EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1026

Cinneadh (AE) 2020/1026 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta

ST/15259/2019/INIT

IO L 229, 16.7.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1026/oj

Related international agreement

16.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/1


CINNEADH (AE) 2020/1026 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (“an Comhaontú”) i gcomhréir le Cinneadh an 7 Márta 2016 ón gComhairle . Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú ar an 25 Iúil 2019.

(2)

Is é cuspóir an Chomhaontaithe comhar déthaobhach maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chothú agus trádáil agus infheistíocht i dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta idir an tAontas agus an tSeapáin a éascú.

(3)

Is gá socruithe nós imeachta a leagan síos maidir le rannpháirtíocht an Aontais sna comhchomhlachtaí arna mbunú faoin gComhaontú, maidir le bearta coimirce a ghlacadh, iarrataí ar chomhairliúcháin agus bearta chun oibleagáidí glactha a chur ar fionraí, agus maidir le cinntí a ghlacadh i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú.

(4)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú, agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtabharfar i gcrích ana nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a dtugtar de chumhacht dó/dóibh an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

1.   Is é an Coimisiún, le cabhair ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus i dteannta údaráis eitlíochta na mBallstát mar ionadaithe na mBallstát, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar Chomhchoiste na bPáirtithe (“an Comhchoiste”) a bunaíodh de bhun Airteagal 11 den Chomhaontú.

2.   Is í Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, le cabhair ó údaráis eitlíochta na mBallstát a bhfuil baint dhíreach acu le clár oibre gach cruinnithe, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar an mBord Maoirseachta um Dheimhniúchán a bunaíodh de bhun Airteagal 3 d’Iarscríbhinn 1 den Chomhaontú.

Airteagal 4

1.   Féadfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearta coimirce a ghlacadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5(1) den Chomhaontú;

(b)

comhairliúcháin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Chomhaontú,

(c)

bearta a ghlacadh chun oibleagáidí cómhalartacha maidir le glacadh a chur ar fionraí agus chun fionraíocht den sórt sin a chealú i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chomhaontú.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Chomhairle, luath go leor roimh ré, go bhfuil sé ar intinn aige aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo.

Airteagal 5

Beidh údarás ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú arna nglacadh ag an gComhchoiste i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) den Chomhaontú a fhormheas, a mhéid atá leasuithe den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha ábhartha dlí an Aontais agus nach bhfuil aon mhodhnú ar na gníomhartha sin i gceist, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

Áiritheoidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an méid seo a leanas maidir leis an bhformheas:

gur chun leasa an Aontais é;

go gcomhlíonann sé na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas faoina bheartas um shábháilteacht eitlíochta agus a bheartas trádála;

go gcuireann sé leasanna mhonaróirí, thrádálaithe agus thomhaltóirí an Aontais san áireamh;

nach sáraíonn sé dlí an Aontais ná an dlí idirnáisiúnta;

i gcás inarb infheidhme, go dtacaíonn sé le feabhas cháilíocht na dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta trí fheabhas a chur ar bhrath cleachtais chalaoiseacha agus mhíthreoracha;

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé mar aidhm aige na caighdeáin a bhaineann le táirgí aerloingseoireachta sibhialta a chomhfhogasú;

i gcás inarb infheidhme, nach gcruthaíonn sé bacainní ar an nuálaíocht; agus

i gcás inarb infheidhme, go n‐éascaítear trádáil na dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta.

(b)

tá na leasuithe atá beartaithe á gcur faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún in am tráth sara bhformheasfar iad.

Déanfaidh an Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú le féachaint an gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a fhormheas ach amháin i gcás ina ndéanann roinnt Ballstát, arb ionann a líon agus mionlach blocála den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid ina n‐aghaidh. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú.

Airteagal 6

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ó dháta a shínithe (2), go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Níl téacs an Chomhaontaithe ann as Gaeilge.

(2)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta ar uaidh a gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top