Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1339

    Rialachán (AE) Uimh. 1339/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt

    IO L 347, 30.12.2011, p. 30–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32016R1238

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1339/oj

    30.12.2011   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/30


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1339/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 13 Nollaig 2011

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 31 Deireadh Fómhair 2011 (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Bunaíodh creat nua sa bhliain 2006 le haghaidh cúnamh a phleanáil agus a sheachadadh chun go mbeadh cúnamh seachtrach an Chomhphobail níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí. Sa chreat sin tá Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (2), Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (3), Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair le tíortha tionsclaithe agus le críocha tionsclaithe agus le tíortha eile ardioncaim agus críocha eile ardioncaim (4), Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta (5), Rialachán (Euratom) Uimh. 300/2007 ón gComhairle an 19 Feabhra 2007 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhar i Réimse na Sábháilteachta Núicléiche (6), Rialachán (CE) Uimh. 1889/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain (7) agus Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (2)

    Le linn Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 a chur chun feidhme, tháinig neamhréireachtaí chun cinn maidir le heisceachtaí ón bprionsabal ar da réir a bhfuil costais a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus muirir eile neamh-incháilithe do mhaoiniú Aontais. Dá bhrí sin, beartaítear forálacha ábhartha an Rialacháin sin a leasú chun é a ailíniú leis na hionstraimí eile.

    (3)

    Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006:

    “2.   Ní úsáidfear cúnamh Aontais, i bprionsabal, chun cánacha, dleachtanna ná muirir a íoc i dtíortha tairbhíocha.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    J. BUZEK

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. SZPUNAR


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Nollaig 2010 (IO C 7 E, 12.1.2011, lch. 11.). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2011.

    (2)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.

    (3)  IO L 310, 9.11.2006, lch. 1.

    (4)  IO L 405, 30.12.2006, lch. 41.

    (5)  IO L 327, 24.11.2006, lch. 1.

    (6)  IO L 81, 22.3.2007, lch. 1.

    (7)  IO L 386, 29.12.2006, lch. 1.

    (8)  IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.


    RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE MAIDIR LE LEAS A BHAINT AS GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE SA CHREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL 2014-2020 A BHEIDH ANN AMACH ANSEO

    Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Buiséad don straitéis Eoraip 2020" (COIM(2011) 500 (1)), agus go háirithe go bhfuil sé beartaithe leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe sna hionstraimí a bheidh ann amach anseo maidir le maoiniú seachtrach agus tá siad ag feitheamh le tograí reachtacha, a dtabharfar aird chuí orthu.


    (1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Buiséad don straitéis Eoraip 2020" (COIM(2011) 500), luaitear an méid seo a leanas:

    "Ina theannta sin, leis an mbunús dlí a bheidh leis na hionstraimí difriúla, beartófar leas a bhaint go forleathan as gníomhartha tarmligthe ionas gur mó an tsolúbthacht a bheidh ann agus beartais á mbainistiú le linn na tréimhse maoiniúcháin, agus ag an am céanna beidh sainchumais an dá bhrainse den reachtóir á n-urramú."

    agus

    "Meastar go gcaithfear feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú daonlathach a dhéantar ar chúnamh seachtrach. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trí leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i gcás gnéithe áirithe de na cláir, rud a chiallódh go mbeadh na comhreachtóirí ar chomhchéim agus rud a áiritheodh gur mó an tsolúbthacht a bheidh ann i gcás na pleanála. Maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta, tá sé beartaithe an grinnscrúdú a thabhairt ar aon dul leis an Ionstraim um Chomhar san Fhorbairt, agus sainiúlachtaí na hionstraime seo a chur san áireamh ag an am céanna.".


    Top