EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0503(01)

Cinneadh ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 2021/C 161 I/02

ST/7873/2021/INIT

IO C 161I, 3.5.2021, p. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

3.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 161/2


CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2021

lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

(2021/C 161 I/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2021 go cinntitheach an 17 Márta 2021 (2);

thíolaic an Coimisiún togra, an 24 Márta 2021, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2021;

i bhfianaise na géarchéime gan fasach agus an ghá le mearfhreagairtí beartais a mhaoiniú ar ghearrfhógra, is iomchuí teacht ar chomhaontú ar bhonn eisceachtúil maidir leis an togra ón gCoimisiún chun rúmáil a chruthú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála – dar méid EUR 100 milliún – don tionchar buiséadach a bheadh ag riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ag teacht chun cinn de réir mar a fhorbróidh an phaindéim. Níor cheart gurbh fhasach é an modh buiséadach sin agus ba cheart don Choimisiún na leithreasuithe a bhaineann leis an gcúlchiste sin a úsáid chun paindéim COVID-19 a chomhrac agus chuige sin amháin, trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2020/521 ón gComhairle an 14 Aibreán 2020 lena ngníomhachtaítear an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369, agus lena leasaítear forálacha an rialacháin sin lena gcuirtear ráig COVID-19 san áireamh (3);

d’fhonn leithreasuithe leordhóthanacha a chur ar fáil go práinneach faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála in 2021 agus faoi ranníocaíocht an Aontais leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ní mór don Chomhairle an seasamh uaithi maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta do 2021 a ghlacadh gan mhoill. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le giorrú a dhéanamh ar an tréimhse ocht seachtaine maidir leis an bhfaisnéis do Pharlaimintí náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 a ghlacadh an 23 Aibreán 2021.

Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle:http://www.consilium.europa.eu/.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  IO L 93, 17.3.2021, lch. 1.

(3)  IO L 117, 15.4.2020, lch. 3.


Top