Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1599

    Cinneadh (AE) 2020/1599 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, i dtaca le glacadh a cuid rialacha nós imeachta féin

    IO L 365, 3.11.2020, p. 3–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1599/oj

    3.11.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 365/3


    CINNEADH (AE) 2020/1599 ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Deireadh Fómhair 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, i dtaca le glacadh a cuid rialacha nós imeachta féin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tugadh i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) le Cinneadh (AE) 2020/135 (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

    (2)

    Bunaíodh an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (“an mheitheal”) faoi Airteagal 15(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (“an Prótacal”) chun go mbeadh an mheitheal ina fóram le haghaidh malartú faisnéise agus comhairliúchán frithpháirteach maidir le cur chun feidhme an Phrótacail.

    (3)

    De bhun Airteagal 15(2) den Phrótacail, is ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe a bheidh sa mheitheal agus cuirfidh sí a feidhmeanna i gcrích faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail arna bhunú faoi Airteagal 165(1), pointe (c), den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus is don choiste sin atá an mheitheal le tuairisciú.

    (4)

    De bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, tá an mheitheal lena cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh de chomhthoil.

    (5)

    I bhfianaise chuspóir agus chomhdhéanamh na meithle agus an chaidrimh idir í agus an Coiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, ba cheart na rialacha nós imeachta a bheith cosúil, a mhéid is féidir, leis na rialacha nós imeachta a bhaineann leis na Coistí Speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 165(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

    (6)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa mheitheal a shocrú.

    (7)

    Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart an Cinneadh a theacht i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is ar an dréachtchinneadh ón meitheal atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa mheitheal arna bunú le hAirteagal 15(1) den Phrótacal i dtaca le glacadh rialacha nós imeachta na meithle de bhun Airteagal 15(6) de.

    Airteagal 2

    Foilseofar an cinneadh ón meitheal in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    S. SCHULZE


    (1)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha do LEE) (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    CINNEADH UIMH. …/2020 ÓN MEITHEAL CHOMHAIRLEACH CHOMHPHÁIRTEACH ARNA BUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

    an …

    maidir lena cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh

    AN MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH CHOMHPHÁIRTEACH,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (an “Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 15(6) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (“an Prótacal”),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, glacfaidh an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (“an mheitheal”) a cuid rialacha nós imeachta féin de chomhthoil.

    (2)

    I bhfianaise chuspóir agus chomhdhéanamh na meithle agus an chaidrimh idir í agus an Coiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, ba cheart na rialacha sin a bheith cosúil, a mhéid is féidir, leis na rialacha nós imeachta a bhaineann leis na Coistí Speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 165 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is faoi na rialacha nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a rialófar obair na Meithle Comhairlí Comhpháirtí arna bunú le hAirteagal 15(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Thuaisceart Éirinn a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa …,

    An Mheitheal

    Chomhairleach Chomhpháirteach

    Na Comhchathaoirligh


    (1)   IO L 29, 31.1.2020, lch.7.


    IARSCRÍBHINN

    RIALACHA NÓS IMEACHTA NA MEITHLE COMHAIRLÍ COMHPHÁIRTÍ

    Riail 1

    An Cathaoirleach

    1.

    Déanfaidh ionadaithe arna n‐ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na Ríochta Aontaithe comhchathaoirleacht ar an Meitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (“an mheitheal”). Tabharfaidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe fógra i scríbhinn dá chéile maidir leis na hionadaithe ainmnithe.

    2.

    Féadfar ionadaí malartach ainmnithe a chur in ionad comhchathaoirligh ag cruinniú nach féidir leis an gcomhchathaoirleach sin freastal air. Déanfaidh ionadaithe malartacha arna n‐ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach nó ag Rialtas na Ríochta Aontaithe an t‐ainmniú sin a chur in iúl i scríbhinn don chomhchathaoirleach eile agus do Rúnaíocht na meithle a luaithe is féidir.

    3.

