Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2175

    RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/75/2019/REV/1

    IO L 334, 27.12.2019, p. 1–145 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 27/12/2019

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2175/oj

    27.12.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 18 Nollaig 2019

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint do na tuairimí ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tar éis na géarchéime airgeadais agus na moltaí a rinne grúpa saineolaithe ardleibhéil a raibh Jacques de Larosière ina chathaoirleach air, tá dul chun cinn nach beag déanta ag an Aontas Eorpach ní hamháin maidir le rialacha níos daingne, ach le rialacha níos comhchuibhithe freisin, a leagan síos i dtaobh na margaí airgeadais i bhfoirm Leabhar Rialacha Aonair. Tá an córas Eorpach um mhaoirseacht airgeadais (CEMA) curtha ar bun ag an Aontas Eorpach freisin agus tá sé bunaithe ar chóras dhá cholún, lena gcuimsítear maoirseacht mhicreastuamachta arna comhordú ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) agus maoirseacht mhicreastuamachta arna comhordú ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS). Thosaigh na trí ÚME, mar atá an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (dá ngairtear le chéile “na rialacháin bhunaidh”), thosaigh siad ag feidhmiú in Eanáir 2011. Is é cuspóir foriomlán na ÚEManna cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a threisiú ar bhonn inbhuanaithe ar fud an Aontais agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a fheabhsú.

    (2)

    Is ríthábhachtach an méid atá déanta ag na ÚMEnna chun rialacha na margaí airgeadais san Aontas a chomhchuibhiú toisc go gcuireann siad ionchur ar fáil don Choimisiún i gcomhair a chuid tionscnamh le haghaidh rialachán agus treoracha atá le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Ina theannta sin, chuir na ÚMEnna dréachtaí de rialacha teicniúla mionsonraithe ar fáil don Choimisiún agus glacadh na dréachtaí sin mar ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme.

    (3)

    Anuas air sin, Chuir na ÚMEnna le cóineasú na maoirseachta airgeadais agus an chleachtais maoirseachta san Aontas trí bhíthin treoirlínte atá dírithe ar údaráis inniúla, ar institiúidí airgeadais nó ar rannphairtithe margaidh airgeadais agus trí athbhreithnithe ar chleachtais mhaoirseachta a chomhordú.

    (4)

    Bheadh rialachas iomchuí, úsáid éifeachtach acmhainní agus maoiniú leordhóthanach ag teastáil freisin sula bhféadfaí aon chumhacht feabhsaithe a thabhairt do na ÚMEnna chun cur ar a gcumas a gcuspóirí a chomhlíonadh. Níor leor cumhachtaí feabhsaithe amháin chun cuspóirí na ÚMEnna a bhaint amach i gcás nach mbeadh maoiniú leordhóthanach acu nó i gcás nach mbeidís á rialú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil.

    (5)

    Agus a gcúraimí agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, ba cheart do na ÚMEnna gníomhú i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta, mar a leagtar síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), chomh maith leis an mbeartas rialála níos fearr. Ba cheart ábhar agus foirm ghníomhartha agus bhearta na ÚMEnna, lena n-áirítear ionstraimí amhail treoirlínte, moltaí, tuairimí nó ceisteanna agus freagraí, a bheith bunaithe i gcónaí ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de na rialacháin bhunaithe nó laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí. Níor cheart do na ÚMEnna dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus ba cheart dóibh gníomhú i gcomhréir le cineál, scála agus castacht na rioscaí atá ina ngnéithe dílse de ghníomhaíocht airgeadais nó de ghnó na hinstitiúide airgeadais nó an ghnóthais a ndéantar difear dó nó di.

    (6)

    Sa Teachtaireacht uaidh 8 Meitheamh 2017 maidir le hAthbhreithniú Lár an Téarma ar an bPlean Gníomhaíochta de chuid Aontas na Margaí Caipitil, chuir an Coimisiún béim air go raibh córas maoirseachta atá níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí ríthábhachtach chun deireadh a chur le harbatráiste rialála idir na Ballstáit, agus iad i mbun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú, chun dlús a chur le comhtháthú margaidh agus chun deiseanna a chruthú d’eintitis agus infheisteoirí airgeadais sa mhargadh inmheánach.

    (7)

    Mar sin de, tá sé thar a bheith práinneach tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an gcomhtháthú maoirseachta chun aontas na margaí caipitil a thabhairt i gcrích. Deich mbliana tar éis thús na géarchéime airgeadais agus bhunú an chórais maoirseachta nua, tá dhá fhorbairt mhóra ann a bheidh ag tiomáint na seirbhísí airgeadais agus aontas na margaí caipitil níos mó ná riamh: an t-airgeadas inbhuanaithe agus an nuálaíocht teicneolaíochta. D’fhéadfadh gach ceann den dá fhorbairt sin seirbhísí airgeadais a athrú ó bhonn agus ba cheart ár gcóras maoirseachta airgeadais a bheith ullamh dóibh. Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfadh an córas airgeadais a chion chun dul i ngleic le sárdhúshláin na hinbhuanaitheachta. Chuige sin beidh gá le rannpháirtíocht ghníomhach ó na UMÉnna chun an creat rialála agus maoirseachta iomchuí a chur i dtoll a chéile.

    (8)

    Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag na ÚMEnna i sainaithint agus i dtuairisciú na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le himthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus chun gníomhaíocht na margaí airgeadais a chur i gcomhréir le cuspóirí na hinbhuanaitheachta. Ba cheart do na ÚMEnna treoir a thabhairt maidir le cén chaoi ar féidir cúinsí inbhuanaitheachta a chuimsiú go héifeachtach i reachtaíocht airgeadais ábhartha an Aontais, agus ba cheart dóibh cur chun feidhme comhsheasmhach na bhforálacha sin a chur chun cinn nuair a ghlactar iad. Agus measúnuithe ar bhuanseasmhacht na n-institiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais in aghaidh á dtosú agus á gcomhordú acu , ba cheart do na UMEnna aird mar is cuí a thabhairt ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le himthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais na n-institiúidí sin.

    (9)

    Tá méadú tagtha ar thionchar na nuálaíochta teicneolaíochta ar an earnáil airgeadais agus, dá bhrí sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag údaráis inniúla chun déileáil leis na forbairtí teicneolaíochta sin. Chun go leanfar de chóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun dea-chleachtais a mhalartú idir na húdaráis ábhartha ar thaobh amháin, agus idir na húdaráis ábhartha agus institiúidí airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar an taobh eile, ba cheart ról na ÚMEnna a threisiú maidir leis an bhfeidhm mhaoirseachta atá acu agus maidir leis an gcomhordú maoirseachta a dhéanann siad.

    (10)

    Mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíoch i margaí airgeadais, is féidir an cuimsiú airgeadais a fheabhsú, rochtain ar mhaoiniú a sholáthar, sláine agus éifeachtúlacht oibríochtúil na margaí a fheabhsú agus na baic ar iontráil sna margaí sin a laghdú. A mhéid a bhaineann sé leis na rialacha substainteacha is infheidhme, ba cheart an nuálaíocht teicneolaíochta a bheith cuimsithe freisin in oiliúint na n-údarás inniúil. Ba cheart go gcuideoidh an méid sin le cosc a chur le héagsúlacht sna Ballstáit i ndáil lena gcur chuige sna cúrsaí sin.

    (11)

    Ina réimse saineolais féin, ba cheart don ÚBE faireachán a dhéanamh ar na constaic roimh chomhdhlúthú stuamachta nó ar an gcur isteach air agus d’fhéadfadh an ÚBE tuairimí nó moltaí a thabhairt arbh é ba aidhm dóibh bealaí iomchuí le dul i ngleic leis na constaici agus an cur isteach sin a aimsiú.

    (12)

    Tá ceisteanna agus freagraí ina n-uirlis thábhachtach um chóineasú, lena gcuirtear cuir chuige chomhchoiteanna chun cinn trí threoir a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais laistigh de raon feidhme na ÚMEnna.

    (13)

    Is ag dul i dtábhacht atá sé faireachán comhleanúnach córasach éifeachtach agus measúnú rioscaí a chur chun cinn i dtaca le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i gcóras airgeadais an Aontais. Comhfhreagracht idir na Ballstáit agus institiúidí agus na comhlachtaí an Aontais is ea sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, laistigh dá sainorduithe faoi seach. Ba cheart dóibh sásraí a bhunú maidir le comhar, comhordú agus cúnamh frithpháirteach feabhsaithe, agus leas a bhaint as na huirlisí agus bearta uile atá ar fáil faoin gcreat rialála agus institiúideach atá ann cheana.

    (14)

    Ag cur san áireamh gurb í an earnáil baincéireachta is dóichí a mbeidh tionchar sistéamach ag rioscaí i dtaca le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus i bhfianaise na n-iarmhairtí ar an gcobhsaíocht airgeadais a d’fhéadfadh eascairt as mí-úsáid na hearnála airgeadais chun críche sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, , agus ag cur leis an taithí atá ag ÚBE mar Údarás ina bhfuil ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát uile ar chosaint earnáil na baincéireachta ar mhí-úsáid dá leithéid, ba cheart do ÚBE ról ceannasach maidir le comhordú agus faireachán a ghlacadh chuige féin ar leibhéal an Aontais leis an gcórais airgeadais a chosaint chun na criocha sin. Dá bhrí sin, anuas ar na hinniúlachtaí atá aige cheana, ní mór an chumhacht a thabhairt do ÚBE chun gníomhú laistigh de raon feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 sa mhéid go mbaineann an chumhacht sin le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, sa chás go mbaineann sé le hoibreoirí san earnáil airgeadais agus leis na húdaráis inniúla a bhíonn á maoirsiú, ar údaráis iad atá faoi scáth na Rialachán sin. Ina theannta sin, dá ndéanfaí an sainordú seo don earnáil airgeadais ar fad a chruinniú le chéile faoi ÚBE, d’fhéadfaí an úsáid ba mhó ab fhéidir a bhaint as an saineolas agus as na hacmhainní atá aige, agus bheadh sé gan dochar do na hoibleagáidí nithiúla a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (15)

    Ionas go bhféadfaidh ÚBE a shainordú a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart dó úsáid iomlán a bhaint as na cumhachtaí agus na huirlisí ar fad atá aige faoin Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus urraim á tabhairt do phrionsabal na comhréireachta. Chun na críche sin, ba cheart go bhforbródh sé caighdeáin choiteanna rialála agus mhaoirseachta, go háirithe trí dhréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a cheapadh, treoirlínte agus moltaí a leagan amach, agus trí thuairimí a thabhairt maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac san earnáil airgeadais agus a gcur chun feidhme comhsheasmhach i gcomhréir leis an sainordú dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha earnála ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus in Airteagal 16 de na rialacháin bhunaidh a chur chun cinn. Na bearta arna nglacadh ag ÚBE le sláine, trédhearcacht agus slándáil a chur chun cinn sa chóras airgeadais agus chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, níor cheart go rachadh siad thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo nó na ngníomhartha reachtacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de na rialacháin bhunaidh a bhaint amach agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an gcineál, ar na rioscaí, ar an scála agus ar an gcastacht a bhaineann le rioscaí, cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid oibreoirí na hearnála airgeadais, agus na margaí.

    (16)

    I gcomhréir leis an ról nua atá aige, is tábhachtach do ÚBE an fhaisnéis ábhartha ar fad a thiomsú i dtaca le laigí ábhartha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a aithníonn na húdaráis ábhartha san Aontas agus go náisiúnta, gan dochar do na cúraimí a shanntar do na húdaráis faoi Threoir (AE) 2015/849 agus gan dúbailtí a chruthú nach bhfuil aon ghá leo. Ba cheart d’ÚBE faisnéis den chineál sin a stóráil i mbunachar lárnach agus an dáileadh cuí ar fhaisnéis ábhartha a áirithiú d’fhonn comhoibriú a chothú i measc na n-údarás i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, ba cheart sainordú a thabhairt d’ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i ndáil leis an chleachtaidh bailithe faisnéise. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh ÚBE fianaise atá ina sheilbh a d’fhéadfadh go n-eascródh imeachtaí coiriúla as an fhianaise sin a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus, a mhéid a bhaineann le Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh faoi Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9), í a tharchur chuig an Ionchúisitheoir Poiblí Eorpach, chun críoch na gcúraimí sin ar tugadh go sonrach dó é.

    (17)

    Níor cheart do ÚBE faisnéis a bhailiú i ndáil le hidirbhearta sonracha amhrasacha, faisnéis a bhfuil oibleagáid ar oibreoirí san earnáil airgeadais a thuairisciú d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais AE ina mBallstáit de bhun Threoir (AE) 2015/849. Ba cheart a mheas gurb ábhartha laigí i gcás gur sárú ag oibreoir san earnáil airgeadais iad nó a bhféadfadh sárú a bheith i gceist leo nó i gcás gur cur i bhfeidhm míchuí nó neamhéifeachtach ag oibreoir san earnáil airgeadais iad, nó i gcás gur cur i bhfeidhm míchuí nó neamhéifeachtach bheartais inmheánacha agus nósanna imeachta a chomhlíonadh ag oibreoir san earnáil airgeadais iad maidir le forálacha dlíthiúla a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Meastar sárú a bheith tar éis tarlú nuair a mhainníonn oibreoir san earnáil airgeadais na ceanglais a chomhlíonadh i gceann ar bith de ghníomhartha an Aontais agus sna ndlíthe náisiúnta lena dtrasuitear ceanglais den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de na rialacháin bhunaidh sa mhéid go rannchuidíonn na gníomhartha sin le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. D’fhéadfadh sárú a bheith ann i gcás ina mbeadh foras réasúnach ag an údarás inniúil a cheapadh gur tharla sárú, ach ag an am sin, ní fhéadfadh sé a dhéanamh amach ar deireadh gur tharla sárú. Mar sin féin, i ngeall ar an bhfaisnéis a fuarthas faoin am sin amhail faisnéis ó chigireachtaí ar an láthair nó nósanna imeachta as an láthair, is ródhócha go raibh sárú ann. Bíonn cur i bhfeidhm míchuí nó neamhéifeachtach forálacha dlí ann nuair a theipeann ar oibreoir san earnáil airgeadais ceanglais na ngníomhartha sin a chur chun feidhme ar bhealach sásúil. Ba cheart a mheas gur laige é cur i bhfeidhm míchuí nó neamhéifeachtach bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha oibreora san earnáil airgeadais a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh na ngníomhartha sin a áirithiú, lena méadaítear go suntasach an baol gur tharla sáruithe nó go bhféadfadh sáruithe tarlú.

    (18)

    Agus measúnú á dhéanamh ar leochaileachtaí agus ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta san earnáil airgeadais, ba cheart do ÚBE breithniú a dhéanamh freisin ar na himpleachtaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ó gach cion preideacáide, lena n-áirítear iad sin atá ina gcoireanna cánach, i gcás inarb infheidhme.

    (19)

    Ar iarraidh a fháil, ba cheart go dtabharfadh ÚBE cúnamh d’údaráis inniúla le linn dóibha bhfeidhmeanna maoirseachta stuamachta a fheidhmiú . Ina theannta sin, ba cheart do ÚBE comhordú dlúth a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a mhalartú, leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach, ina cháil mhaoirseachta, agus leis na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849, chun éifeachtúlacht a áirithiú agus chun aon chineál ghníomh dúblála nó gníomh neamhréireach a sheachaint maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

    (20)

    Ba cheart do ÚBE athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a dhéanamh, chomh maith le measúnuithe riosca ar oiriúnacht straitéisí agus acmhainní na n-údarás inniúil agus iad a bheith dírithe ar na rioscaí is mó tábhacht atá ag teacht chun cinn i dtaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainaithnítear sa Mheasúnú Riosca Fornáisiúnta. Agus na hathbhreithnithe piaraí sin á ndéanamh ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ba cheart dó aird a thabhairt ar mheastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i ndáil leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac chomh maith le tuarascáil leathbhliantúil an Choimisiúin faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 agus an Measúnú Náisiúnta ar Riosca an Bhallstáit ábhartha arna ullmhú faoi Airteagal 7 den Treoir sin.

    (21)

    Lena chois sin, ba cheart ról ceannais a bheith ag ÚBE i rannchuidiú maidir le comhar a éascú idir údaráis inniúla san Aontas agus na húdaráis ábhartha i tríú tíortha faoi na gnóthaí seo d’fhonn an ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a chomhordú níos fearr i gcásanna iarbhír sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil gné thrasteorann agus tríú tír ag roinnt leo. Ba cheart go mbeadh an ról sin gan dochar d’idirghníomhaíochtaí rialta idir údaráis inniúla agus údaráis tríú tíortha.

    (22)

    D’fhonn éifeachtúlacht an smachta maoirseachta ar comhlíontacht i réimse sciúrtha an airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a fheabhsú, agus d’fhonn breis comhordaithe san fhorfheidhmiú a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta ar sháruithe ar dlíthe de chuid an Aontais atá infheidhme go díreach, nó ar a chuid forálacha trasuite náisiúnta, ba cheart go mbeadh de chumhacht ag ÚBE, anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna bailiú, agus más gá, gabháil d’imscrúduithe ar líomhaintí arna dtabhairt dá aire a bhaineann le sáruithe iarbhír nó le neamhfheidhmiú dhlí an Aontais, agus, sa chás ina bhfuil fianaise ann i leith sáraithe iarbhír, iarraidh ar údaráis inniúla sáruithe féideartha ar rialacha ábhartha a fhiosrú, agus cinneadh a chur i gceist maidir le pionóis a chuirfí faoi bhráid oibreoirí earnála airgeadais, rud a chuirfeadh iallach orthu géilleadh dá gcuid dualgas dlíthiúla. Ní ceart an chumhacht sin a chleachtadh ach amháin má thuigtear do ÚBE go raibh sáruithe iarbhír ann.

    (23)

    Chun críocha an nós imeachta maidir le dlí an Aontais a shárú dá bhforáiltear in Airteagal 17 de na rialacháin bhunaidh agus ar mhaithe le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm mar is ceart, is iomchuí rochtain na ÚMEnna ar fhaisnéis a éascú, agus dlús a chur leis. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith in ann faisnéis a iarraidh go díreach, trí iarraidh a dhéanamh a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, ó údaráis inniúla eile nuair a chruthaítear nó a mheastar nach leordhóthanach faisnéis a iarraidh ón údarás inniúil lena mbaineann chun an fhaisnéis a meastar a bhfuil gá léi a fháil chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

    (24)

    Is gá cur chuige comhsheasmhach a bheith ag na húdaráis inniúla chun go ndéanfar maoirseacht chomhchuibhithe ar an earnáil airgeadais. Chun na críche sin, tá gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil faoi réir athbhreithnithe piaraí. Ba cheart do na ÚMEnna a áirithiú go gcuirtear an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna. Ba cheart do na hathbhreithnithe piaraí sin díriú ní hamháin ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta ach freisin ar chumas na n-údarás inniúil torthaí maoirseachta d’ardcháilíochta a bhaint amach agus, chomh maith leis sin, ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil sin. Ba cheart príomhthorthaí na n-athbhreithnithe piaraí sin a fhoilsiú chun comhlíonadh a spreagadh agus an trédhearcacht a mhéadú, ach amháin dá mbeadh baol don chobhsaíocht airgeadais ag baint leis an bhfoilsiú sin.

    (25)

    I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sé a áirithiú go gcuirtear creat maoirseachta an Aontais um chosc agus chomhrac sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i bhfeidhm go héifeachtach, tá athbhreithnithe piaraí neamhspleácha ríthábhachtach chun léargas oibiachtúil trédhearcach ar chleachtais mhaoirseachta a chur ar fáil. Ba cheart do UBÉ measúnú a dhéanamh ar na straitéisí agus na hacmhainní atá ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí is tábhachtaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

    (26)

    Ar mhaithe lena chuid cúraimí a chur i gcrích agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, ba cheart go mbeadh ÚBE in ann cinntí a dhéanamh ceann ar cheann a bheadh dírithe ar oibreoirí san earnáil airgeadais i gcomhréir leis an nós imeachta a ghabhann le sárú ar dhlí an Aontais, agus an nós imeachta a ghabhann le hidirghabháil cheangailteach, fiú nuair nach bhfuil na rialacha substainteacha infheidhme go díreach ar oibreoirí in earnáil an airgeadais, tar éis cinneadh a ghlacadh atá dírithe ar údarás inniúil. Sa chás a leagtar síos na rialacha substainteacha sna Treoracha, ba cheart do ÚBE an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm sa mhéid agus go ndéanann sé ar na Treoracha sin a thrasuí. I gcás ina bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus i gcás, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina dtugtar roghanna do na Ballstáit go sainráite leis na Rialacháin sin, ba cheart do ÚBE an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm a mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.

    (27)

    I gcás ina n-údaraítear do ÚBE leis an Rialachán seo dlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm lena dtrasuitear Treoracha, ní féidir le ÚBE na dlíthe náisiúnta sin a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá chun na cúraimí thugtar dó le dlí an Aontais a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE na rialacha ábhartha go léir de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina leagtar síos i dTreoracha na rialacha sin, ba cheart dó an dlí náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear le dlí an Aontais, arbh aidhm leis sin an dlí a chur i bhfeidhm go cothrom ar fud an Aontais agus urraim á tabhairt don dlí náisiúnta ábhartha ag an am céanna.

    (28)

    I gcás ina bhfuil cinneadh ÚBE bunaithe ar na cumhachtaí atá aige, nó ceangailte leis na cumhachtaí atá aige agus ina mbaineann sé le hoibreoirí earnála airgeadais nó údaráis inniúla atá faoi shainchúram ÚEÁPC agus ÚEUM, níor cheart ÚBE a bheith in ann an cinneadh a dhéanamh ach amháin le toiliú ÚEÁPC nó ÚEUM, faoi seach. I dtaca le ÚEÁPC agus ÚEUM, agus práinn an chinnidh ábhartha i dtrácht á cur san áireamh i ngach cás, ba cheart dóibh a machnamh a dhéanamh, agus a dtuairimí á gcur in iúl acu, ar úsáid a bhaint as nósanna imeachta brostaithe cinnidh i gcomhréir lena rialacha inmheánacha um rialachas faoi seach.

    (29)

    Faisnéis a sholáthraíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha, mí-úsáid dlí, nó le neamhfheidhmiú dhlí an Aontais, ba cheart bealaí tuairiscithe tiomnaithe chun an fhaisnéis sin a fháil agus a láimhseáil a bheith curtha i bhfeidhm ag ÚMEanna. Ba cheart do na ÚMEannaa áirithiú go bhféadfar faisnéis a thíolacadh gan ainm, nó go rúnda agus go sábháilte. Ba cheart an duine tuairiscithe a chosaint i gcoinne frithbhirt. Ba cheart do ÚMEannaaiseolas a thabhairt don duine a dhéanann tuairisciú.

    (30)

    Chun go ndéanfar maoirseacht chomhchuibhithe ar an earnáil airgeadais, is gá easaontais idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i gcásanna trasteorann a réiteach go héifeachtúil freisin. Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le heasaontais den sórt sin a réiteach, níl siad go hiomlán sásúil. Ba cheart iad a chur in oiriúint ionas go mb’fhusa iad a chur i bhfeidhm.

    (31)

    Is cuid lárnach d’obair na ÚMEnna ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta é cultúr maoirseachta a chur chun cinn san Aontas. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an t-údarás suas le dhá thosaíocht atá ábhartha maidir leis an Aontas ina iomláine a shainaithint go tráthrialta. Ba cheart do na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcuid clár oibre á ndréachtú acu. Ba cheart do Bhord Maoirseoirí gach ÚME gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdariás inniúla an bhliain dár gcionn a phlé agus ba cheart dó teacht ar chonclúidí.

    (32)

    Ba cheart go gceadófaí, le measúnuiithe na gcoistí um athbhreithniú piaraí, staidéir mhionsonraithe atá bunaithe ar fhéinmheasúnú ag na húdaráis arna athbhreithniú, agus meastóireacht ag an gcoiste um athbhreithniú piaraí ina dhiaidh sin. An comhalta sin d’údarás inniúil atá faoi athbhreithniú, níor cheart go nglacfadh sé páirt sa mheasúnú nuair a bhaineann sé leis an údarás inniúil sin.

    (33)

    A bhuí le taithí a fuair na ÚMEnna, nocht na tairbhí a bhaineann le comhordú feabhsaithe i réimsí áirithe trí ghrúpaí ad hoc nó trí ardáin ad hoc. Ba cheart go gcuirfidh an Rialachán seo bonn dlíthiúil faoi na socruithe sin, agus ba cheart go ndéanfadh sé iad a neartú, trí uirlis nua a chruthú, eadhon, trí ghrúpaí comhordaithe a bhunú. Ba cheart do na grúpaí comhordaithe sin cóineasú maidir leis na cleachtais mhaoirseachta a dhéanann údaráis inniúla a chur chun cinn, go háirithe tríd an malartú faisnéise agus taithí. Ba cheart rannpháirtíocht na n-údarás inniúil uile sna grúpaí comhordaithe sin a bheith éigeantach agus ba cheart go gcuirfeadh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na grúpaí comhordaithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla machnamh a dhéanamh ar ghrúpa comhordaithe a bhunú gach áit a sainaithníonn siad gá a bheith le comhordú i bhfianaise tosca sonracha sa mhargadh. Féadfar na grúpaí comhordaithe sin a bhunú maidir le gach réimse atá faoi chuimsiú na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de na rialacháin bhunaidh.

    (34)

    Is gá, i margaí airgeadais idirnáisiúnta ordúla dea-fheidhmiúla, go ndéantar faireachán ar chinntí coibhéise tríú tír arna nglacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart do gach UMÉ faireachán a dhéanamh ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht agus ar na cleachtais forfheidhmiúcháin sna tríú tíortha sin. Ba cheart dó déanamh amhlaidh chun a fhíorú an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar a ndearnadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha a leagtar amach iontu. Ba cheart do gach ÚME tuarascáil rúnda a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a ghníomhaíochtaí faireacháin ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do gach ÚME, i gcás inar féidir é, socruithe riaracháin a fhorbairt freisin le húdaráis inniúla tríú tíortha chun faisnéis a fháil chun críocha faireacháin agus chun gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú. Ba cheart go n-áiritheofaí faoin gcóras maoirseachta feabhsaithe sin go bhfuil an choibhéis i dtríú tíortha níos trédhearcaí agus go bhfuil sí níos intuartha ag na tríú tíortha lena mbaineann agus go bhfuil sí níos comhsheasmhaí ar fud na n-earnálacha uile.

    (35)

    Ba cheart do ionadaí BERS ar an mBord Maoirseoirí léargas coiteann bhoird ghinearálta BERS a chur i láthair le béim ar leith ar chobhsaíocht airgeadais.

    (36)

    Le gur féidir a áirithiú go bhfuil an leibhéal iomchuí saineolais ina bhonn daingean faoi chinntí a bhaineann le bearta chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, ní mór coiste buan inmheánach a bhunú san ÚBE. Ba cheart don Choiste sin a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ardleibhéil ó údaráis agus comhlachtaí atá i gceannas ar chomhlíontacht le reachtaíocht chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac a bhfuil saineolas agus cumhachtaí cinnteoireachta acu sa réimse maidir le cosc a chur ar úsáid a bhaint as an gcóras airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. Ba cheart go n-áireofaí freisin ar an gcoiste sin ionadaithe ard-leibhéil ó na ÚMEanna a bhfuil saineolas acu ar shamhlacha gnó éagsúla agus ar a sainiúlachtaí earnálacha faoi seach. Ba cheart don choiste sin cinntí a bheidh le déanamh ag ÚBE a scrúdú agus a ullmhú. Le dúbláil a sheachaint, tiocfaidh an coiste nua in áit an fho-choiste i gcoinne sciúradh airgid atá ann faoi láthair, fo-choiste a bunaíodh laistigh de Chomhchoiste na nÚMEanna. Ba cheart na ÚMEanna a bheith in ann aon tráth a gcuid barúlacha i scríbhinn maidir le haon dréachtchinneadh ón gcoiste inmheánach a thíolacadh, ar cheart do Bhord Maoirseoirí ÚBE a bhreithniú go cuí sula ndéanfaidh sé a chinneadh deiridh.

