Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R0401

    Rialachán (AE) 2016/401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme an sásra frith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach

    IO L 77, 23.3.2016, p. 62–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/401/oj

    23.3.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    62


    RIALACHÁN (AE) 2016/401 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Márta 2016

    lena gcuirtear chun feidhme an sásra frith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Ar an 10 Bealtaine 2010, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún caibidlíochtaí a thosú leis an tSeoirsia chun comhaontú lena mbunaítear comhlachas idir an tAontas agus an tSeoirsia a thabhairt chun críche.

    (2)

    Tugadh na caibidlíochtaí sin chun críche agus síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (2), (“an Comhaontú”) an 27 Meitheamh 2014 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Meán Fómhair 2014 i leith.

    (3)

    Is gá na nósanna imeachta a leagan amach le go ráthófar cur i bhfeidhm éifeachtach an tsásra fhrith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú chun dleachtanna fabhracha ar tháirgí sonracha a chur ar fionraí go sealadach.

    (4)

    Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo don fhéidearthacht go bhféadfaí na dleachtanna custaim fabhracha a chur ar fionraí ar feadh uastréimhse sé mhí nuair a shroicheann allmhairiú táirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe na méideanna allmhairí bliantúla atá sainithe in Iarscríbhinn II-C a ghabhann leis an gComhaontú.

    (5)

    Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus maidir le cur i bhfeidhm an tsásra fhrith-imchéimniúcháin.

    (6)

    Chun coinníollíocha aonfhoirnmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an tsásra fhrith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (7)

    Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh don chinneadh maidir leis na dleachtanna fabhracha faoin sásra frith-imchéimniúcháin a chur ar fionraí, i bhfianaise gur gá na gníomhartha sin a cur chun feidhme go tapa a luaithe is a shroichtear an tairseach ábhartha do na catagóirí táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II-C a ghabhann leis an gComhaontú toisc nach bhfuil ach tréimhse cur i bhfeidhm an-teoranta acu. Chun tionchar diúltach ar mhargadh an Aontais mar thoradh ar mhéadú ar allmhairí a chosc, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, más rud é, i gcásanna cuí-réasúnaithe, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Sa Rialachán seo leagtar síos forálacha maidir le chur chun feidhme an tsásra fhrith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú.

    2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí de thionscnamh na Seoirsia.

    Airteagal 2

    Sásra frith-imchéimniúcháin do tháirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe

    1.   Tá méid bliantúil áirithe allmhairí socraithe d’allmhairí táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II-C a ghabhann leis an gComhaontú, atá faoi réir an tsásra fhrith-imchéimniúcháin atá leagtha amach in Airteagal 27 de. Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, a bhaineann le méid allmhairí de chatagóir amháin táirgí nó níos mó a shroicheann an méid atá sonraithe in Iarscríbhinn II-C a ghabhann leis an gComhaontú, in aon bhliain ar leith a thosaíonn an 1 Eanáir, agus mura bhfuil údar maith tugtha ina leith ag an tSeoirsia, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Le gníomh den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an dleacht fhabhrach arna cur i bhfeidhm ar an táirge nó na táirgí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach nó a chinneadh nach bhfuil an fionraí sin iomchuí.

    2.   Beidh an fhionraíocht shealadach ar an dleacht fhabhrach infheidhme ar feadh uastréimhse sé mhí ón dáta a fhoilsítear an cinneadh maidir leis an dleacht fhabhrach a chur ar fionraí. Sula dtéann an tréimhse sé mhí sin in éag agus ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le dleachtanna fabhracha a chur ar fionraí, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo chun deireadh a chur leis an bhfionraíocht shealadach ar an dleacht fhabhrach, má tá sé sásta gur de thoradh athrú i leibhéal táirgeachta agus acmhainn onnmhairiúcháin na Seoirsia don táirge nó do na táirgí lena mbaineann an méid den chatagóir ábhartha táirgí a allmhairítear sa bhreis ar an méid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II-C a ghabhann leis an gComhaontú.

    Airteagal 3

    An nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, a bunaíodh le hAirteagal 229(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus, i dtaca le táirgí talmhaíochta próiseáilte, déanfaidh an Coiste maidir le ceisteanna cothrománacha a bhaineann le trádáil i dtáirgí talmhaíochta próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a bunaíodh le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sna coistí sin.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 4 de.

    Airteagal 4

    Tuarascáil

    1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo agus Theideal IV den Chomhaontú agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos iontu.

    2.   Áireofar sa tuarascáil sin, inter alia, fainéis maidir le cur i bhfeidhm an tsásra fhrith-imchéimniúcháin.

    3.   Déanfar achoimre ar an staidreamh agus ar na hathruithe ar an trádáil leis an tSeoirsia a leagan amach sa tuarascáil.

    4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

    5.   Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú.

    Airteagal 5

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 9 Márta 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. A. HENNIS-PLASSCHAERT


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Feabhra 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Feabhra 2016.

    (2)  Cinneadh 2014/494/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chomhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014, lch. 4).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 1).


    Top