    Déanfaidh ionadaí malartach ainmnithe an chomhchathaoirligh cearta an chomhchathaoirligh a fheidhmiú de réir na hainmníochta. Aon tagairt sna Rialacha Nós Imeachta seo do na comhchathaoirligh, tuigfear go n‐áirítear inti ionadaithe malartacha ainmnithe.

    Riail 2

    An Rúnaíocht

    Oifigeach ón gCoimisiún Eorpach agus oifigeach ó Rialtas na Ríochta Aontaithe a bheidh i Rúnaíocht na meithle (“an Rúnaíocht”). Feidhmeoidh an Rúnaíocht, faoi údarás na gcomhchathaoirleach, na cúraimí arna gcur uirthi leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

    Riail 3

    Rannpháirtíocht i gcruinnithe

    1.

    Roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhdhéanamh beartaithe na dtoscaireachtaí in iúl dá chéile tríd an Rúnaíocht.

    2.

    I gcás inarb iomchuí agus le cinneadh ó na comhchathaoirligh, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe nó do dhaoine eile nach comhaltaí toscaireachta iad freastal ar chruinnithe de chuid na meithle d’fhonn faisnéis a chur ar fáil faoi ábhar áirithe.

    Riail 4

    Cruinnithe

    1.

    Reáchtálfaidh an mheitheal a cruinnithe ar bhonn idirmhalartach sa Bhruiséil agus sa Ríocht Aontaithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.

    2.

    De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na comhchathaoirligh a chinneadh go reáchtálfar cruinniú de chuid na meithle trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

    3.

    Reáchtálfaidh an Rúnaíocht gach cruinniú den mheitheal ar dháta agus in áit a gcinnfidh na comhchathaoirligh. I gcás ina mbeidh iarraidh ar chruinniú déanta ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe, déanfaidh an mheitheal iarracht teacht le chéile laistigh de 15 lá ó dháta na hiarrata sin. I gcás práinne déanfaidh sí iarracht teacht le chéile níos luaithe ná sin.

    Riail 5

    Doiciméid

    Na doiciméid i scríbhinn a mhalartófar go hoifigiúil laistigh den mheitheal, ag cruinnithe nó lasmuigh de chruinnithe, déanfaidh an Rúnaíocht iad a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe mar dhoiciméid de chuid an meithle.

    Riail 6

    Comhfhreagras

    1.

    Comhfhreagras ón Aontais agus ón Ríocht Aontaithe atá dírithe ar an meitheal, seolfar chuig an Rúnaíocht é. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide scríofa, lena n‐áirítear ríomhphost.

    2.

    Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras atá dírithe ar an meitheal a chur ar aghaidh chuig na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.

    3.

    Déanfar an comhfhreagras uile ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe orthu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.

    Riail 7

    An clár oibre do na cruinnithe

    1.

    Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Déanfar é a tharchur, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta an chruinnithe.

    2.

    Áireofar sa chlár oibre sealadach na hítimí sin ar iarr an tAontas nó an Ríocht Aontaithe iad a áireamh sa chlár oibre. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 7 lá roimh thús an chruinnithe.

    3.

    Socróidh na comhchathaoirligh, tráth nach déanaí ná 3 lá roimh dháta an chruinnithe, an clár oibre sealadach le haghaidh an chruinnithe sin. Féadfaidh siad a chinneadh go mbeidh an clár oibre sealadach sin, nó aon chuid de, ar fáil go poiblí roimh thús an chruinnithe.

    4.

    Glacfaidh an mheitheal an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe féadfar ítim seachas na cinn atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre le cinneadh ón meitheal.

    5.

    I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh na comhchathaoirligh a chinneadh go ndéanfar maolú ar na teorainneacha ama a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3.

    Riail 8

    Miontuairiscí

    1.

    Dréachtóidh an Rúnaíocht dréacht‐mhiontuairiscí ar gach cruinniú, laistigh de 5 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Ullmhóidh an Rúnaíocht achoimre ar na miontuairiscí freisin.

    2.