    (37)

    I gcomhréir leis an gcuspóir córas maoirseachta níos comhsheasmhaí inmharthana san Aontas a bhaint amach chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, ba cheart don Choimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtacht na gcúraimí sonracha arna dtabhairt d’ÚBE faoin Rialachán seo a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Ba cheart a léiriú go háirithe sa mheasúnú - a mhéid is féidir - an taithí a fhaightear i gcásanna ina n-iarrann an ÚBE ar údarás inniúil sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ar dhlíthe náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear Treoracha leo nó go bhfeidhmítear roghanna leo do na Ballstáit trí dhlí an Aontais le hoibreoirí san earnáil airgeadais; machnamh a dhéanamh ar phionóis a fhorchur ar an oibreoir sin i leith na sáruithe sin; nó machnamh a dhéanamh ar chinneadh aonair a dhéanamh atá dírithe ar an oibreoir sin san earnáil airgeadais, lena cheanglófaí air gach gníomhaíocht ba riachtanach a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlíthe náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear Treoracha leo nó go bhfeidhmítear leo roghanna a dheonaíonn dlí an Aontais do na Ballstáit. Ba cheart go léireodh sé freisin taithí den sórt sin a fhaightear i gcás ina gcuireann an ÚBE dlí náisiúnta i bhfeidhm sa mhéid go dtrasuitear Treoracha léi nó go bhfeidhmítear roghanna léi a dheonaíonn dlí an Aontais do na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún an measúnú sin, mar chuid dá thuarascáil de bhun Airteagal 65 de Threoir (AE) 2015/849, mar aon le tograí reachtacha, más iomchuí, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 11 Eanáir 2022. Go dtí go mbíonn an measúnú sin tíolactha, maidir leis na cumhachtaí a dheonaítear don ÚBE a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú in Airteagal 9b, Airteagal 17(6) agus Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ba cheart a mheas gur réiteach sealadach iad sa mhéid go gceadaítear leo don ÚBE iarrataí do na húdaráis inniúla a bhunú ar sháruithe dlíthe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann nó go gceadaítear leo don ÚBE an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm.

    (38)

    Chun rúndacht obair na ÚMEnna a chaomhnú, ba cheart na ceanglais i dtaobh rúndacht ghairmiúil a bheith infheidhme maidir le haon duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an ÚME i gceist.

    (39)

    Leis na rialacháin bhunaidh mar aon leis na gníomghartha reachtacha earnála, cuirtear de cheangal ar na ÚMEnna socruithe riaracháin éifeachtacha a iarraidh, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú le maoirseoirí tríú tíortha. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar an ngá le comhar éifeachtach agus le malartú éifeachtach faisnéise, de bhun an Rialacháin leasaithigh, nuair a ghabhfaidh cuid de na ÚMEnna freagrachtaí breise níos leithne orthu féin i ndáil le maoirsiú eintiteas agus gníomhaíochtaí nach eintitis agus gníomhaíochtaí AE iad. Sa chomhthéacs sin, i gcás ina ndéanfaidh na ÚMEnna sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí den sórt sin a aistriú lasmuigh den Aontas, beidh siad faoi cheangal cheanglais Rialachán (AE) 2018/1725. D’uireasa cinneadh leordhóthanachta nó cosaint iomchuí, dá bhforáiltear sna socruithe riaracháin de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 48(3) de Rialachán (AE) 2018/01725 mar shampla, féadfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis tríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha, agus ar na coinníollacha, a ghabhann leis an maolú leasa phoiblí a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 50(1) de, a bhfuil feidhm aige go háirithe maidir le cásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis mhaoirseachta airgeadais.

    (40)

    Foráiltear le rialacháin bhunaidh na ÚMEanna gur cheart do na ÚMEanna, i gcomhar le BERS, tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú chun measúnú a dhéanamh ar bhuanseasmhacht na n-institiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i gcoinne forbairtí dochracha margaidh. Ba cheart a áirithiú freisin go gcuirfí modheolaíocht atá comhsheasmhach, a mhéid ab fhéidir, i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin. Ba cheart é a shoiléiriú freisin, maidir le gach ÚME, nár cheart go gcuirfeadh oibleagáidí na n-údarás inniúil maidir le rúndacht ghairmiúil cosc ar na húdaráis inniúla na torthaí ón thástálacha struis a tharchur chuig na hÚMEnna chun gur féidir iad a fhoilsiú.

    (41)

    Chun ardleibhéal cóineasaithe a áirithiú i réimse na maoirseachta agus an fhormheasa ar shamhlacha inmheánacha, i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart ÚEÁPC,ar a iarraidh sin dó, a bheith in ann cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le samhlacha inmheánacha a fhormheas.

    (42)

    Le gur féidir leis na ÚMEanna a gcúraimí maidir le cosaint tomhaltóirí a chur i gcrích, ba cheart iad a bheith i dteideal gníomhaíochtaí “rúnsiopadóireachta” (mar a tugtar orthu) na n-údarás inniúla a chomhordú, más infheidhme.

    (43)

    Ba cheart acmhainní mar ba cheart agus leordhóthanach a bheith ag na ÚMEanna agus ba cheart foireann mar ba cheart agus leordhóthanach a bheith acu chun rannchuidiú go héifeachtach le maoirseacht airgeadais atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach faoin Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh acmhainní breise airgeadais agus daonna ag teacht le hinniúlachtaí agus le hualach oibre breise a thugtar do na ÚMEanna.

    (44)

    Maidir le dul chun cinn raon feidhme na maoirseachta dírí, d’fhéadfadh sé a bheith de cheangal ar na húdaráis airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi mhaoirsiú díreach ag na ÚMEannas ranníocaíochtaí breise a dhéanamh bunaithe ar chaiteachas measta an ÚME iomchuí.

    (45)

    Tá éifeacht dhochrach ag neamhréireachtaí maidir le cáilíocht, formáidiú, iontaofacht agus costas sonraí trádála ar thrédhearcacht, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh. Chun faireachán ar shonraí trádála agus atógáil sonraí trádála a fheabhsú, agus chun comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú agus feabhas a chur ar a n-infhaighteacht agus ar a n-inrochtaineacht ar chostas réasúnta ar fud an Aontais le haghaidh na n-ionad trádála ábhartha, tugadh creat dlí nua maidir le seirbhísí tuairiscithe sonraí isteach le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lena n-áirítear údarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.

    (46)

    Tá cáilíocht sonraí trádála agus próiseáil agus soláthar na sonraí sin, lena n-áirítear próiseáil agus soláthar sonraí trasteorann, fíorthábhachtach chun príomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a bhaint amach, eadhon trédhearcacht na margaí airgeadais a neartú. Tá soláthar croí-sheirbhísí sonraí ríthábhachtach dá bhrí sin chun go mbeidh úsáideoirí in ann an forbhreathnú inmhianaithe a fháil ar ghníomhaíocht na trádála ar fud mhargaí airgeadais an Aontais agus chun go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis chruinn chuimsitheach faoi idirbhearta ábhartha.

    (47)

    Ina theannta sin, tá méadú ag teacht i rith an ama ar an tábhacht mhór atá le sonraí trádála mar uirlis chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a fhorfheidhmiú go héifeachtach. I ngeall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le láimhseáil sonraí, le cáilíocht sonraí agus leis an ngá atá le barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun cosc a chur leis an tionchar dochrach de dheasca éagsúlachtaí a d’fhéadfadh teacht aníos maidir le cáilíocht sonraí agus cúraimí soláthraithe tuairiscithe sonraí, tá sé tairbhiúil agus tá údar maith leis cumhachtaí údarúcháin agus maoirseachta maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM, seachas iad sin a bhaineann leas as maolú, agus na cumhachtaí sin a shonrú i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sa dóigh gur féidir, ag an am céanna, comhdhlúthú a dhéanamh ar na tairbhí a thiocfaidh as na hinniúlachtaí a bhaineann le sonraí a chomhthiomsú in ÚEUM.

    (48)

    Ba cheart go mbeadh infheisteoirí miondíola ar an eolas go leordhóthanach faoi rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a dhéanfaidís cinneadh infheistiú in ionstraim airgeadais. Is é is aidhm do chreat dlíthiúil an Aontais go laghdófar an riosca maidir le mídhíol i gcás ina ndíolfar le hinfheisteoirí miondíola táirgí airgeadais nach n-oireann dá gcuid riachtanas agus nach bhfuil de réir an ruda a bhfuil siad ag súil leis. Chun na críche sin, cuirtear feabhas ar na ceanglais maidir le heagrúchán agus iompar gnó le Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun a áirithiú go ngníomhóidh gnólachtaí infheistíochta ar mhaithe le leasanna a gcliant. Áirítear sna ceanglais sin nochtadh rioscaí feabhsaithe do chliaint, measúnú níos fearr ar oiriúnacht na dtáirgí a mholtar mar aon le hoibleagáid maidir le hionstraimí airgeadais a dháileadh ar an spriocmhargadh aitheanta, agus imthosca á gcur san áireamh amhail sócmhainneacht eisitheoirí. Ba cheart go mbainfeadh ÚEUM lánúsáid as a chumhachtaí chun cóineasú maoirseachta a áirithiú agus tacú le húdaráis náisiúnta ardleibhéal cosanta infheisteoirí a bhaint amach agus maoirseacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le táirgí airgeadais.

    (49)

    Tá sé tábhachtach go n-áiritheofar aighneachtaí éifeachtacha éifeachtúla agus go n-áiritheofar sonraí a thiomsú, anailís a dhéanamh orthu agus iad a fhoilsiú chun críocha na ríomhanna i dtaca le cinneadh na gceanglas maidir leis na córais oibleagáidí trádála agus trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, agus chun críocha na sonraí tagartha freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ba cheart inniúlachtaí a thabhairt mar sin do ÚEUM, sa bhreis ar na húdaráis inniúla, chun sonraí a bhailiú go díreach ó rannpháirtithe sa margadh maidir le ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, chomh maith le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

    (50)

    Ach na hinniúlachtaí sin a thabhairt do ÚEUM, beifear in ann an t-údarú agus an mhaoirseacht a bhainistiú go lárnach, rud a chuirfidh cosc leis an staid mar atá, is é sin gur gá d’iliomad ionad trádála, inmheánaitheoirí córasacha, socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) agus soláthraithe teilitéipe comhdhlúite (CTPanna) sonraí a sholáthar don iliomad údarás inniúil a chuirtear ar fáil do ÚEUM ina dhiaidh sin. Ba cheart go mbainfeadh na rannpháirtithe sa mhargadh an-tairbhe as an gcóras sin a bheadh bainistithe go lárnach maidir le trédhearcacht sonraí, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht margaidh a bheith níos mó.

    (51)

    Na cumhachtaí sonraí a bhailiú, a údarú agus maoirseacht a dhéanamh a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM orthu, is ríthábhachtach sin freisin maidir le cúraimí eile atá ÚEUM a chur i gcrích faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, amhail faireachán ar an margadh agus cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚEUM.

    (52)

    Chun a chumhachtaí maoirseachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa réimse a bhaineann le próiseáil agus soláthar sonraí, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna héileamh ag ÚEUM a sholáthar nó imscrúdú nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh orthu agus smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil duine tar éis sárú a dhéanamh d’aon ghnó nó le faillí ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    (53)

    Tá táirgí airgeadais a bhaineann úsáid as tagarmharcanna criticiúla ar fáil i ngach Ballstát. Tá na tagarmharcanna sin ríthábhachtach mar sin chun gur féidir le margaí airgeadais feidhmiú mar is ceart agus chun go mbeidh cobhsaíocht airgeadais san Aontas. Agus maoirseacht á déanamh ar thagarmharc criticiúil, ba cheart breathnú go hiomlánaíoch ar na tionchair a d’fhéadfadh teacht chun cinn, ní hamháin sa Bhallstát ina bhfuil an riarthóir lonnaithe agus sna Ballstáit ina bhfuil a ranníocóirí lonnaithe, ach ar fud an Aontais ar fad. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar thagarmharcanna criticiúla áirithe ar leibhéal an Aontais. Chun dúbailt cúraimí a sheachaint, ba cheart do ÚEUM, agus é féin amháin, maoirseacht a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear aon tagarmharcanna neamhchriticiúla a bheadh á riar acu.

    (54)

    Toisc gur doichte na ceanglais a chuirtear ar riarthóirí agus ar rannchuiditheoirí tagarmharcanna criticiúla ná na ceanglais a chuirtear ar riarthóirí agus ar rannchuiditheoirí tagarmharcanna eile, ba cheart don Choimisiún tagarmharcanna a ainmniú ina dtagarmharcanna criticiúla nó ba cheart do ÚEUM sin a iarraidh agus ba cheart don Choimisiún iad a chódú. Ós rud é gurb iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil an rochtain is fearr acu ar shonraí agus ar fhaisnéis faoi na tagarmharcanna a dhéanann siad a mhaoirsiú, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún nó do ÚEUM faoi aon thagarmharcanna a chomhlíonann, ina dtuairim féin, na critéir lena sainaithnítear tagarmharcanna criticiúla.

    (55)

    An nós imeachta maidir leis an mBallstát tagartha a chinneadh do riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha a dhéanfaidh iarratas ar aitheantas san Aontas, tá sé fadálach agus achrannach d’iarratasóirí agus údaráis inniúla náisiúnta. D’fhéadfadh iarratasóirí iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar an gcinneadh sin agus iad ag súil go mbeadh arbatráiste maoirseachta ann. D’fhéadfadh na riarthóirí tagarmharcanna sin a n-ionadaí dlíthiúil a roghnú go straitéiseach i mBallstát ina measann siad nach mbeadh an mhaoirseacht chomh docht céanna. I ngeall ar chur chuige comhchuibhithe agus ÚEUM a bheith ag feidhmiú ina údarás inniúil chun riarthóirí thagarmharcanna tríú tíortha a aithint , seachnófar na rioscaí sin agus na costais maidir leis an mBallstát tagartha a chinneadh agus an mhaoirseacht ina dhiaidh sin freisin. Ina theannta sin, i ngeall ar an ról seo ag ÚEUM mar údarás inniúil do riarthóirí thagarmharcanna tríú tíortha aitheanta, beidh sé ina chontrapháirt san Aontas ag maoirseoirí i dtríú tíortha, rud a fhágann go mbeidh an comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

    (56)

    Is bainc nó gnólachtaí seirbhísí airgeadais a bhíonn ag láimhseáil airgead cliant iad a lán de na riarthóirí tagarmharcanna, murab iad a bhformhór. Chun nach mbainfí an bonn ó chomhrac an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart gur réamhchoinníoll é chun comhaontú comhair a chur i gcrích le húdarás inniúil de réir córas coibhéise nach bhfuil tír an údaráis inniúil ar an liosta de na dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid, agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoirí, ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais.

    (57)

    Déantar tagairt do gach tagarmharc nach mór i dtáirgí airgeadais atá ar fáil i roinnt Ballstát, mura ndéantar tagairt dóibh san Aontas ar fad. Chun rioscaí a bhrath maidir le tagarmharcanna a sholáthar a bhféadfadh sé nach mbeidís iontaofa ná ionadaíoch ar an margadh níos mó nó nár fhíorchás eacnamaíoch é a bheartaíonn siad a thomhas, ba cheart do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear ÚEUM, comhoibriú le chéile agus cúnamh a thabhairt dá chéile, i gcás inarb iomchuí.

    (58)

    Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach chun na socruithe is gá a dhéanamh do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme chun é a chur ar a gcumas do na ÚMEnna agus do na páirtithe eile lena mbaineann na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

    (59)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 600/2014, Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    “2.   Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), Threoir 2009/110/CE , Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (*2), Treoir 2013/36/AE (*3), Threoir 2014/49/AE (*4), Threoir 2014/92/AE (*5), Threoir 2015/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh Aontais eile atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena gcuirtear cúraimí ar an Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (*7).

    Gníomhóidh an tÚdarás freisin laistigh de na cumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus laistigh de raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) a mhéid a bhaineann an Treoir agus an Rialachán sin le hoibreoirí san earnáil airgeadais agus leis na húdaráis inniúla a bhíonn á maoirsiú. Is chun na críche sin amháin a chuirfidh an tÚdarás na cúraimí i gcrích a thugtar le haon ghníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) nó don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11). Le linn dó a bheith ag cur na gcúraimí sin i gcrích, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha sin agus coinneoidh sé ar an eolas iad maidir le heintiteas atá ina ‘institiúid airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’ mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    3.   Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa, ilchuideachtaí airgeadais, gnólachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomhairgid, i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach.

    (*1)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66)."

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)."

    (*3)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)."

    (*4)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)."

    (*5)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214)."

    (*6)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35)."

    (*7)  Rialachán (AE) Uimhir 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)."

    (*8)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73)."

    (*9)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)."

    (*10)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48)."

    (*11)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).”;"

    (b)

    leasaítear mír 5 mar a leanas:

    (i)

    leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh :

    “5.   Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:”;

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):

    “(e)

    a áirithiú go ndéanfar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar chreidmheas a ghlacadh agus ar na rioscaí eile a ghlacfar;

    (f)

    cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú;”;

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    “(g)

    cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú;

    (h)

    cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír

    “Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an tÚdarás rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

    “Agus é ag comhlíonadh a chuid cúraimí, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine agus, aon uair is ábhartha, urramóidh sé prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.”;

    (iv)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúide airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i ngníomhaíochtaí agus i mbearta an Údaráis.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “6.   Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, coiste chun comhairle a thabhairt faoi conas ba cheart dó, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, a ghníomhaíochtaí agus a bhearta difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus ar mhéid institiúidí airgeadais agus margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú, faoi conas ba cheart na difríochtaí sin a chur san áireamh i mbearta.”.

    (2)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh an tÚdarás ina chuid den chóras Eorpach um maoirseacht airgeadais (CEMA). Is é an príomhchuspóir a bheidh ag CEMA ná a áirithiú go ndéantar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín a áirithiú sa chóras airgeadais ina iomláine, agus cosaint éifeachtach leordhóthanach a áirithiú do chustaiméirí agus do thomhaltoirí na seirbhísí airgeadais.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu féin agus ón Údarás chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;

    (c)

    i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, sna dtagairtí don mhaoirseacht atá sa Rialachán seo, áireofar gníomhaíochtaí ábhartha uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    “Airteagal 3

    Cuntasacht na nÚdarás

    1.   Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh an Banc Ceannais Eorpach cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na gcúraimí maoirseachta a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 i gcomhréir leis an Rialachán sin.

    2.   I gcomhréir le hAirteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal sin.

    3.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le déanamh dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé, faoin 15 Meitheamh gach bliain, an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

    4.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, beidh an Cathaoirleach rannpháirteach in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Nuair a iarrfar air nó uirthi déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

    5.   Deánfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrtar sin air, agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.

    6.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 11 go 18, agus in Airteagail 20 agus 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.

    7.   Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air, laistigh de chúig seachtaine tar éis an cheist a fháil.

    8.   Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.

    9.   Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith páirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoin méid a bhfuil sé ag cur le ionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.”;

    (4)

    Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

    “(1)

    ciallaíonn ‘institiúidí airgeadais’ aon ghnóthas atá faoi réir Rialacháin agus maoirseachta de bhun aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);”;

    (b)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(1a)

    is éard is ciall le ‘hoibreoir in earnáil an airgeadais’ aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849, eintiteas atá ina ‘institiúid airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 nó i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

    “(2)

    ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:

    (i)

    údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013

    (ii)

    a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na Treorach sin;

    (iii)

    maidir le Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis agus na heagrais a dhéanann maoirseacht ar oibreoirí in earnáil an airgeadais agus atá inniúil in áirithiú a gcuid comhlíontachta le ceanglais na Treorach sin;

    (iv)

    a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE, nó i gcás ina riarann cuideachta phríobháideach feidhmiú na scéime ráthaíochta taiscí, an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin agus údaráis riaracháin ábhartha dá dtagraítear sa Treoir sin;

    (v)

    a mhéid a bhaineann le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13), na húdaráis réitigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus an Chomhairle agus an Coimisiún nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndéanamh acu faoi Airteagal 18 den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ach amháin i gcás ina mbeidh cumhachtaí lánroghnacha á bhfeidhmiú acu nó roghanna beartais á ndéanamh acu;

    (vi)

    ‘údaráis inniúla’ dá dtagraítear i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14); i Rialachán (AE) 2015/751, i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15), i dTreoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16), agus i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17);

    (vii)

    ‘comhlachtaí agus údaráis’ amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE.

    (*12)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

    (*13)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1)."

    (*14)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34)."

    (*15)  Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1)."

    (*16)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7)."

    (*17)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.03.2012, lch. 22).”;"

    (5)

    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) , rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a fhorbairt;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa):

    “(aa)

    lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear chun na cleachtais mhaoirseachta ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí;”;

    (iii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(ab)

    lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear leis na cleachtais ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta le haghaidh réitigh a leagan amach agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, obair an Bhoird Réitigh Aonair, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe agus na margaí airgeadais sa mhargadh airgeadais;”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;”;

    (v)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (h):

    “(e)

    (e) athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

    (f)

    faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí sa chreidmheas, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;

    (g)

    anailísí a dhéanamh ar na margaí chun sochair feidhmeanna an Údaráis maidir le hurscaoileadh;

    (h)

    cosaint a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh ;”

    (vi)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ia)

    rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais;”;

    (vii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ka)

    gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus an t-uainiú atá beartaithe do ghlacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme.”;

    (viii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(l)

    chun cur leis an gcosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, tríd an gcur i bhfeidhm sin a chur chun cinn.”;

    (b)

    i mír 1a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(b)

    agus an aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla na n-institiúidí airgeadais; agus”;

    (c)

    i mír 1a, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(c)

    nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.”;

    (d)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas :

    “(ca)

    moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a;”;

    (ii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(da)

    rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    tuairimí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;”;

    (iv)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(ga)

    chun freagraí ar cheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b;

    (gb)

    gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9c;”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:

    “3.   Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás ar bhonn an chreata reachtaigh agus laistigh de theorainneacha an chreata reachtaigh agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabail na comhréireachta agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus gur féidir go mbeidh achar ama réasúnta ag na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.”;

    (6)

    Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, forbairt na gcostas cuir i gcás, agus forbairt sheirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;”;

    (ii)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(aa)

    athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

    (ab)

    (ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir a shainaithint go tráthúil;”;

    (iii)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    “(e)

    cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais;

    (f)

    forbairtí breise a chothú i leith rialála agus maoirseachta a d’fhéadfadh comhchuibhiú níos doimhne agus comhtháthú níos doimhne ar leibhéal an Aontais a éascú;

    (g)

    gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil a chomhordú, más infheidhme.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

    “4.   Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*18) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa Choiste freisin.

    5.   Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargú dáileadh nó díol táirgí, uirlisí nó gníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh díobháil shuntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

    Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméar, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.

    Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh an seasann sé leis an gcinneadh sin.

    Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

    (*18)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

    (7)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 9a

    Cúraimí faoi leith a bhaineann le comhrac agus cosc an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta.

    1.   Beidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, ar thús cadhnaíochta, ó thaobh comhordú agus faireacháin de, i gcothú na sláine, na trédhearcachta agus na slándála sa chóras airgeadais trí bhíthin forálacha a ghlacfaidh sé chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, sa chóras sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní rachadh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach agus tabharfar an aird chuí iontu ar chineál, scála, agus castacht rioscaí, chleachtais ghnó, shamhlacha gnó agus mhéid oibreoirí na hearnála airgeadais, agus margaí. Ar na bearta sin beidh:

    (a)

    faisnéis a bhailiú ó údaráis inniúla a bhaineann le laigí a sainaithníodh le linn maoirseacht leanúnach agus nósanna imeachta údarúcháin leanúnacha sna próisis agus sna nósanna imeachta, sna socruithe rialachais, oiriúnacht agus cuibhiúlacht, fáil sealúchas incháilithe, samhlacha gnó agus gníomhaíochtaí oibreoirí san earnáil airgeadais, a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, mar aon le bearta a rinne údaráis inniúla mar fhreagairt ar na laigí ábhartha seo a leanas a bhfuiul tionchair acu ar cheanglas amháin nó níos mó de cheanglais ghníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus aon dlíthe náisiúnta lenar trasuíodh iad, faoi seach, maidir le húsáid na hearnála airgeadais chun airgead a sciúradh, nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, a chosc agus a chomhrac.

    (i)

    sárú a rinne oibreoir san earnáil airgeadais maidir leis na ceanglais sin nó sárú is féidir a dhéanfadh sé maidir leis na ceanglais sin,

    (ii)

    cur i bhfeidhm míchuí nó mí-eifeachtach a rinne oibreoir san earnáil airgeadais maidir leis na ceanglais sin, nó

    (iii)

    cur i bhfeidhm míchuí nó mí-éifeachtach a rinne oibreoir san earnáil airgeadais ar a bheartais inmheánacha agus a nósanna imeachta chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.

    Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis den chineál sin ar fáil don Údarás ina hiomláine mar aon le dualgais ar bith dá mbeidh ann faoi Airteagal 35 den Rialachán seo , agus coinneoidh sé an tÚdarás ar an eolas in am trátha faoi aon fhorbairtí a bheidh ann ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil. Déanfaidh an tÚdarás comhordú i ndlúthpháirt leis na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna) amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849, agus a stádas agus a n-oibleagáidí á n-urramú aige ag an am céanna agus gan aon iontrálacha dúbailte neamhriachtanacha a bheith ann.

    Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith ábhartha maidir le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, a chomhroinnt leis an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear i mír 2.

    (b)

    comhordú dlúth a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a mhalartú, leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach maidir le cúrsaí a bhaineann leis na cúraimí a cuireadh air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus le húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 2(1) de Treoir (AE) 2015/849 agus le FIUnna, agus stádas agus oibleagáidí na FIUnna faoi Threoir (AE) 2015/849 á n-urramú acu;

    (c)

    treoir choiteann agus caighdeáin choiteanna a fhorbairt chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac san earnáil airgeadais agus a gcur chun feidhme comhsheasmhach a chur chun cinn, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt, i gcomhréir leis na sainorduithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a bheidh bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorbairt;

    (d)

    cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla, nuair a gheofar iarrataí sonracha uathu;

    (e)

    faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh aonair, agus an leochaileacht agus na rioscaí i dtaca le hearnáil an airgeadais i leith an dá ní seo a leanas a mheas: easpa cosanta ar sciúradh airgid, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an sainmhíniú ar laigí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, lena n-áirítear na cásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh lagaithe a tharlú, ábharthacht laigí agus cur chun feidhme praiticiúil an bhailiúcháin faisnéise ag an Údarás chomh maith leis an gcineál faisnéise ba cheart a sholáthar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír. Agus na caighdeáin theicniúla sin á bhforbairt aige, breithneoidh an tÚdarás méid na faisnéise atá le soláthar agus an gá le dúbailt a sheachaint. Leagfaidh sé amach freisin socruithe chun éifeachtacht agus rúndacht a áirithiú.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14.

    2.   Bunóidh an tÚdarás bunachar sonraí lárnach agus déanfaidh sé uasdátú air go rialta, sonraí a bhailítear de bhun pointe (a) de mhír 1. Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar anailís ar an bhfaisnéis sin, agus áiritheoidh sé soláthar na faisnéise d’údaráis inniúla de réir mar atá gá acu léi, agus is ar bhonn rúnda a dhéanfar sin. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, fianaise atá ina sheilbh aige ar féidir go n-eascródh imeachtaí coiriúla aisti a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta. Ar a bharr sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, fianaise a tharchur chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i gcás ina mbainfidh an fhianaise sin le cionta a bhfeidhmíonn Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó a bhféadfadh sí inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (*19).

