EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020L1151
Council Directive (EU) 2020/1151 of 29 July 2020 amending Directive 92/83/EEC on the harmonization of the structures of excise duties on alcohol and alcoholic beverages
Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú
Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú
ST/9139/2020/INIT
IO L 256, 5.8.2020, p. 1–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.8.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 256/1 |
TREOIR (AE) 2020/1151 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Iúil 2020
lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá roinnt forálacha de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle (3) as dáta agus doiléir agus eascraíonn nósanna imeachta riaracháin astu a chuireann ualach gan ghá ar riaracháin chánach agus ar oibreoirí eacnamaíocha araon. Mar gheall ar na costais a thabhaíonn oibreoirí eacnamaíocha agus na nósanna imeachta sin á gcomhlíonadh acu, sriantar rannpháirtíocht na bhfiontar beag agus meánmhéide i dtrádáil an alcóil agus na ndeochanna alcólacha sa mhargadh inmheánach. Ina theannta sin, ní mór tagairtí do reachtaíocht an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh a nuashonrú. |
(2) |
Chun a áirithiú go gcuirfear na coinníollacha i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir le dleacht mháil ar bheoir a shocrú, ní mór coinníollacha a leagan síos chun céim Plato a thomhas. Go háirithe, maidir le céim Plato a thomhas do bheoir mhilsithe nó beoir bhlaistithe, tá sé tábhachtach, chun céim Plato a thomhas, a shonrú go gcuirfear san áireamh freisin na comhábhair a cuireadh sa bheoir tar éis a coipthe. De dheasca na ndeacrachtaí praiticiúla a bhaineann leis an úsc tirim a bhí i mbunbhraichlis an táirge chríochnaithe a shainaithint agus a thomhas, ní mór agus is cóir an sonrú sin a dhéanamh chun cur chuige comhchuibhithe a sholáthar lena n‐áiritheofaí go gcuirfidh na daoine inchánacha lena mbaineann agus na riaracháin chánacha na rialacha sin i bhfeidhm i gceart agus ar bhealach simplí agus lena n‐áiritheofaí freisin éifeachtacht na maoirseachta fioscaí i gcoinne rioscaí imghabhála, seachanta nó mí-úsáide. |
(3) |
Maidir leis na Ballstáit, arb amhlaidh ar an 29 Iúil 2020, nach gcuireann san áireamh, agus céim Plato á tomhas acu, na comhábhair a chuirtear sa bheoir tar éis a coipthe, is iomchuí a cheadú dóibh leanúint den mhodheolaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair a úsáid ar feadh idirthréimhse chun aistriú rianúil a áirithiú chuig an modheolaíocht chomhchuibhithe le haghaidh céim Plato sa bheoir a thomhas. |
(4) |
Aon bheoir ar féidir rátaí laghdaithe le haghaidh beoir ísealnirt a chur i bhfeidhm maidir léi, bíonn neart alcóil ró-íseal aici, go hiondúil, chun aon dreasacht nithiúil a sholáthar do ghrúdairí a bheith nuálach agus táirgí nua ísealnirt a chruthú. Chun cruthú beorach ísealnirt a spreagadh, ba cheart an tairseach le haghaidh rátaí alcóil ísealnirt a ardú. |
(5) |
Féadfaidh Ballstáit rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le beoir agus alcól eitile ar i dtoirteanna beaga a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha iad. Ionas go seachnófar caitheamh le deochanna alcólacha eile agus le beoir agus alcól eitile ar bhealach éagsúil, ba cheart, ina theannta sin, an chumhacht a bheith ag na Ballstáit rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le deochanna alcólacha eile ar i dtoirteanna beaga a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha iad. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm rátaí laghdaithe maidir le táirgí idirmheánacha agus deochanna coipthe eile a theorannú, agus critéir éagsúla á gcur san áireamh acu, amhail neart alcóil an táirge chríochnaithe nó cainníocht agus cineál na n‐amhábhar a úsáidtear chun an táirge sin a tháirgeadh. |
(6) |
