Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1785

    Rialachán (AE) 2020/1785 ón gComhairle an 16 Samhain 2020 lena n‐osclaítear taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais, agus lena bhforáiltear dóibh, i gcás táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2021 go 2027

    IO L 403, 1.12.2020, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1785/oj

    1.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 403/1


    RIALACHÁN (AE) 2020/1785 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Samhain 2020

    lena n‐osclaítear taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais, agus lena bhforáiltear dóibh, i gcás táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2021 go 2027

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 349 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Baineann costais bhreise don earnáil sin le staid gheografach eisceachtúil na nOileán Canárach i ndáil le foinsí óna soláthraítear táirgí iascaigh áirithe, foinsí atá fíor-riachtanach don tomhaltas baile. Is míbhuntáiste é sin, mar a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh, atá mar thoradh ar oileánachas, ar iargúltacht, agus ar fhorimeallacht na nOileán Canárach, agus ar féidir é a leigheas, inter alia, trí dhleachtanna custaim a chur ar fionraí go sealadach, is é sin le rá dleachtanna custaim ar allmhairí na dtáirgí faoi thrácht ó thríú tíortha laistigh de mhéid cuí taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 ón gComhairle (2) osclaíodh riarachán taraif-chuótaí uathrialaitheacha Aontais agus foráladh dóibh i gcás allmhairí táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

    (3)

    In Iúil 2019, chuir an Coimisiún scrúdúchán ar iarmhairtí na mbeart faoi bhráid na Comhairle, agus roghanna eile á gcur ar fáil aige ann don tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020.

    (4)

    Thaispeáin an scrúdúchán go raibh ráta úsáide cuótaí 09.2997 agus 09.2651 suntasach. Faoi chuóta 09.2651, níor úsáideadh cód CN 0308.

    (5)

    Tá údar cuí le taraif-chuótaí cosúil leis na taraif-chuótaí a osclaíodh le Rialachán (AE) Uimh.1412/2013 do tháirgí iascaigh áirithe toisc go bhfreastalóidís ar riachtanais mhargadh baile na nOileán Canárach, agus é á áirithiú san am céanna go leanfadh sreabhadh allmhairí saor ó dhleacht isteach san Aontas de bheith intuarta agus inaitheanta go soiléir.

    (6)

    Dá bhrí sin, agus é mar aidhm dearcadh fadtéarmach a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le leibhéal gníomhaíochta a bhaint amach lena ndéanfar timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta na nOileán Canárach a chobhsú, is iomchuí síneadh a chur leis an gcóras taraif-chuótaí uathrialaitheacha a bhaineann leis na dleachtanna Comhtharaife Custaim ar feadh tréimhse bhreise d’earraí áirithe mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (7)

    Ionas nach mbainfear an bonn de shláine agus de chomhleanúnachas an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart bearta a dhéanamh lena áirithiú gur do mhargadh baile na nOileán Canárach amháin iad na táirgí iascaigh dá ndeonaítear fionraíocht.

    (8)

    Ba chóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go gcoimeádtar an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid na n‐allmhairí faoi thrácht ionas gur féidir leis céimeanna a ghlacadh, más gá, le bac a chur ar aon ghluaiseacht amhantrach nó sraonadh trádála.

    (9)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhionraíocht a tharraingt siar i gcás sraonadh trádála. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart don Chomhairle, áfach, an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis an bhfionraíocht a choinneáil ar bun nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh laistigh den tréimhsear lena linn a tharraingíonn an Coimisiún an fhionraíocht siar go sealadach.

    (10)

    Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo leanúnachas a áirithiú tar éis do Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 dul in éag. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, cuirfear ar fionraí go hiomlán na dleachtanna Comhtharaife Custaim is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha a liostaítear san Iarscríbhinn leis an Rialachán seo do na cainníochtaí a luaitear san Iarscríbhinn.

    2.   Deonófar an fhionraíocht dá dtagraítear i mír 1 go heisiach do tháirgí a beartaíodh do mhargadh baile na nOileán Canárach. Ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le táirgí iascaigh a dhíluchtaítear ó long nó aerárthach sula gcuirtear faoi bhráid údaráis chustaim na nOileán Canárach an dearbhú custaim lena scaoileadh isteach sa tsaorchúrsaíocht.

    Airteagal 2

    Déanfar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4).

    Airteagal 3

    Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh údaráis inniúla na Spáinne tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 1. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarmhairtí na mbeart sin agus, ag cur shainghnéithe thorthaí na tuarascála san áireamh, cuirfidh sé isteach don Chomhairle aon tograí ábhartha don tréimhse tar éis 2027.

    Airteagal 4

    1.   Má tá cúis ag an gCoimisiún a chreidiúint gur saoradh trádála do tháirge ar leith a bhí mar thoradh ar na fionraíochtaí a dá bhforáiltear sa Rialachán seo, féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an fhionraíocht a tharraingt siar go sealadach ar feadh thréimhse nach faide ná 12 mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

    Urrófar le ráthaíocht íocaíocht na ndleachtanna allmhaire do tháirgí dar tarraingíodh an fionraí siar go sealadach, agus cuirfear de choinníoll ar scaoileadh na dtáirgí faoi thrácht sa tsaorchúrsaíocht sna hOileán Chanáracha go ndéanfar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar.

    2.   Laistigh den uastréimhse 12 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an Chomhairle cinneadh críochnaitheach a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh, maidir leis an bhfionraíocht a choinneáil ar bun nó í a tharraingt siar go cinntitheach dá dtagraítear i mír 1. Má tharraingítear an fhionraíocht siar go cinntitheach, baileofar méideanna na ndleachtanna a urraíodh le ráthaíocht go críochnaitheach.

    3.   Murar glacadh aon chinneadh cinntitheach laistigh den uastréimhse 12 mhí i gcomhréir le mír 2, scaoilfear na ráthaíochtaí slándála.

    Airteagal 5

    1.   Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (5). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 6

    Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát go dlúth le chéile chun dea-bhainistiú agus dea-rialú a áirithiú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 7

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Tuairim an 29 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n‐osclófar taraif-chuótaí uathrialaitheacha Aontais agus lena bhforálfar dó i gcás allmhairí táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2014 go 2020 (IO L 353, 28.12.2013, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Uimhir an Ordaithe

    Cód AC

    Tuairisc

    Méid iomlán an chuóta

    (tonaí)

    Dleacht an chuóta

    09.2997

    0303

    Iasc reoite, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304

    15 000

    0 %

     

    0304

    Filléid éisc agus feoil eile éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) atá úr, fuaraithe nó reoite

    0 %

    09.2651

    0306

    Crústaigh bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bíodh; plúr, min agus millíní crústach, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

    15 000

    0 %

     

    0307

    Moilisc bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúr, min agus millíní éisc, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

    0 %


    Top