Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1051R(01)

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla (IO L 295, 6.11.2013)

    IO L 191, 17.7.2015, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO L 191, 17.7.2015, p. 8–12 (GA)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1051/corrigendum/2015-07-17/oj

    17.7.2015   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    L 191/8


    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla

    ( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 295 Eagrán Speisialta Gaeilge an 6 Samhain 2013 )

    Leathanach 1, Aithris (2), an ceathrú habairt:

    in ionad:

    “Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá.”,

    léitear:

    “Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá.”.

    Leathanach 2, Aithris (5):

    in ionad:

    “(5)

    Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha á trasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha.”,

    léitear:

    “(5)

    Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha á dtrasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha.”.

    Leathanach 2, Aithris (6):

    in ionad:

    “(6)

    I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léirmhíniú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d'fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.”,

    léitear:

    “(6)

    I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léiriú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d'fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.”.

    Leathanach 2, Aithris (8), an chéad dá abairt:

    in ionad:

    “I gcás ina sainaithneofar go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (1) agus d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na moltaí a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun moladh a thabhairt go ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith bearta sonracha amhail foirne Eorpacha gardaí teorann a imlonnú, pleananna straitéiseacha a thíolacadh nó, mar rogha dheiridh agus tromchúis an cháis á chur san áireamh, pointe sonrach trasnaithe teorann a dhúnadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir leis na sásraí maidir le rialú a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit ar chumhachtaí cur chun feidhme a bheith á bhfeidhmiú ag an gCoimisiún (2).”,

    léitear:

    “I gcás ina sainaithneofar go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (1) agus d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na moltaí a ghlactar de bhun an Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun moladh a thabhairt go ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith bearta sonracha amhail foirne Eorpacha gardaí teorann a imlonnú, pleananna straitéiseacha a thíolacadh nó, mar rogha dheiridh agus tromchúis an cháis á cur san áireamh, pointe sonrach trasnaithe teorann a dhúnadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (2).”.

    Leathanach 2, Aithris (9), an chéad abairt:

    in ionad:

    “I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh údar cuí bheith leis an athbhunú sealadach de rialú ag teorainneacha inmheánacha áirithe faoi nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais agus mar bheart a dhéanfaí mura mbeadh an dara rogha ann i gcás ina ndéantar feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol mar thoradh ar easnaimh leanúnacha thromchúiseacha maidir le rialú ag an teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs phróiseas dian meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, sa mhéid gur bhagairt thromchúiseach a bheadh sna cúinsí sin ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin nó laistigh de chodanna de.”,

    léitear:

    “I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh údar cuí freisin bheith le hathbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha áirithe faoi nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais agus mar bheart a dhéanfaí mar rogha dheiridh i gcás ina ndéantar feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol mar thoradh ar easnaimh leanúnacha thromchúiseacha maidir le rialú ag an teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs dianphróiseas meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, i gcás ina mbeadh na cúinsí sin ina mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin nó laistigh de chodanna de.”.

    Leathanach 3, Aithris (12), an tríú habairt:

    in ionad:

    “Tá na heilimintí seo a leanas sa sásra meastóireachta sin: cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla, cuairteanna a fhógrófar agus nach bhfógrófar ar an láthair a dhéanfaidh foireann bheag d'ionadaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit, tuarascálacha ar thoradh na meastóireachta a ghlacfaidh an Coimisiún agus moltaí do bhearta leasúcháin a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, bearta leantacha iomchuí, faireachán agus tuairisciú.”,

    léitear:

    “Tá na heilimintí seo a leanas sa sásra meastóireachta: cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla, cuairteanna ar an láthair a d'fhógrófaí agus nach bhfógrófaí, ar cuairteanna iad a dhéanfaidh foireann bheag d'ionadaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit, tuarascálacha ar thoradh na meastóireachtaí a ghlacfaidh an Coimisiún agus moltaí do bhearta leasúcháin a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, bearta leantacha iomchuí, faireachán agus tuairisciú.”;

    Leathanach 3, Aithris (14), an chéad abairt:

    in ionad:

    “I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.”,

    léitear:

    “I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.”.