    3.   Féadfaidh údaráis inniúla iarrataí réasúnaithe a dhéanamh, chuig an Údarás, ar fhaisnéis faoi oibreoirí san earnáil airgeadais, faisnéis atá ábhartha dá gcuid gníomhaíochtaí maoirseachta maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Déanfaidh an tÚdarás measúnú ar na hiarratais sin agus déanfaidh sé an fhaisnéis a iarrann na húdaráis inniúla a chur ar fáil ar bhonn riachtanais agus in am trátha. I gcás nach gcuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis iarrtha ar fáil cuirfidh sé é sin in iúl don údarás inniúil iarrthach agus tabharfaidh sé míniú i ndáil leis an bhfáth nach gcuirtear an fhaisnéis ar fáil. Léireoidh an tÚdarás, don údarás inniúil nó d’aon údarás nó institiúid eile a chuir an fhaisnéis iarrtha ar fáil ar dtús, céannacht an údaráis inniúil iarrthaigh, céannacht an oibreora de chuid na hearnála airgeadais lena mbaineann, an chúis a ndearnadh an iarraidh ar fhaisnéis, agus cé acu a ndearnadh an fhaisnéis a chomhroinnt nó nach ndearnadh. Sa bhreis air sin, déanfaidh an tÚdarás anailís ar an bhfaisnéis chun faisnéis ábhartha a chomhroinnt, ar a thionscnamh féin, le húdaráis inniúla maidir lena ngníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Má dhéanann sé an chomhroinnt amhlaidh, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil a chuir an fhaisnéis ar fáil ar dtús. Déanfaidh sé anailís freisin, ar bhonn comhiomlán, le haghaidh na tuairime a iarrtar air a thabhairt de bhun Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2015/849.

    Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an tslí a bhfuil anailís le déanamh ar fhaisnéis agus an tslí a gcuirtear ar fáil í d’údaráis inniúla ar bhonn riachtanais agus ar bhonn rúnda.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14.

    4.   Cuirfidh an tÚdarás cóineasú na bpróiseas maoirseachta chun cinn, próiseis dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849, lena n-áirítear trí athbhreithnithe piaraí a dhéanamh agus tuarascálacha agus bearta leantacha a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagail 30 den Rialachán seo. Agus athbhreithnithe á ndéanamh ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo, cuirfidh sé san áireamh meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i ndáil leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc chomh maith leis an tuarascáil leathbhliantúil ón gCoimisiúin arna déanamh faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 agus na measúnuithe ar riosca arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 den Treoir sin.

    5.   Déanfaidh an tÚdarás, le rannpháirtíocht na n-údarás inniúil, measúnuithe riosca chun measúnú a dhéanamh ar na straitéisí, na hacmhainneachtaí agus na hacmhainní atá ag údaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí is tábhachtaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann le sciúradh airgid agus an maoiniú sceimhlitheoireachta ar leibhéal an Aontais, mar a sainaithníodh sa mheasúnú riosca fornáisiúnta. Déanfaidh sé na measúnuithe riosca sin, go háirithe chun an tuairim a eisiúint a iarrtar air a thabhairt de bhun Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2015/849. Na measúnaithe riosca a dhéanfaidh an tÚdarás, is ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó a bheidh siad bunaithe, lena n-áirítear athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo, an anailís a rinne sé ar bhonn comhiomlán ar an bhfaisnéis atá bailithe chun críocha an bhunachair sonraí lárnach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, chomh maith le meastóireachtaí ábhartha, measúnuithe ábhartha nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse an choisc ar an sciúradh airgid agus an maoiniú sceimhlitheoireachta agus measúnuithe náisiúnta riosca an Bhallstáit ábhartha arna ullmhú de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/849. Déanfaidh an tÚdarás na measúnuithe riosca a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir.

    Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, agus tríd an gcoiste inmheánach a bhunaítear faoi mhír 7 den Airteagal seo, , déanfaidh an tÚdarás, modhanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar measúnú oibiachtúil a dhéanamh chomh maith le hathbhreithniú ardcháilíochta comhsheasmhach a dhéanamh ar na measúnuithe agus ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Is é an coiste inmheánach sin a dhéanfaidh an t-athbhreithniú ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na measúnuithe riosca. Ullmhóidh sé na dréachtmheasúnuithe riosca a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 44.

    6.   I gcásanna ina bhfuil comharthaí soiléire ó fhoinsí iontaofa go ndearna oibreoirí san earnáil airgeadais sáruithe ar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849, a bhfuil an chuma air gur sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha iad, nó teaglaim díobh sin, agus i gcás ina bhfuil gné thrasteorann, le tríú tíortha, ag roinnt leis na cásanna sin, beidh príomhról ag an Údarás in éascú an chomhair idir na húdaráis inniúla san Aontas agus na húdaráis ábhartha sna tríú tíortha i gcás inar gá sin. Beidh ról sin an Údaráis gan dochar d’idirghníomhaíochtaí rialta idir údaráis inniúla agus údaráis tríú tíortha.

    7.   Bunóidh an tÚdarás coiste inmheánach buan dar cúram srian a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, chun bearta a chomhordú chun úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus chun, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/847 agus, Treoir (AE) 2015/849, na dréachtchinntí uile a ullmhú a bheidh le déanamh ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 44 den Rialachán seo.

    8.   Is ionadaithe ardleibhéil a bheidh ar an gcoiste dá dtagraítear i mír 7, ar ionadaithe ó údaráis agus comhlachtaí na mBallstát uile iad atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí san earnáil airgeadais Treoir (AE) 2015/849 agus Rialachán (AE) 2015/847 agus treoir (AE) 2015/849 is ionadaithe a bhfuil saineolas agus cumhachtaí cinnteoireachta acu sa réimse maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le hionadaithe ardleibhéil a bhfuil saineolas acu ar mhúnlaí éagsúla gnó agus ar shainiúlachtaí earnála an Údaráis, ón an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) faoi seach. Déanfaidh na hionadaithe ardleibhéil ón Údarás agus ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile sin páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an choiste sin gan ceart vótála a bheith acu. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, BERS, agus Bord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi seach, ionadaí ardleibhéil a ainmniú chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe den choiste sin i gcáil breathnóirí. Toghfar cathaoirleach an choiste sin as measc chomhaltaí an choiste agus is iad na comhaltaí sin a thoghfaidh é nó í.

    Déanfaidh gach institiúid, údarás agus comhlacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ionadaí malartach a ainmniú óna bhaill foirne, duine a fhéadfaidh ionad an chomhalta a ghabháil i gcás nach mbeidh an duine sin in ann freastal ar chruinniú. I gcás na mBallstát a bhfuil níos mó ná údarás amháin iontu atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí san earnáil airgeadais Treoir (AE) 2015/849, féadfaidh na Ballstáit sin ionadaí amháin a ainmniú do gach údarás inniúil. Beag beann ar líon na n-údarás inniúil a bhfuil ionadaíocht acu ag an gcruinniú, beidh vóta amháin ag gach Ballstát. Féadfaidh an Coiste sin grúpaí oibre inmheánacha a bhunú chun plé le gnéithe sonracha dá chuid oibre chun dréachtchinntí ón gcoiste sin a ullmhú.Beidh na grúpaí sin ar oscailt do bhaill foirne as na húdaráis inniúla uile a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste agus as an Údarás, as an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus as an ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).

    9.   Féadfaidh an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), tráth ar bith, barúlacha i scríbhinn a thíolacadh faoi aon dréachtchinneadh a dhéanann an coiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, barúlacha a ndéanfaidh an Bord Maoirseoirí breithniú orthu sula ndéanfaidh an Bord a chinneadh críochnaitheach. I gcás ina mbeidh dréachtchinneadh bunaithe ar na cumhachtaí a thugtar don Údarás faoi Airteagal 9b, Airteagal 17 nó Airteagal 19 nó ina mbeidh baint aige leis na cumhachtaí sin agus go mbaineann an cinneadh leis an méid seo a leanas:

    (a)

    institiúidí airgeadais mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó aon cheann de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu siúd, nó

    (b)

    rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó aon cheann de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu,

    ní fhéadfaidh an tÚdarás an cinneadh a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) i gcás phointe (a) thuas) nó ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) i gcás phointe (b). Cuirfidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) i gcás phointe (a) thuas) nó an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a dtuairimí in iúl don Údarás faoi cheann 20 lá ó dháta an dréachtchinnidh ón gcoiste dá dtagraítear i mír 7. Glacfar leis go bhfuil comhaontú déanta i gcás nach mbeidh a dtuairimí curtha in iúl acu don Údarás faoi cheann 20 lá ná nár iarr siad síneadh a bhfuil údar cuí leis leis na tuairimí sin a chur in iúl.

    Airteagal 9b

    Iarratas ar fhiosrú i dtaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

    1.   I gcás gnóthaí a bhaineann le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, tig leis an Údarás, sa chás a mheasann sé sáruithe iarbhír a bheith ann, iarraidh ar údarás inniúil faoi mar a thagraítear dó i bpointe (2)(iii) d’Airteagal 4: (a) chun sáruithe féideartha ar dhlí an Aontais a fhiosrú, agus sa chás a bhfuil dlí an Aontais comhdhéanta de Threoracha, nó sa chás a dtugann sé roghanna go neamhbhalbh do na Ballstáit, sáruithe ar dhlíthe náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear Treoracha leo nó go gcuirtear i bhfáth roghanna leo a deonaíodh do na Ballstáit faoi dhlí an Aontais, le hoibreoir san earnáil airgeadais, agus féachaint le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an oibreoir sin i bhfianaise na sáruithe sin. Nuair is gá, féadfaidh sé iarraidh ar údarás inniúil freisin, faoi mar a thagraítear dó i bpointe (2)(ii) d’Airteagal 4, smaoineamh ar chinneadh ar leith a ghlacadh a bheadh dírithe ar an oibrí sin san earnáil airgeadais, cinneadh a chuirfeadh faoi ndear dó gach beart ba riachtanach a chur de lena chuid ceanglas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais arbh infheidhme dó go díreach, nó faoi na dlíthe náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear Treoracha nó go gcuirtear i bhfáth roghanna leo a dheonaigh dlí an Aontais do Bhallstáit, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas. Ní chuirfidh na hiarrataí dá dtagraítear sa mhír seo bac ar bhearta maoirseachta leanúnacha a bheidh á ndéanamh ag an údarás inniúil ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid.

    2.   Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil gach iarratas a dhéantar air i gcomhréir le mír 1, agus cuireadh sé an tÚdarás ar an eolas, a luaithe is féidir agus laistigh de 10 lá oibre ar a dhéanaí, faoi bearta atá déanta aige, nó na bearta atá ar intinn aige a dhéanamh, leis an iarratas sin a chomhlíonadh.

    3.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcuirfidh údarás inniúil an tÚdarás ar an eolas laistigh de 10 lá oibre faoi na bearta atá déanta aige nó atá beartaithe aige chun mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh feidhm ag Airteagal 17 den Rialachán seo.

    Airteagal 9c

    Litreacha i dtaca le gan gníomhú

    1.   Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasann sé gur baol i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na na gníomhartha sin, gur dócha go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

    (a)

    má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile,

    (b)

    i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm an ghnímh mar is ceart;

    (c)

    bheadh deacrachtaí praiticiúla ann de dheasca treoirlínte agus moltaí a bheith in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtach ábhartha.

    2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás cuntas mionsonraithe do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún ar na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann , agus is i scríbhinn a dhéanfaidh sé sin.

    Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

    Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

    Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.

    3.   Nuair is gá i gcásanna dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm bearta nua de réir na mbeart dá dtagraítear i mír 2, eiseoidh an tÚdarás tuairimí maidir le forálacha sonracha de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a chur chun cinn, agus fós d’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach.

    4.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise a gheofar, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon ceann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó aon cheann de na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil saincheisteanna eisceachtúla suntasacha ann a bhaineann leis an méid seo a leanas: ontaoibh sa mhargadh, cosaint don tomhaltóir, don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, cuirfidh sé cuntas mionsonraithe i scríbhinn gan mhoill chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún faoi na saincheisteanna is dóigh leis a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag baint leis an gceist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

    (*19)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).”;"

    (8)

    Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin ionas go nglacfaidh an Choimisiúin iad. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    “Sula dtíolacfaidh an tÚdarás don Choimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Lena chois sin, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37.”;

    (iii)

    scriostar an ceathrú fomhír;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú agus an tséú fomhír:

    “Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála, déanfaidh sé cinneadh an nglacfaidh sé é nó nach nglacfaidh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh go páirteach amháin, nó tacú le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

    I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh, nó é a ghlacadh i bpáirt nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, maille le míniú ar cén fáth nach nglacann sé é nó maille le míniú ar na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún ina thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am trátha más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.”;

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ le feiceáil sa teideal atá ar chinntí rialála den sórt sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sinagus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.”;

    (9)

    i mír 13(1), scriostar an dara fomhír;

    (10)

    Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu, agus is é a bheidh san inneachar, ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a chuid dréachtchaighdeán teicniúil rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37.

    Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh i bpáirt amháin, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais.

    I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh i bpáirt amháin, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe , cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó, de réir mar a bheidh an cás, míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán.

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.   Nuair nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas, in am trátha, nach gcomhlíonfaidh sé an teorainn ama nua.”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí Baincéireachta is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ sa teideal atá rialacháin nó cinntí den sórt sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.”;

    (11)

    Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla uile nó ar institiúidí airgeadais uile agus moltaí chuig údarás inniúil amháin nó níos mó nó chuig institiúid airgeadais amháin nó níos mó.

    Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe atá tugtha sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.

    2.   I gcás inarb iomchuí seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37. I gcás nach dtionólann an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí nó nach n-iarrann comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, cuirfidh an tÚdarás na cúiseanna atá ann chuige ar fáil.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Na treoirlínte agus na moltaí atá ann, beidh rud iontu seachas tagairt d’eilimintí gníomhartha reachtacha, nó atáirgeadh ar na heilimintí sin. Sula n-eisítear treoirlíne nó moladh, déanfaidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí atá ann cheana a athbhreithniú ar dtús chun dúbailt a sheachaint.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus don Choimisiún ar an eolas maidir leis na treoirlínte arna n-eisiúint.”;

    (12)

    cuirtear na sainmhínithe seo a leanas isteach:

    “Airteagal 16a

    Tuairimí

    1.   Féadfaidh an tÚdarás, ach a n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún orthu é, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

    2.   D’fhéadfadh anailís theicniúil nó comhairliúchán poiblí a bheith san áireamh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Maidir le measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE, agus lena gceanglaítear, de réir an Airteagail sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnuithe den chineál sin a eisiúint agus a fhoilsiú. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe dá dtagraítear san Airteagal sin.

    4.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún, féadfaidh an tÚdarás comhairle theicniúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Airteagal 16b

    Ceisteanna agus Freagraí

    1.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil nó cur chun feidhme fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus na moltaí a glacadh de bhun na ngníomhartha reachtacha sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis inniúla agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, iad a chur faoi bhráid an Údaráis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

    Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais a mheas an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.

    Sula bhfoilsítear freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.

    2.   Na freagraí ón Údarás ar na ceisteanna dá dtagraítear i mír 1, is neamhcheangailteach dóibh. Ar a laghad, is sa teanga inar cuireadh an cheist a thabharfar an freagra.

    3.   Bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás uirlis ghréasánbhunaithe a bheidh ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun ceisteanna a chlárú agus gach ceist a fuarthas a fhoilsiú in am is i dtráth, mar aon le freagraí ar gach ceist inghlactha de bhun mhír 1, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ndaoine sin nó go mbeadh rioscaí ag baint leis sin do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Ceisteanna nach rún don Údarás a bhfreagairt, féadfaidh sé diúltú dóibh. Foilseoidh an tÚdarás ceisteanna diúltaithe ar a shuíomh gréasáin go ceann dhá mhí.

    4.   Féadfaidh triúr comhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a chinneadh de bhun Airteagal 44 an dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ceiste inghlactha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna treoirlínte de bhun Airteagal 16, comhairle a iarraidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37, athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus freagraí ag na heatraimh iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí a sheoladh nó anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach le raon feidhme, cineál agus tionchar na ndréachtcheisteanna agus na ndréachtfhreagraí lena mbaineann, nó i ndáil leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. I gcás ina mbeidh an Grúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37 rannpháirteach iontu sin, beidh feidhm ag far dualgas rúndachta.

    5.   Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún , ceisteanna lena gceanglaítear léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.”;

    (13)

    Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Ar iarraidh ó údarás inniúil amháin nó níos mó, nó ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, nó ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí Baincéireachta, nó dá thionscnamh féin, lena n-áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, tabharfaidh an tÚdarás freagra ar an iarraidh trína mhíniú cén chaoi a bhfuil a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus, i gcás inarb iomchuí, imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.”;

    (ii)

    cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

    “Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile aon uair gur cruthaíodh nár leordhóthanach faisnéis a iarraidh ón údarás inniúil, nó aon uair a mheastar nach leordhóthanach an fhaisnéis sin a iarraidh uaidh chun an fhaisnéis a fháil a mheastar is gá chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

    Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Gan dochar do na cumhachtaí faoin Rialachán seo agus sula n-eiseoidh an tÚdarás moladh mar a leagtar amach i mír 3, , rachaidh an tÚdarás i gcomhar leis an údarás inniúil lena mbaineann, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin a dhéanamh chun sárú ar dhlí an Aontais a réiteach, féachaint le socrú a fháil maidir leis na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil dlí an Aontais.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:

    “6.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, sa chás nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear ann, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas go tráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a athshlánú, nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach ar institiúidí airgeadais, nó i gcomhthéacs gnóthaí a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, más infheidhme dóibh ar oibreoirí san earnáil airgeadais, cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais nó ar oibrí eile san earnáil airgeadais, cinneadh á cheangal chun an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.

    I ngnóthaí a bhaineann le cosc ar chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, sa chás nach infheidhme go díreach ar oibreoirí san earnáil airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomh reachtach a dtagraítear dóibh in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh a chuirfidh iallach ar an údarás inniúil géilleadh don tuairim fhoirmiúil a dtagraítear di i mír 4 den Airteagal seo sula mbeidh an tréimhse a shonraítear ann istigh. Mura ngéilleann an t-údarás don chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh chomh maith i gcomhréir leis an gcéad fho-alt. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine agus, sa chás go bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm an dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. Sa chás go bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás, ina theannta sin, an dlí náisiúnta i bhfeidhm sa mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.

    Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil a d’eisigh an Coimisiún de bhun mhír 4.

    7.   Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar i gcomhréir le mír 6 ar aon chinneadh a rinne na húdaráis inniúla roimhe sin maidir leis an ábhar céanna.

    Nuair a bheidh gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4, nó faoi réir cinneadh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh.”;

    (14)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “Airteagal 17a

    Cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú

    1.   Faisnéis a sholáthraíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha, le mí-úsáid dlí, nó le cás nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, ba cheart bealaí tuairiscithe tiomnaithe chun an fhaisnéis sin a fháil agus a láimhseáil a chur i bhfeidhm.

    2.   Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann tuairisciú trí na bealaí sin, déanfar iad a chosaint ar fhrithbheart i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20), i gcás inarb infheidhme.

    3.   Áiritheoidh an tÚdarás go bhféadfar faisnéis a thabhairt gan ainm, nó go rúnda agus go sábháilte. I gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil fianaise nó tásca suntasacha san fhaisnéis ar sháruithe ábhartha, tabharfaidh sé aiseolas don duine a rinne an tuairisciú.

    (*20)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).”;"

    (15)

    In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus in imthosca eisceachtúla, inar gá gníomhaíocht chomhordaithe de chuid na n-údarás inniúil chun freagairt d’fhorbairtí díobhálacha a d’fhéadfadh feidhmiú rianúil nó sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leith a ghlacadh lena gceanglófar ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha sin.”;

    (16)

    Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:

    (a)

    ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

    (b)

    i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

    I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás, dá thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “1a.   Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill míchuí nár baineadh comhaontú amach.

    (a)

    i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    tá an sprioc-am dulta in éag; nó

    (ii)

    cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla;

    (b)

    i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    cinneadh a bheith déanta ag péire ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla; nó

    (ii)

    dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

    1b.   Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

    Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo curtha i gcrích.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3a.   Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh institiúid airgeadais nó, i gcomhthéacs gnóthaí a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, go gcomhlíonfadh oibreoir san earnáil airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir leo de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar an institiúid airgeadais sin nó ar an oibreoir sin san earnáil airgeadais á cheangal orthu gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

    I ngnóthaí a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoirí a mhaoiniú, féadfaidh an tÚdarás, ina theannta sin, cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo sa chás nach bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) infheidhme go díreach maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine agus, sa chás go bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. Sa chás go bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás, ina theannta sin, dlí náisiúnta i bhfeidhm a mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.”;

    (17)

    Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Cuirfidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin faoi raon feidhme a chuid cumhachtaí i gcás ina dtagraítear dó, arna mbunú le gníomhartha reachtacha, in Airteagal 1(2) agus déanfaidh sé comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus beidh sé de cheart iomlán ag baill foirne an Údaráis a bheith go hiomlán rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí agus, dá dhroim sin, beidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, an tríú fomhír, pointe (b):

    “(b)

    tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na n-institiúidí airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 15, chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí. Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí, a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais arna nglacadh ag na coláistí maoirseoirí.”;

    (18)

    Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad teidil:

    “Forálacha ginearálta maidir le rioscaí sistéamacha”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, sraith chomhchoiteann táscairí cainníochtúla agus táscairí cáilíochtúla (deais rioscaí) a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe institiúide airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíochta chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do chosaint custaiméirí nó tomhaltóirí.

    Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.”;

    (19)

    In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis an BERS, critéir a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, mar aon le réim tástála struis a fhorbairt ina n-áirítear meastóireacht ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais nó mar gheall orthu, lena n-áirítear an riosca sistéamach comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na hinstitiúidí airgeadais a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann mar gheall orthu faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.”;

    (20)

    in Airteagal 27(2), scriostar an tríú fomhír;

    (21)

    Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(aa)

    tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;

    (ab)

    grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtach ábhartha an Aontais;”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;

    (iv)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(f)

    córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus Comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide á chur san áireamh;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, ionstraimí agus uirlisí nua praiticiúla cóineasúcháin a fhorbairt chun cuir chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht.

    Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a chuireann san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí. Forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar réitigh a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach na n-institiúidí airgeadais san Aontas, a chuireann san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais, agus na margaí. Leagfar amach agus sonrófar sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais agus sa lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais dea-chleachtais agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.

    Seolfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, agus uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé anailís freisin, i gcás inarb iomchuí, ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37 freisin.”;

    (22)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 29a

    Tosaíochtaí Maoirseachta straitéiseacha an Aontais

    Tar éis plé a bheith ann sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus anailís, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad, faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á n-ullmhú acu agus tabharfaidh siad fógra ina leith dá réir sin don Údarás. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla an bhliain dár gcionn agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ina gcuid di.

    Leis na tosaíochtaí a bheidh ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás, ní chuirfear bac ar údaráis inniúla a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, gníomhú ar a dtosaíochtaí agus ar a bhforbairtí breise, agus measfar na sainiúlachtaí náisiúnta.”;

    (23)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

    “Airteagal 30

    Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla

    1.   Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht agus agus an éifeachtacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe piaraí a phleanáil agus a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coistí um athbhreithniú piaraí ad hoc ar a mbeidh baill foirne an Údaráis i gcomhar le comhaltaí na n-údarás inniúil. Déanfaidh ball foirne ón Údarás cathaoirleacht ar na coistí um athbhreithniú piaraí. Déanfaidh an Cathaoirleach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, déanfaidh sé an cathaoirleach agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí a mholadh agus déanfaidh an Bord Maoirseoirí é sin a fhormheas. Measfar an moladh a bheith formheasta mura rud é go ndéanann an Bord Maoirseoirí cinneadh é a dhiúltú laistigh de 10 lá óna mholadh ag an gCathaoirleach.

    3.   Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh seo amháin:

    (a)

    a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;

    (b)

    éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;

    (c)

    cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;

    (d)

    an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.

    4.   Ullmhóidh an tÚdarás tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Cuirfidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil sin maidir le hathbhreithniú piaraí i dtoll a chéile agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(3a). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha maidir le hathbhreithniú piaraí eile agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Measúnóidh an Bord Bainistíochta go háirithe cé acu a cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna nó nár cuireadh. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí comhréireach riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun phointe (a) d’Airteagal 29(1).

    I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh.

    Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.

    5.   Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá rialacha an Aontais maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh ó thaobh an Aontais de.

    6.   Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil leantach le chéile dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí. Ullmhóidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil leantach agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(3a). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile a áirithiú. Cuimseofar sa tuarascáil leantach, ach ní bheidh sí teoranta dó seo amháin, measúnú ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí.

    7.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí, déanfaidh an coiste um athbhreithniú piaraí torthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí a shainaithint. Foilseoidh an tÚdarás iad, mar aon le príomhthorthaí réasúnaithe na tuarascála leantaí dá dtagraítear i mír 6. I gcás nach ionann príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis agus na torthaí sin arna sainaithint ag an gcoiste um athbhreithniú piaraí, tarchuirfidh an tÚdarás, ar bhonn rúnda, torthaí an choiste um athbhreithniú piaraí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Má tá imní ar údarás inniúil atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí go mbeadh riosca do chobhsaíocht an chórais airgeadais dá bhfoilseofaí príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis, beidh an deis ag an údarás inniúil sin an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí a chinneadh gan na sleachta sin a fhoilsiú.

    8.   Chun críocha an Airteagail seo, molfaidh an Bord Bainistíochta go réiteofaí plean oibre d’athbhreithniú piaraí don dá bhliain atá romhainn, ina léireofar inter alia na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithnithe piaraí a bhí ann go dtí seo mar aon leplé a rinneadh sna grúpaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 45b. Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh i bplean oibre d’athbhreithniú piaraí. Cuirfear ar fáil don phobal é. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás cinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.”;

    (24)

    Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “1.   Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol.”;

    (b)

    leasaítear an dara mír mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;”;

    (iii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ea)

    bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar an nuálaíocht theicniúil;”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3.   Chun rannchuidiú le cur chuige Eorpach comhchoiteann a bhunú le haghaidh na nuálaíochta teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás an cóineasú maoirseachta chun cinn,le tacaíocht, i gcás inarb ábhartha, ón gCoiste um chosaint tomhaltóirí agus an nuálaíocht airgeadais, lena n-éascaítear cead isteach sa mhargadh do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar an nuálaíocht theicniúil, ,go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtais. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”;

    (25)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 31a

    Malartú faisnéise maidir le hoiriúnacht agus cuibheas

    Déanfaidh an tÚdarás, in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), córas a bhunú ina ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú atá ábhartha maidir le measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas incháilithe, stiúrthóirí agus sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí institiúidí airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (26)

    Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), BERS, agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha stuamachta ar an micrileibhéal, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh an tÚdarás san áireamh ina chuid measúnuithe, anailís ar na margaí ina n-oibríonn na hinstitiúidí airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh ar institiúidí den sórt sin.”;

    (c)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh a thionscnamh agus a chomhordú. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;”;

    (iii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aa)

    modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):

    “(c)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag táirgí áirithe nó ag próisis dáileacháin ar institiúid airgeadais;

    (d)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar shócmhainní, de réir mar is gá, chun críche na tástála struis; agus”;

    (v)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(e)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht airgeadaisinstitiúidí airgeadais.”;

    (vi)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    “Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.”;

    (d)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “3.   Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, agus faoi na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteanna an chláir rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3b:

    “3b.   Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúidí airgeadais an fhaisnéis nach mór dóibh a sholáthar faoi mhír 3a a chur faoi réir iniúchadh neamhspleách.”;

    (27)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

    “Airteagal 33

    Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis

    1.   Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis rialála, mhaoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme le húdaráis réitigh, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le lucht riaracháin tríú tír. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i leith an Aontais agus a Bhallstát, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha ná ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

    I gcás ina mbeidh tríú tír, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, ar an liosta dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcórais le haghaidh an chomhraic i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní chuirfidh an tÚdarás socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála, mhaoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis réitigh an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír faoi seach d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.

    2.   Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    3.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála, maoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, réitigh, ar chleachtais forfheidhmiúcháin, agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise sin agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.

    Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Mhaoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar na torthaí maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin a rinneadh ar gach tríú tír choibhéiseach. Leagfar béim go háirithe sa tuarascáil ar na himpleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh, nó na cleachtais forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.

    4   Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais rialála agus mhaoirseachta coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair a bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)

    na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí ábhartha sa mhargadh agus ar aon athrú a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

    (b)

    a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair.

    Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas i gcás ina ndiúltóidh údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó i gcás ina ndiúltóidh sé comhoibriú go héifeachtach.

    5.   Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

    Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis mhaoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

    6.   Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta.”;

    (28)

    Scriostar Airteagal 34;

    (29)

    Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)

    scriostar mír 3;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

    “4.   Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig an Údarás a fháil ó BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a ghabhann le rabhadh nó moladh den sórt sin agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

    Déanfaidh sé cinneadh, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna mholtaí.