    Tabharfar achoimre sna miontuairiscí, go hiondúil, ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:

    (a)

    na doiciméid arna gcur faoi bhráid na meithle;

    (b)

    aon ráiteas ar iarr duine de na comhchathaoirligh é a chur leis na miontuairiscí; agus

    (c)

    conclúidí oibríochtúla arna nglacadh maidir le hítimí ar leith.

    3.

    Áireofar sna miontuairiscí liosta ar a mbeidh ainmneacha, teidil agus an bonn ar a raibh an duine i láthair maidir le gach duine a bhí i láthair ag an gcruinniú.

    4.

    Féadfaidh na comhchathaoirligh leasú ar na dréacht‐mhiontuairiscí nó ar an achoimre a iarraidh laistigh de 5 lá tar éis a scaipthe ag an Rúnaíocht, i gcomhréir le mír 1. Measfar na miontuairiscí agus an achoimre a bheith formheasta ag na comhchathaoirligh tar éis dheireadh na tréimhse sin murar iarradh aon leasuithe. Má iarrann comhchathaoirligh go ndéanfar leasú laistigh den tréimhse sin, measfar na miontuairiscí agus an achoimre a bheith formheasta tar éis don chomhchathaoirleach eile glacadh leis an leasú a iarradh.

    5.

    Nuair a fhormheasfar na miontuairiscí, déanfaidh comhaltaí na Rúnaíochta cóipeanna leictreonacha díobh a shíniú agus a thraschur chuig an Aontas agus chuig an Ríocht Aontaithe maille leis an gCoiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chinneadh ansin achoimre na miontuairiscí a chur ar fáil don phobal.

    Riail 9

    Cinntí

    1.

    Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí na gcomhchathaoirleach dá bhforáiltear sna rialacha nós imeachta seo.

    2.

    Sa tréimhse idir na cruinnithe, féadfaidh na comhchathaoirligh cinntí a ghlacadh le cumarsáid scríofa trí idirmhalartú nótaí leictreonacha idir na comhchathaoirligh. Cuirfidh an Rúnaíocht na páirtithe ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin ó na comhchathaoirligh.

    Riail 10

    Rúndacht

    1.

    Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, beidh cruinnithe na meithle faoi rún.

    2.

    I gcás ina ndéanfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe faisnéis a chuir faoi bhráid na meithle, agus go measfar an fhaisnéis sin a bheith rúnda nó cosanta ar nochtadh faoi dhlíthe agus rialacháin an Aontais nó na Ríochta Aontaithe, is mar fhaisnéis rúnda a láimhseálfaidh an páirtí eile an fhaisnéis sin.

    Riail 11

    Teanga oibre

    Béarla a bheidh ina teanga oibre ag an meitheal. Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, is ar dhoiciméid arna n‐ullmhú i mBéarla a bhunóidh an mheitheal a cuid plé.

    Riail 12

    Caiteachas

    1.

    Íocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon as aon chaiteachas a thabhóidh siad de dhroim rannpháirtíocht i gcruinnithe na meithle.

    2.

    Íocfaidh an tAontas as an gcaiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad i gcás cruinnithe arna reáchtáil sa Bhruiséil, agus íocfaidh an Ríocht Aontaithe as an gcaiteachas i gcás cruinnithe arna reáchtáil sa Ríocht Aontaithe.

    3.

    Is é an páirtí a iarrann ateangaireacht go teanga oibre agus ó theanga oibre na meithle le linn na gcruinnithe a íocfaidh as costas na hateangaireachta sin.

    Riail 13

    An tuarascáil bhliantúil chuig an gCoiste Speisialaithe

    1.

    Déanfaidh an Rúnaíocht tuarascáil a tharraingt suas ar obair na meithle gach bliain féilire. Tarraingeofar an tuarascáil suas faoin 1 Feabhra an bhliain ina dhiaidh sin.

    2.

    Déanfaidh na comhchathaoirligh gach tuarascáil a ghlacadh agus a shíniú agus, díreach i ndiaidh a sínithe, cuirfear í chuig an gCoiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

    Top