    Leathanach 4, Airteagal 1(1):

    in ionad:

    “(1)

    I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

    “CAIBIDIL IVa

    Bearta sonracha maidir le heasnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach

    Airteagal 19a

    Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

    1.   (…)”,

    léitear:

    “(1)

    I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

    “CAIBIDIL IVa

    Bearta sonracha maidir le heasnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach

    Airteagal 19b

    Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

    1.   (…)”.

    Leathanach 4, Airteagal 1, pointe (1), téacs Airteagal 19b(1), an deichiú líne:

    in ionad:

    “…go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, a lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:”,

    léitear:

    “…go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:”.

    Leathanach 4, Airteagal 1, pointe (1), téacs Airteagal 19b(1), pointe (b):

    in ionad:

    “(b)

    a pleananna straitéiseacha bunaithe ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe le tuairim a fháil.”,

    léitear:

    “(b)

    a phleananna straitéiseacha bunaithe ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe lena tuairim a fháil.”.

    Leathanach 4, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 23(1), an chéad abairt:

    in ionad:

    “1.   I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag na codanna uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá.”,

    léitear:

    “I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá.”.

    Leathanach 5, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 23a, an chéad abairt:

    in ionad:

    “I gcás ina gcinneann Ballstát mar rogha dheiridh, an rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 25(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin.”,

    léitear:

    “I gcás ina gcinneann Ballstát, mar rogha dheiridh, rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó dá chuid nó ag codanna dá theorainneacha inmheánacha, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 25(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin.”.

    Leathanach 5, Airteagal 1, pointe (2), teacs Airteagal 24(1), an dara fomhír:

    in ionad:

    “Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra faoin chéad fhomhír a chur isteach le chéile freisin.”,

    léitear:

    “Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra faoin gcéad fhomhír a chur isteach le chéile freisin.”.

    Leathanach 6, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26(2), an chéad mhír, an chéad abairt:

    in ionad:

    “2.   Féadfaidh an Chomhairle mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh do Bhallstát amháin nó níos mó díobh cinneadh a dhéanamh rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha go léir nó ag cuid dá dteorainneacha inmheánacha.”,

    léitear:

    “2.   Féadfaidh an Chomhairle, mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh a dhéanamh go ndéanfadh Ballstát amháin nó níos mó díobh cinneadh rialú teorann a athbhunú ag a dteorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá dteorainneacha inmheánacha.”.

    Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26(2), an tríú fomhír:

    in ionad:

    “Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta céanna atá leagtha amach san Airteagal seo.”,

    léitear:

    “Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.”.

    Leathanach 6, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26(2), an ceathrú mír:

    in ionad:

    “Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag cuid dá theorainneacha inmheánacha faoin mír sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.”,

    léitear:

    “Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha faoin mhír seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.”.

    Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(1), an chéad abairt:

    in ionad:

    “1.   I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ar chodanna de na teorainneacha sin, …”,

    léitear:

    “1.   I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, …”.

    Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(1)(a):

    in ionad:

    “(a)

    an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail Frontex, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn…”,

    léitear:

    “(a)

    an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail an Ghníomhaireacht, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn…”.

    Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(1)(b):

    in ionad:

    “(b)

    an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sonrú …”,

    léitear:

    “(b)

    an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sainaithint …”.

    Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(2)(b):

    in ionad:

    “(b)

    cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht ábhartha eile de chuid an Aontais….”,

    léitear:

    “(b)

    cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais….”.

    Leathanach 6, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 27:

    in ionad:

    “Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d'fhéadfadh a bheith le feidhmiú Airteagal 19a agus Airteagal 23 go hAirteagal 26a”,

    léitear:

    “Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d'fhéadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 19a agus Airteagal 23 go hAirteagal 26a a chur ar bun”.

    Leathanach 8, Airteagal 1, pointe (5), téacs Airteagal 37a(2), an dara fomhír:

    in ionad:

    “Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a fhógrófar agus nach bhfógrófar ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí”,

    léitear:

    “Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a d'fhógrófaí agus nach bhfógrófaí ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí”.


    Top