    Más rud é nach ndéanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht i ndáil le rabhadh nó moladh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi freisin.

    5.   Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.

    Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan déanamh de réir mholadh an BERS, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige agus déanfaidh sé na cúiseanna gan gníomhú a phlé leis an mBord Maoirseoirí.

    I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.”;

    (c)

    scriostar mír 6;

    (30)

    Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2.   Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Is éard a bheidh sna 30 comhalta sin:

    (a)

    13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht go cothrom d’institiúidí airgeadais a oibríonn san Aontas, comhaltaí a ndéanfaidh triúr díobh ionadaíocht ar bhainc chomhair agus taisce;

    (b)

    13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht d’ionadaithe institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú san Aontas, fostaithe, tomhaltóirí, úsáideoirí seirbhísí baincéireachta agus ionadaithe FBManna; agus

    (c)

    is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh i gceathrar comhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.

    3.   Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Le linn a chinneadh a dhéanamh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, léiriú iomchuí ar an éagsúlacht san earnáil baincéireachta, cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus inscne agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a thoghfaidh Cathaoirleach as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin.”;

    (c)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “4.   Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis don Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad leis na rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (*21) (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla a bhunú. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

    (*21)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.”;"

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta comhairle a thabhairt don Údarás ar aon ábhar a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus aird ar leith á tabhairt ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go 16, 29, 30 agus 32.

    I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

    Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚEManna faoi Airteagal 56 seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.   Déanfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a gcuirtear comhairle agus torthaí na gcomhairliúchán san áireamh a phoibliú.”;

    (31)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

    “Airteagal 39

    Nósanna imeachta cinnteoireachta

    1.   Is i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19 á ghlacadh aige.

    2.   Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh, i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ina theanga oifigiúil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

    3.   Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

    4.   Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

    5.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

    6.   Poibleofar na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, 18 nó 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na n-institiúidí airgeadais sin, nó lena rúin ghnó a chosaint, nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.”;

    (32)

    Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    an Cathaoirleach;”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “8.   I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.”;

    (33)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 41 agus 42:

    “Airteagal 41

    Coistí inmheánacha

    1.   Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCathaoirleach, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a tugadh dó. Ar iarratas ón gCoiste Bainistíochta nó ón gCathaoirleach, féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Bainistíochta nó chuig an gCathaoirleach.

    2.   Chun críocha Airteagal 17, agus gan dochar do ról an choiste dá dtagraítear in Airteagal 9a(7), molfaidh an Cathaoirleach cinneadh chun painéal neamhspleách a thionól, ar cinneadh é a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar an údarás inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu san ábhar ná aon nasc díreach acu leis an údarás inniúil lena mbaineann.

    Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    3.   Chun críocha Airteagal 19, agus gan dochar do ról an choiste dá dtagraítear in Airteagal 9a(7), molfaidh an Cathaoirleach cinneadh chun painéal neamhspleách a thionól, ar cinneadh é a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar na húdaráis inniúla a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu sa choinbhleacht ná aon nasc díreach acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    4.   Chun an fiosrúchán dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 22(4) a dhéanamh, féadfaidh an Cathaoirleach cinneadh a mholadh freisin go gcuirfear tús le fiosrúchán agus cinneadh a mholadh painéal neamhspleách a thionól, moltaí a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht.

    Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    5.   Na painéil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, nó an Cathaoirleach, molfaidh siad cinntí faoi Airteagal 17, nó faoi Airteagal 19, seachas maidir le hábhair a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais i gcomhair sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, moltaí lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí. Déanfaidh painéal dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo toradh an fhiosrúcháin arna dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(4) a chur i láthair an Bhoird Maoirseoirí.

    6.   Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta do na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo.

    Airteagal 42

    Neamhspleáchas an Bhoird Maoirseoirí

    1.   Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí i leith dhéanamh a gcúraimí.

    3.   Maidir le Comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, an Cathaoirleach, agus aon ionadaí nach bhfuil vóta aige agus aon bhreathnóir a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, dearbhóidh siad, roimh aon chruinniú, gurb ann nó nach ann d’aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítim atá ar an gclár, go cruinn agus ina iomláine, agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ón vótáil ar na pointí sin.

    4.   Leagfaidh an Bord Maoirseoirí síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla maidir leis an riail ar dhearbhú leasa dá dtagraítear i mír 3 agus maidir leis na socruithe praiticiúla chun coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.”;

    (34)

    Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gcaibidil II a dhéanamh. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste inmheánach ábhartha, nó ón bpainéal, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.”;

    (b)

    scriostar míreanna 2 agus 3;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).”;

    (35)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 43a

    Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí

    D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ó dháta gach cruinniú de chuid an Bhoird Maoirseoirí, cuirfidh an tÚdarás ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead trínar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Leis an taifead sin, ní léireofar na pléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (36)

    leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

    Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo agus, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlach cáilithe dá chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear sin in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, lena n-áireofar tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (‘Ballstáit rannpháirteacha’) agus tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin nach Ballstáit rannpháirteacha iad (‘Ballstáit neamh-rannpháirteacha’).

    Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír.

    Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus tograí a Chathaoirligh á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

    Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é lena n-áireofar tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach, agus trí thromlach simplí a chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.”;

    (b)

    cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

    “3a.   Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh pé cinneadh a moladh murab é go ndéanfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

    3b.   Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar an gcinneadh atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar go mbeidh an cinneadh atá beartaithe glactha mura ndéanfaidh tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach, nó tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má dhéanann triúr comhaltaí den Bhord Maoirseoirí agóid i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, pléifidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh agus féadfar é a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil an cead vótála acu, a n-áireofar iontu tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír , ón dáta arb ó Bhallstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre chomhalta a bhfuil vóta acu nó níos lú, glacfar cinneadh trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó chomhaltaí údarás inniúil na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 4a:

    “4.   Ní fhreastalóidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí ar aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.

    4a.   Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.”;

    (37)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

    “Airteagal 45

    Comhdhéanamh

    1.   Is é a bheidh sa Bhord Bainistíochta, an Cathaoirleach agus seisear comhaltaí ón mBord Maoirseoirí arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin.

    Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.

    2.   Dhá bhliain go leith a mhairfidh téarma oifige na gcomhaltaí a dtoghfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Féadfar síneadh a chur leis an téarma sin aon uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta inscne-chothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Áireofar ar an mBord Bainistíochta beirt ionadaithe ar a laghad ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.

    3.   Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh féin ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó thrian de chomhaltaí den Bhord ar a laghad, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

    4.   Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.”;

    (38)

    Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 45a

    Cinnteoireacht

    1.   Le tromlach simplí dá chomhaltaí a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta agus. gach iarracht á dhéanamh teacht ar chomhdhearcadh. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Beidh an Cathaoirleach ina chomhalta a bhfuil cead vótála aige.

    2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh aon cheart vótála acu. Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

    3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

    Airteagal 45b

    Na Grúpaí Comhordaithe

    1.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.

    2.   Glacfaidh gach údarás inniúil páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.

    3.   Déanfaidh comhalta den Bhord Bainistíochta cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh pé comhalta den Bhord Bainistíochta a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé gona thorthaí agus, i gcas inarb ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.

    4.   Agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar fhócas ag grúpaí comhordaithe, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 35 an fhaisnéis is gá a thabhairt trínar féidir leis an Údarás a ról faireacháin a chomhlíonadh.”;

    (39)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

    “Airteagal 46

    Neamhspleáchas an Bhoird Bainistíochta

    Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.”;

    (40)

    Leasaítear Airteagal 47 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta scrúdú a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh agus tograí a dhéanamh maidir le gach ábhar seachas cúraimí arna leagan síos in Airteagail 9a, 9b, 30 mar aon le hAirteagail 17 agus 19 maidir le hábhair a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche airgead a sciúradh agus chun críche sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus togra ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.”;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas

    “9.   Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas.Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

    (41)

    Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a shocrú, na cruinnithe a thionól agus na hítimí atá le cinneadh a chur síos, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.

    Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Bainistíochta a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    Féadfaidh an Cathaoirleach iarraidh ar an mBord Bainistíochta féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte lena n-urramófar prionsabal na cothromaíochta inscne agus a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Ullmhóidh an Bord Maoirseoirí gearrliosta de na hiarrthóirí atá cáilithe do phost an Chathaoirligh, le cúnamh ón gCoimisiún. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh, agus é bunaithe ar an ngearrliosta chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis deimhniú ó Pharlaimint na hEorpa.

    Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, ar togra é arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.

    Déanfaidh an Bord Maoirseoirí Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin agus comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an Leas-Chathaoirleach sin a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.”;

    (c)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Chun críche na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é an Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh cúraimí an Chathaoirligh.

    Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle, agus an mheastóireacht á cur san áireamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin ar fhorais thromchúiseacha. Ní fhéadfaidh ach Parlaimint na hEorpa é nó í a chur as oifig tar éis cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.”;

    (42)

    Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Neamhspleáchas an Chathaoirligh”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.”;

    (43)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49a

    “Airteagal 49a

    Caiteachas

    Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar le geallsealbhóirí seachtracha laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis na gcruinnithe agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

    (44)

    Scriostar Airteagal 50;

    (45)

    Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), go háirithe maidir le:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce:

    “—

    ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú agus an séú fleasc:

    “—

    an chibearshlándáil,

    faisnéis agus dea-chleac’htas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEanna eile,”;

    (iv)

    cuirtear na fleasca seo a leanas leis:

    “—

    seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí;

    comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(6).”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Féadfaidh an Comhchoiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla chun idirnascadh slán éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú de bhun na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 32a(5) de Threoir (AE) 2015/849 le cois na cláir náisiúnta faoin Treoir sin a idirnascadh go héifeachtach.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Beidh a foireann féin ag an gComhchoiste, arna soláthar ag ÚMEanna a ghníomhóidh mar rúnaíocht bhuan. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachais riaracháin, bhonneagair agus oibríochta.”;

    (46)

    Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfar Cathaoirleach an Chomhchoiste a cheapadh ar bhonn uainíocht bhliantúil as measc Chathaoirligh na ÚMEanna. Is é Cathaoirleach an Chomhchoiste a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ar BERS.”;

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach trí mhí.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “5.   Cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Maoirseoirí ar an eolas go tráthrialta faoi sheasaimh a ghlactar le linn chruinnithe an Chomhchoiste.”;

    (47)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 56 agus 57:

    “Airteagal 56

    Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

    Faoi réir raon feidhme a chúraimí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe i leith chur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcas inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh de chomhthoil in éineacht, de réir mar is iomchuí, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).

    I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagail 10 go 16, agus cinntí de bhun Airteagail 17, 18 agus 19 den Rialachán seo ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomh reachtach eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), glacfaidh, de réir mar is cuí, an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) na bearta sin, i gcomhthráth.

    Airteagal 57

    Fochoistí

    1.   Féadfaidh an Comhchoiste fochoistí a bhunú chun críocha dréacht-chomhsheasaimh agus comhghníomhartha a ullmhú don Chomhchoiste.

    2.   Beidh gach fochoiste comhdhéanta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 55(1), agus d’ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha as gach Ballstát.

    3.   Déanfaidh gach fochoiste cathaoirleach a thoghadh as measc ionadaithe na n-údarás inniúil ábhartha , agus beidh an Cathaoirleach ina bhreathnóir ar an gComhchoiste freisin.

    4.   Chun críocha Airteagal 56, bunófar fochoiste um ilchuideachtaí airgeadais mar chuid den Chomhchoiste.

    5.   Poibleoidh an Comhchoiste ar a shuíomh gréasáin gach fochoiste arna bhunú lena n-áirítear sainorduithe na bhfochoistí sin agus liosta dá gcomhaltaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach ar an bhfochoiste.”;

    (48)

    Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Bunaítear leis seo Bord Achomhairc na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus nach comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta iad. Beidh na comhaltaí agus comhaltaí malartacha ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlí ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

    Tar éis an gearrliosta a fháil, féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar chomhaltaí is iarratasóirí agus ar mhalartaigh is iarratasóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu.

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu nuair a iarrfar sin orthu, seachas ráitis, ceisteanna nó freagraí a bhaineann le cásanna aonair arna gcinneadh ag an mBord Achomhairc, nó atá ar feitheamh os comhair an Bhoird.”;

    (49)

    in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ná foireann an Údaráis a thugann tacaíocht oibríochta agus rúnaíochta, páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.”;

    (50)

    in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis an achomharc sin, a chomhdú i scríbhinn san Údarás laistigh de thrí mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de thrí mhí ón lá a fhoilseoidh an tÚdarás a chinneadh.

    Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de thrí mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.”;

    (51)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 60a

    An tÚdarás ag dul os cionn inniúlachta

    Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach comhairle réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún más rud é go bhfuil an duine sin den tuairim go ndeachaigh an tÚdarás os cionn a inniúlachta lena n-áirítear má mhainníonn an tÚdarás prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5) a urramú, agus é ag gníomhú faoi Airteagail 16 agus 16b, agus ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach.”;

    (52)

    in Airteagal 62(1), leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “1.   Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*22) (‘an Rialachán Airgeadais’), go háirithe teaglaim díobh seo a leanas:

    (*22)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

    (b)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(d)

    ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí ;

    (e)

    Táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.”;

    (c)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Ní ghlacfar le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá tagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.”;

    (53)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 63, 64 agus 65:

    “Airteagal 63

    An buiséad a bhunú

    1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis a tharraingt suas le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

    2.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Bainistíochta, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

    3.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir.

    4.   Agus an doiciméad clársceidealaithe aonair á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach i leith an phleana bhunaíochta agus mhéid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den CFAE a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

    5.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairleplean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

    6.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

    7.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan aon mhoill mhíchuí, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.

    8.   Gan dochar d’Airteagail 266 agus 267 den Rialachán Airgeadais, beidh gá le húdarú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairled’aon tionscadal a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais nó fadtéarmacha a bheith leis maidir le cistiú bhuiséad an Údaráis, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach, lena n-áirítear clásail scoir.

    Airteagal 64

    An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

    1.   Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad bliantúil an Údaráis chun feidhme.

    2.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn. Ní chuirfidh Airteagal 70 bac ar an Údarás aon fhaisnéis a thabhairt do Chúirt Iniúchóirí arna hiarraidh sin den Chúirt Iniúchóirí agus ar faisnéis atá laistigh dá inniúlacht í.

    3.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn, an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

    4.   Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn, an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    5.   Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 246 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

    6.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

    Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 15 Meitheamh gach bliain i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

    7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dar gcionn.

    8.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair agus cuirfidh sé nó sí cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

    9.   Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

    10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

    11.   Tabharfaidh an tÚdarás tuairim réasúnaithe ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ar aon bharúil ó Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear sa nós imeachta urscaoilte.

    Airteagal 65

    Rialacha airgeadais

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 (*23) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.;

    (*23)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).”;"

    (54)

    in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*24).

    (*24)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).”;"

    (55)

    Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Bainistíochta agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá i míreanna 1 agus 2.

    Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta agus maidir leis an mBord Maoirseoirí agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

    “3.   Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.

    Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.

    4.   Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún i bhfeidhm (*25).

    (*25)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).”;"

    (56)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 71:

    “Airteagal 71

    Cosaint sonraí

    ‘Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*26) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

    (*26)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).’;"

    (57)

    in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.’;

    (58)

    in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    ‘Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach, leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus atá tugtha i gcrích acu tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil.’;

    (59)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:

    ‘Airteagal 76

    Gaolmhaireacht le Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha

    Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha (CMBE). Faoi cheann dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CMBE, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CMBE ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CMBE agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.’;

    (60)

    Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    ‘1.   Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:’;

    (ii)

    i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairt réamhráitigh, agus in ionad phointe (i)

    ‘(a)

    an éifeachtacht agus an cóineasú arna bhaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:

    (i)

    neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;’;

    (iii)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    ‘(g)

    feidhmiú an Chomhchoiste;

    (h)

    na bacainní ar nó an tionchar ar an gcomhdhlúthú stuamachta de bhun Airteagal 8.’;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘2a.   Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, déanfaidh sé measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm Airteagal 9c.

    2b.   Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, déanfaidh an Coimisiún, measúnú cuimsitheach ar chur chun feidhme, ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na gcúraimí sonracha a bhaineann le cosc agus srian a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ar cúraimí sonracha iad a thugtar don Údarás de bhun Airteagal 1(2), pointe (l) d’Airteagal8(1), agus Airteagail 9a, 9b, 17 agus 19 den Rialachán seo. Mar chuid dá mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an idirghníomhú idir na cúraimí sin agus na cúraimí a thugtar don An Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), agus ar phraiticiúlacht dhlíthiúil chumhachtaí an Údaráis a mhéid a ligtear don Údarás, trí bhíthin na gcumhachtaí sin, gníomhaíocht a bhunú ar an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha nó lena bhfeidhmítear roghanna. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailís chuimsitheach costais agus tairbhe le cois a bheith ag leanúint den chuspóir maidir leis an gcomhsheasmhacht, an éifeachtúlacht agus an éifeachtacht a áirithiú, déanfaidh sé imscrúdú críochnúil an féidir cúraimí sonracha i ndáil le cosc a chur ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus iad a chomhrac, a thabhairt do ghníomhaireacht thiomnaithe atá ann cheana ar fud an Aontais nó do ghníomhaireacht thiomnaithe nua ar fud an Aontais.’.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    ‘2.   Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2009/138/CE cé is moite de Theideal IV di, de Threoir 2002/87/CE, Treoracha (AE) 2016/97 (*27), agus Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*28), agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnóthais árachas, gnóthais athárachais, institiúidí le haghaidh soláthar sochair scoir ceirde agus idirghabhálaithe árachais, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.

    Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair a dhéanann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*29), maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*30) agus le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh an tÚdarás cinneadh maidir lena chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 9a(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    3.   Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí gnóthais árachais, gnóthais athárachais, ilchuideachtaí airgeadais, institiúidí le haghaidh soláthar sochair scoir ceirde agus idirghabhálaithe árachais, i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, agus samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach.

    (*27)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19)."

    (*28)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37)."

    (*29)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12)."

    (*30)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).’;"

    (b)

    leasaítear mír 6 mar a leanas:

    (i)

    leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    ‘6.   Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:’;

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí (e) agus (f):

    ‘(e)

    a áirithiú go ndéantar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar na rioscaí a ghlactar i ndáil le gníomhaíochtaí árachais, athárachais agus pinsean ceirde;

    (f)

    cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú; agus’;

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(g)

    cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú.’;

    (ii)

    sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

    ‘I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine, agus urramóidh sé, aon uair is ábhartha, prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áireoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.’;

    (iv)

    cuirtear isteach an fhohír seo a leanas:

    ‘Maidir le hábhar agus foirm ghníomhaíochtaí agus bhearta an Údaráis, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála,beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, beidh cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúid airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais eile, a dtéann gníomhaíocht agus bearta an Údaráis i bhfeidhm air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i ngníomhaíocht agus i mbearta an Údaráis sin.’;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘7.   Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, Coiste chun comhairle a thabhairt dó faoi conas ba cheart, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus le méid institiúidí airgeadais agus le margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú, faoi conas ba cheart na difríochtaí sin a chur san áireamh i mbearta.’;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Beidh an tÚdarás ina chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA). Is é príomhchuspóir a bheidh ag CEMA a áirithiú go ndéanfar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín sa chóras airgeadais ina iomláine agus cosaint éifeachtach leordhóthanach do chustaimeirí agus do thomhaltóirí na seirbhísí airgeadais a áirithiú.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu agus ón Údarás chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.’;

    (c)

    i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    ‘Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, sna tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo, áireofar gníomhaíochtaí uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).’;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    ‘Airteagal 3

    Cuntasacht na nÚdarás

    1.   Na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 2(2), is do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a bheidh siad cuntasach.

    2.   I gcomhréir le Airteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúdú a dhéanfar faoi scáth an Airteagail sin.

    3.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus faoin 15 Meitheamh gach bliain, tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

    4.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Cathaoirleach páirt in éisteacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair go bliantúil. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa, nuair a iarrfar sin air nó uirthi, agus freagróidh sé aon cheisteanna a chuirfidh a feisirí air.

    5.   Déanfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air nó uirthi agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndtabharfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.

    6.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 18, agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.

    7.   Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna ó Pharlaimint na hEorpa nó aón gComhairle air, faoi cheann cúig seachtaine tar éis í a fháil.

    8.   Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata le Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.

    9.   Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith rannpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin, i dtaca le hionadaíocht aontaithe, coiteann, comhsheasmhach agus éifeachtach ar leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.’;

    (4)

    in Airteagal 4, pointe (2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    ‘(ii)

    a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE na húdaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí agus airgeadais ceanglais na Treorach sin;’;

    (5)

    In Airteagal 7. cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh Údaráis difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt.’;

    (6)

    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí, a fhorbairt;’;

    (ii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘(aa)

    lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil atá leis na cleachtais is fearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta, agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí a leagan amach;’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú, agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;’;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) go (h):

    ‘(e)

    athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

    (f)

    faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí in árachas, athárachas agus pinsin cheirde, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;

    (g)

    anailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar na margaí mar mhodh chun faisnéis a fháil chun sochair don Údarás a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;

    (h)

    cosaint sealbhóirí polasaí comhaltaí scéim pinsin agus tairbhithe, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;’;

    (v)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (i):

    ‘(ia)

    rannchuidiú le bunú straitéise coitinne sonraí airgeadais an Aontais;’;

    (vi)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (k):

    ‘(ka)

    gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus uainiú beartaithe i leith glacadh dréachtchaighdeán teicniúila rialála agus caighdeán teicniúil cur chun feidhme.’;

    (vii)

    scriostar pointe (l);

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas :

    ‘1a.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an t-Údarás an méid seo a leanas:

    (a)

    úsáidfidh sé gach cumhacht a bheidh ar fáil dó;

    (b)

    agus aird chuí á tabhairt don chuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla institiúidí airgeadais; agus

    (c)

    nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe amhail comharchumainn agus cumainn chomhshochair, agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.’;

    (c)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    ‘(ca)

    moltaí a eisiúint, mar a leagtar síos in Airteagal 29a;’;

    ‘(da)

    rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    ‘(g)

    tuairimí a eisiúnt chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;’;

    (iii)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    ‘(ga)

    chun freagraí ar chshainshaincheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b iad;

    (gb)

    gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9a;’;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘3.   Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás bunaithe ar an gcreat reachtach agus laistigh dá theorainneacha agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabal na comhréireachta i gcás inarb ábhartha agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus chun achar ama réasúnta a thabhairt do na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.’;

    (7)

    Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, amhail forbairt costas agus forbairt shirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;’;

    (ii)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    ‘(aa)

    athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

    (ab)

    táscairí riosca mhiondíola a cheapadh le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go tráthúil;’;

    (iii)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    ‘(e)

    cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais;

    (f)

    gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil, más infheidhme.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2

    ‘2.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí, agus chun cóineasú agus éifeachtacht na gcleachtais rialála agus maoirseachta a chur chun cinn.’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

    ‘4.   Déanfaidh an tÚdarás Coiste um chosaint tomhaltóirí agus um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach de lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí d’fhonn cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha, agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*31) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Rud eile, féadfaidh an tÚdarás cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta cosanta sonraí le bheith ina mbreathnóirí ar imeachtaí an Choiste.

    5.   Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díol a dhéanamh ar tháirgí, uirlisí nó ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh díobháil shuntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

    Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuíagus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailísiú cuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó ar an tomhaltóir, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.

    Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh seasamh leis an gcinneadh sin nó gan seasamh leis.

    Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

    (*31)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

    (8)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 9a

    Litreacha i dtaca le gan gníomhú

    1.   Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasfaidh sé gur dócha i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, gur dócha go dtarraingeofar saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

    (a)

    má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile,

    (b)

    i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm cheart an ghnímh sin,

    (c)

    bheadh deacrachtaí praiticiúla ann dá mbeadh treoirlínte agus moltaí in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh ábhartha.

    2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás cuntas mionsonraithe i scríbhinn ar na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún.

    Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún faoi aon ghníomhaíocht a mheasann sé a bheith iomchuí, san fhoirm togra reachtach nua nó togra maidir le gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá leis an shaincheist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

    Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

    Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis cosc na shaincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.

    3.   Nuair is gá i gcásanna dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm bearta nua de réir na mbeart dá dtagraítear i mír 2, eiseoidh an tÚdarás tuairimí faoi fhorálacha sonracha de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a chur chun cinn, agus fós d’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach.

    4.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise a fuarthas, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon ceann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil aincheisteanna eisceachtúla suntasacha ann a bhaineann le hiontaoibh sa mhargadh, cosaint don thomhaltóir, don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chórais airgeadais san Aontas, cuirfidh sé cuntas mionsonraithe i scríbhinn chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, faoi na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún faoi aon ghníomhaíocht a mheasann sé a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtaigh nua nó togra maidir le gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus faoin bpráinn atá leis an shaincheist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.’;

    (9)

    Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘1.   I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    ‘Sula dtíolacfaidh an tÚdarás don Choimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún freisin tuairim nó comhairle ón nGrúpa Geallseallbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.’;

    (iii)

    scriostar an ceathrú fomhír;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú agus an tséú fomhír:

    ‘Laistigh de thrí mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil rialála a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh an ndeanfaidh sé iad a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí. Féadfaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh go páirteach, nó dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

    I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh, nó iad a ghlacadh go páirteach nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, ag míniú cén fáth nach ndéanann sé iad a ghlacadhnó, ag míniú cad iad na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh., Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí dréacht den sórt sin faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdaras Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin, in am trátha, nach gcomhlíonfaidh sé an méid sin laistigh den teorainn ama nua.’;

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Déanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ i dteideal rialachán nó cinntí den sórt sin. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.’;

    (10)

    in Airteagal 13(1), scriostar an dara fomhír.

    (11)

    Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    ‘1.   I gcás ina dtabharfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí arna leagan amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus is é a bheidh ina n-inneachar ná ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin go ndéanfaidh an Choimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.

    Laistigh de thrí mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an ndéanfaidh sé é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an cinneadh maidir le glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún leis an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh go páirteach, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leas an Aontais.

    I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé é a ghlacadh go páirteach nó maille le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, á mhíniú cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige é a ghlacadhnó, ag míniú cad iad na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.   I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí dréacht den sórt sin faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdaras Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin, in am trátha, nach gcomhlíonfaidh sé an méid sin laistigh den teorainn ama nua.’;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Déanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin rialachán nó cinntí. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ i dteideal rialachán nó cinntí den sort sin. Foilseofar na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe iontu.’;

    (12)

    Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann, aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh dírithe ar údaráis inniúla uile nó ar institiúidí airgeadais uile agus moltaí chuig údarás inniúil amháin nó níos mó nó chuig institiúid airgeadais amháin nó níos mó.

    Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe a tugadh sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.

    2.   I gcás inarb iomchuí seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde dá dtagraítear in Airteagal 37. I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí nó nach n-iarrfaidh comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde, cuirfidh an tÚdarás cúiseanna chuige ar fáil.’;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas :

    ‘2a.   Na treoirlínte agus na moltaí, ní bheidh siad ag tagairt d’eilimintí gníomhartha reachtacha ná á n-athlua amháin. Sula n-eiseofar treoirlíne nó moladh, déanfaidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí atá ann cheana a athbhreithniú ar dtús chun aon dúbailt a sheachaint.’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus don Choimisiún ar an eolas maidir leis na treoirlínte arna n-eisiúint.’;

    (13)

    cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

    ‘Airteagal 16a

    Tuairimí

    1.   Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag gCoimisiún, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

    2.   Féadfar comhairliúchán poiblí nó anailís theicniúil a chur san áireamh a chur san áireamh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Maidir leis an measúnú stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a thagann faoi réim raon feidhme Threoir 2009/138/CE, agus lena gceanglaítear, de réir na Treorach sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim faoi mheasúnú stuamachta a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 59(1) de Threoir 2009/138/CE. Eiseofar an tuairim go pras agus, in aon chás, roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE.

    4.   Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag gCoimisiún comhairle theicniúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Airteagal 16b

    Ceisteanna agus Freagraí

    1.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil nó cur chun feidhme fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus na moltaí a glacadh de bhun na ngníomhartha reachtacha sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis inniúla agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, iad a chur faoi bhráid an Údaráis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

    Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais a mheas an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.