Chun aithint a stádais mar tháirgeoirí beaga neamhspleácha a éascú sna Ballstáit uile, chun cur i bhfeidhm na rátaí laghdaithe dleachta máil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an bhfoirm a leagan síos le haghaidh deimhniú aonfhoirmeach lena ndaingneofar táirgeacht bhliantúil an táirgeora bhig neamhspleách agus go gcomhlíonann sí na critéir a leagtar síos i dTreoir 92/83/CEE. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Cé gur inmhianaithe gurb é an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe a dheimhneodh táirgeoir beag neamhspleách, is iomchuí an t‐ualach riaracháin a laghdú trína cheadú don táirgeoir beag neamhspleách féindeimhniú a dhéanamh. Ba cheart a cheangal ar an mBallstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe na coinníollacha a leagan síos chun cur i bhfeidhm ceart rianúil na bhforálacha sin a áirithiú agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid a chosc. Ba cheart do na Ballstáit na rátaí dleachta máil laghdaithe a dheonú ar bhonn an deimhnithe arna eisiúint ag na Ballstáit eile, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo, mar shampla riosca imghabhála, seachanta nó mí-úsáide. Na Ballstáit sin a chuireann tairseacha níos airde i bhfeidhm i gcás táirgeoirí beaga, ba cheart a bheith d’iallach orthu na teorainneacha céanna a chur i bhfeidhm i gcás táirgeoirí as Ballstáit eile. |
(7) |
I bhfianaise staid shonrach earnáil an fhíona i bPoblacht Mhálta, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát sin tairseach níos airde a chur i bhfeidhm i ndáil leis an sásra rátaí laghdaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le táirgeoirí beaga neamhspleácha fíona. |
(8) |
Ba cheart na Ballstáit a údarú ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le halcól eitile a tháirgtear i ndrioglanna saothraithe torthaí ó thorthaí (amhail úlla, piorraí, marc fíonchaor, agus sméara). |
(9) |
I gcás beorach, fíona agus deochanna coipthe eile, ceadaítear le Treoir 92/83/CEE do Bhallstáit táirgí a dhéantar sa bhaile agus nach dtáirgtear chun críoch tráchtála a dhíolmhú ón dleacht. Mar sin féín, ní cheadaítear le Treoir 92/83/CEE díolúine roghnach den chineál sin i gcás alcól eitile a tháirgtear as torthaí (amhail úlla, piorraí, marc fíonchaor agus sméara) do thomhaltas príobháideach. Ar an ábhar go bhfuil traidisiún seanbhunaithe i roinnt Ballstát táirgí den sórt sin a tháirgeadh, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit rátaí laghdaithe nó díolúintí a chur i bhfeidhm i gcás táirgí alcóil eitile, de chineál réigiúnach traidisiúnta, nach dtáirgtear chun críoch tráchtála iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, rogha a bheith ag na Ballstáit, faoi choinníollacha dochta, toirt theoranta de bhiotáillí torthaí a tháirgtear as torthaí (amhail úlla, piorraí, marc fíonchaor agus sméara) a dhíolmhú ó dhleacht mháil nó rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir léi, ar le duine príobháideach na torthaí siúd a fhásann agus a sholáthraíonn an duine sin ó dháileacht talún a bhfuil teideal ag an duine sin chuici. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a chuirfidh na rátaí laghdaithe sin nó na díolúintí sin i bhfeidhm na bearta is gá a dhéanamh chun aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid a chosc. Ba cheart a chlúdach leis na bearta sin, mar shampla, go gclárófaí daoine aonair príobháideacha a tháirgeann deochanna den chineál sin, go gclárófaí feistí driogtha lena n‐áirítear a méid agus a suíomh, go dtuairisceofaí toirt an táirgthe agus bearta rialaithe eile lena n‐áirítear comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le rátaí laghdaithe nó díolúintí a chur i bhfeidhm. Ba cheart ceanglais agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm freisin ag na Ballstáit sin chun a áirithiú go rialófaí an táirgeadh agus an tomhaltas agus go gcoiscfí éifeachtaí trasteorann agus díolachán. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos faoi na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta sin agus a áirithiú go gcuirfí na pionóis sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis sin dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ach fós féin is faoi rogha na mBallstát cad iad. |
