamh 2021, leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, 2001 (“Coinbhinsiún AFS”). |
(4) |
Leis na leasuithe ar Chuid A de Chód STCW de Choinbhinsiún STCW, shoiléireofaí leibhéal oibríochtúil fheidhmeanna an “oifigeach leictriteicniúil” agus thabharfaí isteach sainmhíniú comónta ar an téarma “ardvoltas”. Tá sé mar aidhm ag na leasuithe sin feidhmeanna daoine atá ag obair ar bord a shoiléiriú, agus, breis soiléireachta á tabhairt leis sin maidir leis na freagrachtaí agus na cúraimí éagsúla. |
(5) |
Leis na leasuithe ar Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Cuid A d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Cód ESP 2011, bheadh suirbhéirí in ann díriú ar limistéir a bhfuil amhras fúthu agus iad ag glacadh toisí tiúis i dtancaeir ola cabhlach dúbailte. Tá sé mar aidhm ag na leasuithe sin an tsábháilteacht ar muir a neartú agus an riosca go dtarlódh doirtí tráth a tharlódh tionóiscí a laghdú. |
(6) |
Na leasuithe ar Chaibidil 9 de Chód FSS, d’fhreastalóidís ar chórais ina gcomhcheanglaítear an tsábháilteacht fheabhsaithe a ghabhann le brathadóirí dóiteáin is féidir a shainaithint go leithleach ar ceanglas iad a bheith i longa paisinéirí, agus an tsábháilteacht a ghabhann le haonrú lochtanna trí shainaithint de réir na roinne, rud nach bhfuil chomh casta ná chomh costasach agus atá inghlactha faoi láthair maidir le lastlonga agus maidir le balcóiní na gcábán i longa paisinéirí, agus maidir leo siúd amháin. Tá sé mar aidhm ag na leasuithe sin gur fearr an chosaint a bheidh ag daoine ar bord i gcás dóiteán. |
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MSC 103 a bhunú, toisc go bhfuil ar cumas na leasuithe ar Choinbhinsiún STCW, ar Chód ESP 2011 agus ar Chód FSS tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i reachtaíocht an Aontais, eadhon i dTreoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus i dTreoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), faoi seach. |
(8) |
Leis na leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 4 a ghabhann le Coinbhinsiún AFS, d’áiritheofaí go mbeadh toirmeasc domhanda ann ar an tsubstaint frithsmálaithe, ciobúitrín, substaint a bhfuil sé toirmiscthe cheana féin í a dhíol agus a úsáid laistigh den Aontas. |
(9) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MEPC 76 a bhunú toisc go bhfuil ar cumas na leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 4 a ghabhann le Coinbhinsiún AFS tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i reachtaíocht an Aontais, eadhon i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
(10) |
Ní ball de IMO an tAontas, ná ní páirtí conarthach sna coinbhinsiúin agus sna cóid iomchuí é. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl. |
(11) |
Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid atá ar cumas na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 103ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (“IMO”), is é a bheidh ann aontú le leasuithe ar an méid seo a leanas a ghlacadh:
(a) |
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinní 7 agus 8 a ghabhann le doiciméad MSC 102/24 de chuid IMO; |
(b) |
an Cód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn 15 a ghabhann le doiciméad MSC 102/24 de chuid IMO; agus |
(c) |
an Cód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn 20 a ghabhann le doiciméad MSC 102/24 de chuid IMO. |
Airteagal 2
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 76ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO, is é a bheidh ann aontú le glacadh leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn 7 a ghabhann le doiciméad MEPC 75/18 de chuid IMO.
Airteagal 3
1. Leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2 é, cuimsítear na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus cuirfidh na Ballstáit, ar baill iad uile de IMO, in iúl é, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leas an Aontais.
2. Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Údaraítear leis seo do na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leasa an Aontais, ag na leasuithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna ar mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach (IO L 172, 30.6.2012, lch. 3).
(3) Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).