    Sula bhfoilseofar freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.

    2.   Beidh na freagraí ón Údarás ar na ceisteanna dá dtagraítear i mír 1 neamhcheangailteach. Cuirfear an freagra sin ar fáil sa teanga céanna inar cuireadh an cheist.

    3.   Bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás uirlis ghréasánbhunaithe a bheidh ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun ceisteanna a chlárú agus gach ceist a fhoilsiú go tráthúil a luaithe a gheobhar an cheist sin, mar aon le freagraí ar gach ceist inghlactha de bhun mhír 1, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ndaoine sin nó go mbeadh rioscaí ag baint leis sin don chobhsaíocht an chórais airgeadais. Féadfaidh an tÚdarás ceisteanna nach bhfuil sé beartaithe aige a fhreagairt a dhiúltú. Foilseoidh an tÚdarás ceisteanna diúltaithe ar a shuíomh gréasáin go ceann dhá mhí.

    4.   Féadfaidh triúr comhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí a iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a chinneadh de bhun Airteagal 44 an dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ceiste inghlactha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna treoirlínte de bhun Airteagal 16, comhairle a iarraidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37, athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus freagraí ag eatraimh iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí a sheoladh nó anailísiú a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na ndréachtcheisteanna agus na ndréachtfhreagraí lena mbaineann nó i ndáil leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. I gcás ina mbeidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37 rannpháirteach iontu sin, beidh feidhm ag dualgas rúndachta.

    5.   Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ceisteanna lena dteastaíonn léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.’;

    (14)

    Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘2.   Ar iarraidh ó údarás inniúil amháin, nó níos mó ná údarás inniúil amháin, nó ó Pharlaimint na hEorpa, nó ón gComhairle, nó ón gCoimisiún, nó ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, nó más dá thionscnamh féin é, lena n-áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha,, agus tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, míneoidh an tÚdarás conas atá sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus nuair is iomchuí, imscrúdú a dhéanamh ar an sárú a líomhnaítear nó ar dhlí an Aontais nár cuireadh i bhfeidhm.’;

    (ii)

    cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

    ‘Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile aon uair a léiríodh nár leor faisnéis ón údarás inniúil a iarraidh, nó aon uair a mheasfar nach leor an fhaisnéis sin uaidh a iarraidh chun an fhaisnéis a fháil a mheastar is gá chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

    Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.’;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘2a.   Gan dochar do na cumhachtaí faoin Rialachán seo, agus sula n-eiseoidh sé moladh mar atá leagtha amach i mír 3, rachaidh an tÚdarás i gcomhar leis an údarás inniúil lena mbaineann, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin a dhéanamh d’fhonn sárú ar dhlí an Aontais a réiteach, féachaint le socrú a fháil maidir leis na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil dlí an Aontais.’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

    ‘6.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, más rud é nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa tuairim sin, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas ar shlí thráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a choimeád nó a aischur nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfaidh an institiúid airgeadais gach gníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.

    Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.

    7.   Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar i gcomhréir le mír 6 ar aon chinneadh a ghlac na húdaráis inniúla roimhe seo maidir leis an ábhar céanna.

    Agus gníomh á dhéanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4 nó faoi réir chinneadh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh an cás.’;

    (15)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 17 a

    Cosaint na ndaoine a dhéanann tuairisciú

    1.   Faisnéis a sholáthrair duine nádúrtha nó dlítheanach maidir faoi sháruithe iarbhír nó féideartha, mí-úsáid dlí, nó le neamhfheidhmiú dhlí an Aontais, beidh bealaí tuairiscithe tiomnaithe chun an fhaisnéis sin a fháil agus a láimhseáil curtha i bun ag an Údarás.

    2.   Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanfaidh tuairisciú trí na bealaí sin, déanfar iad a chosaint ar fhrithbheart i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*32), i gcás inarb infheidhme.

    3.   Áiritheoidh an tÚdarás go bhféadfar faisnéis a thabhairt gan ainm, nó go rúnda agus go sábháilte. I gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil fianaise nó tásca suntasacha de sháruithe ábhartha i bhfaisnéis, tabharfaidh sé aiseolas don duine tuairiscithe.’;

    (*32)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn ar sháruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).”;"

    (16)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus, in imthosca eisceachtúla, ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar thaobh na n-údarás inniúil chun freagairt d’fhorbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine a chur i mbaol go tromchúiseach san Aontas, nó cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leithligh a ghlacadh á cheangal ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin.”;

    (17)

    Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:

    (a)

    ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

    (b)

    i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

    I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla, agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “1a.   Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan aon mhoill mhíchuí nár baineadh comhaontú amach:

    (a)

    i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    tá an sprioc-am dulta in éag; nó

    (ii)

    cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad, de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar chúiseanna oibiachtúla;

    (b)

    i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad, de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar chúiseanna oibiachtúla; nó

    (ii)

    dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

    1b.   Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

    Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(4), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo curtha i gcrích.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó staonadh ó ghníomhaíocht, chun an t-ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. . Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3a.   Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.”;

    (18)

    Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Cuirfidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin faoi raon feidhme a chuid cumhachtaí i gcás ina dtagraítear dó, arna mbunú le gníomhartha reachtacha, in Airteagal 1(2) agus déanfaidh sé comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus beidh sé de cheart iomlán ag baill foirne an Údaráis a bheith go hiomlán rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí agus, dá dhroim sin, beidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.”;

    (b)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach agus comhleanúnach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste na maoirseoirí.”;

    (ii)

    sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na n-institiúidí airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áírítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé, freisin, a mholadh iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcigireachtaí den sórt sin ar an láthair agus chun inchomparáideacht agus iontaofacht modhanna, cleachtas agus torthaí measúnú uile-Aontais a áirithiú;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 15, chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí. Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, a eisiúint chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais arna nglacadh ag na coláistí maoirseoirí.”;

    (19)

    Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Forálacha ginearálta maidir le riosca sistéamach”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, cur chuige coiteann a fhorbairt i dtaca leis an riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, lena n-áirítear táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla de réir mar is iomchuí.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe institiúide airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíocha chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do chosaint custaiméirí nó tomhaltóirí.

    Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.”;

    (20)

    In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis an BERS, critéir a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, mar aon le réim tástála struis a fhorbairt ina n-áirítear meastóireacht ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais, nó mar gheall orthu, lena n-áirítear an riosca sistéamach comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.”;

    (21)

    Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(aa)

    Tosaíochtaí Maoirseachta Straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;

    (ab)

    grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45c chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais;”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, foirmeacha éagsúil comharchumann agus cumann frithpháirteach malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;

    (iv)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(f)

    córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide á chur san áireamh;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, ionstraimí agus uirlisí nua praiticiúla cóineasúcháin a fhorbairt chun cuir chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht.

    Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas, ag cur san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais dea-chleachtais agus sonrófar modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.

    Déanfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé anailísiú ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann freisin. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle ón Ghrúpa Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37 freisin.”;

    (22)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 29a

    Tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais

    Tar éis plé sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí an Aontais, agus anailísiú, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad agus faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á dtarraingt suas acu agus tabharfaidh siad fógra don Údarás dá réir sin. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh an bhliain dár gcionn ag na údaráis inniúla agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ina gcuid di.

    Leis na tosaíochtaí is ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás ní chuirfear bac ar údaráis inniúla a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, ag gníomhú ar a dtosaíochtaí agus ar fhorbairtí náisiúnta breise, agus beidh sainiúlachtaí náisiúnta san áireamh iontu.”;

    (23)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

    “Airteagal 30

    Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla

    1.   Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht agus an éifeachtacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe piaraí a phleanáil agus a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás ad hoc coistí um athbhreithniú piaraí ar a mbeidh baill foirne de chuid na n-údarás inniúil i gcomhar le baill foirne an Údaráis. Déanfaidh ball ó bhall foirne an Údaráis cathaoirleacht ar na coistí um athbhreithniú piaraí. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, molfaidh an Cathaoirleach cathaoirleach agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí, foireann a dhéanfaidh an Bord Maoirseoirí a fhormheas. Measfar an moladh a bheith glactha mura rud é, laistigh de 10 lá tar éis don Chathaoirleach é a mholadh, go ndéanann an Bord Maoirseoirí cinneadh é a dhiúltú.

    3.   Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:

    (a)

    a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;

    (b)

    éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;

    (c)

    cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla agus, dá nglacfaí iad, a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile;

    (d)

    an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.

    4.   Ullmhóidh an tÚdarás tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Cuirfidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil maidir le hathbhreithniú piaraí sin i dtoll a chéile agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(4). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha maidir le hathbhreithniú piaraí eile a choimeád agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Measúnóidh an Bord Bainistíochta go háirithe cé acu a cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí comhréireach riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun phointe (a) d’Airteagal 29(1).

    I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh.

    Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.

    5.   Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá rialacha an Aontais maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh ó thaobh an Aontais de.

    6.   Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil leantach le chéile dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí. Ullmhóidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil leantach agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(4). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile a choimeád agus a áirithiú. Cuimseofar sa tuarascáil leantach, ach ní bheidh sí teoranta dó sin amháin, measúnú ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí.

    7.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla faoi réir athbhreithnithe piaraí a dhéanamh, déanfaidh an coiste um athbhreithniú piaraí torthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí a shainaithint. Foilseoidh an tÚdarás iad, mar aon le príomhthorthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí agus na tuarascála leantaí dá dtagraítear i mír 6. I gcás nach ionann príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis agus na torthaí sin arna sainaithint ag an gcoiste um athbhreithniú piaraí, tarchuirfidh an tÚdarás, ar bhonn rúnda, torthaí an choiste um athbhreithniú piaraí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Má bhíonn imní ar údarás inniúil atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí go mbeadh riosca ar chobhsaíocht an chórais airgeadais dá bhfoilseofaí príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis, beidh an deis aige an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí a chinneadh gan na sleachta sin a fhoilsiú.

    8.   Chun críocha an Airteagail seo, molfaidh an Bord Bainistíochta go réiteofar plean oibre d’athbhreithniú piaraí don dá bhliain atá romhainn, ina léireofar inter alia na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithnithe piaraí a bhí ann go dtí seo mar aon leplé a rinneadh sna grúpaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 45b. Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh i bplean oibre d’athbhreithniú piaraí. Déanfar é a chur ar fáil don phobal. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás cinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.”;

    (24)

    Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “1.   Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol nó i gcás ina bhféadfadh gnó trasteorann difear a dhéanamh do chosaint sealbhóirí polasaí, comhaltaí scéimeanna pinsin agus tairbhithe san Aontas.”;

    (b)

    leasaítear an dara mír mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;”;

    (iii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(ea)

    bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil;”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3.   Chun rannchuidiú le bunú cur chuige coiteann Eorpach maidir le nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, le tacaíocht, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste maidir le cosaint tomhaltóirí agus nuálaíocht airgeadais, lena n-éascófaran bealach do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicneolaíoch chun teacht ar an margadh, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”;

    (25)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 31a

    Malartú faisnéise maidir le hoiriúnacht agus cuibheas

    Déanfaidh an tÚdarás, in éineacht leis an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), córas a bhunú ina ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú atá ábhartha maidir le measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas incháilithe, stiúrthóirí agus sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí institiúidí airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (26)

    Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí margaidh i réimse a inniúlachta agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás um Urrúis agus Margaí), an BERS agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha i dtaca le stuamacht ar an micrileibhéal, leis na rioscaí ionchasacha agus leis na leochaileachtaí. Cuirfidh an tÚdarás san áireamh, ina chuid measúnuithe, anailís ar na margaí ina n-oibríonn na hinstitiúidí airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí ionchasacha sa mhargadh ar institiúidí den sórt sin.”;

    (c)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “2.   Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:”;

    (ii)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;”;

    (iii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(aa)

    modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;”;

    (iv)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(d)

    modheolaíochtaí coiteanna lena ndéantar meastóireacht ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht institiúidí airgeadais.”;

    (v)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    “Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.”;

    (d)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “3.   Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteanna na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.”;

    (27)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

    “Airteagal 33

    Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis

    1.   Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis rialála agus mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus rialtais tríú tíortha. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

    I gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, i gcás ina mbeidh tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní thabharfaidh an tÚdarás na socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála agus maoirseachta an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír faoi seach d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.

    2.   Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    3.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint sealbhóirí polasaí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála agus maoirseachta, ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.

    Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an tÚdaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar thorthaí a fhaireacháin ar na tríú tíortha uile. Díreoidh an tuarascáil go háirithe ar na himpleachtaí i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint sealbhóirí polasaí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint sealbhóirí polasaí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.

    4.   Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla ábhartha tríú tíortha ar sainaithníodh a gcórais rialála agus maoirseachta a bheith coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)

    na sásraí lenar féidir leis an Údarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, an cur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

    (b)

    a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, rannpháirtíocht i gcigireachtaí ar an láthair

    Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas, má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach.

    5.   Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

    Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

    6.   Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta.”;

    (28)

    Scriostar Airteagal 34;

    (29)

    Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)

    scriostar mír 3;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

    “4.   Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar an Údarás a fháil ón BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ar rabhadh nó ar mholadh den sórt sin, agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá éis sin, maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

    Cinnfidh sé, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí.

    Más rud é nach ngníomhóidh an tÚdarás ar rabhadh nó ar mholadh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi.

    5.   Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.

    Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan moladh BERS a leanúint, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan gníomhú agus pléifidh sé na cúiseanna sin leis an mBord.

    I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.”;

    (c)

    scriostar mír 6;

    (30)

    Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

    “2.   Beidh 30 comhalta ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais. Is éard a bheidh sna comhalta sin:

    (a)

    13 chomhalta a bheidh ionadaíoch go cothrom ar ghnóthais árachais agus athárachais agus ar idirghabhálaithe árachais a oibríonn san Aontas, comhaltaí a ndéanfaidh triúr acu ionadaíocht ar árachóirí nó athárachóirí comhair agus frithpháirteacha;

    (b)

    13 chomhalta a bheidh ionadaíoch ar ionadaithe fostaithe de ghnóthais árachais agus de ghnóthais athárachais agus d’idirghabhálaithe árachais a oibríonn san Aontas, ar thomhaltóirí, ar úsáideoirí seirbhísí árachais agus athárachais, ar ionadaithe FBManna agus ar ionadaithe comhlachais ghairmiúla ábhartha; agus

    (c)

    ceathrar comhalta is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha.

    3.   Beidh 30 comhalta ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde. Is éard a bheidh sna 30 comhalta sin:

    (a)

    13 chomhalta a bheidh ionadaíoch go cothrom d’institiúidí soláthair sochair scoir ceirde a oibríonn san Aontas,

    (b)

    13 chomhalta a bheidh ionadaíoch ar ionadaithe fostaithe, ar ionadaithe tairbhithe, ar ionadaithe FBManna agus ar ionadaithe na gcomhlachas gairmiúil ábhartha; agus

    (c)

    ceathrar comhalta is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha.

    4.   Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Le linn a chinneadh a dhéanamh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, léiriú éagsúlachta na n-earnálacha árachais, athárachais agus pinsean ceirde, agus cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus inscne agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí na nGrúpaí Geallsealbhóirí.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “4 a.   Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí ábhartha a thoghfaidh an Cathaoirleach sin as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach aon Ghrúpa Geallsealbhóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air.”;

    (c)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “5.   Faoi réir rúndachta gairmiúla, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá do na Grúpaí Geallsealbhóirí agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí de na Grúpaí Geallsealbhóirí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (*33) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh na Grúpaí Geallsealbhóirí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. “Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

    (*33)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.’;"

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta comhairle a thabhairt don Údarás ar aon saincheisteanna a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus iad ag díriú go háirithe ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus 29, 30 agus 32.

    I gcás nach féidir le comhaltaí na nGrúpaí Páirtithe Leasmhara teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

    Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, agus an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚMEnna faoi Airteagal 56 maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.’;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    ‘8.   Poibleoidh an tÚdarás comhairle na nGrúpaí Geallsealbhóirí, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis ar an gcaoi a gcuirtear comhairle agus torthaí na gcomhairliúchán san áireamh.’;

    (31)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

    ‘Airteagal 39

    Nósanna imeachta cinnteoireachta

    1.   Is i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19. á ghlacadh aige.

    2.   Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh, i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ina theanga oifigiúil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

    3.   Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

    4.   Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

    5.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

    6.   Poibleofar na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagail 17, 18 nó 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na n-institiúidí airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.’;

    (32)

    leasaítear Airteagal 40 mar a leanas

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    an Cathaoirleach;’;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘6.   I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.’;

    (33)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41 agus Airteagal 42:

    ‘Airteagal 41

    Coistí inmheánacha

    1.   Féadfaidh an Bord Maoirseoirí ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ón gCathaoirleach, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a tugadh dó. Ar iarratas ón gCoiste Bainistíochta nó ón gCathaoirleach, féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, nó chuig an mBord Bainistíochta.

    2.   Chun críocha Airteagal 17, molfaidh an Cathaoirleach cinneadh painéal neamhspleách a thionól, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar údarás inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu san ábhar ná aon nasc díreach acu leis an údarás inniúil lena mbaineann.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    3.   Chun críocha Airteagal 19, molfaidh an Cathaoirleach cinneadh painéal neamhspleách a thionól, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar na húdaráis inniúla atá páirteach san easaontas agus ní bheidh aon leas acu sa choinbhleacht ná aon nasc díreach acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    4.   Chun an fiosrúchán dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 22(4) a dhéanamh, beidh an Cathaoirleach in ann cinneadh a mholadh go gcuirfear tús leis an bhfiosrúchán agus cinneadh a mholadh painéal neamhspleách a thionól, moltaí a nglacfaidh an Bord Maoirseoirí leo. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    5.   Molfaidh na painéil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, nó molfaidh an Cathaoirleach cinntí faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 19 lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí. Déanfaidh painéal dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo toradh an fhiosrúcháin arna dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(4) a chur i láthair an Bhoird Maoirseoirí.’

    6.   Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta do na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo.

    Airteagal 42

    Neamhspleáchas an Bhoird Maoirseoirí

    1.   Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí i leith dhéanamh a gcúraimí.

    3.   Déanfaidh Comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, an Cathaoirleach agus aon ionadaí nach bhfuil vóta aige agus aon bhreathnóir a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, roimh an gcruinniú sin, aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítim atá ar an gclár a dhearbhú go cruinn agus ina iomláine roimh aon chruinniú a bhfreastalóidh siad air, agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin, agus ó vótáil ar na pointí sin.

    4.   Leagfaidh an Bord Maoirseoirí síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla maidir leis an riail ar dhearbhú leasa dá dtagraítear i mír 3 agus maidir leis na socruithe praiticiúla chun coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.”;

    (34)

    Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gcaibidil II a dhéanamh. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste nó ón bpainéal inmheánach ábhartha, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.”;

    (b)

    scriostar mír 2 agus mír 3;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5

    “5.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).”;

    (35)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 43a

    Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí

    D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ar a mhéad ó gach cruinniú de chuid an Bhoird Maoirseoirí, déanfaidh an tÚdarás, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, , taifead lenar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Ní léireoidh an taifead sin aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (36)

    Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

    Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlaigh cháilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha.

    Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fhomhír.

    Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus na tograí á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

    Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Maidir le cinntí i gcomhréir le hAirteagail 17, 19 agus 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta tríd an nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh pé cinneadh a moladh murab é go ndearna tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

    Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i láthair le linn aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “5.   Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.”;

    (37)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

    “Airteagal 45

    Comhdhéanamh

    1.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh an Cathaoirleach agus seisear comhaltaí ón mBord Maoirseoirí, arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin.

    Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach, a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.

    2.   Dhá bhliain go leith a mhairfidh téarma oifige na gcomhaltaí a dtoghfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Féadfar síneadh a chur leis an téarma sin aon uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta inscne-chothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.

    3.   Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó thrian de chomhaltaí den Bhord ar a laghad, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

    4.   Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.”;

    (38)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 45a

    Cinnteoireacht

    1.   Le tromlach simplí dá chomhaltaí a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta agus gach iarracht á déanamh teacht ar chomhaontú. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Beidh an Cathaoirleach ina chomhalta a bhfuil cead vótála aige.

    2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh aon cheart vótála acu. Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

    3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

    Airteagal 45b

    Na Grúpaí Comhordaithe

    1.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú a dhéanamh ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.

    2.   Glacfaidh gach údarás inniúil páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.

    3.   Déanfaidh comhalta den Bhord Bainistíochta cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh pé comhalta den Bhord Bainistíochta a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé agus a thorthaí agus, i gcás inar ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.

    4.   Agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar fhócas ag grúpaí comhordaithe, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 35 an fhaisnéis is gá a thabhairt trínar féidir leis an Údarás a ról faireacháin a chomhlíonadh.”;

    (39)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

    “Airteagal 46

    Neamhspleáchas an Bhoird Bainistíochta

    Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.”;

    (40)

    Leasaítear Airteagal 47 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta scrúdú a dhéanamh maidir le gach ábhar, tuairim a thabhairt uaidh maidir leo agus moltaí a dhéanamh maidir leo, seachas maidir leis na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 30.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus moladh ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “9.   Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta na cruinnithe uile a eagrófar agus an fáilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

    (41)

    Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a shocrú, na cruinnithe a thionól agus na hítimí atá le cinneadh a chur síos agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.

    Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Bainistíochta a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    Féadfaidh an Cathaoirleach iarraidh ar an mBord Bainistíochta féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a urramóidh prionsabal na cothromaíochta inscne agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí gearrliosta de na hiarrthóirí a tharraingt suas atá cáilithe do phost an Chathaoirligh, le cúnamh ón gCoimisiún. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh, agus é bunaithe ar an ngearrliosta chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis deimhniú ó Pharlaimint na hEorpa.

    Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, ar togra é arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.

    Déanfaidh an Bord Maoirseoirí Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin agus comhlíonfaidh an malartach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an Leas-Chathaoirleach a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.”;

    (c)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Chun críche na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é an Leaschathaoirleach a dhéanfaidh na cúraimí a bheidh ar an gCathaoirleach.

    Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur san áireamh, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin ar fhorais thromchúiseacha. Ní fhéadfaidh ach Parlaimint na hEorpa é nó í a chur as oifig tar éis cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.”;

    (42)

    Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Neamhspleáchas an Chathaoirligh”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.”;

    (43)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 49 a

    Caiteachais

    Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar le geallsealbhóirí seachtracha laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis na gcruinnithe agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

    (44)

    Scriostar Airteagal 50;

    (45)

    Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “2.   Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), go háirithe maidir le:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce:

    “—

    ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

    “—

    cibearshlándáil,”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc:

    “—

    faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEanna eile,”;

    (v)

    cuirtear na fleasca seo a leanas leis:

    “—

    seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;

    comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(7).”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas

    “2a.   Féadfaidh an Comhchoiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla chun idirnascadh slán éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú de bhun na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 32a(5) de Threoir (AE) 2015/849 chomh maith leis na cláir náisiúnta faoin Treoir sin a idirnascadh go héifeachtach.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Beidh a foireann féin ag an gComhchoiste, arna soláthar ag ÚMEanna a ghníomhóidh mar rúnaíocht bhuan. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachais riaracháin, bhonneagair agus oibríochúla.”;

    (46)

    Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfar Cathaoirleach an Chomhchoiste a cheapadh ar bhonn uainíochta bliantúla as measc Chathaoirligh na ÚMEanna. Is é Cathaoirleach an Chomhchoiste a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ar BERS.”;

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach trí mhí.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “5.   Rachaidh Cathaoirleach i gcomhairle go tráthrialta le hÚdaráis an Bord Maoirseoirí faoi sheasaimh a ghlactar le linn chruinnithe an Chomhchoiste.”;

    (47)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 56 agus Airteagal 57:

    “Airteagal 56

    Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

    Faoi chuimsiú raon feidhme a chúraimí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, de réir mar is iomchuí, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh trí comhdhearcadh in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).

    I gcás ina gceanglófar le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagal 10 go 16, agus cinntí de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19, den Rialachán seo, ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomhartha reachtacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), déanfaidh an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) na bearta sin a ghlacadh, i gcomhthráth, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 57

    Fochoistí

    1.   Féadfaidh an Comhchoiste fochoistí a bhunú chun dréacht-chomhsheasaimh agus comhghníomhartha a ullmhú don Chomhchoiste.

    2.   Beidh gach fochoiste comhdhéanta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 55(1), agus d’ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha as gach Ballstát.

    3.   Déanfaidh gach fochoiste cathaoirleach a thoghadh as measc ionadaithe na n-údarás inniúil ábhartha , agus beidh an Cathaoirleach ina bhreathnóir ar an gComhchoiste freisin.

    4.   Chun críocha Airteagal 56, bunófar fochoiste um ilchuideachtaí airgeadais mar chuid den Chomhchoiste.

    5.   Poibleoidh an Comhchoiste ar a shuíomh gréasáin gach fochoiste arna bhunú lena n-áirítear sainorduithe na bhfochoistí sin agus liosta dá gcomhaltaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach ar an bhfochoiste.”;

    (48)

    Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Bunaítear leis seo Bord Achomhairc na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsin Ceirde iad.. Beidh na comhaltaí agus na malartaigh ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlíthiúil ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

    Tar éis an gearrliosta a fháil, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar chomhaltaí is iarratasóirí agus ar mhalartaigh is iarratasóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí.

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu nuair a iarrfar sin orthu, seachas ráitis, ceisteanna nó freagraí a bhaineann le cásanna aonair arna gcinneadh ag an mBord Achomhairc, nó atá ar feitheamh os comhair an Bhoird.”;

    (49)

    in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ná foireann an Údaráis a thugann tacaíocht oibríochta agus rúnaíochta, páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.”;

    (50)

    in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis an achomharc sin, a chomhdú i scríbhinn san Údarás laistigh de thrí mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de thrí mhí ón lá a fhoilseoidh an tÚdarás a chinneadh.

    Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de thrí mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.”;

    (51)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 60a

    An tÚdarás do dhul os cionn inniúlachta

    Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach comhairle réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún más rud é go bhfuil an duine sin den tuairim go ndeachaigh an tÚdarás os cionn a inniúlachta lena n-áirítear trí mhainneachtain prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5) a urramú, agus é ag gníomhú dó faoi Airteagail 16 agus 16b, agus ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach.”;

    (52)

    in Airteagal 62, leasaítear mír (1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na cosa tosaigh:

    “1.   Is é a bheidh go háirithe in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*34) (‘an Rialachán Airgeadais’) teaglaim díobh seo a leanas:

    (*34)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

    (b)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    “(d)

    aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí.

    (e)

    táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.”;

    (c)

    cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas

    “Ní ghlacfar le ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe d den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.”;

    (53)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63, Airteagal 64 agus Airteagal 65:

    “Airteagal 63

    An buiséad a bhunú

    1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis a tharraingt suas le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

    2.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Bainistíochta, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

    3.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir.

    4.   Agus an doiciméid clársceidealaithe aonair á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 CFAE a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

    5.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

    6.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

    7.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra don Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan mhoill mhíchuí, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.

    8.   Gan dochar d’Airteagail 266 agus 267 den Rialachán Airgeadais , beidh sé de cheangal údarú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh aon tionscadal a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais nó fadtéarmacha a bheith leis maidir le cistiú bhuiséad an Údaráis, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach, lena n-áirítear clásail scoir.

    Airteagal 64

    An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

    1.   Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad bliantúil an Údaráis chun feidhme.

    2.   Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn, na cuntais shealadacha a chur chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Ní chuirfidh Airteagal 70 bac ar an Údarás aon fhaisnéis a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí arna hiarraidh sin don Chuirt Iniúchóirí agus ar faisnéis atá laistigh d’inniúlacht na Cúirte í.

    3.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn, sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

    4.   Chomh maith leis sin, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 31 Márta den bhliain dár gcionn, an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais a chur chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    5.   Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 246 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

    6.   Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn. na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí a churg, , chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

    Chomh maith leis sin, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 15 Meitheamh gach bliain, pacáiste tuairiscithe a chur chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin n i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

    7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

    8.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

    9.   Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthoir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

    10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith an buiséad do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

    11.   Tabharfaidh an tÚdarás tuairim réasúnaithe ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ar aon bharúil ó Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear sa nós imeachta urscaoilte.

    Airteagal 65

    Rialacha airgeadais

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 (*35) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

    (*35)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).”;"

    (54)

    in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*36).