(10) |
Ós rud é nár cheart do Bhallstát na rátaí laghdaithe nó na díolúintí ó dhleachtanna máil ar dheochanna de dhéantús baile a chur i bhfeidhm de bhreis ar na rátaí laghdaithe d’alcól eitile arna tháirgeadh ag drioglanna saothraithe torthaí beaga agus i bhfianaise thraidisiúin shonracha tíre agus socruithe gaolmhara maidir le drioglanna saothraithe torthaí beaga i bPoblacht na Bulgáire, a luaithe a fheidhmeoidh an Ballstát sin an rogha atá ar fáil maidir le biotáillí torthaí arna dtáirgeadh ag drioglanna saothraithe torthaí do theaghlaigh saothraithe torthaí, ba cheart go leanfadh an rogha sin de bheith infheidhme ar Phoblacht na Bulgáire agus gan aon rogha eile a bheith ann di rátaí laghdaithe nó díolúintí a chur i bhfeidhm. |
(11) |
Is iomchuí nuashonrú a dhéanamh ar na tagairtí do chóid na hainmníochta comhcheangailte a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar tháirgí alcóil. |
(12) |
Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit, faoi líon coinníollacha, na táirgí a chumhdaítear le Treoir 92/83/CEE a dhíolmhú ó dhleacht mháil chomhchuibhithe i gcás ina n‐úsáidtear na táirgí sin agus forlíontaí bia á monarú. |
(13) |
Is iomchuí nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 92/83/CEE a mhéid a bhaineann le ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe a dhriogtar sa Phoblacht Heilléanach i stileanna copair neamhleanúnacha traidisiúnta agus i bhfeistí driogtha simplí traidisiúnta. |
(14) |
D’fhonn an t‐ualach comhlíontachta a laghdú d’oibreoirí eacnamaíocha agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha i ndáil le cur i bhfeidhm na ndíolúintí d’aon chineál alcóil dhínádúraithe. |
(15) |
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na díolúine a áirithiú d’alcól atá dínádúraithe go hiomlán, tá sé riachtanach a thuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach alcóil atá dínádúraithe go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit alcól atá dínádúraithe go hiomlán, agus a dínádúraíodh go hiomlán i mBallstát eile, a dhíolmhú ó dhleacht mháil i gcomhréir leis an modh atá údaraithe ag an mBallstát eile sin. D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, tá sé riachtanach freisin na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt faoi athruithe ar na ceanglais maidir le dínádúrú iomlán alcóil a shoiléiriú. |
(16) |
D’fhonn na nósanna imeachta a leagan síos maidir le measúnú cheanglais na mBallstát maidir le dínádúrú iomlán alcóil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na ceanglais maidir le dínádúrú iomlán alcóil a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith a ghlacadh nó a dhiúltú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(17) |
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na díolúine d’alcól atá dínádúraithe go páirteach a áirithiú, tá sé riachtanach soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’alcól atá dínádúraithe go páirteach agus a fhoráíl gur cuid den phróiseas monaraíochta í cothabháil agus glanadh an trealaimh mhonaraíochta agus mar sin go gcumhdaítear leis an díolúine an t‐alcól dínádúraithe a úsáidtear don phróiseas monaraíochta faoi seach. D’fhonn úsáid chalaoiseach na díolúine sin a laghdú, tá sé riachtanach a thuilleadh coinníollacha a leagan síos maidir lena cur i bhfeidhm. |
(18) |
Ba léiriú ar dhíolúintí ar foráladh dóibh i reachtaíocht náisiúnta na Ríochta Aontaithe na díolúintí don Ríocht Aontaithe a leagadh síos i ndáil le dhá dheoch alcólacha shonracha. Ós rud é go ndearnadh na díolúintí sin ón dleacht mháil chomhchuibhithe a aisghairm i reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, níl siad ábhartha a thuilleadh agus ba cheart fáil réidh leo ar leibhéal an Aontais. |
