EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0325

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/325 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir le Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh

IO L 64, 24.2.2021, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/325/oj

24.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/6


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/325 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

maidir le Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach a bhaineann le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 26(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.

(2)

Ba cheart don Bhord Maoirseachta tabhairt go hiomlán faoi phleanáil agus faoi fhorghníomhú na gcúraimí a thugtar do BCE, ar a bhfuil an Cathaoirleach, an leas-Chathaoirleach agus ceathrar ionadaithe ó BCE, chomh maith le hionadaí amháin ón údarás inniúil náisiúnta i ngach Ballstát rannpháirteach.

(3)

Is comhlacht sár-riachtanach é an Bord Maoirseachta agus feidhmiú na gcúraimí maoirseachta á dhéanamh ag BCE sa Sásra Aonair Maoirseachta. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, tugadh de chumhacht don Chomhairle Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta a cheapadh.

(4)

An 4 Deireadh Fómhair 2019, cheap an Chomhairle Yves MERSCH mar Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1671 (2). Tháinig deireadh le téarma oifige Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta an 14 Nollaig 2020.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, tar éis éisteacht a thabhairt don Bhord Maoirseachta, tá togra le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ag BCE maidir le Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta a cheapadh, duine a roghnófar as measc chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE. Thíolaic BCE togra den sórt sin an 18 Nollaig 2020, agus d’fhormheas Parlaimint na hEorpa é an 8 Feabhra 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Frank ELDERSON mar Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh tréimhse 5 bliana ón 24 Feabhra 2021.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)  Cinneadh Cur chun feidhme ón gComhairle (AE) 2019/1671 an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a cheapadh (IO L 256, 7.10.2019, lch. 8).


Top