Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0508R(07)

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014)

    IO L 88, 31.3.2017, p. 22–26 (BG, ES, CS, DA, EL, EN, HR, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, SV)
    IO L 88, 31.3.2017, p. 22–27 (ET, GA, FI)
    IO L 88, 31.3.2017, p. 22–25 (FR, IT)
    IO L 88, 31.3.2017, p. 22–29 (DE)
    IO L 88, 31.3.2017, p. 22–32 (LV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/508/corrigendum/2017-03-31/oj

    31.3.2017   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    22


    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    ( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 149 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Bealtaine 2014 )

    1.

    Leathanach 17, Airteagal 13(2):

    in ionad:

    “2.   Leithdháilfear EUR 4 340 800 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar fhorbairt inbhuanaithe an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na limistéar iascaigh faoi Chaibidil I, Caibidil II, Caibidil III, Caibidil IV agus Caibidil VII de Theideal V, seachas Airteagal 67.”,

    léitear:

    “2.   Leithdháilfear EUR 4 340 800 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar fhorbairt inbhuanaithe an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe, ar bhearta a bhaineann le margaíocht agus le próiseáil agus ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát faoi Chaibidil I, Caibidil II, Caibidil III, Caibidil IV agus Caibidil VII de Theideal V, seachas Airteagal 67.”.

    2.

    Leathanach 21, pointe (d) d’Airteagal 22(2):

    in ionad:

    “(d)

    leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3) mar aon le leasuithe breise ar an gclár maidir leis an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 18(1).”,

    léitear:

    “(d)

    leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3) mar aon le haon leasuithe breise ar an gclár maidir leis an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 18(1).”.

    3.

    Leathanach 22, Airteagal 26 (1):

    in ionad:

    “1.   D’fhonn nuálaíocht san iascach a spreagadh, féadfaidh CEMI tacú le tionscadail ina ndírítear ar …”,

    léitear:

    “1.   D’fhonn nuálaíocht san iascach a spreagadh, féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí ina ndírítear ar …”.

    4.

    Leathanach 23, pointe (a) d’Airteagal 27(1):

    in ionad:

    “(a)

    staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairliúcháin ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht tionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoin gCaibidil seo;”,

    léitear:

    “(a)

    staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairliúcháin ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoin gCaibidil seo;”.

    5.

    Leathanach 28, pointe (d) d’Airteagal 40(1):

    in ionad:

    “(d)

    ullmhúchán lena n-áirítear staidéir, dréachtú, faireachán agus cosaint nuashonraithe, agus pleananna bainistithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaigh i ndáil le láithreáin NATURA 2000 agus le limistéir faoi chosaint spásúil dá dtagraítear i dTreoir 2008/56/CE agus i ngnáthóga speisialta eile;”,

    léitear:

    “(d)

    ullmhúchán lena n-áirítear staidéir, dréachtú, faireachán agus cosaint nuashonraithe, agus pleananna bainistithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaigh i ndáil le láithreáin NATURA 2000 agus le bearta um chosaint spásúil dá dtagraítear i dTreoir 2008/56/CE agus a bhaineann le gnáthóga speisialta eile;”.

    6.

    Leathanach 31, Airteagal 44(2):

    in ionad:

    “2.   Féadfaidh CEMI tacaíocht a chur ar fáil d’infheistíochtaí a bhaineann le gnó a bhunú i gcás iascairí óga dá dtagraítear in Airteagal 31agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin ach amháin an ceanglas faoi phointe (b) den Airteagal sin.”,

    léitear:

    “2.   Féadfaidh CEMI tacaíocht a chur ar fáil d’infheistíochtaí a bhaineann le gnó a bhunú i gcás iascairí óga dá dtagraítear in Airteagal 31agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin ach amháin an ceanglas faoi phointe (b) agus faoi phointe (d) den Airteagal sin.”.

    7.

    Leathanach 33, pointe (b) d’Airteagal 49(2) agus an fonóta lena bhaineann:

    in ionad:

    “(b)

    measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus i dTreoir 92/43/CEE;

    léitear:

    “(b)

    measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear i dTreoir 2011/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus i dTreoir 92/43/CEE;

    8.

    Leathanach 36, pointe (a) d’Airteagal 56(1) agus an fonóta lena bhaineann:

    in ionad:

    “(a)

    costais chun galair sa dobharshaothrú a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (3) lena n-áirítear na costais oibríochtúl is gá chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh i bplean díothaithe;

    léitear:

    “(a)

    costais chun galair sa dobharshaothrú a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena n-áirítear na costais oibríochtúla is gá chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh i bplean díothaithe;

    9.

    Leathanach 38, Airteagal 61(4):

    in ionad:

    “4.   Má fhaigheann straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail tacaíocht ó Chistí eile chomh maith le CEMI, comhlíonfaidh comhlacht roghnúcháin na GÁGIeanna le haghaidh tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó CEMI na ceanglais a leagtar amach i mír (3).”,

    léitear:

    “4.   Má fhaigheann straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail tacaíocht ó Chistí eile chomh maith le CEMI, comhlíonfaidh comhlacht roghnúcháin na GÁGIeanna le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEMI na ceanglais a leagtar amach i mír (3) freisin.”.

    10.

    Leathanach 44, Airteagal 76(3) agus (4):

    in ionad:

    “3.   Ní bheidh na bearta atá liostaithe i bpointí (h) go (l) de mhír 2 incháilithe le haghaidh tacaíochta ach amháin má bhaineann siad le gníomhaíochtaí rialaithe a dhéanann údarás poiblí.

    4.   I gcás na mbeart atá liostaithe i bpointe (d) agus i bpointe (h) de mhír 2, ainmneoidh na Ballstáit lena mbaineann an t-údarás bainistíochta a bheidh freagrach as an tionscadal.”,

    léitear:

    “3.   Ní bheidh na hoibríochtaí atá liostaithe i bpointí (h) go (l) de mhír 2 incháilithe le haghaidh tacaíochta ach amháin má bhaineann siad le gníomhaíochtaí rialaithe a dhéanann údarás poiblí.

    4.   I gcás na n-oibríochtaí atá liostaithe i bpointe (d) agus i bpointe (h) de mhír 2, ainmneoidh na Ballstáit lena mbaineann an t-údarás bainistíochta a bheidh freagrach as an oibríocht.”.

    11.

    Leathanach 48, Airteagal 88(a):

    in ionad:

    “(a)

    cistiú deonach a sholáthraítear d’eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cistiú deonach...;”,

    léitear:

    “(a)

    rannchuidíocht airgeadais a sholáthraítear d’eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cistiú deonach...;”.

    12.

    Leathanach 48, Airteagal 88(b):

    in ionad:

    “(b)

    ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le hullmhúcháin…;”,

    léitear:

    “(b)

    ranníocaíochtaí airgeadais le hullmhúcháin…;”.

    13.

    Leathanach 48, Airteagal 88(c):

    in ionad:

    “(c)

    ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le hobair nó le cláir”,

    léitear:

    “(c)

    ranníocaíochtaí airgeadais le hobair nó le cláir”.

    14.

    Leathanach 52, Airteagal 100, an teideal:

    in ionad:

    “Briseadh isteach ar an spriocdháta le haghaidh íocaíochta”,

    léitear:

    “An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh”.

    15.

    Leathanach 52, Airteagal 100(1):

    in ionad:

    “1.   De bhreis ar na heilimintí lena gceadaítear briseadh atá liostaithe in Airteagal 74(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, d’fhéadfadh sé go mbrisfidh an t-oifigeach um údarú, trí tharmligean de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, an spriocdháta chun éileamh ar íocaíocht eatramhach a dhéanamh i gcás nár chomhlíon Ballstát a chuid oibleagáidí faoi CBI a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chaiteachas atá i ráiteas deimhnithe caiteachais a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith.”,

    léitear:

    “1.   De bhreis ar na heilimintí lena gceadaítear briseadh atá liostaithe i bpointi (a), (b) agus (c) d’Airteagal 83(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an t-oifigeach um údarú trí tharmligean, de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, an spriocdháta chun iarratas ar íocaíocht a dhéanamh a bhriseadh i gcás nár chomhlíon Ballstát a chuid oibleagáidí faoi CBI a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chaiteachas atá in iarratas ar íocaíocht a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith.”.

    16.

    Leathanach 52, Airteagal 100(2), tús na chéad abairte:

    in ionad:

    “Sula mbrisfear isteach ar spriocdháta d’íocaíocht eatramhach dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gnímh chur chun feidhme…”,

    léitear:

    “Sula mbrisfear an spriocdháta d’íocaíocht eatramhach dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme…”.

    17.

    Leathanach 52, Airteagal 100(3):

    in ionad:

    “3.   Beidh briseadh isteach ar iomlán an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdaítear leis an éileamh ar íocaíocht nó ar chuid den chaiteachas sin comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta.”,

    léitear:

    “3.   Beidh briseadh na n-íocaíochtaí eatramhacha uile nó cuid díobh a bhaineann leis an gcaiteachas dá dtagraítear i mír 1 a chumhdaítear leis an iarratas ar íocaíocht comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta.”.

    18.

