EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0766

Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

ST/7832/2020/INIT

IO L 187, 12.6.2020, p. 3–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/766/oj

12.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/3


CINNEADH (AE) 2020/766 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2020

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí arna ndéanamh ag Rialtas na hEastóine, Rialtas na Cipire agus Rialtas Lucsamburg,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh gur cheart Coiste na Réigiún a bheith comhdhéanta d'ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfaidh an Chomhairle comhaltaí Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de chomhaltaí malartacha a cheapadh go ceann téarma cúig bliana i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

(3)

Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha Choiste na Réigiún in éag an 25 Eanáir 2020, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh.

(4)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna, triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Spáinne, deichniúr comhaltaí agus 14 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta, agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne.

(5)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3), i gcomhréir leis na tograí a rinne na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse chéanna, ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus deichniúr comhalta malartach a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne.

(6)

An 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/144 (4), i gcomhréir leis na tograí a rinne na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Spáinne, mar aon le comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Fionlainne.

(7)

An 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/511 (5), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, cúigear comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Beilge, mar aon le comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Gearmáine agus comhalta amháin a mhol Rialtas Mhálta.

(8)

Le Cinneadh (AE) 2019/852 maidir le comhdhéanamh Choiste na Réigiún, meastar go ndearnadh an chothromaíocht i leithdháileadh na suíochán a bhí ann sular glacadh Cinneadh 2014/930/AE ón gComhairle (6) a athbhunú, agus chun na críche sin mhéadaigh Cinneadh (AE) 2019/852 de dhuine amháin líon na gcomhaltaí agus líon na gcomhaltaí malartacha a leithdháileadh ar gach ceann de na tíortha seo a leanas: an Eastóin, an Chipir agus Lucsamburg. Ní raibh an comhdhéanamh sin le teacht i bhfeidhm ach amháin i gcás tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Ós rud é go bhfuil éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ón 1 Feabhra 2020, is é líon chomhaltaí Choiste na Réigiún ón dáta sin an líon dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2019/852. Dá bhrí sin, tá Rialtas na hEastóine, Rialtas na Cipire agus Rialtas Lucsamburg i dteideal comhalta breise amháin agus comhalta malartach breise amháin a mholadh.

(9)

Tá a n-iarrthóirí do shuíocháin comhaltaí breise agus comhaltaí malartacha molta ag Rialtas na hEastóine, Rialtas na Cipire agus Rialtas Lucsamburg. Ba cheart go gceapfaí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Feabhra 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar na daoine a leanas a cheapadh ar Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025:

mar chomhaltaí, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn I;

mar chomhaltaí malartacha, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).

(6)  Cinneadh 2014/930/AE ón gComhairle an 16 Nollaig 2014 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (IO L 365, 19.12.2014, lch. 143).


IARSCRÍBHINN I

ПРИЛОЖЕНИЕ I - ANEXO I - PŘÍLOHA I - BILAG I - ANHANG I - I LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ Ι - ANNEX I - ANNEXE I - PRILOG I - ALLEGATO I - I PIELIKUMS - I PRIEDAS - I. MELLÉKLET - ANNESS I - BIJLAGE I - ZAŁĄCZNIK I - ANEXO I - ANEXA I - PRÍLOHA I - PRILOGA I - LIITE I - BILAGA I

Членове / Miembros / Členové / Medlemmer / Mitglieder / Liikmed / Μέλη / Members / Membres / Članovi / Membri / Locekļi / Nariai / Tagok / Membri / Leden / Członkowie / Membros / Membri / Členovia / Člani / Jäsenet / Ledamöter

EESTI

Mr Juri GOTMANS

Member of a Local Assembly: Võru City Council

ΚYΠΡΟΣ

Mr Christakis MELETIES

President of the Community Council of Kokkinotrimithia

LUXEMBOURG

Mr Gusty GRAAS

Member of a Local Assembly: Conseil communal de la commune de Bettembourg


IARSCRÍBHINN II

ПРИЛОЖЕНИЕ II - ANEXO II - PŘÍLOHA II - BILAG II - ANHANG II - II LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ IΙ - ANNEX II - ANNEXE II - PRILOG II - ALLEGATO II - II PIELIKUMS - II PRIEDAS - II. MELLÉKLET - ANNESS II - BIJLAGE II - ZAŁĄCZNIK II - ANEXO II - ANEXA II - PRÍLOHA II - PRILOGA II - LIITE II - BILAGA II

Заместник-членове / Suplentes / Náhradníci / Suppleanter / Stellvertreter / Asendusliikmed / Αναπληρωτές / Alternate members / Suppléants / Zamjenici članova / Supplenti / Aizstājēji / Pakaitiniai nariai / Póttagok / Membri Supplenti / Plaatsvervangers / Zastępcy członków / Suplentes / Supleanți / Náhradníci / Nadomestni člani / Varajäsenet / Suppleanter

EESTI

Mr Kurmet MÜÜRSEPP

Representative of a local body with political accountability to an elected Assembly: Antsla Rural Municipality Council

ΚYΠΡΟΣ

Mr Panayiotis VASILIOU

President of the Community Council of Mazotos, Larnaca

LUXEMBOURG

Mr Vincent REDING

Member of a Local Assembly: Conseil communal de la commune de Weiler-la-Tour


Top