Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2137

    Cinneadh (AE) 2020/2137 ón gComhairle an 15 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Coiste Speisialta um Sheirbhísí a bhunú

    IO L 430, 18.12.2020, p. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2137/oj

    18.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 430/15


    CINNEADH (AE) 2020/2137 ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Nollaig 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Coiste Speisialta um Sheirbhísí a bhunú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), an 15 Deireadh Fómhair 2008, agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 29 Nollaig 2008 i leith.

    (2)

    De bhun Airteagal 230(4) den Chomhaontú, féadfaidh Coiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE aon choiste speisialta a bhunú agus a mhaoirsiú chun dul i ngleic le hábhair a thagann laistigh dá inniúlacht.

    (3)

    Chun dul i ngleic le gach ábhar den Chomhaontú a bhaineann le trádáil seirbhísí ar bhealach níos éifeachtúla, tá sé ar intinn ag an gCoiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear Coiste Speisialta um Sheirbhísí.

    (4)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh lena mbunaítear Coiste Speisialta um Sheirbhísí.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE a mhéid a bhaineann le Cosite Speisialta um Sheirbhísí a bhunú, ba cheart é a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile, maidir le Coiste Speisialta um Sheirbhísí a bhunú, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE (2).

    2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an dréachtchinneadh ó Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE gan cinneadh eile ón gComhairle.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. KLOECKNER


    (1)  IO L 289, 30.10.2008, lch. 3.

    (2)  Féach doiciméad ST 13287/20 ar http://register.consilium.europa.eu


    Top