    Leathanach 52, Airteagal 101(1):

    in ionad:

    “1.   Sa bhreis ar Airteagal 134 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, íocaíochtaí eatramhacha uile an chláir oibríochtúil nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí más rud é gur fhailligh Ballstát go tromchúiseach a chuid oibleagáidí faoi CBI a chomhlíonadh nuair is dócha go mbeadh tionchar ag an neamhchomhlíonadh tromchúiseach sin ar an gcaiteachas atá i ráiteas deimhnithe caiteachais a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith.”,

    léitear:

    “1.   Sa bhreis ar Airteagal 142 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, na híocaíochtaí eatramhacha uile faoin gclár oibríochtúil nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí más rud é gur fhailligh Ballstát go tromchúiseach a chuid oibleagáidí faoi CBI a chomhlíonadh nuair is dócha go mbeadh tionchar ag an neamhchomhlíonadh tromchúiseach sin ar an gcaiteachas atá in iarratas ar íocaíocht a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith.”.

    19.

    Leathanach 52, Airteagal 101(3):

    in ionad:

    “3.   Beidh fionraí iomlán an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1 nó cuid den chaiteachas sin comhréireach, maidir le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta thromchúisigh.”,

    léitear:

    “3.   Beidh fionraí iomlán na n-íocáiochtaí eatramhacha uile dá dtagraítear i mír 1 nó cuid díobh a chumhdaítear leis an iarratas ar íocaíocht comhréireach, maidir le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta thromchúisigh.”.

    20.

    Leathanach 53, pointe (a) agus (b) d’Airteagal 105(1):

    in ionad:

    “(a)

    i gcásanna nach n-urramaíonn an tairbhí na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo agus nár cheartaigh an Ballstát an caiteachas sin sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mhír seo, go n-imrítear tionchar ar chaiteachas a áirítear i ráiteas deimhnithe caiteachais;

    (b)

    maidir le cásanna inar theip go tromchúiseach ar an mBallstát rialacha CBI a chomhlíonadh agus inar fionraíodh an íocaíocht faoi Airteagal 101 den Rialachán seo dá bharr agus inar theip ar an mBallstát sin a thaispeáint go raibh na gníomhaíochtaí riachtanacha leasúcháin déanta aige lena áirithiú go gcomhlíonfaí agus go bhforfheidhmeofaí na rialacha is infheidhme sa todhchaí, go bhfuil tionchar aige sin ar an gcaiteachas i ráiteas deimhnithe caiteachais.”,

    léitear:

    “(a)

    i gcásanna nach n-urramaíonn an tairbhí na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo agus nár cheartaigh an Ballstát an caiteachas sin sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mhír seo, go n-imrítear tionchar ar chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht;

    (b)

    maidir le cásanna inar theip go tromchúiseach ar an mBallstát rialacha CBI a chomhlíonadh agus inar fionraíodh an íocaíocht faoi Airteagal 101 den Rialachán seo dá bharr agus inar theip ar an mBallstát sin a thaispeáint go raibh na gníomhaíochtaí riachtanacha leasúcháin déanta aige lena áirithiú go gcomhlíonfaí agus go bhforfheidhmeofaí na rialacha is infheidhme sa todhchaí, go bhfuil tionchar aige sin ar an gcaiteachas in iarratas ar íocaíocht.”.

    21.

    Leathanach 54, Airteagal 110(1):

    in ionad:

    “1.   Déanfar príomhfhaisnéis ar chur chun feidhme an chláir, ar gach oibríocht arna roghnú le haghaidh cistithe, chomh maith le faisnéis ar oibríochtaí lánchríochnaithe, atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht, lena n- áirítear príomhshaintréithe an tairbhí agus an tionscadail, a thaifeadadh agus a choinneáil go leictreonach.”,

    léitear:

    “1.   Déanfar an phríomhfhaisnéis ar chur chun feidhme an chláir, ar gach oibríocht arna roghnú le haghaidh cistithe, chomh maith le faisnéis ar oibríochtaí lánchríochnaithe, atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht, lena n- áirítear príomhshaintréithe an tairbhí agus na hoibríochta, a thaifeadadh agus a choinneáil go leictreonach.”.

    22.

    Leathanach 55, pointe (d) d’Airteagal 114(2):

    in ionad:

    “(d)

    faisnéis faoi na gníomhartha a dhéantar le hAirteagal 41(10) den Rialachán seo a chomhlíonadh;”,

    léitear:

    “(d)

    faisnéis faoi na gníomhartha a dhéantar le hAirteagal 41(8) den Rialachán seo a chomhlíonadh;”.

    23.

    Leathanach 58, pointe (a) d’Airteagal 125:

    in ionad:

    “(a)

    Faoin 31 Márta 2017 — tuarascáil mheastóireachta eatramhach maidir leis…”,

    léitear:

    “(a)

    i gcomhréir le hAirteagal 15, tuarascáil mheastóireachta eatramhach maidir leis …”.

    24.

    Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an fhoirm chuí gramadaí de “cuspóir sonrach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “sainchuspóir”.



    Top