Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1380

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1380 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

IO L 320, 2.10.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1380/oj

2.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 320/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1380 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt a scriosadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), scriostar iontráil 17 (maidir le SALEH ISSA GWAIDER, Agila) agus iontráil 19 (maidir le ABU SAHMAIN, Nuri) ón liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine).


Top