    (*36)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).”;"

    (55)

    Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Bainistíochta agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá i mír 1 agus i mír 2.

    Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin agus maidir leis an mBord Bainistíochta a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

    “3.   Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.

    Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na sicréideachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le forfheidhmiú na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.

    4.   Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (*37) ón gCoimisiún i bhfeidhm.

    (*37)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).”;"

    (56)

    cuirtear an méid seo a leanas ionad Airteagal 71:

    “Airteagal 71

    Cosaint sonraí

    Ní dochar an Rialachán seo d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*38) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

    (*38)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

    (57)

    in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.”;

    (58)

    in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Beidh na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, ar comhaontú é a bheidh tugtha i gcrích acu tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil.”;

    (59)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:

    “Airteagal 76

    Caidreamh le Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha

    Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha (CEIOPS). Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CEIOPS. Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CEIOPS, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CEIOPS ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CEIOPS agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.”;

    (60)

    Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “1.   Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:”;

    (ii)

    i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairt réamhráitigh, agus phointe (i):

    “(a)

    an éifeachtacht agus an cóineasú arna mbaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:

    (i)

    neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;”;

    (iii)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(g)

    feidhmiú an Chomhchoiste.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm Airteagal 9a.”;

    Airteagal 3

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2.   Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, agus Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*39), Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*40), Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*41), agus a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomh-infheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, agus gníomhóidh sé faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE, agus 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.

    Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair a dhéanann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*42), maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*43) agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh an tÚdarás cinneadh maidir lena chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 9a(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    3.   Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí airgeadais rannpháirtithe margaidh i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, agus samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach. Déanfaidh an tÚdarás an gníomh cuí freisin i gcomhthéacs tairiscintí táthcheangail, imréitigh agus socraíochta agus saincheisteanna a bhaineann le díorthaigh.

    (*39)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1)."

    (*40)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

    (*41)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12)."

    (*42)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12)."

    (*43)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).”;"

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena dtugtar feidhmeanna an údaraithe agus na maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás.”;

    (c)

    leasaítear mír 5 mar a leanas:

    (i)

    leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “5.   Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Laistigh de na hinniúlachtaí atá aige féin, rannchuideoidh an tÚdarás i ndéanamh na nithe seo a leanas:”;

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):

    “(e)

    an rialáil agus an mhaoirseacht iomchuí a áirithiú ar na rioscaí infheistíochta agus ar na rioscaí eile a ghlactar;

    (f)

    cosaint custaiméirí agus infheisteoirí a fheabhsú;”;

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(g)

    cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú.”;

    (ii)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

    “I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine, agus urramóidh sé, aon uair is ábhartha, prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.”;

    (iv)

    cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    “Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó rannpháirtí margadh airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí sa ghníomhaíocht agus sna bearta sin de chuid an Údaráis.”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “6.   Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, coiste a dhéanfaidh comhairle a thabhairt don Údarás faoi conas ba cheart a ghníomhaíochtaí agus a bhearta, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus ar mhéid institiúidí airgeadais agus margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú”;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh an tÚdarás ina chuid den chóras Eorpach um maoirseacht airgeadais (CEMA). Is é an príomhchuspóir a bheidh ag CEMA ná a áirithiú go ndéantar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín a áirithiú sa chóras airgeadais ina iomláine agus cosaint éifeachtach leordhóthanach a áirithiú do chustaiméirí na seirbhísí airgeadais.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu agus ón Údarás chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;

    (c)

    i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    “Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, áireofar i dtagairtí don mhaoirseacht atá sa Rialachán seo gníomhaíochtaí uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    “Airteagal 3

    Cuntasacht na nÚdarás

    1.   Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2.   I gcomhréir le Airteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúdú a dhéanfar faoi scáth an Airteagail sin.

    3.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le déanamh dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin, faoin 15 Meitheamh gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

    4.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Cathaoirleach páirt in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air nó uirthi, agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

    5.   Déanfaidh an Cathaoirleach tuarascáil scríofa ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrtar sin air, agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.

    6.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 18, agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.

    7.   Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air, laistigh de chúig seachtaine tar éis í a fháil.

    8.   Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.

    9.   Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith páirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoin méid a bhfuil sé ag cur le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.”;

    (4)

    In Airteagal 4, pointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    “(ii)

    maidir le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go ndéanann gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, go ndéanann siad ceanglais na Treorach sin a chomhlíonadh;”;

    (5)

    in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh an Údaráis difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt.”;

    (6)

    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) , rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí, a fhorbairt;”;

    (ii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aa)

    lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe margaidh airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil atá leis na cleachtais is fearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta a leagan amach agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus méid na margaí;”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, neamhspleáchas maoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh air, eadráin a dhéanamh ar easaontuithe idir údaráis inniúla agus iad a réiteach, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach rannpháirtithe margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) go pointe (h):

    “(e)

    athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

    (f)

    faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil le seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;

    (g)

    anailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar na margaí mar mhodh chun faisnéis a fháil le linn don Údarás a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh; ;

    (h)

    cosaint a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;”;

    (v)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ia)

    rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais;”;

    (vi)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ka)

    gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus an t-uainiú atá beartaithe do ghlacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme;”;

    (vii)

    scriostar pointe (l);

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

    (a)

    úsáidfidh sé gach cumhacht dá gcuirfear ar fáil dó;

    (b)

    agus an aird chuí á tabhairt don chuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla institiúidí airgeadais; agus

    (c)

    nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.”;

    (c)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(ca)

    moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a;”;

    “(da)

    rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    tuairimí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;”;

    (iii)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(ga)

    chun freagraí ar cheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b;

    (gb)

    gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9a;”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3.   Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás bunaithe ar theorainneacha an chreata reachtaigh, agus laistigh den chreat sin agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabail na comhréireachta, nuair is iomchuí, agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus gur féidir go mbeidh achar ama réasúnta ag na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.”;

    (7)

    Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, forbairt na gcostas cuir i gcás, agus forbairt sheirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;”;

    (ii)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(aa)

    athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

    (ab)

    táscairí riosca mhiondíola a cheapadh le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go tráthúil;”;

    (iii)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(e)

    cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais;

    (f)

    gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil, más infheidhme.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

    “4.   Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú, mar chuid lárnach den Údarás, lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú; cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*44) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa Choiste freisin.

    5.   Sna cásanna a shonraítear, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos, sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha, a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díol a dhéanamh ar tháirgí, uirlisí nó gníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh dochar suntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

    Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.

    Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh an seasfaidh sé leis an gcinneadh sin.

    Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

    (*44)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

    (8)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 9a

    Litreacha i dtaca le gan gníomhú

    1.   Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasann sé gur dócha i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

    (a)

    measann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile;

    (b)

    i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm an ghnímh mar is ceart,

    (c)

    bheadh deacrachtaí praiticiúla ann de dheasca treoirlínte agus moltaí a bheith in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh ábhartha.

    2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás cuntas mionsonraithe do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún ar na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann, agus is i scríbhinn a dhéanfaidh sé sin.

    Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

    Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

    Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.

    3.   Nuair is gá i gcásanna dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm bearta nua de réir na mbeart dá dtagraítear i mír 2, eiseoidh an tÚdarás tuairimí maidir le forálacha sonracha de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a chur chun cinn, agus fós d’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach.

    4.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise a gheofar, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil saincheisteanna eisceachtúla suntasacha ann a bhaineann le hiontaoibh sa mhargadh, cosaint don don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, cuirfidh sé gan mhoill mhíchuí cuntas mionsonraithe i scríbhinn chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún faoi na saincheisteanna is dóigh leis a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtaigh nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag baint leis an gceist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.”;

    (9)

    Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Choimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    “Sula dtíolacann an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála don Choimisiún, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leo, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.”;

    (iii)

    scriostar an ceathrú fomhír;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú agus an tséú fomhír:

    “Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála, déanfaidh sé cinneadh an ndéanfaidh sé é a ghlacadh nó nach ndéanfaidh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, in am trátha, nach féidir an cinneadh maidir le glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún gan ach cuid de dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, nó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála le leasuithe a ghlacadh, más mithid sin ar mhaithe le leasanna an Aontais.

    I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh, nó é a ghlacadh i bpáirt nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, maille le míniú ar cén fáth nach ndéanna sé é a ghlacadh nó maille le míniú ar na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh, Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún ina thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas amhlaidh, in am trátha, más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.”;

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ le feiceáil sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.”;

    (10)

    i mír 13(1), scriostar an dara fomhír;

    (11)

    Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu, agus is é a bheidh san inneachar, ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a chuid dréachtchaighdeán teicniúil rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiún iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

    Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh tarlú laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiúnt cuid de dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais.

    I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé gan ach cuid de a ghlacadh nó é a ghlacadh le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, más nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán.

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.   I gcása nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas amhlaidh, in am trátha, más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír 2:

    “Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.”;

    (12)

    Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.   D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla uile nó ar na rannpháirtithe margaí airgeadais uile agus moltaí chuig údarás inniúil amháin nó níos mó nó chuig na rannpháirtíthe margaí airgeadais amháin nó níos mó.

    Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe atá tugtha sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.

    2.   I gcás inarb iomchuí seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Iarrfaidh an tÚdarás freisin, sa chás inarb iomchuí, comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37. I gcás nach dtionólann an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí nó nach n-iarrann sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Margaí, cuirfidh an tÚdarás na cúiseanna atá ann chuige ar fáil.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Na treoirlínte agus na moltaí atá ann, beidh rud iontu seachas tagairt d’eilimintí gníomhartha reachtacha, nó atáirgeadh ar na heilimintí sin. Sula n-eisítear treoirlíne nó moladh, déanfaidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí atá ann cheana a athbhreithniú ar dtús chun dúbailt a sheachaint.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis na treoirlínte arna n-eisiúint.”;

    (13)

    cuirtear na sainmhínithe seo a leanas isteach:

    “Airteagal 16a

    Tuairimí

    1.   Féadfaidh an tÚdarás, ach a n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún orthu é, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

    2.   Féadfar anailís theicniúil nó comhairliúchán poiblí a áireamh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Maidir leis na measúnuithe stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE, agus lena gceanglaítear, i gcomhréir leis an Treoir sin, comhairliúchán idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a fháil ó cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú stuamachta a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 13(1) de Threoir 2014/65/AE. Eiseofar an tuairim go pras agus, in aon chás, roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE.

    4.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún, féadfaidh an tÚdarás comhairle theicniúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Airteagal 16b

    Ceisteanna agus freagraí

    1.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil nó cur chun feidhme fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus na moltaí a glacadh de bhun na ngníomhartha reachtacha sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis inniúla agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, iad a chur faoi bhráid an Údaráis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

    Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, breithneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.

    Sula bhfoilsítear freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.

    2.   Na freagraí ón Údarás ar na ceisteanna amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh siad neamhcheangailteach.Is sa teanga inar cuireadh an cheist, ar a laghad, a thabharfar an freagra,.

    3.   Bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás uirlis ghréasánbhunaithe a bheidh ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun ceisteanna a fuarthas a chlárú agus a fhoilsiú in am is i dtráth, mar aon le freagraí ar gach ceist inghlactha de bhun mhír 1, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ndaoine sin nó go mbeadh rioscaí ag baint leis sin do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Ceisteanna nach rún don Údarás a bhfreagairt, féadfaidh sé diúltú dóibh. Foilseoidh an tÚdarás ceisteanna diúltaithe ar a shuíomh gréasáin go ceann dhá mhí.

    4.   Féadfaidh triúr comhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a chinneadh de bhun Airteagal 44 an dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ceiste inghlactha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna treoirlínte de bhun Airteagal 16, comhairle a iarraidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37, athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus freagraí ag na heatraimh iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí a sheoladh nó anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach le raon feidhme, cineál agus tionchar na ndréachtcheisteanna agus na ndréachtfhreagraí lena mbaineann, nó i ndáil leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. I gcás ina mbeidh an Grúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37 rannpháirteach iontu sin, beidh feidhm ag dualgas maidir le rúndacht.

    5.   Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ceisteanna lena dteastaíonn léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.”;

    (14)

    Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

    (i)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Ar iarraidh ó údarás inniúil amháin nó níos mó, nó ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, nó ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, nó dá thionscnamh féin, lena n-áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, míneoidh an tÚdarás an chaoi a bhfuil a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus, i gcás inarb iomchuí, imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.”;

    (ii)

    cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

    “Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile aon uair a cruthaíodh nár leordhóthanach faisnéis a iarraidh ón údarás inniúil, nó aon uair a mheastar nach leordhóthanach an fhaisnéis sin a iarraidh uaidh chun an fhaisnéis a fháil a mheastar is gá chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

    Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Gan dochar do na cumhachtaí faoin Rialachán seo agus sula n-eiseoidh an tÚdarás moladh mar a leagtar amach i mír 3, , rachaidh an tÚdarás i gcomhar leis an údarás inniúil lena mbaineann, i gcás ina measfaidh sé gur iomchuí an comhar sin chun sárú ar dhlí an Aontais a réiteach, féachaint le socrú a fháil maidir leis na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil dlí an Aontais.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

    “6.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, sa chás nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear ann, agus i gcás gur gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas go tráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a athshlánú, nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach ar institiúidí airgeadais, cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar oibrí san earnáil airgeadais, cinneadh á cheangal chun gach gníomhaíocht riachtanach a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

    Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.

    7.   Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar i gcomhréir le mír 6 ar aon chinneadh a ghlac na húdaráis inniúla roimhe seo maidir leis an ábhar céanna.

    Agus gníomh á dhéanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4 nó atá faoi réir chinneadh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh an cás.”;

    (15)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 17 a

    Cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú

    1.   Faisnéis a sholáthraíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha, le mí-úsáid dlí, nó le cás nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, ba cheart bealaí tuairiscithe tiomnaithe chun an fhaisnéis sin a fháil agus a láimhseáil a chur i bhfeidhm.

    2.   Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann tuairisciú trí na bealaí sin, déanfar iad a chosaint ar fhrithbheart i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*45), i gcás inarb infheidhme.

    3.   Áiritheoidh an tÚdarás go bhféadfar faisnéis a thabhairt gan ainm, nó go rúnda agus go sábháilte. I gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil fianaise nó tásca suntasacha san fhaisnéis ar sháruithe ábhartha, tabharfaidh sé aiseolas don duine a rinne an tuairisciú.

    (*45)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).”;"

    (16)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus in imthosca eisceachtúla, ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar thaobh na n-údarás inniúil chun freagairt d’fhorbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cosaint custaiméirí agus infheisteoirí a chur i mbaol go tromchúiseach, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leithligh a ghlacadh lena gceanglaítear ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairt den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha sin.”;

    (17)

    Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:

    (a)

    ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

    (b)

    i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

    I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás, dá thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “1a.   Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill mhíchuí nár baineadh comhaontú amach.

    (a)

    i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    tá an sprioc-am dulta in éag; nó

    (ii)

    cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla;

    (b)

    i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    cinneadh a bheith déanta ag péire ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla; nó

    (ii)

    dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

    1b.   Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

    Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(4), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo tcurtha i gcrích.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. . Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus, nuair is infheidhme, in éineacht leis an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe an rannpháirtí margaidh airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.”;

    (18)

    Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Cuirfidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin faoi raon feidhme a chuid cumhachtaí i gcás ina dtagraítear dó, arna mbunú le gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus déanfaidh sé comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus beidh sé de cheart iomlán ag baill foirne an Údaráis a bheith go hiomlán rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí agus, dá dhroim sin, beidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.”;

    (b)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach agus comhleanúnach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) den tríú fomhír:

    “(b)

    tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis a bhaineann le príomh-rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh; féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 15, chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí. Féadfaidh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 16 a eisiúint chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais atá glactha ag na coláistí maoirseoirí.”;

    (19)

    Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Forálacha ginearálta maidir le rioscaí sistéamacha”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe gníomhaíochta airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíochta chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do chosaint custaiméirí nó infheisteoirí a mheasúnú.

    Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.”;

    (20)

    in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le BERS, critéir a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, mar aon le réim tástála struis a fhorbairt ina n-áirítear meastóireacht ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais, nó mar gheall orthu, lena n-áirítear an riosca sistéamach comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.”;

    (21)

    in Airteagal 27(2), scriostar an dara fomhír;

    (22)

    Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(aa)

    tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;

    (ab)

    grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais;”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;

    (iv)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(f)

    córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus Comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide á chur san áireamh;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, ionstraimí agus uirlisí nua praiticiúla cóineasúcháin a fhorbairt chun cuir chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht.

    Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san Aontas agus ina gcuirtear san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí agus sna margay airgeadais, lena n-áirítear athruithe de thoradh nuálaíocht teicneolaíochta, na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na margaí. Leagfar amach i lámhleabhar maoirseachta an Aontais dea-chleachtais maoirseachta, agus sonrófar ann modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.

    Seolfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, agus uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé freisin, i gcás inarb iomchuí, anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta freisin.”;

    (23)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 29a

    Tosaíochtaí Maoirseachta Straitéiseacha an Aontais

    Tar éis plé sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus anailís, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad agus faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á n-ullmhú acu agus tabharfaidh siad fógra ina leith don Údarás amhlaidh. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla an bhliain dár gcionn agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ar áireamh inti.

    Leis na tosaíochtaí a bheidh ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás ní chuirfear bac ar údaráis inniúla náisiúnta a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, gníomhú ar a gcuid tosaíochtaí agus forbairtí, agus breithneofar na sainiúlachtaí náisiúnta.”;

    (24)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

    “Airteagal 30

    Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla

    1.   Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht agus an éifeachtacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe piaraí a phleanáil agus a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás ad hoc coistí um athbhreithniú piaraí ar a mbeidh baill foirne an Údaráis i gcomhar le comhaltaí na n-údarás inniúil. Déanfaidh ball foirne ón Údarás cathaoirleacht ar na coistí um athbhreithniú piaraí. Déanfaidh an Cathaoirleach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, an cathaoirleach agus comhaltaí coiste um athbhreithniú piaraí a mholadh, ar moladh é a fhormheasfaidh an Bord Maoirseoirí. Measfar an togra a bheith formheasta mura rud é, laistigh de 10 lá óna mholadh sin ag an gCathaoirleach, go ndéanann an Bord Maoirseoirí cinneadh é a dhiúltú.

    3.   Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:

    (a)

    a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;

    (b)

    éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta,

    (c)

    cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag údaráis inniúla agus a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;

    (d)

    an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.

    4.   Ullmhóidh an tÚdarás tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Is an coiste um athbhreithniú piaraí a ullmhóidh an tuarascáil athbhreithnithe piaraí sin agus is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh é i gcomhréir le hAirteagal 44(4). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Measúnóidh an Bord Bainistíochta go háirithe ar cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí comhréireach riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun phointe (a) d’Airteagal 29(1).

    I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh.

    Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh na an n-athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.

    5.   Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá rialacha an Aontais maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh ó thaobh pheirspictíocht an Aontais de.

    6.   Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil leantach le chéile dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascálamaidir le hathbhreithniú piaraí. Ullmhóidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil leantach agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(4). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile a áirithiú. Cuimseofar sa tuarascáil leantach, ach ní bheidh sí teoranta dó sin amháin, measúnú ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí.

    7.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí, déanfaidh an coiste um athbhreithniú piaraí torthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí a shainaithint. Foilseoidh an tÚdarás príomhthorthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí agus na tuarascála leantaí dá dtagraítear i mír 6. I gcás ina mbeidh difríocht idir príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis agus na torthaí arna sainaithint ag an gcoiste um athbhreithniú piaraí, tarchuirfidh an tÚdarás, ar bhonn rúnda, torthaí an choiste um athbhreithniú piaraí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Má bhíonn imní ar an údarás inniúil a ndearnadh an t-athbhreithniú piaraí air go mbeadh riosca do chobhsaíocht an chórais airgeadais dá bhfoilseofaí príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis, beidh an deis aige an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí a chinneadh gan na sleachta sin a fhoilsiú.

    8.   Chun críocha an Airteagail seo, molfaidh an Bord Bainistíochta go réiteofar plean oibre d’athbhreithniú piaraí don dá bhliain atá romhainn, ina léireofar inter alia na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithniúcháin a bhí ann go dtí seo mar aon leis an bplé a rinneadh sna grúpaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 45(b). Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh i bplean oibre d’athbhreithniú piaraí. Déanfar é a chur ar fáil don phobal. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás cinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.”;

    (25)

    Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “1.   Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol.”;

    (b)

    leasaítear an dara mír mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;”;

    (iii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(ea)

    bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil;”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3.   Chun cuidiú le bunú cur chuige choitinn Eorpaigh maidir le nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, le tacaíocht, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste maidir le cosaint tomhaltóirí agus nuálaíocht airgeadais, lena n-éascaítear an bealach do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicneolaíoch chun teacht ar an margadh, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”;

    (26)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 31a

    Malartú faisnéise maidir le hoiriúnacht agus cuibheas

    Déanfaidh an tÚdarás, in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), córas a bhunú ina ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú atá ábhartha maidir le measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas incháilithe, stiúrthóirí agus sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí rannpháirtithe margaí airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Airteagal 31b

    Feidhm chomhordaithe maidir le horduithe, idirbhearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu

    I gcás ina mbeidh fianaise nó léirithe soiléire ó roinnt foinsí difriúla ag údarás inniúil a cheapadh go bhfuil orduithe, idirbhearta nó aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas, tabharfaidh sé fógra láithreach don Údarás agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ar ghníomhaíocht leantach iomchuí ar údaráis inniúla na mBallstát a gceaptar gur tharla an ghníomhaíocht ann.”;

    (27)

    Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), an BERS agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha stuamachta ar an micrileibhéal, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí. Déanfaidh an tÚdarás a chur san áireamh ina chuid measúnuithe anailís ar na margaí ina n-oibríonn na rannpháirtithe margaidh airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí ionchasacha sa mhargadh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais den sórt sin.”;

    (c)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:”;

    (ii)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha comhshaoil á gcur san áireamh inter alia;”;

    (iii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(aa)

    modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;”;

    (iv)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(d)

    modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais.”;

    (v)

    cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    “Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.”;

    (d)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “3.   Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteannta na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.”;

    (28)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

    “Airteagal 33

    Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis

    1.   Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le húdaráis rialála agus mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le rialtais tríú tíortha. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

    I gcomhréir le gníomh tarmligthe, atá i bhfeidhm, arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, i gcás ina mbeidh tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus comhraic maoinithe sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní thabharfaidh an tÚdarás na socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála agus maoirseachta an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír lena mbaineann d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.

    2.   Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    3.   Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta, ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid atá siad ábhartha do mheasúnuithe coibhéiseachta riosca-bhunaithe, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearnadh na cinntí coibhéise agus a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.

    Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) ina ndéanfar achoimre ar thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin ar na tríú tíortha uile. Díreoidh an tuarascáil go háirithe ar na himpleachtaí i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh difear a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.

    4.   Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, le húdaráis inniúla ábhartha tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais dlí agus maoirseachta coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)

    na sásraí lenar féidir leis an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, chomh maith leis an gcur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

    (b)

    a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise, den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair

    Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach.

    5.   Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

    Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a dhéanann an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Aiteagal seo.

    6.   Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta.”;

    (29)

    Scriostar Airteagal 34;

    (30)

    Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)

    scriostar mír 3;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

    “4.   Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar an Údarás a fháil ón BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh le rabhadh nó ar mholadh den sórt sin, agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá éis sin, maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

    Cinnfidh sé, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí.

    Más rud é nach ngníomhóidh an tÚdarás ar rabhadh nó ar mholadh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi.

    5.   Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.

    Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan moladh BERS a leanúint, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan gníomhú agus pléifidh sé na cúiseanna sin leis an mBord.

    I gcás inandéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, anChomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.”;

    (c)

    scriostar mír 6;

    (31)

    Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2.   Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Is éard a bheidh sna comhaltaí sin:

    (a)

    13 a dhéanfaidh ionadaíocht chothrom ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn san Aontas;

    (b)

    13 a dhéanfaidh ionadaíocht ar ionadaithe fostaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn san Aontas, ar thomhaltóirí, ar úsáideoirí seirbhísí airgeadais agus ar ionadaithe FBManna; agus

    (c)

    acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh in ceathrar dá chomhaltaí.

    3.   Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, a áirithiú go ndéanfar léiriú iomchuí ar an éagsúlacht in earnáil na n-urrús agus na margaí, ar chothromaíocht tíreolaíochta agus inscne agus ar ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3a.   Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a thoghfaidh Cathaoirleach as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air.”;

    (c)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “4.   Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá don Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí agus áiritheoidh sé go mbeidh a tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (*46) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse ceithre bliana agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

    (*46)  OJ L 56, 4.3.1968, p. 1.”;"

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí comhairle a thabhairt don Údarás ar aon saincheist a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus iad ag díriú go háirithe ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 32.

    I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

    Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚMEnna faoi Airteagal 56 maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.   Poibleoidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a cuireadh comhairle agus torathaí ó na comhairliúcháin san áireamh.”;

    (32)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

    “Airteagal 39

    Nósanna imeachta cinnteoireachta

    1.   Is i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19 á ghlacadh aige.

    2.   Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh,i dteanga oifigiúil an tseolaí agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar ábhar an chinnidh, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ina theanga oifigiúil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

    3.   Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

    4.   Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

    5.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

    6.   Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, 18 nó 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na rannpháirtithe margadh airgeadais sin, nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.”;

    (33)

    leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    an Cathaoirleach;”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “7.   I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.”;

    (34)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 41 agus mhír 42:

    “Airteagal 41

    Coistí inmheánacha

    1.   Féadfaidh an Bord Maoirseoirí ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ón gCathaoirleach, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a tugadh dó. Ar iarratas ón gCoiste Bainistíochta nó ón gCathaoirleach, féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Bainistíochta nó chuig an gCathaoirleach.

    2.   Chun críocha Airteagal 17, molfaidh an Cathaoirleach cinneadh painéal neamhspleách a thionól, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar údarás inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu san ábhar ná aon nasc díreach acu leis an údarás inniúil lena mbaineann.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    3.   Chun críocha Airteagal 19, molfaidh an Cathaoirleach cinneadh chun painéal neamhspleách a thionól, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar na húdaráis inniúla a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu sa choinbhleacht ná aon nasc díreach acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    4.   Chun an fiosrúchán dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 22(4) a dhéanamh, beidh an Cathaoirleach in ann freisin a mholadh cinneadh a dhéanamh chun tús a chur leis an bhfiosrúchán agus cinneadh a dhéanamh painéal neamhspleách a thionól, moltaí a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    5.   Molfaidh na painéil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, nó molfaidh an Cathaoirleach cinntí faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 19 lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí. Déanfaidh painéal dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo toradh an fhiosrúcháin arna dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(4) a chur i láthair an Bhoird Maoirseoirí.

    6.   Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta le haghaidh na bpainéal dá dtagraítear san Airteagal seo.

    Airteagal 42

    Neamhspleáchasan Bhoird Maoirseoirí

    1.   Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.

    3.   Déanfaidh Comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, an Cathaoirleach agus aon ionadaí nach bhfuil vóta aige agus aon bhreathnóir a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, roimh aon chruinnithe den sórt sin, aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítim atá ar an gclár a dhearbhú go cruinn agus ina iomláine roimh aon chruinniú a bhfreastalóidh siad air, agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin, agus ó vótáil ar na pointí sin.

    4.   Leagfaidh an Bord Maoirseoirí síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla maidir leis an riail ar dhearbhú leasa dá dtagraítear i mír 3 agus maidir leis na socruithe praiticiúla chun coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.”;

    (35)

    Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gCaibidil II a dhéanamh. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste nó ón bpainéal inmheánach ábhartha, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.”;

    (b)

    scriostar mír 2 agus mír 3;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5

    “5.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).”;

    (36)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 43a

    Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí

    D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ó gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí, déanfaidh an tÚdarás, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead lenar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa. Leis an taifead sin ar na himeachtaí ní léireofar na pléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (37)

    Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

    Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn thromlach cáilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha.

    Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír seo.

    Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus na tograí á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

    Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagal 17, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta tríd an nós imeachta i scríbhinn a úsáid. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh an cinneadh a moladh murab é go ndearna tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus déanfar cinneadh maidir leis i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

    Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i láthair le linn aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le rannpháirtithe margadh airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “5.   Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.”;

    (38)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

    “Airteagal 45

    Comhdhéanamh

    1.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh an Cathaoirleach agus seisear comhaltaí ón mBord Maoirseoirí, arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin.

    Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.

    2.   Dhá bhliain go leith a mhairfidh téarma oifige na gcomhaltaí a dtoghfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Féadfar síneadh a chur leis an téarma sin aon uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta inscne-chothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.

    3.   Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

    4.   Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.”;

    (39)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 45a

    Cinnteoireacht

    1.   Le tromlach simplí dá chomhaltaí a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta agus gach iarracht á déanamh teacht ar chomhaontú. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Beidh an Cathaoirleach ina chomhalta a bhfuil cead vótála aige.

    2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh aon cheart vótála acu. Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

    3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

    Airteagal 45b

    Na Grúpaí Comhordaithe

    1.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.

    2.   Glacfaidh gach údarás inniúil páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.

    3.   Déanfaidh comhalta den Bhord Bainistíochta cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh an comhalta den Bhord Bainistíochta a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé agus na dtorthaí agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.

    4.   Agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar fhócas ag grúpaí comhordaithe, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 35 an fhaisnéis is gá a thabhairt trínar féidir leis an Údarás a ról faireacháin a chomhlíonadh.”;

    (40)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

    “Airteagal 46

    Neamhspleáchas an Bhoird Bainistíochta

    Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.”;

    (41)

    Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   I dtaca leis na ábhair a mbeidh cinneadh le déanamh ina leith ag an mBord Maoirseoirí tar éis iad a phlé ag an gcoiste ábhartha inmheánach, féadfaidh an Bord Bainistíochta iad a scrúdú, tuairim a thabhairt uaidh ina dtaobh, agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh, ach amháin i dtaca le hathbhreithnithe piaraí de réir Airteagal 30.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus moladh ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.”;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “9.   Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fáilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

    (42)

    Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a shocrú, na cruinnithe a thionól agus na hítimí a bhfuiltear le cinneadh a dhéanamh fúthu a chur síos, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.

    Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Bainistíochta a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar an mBord Bainistíochta féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a urramóidh prionsabal na cothromaíochta inscne agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí gearrliosta a tharraingt suas de na hiarrthóirí atá cáilithe do phost an Chathaoirligh, le tabhairt don Bhord Maoirseoirí le cúnamh ón gCoimisiún. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh, agus é bunaithe ar an ngearrliosta chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis deimhniú ó Pharlaimint na hEorpa.

    Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, ar togra é arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é nó í a chur as oifig.

    Déanfaidh an Bord Maoirseoirí Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin, agus comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an Leas-Chathaoirleach sin a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.”;

    (c)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Chun críche na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é an Leaschathaoirleach a dhéanfaidh cúraimí an Chathaoirligh.

    Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur san áireamh, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin ar fhorais thromchúiseacha. Ní fhéadfaidh ach Parlaimint na hEorpa é nó í a chur as oifig tar éis cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.”;

    (43)

    Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Neamhspleáchas an Chathaoirligh”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.”;

    (44)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 49 a

    Caiteachais

    Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar le páirtithe leasmhara seachtracha laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis na gcruinnithe agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

    (45)

    Scriostar Airteagal 50;

    (46)

    Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas::

    (a)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), go háirithe maidir le:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “—

    ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

    “—

    cibearshlándáil,”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc:

    “—

    faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEnna eile,”;

    (v)

    cuirtear isteach na fleasca seo a leanas leis:

    “—

    seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;

    comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(6).”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Féadfaidh an Comhchoiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla chun idirnascadh slán éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú de bhun na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 32a(5) de Threoir (AE) 2015/849 chomh maith leis na cláir náisiúnta faoin Treoir sin a idirnascadh go héifeachtach.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Beidh a fhoireann féin ag an gComhchoiste, arna soláthar ag ÚMEnna a ghníomhóidh mar rúnaíocht bhuan. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachais riaracháin, bhonneagair agus oibríochúla.”;

    (47)

    Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfar Cathaoirleach an Chomhchoiste a cheapadh ar bhonn uainíocht bhliantúil as measc Chathaoirligh na ÚMEnna. Is é Cathaoirleach an Chomhchoiste a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ar BERS.”;

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach trí mhí.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “5.   Cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Maoirseoirí ar an eolas go tráthrialta faoi seasaimh a ghlactar le linn chruinnithe an Chomhchoiste.”;

    (48)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 56 agus 57:

    “Airteagal 56

    Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

    Faoi réir raon feidhme a chúraimí a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcás inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh, de réir mar is iomchuí, trí chomhthoil in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach)

    I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagal 10 go 16 agus cinntí de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19 den Rialachán seo, ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomhartha reachtacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), glacfaidh, de réir mar is iomchuí, an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) na bearta sin, i gcomhthráth.

    Airteagal 57

    Fochoistí

    1.   Féadfaidh an Comhchoiste fochoistí a bhunú chun dréacht-chomhsheasaimh agus comhghníomhartha a ullmhú don Chomhchoiste.

    2.   Beidh gach fochoiste comhdhéanta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 55(1), agus d’ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha as gach Ballstát.

    3.   Déanfaidh gach an fochoiste Cathaoirleach a thoghadh as measc ionadaithe na n-údarás inniúil ábhartha , agus beidh an Cathaoirleach ina bhreathnóir ar an gComhchoiste freisin.

    4.   Chun críocha Airteagal 56, bunófar fochoiste um ilchuideachtaí airgeadais mar chuid den Chomhchoiste.

    5.   Poibleoidh an Comhchoiste ar a shuíomh gréasáin gach fochoiste arna bhunú lena n-áirítear sainorduithe na bhfochoistí sin agus liosta dá gcomhaltaí agus a bhfeidhmeanna féin ar an bhfochoiste.”;

    (49)

    Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Bunaítear leis seo Bord Achomhairc na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile no comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus nach comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí iad. Beidh na comhaltaí agua na malartacha ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlíthiúil ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

    Tar éis an gearrliosta a fháil, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar chomhaltaí is iarratasóirí agus ar mhalartaigh is iarratasóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí.

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu nuair a iarrfar sin orthu, seachas ráitis, ceisteanna nó freagraí a bhaineann le cásanna aonair arna gcinneadh ag an mBord Achomhairc,nó atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc.”;

    (50)

    in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ná foireann an Údaráis a thugann tacaíocht oibríochta agus rúnaíochta, páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.”;

    (51)

    in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis an achomharc sin, a chomhdú i scríbhinn san Údarás laistigh de thrí mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de thrí mhí ón lá a fhoilseoidh an tÚdarás a chinneadh.

    Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de thrí mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.”;

    (52)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 60a

    An tÚdarás do dhul os cionn inniúlachta

    Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach comhairle réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún más rud é go bhfuil an duine sin den tuairim go ndeachaigh an tÚdarás os cionn a inniúlachta, lena n-áirítear trí mhainneachtain prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5)a urramú, agus é ag gníomhú faoi Airteagail 16 agus 16b, agus ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach.”;

    (53)

    in Airteagal 62, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “1.   Is é a bheidh go háirithe in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*47) (‘an Rialachán Airgeadais’), teaglaim díobh seo a leanas:

    (*47)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

    (b)

    cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

    “(d)

    ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí ;

    (e)

    táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.”;

    (c)

    cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:

    “Ní ghlacfar le haon anníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá dtagraítear i pointe d den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.”;

    (54)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 63, 64 agus 65:

    “Airteagal 63

    An buiséad a bhunú

    1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis a tharraingt suas le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

    2.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Bainistíochta, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

    3.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir.

    4.   Agus an doiciméad clársceidealaithe aonair á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach i leith an phleana bhunaíochta agus mhéid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den CFAE a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

    5.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

    6.   Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

    7.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan mhoill mhíchuí, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.

    8.   Gan dochar d’Airteagail 266 agus 267 den Rialachán Airgeadais , beidh de cheangal údarú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh aon tionscadal a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais nó fadtéarmacha a bheith leis maidir le cistiú bhuiséad an Údaráis, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach, lena n-áirítear clásail scoir.

    Airteagal 64

    An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

    1.   Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad bliantúil an Údaráis chun feidhme.

    2.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis nacuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn. Ní chuirfidh Airteagal 70 bac ar an Údarás aon fhaisnéis a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí arna hiarraidh sin di agus ar faisnéis atá laistigh d’inniúlacht na Cúirte í.

    3.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn, an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

    4.   Chomh maith leis sin, faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    5.   Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 246 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

    6.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

    Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 15 Meitheamh gach bliain,pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

    7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

    8.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

    9.   Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

    10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

    11.   Tabharfaidh an tÚdarás tuairim réasúnaithe ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ar aon bharúil ó Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear sa nós imeachta urscaoilte.

    Airteagal 65

    Rialacha airgeadais

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 (*48) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

    (*48)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).”;"

    (55)

    in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*49).

    (*49)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).”;"

    (56)

    Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Bainistíochta agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá i mír 1 agus i mír 2.

    Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta, agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

    “3.   Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais.

    Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.

    4.   Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (*50) ón gCoimisiún i bhfeidhm.

    (*50)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).”;"

    (57)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 71

    “Airteagal 71

    Cosaint sonraí

    Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahirle (*51) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

    (*51)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

    (58)

    in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.”;

    (59)

    in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, ar comhaontú é a tugadh i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.”;

    (60)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:

    “Airteagal 76

    Gaolmhaireacht le Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha

    Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR). Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CESR, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CESR ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CESR agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.”;

    (61)

    Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “1.   Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:”;

    (ii)

    i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairt réamhráitigh, agus phointe (i):

    “(a)

    an éifeachtacht agus an cóineasú arna bhaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:

    (i)

    neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;”;

    (iii)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(g)

    feidhmiú an Chomhchoiste.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “2a.   Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm Airteagal 9a.

    2b.   Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar an maoirseacht a d’fhéadfadh an tÚdarás a dhéanamh ar ionaid trádála tríú tíortha lena n-áiritheofaí gnéithe atá bunaithe ar thábhacht shistéamach, riachtanais eagraíochtúla, comhlíonadh leantach, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chomh maith le cúrsaí foirne agus acmhainní. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún na tionchair ar leachtacht san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht na bpraghsanna is fearr le haghaidh infheisteoirí, an forghníomhú is fearr le haghaidh cliaint as AE, bacainní rochtana agus tairbhí eacnamaíocha le haghaidh contrapháirtithe as AE chun bheith ag trádáil ar fud an domhain chomh maith le forbairt aontas na margaí caipitil.

    2c.   Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar an maoirseacht a d’fhéadfadh an tÚdarás a dhéanamh ar CSDanna tríú tíortha lena n-áiritheofaí gnéithe atá bunaithe ar thábhacht shistéamach, riachtanais eagraíochtúla, comhlíonadh leantach, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chomh maith le cúrsaí foirne agus acmhainní.

    2d.   Déanfaidh an Coimisiún na measúnuithe dá dtagraítear i mír 2b agus 2c, mar aon le haon tograí reachtacha, más iomchuí, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2021.”;

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(g)

    soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú”;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (18):

    “(18)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus, i gcás údarú a fháil agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, ESMA cé is moite de na sásraí tuairiscithe formheasta (ARManna) agus na socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) siúd a bhfuil maolú acu i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;”;

    (ii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(22a)

    ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (37) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointís (34), (35) agus (36):

    “(34)

    ciallaíonn ‘socrú formheasta maidir le foilsiú’ nó ‘APA’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís foilsithe tuarascálacha trádála a sholáthar thar ceann gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 21;

    (35)

    ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís bailithe tuarascálacha trádála a sholáthar le haghaidh ionstraimí airgeadais a liostaítear in Airteagail 6, 7, 10, 12 agus 13, 20 agus 21 ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna agus ó APAnna agus iad a chomhdhlúthú i sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear sonraí faoi phraghas agus faoi mhéid in aghaidh na hionstraime airgeadais;

    (36)

    ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ duine a údaraítear faoin Rialachán seo chun an tseirbhís tuairiscithe sonraí idirbheart a sholáthar d’údaráis inniúla nó do ÚEUM thar ceann gnólachtaí infheistíochta;”;

    (iv)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(36a)

    ciallaíonn ‘soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí’ na daoine dá dtagraítear i bpointe (34), i bpointe (35) agus i bpointe (36) agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 27a(2);”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar critéir chun na ARManna agus na APAnna sin a shainaithint atá faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de réir mar a shainmhnítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE) de mhaolú ar an Rialachán seo i ngeall ar a n-ábharthacht teoranta maidir leis an margadh inmheánach.

    Agus an gníomh tarmligthe á ghlacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    (a)

    a mhéid a sholáthraítear na seirbhísí do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe ach i mBallstát amháin

    (b)

    líon na dtuarascálacha tráchtála nó na n-idirbheart

    (c)

    cé acu atá ARM nó APA ina chuid de ghrúpa de rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn trasna teorannacha nó nach bhfuil.

    I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar eintiteas maidir le haon seirbhís atá á soláthar aige ina cáil mar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faoin Rialachán seo, ní dhéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar ARM nó mar APA a eisiamh ó mhaoirseacht ÚEUM faoi aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na míre seo.”;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    “Airteagal 22

    Faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile

    1.   Chun ríomhanna a dhéanamh chun na ceanglais don trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus do na córais oibleagáide trádála a chinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 11, in Airteagal 14 go hAirteagal 21 agus in Airteagal 32, atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais agus chun a chinneadh an inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta, féadfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla a cheangal orthu siúd a leanas go dtabharfaidh siad faisnéis dóibh:

    (a)

    ionaid trádála;

    (b)

    APAnna; agus

    (c)

    CTPanna.

    2.   Déanfaidh ionaid trádála, CTPanna agus APAnna na sonraí riachtanacha a stóráil ar feadh tréimhse leordhóthanach.

    3.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ábhar agus minicíocht na n-iarrataí sonraí agus na formáidí agus na frámaí ama ina bhfreagróidh APAnna agus CTPanna d’iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an cineál sonraí nach mór a stóráil agus an íostréimhse ama a ndéanfaidh ionaid trádála, APAnna agus CTPanna sonraí a stóráil chun go mbeidh siad ábalta freagairt d’iarrataí ar shonraí i gcomhréir le mír 2.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (4)

    In Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    “Déanfaidh na húdaráis inniúla aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí do ÚEUM.”;

    (5)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

    “Airteagal 27

    Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar

    1.   Maidir le hionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó a thrádálfar ar MTFanna nó ar OTFanna, déanfaidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta a chur ar fáil do ÚEUM chun críche idirbheart a thuairisciú faoi Airteagal 26.

    Maidir leis na hionstraimí airgeadais eile a chumhdaítear le hAirteagal 26(2) a thrádálfar ar a chóras déanfaidh gach inmheánaitheoir córasach sonraí tagartha sainaitheantais a chur ar fáil do ÚEUM a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sin.

    Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid ÚEUM i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraim airgeadais. Foilseoidh ÚEUM na sonraí tagartha sin láithreach ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.

    2.   Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    go bhfaigheann ÚEUM go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

    (b)

    gurb iomchuí caighdeán na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;

    (c)

    go dtarchuirfear na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo go héifeachtúil agus gan mhoill míchuí chuig na húdaráis inniúla ábhartha.

    (d)

    go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla chun saincheisteanna maidir le seachadadh sonraí agus cáilíocht sonraí a réiteach.

    3.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a)

    caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;

    (b)

    bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.   Féadfaidh ÚEUM na hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear i mír 1 a chur ar fionraí i gcás ionstraimí airgeadais áirithe nó i gcás na n-ionstraimí airgeadais go léir ach na tosca uile seo a leanas a bheith ann:

    (a)

    tá an fhionraí riachtanach chun sláine agus cáilíocht na sonraí tagartha a chaomhnú faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe mar a shonraítear i mír 1, rud a d’fhéadfadh a bheith i mbaol de dheasca aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    neamhiomláine thromchúiseach, míchruinneas nó truailliú na sonraí arna gcur isteach, nó

    (ii)

    i gcás nach mbeidh rochtain thráthúil ar na córais lena ndéanann ÚEUM, údaráis inniúla náisiúnta, bonneagair mhargaidh, córais imréitigh agus socraíochta, agus rannpháirtithe tábhachtacha margaidh na sonraí tagartha lena mbaineann a chur isteach, a bhailiú, a phróiseáil nó a stóráil, nó i gcás ina mbeidh cur isteach nó damáiste déanta ar fheidhmiú na gcóras sin;

    (b)

    nach rachaidh na ceanglais rialála atá infheidhme i ngleic leis an mbaol;

    (c)

    nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an bhfionraí ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;

    (d)

    nach gcruthóidh an fhionraí arbatráiste rialála.

    Agus an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh a mhéid a áirithíonn an beart cruinneas agus iomláine na sonraí arna dtuairisciú chun na gcríoch atá sonraithe i mír 2.

    Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shonrú ghlacadh agus na himthosca ina scoirfidh an fhionraí dá dtagraítear san fhomhír sin d’fheidhm a bheith aige.”;

    (6)

    cuirtear isteach an Teideal seo a leanas:

    “TEIDEAL IVa

    SEIRBHÍSÍ TUAIRISCITHE SONRAÍ

    CAIBIDIL 1

    Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

    Airteagal 27a

    Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn údarás inniúil náisiúnta údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

    Airteagal 27b

    Ceanglas maidir le húdarú

    1.   Beidh feidhmiú APA, CTP nó ARM mar ghairm bheatha nó gnó rialta faoi réir údarú roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Teideal seo.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh APA nó ARM sainaitheanta i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) faoi réir ag réamhúdarú agus mhaoirseacht an údaráis inniúil náisiúnta ábhartha i gcomhréir leis an Teideal seo.

    2.   Féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála seirbhísí APA, CTP nó ARM a sholáthar freisin ach fíorú a fháil ón ÚEUM nó ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha roimh ré go bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh sin ag comhlíonadh an Teidil seo. Cuirfear soláthar na seirbhísí sin san áireamh san údarú a ghabhann leo.

    3.   Bunóidh ÚEUM liosta de na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí go léir san Aontas. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe ina leith agus tabharfar cothrom le dáta é go rialta.

    I gcás ina bhfuil údarú tarraingthe siar ag ÚEUM nó ag údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 27e, foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár go ceann tréimhse cúig bliana.

    4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a gcuid seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht ÚEUM nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha. Déanfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú rialta ar chomhlíontacht na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, faireachán chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhlíontacht i gcónaí leis na coinníollacha don chéad údarú arna mbunú faoin Teideal seo.

    Airteagal 27c

    Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

    1.   Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú chun críoch an Teidil seo i gcás:

    (a)

    inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí; agus

    (b)

    ina gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na ceanglais a leagtar síos sa Teideal seo.

    2.   Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 1 an tseirbhís tuairiscithe sonraí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe lena cur ar fáil. I gcás ina bhféachann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena ghnó a shíneadh chuig seirbhísí tuairiscithe sonraí breise, cuirfidh sé iarratas ar shíneadh an údaraithe sin faoi bhráid ÚEUM, nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha.

    3.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí na coinníollacha a chomhlíonadh i gcónaí maidir leis an údarú dá dtagraítear sa Teideal seo. Tabharfaidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí údaraithe fógra do ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, nó don údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha le haghaidh údaraithe.

    4.   Beidh éifeacht leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh sé bailí i gcríocha an Aontais ina n-iomláine, agus ceadóidh sé don soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na seirbhísí a bhfuil údarú faighte aige ina leith a chur ar fáil ar fud an Aontais.

    Airteagal 27d

    Nós imeachta chun iarratais ar údarú a dheonú agus a dhiúltú

    1.   An soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí atá ina iarratasóir, cuirfidh sé iarratasisteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go mbeidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir atá riachtanach déanta ag an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Teidil seo, lena n-áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.

    2.   Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, féachfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, an bhfuil an t-iarratas iomlán.

    Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM ,nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faisnéis bhreise a sholáthar.

    Tar éis do ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.

    3.   Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, faoi cheann sé mhí ón uair a fhaightear iarratas iomlán, meastóireacht ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú a ghlacadh, agus an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí is iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá oibre.

    4.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:

    (a)

    an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil dó faoi mhír 1, lena n-áirítear an clár oibríochtaí;

    (b)

    an fhaisnéis a áirítear sna fógraí faoi Airteagal 27f(2).

    Déantar de chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    5.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith fógra a thabhairt nó an fhaisnéis a thabhairt dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 27f(2).

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27e

    Údarú a tharraingt siar

    1.   Féadfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, údarú soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí mar seo a leanas:

    (a)

    gan an t-údarú a úsáid laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

    (b)

    an t-údarú a fháil trí ráitis bhréige nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

    (c)

    gan na coinníollacha faoinar cláraíodh é a bheith á gcomhlíonadh a thuilleadh;

    (d)

    an Rialacháin seo a shárú go tromchúiseach agus go córasach.

    2.   Gan aon mhoill mhíchuí, déanfaidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí bunaithe a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe chun sonraí a tharraingt siar.

    Airteagal 27f

    Ceanglais maidir le comhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí

    1.   Beidh dea-cháil leordhóthanach ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcónaí, beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach i gcónaí aige, agus caithfidh sé, i gcónaí, a dhóthain ama i mbun fheidhmiú a dhualgais.

    Beidh a dhóthain eolais, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta chun gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a thuiscint. Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hiontaofa agus go neamhspleách ó thaobh smaointe de chun cinntí lucht bainistíochta sinsearaí a cheistiú go héifeachtach más gá, agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.

    I gcás ina n-iarrann oibreoir margaidh údarú chun APA, CTP nó ARM a fheidhmiú de bhun Airteagal 27d agus gur comhaltaí de bhord bainistíochta an mhargaidh rialáilte comhaltaí bhord bainistíochta an APA, an CTP nó an ARM sin, measfar na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír a bheith á chomhlíonadh ag na daoine sin.

    2.   Cuirfidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí ÚEUM, nó an t-údarás inniúil i gcás inarb ábhartha, ar an eolas faoi ainmneacha gach comhalta dá bhord bainistíochta agus faoi aon athrú a thiocfaidh ar chomhaltas an bhoird, mar aon leis an bhfaisnéis go léir is gá chun a mheas an bhfuil an t-eintiteas i gcomhréir le mír 1.

    3.   Déanfaidh bord bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí cur chun feidhme na socruithe rialachais a shainmhíniú agus a mhaoirsiú lena n-áirithítear go ndéanfar eagraíocht a bhainistiú go héifeachtach stuama lena n-áirítear cúraimí a leithscaradh san eagraíocht, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus é sin ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh agus leas a chuid cliant chun cinn.

    4.   Diúltóidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, údarú mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le fírinne, nó má bhíonn foras soiléir inléirithe lena chreidiúint go gcuirfeadh na hathruithe arna moladh ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, go gcuirfeadh na hathruithe sin bainistíocht fhónta stuama an ghnó agus aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine an mhargaidh i mbaol.

    5.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoin 1 Eanáir 2021 le haghaidh measúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bhfuil tuairisc uirthi i mír 1, agus ag cur san áireamh na ról agus na bhfeidhmeanna éagsúla a dhéanann siad agus an gá atá le coinbhleachtaí leasa idir comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus úsáideoirí APA, CTP nó ARM a sheachaint.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL 2

    Coinníollacha maidir le APAnna, CTPanna agus ARManna

    Airteagal 27g

    Ceanglais eagraíochtúla maidir le APAnna

    1.   Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha ag APA chun an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 a phoibliú chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh APA in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí ina n-áiritheofar go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáid lena n-éascaítear comhdhlúthú na faisnéise le sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile.

    2.   Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a phoibleoidh APA i gcomhréir le mír 1:

    (a)

    aitheantóir na hionstraime airgeadais;

    (b)

    an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

    (c)

    méid an idirbhirt;

    (d)

    am an idirbhirt;

    (e)

    an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

    (f)

    anótáil praghais an idirbhirt;

    (g)

    an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

    (h)

    más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

    3.   Déanfaidh APA socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chuid cliant a chosc. Maidir le APA go háirithe ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a dhéanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil, agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú ó chéile.

    4.   Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag APA chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise roimh a foilsithe a chosc. Déanfaidh an APA acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.

    5.   Beidh córais i bhfeidhm ag APA lenar féidir tuarascálacha trádála a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint, agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.

    6.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun formáidí coiteanna, caighdeáin sonraí agus socruithe teicniúla maidir le comhdhlúthú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanmah ar cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    8.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a)

    na modhanna ina bhféadfaidh APA an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

    (b)

    inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoin Airteagal seo;

    (c)

    na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 3, mír 4 agus mír 5.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27h

    Ceanglais eagraíochtúla maidir le CTPanna

    1.   Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a poiblíodh a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 20, chun an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach, agus chun an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála.

    Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis sin:

    (a)

    aitheantóir na hionstraime airgeadais;

    (b)

    an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

    (c)

    méid an idirbhirt;

    (d)

    am an idirbhirt;

    (e)

    an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

    (f)

    anótáil praghais an idirbhirt;

    (g)

    an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

    (h)

    i gcás inarb infheidhme, algartam ríomhairí laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt;

    (i)

    más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha;

    (j)

    má tarscaoileadh an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) d’Airteagal 4(1), bratach a bheith ann lena dtaispeántar cé acu de na tarscaoiltí sin a raibh an t-idirbheart faoi réir acu.

    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.

    2.   Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 21, chun an fhaisnéis a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach, agus chun faisnéis a chur ar fáil don phobal chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála, lena n-áirítear, ar a laghad, na mionsonraí seo a leanas:

    (a)

    aitheantóir nó gnéithe aitheanta na hionstraime airgeadais;

    (b)

    an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

    (c)

    méid an idirbhirt;

    (d)

    am an idirbhirt;

    (e)

    an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

    (f)

    anótáil praghais an idirbhirt;

    (g)

    an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

    (h)

    más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, agus i bhformáidí a bhfuil glacadh go forleathan leo agus atá idir-inoibritheach agus sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.

    3.   Áiritheoidh CTP go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a chomhdhlúthú ó na margaí rialáilte go léir, ó shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna), saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) agus réamh-chomhaontuithe praghsála (APAnna) agus do na hionstraimí airgeadais a shonraítear le caighdeáin theicniúla rialála faoi phointe (c) de mhír 8.

    4.   Déanfaidh CTP socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc. Go háirithe, maidir le hoibreoir margaidh, nó APA, a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.

    5.   Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag CTP chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise agus chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a laghdú chomh mór agus is féidir. Déanfaidh CTP acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i rith an ama.

    6.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun caighdeáin agus formáidí sonraí a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 6, 10, 20 agus 21, lena n-áirítear aitheantóir na hionstraime airgeadais, praghas, cainníocht, am, anótáil praghais, aitheantóir ionaid agus táscairí do choinníollacha ar leith a raibh na hidirbhearta faoina réir agus socruithe teicniúla lena gcuirtear scaipeadh faisnéise atá éifeachtúil comhsheasmhach chun cinn ar shlí a áiritheoidh go mbeidh sí sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear seirbhísí breise a shainaithint a d’fhéadfadh CTP a fheidhmiú agus a chuirfeadh le héifeachtúlacht an mhargaidh.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shoiléiriú a dhéanamh ar cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun rochtain a thabhairt ar shruthanna sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

    8.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a)

    na modhanna ina bhféadfaidh CTP an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh;

    (b)

    ábhar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1 agus mír 2;

    (c)

    na hionstraimí airgeadais, nach mór a sonraí a sholáthar don sruth sonraí agus, i gcás ionstraimí neamhchothromais, na hionaid trádála agus APAnna is gá a chur san áireamh;

    (d)

    modhanna eile chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a fhoilseoidh CTPanna éagsúla comhsheasmhach, agus gur féidir mapáil chuimsitheach agus crostagairtí a dhéanamh i gcoinne sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile, agus gur féidir iad a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais;

    (e)

    na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 4 agus mír 5.

    Déantar de chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27i

    Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna

    1.   Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásra tuairiscithe formheasta (ARM) chun an fhaisnéis a thuairisciú a cheanglaítear faoi Airteagal 26 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre tar éis an lae a rinneadh an t-idirbheart.

    2.   Déanfaidh ARM socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le ARM ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.

    3.   Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag ARM chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc agus rúndacht na sonraí a choimeád i gcónaí. Déanfaidh ARM acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.

