Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0984

    Cinneadh (AE) 2020/984 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024)

    ST/8928/2019/INIT

    IO L 222, 10.7.2020, p. 4–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/984/oj

    Related international agreement

    10.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 222/4


    CINNEADH (AE) 2020/984 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Iúil 2020

    maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7),

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1)

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2008, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 241/2008 (2), lenar tugadh i gcrích an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (3) (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 15 Aibreán 2008, rinneadh é a athnuachan go hintuigthe agus tá sé fós i bhfeidhm.

    (2)

    Tar éis an mholta ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle an 28 Feabhra 2017 tús na caibidlíochta le Poblacht Ghuine Bissau a údarú chun prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme a thabhairt i gcrích.

    (3)

    Chuaigh an prótacal roimhe sin a bhí ag gabháil leis an gComhaontú in éag an 23 Samhain 2017.

    (4)

    Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, prótacal nua a chaibidil. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, cuireadh inisealacha leis an bprótacal nua an 15 Samhain 2018.

    (5)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1088 ón gComhairle (4), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) (“an Prótacal”) an 15 Meitheamh 2019.

    (6)

    Tá an Prótacal á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a sínithe.

    (7)

    Is é is cuspóir an Phrótacail a chur ar chumas an Aontais agus Phoblacht Ghuine Bissau oibriú níos dlúithe chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, acmhainní iascaigh in uiscí Ghuine Bissau a shaothrú ar bhealach fónta, agus a chur ar chumas Ghuine Bissau iarrachtaí a dhéanamh geilleagar gorm a fhorbairt.

    (8)

    Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

    (9)

    Le hAirteagal 10 den Chomhaontú, bunaítear an Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Thairis sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin, agus le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(4), le hAirteagal 7(4) agus le hAirteagal 8(2) agus (4) den Phrótacal, is féidir leis an gComhchoiste modhnuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. D’fhonn formheas na modhnuithe sin a éascú, ba cheart a údarú don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

    (10)

    Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na modhnuithe ar an bPrótacal. Glacfar leis na leasuithe atá beartaithe mura rud é go ndéanfaidh mionlach blocála de chuid na mBallstát agóid i gCoiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát i gcoinne na modhnuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (11)

    Ba cheart an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste maidir le hábhair eile a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) a fhormheas thar ceann an Aontais. (5)

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Phrótacal.

    Airteagal 3

    I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údarófar don Choimisiún modhnuithe a fhormheas a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 10 den Chomhaontú.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Iúil 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 241/2008 ón gComhairle an 17 Márta 2008 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích (IO L 75, 18.3.2008, lch. 49).

    (3)  IO L 342, 27.12.2007, lch. 5.

    (4)  Cinneadh (AE) 2019/1088 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích (2019-2024) (IO L 173, 27.6.2019, lch. 1).

    (5)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 173 an 27.6.2019 in éineacht leis an gcinneadh tráth a shínithe.


    IARSCRÍBHINN

    An nós imeachta maidir le formheas a dhéanamh ar na modhnuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste

    I gcás ina n‐iarrfar ar an gComhchoiste modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(4), le hAirteagal 7(4) agus le hAirteagal 8(2) agus (4) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (1)

    Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

    (a)

    go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh;

    (b)

    go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

    (c)

    go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a chuirtear chuig an gCoimisiún.

    (2)

    Sula ndéanfaidh an Coimisiún modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

    (3)

    Déanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú ar chomhréireacht na modhnuithe atá beartaithe leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo.

    (4)

    Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na modhnuithe atá beartaithe, líon atá ar cóimhéid le mionlach blocála de chuid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá an mionlach blocála sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na modhnuithe atá beartaithe.

    (5)

    Más rud é, le linn cruinnithe a thionólfar le Guine Bissau ina dhiaidh sin, lena n‐áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an t‐ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear eilimintí nua san áireamh i seasamh an Aontais.

    (6)

    Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ag éirí as cinneadh an Chomhchoiste, lena n‐áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

    (7)

    In ábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(4), le hAirteagal 7(4) agus le hAirteagal 8(2) agus (4) de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais oibre.


    Top