(19) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon ualach comhlíontachta na n‐oibrithe eacnamaíocha agus an t‐ualach riaracháin ar riaracháin chánach a ísliú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(20) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 92/83/CEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 92/83/CEE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis: “Déanfar comhábhair uile na beorach, lena n‐áirítear iad siúd a chuirtear isteach i ndiaidh chríoch an choipthe, a chur san áireamh chun críocha céim Plato a ríomh. De mhaolú ar an dara fomhír, na Ballstáit sin, arb amhlaidh ar an 29 Iúil 2020, nach gcuireann san áireamh, agus céim Plato á tomhas acu, na comhábhair a chuirtear sa bheoir tar éis a coipthe, féadfaidh siad leanúint de bheith ag déanamh amhlaidh go dtí 31 Nollaig 2030.”; |
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1: “1. Féadfaidh Ballstáit rátaí laghdaithe, a fhéadfaidh a bheith faoin íosráta, a chur i bhfeidhm do bheoir ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach airde ná 3,5 % de réir toirte.”; |
(3) |
in Airteagal 8, pointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
|
(4) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 9a 1. Féadfaidh na Ballstáit rátaí laghdaithe dleachta a chur i bhfeidhm ar fhíon arna tháirgeadh ag táirgeoirí beaga fíona neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
2. Chun críocha na rátaí laghdaithe ciallóidh an téarma ‘táirgeoir beag fíona neamhspleách’ táirgeoir fíona atá neamhspleách go dlíthiúil agus go heacnamaíoch ar aon táirgeoir eile fíona, a úsáideann áitreabh atá suite go fisiceach amach ó áitribh táirgeoir fíona ar bith eile agus nach n‐oibríonn faoi cheadúnas. I gcás ina gcomhoibríonn beirt tháirgeoirí fíona bheaga nó níos mó, áfach, agus nach mó ná 1 000 hl nó 20 000 hl, de réir mar is iomchuí, a dtáirgeacht bhliantúil le chéile, féadfar caitheamh leis na táirgeoirí fíona sin mar tháirgeoir fíona beag neamhspleách aonair. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm go comhionann ag aon rátaí laghdaithe a d’fhéadfadh siad tabhairt isteach ar fhíon a sheachadtar ina gcríoch ó tháirgeoirí fíona beaga neamhspleácha atá lonnaithe i mBallstáit eile. Áiritheoidh siad go háirithe nach mbeidh níos mó dleachta go deo ar aon seachadadh aonair ó Bhallstát eile ná mar a bheidh ar a choibhéis chruinn náisiúnta.”; |
(5) |
in Airteagal 12, pointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
|
(6) |
In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2; “2. Ach amháin mar a bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 13a, toibheoidh na Ballstáit an ráta dleachta máil céanna ar gach táirge is inmhuirearaithe leis an dleacht ar na táirgí uile ar dheochanna neamhdhrithleacha coipthe eile. Ar an gcaoi chéanna, toibheoidh siad an ráta dleachta máil céanna ar gach táirge is inmhuirearaithe leis an dleacht ar na táirgí uile is inmhuirearaithe ar dheochanna drithleacha coipthe eile. Féadfaidh siad an ráta dleachta máil céanna a chur i bhfeidhm ar dheochanna neamhdhrithleacha coipthe eile agus deochanna drithleacha coipthe eile araon.”; |
(7) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 13a 1. Féadfaidh na Ballstáit rátaí laghdaithe dleachta, a fhéadfar a dhifreáil i gcomhréir le táirgeacht bhliantúil na dtáirgeoirí lena mbaineann, a chur i bhfeidhm maidir le deochanna coipthe eile arna ndéanamh ag táirgeoirí beaga neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
2. Chun críocha an Airteagail seo, ní mór na deochanna coipthe eile a fháil ó choipeadh torthaí, sméar, glasraí, tuaslagáin meala in uisce nó ó choipeadh an tsú úir nó an tsú tiubhaithe arna bhfáil ón méid sin thuas. Ní cheadóidh na Ballstáit aon alcól eile chun deochanna coipthe eile a tháirgeadh ná aon deoch alcólach eile a chur leis. Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar go bhfuil alcól curtha leis chun deochanna coipthe eile a tháirgeadh má chuirtear alcól leis a úsáidtear chun blastáin a chaolú nó a thuaslagadh sa dáileog atá fíor-riachtanach agus sa mhéid nach méadóidh an neart alcóil faoi níos mó ná 1,2 % de réir toirte. Ní athrófar cineál an bhuntáirge go suntasach mar gheall ar na blastáin sin a bheith curtha leis. 3. Féadfaidh Ballstáit cur i bhfeidhm an Airteagail seo a theorannú do chineálacha áirithe deochanna coipthe eile. 4. Chun críocha an Airteagail seo ciallóidh an téarma ‘táirgeoir beag neamhspleách’ táirgeoir deochanna coipthe eile atá neamhspleách go dlíthiúil agus go heacnamaíoch ar aon táirgeoir eile deochanna coipthe eile, a úsáideann áitreabh atá scoite go fisiceach ó áitribh táirgeoirí ar bith eile agus nach n‐oibríonn faoi cheadúnas. I gcás ina gcomhoibríonn beirt tháirgeoirí bheaga nó níos mó, áfach, agus nach mó ná 15 000 hl a dtáirgeacht bhliantúil le chéile, féadfar caitheamh leis na táirgeoirí sin mar tháirgeoir beag neamhspleách aonair. 5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm chomhionann ag aon rátaí laghdaithe a thugann siad isteach ar dheochanna coipthe eile a sheachadtar ina gcríoch ó tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá lonnaithe i mBallstáit eile. Áiritheoidh siad go háirithe nach mbeidh níos mó dleachta go deo ar aon seachadadh aonair ó Bhallstát eile ná mar a bheidh ar a choibhéis chruinn náisiúnta.”; |
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 15: “Airteagal 15 Chun Treoir 92/84/CEE agus Treoir 2008/118/CE ón gComhairle (*) a chur i bhfeidhm, measfar tagairtí do ‘fíon’ a bheith infheidhme ar an gcaoi chéanna maidir le deochanna coipthe eile mar a shainítear sa roinn seo. (*) Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n‐aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).”;" |
(9) |
in Airteagal 18(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “4. Féadfaidh na Ballstáit ráta dleachta laghdaithe aonair a chur i bhfeidhm maidir le táirgí idirmheánacha mar a shainítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*). (*) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).”." |
(10) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 18a 1. Féadfaidh na Ballstáit rátaí laghdaithe dleachta, a d’fhéadfaí a dhifreáil i gcomhréir le táirgeacht bhliantúil na dtáirgeoirí lena mbaineann, a chur i bhfeidhm ar tháirgí idirmheánacha arna ndéanamh ag táirgeoirí beaga neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
2. Féadfaidh Ballstáit cur i bhfeidhm an Airteagail seo a theorannú do chineálacha áirithe táirgí idirmheánacha. 3. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh an téarma ‘táirgeoir beag neamhspleách’ táirgeoir táirgí idirmheánacha atá neamhspleách go dlíthiúil agus go heacnamaíoch ar aon táirgeoir eile táirgí idirmheánacha, a úsáideann áitreabh atá suite go fisiceach amach ó áitribh táirgeoirí ar bith eile, agus nach n‐oibríonn faoi cheadúnas. I gcás ina gcomhoibríonn beirt tháirgeoirí bheaga nó níos mó, áfach, agus nach mó ná 250 hl a dtáirgeacht bhliantúil le chéile, féadfar caitheamh leis na táirgeoirí sin mar tháirgeoir beag neamhspleách aonair. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm chomhionann ag aon rátaí laghdaithe a thugann siad isteach ar tháirgí idirmheánacha eile a sheachadtar ina gcríoch ó tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá lonnaithe i mBallstáit eile. Áiritheoidh siad go háirithe nach mbeidh níos mó dleachta go deo ar aon seachadadh aonair ó Bhallstát eile ná mar a bheidh ar a choibhéis chruinn náisiúnta.”; |
(11) |
leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: “Airteagal 23 1. Féadfaidh Poblacht na Fraince ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm, ar ráta é a d’fhéadfadh titim faoi bhun an íosráta ach nach bhféadfar a shocrú níos mó ná 50 % faoi bhun an ráta chaighdeánaigh náisiúnta dleachta ar alcól eitile, maidir le rum mar a shainmhínítear é i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) agus a tháirgtear ó chána siúcra a bhaintear san áit mhonaraíochta mar a leagtar amach é i bpointe (13) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ina bhfuil cion substaintí so-ghalaithe seachas alcól eitile agus meitile atá comhionann le nó níos mó ná 225 gram in aghaidh an heictilítear d’alcól íon, agus neart alcóil iarbhír de réir toirte atá comhionann le nó níos mó ná 40 % de réir toirte. 2. Féadfaidh an Phoblacht Heilléanach ráta laghdaithe a d’fhéadfadh titim faoi bhun an íosráta a chur i bhfeidhm:
(*) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).”;" |
(13) |
i Roinn VI, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 23a 1. Faoi réir na gcoinníollacha a leagfaidh siad síos chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go díreach Airteagail 4, 9a, 13a, 18a agus Airteagal 22(1), (2) agus (3) den Treoir seo, soláthróidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, deimhniú bliantúil do tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá bunaithe ar a gcríoch lena ndaingnítear a dtáirgeadh iomlán bliantúil táirgí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, de réir mar is infheidhme agus lena ndaingnítear go gcomhlíonann an táírgeoir beag neamhspleách na critéir a leagtar amach in Airteagail 4(2), 9a(2),13a(4), 18a(3) agus 22(2) den Treoir seo, de réir mar is infheidhme. Sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV nó V de Threoir 2008/118/CE, déanfar tagairt don deimhniú sin atá luaite sa mhír seo. 2. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha a leagfaidh siad síos chun cur i bhfeidhm ceart agus díreach an Airteagail seo a áirithiú agus chun cosc a chur ar aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid, cead a thabhairt do tháirgeoirí beaga neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagail 4(1), 9a(1), 13a(1), 18a(1) agus 22(1) atá bunaithe ina gcríoch féin a fhéindeimhniú go bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagail 4(2), 9a(2), 13a(4), 18a(3) agus 22(2) á gcomhlíonadh acu féin, de réir mar infheidhme, agus an táirgeadh iomlán bliantúil dá dtagraítear sna hAirteagail sin a fhéindeimhniú. 3. Déanfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha a leagfaidh siad síos chun cur i bhfeidhm ceart agus díreach an Airteagail seo a áirithiú agus chun cosc a chur ar aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid, aitheantas a thabhairt don deimhniú do tháirgeoirí a leagtar amach in Airteagail 4(1), 9a(1), 13a(1), 18a(1) agus 22(1) arna eisiúint ag Ballstát eile, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo. 4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an méid seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28a(2).”; |
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: “Airteagal 26 Tagairtí sa Treoir seo do chóid CN, is tagairtí iad do chóid ainmníocht chomhcheangailte Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún (*), lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (**). (*) Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 273, 31.10.2018, lch. 1)." (**) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim. (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).”;" |
(15) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
(16) |
scriostar Airteagal 28; |
(17) |
i Roinn VIII, cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 28a 1. Déanfaidh ‘an Coiste um Dhleacht Mháil’ cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 28b Gach 5 bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Tíolacfar an chéad tuarascáil faoi 31 Nollaig 2024. Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
Déanfaidh Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil a bhunú a thíolacadh chuig an gCoimisiúin. Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis na chéad bhliana de chur i bhfeidhm na bhforálacha sin, déanfaidh na Ballstáit a chuireann forálacha náisiúnta i bhfeidhm arna nglacadh de bhun Airteagal 22(8) an fhaisnéis uile is gá a thíolacadh chuig an gCoimisiúin chun an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c) den dara mír den Airteagal seo a dhéanamh. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.”. |
Airteagal 2
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Tuairim an 24 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) IO C 62, 15.2.2019, lch. 108.
(3) Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).