    4.   Beidh córais i bhfeidhm ag ARM lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an ngnólacht infheistíochta a shainaithint, agus i gcás ina mbeidh earráid nó easnamh den sórt sin ann, sonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.

    Beidh córais i bhfeidhm ag ARM chun gur féidir le ARM earráidí nó easnaimh arna ndéanamh ag ARM féin a bhrath agus gur féidir le ARM tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur, nó tuarascálacha idirbheart atá cruinn agus iomlán a atarchur, de réir mar a bheidh, chuig an údarás inniúil.

    5.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a)

    na modhanna ina bhféadfaidh ARM an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; agus

    (b)

    na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 2, mír 3 agus mír 4.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (7)

    Cuirtear isteach an Teideal seo a leanas:

    “TEIDEAL VIa

    CUMHACHTAÍ AGUS INNIÚLACHTAÍ ÚEUM

    CAIBIDIL 1

    Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

    Airteagal 38a

    Cumhachtaí ÚEUM a fheidhmiú

    Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d’aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d’aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 38b go hAirteagal 38e, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

    Airteagal 38b

    Iarraidh ar fhaisnéis

    1.   Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:

    (a)

    APA, CTP, ARM i gcás inarb é ÚEUM a dhéanann maoirseacht orrthu, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;

    (b)

    bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

    (c)

    iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

    2.   Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

    (a)

    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

    (b)

    cuspóir na hiarrata a lua;

    (c)

    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

    (d)

    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

    (e)

    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

    (f)

    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 38h, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

    3.   Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

    (a)

    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

    (b)

    cuspóir na hiarrata a lua;

    (c)

    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

    (d)

    teorainn ama a shocrú nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh di;

    (e)

    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

    (f)

    a shonrú cén tsuim a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38h, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

    (g)

    a thabhairt le fios cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis a iarradh. Dlíodóirí a bhfuil an t-údarú cuí acu chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

    5.   Déanfaidh ÚEUM, gan mhoill mhíchuí, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil Bhallstát na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 38c

    Imscrúduithe ginearálta

    1.   Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, sonraí, nósanna imeachta agus ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

    (b)

    cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

    (c)

    aon duine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

    (d)

    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

    (e)

    taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

    2.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38h i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) mícheart nó míthreorach.

    3.   Ceanglaítear ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

    4.   I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

    5.   Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

    6.   I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

    (a)

    an cinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 gur cinneadh barántúil é;

    (b)

    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aon deonach ná iomarcach.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 38d

    Cigireachtaí ar an láthair

    1.   Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí uile ar an láthair is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) é.

    2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 38b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

    3.   In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t-údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go cuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t-údarás inniúil ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

    4.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

    5.   Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

    6.   Ar iarraidh ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.

    7.   Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 38b(1) a dhéanamh thar a cheann.

    8.   I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

    9.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

    10.   I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

    (a)

    gur cinneadh barantúil atá sa chinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír  5 barántúil;

    (b)

    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 38e

    Malartú faisnéise

    Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

    Airteagal 38f

    Rúndacht ghairmiúil

    Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚEUM nó d’aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM.

    Airteagal 38 g

    Bearta maoirseachta ÚEUM

    1.   I gcás ina dtuigtear do ÚEUM go ndearna duine a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 38b(1) ceann de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

    (b)

    cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i;

    (c)

    fógraí poiblí a eisiúint.

    2.   Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

    (a)

    fad agus minicíocht an tsáraithe;

    (b)

    an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inluaite leis an sárú ar shlí eile;

    (c)

    an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

    (d)

    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

    (e)

    acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

    (f)

    an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

    (g)

    méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, chomh fada agus is féidir iad a dhéanamh amach;

    (h)

    an leibhéal comhoibre atá ann idir an duine atá freagrach as an sárú agus ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

    (i)

    sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

    (j)

    bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

    3.   Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin roimh cheann 10 lá oibre ón dáta a tógadh é.

    Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

    (a)

    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

    (b)

    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

    (c)

    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL 2

    Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

    Airteagal 38h

    Fíneálacha

    1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

    2.   EUR 200 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta.

    3.   Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 38g(2) san áireamh.

    Airteagal 38i

    Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

    (a)

    ar dhuine deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 38g(1);

    (b)

    ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1):

    (i)

    faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 38b;

    (ii)

    géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 38c a chomhlánú agus a cheartú;

    (iii)

    géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 38d.

    2.   Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

    3.   D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

    4.   Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

    Airteagal 38j

    Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*52) .

    2.   Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i.

    3.   I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

    4.   Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i in-fhorfheidhmithe.

    Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sa chríoch ina ndéanfar é.

    5.   Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 38k

    Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

    1.   I gcás ina n-aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.

    2.   Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi fhiosrú a chur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí san áireamh ann, faoi bhráid ÚEUM.

    3.   Chun a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d.

    4.   Agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

    5.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí.

    6.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithee a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.

    7.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh nó a cinneadh a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

    8.   Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 38l, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa déanta ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 38g.

    9.   Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.

    10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

    11.   Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cion coiriúil. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

    Airteagal 38l

    Daoine lena mbaineann a éisteacht

    1.   Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 38g, Airteagal 38h agus Airteagal 38i, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

    2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

    Airteagal 38m

    Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

    Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

    Airteagal 38n

    Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

    1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o.

    2.   Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith, cumhdófar leis sin na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí údaraithe agus maoirseachta maidir leis an soláthraí sin. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 leis an Rialachán seo a fhorlíonadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú.

    Airteagal 38o

    ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

    1.   I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

    2.   Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:

    (a)

    raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

    (b)

    an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

    (c)

    tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

    3.   I gcomhréir leis an gníomh tarmligthe arna glacadh de bhun Airteagal 38n(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.

    4.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

    5.   Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.

    (*52)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

    (8)

    in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.”;

    (9)

    in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna bhforchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚBE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.”;

    (10)

    Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), agus (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27(4), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(7), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (12) agus (14) go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 2 Iúil 2014.”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    “Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27(4), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(7), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (12) agus (14) a chúlghairm aon tráth.”;

    (c)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    “Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27(4), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(7), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (12) agus (14) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne”;

    (11)

    in Airteagal 52, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “13.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite arna bunú i gcomhréir le Teideal IVa. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27h(1) faoin 3 Meán Fómhair 2019. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27h(2) faoin 3 Meán Fómhair 2021.

    Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar measúnú ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite i bhfianaise na gcritéar seo a leanas:

    (a)

    faisnéis iarthrádála i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil ina ngabhfar gach idirbheart is cuma cé acu a dhéanfar ar ionaid trádála iad nó nach ndéanfar;

    (b)

    faisnéis iarthrádála iomlán agus pháirteach i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil atá ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus atá ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála.

    I gcás go gcinneann an Coimisiún gur mhainnigh CTPanna faisnéis a thabhairt ar shlí a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa dara fomhír, cuirfidh an Coimisiún iarraidh i gceangal lena thuarascáil chuig ÚEUM chun nós imeachta idirbheartaíochta a sheoladh le go gceapfar eintiteas tráchtála a fheidhmeoidh teilitéip chomhdhlúite trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM. Seolfaidh ÚEUM an nós imeachta tar éis an iarraidh ón gCoimisiún a fháil maidir leis na coinníollacha a bheidh sonraithe san iarraidh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*53).

    14.   I gcás gur tionscnaíodh an nós imeachta a leagtar amach i mír 13 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    foráil a dhéanamh maidir le tréimhse an chonartha atá ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus maidir leis an bpróiseas agus na coinníollacha chun an conradh a athnuachan agus an soláthar poiblí nua a sheoladh;

    (b)

    foráil a dhéanamh maidir leis an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus go bhfeidhmeoidh sé amhlaidh ar bhonn eisiach agus nach n-údarófar aon eintiteas eile mar CTP i gcomhréir le hAirteagal 27b;

    (c)

    a chumhachtú do ÚEUM a áirithiú go mbeidh coinníollacha na tairisceana á gcomhlíonadh ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a ceapadh trí sholáthar poiblí.

    (d)

    a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis iarthrádála a thugann an t-eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus i bhformáid chomhdhlúite lena ngabhtar an margadh iomlán;

    (e)

    a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iarthrádála ar bhonn réasúnta tráchtála, ar bhonn comhdhlúite agus neamh-chomhdhlúite, agus go ndéanfaidh sí riar ar riachtanais úsáideoirí na faisnéise sin ar fud an Aontais;

    (f)

    a áirithiú go gcuirfidh an hionaid trádála agus APAnna a sonraí trádála ar fáil don eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM ar chostas réasúnta;

    (g)

    socruithe a shonrú a bheidh infheidhme i gcás go mainneoidh an t-eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí sholáthar poiblí coinníollacha na tairisceana a chomhlíonadh;

    (h)

    socruithe a shonrú ar dá réir a leanfaidh CTPanna arna n-údarú faoi Airteagal 27b de bheith ag feidhmiú teilitéip chomhdhlúite i gcás nach n-úsáidfear an cumhachtú lena bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo, nó i gcás nach gceapfar aon eintiteas trí sholáthar poiblí, go dtí go gcuirfear soláthar poiblí nua i gcrích agus go gceapfar eintiteas tráchtála chun teilitéip chomhdhlúite a fheidhmiú.

    (*53)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

    (12)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 54a

    Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

    1.   Déanfar na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharchur chuig ÚEUM an 1 Eanáir 2022, ach amháin inniúlachtaí agus dualgais a bhaineann le APAnna agus ARManna atá faoi réir ag maolú dá dtagraítear in Airteagal 2(3). Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin a aistríodh ar an dáta céanna.

    2.   Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

    Maidir le hiarratas ar údarú a fhaigheann údaráis inniúla, áfach, faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t-údarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

    3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin 1 Eanáir 2022. Ina theannta sin, tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.

    4.   Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

    5.   Má dheonaíonn údarás inniúil mar atá sainmhínithe i bpointe 26 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, leanfaidh an t-údarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.

    Airteagal 54b

    Caidreamh le hiniúchóirí

    1.   Aon duine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*54), ag gníomhú dó ina sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an cúram a thuairiscítear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*55) nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE á fheidhmiú aige nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh dualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig ÚEUM a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:

    (a)

    sárú ábhartha ar na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an t-údarú nó lena rialaítear na gníomhaíochtaí go sonrach a dhéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin;

    (b)

    difear d’fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí;

    (c)

    údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl.

    Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíorais nó cinntí a thuairisciú ar tháinig an duine orthu le linn dó a bheith i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ina bhfuil sé nó sí ag déanamh an chúraim sin.

    2.   Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do na húdaráis inniúla, ag daoine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE, d’aon fhíoras nó cinneadh dá dtagraítear i mír 1, ar shrianta dlíthiúla nó conarthacha ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar bith leis na daoine sin.

    (*54)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87)."

    (*55)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).”."

    Airteagal 5

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011

    Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear pointe (24)(a) d’Airteagal 3(1), mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “(a)

    sonraí ionchuir arna rannchuidiú go hiomlán agus go díreach ó na nithe seo a leanas:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (vii):

    “(vii)

    soláthraí seirbhíse ar chuige a sheachfhoinsigh an riarthóir tagarmhairc an bailiúchán sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10, seachas pointe (f) d’Airteagal 10(3), ar choinníoll go bhfaighidh an soláthraí seirbhíse na sonraí go hiomlán agus go hiomlán ón eintiteas dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (vi) den phointe seo;”;

    (2)

    in Airteagal 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “9.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeán theicniúla rialála chun na ceanglais a shonrú chun a áirithiú go bhfuil na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 daingean go leor.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

    Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (3)

    in Airteagal 12, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “4.   Forbróidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú le háirithiú go gcomhlíonann an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) go (e) den mhír sin.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (4)

    in Airteagal 14, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “4.   Forbróidh ÚEUM an dréachtchaighdeán theicniúla rialála chun tréithe na gcóras agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

    Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (5)

    in Airteagal 20, cuirtear isteach an mhír seo a leanas :

    “1a.   I gcás ina measann ÚEUM go gcomhlíonann tagarmharc na critéir go léir a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1, cuirfidh sé iarraidh dhoiciméadaithe ar ainmniú faoi bhráid an Choimisiúin an tagarmharc sin a aithint mar thagarmharc criticiúil.

    Tar éis dó an iarraidh doiciméadaithe sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1.

    Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a mheasúnú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a annaimhe, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú don Choimisiún agus tarchuirfidh sé chuige é.”;

    (6)

    Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

    (a)

    ÚEUM agus an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 a chur ar an eolas;

    (b)

    tar éis an measúnú sin a fháil, a mheasúnú féin a dhéanamh, faoi cheann ceithre seachtaine, ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó a scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.

    Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ó ÚEUM nó ón údarás inniúil, nuair is ábhartha sin.”;

    (b)

    cuirtear isteach mír 5:

    “5.   Forbróidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú ar a mbeidh an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 bunaithe.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

    Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (7)

    in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

    “3.   Rannchuiditheoir atá faoi mhaoirsiú agus é beartaithe aige scor de bheith ag cur sonraí ionchuir le tagarmharc criticiúil, cuirfidh sé an méid sin in iúl i scríbhinn don riarthóir gan mhoill. Cuirfidh an riarthóir a údarás inniúil ar an eolas gan mhoill mhíchuí an uair sin.

    Cuirfidh údarás inniúil riarthóir an tagarmhairc chriticiúil an t-údarás inniúil ar an eolas faoin rannchuiditheoir sin faoi mhaoirseacht agus , i gcás inarb infheidhme , cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh an riarthóir faoi bhráid an údaráis inniúil measúnú ar impleachtaí maidir le cumas an tagarmhairc chriticiúil an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas a luaithe is féidir ach gan é a bheith níos déanaí ná 14 lá tar éis an fhógra a thug an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht.

    4.   Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh údarás inniúil an riarthóra, i gcás inarb infheidhme, ÚEUM nó an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 ar an eolas agus déanfaidh sé a mheasúnú féin, ar bhonn an mheasúnaithe sin, ar chumas an tagarmhairc an bunmhargadh agus an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, agus nós imeachta an riarthóra chun an tagarmharc a scor a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.”;

    (8)

    in Airteagal 26, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeán theicniúla rialála chun na critéir faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla athruithe ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 4 a shonrú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

    Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (9)

    Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis phointe (b):

    “Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír 2 a seo a leanas:

    “2a.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear in bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo a shonrú.”;

    (c)

    i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis phointe (b):

    “Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo a shonrú.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na na coda tosaigh de mhír 4:

    “4.   Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 den Airteagal seo. Agus na socruithe sin á mbunú aige, déanfaidh ÚEUM , i gcomhréir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*56), a thabhairt san áireamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

    (*56)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).”;"

    (10)

    Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Go dtí go nglacfar cinneadh coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 30(2) agus (3), féadfaidh eintitis atá faoi mhaoirsiú san Aontas tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid ar choinníoll go bhfaigheann an riarthóir aitheantas roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Airteagal seo.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 2:

    “Chun a chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh, agus chun comhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, a mheasúnú, féadfaidh ÚEUM a chur san áireamh measúnú ó iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú a sholáthraíonn údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “Beidh ionadaí dlíthiúil ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil roimh ré, dá dtagraítear i mír 1. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán agus, ar an gcaoi sin, beidh sé cuntasach do ÚEUM.”;

    (d)

    scriostar mír 4;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil roimh ré, dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ÚEUM. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go mbeidh ÚEUM sásta go bhfuil, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá bunaithe aige chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh agus soláthróidh sé liosta de na tagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, sonróidh sé an t-údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as an maoirseacht.

    Faoi cheann 90 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, fíoróidh ÚEUM go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta.

    I gcás ina measfaidh ÚEUM nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina mbeidh riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirsiú, gurb ann do shocrú comhair iomchuí idir ÚEUM agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gurb ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a chuireann ar chumas údarás inniúil an tríú tír sin a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (b)

    nach bhfuil cosc ar fheidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ÚEUM faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údaráis inniúil an tríú tír sin.”;

    (f)

    scriostar mír 6 agus mír 7;

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Déanfaidh ÚEUM an t-aitheantas arna thabhairt i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí, más rud é go bhfuil cúiseanna maithe ann, atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe a mheas:

    (a)

    go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d’fheidhmiú rianúil na margaí;

    (b)

    gur sháraigh an riarthóir ar bhealach tromchúiseach na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo;

    (c)

    go ndearna an riarthóir ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun an t-aitheantas a fháil.”;

    (11)

    in Airteagal 34, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “1a.   I gcás ina gcáileodh ceann amháin nó níos mó de na hinnéacsanna arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i mír 1 mar thagarmharcanna criticiúla, faoi mar a thagraítear dóibh i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20 (1), cuirfear an t-iarratas faoi bhráid ÚEUM.”;

    (12)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

    “Airteagal 40

    Údaráis inniúla

    1.   Chun críoch an Rialacháin seo, beidh ÚEUM ina údarás inniúil le haghaidh:

    (a)

    riarthóirí tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1);

    (b)

    riarthóirí na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32;

    2.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil ábhartha atá freagrach as na dualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM.

    3.   Aon Bhallstát a ainmníonn níos mó ná údarás inniúil amháin i gcomhréir le mír 2, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair le bheith freagrach as comhar agus malartú faisnéise leis an gCoimisiún, le ÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú.

    4.   Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta na n-údarás inniúil arna n-ainmniú i gcomhréir le míreanna2 agus 3.”;

    (13)

    Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “1.   Chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “2.   Feidhmeoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar aon cheann de na slite seo leanas:”;

    (14)

    in Airteagal 43(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “1.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú acui gcomhréir le hAirteagal 40(2) san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:”,

    (15)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

    “Airteagal 44

    Oibleagáid maidir le comhar

    1.   I gcás na mBallstát a roghnaigh smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 40(2) agus (3) chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. Cuirfidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin ar fáil d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM.

    2.   Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d’údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 40(2) agus (3) agus do ÚEUM. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis agus comhoibreoidh siad in aon ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin nó maoirseachta. Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla eile chun gnóthú smachtbhannaí airgid a éascú.”;

    (16)

    in Airteagal 45(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “5.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile arna bhforchur de bhun Airteagal 42 ar fáil do ÚEUM ar bhonn bliantúil. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le bearta de chineál imscrúdaitheach. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil, mar aon le faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile a d’fhorchuir sé de bhun Airteagal 48f.”;

    (17)

    in Airteagal 46, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   Laistigh de 30 lá oibre ó chuirtear tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 20(1) ar an liosta de thagarmharcanna criticiúla, cé is moite de thagarmharcanna sa chás gurb iad eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht tromlach na rannchuiditheoirí, bunóidh údarás inniúil an riarthóra coláiste agus is é a bheidh i gceannas ar an gcoláiste.

    2.   Beidh an coláiste comhdhéanta d’ionadaithe d’údarás inniúil an riarthóra, ÚEUM, murab ionann é agus údarás inniúil an riarthóra, agus d’údaráis inniúla na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht.”;

    (18)

    in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) le ÚEUM chun críoch an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), gan mhoill mhíchuí, gach faisnéis is gá ar fáil d’ÚEUM chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (19)

    i dTeideal VI, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas leis:

    CAIBIDIL 4

    Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM

    Roinn 1

    Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

    Airteagal 48 a

    Feidhmiú cumhachtaí ag ÚEUM

    Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM, d’aon duine de chuid oifigigh ÚEUM nó d’aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 48b go hAirteagal 48d, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.

    Airteagal 48b

    Iarraidh ar fhaisnéis

    1.   Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

    (a)

    daoine atá bainteach le soláthar, na dtagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 40(1);

    (b)

    tríú páirtithe a ndearna na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 10;

    (c)

    daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a).

    I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus tar éis don ÚEUM sin a iarraidh, cuirfidh údaráis inniúla an iarraidh ar fhaisnéis chuig rannchuiditheoirí le tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1) den Rialachán seoagus roinnfidh siad gan mhoill mhíchuí an fhaisnéis a fhaightear le ÚEUM.

    2.   Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

    (a)

    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

    (b)

    cuspóir na hiarrata sin a lua;

    (c)

    an fhaisnéis a éilítear a shonrú;

    (d)

    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

    (e)

    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

    (f)

    sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 48f i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

    3.   Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

    (a)

    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

    (b)

    cuspóir na hiarrata sin a lua;

    (c)

    an fhaisnéis a éilítear a shonrú;

    (d)

    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

    (e)

    sonróidh sé cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

    (f)

    sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 48f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

    (g)

    a shonrú an ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 48k den Rialachán seo agus le hAirteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go cuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

    5.   Déanfaidh ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil Bhallstát na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 48c

    Imscrúduithe ginearálta

    1.   Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

    (b)

    cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

    (c)

    aon duine de na daoine sin nó a n-ionadaithe, nó daoine dá bhfoireann, a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

    (d)

    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

    (e)

    taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

    2.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g i gcás ina mbeidh na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a sholáthraítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1), i gcás nach gcuirtear ar fáil iad nó ina mbeidh siad neamhiomlán, agus sonrófar freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 48f i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine sin mícheart nó míthreorach.

    3   Ceanglaítear ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

    4.   I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

    5.   Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

    6.   I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

    (b)

    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 48d

    Cigireachtaí ar an láthair

    1.   Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) é.

    2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 48c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

    3   In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t-údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go cuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t-údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

    4.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

    5.   Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh sin ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

    6.   Ar iarraidh ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

    7.   Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 48c(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 48c(1).

    8.   I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

    9.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

    10.   I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 5 barántúil;

    (b)

    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Roinn 2

    Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

    Airteagal 48e

    Bearta maoirseachta ag ÚEUM

    1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

    (b)

    cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 48f;

    (c)

    fógraí poiblí a eisiúint.

    2.   Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

    (a)

    fad agus minicíocht an tsáraithe;

    (b)

    an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

    (c)

    an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

    (d)

    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

    (e)

    acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

    (f)

    an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

    (g)

    méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

    (h)

    a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

    (i)

    sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

    (j)

    bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

    3.   Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

    Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

    (a)

    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

    (b)

    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

    (c)

    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 48f

    Fíneálacha

    1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42 (1), d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

    2.   Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    i gcás duine dlítheanach, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde;

    (b)

    i gcás duine nádúrtha, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016.

    D’ainneoin na chéad fhomhíre, EUR 250 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála a ghearrfar i gcás sáruithe ar phointe (d) d’Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4) nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde i gcás daoine dlítheanacha, agus EUR 100 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016 i gcás daoine nádúrtha.

    Chun críocha phointe (a), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

    3.   Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 48e(2) san áireamh.

    4.   D’ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain an duine dlítheanach tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

    5.   Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear bpointe (a) d’Airteagal 42(1) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

    Airteagal 48g

    Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:

    (a)

    ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 48e(1);

    (b)

    ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1):

    (i)

    faisnéis iomlán a sholáthar ar iarradh í le cinneadh de bhun Airteagal 48b;

    (ii)

    géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 48ca chomhlánú agus a cheartú;

    (iii)

    géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 48d.

    2.   Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

    3.   D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

    4.   Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

    Airteagal 48h

    Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 48f agus Airteagal 48g a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*57).

    2.   Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 48f agus 48g.

    3.   I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a ghearradh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.

    4.   Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 48f agus 48g in-fhorfheidhmithe.

    Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar an forfheidhmiú.

    5.   Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    Roinn 3

    Nósanna imeachta agus athbhreithniú

    Airteagal 48i

    Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

    1.   I gcás ina n-aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 48f, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht na dtagarmharcanna lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé nó sí a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

    2.   Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, agus aon bharúlacha a chuir daoine atá faoi reir imscrúdú isteach á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí san áireamh, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

    3.   Chun a chúraimí nó a curaimí a dhéanamh, beidh ag an oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus Airteagal 48d.

    4.   Agus na cúraimí sin á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

    5.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí.

    6.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

    7.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh nó a cinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

    8.   Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarraidh ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 48j, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1) déanta ag na daoine faoi réir an imscrúdaithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 48f.

    9.   Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

    10.   Faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

    11.   Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

    Airteagal 48j

    Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imscrúdú

    1.   Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 48g, Airteagal 48h agus Airteagal 48e, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 48e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

    2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

    Airteagal 48k

    Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

    Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

    Roinn 4

    Táillí agus tarmligean

    Airteagal 48 l

    Táillí maoirseachta

    1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40 (1),agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le maoirseacht riarthóirí agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 48m.

    2.   Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar riarthóir na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir leis an maoirseacht agus beidh an táille i gcomhréir le láimhdeachas an riarthóra.

    3.   Faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú.

    Airteagal 48m

    ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

    1.   I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus le hAirteagal 48d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar údarú na dtagarmharcanna criticiúla a tharmligean.

    2.   Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

    (a)

    raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

    (b)

    an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

    (c)

    tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

    3.   I gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 481(3), aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh.

    4.   Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

    5.   Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.

    Airteagal 48n

    Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

    1.   Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a thugtar do na húdaráis inniúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfear deireadh leo 1 Eanáir 2022. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

    2.   Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 40(1), lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá siúl ar bhonn leanúnach, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Mar sin féin, ní dhéanfar iarratais ar údarú ag riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 20(1) agus iarratais ar aitheantas i gcomhréir le Airteagal 32 a fuair údaráis inniúla roimh an 1 Deireadh Fómhair 2021 a aistriú chuig ÚEUM, agus glacfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an cinneadh chun údarás inniúil a údarú nó chun aitheantas a thabhairt dó.

    3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus i gcás ar bith faoin 1 Eanáir 2022. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1).

    4.   Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    5.   Maidir le haon údarú ar riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 20(1) agus aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 a thugann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.

    (*57)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

    (20)

    Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach

    “2a.   Na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 30(2a), 30(3a), 48i(10) agus 48l(3), tabharfar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh ón 30 Nollaig 2019.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(2), 27(2b), 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(2), 27(2b) 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) nó 54(3), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbíonn aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

    (21)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53:

    “Airteagal 53

    Athbhreithnithe de chuid ÚEUM

    1.   Féachfaidh ÚEUM le cultúr coiteann maoirseachta Eorpach agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt agus a áirithiú gur ann do chuir chuige comhleanúnacha i measc na n-údarás inniúil i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 33. Chuige sin, athbhreithneoidh ÚEUM na formhuinithe a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 33 gach ré bliain.

    Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig gach údarás inniúil a d’fhormhuinigh tagarmharc tríú tír, tuairim ina ndéanfar measúnú ar conas a a chuireann an t-údarás inniúil sin ceanglais ábhartha Airteagal 33 i bhfeidhm, agus ar cheanglais aon ghnímh tharmligthe ábhartha agus ar aon chaighdeán teicniúil ábhartha rialála nó cur chun feidhme bunaithe ar an Rialachán seo.

    2.   Beidh de chumhacht ag ÚEUM an fhianaise dhoiciméadaithe a éileamh ó údarás inniúil maidir le haon cheann de na cinntí arna nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 51(2) agus Airteagal 25(2), agus maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh i dtaca le forfheidhmiú Airteagal 24(1).”.

    Airteagal 6

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/847

    Leasaítear Rialachán (AE) 2015/847 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

    “1.   Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialacháin (AE) Uimh. 2019/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*58). Maidir le sonraí pearsanta a bhíonn an Coimisiún a phróiseáil nó ÚEM de bhun an Rialacháin seo, tá siad faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*59).

    (*58)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

    (*59)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

    (2)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Faoin 26 Meitheamh 2017, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚEManna faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill mhíchuí don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.”;

    (3)

    in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Tar éis fógra i gcomhréir le Airteagal 17(3), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil IV, agus aird ar leith ann ar chásanna trasteorann.”;

    (4)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

    “Airteagal 25

    Treoirlínte

    Faoin 26 Meitheamh 2017, déanfaidh na ÚMEanna, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla agus ar na soláthraithe seirbhíse íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le bearta a bheidh le déanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le hAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 12 de a chur chun feidhme. Ón 1 Eanáir 2020, eiseoidh an ÚBE, nuair is iomchuí, treoirlínte den chineál sin.”.

    Airteagal 7

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagail 1, 2, 3 agus 6 ón 1 Eanáir 2020. Beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg 18 Nollaig 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    T. TUPPURAINEN


    (1)  IO C 255, 20.7.2018, lch. 2 agus IO C 37, 30.1.2019, lch. 1.

    (2)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 63 agus IO C 110, 22.3.2019, lch. 58.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Nollaig 2019.

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Maoirseachta Eorpach) (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (7)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).

    (8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (9)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (10)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

    (11)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    (13)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

    (14)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).


    Top