EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R2032

Rialachán (AE) 2016/2032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród, i dtaca le sonraí faoi earraí, faoi phaisinéirí agus faoi thionóiscí a bhailiú

IO L 317, 23.11.2016, p. 105–111 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 21/05/2018; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32018R0643

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2032/oj

23.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

105


RIALACHÁN (AE) 2016/2032 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2016

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród, i dtaca le sonraí faoi earraí, faoi phaisinéirí agus faoi thionóiscí a bhailiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaítear comhchreat chun staidreamh inchomparáide i ndáil le hiompar d'iarnród san Aontas a tháirgeadh, a tharchur, a mheasúnú agus a scaipeadh.

(2)

Tá gá le staidreamh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród ionas go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair agus é a fhorbairt, mar aon le gnéithe iompair na mbeartas a bhaineann leis na réigiúin agus leis na gréasáin tras-Eorpacha.

(3)

Tá gá le staidreamh freisin i ndáil le sábháilteacht iarnróid ionas go bhféadfaidh an Coimisiún bearta an Aontais i réimse na sábháilteachta iarnróid a ullmhú agus faireachán a dhéanamh orthu. Bailíonn Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh sonraí faoi thionóiscí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i dtaca le táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus maidir le modhanna comhchoiteanna chun costais tionóisce a ríomh.

(4)

Tá sé tábhachtach go ndéanfar dúbláil na hoibre a sheachaint, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críocha staidrimh. Chuige sin, agus d'fhonn faisnéis inrochtana go héasca agus úsáideach a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le sábháilteacht iompair d'iarnród agus maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí a bhunú maidir le gníomhaíochtaí staidrimh idir seirbhísí an Choimisiúin agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(5)

I gcás fhormhór na mBallstát a bhíonn ag tarchur sonraí paisinéirí chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoi Rialachán (CE) Uimh. 91/2003, is minic a sholáthraíonn siad na sonraí céanna do na tacair sonraí shealadacha agus dheiridh araon.

(6)

Ba cheart go mbainfí cothromaíocht amach idir riachtanais na n-úsáideoirí agus an t-ualach a chuirtear ar fhreagróirí agus staidreamh Eorpach á sholáthar acu.

(7)

Ina Ghrúpa Oibre agus sa Tascfhórsa maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród, tá anailís theicniúil déanta ag Eurostat ar na sonraí atá ann cheana féin maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród arna mbailiú de bhun gníomhartha dlí atá ceangailteach agus ar an mbeartas scaipthe, d'fhonn na gníomhaíochtaí éagsúla is gá chun staidreamh a tháirgeadh a shimpliú a mhéid agus is féidir, agus a áirithiú go leanfaidh an t-aschur deiridh de bheith i gcomhréir le riachtanais an úsáideora anois agus amach anseo.

(8)

Sa tuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an taithí a fuair sé agus Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 á chur i bhfeidhm, thagair an Coimisiún don fhíric gurb é an toradh is dócha a bheidh ar fhorbairtí fadtéarmacha scriosadh nó simpliú na sonraí atá bailithe cheana féin de réir an Rialacháin sin, agus gurb í an aidhm an tréimhse chun sonraí a tharchur a laghdú i ndáil le sonraí bliantúla faoi phaisinéirí iarnróid. Ba cheart don Choimisiún leanúint de thuarascálacha a sholáthar go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin sin.

(9)

Le Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt dá fhorálacha a chur chun feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”), caithfear na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún faoin Rialachán sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh.

(10)

Chun na forbairtí nua sna Ballstáit a léiriú agus ag leanúint le bailiú comhchuibhithe sonraí i ndáil le hiompar d'iarnród ar fud an Aontais, ag an am céanna, agus d'fhonn ardcháilíocht na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit a chaomhnú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 a leasú le hoiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe teicniúla agus le foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach riaracháin breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(12)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le sainiú na faisnéise atá le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí, agus maidir leis na socruithe i leith scaipeadh na dtorthaí sin ag an gCoimisiún (Eurostat). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 mar seo a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar na pointí 24-30;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 maidir leis an Airteagal seo a leasú chun na sainmhínithe teicniúla a leagtar amach i bpointe 8 go 10 agus i bpointe 21 go 23 de mhír 1 a oiriúnú agus chun foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise, nuair is gá d'fhonn forbairtí nua a chur san áireamh a éilíonn go ndéanfar leibhéal áirithe sonraí teicniúla a shainiú chun comhchuibheas staidrimh a áirithiú.

Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige áiritheoidh an Coimisiún, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

(*)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointí (b), (d) agus (h);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú faoi Iarscríbhinn A agus faoi Iarscríbhinn C ar shonraí maidir le gnóthais a bhfuil na nithe seo a leanas acu:

(a)

méid iomlán 200 000 000 tona-km ar a laghad nó 500 000 tona ar a laghad d'iompar earraí;

(b)

méid iomlán 100 000 000 paisinéir-km ar a laghad d'iompar paisinéirí.

Maidir le tuairisciú faoi Iarscríbhinn A agus faoi Iarscríbhinn C, beidh sin roghnach i ndáil le gnóthais a thagann faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí iomlána maidir le gnóthais a thagann faoi na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 a thuairisciú faoi Iarscríbhinn L mura ndéantar tuairisciú ar na sonraí sin de réir Iarscríbhinn A nó de réir Iarscríbhinn C, mar a shonraítear in Iarscríbhinn L”;

(3)

in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

sonraí riaracháin, lena n-áirítear sonraí arna mbailiú ag údaráis rialála, go háirithe an bille iompair lasta iarnróid má tá ceann ar fáil”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Scaipeadh

Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh a bhunófar ar shonraí atá sonraithe in Iarscríbhinní A, C, E, F, G agus L.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le scaipeadh na dtorthaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(5)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na sonraí arna dtarchur a áirithiú.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 na critéir cháilíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena sonrófar na socruithe mionsonraithe, an struchtúr, agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchompráideachta i gcomhair na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Tuarascálacha ar chur chun feidhme

Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.

Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a bhaineann le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid agus faisnéis maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí.

Go háirithe, sa tuarascáil sin déanfar an méid a leanas:

(a)

measúnú ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais na gcostas a ghabhann leis an staidreamh sin;

(b)

measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid agus ar cháilíocht an staidrimh arna tháirgeadh.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 13 Nollaig 2016. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an tarmligean an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (**).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid déanta ina choinne ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(**)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(***)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(9)

scriostar Airteagal 12;

(10)

scriostar Iarscríbhinní B, D, H agus I;

(11)

déantar an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn C;

(12)

cuirtear Iarscríbhinn L isteach de réir a bhfuil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Deireadh Fómhair 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. LESAY


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 18 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród. (IO L 14, 21.1.2003, lch. 1).

(3)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN I

STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar paisinéirí de réir:

líon na bpaisinéirí

paisinéir-km

Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir:

traein-km

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

Liosta táblaí agus an briseadh síos do gach tábla

Tábla C3: paisinéirí arna n-iompar, de réir an chineáil iompair

Tábla C4: paisinéirí idirnáisiúnta arna n-iompar, de réir tíre bordála agus de réir tíre díbhordála

Tábla C5: gluaiseachtaí traenacha paisinéirí

An spriocdháta do tharchur sonraí

Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

An chéad tréimhse thagartha

2016

Nótaí

1.

Briseadh síos ar an gcineál iompair mar a leanas:

náisiúnta

idirnáisiúnta

2.

Do Tháblaí C3 agus C4, tuairisceoidh na Ballstáit sonraí lena n-áirítear faisnéis ó dhíolacháin ticéad lasmuigh den tír thuairiscithe. Féadfar an fhaisnéis sin a fháil go díreach ó údaráis náisiúnta na dtíortha eile nó trí shocruithe idirnáisiúnta maidir le praghas na dticéad a chúiteamh.”


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN L

Tábla L.1

LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR EARRAÍ

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar earraí de réir:

iomlán tonaí

iomlán tonaí-km

Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir:

iomlán km-traenach

Tréimhse thagartha

Aon bhliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

An spriocdháta do tharchur sonraí

5 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

2017

Nótaí

Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair lasta faoi bhun 200 milliún tona-km agus faoi bhun 500 000 tona acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn A (tuairisciú mionsonraithe)


Tábla L.2

LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar paisinéirí de réir:

líon iomlán paisinéirí

iomlán paisinéirí-km

Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir:

iomlán km-traenach

Tréimhse thagartha

Aon bhliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

An spriocdháta do tharchur sonraí

Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

2017

Nótaí

Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair paisinéirí faoi bhun 100 milliún paisinéir-km acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn C (tuairisciú mionsonraithe)”


Top