This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020C0428(01)
Statement of the Commission relating to Regulation (EU) 2020/560 of the European Parliament and of the Council amending Regulations (EU) No 508/2014 and (EU) No 1379/2013 as regards specific measures to mitigate the impact of the COVID-19 outbreak in the fishery and aquaculture sector 2020/C 138 I/01
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le bearta sonracha chun tionchar na ráige de COVID-19 ar an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a mhaolú 2020/C 138 I/01
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le bearta sonracha chun tionchar na ráige de COVID-19 ar an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a mhaolú 2020/C 138 I/01
PUB/2020/337
IO C 138I, 28.4.2020, p. 1–1
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
28.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 138/1 |
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le bearta sonracha chun tionchar na ráige de COVID-19 ar an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a mhaolú
(2020/C 138 I/01)
Is díol sásaimh don Choimisiún é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag glacadh gan mhoill an togra uaidh leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a mhodhnú chun tionchar na ráige de COVID-19 a mhaolú agus chun cuidiú lenár gcuid iascairí agus lenár gcuid táirgeoirí in earnáil an dobharshaothraithe.
Is mian leis an gCoimisiún a chur i bhfios go láidir go bhfuil rialú ar iascach agus bailiú sonraí eolaíocha ríthábhachtach chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar stoic éisc ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus ar bhonn an fhorfheidhmithe iontaofa. Níor cheart meath a theacht ar an toradh a bhíonn ar na heilimintí fíor-riachtanacha sin den Chomhbheartas Iascaigh de bharr an laghdaithe ar acmhainní airgeadais.
Is mian leis an gCoimisiún a chur in iúl go láidir go dtugtar leis an togra uaidh, mar aon leis na leasuithe a rinneadh air, aghaidh ar an ngéarchéim uathúil atá ann de thoradh na ráige de COVID-19 agus ar an ngéarghá eisceachtúil le tacaíocht chun dul i ngleic le hiarmhairtí na ráige sin. Níor cheart go ndéanfaí réamhbhreithiúnas mar gheall orthu ar an Rialachán a bheidh ann amach anseo maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh.